text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
CLG Áth an tSléibhe. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Áth an tSléibhe. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Áth an tSléibhe idir An Gleann agus Mainistir na Féile in Iarthar gContae Luimnigh, 60km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as baile Áth an tSléibhe agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Gort na gCros, An Chúil, Cnoc na gCoirneach agus Gleann an Ghabhair. Cluichí. Tá paróiste Áth an tSléibhe suite díreach ar theorainn Chontae Chiarraí agus tá traidisiún láidir peile sa cheantar. Ós rud é ná imrítear an iomáint go forleathan sa pharóiste, imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Is iad Naomh Ciarán, Tuar na Fola, Teampall an Ghleanntáin agus Móin na nGé na clubanna iomána is gaire do Áth an tSléibhe. Stair. Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheantar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dtí an bhliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le Mainistir na Féile, An Gleann agus Máigh Mheáin i gContae Chiarraí. Níl aon tagairt ann d'fhoirne ag imirt faoi ainm "Áth an tSléibhe" nó faoi aon ainm eile gaolmhar leis an bparóiste i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Luimnigh nó i dtuaisceart Chiarraí le linn blianta na 1990í. Ós rud é go raibh foireann an-láidir ag Mainistir na Féile le linn blianta na 1900í agus na 1910í, mealladh roinnt des na himreoirí ab fhearr chucu ó na paróistí lámh leo. Ina measc siúd bhí Áth an tSléibhe agus níor éirigh go maith leis an gclub nua sna blianta díreach i ndiaidh a bhunú. D’athraigh an scéal nuair a bhuadar cluiche ceannais an Iarthair chun cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh na bliain 1919 a shroichint ach níor imríodh é de dheasca na dTrioblóidí. Bhí ar Áth an tSléibhe fanacht go dtí an bhliain 1937 sular tháinig an deis arís chucu. Ach d’ainneoin Craobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain sin i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Bhaile Stiabhana agus arís sna blianta 1948 agus 1949, níor shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh go dtí an bhliain dár gcionn nuair a buadar ar Sháirséalaigh an Chonartha. Tháinig corn sóisear an chontae chuig an bparóiste don dara huair sa bhliain 1963 tar éis dóibh Pailís na Gréine a chloí agus bhí Áth an tSléibhe ar ais sa ghrád sinsear don dara huair. Cúig bhliain ina dhiaidh sin, bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche cannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ach, nuair a thosnaigh an fhoireann sin ag titim as a chéile, bhíodar ar ar ag imirt peile sóisir arís le linn blianta na 1980í. Tháinig feabhas ar an scéal le blianta na 1990í nuair a tháinig glún nua le chéile chun Craobh Faoi-21B an Chontae a ghabháil sa bhliain 1995. Buadh Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 1997 tar éis dhá athimirt i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha agus Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2002 le bua ar Ghallbhaile agus shoicheadar cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae na bliana dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha. Thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2006, bhíodar ar ais sa phríomhghrád láithreach bonn tar éis buachaint ar Ghallbhaile arís i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na bliana 2007 ach níor fhanadar ach bliain amháin ann sular thiteadar síos arís. Páirc Imeartha. Tá Páirc na nGael, Áth an tSléibhe suite i dTeampall an tSléibhe, 2km soir ó lár an bhaile ar bhóthar Charraig Chiarraí. Imreoirí Cáiliúla. I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Tadhg de Bhulbh ("Timmy Woulfe") agus Seán Ó Maoláin ("Johnny Mullane") a d'imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1965 agus Pádraig Ó hEathairn ("Pat Ahern") a bhí ar an bhfoireann i gcluiche ceannais na bliana 2003.
1,560
CLG Gaeil Ghailtí. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gaeil Ghailtí. Suíomh. Tá sé bunaithe i bparóiste Coill Bheithne/Gleann na gCreabhar ar dhá thaobh Sléibhte na Gailtí sa chúinne oirdheisceart Chontae Luimnigh, 60km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as bailte Coill Bheithne agus Gleann na gCreabhar agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Leacain Darach, An Inse Cham agus Ceathrú an Chaisleáin. Cluichí. Ós rud é ná fuil traidisiúin na hiomána chomh láidir sin sa cheantar inar thagann teorainn Chontae Luimnigh, Contae Thiobraid Árann agus Contae Chorcaí le chéile, imrítear ach peil amháin sa chlub. Cé ná fuil sé nasctha le haon club ar leith i gcomhair na ha hiomána, imríonn formhór iománaithe an pharóiste leis An Gleann Rua. Stair. Tá tagairtí ann faoi imirt na peile i nGleann na gCreabhair ón mbliain 1885 nuair a chláraigh club ón mbaile le coiste riaracháin i nDeisceart Luimnigh ach is beag trácht a bhfuil ann ar an gclub nó ar an gcoiste ina dhiaidh sin. Tá cuntas ann faoi chluiche peile a chaill foireann ó Choill Bheithne i gcoinne Imleach as Contae Thiobraid Árann i mí Bealtaine na bliana 1895 agus deirtear gur bhuaigh na himreoirí céanna ar Fhánaithe Ghleann Árann (a ghabh Craobh Peile Sinsear na hÉireann na bliana sin ar son Thiobraid Árann) i Lios Fearnáin sa bhliain 1896. Ba é club faoin ainm "Gleann na gCreabhar" an chéad cheann as an bparóiste a chláirigh go hoifigiúil le CLG sa bhliain 1929 agus lean "Coill Bheithne", club eile ón gcuid den pharóiste ar thaobh theas na nGailtí, iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Chas an bheirt ar a chéile i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Luimnigh Theas na bliana sin agus chaill Coill Bheithne cluiche ceannais an chontae i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna. Dhá bhliain in a dhiaidh sin, áfach, d’éirigh leo corn Peile Sóisear an Chontae a ghabháil nuair a bhuadar ar Chlochán agus lean Gleann na gCreabhar iad sa bhliain dár gcionn i ndiaidh an bua a fháil ar Chlochán. Nuair nár éirigh le ceachtar an dá chlub le linn na mblianta d’ar gcionn, chinneadar ar aontú faoin ainm "Fánaithe Ghailtí" sa bhliain 1935 agus tháinig Craobh Peile Sóisear an Chontae chuig an bparóiste don tríú uair sa bhliain 1942. Déirigh leis an gclub aontaithe arís sa bhliain 1957 nuair a bhuadar ar Chill Cholmáin/Ardach. D’ainneoin iad cluiche leathcheannais an chomórtais a shroichint faoi thrí idir na blianta 1960 agus 1965, ba é sin an chraobh chontae dheireannach a bhuaigh Na Fánaithe. Tharla scoilt sa bhliain 1963 nuair a athbhunaíodh Gleann na gCreabhar agus lean peileadóirí Choill Bheithne ag imirt mar Fánaithe Ghailtí ach thángadar le chéile arís sa bhliain 1970 faoin ainm "Gaeil Ghailtí". Níor tháinig feabhas ar an scéal go dtí gur eagraigh an club aontaithe foirne na n-óg agus ba é toradh na oibre sin ná Corn Peile Sóisear an Chontae nuair a chloíadar Seán Uí Fhinn i gcluiche ceannais na bliana 1988. Tháinig Gaeil Gailtí, Baile an Londraigh agus Garrdha Uí Spiolláin le chéile sa bhliain 1991 faoin ainm "Fánaithe Gleann an Chorráin" agus bhuadar Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliana sin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ba chlub peile sinsear é Gaeil Ghailtí nuair a ghabhadar Craobh Idirmheánach an Chontae ach níor fhanadar an ach ar feadh trí bhliana agus tá siad ar ais ag imirt peile idirmheánaigh ó shin i leith. D’eagraigh Gaeil Ghailtí foireann iomána sa bhliain 1955 ach níor fhan sí ann ach ar feadh cúpla bliain. Ba oibreoirí foraíseacha agus tógála iad móramh na n-imreoirí. Páirc Imeartha. ’Sé Páirc Sheáin Uí Mhathúna páirc imeartha Gaeil Ghailtí agus ainmníodh í in onóir bunaitheoir Bráithreachas na Poblachta a rugadh i gCoill Bheithne. Tá sí suite i gCeathrú an Chaisleáin, 2km siar ó Choill Bheithne agus osclaíodh í sa bhliain 1958. Imreoirí Cailiúile. I measc peileadóirí cáiliúla Gaeil Ghailtí, tá Liam de Róiste ("Willie Roche"), a bhí ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile na Mumhan na bliana 1991 agus Seán Ó Cuáin ("John Quane") ar imir ar fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAstráile sa bhliain 1999 agus ar imir i gcluichí ceannais Peile Sinsear na Mumhan sna blianta 1991, 2003 agus 2004.
1,677
CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste An tOspidéal/Cathair Fuinse in Oirthear Chontae Luimnigh ar theorainn Chontae Thiobraid Árann, 30km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile An tOspidéal, ó bhaile Cathair Fuinse agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cloch an Bhiolair, Ráth Shiúrdáin, Cill Frois agus An Seanbhaile. Cluichí. Tá traidisiún láidir peile agus iomána sa cheantar agus imrítear an dá chód sa chlub. Stair. Nuair a tháinig CLG i bhfeidhm ar dtús, bhí an dá sport á imirt sa pharóiste. Bhí an lámh in uachtar ag an bpeil san Ospidéal agus ba í Cathair Fuince lárionad na hiomána sa cheantar. Bunaíodh club faoin ainm "An tOspidéal" go hoifigiúil sa bhliain 1885 agus d’imir siad faoin ainm "Cnoc na mBua" ar feadh roinnt blianta ag tús an 20ú haois. Ba chlub sóisear é nuair a atheagraíodh na comórtaisí tar éis na dTrioblóidí agus shroich An tOspidéal cluiche ceannais Craobh Sóisear an Deiscirt sa dá chod sa bhliain 1926. Tháinig an chraobh chucu don chéad uair san iomáint sa bhliain 1929 i ndiaidh bhuachaint ar Fhánaithe na Camóige ach, cé go raibh foireann maith láidir acu ar feadh cúig bhliain déag ina dhiaidh sin, níor éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Chontae. Tháinig scoilt le linn blianta na 1940í nuair a bhunaíodh club iomána Cathair Fuinse, lean An tOspidéal san iomáint agus d’imir peileadóirí an pharóiste le club eile darbh ainm dó "Cill Frois/An tOspidéal". Ghabh an club peile Craobh Sóisear an Deiscirt don chéad uair i ndiaidh dóibh shárú ar Ghallbhaile i gcluiche ceannais na bliana 1950 agus d’éirigh leo arís sna blianta 1955 agus 1956. Le linn na tréimhse céanna, d’imir peileadóirí Cathair Fuinse in éineacht le peileadóirí Cathair Laighin ar feadh roinnt blianta faoin ainm "Cóstóirí Ráth Shiúrdáin". Thit an iomáint agus an pheil i léig ina dhiaidh sin go dtí gur tháinig An tOspidéal agus Cathair Fuinse le chéile arís faoin ainm "Na Fianna" sa bhliain 1972. D’éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Deiscirt an bhliain dár gcionn ach d’éiríodar as an iomáint ar fad sna blianta 1975 agus 1976 nuair a bhí nasc i bhfeidhm le Cnoc Áine inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig an chéad theideal an chontae chuig an bparóiste nuair a bhuaigh Na Fianna ar Ulla i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1975. Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharóiste. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar An nGleann) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis Ardach a chloí) sa bhliain chéanna. I ndiaidh Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1989, shroich An tOspidéal/Cathair Fuinse trí chluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae as a chéile ach chailleadar i gcoinne Fánaithe Ghleann an Chorráin sa bhliain 1991, An Chaisleáin Nua Thiar sa bhliain 1992 agus Chlocháin sa bhliain 1993. Bhí an mí-ádh orthu ar a gceathrú iarracht chomh maith nuair a bhuaigh Baile an Londraigh othu sa bhliain 1999. Ba chlub sinsear sa dá chód é An tOspidéal/Cathair Fuinse tar éis dóibh an bua d’fháil ar Shaor Theas i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 2002 ach níor fhan na hiománaithe ann ach ar feadh dhá bhliana. Thiteadar síos go dtí an tríú grád an bhliain dár gcionn ach d’filleadar ar an iomáint idirmheánach ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar Craobh Sóisear A an Chontae don dara huair i ndiaidh dóibh Cróch/Cill na Fíonaí a shárú i gcluiche ceannais na bliana 2005. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha An tOspidéal/Cathair Fuinse suite in aice an tséipéil i mbaile An tOspidéal. Imreoirí Cáiliúla. I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá na hiománaithe Séamus Ó Cearrbhaill ("Jimmy Carroll"), a bhí ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1980, agus Damien Ó Roghaill ("Damien Reale"), captaen na foirne i gcluiche ceannais Craobh na hÉireann sa bhliain 1980; agus PS Ó Gairbheith ("PJ Garvey") a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991.
1,778
Pádraig Ó Sionnaigh. Is iarimreoir iomána Éireannach é Pádraig Ó Sionnaigh (Béarla: "Pat Fox") a rugadh ar an 8 Iúil 1961 in Áth na Cairte, Contae Thiobraid Árann. D'imir sé leis a chlub áitiúil Éire Óg agus an fhoireann idirchontae Thiobraid Árainn sna 1980idí agus na 1990idí. Tá dhá bhonn buaite aige i gCraobh Iomána na hÉireann, chomh maith le trí ghradam Sárimreoirí na Bliana.
172
CLG Cnoc Áine. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cnoc Áine. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Cnoc Áine timpeall Loch Goir idir Brú na Déise agus An Ospidéal i nDeisceart Chontae Luimnigh, 28km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbhailte Cnoc Áine agus Eiltiún ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile an Bhagóidigh, Coill Bhaile Eoghain, Tobar Phádraig agus Loch Gair. Cluichí. Cé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa cheantar, imrítear an pheil agus an iomáint sa chlub ach tá an bhéim dírithe fós go láidir i dtreo na hiomána. Stair. Bhí an iomáint beo fós i bparóiste Cnoc Áine nuair a bunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus tá tuairisc ann faoi chomórtas iomána sóisear a eagraíodh i mBrú na Déise i mí Mheán Fómhair na bliana 1887 inar bhuaigh foireann faoin ainm "Cnoc Áine" ar Fheadamar. Is cosúil é, áfach, gurbh é "Loch Goir" an chéad club a bhunaíodh go hoifigiúil sa cheantar. Shroicheadar siúd cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1899 ach níor aimsíodar scór ar bith nuair a bhuaigh Cill Fhionáin go trom orthu. Tá cuntaisí ann faoi chomórtas iomána inar ghlac foireann faoin ainm "Eiltiún" páirt sa bhliain 1903 ach, lasmuigh de sin, níl mórán tagairt faoi chluichí Ghealacha i bparóiste Cnoc Áine le linn blianta tosaigh an 20ú haois agus ní raibh aon chlub gníomhach ann le linn An Chéad Chogadh Domhanda agus na dTrioblóidí. Tá tuairisc ann faoi chomórtas iomána in Eiltiún inar bhuaigh An tOspidéal ar fhoireann ag imirt faoin ainm "Coill Bhaile Eoghain". Le linn blianta na 1930í, d’imir peileadóirí an pharóiste le Brú na Déise, An Ospidéal agus Cnoc Loinge sular atheagraíodh club Cnoc Áine sa bhliain 1936. Thosnaíodar ag imirt i gcomórtais agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuaigh an club nua i gcoinne Chill Mocheallóg i mBuilgidin i Mí Deireadh Fómhair na bliana 1937. Tháinig Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt chucu don chéad uair sa bhliain 1941 agus bhuadar Craobh an Chontae sa bhliain 1953 nuair a bhfuaradar an lámh uachtar ar rogha na coitianta Saor Theas sa chluiche ceannais. Níor éirigh leo sa ghrád sinsear agus d’fhilleadar ar an iomáint sóisear i ndiaidh roinnt beag bliana. Bhí nasc i bhfeidhm sna blianta 1975 agus 1976 leis An Ospidéal/Cathair Fuinse, a bhí ag imirt faoin ainm "Na Fianna" ag an am, inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig feabhas arís ar an iomáint le linn blianta na 1990í. Ghabhadh Craobh Sóisear A an Chontae don dara huair sa bhliain 1991 tar éis athimirt a bhuachaint ar Bhaile Bricín agus tháinig Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae chucu nuair sháraíodar ar Mhungairit i gcluiche ceannais na bliana 2001. Imríodh an pheil ar dtús faoin ainm "Eiltiún" ach, cé go raibh foireann láidir mionúr acu le linn blianta deiridh na 1930í, ní raibh aon ádh acu go dtí gur bhuadar Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 1982. Sé bhliain ina dhiaidh sin nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm i gcraobhacha sinsear agus idirmheánach an chontae, bhí Cnoc Áine ag imirt peile sóisear arís. Le béim an chlub ag díriú arís i dtreo na hiomána, ba ghairid ina dhiaidh sin ná gur thiteadar síos go dtí an grád sóisear B ach tháinig feabhas ar stádas na peile sa chlub nuair a bhuadar ar Chnoc an Doire i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh na bliana 2005. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha Cnoc Áine suite i lár an pharóiste i gCoill Bhaile Eoghain, leathbhealach ar an mbóthar idir Brú na Déise agus An Ospidéal. Imreoirí Cáiliúla. I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Tomás Ó Dabhóc ("Tommy Cooke"), ball foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1940, an tiománaí Pádraig Ó Ciarba ("Patrick Kirby") a d’imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 2000í agus Antóin Ó Ciarba ("Anthony Kirby"), a d'imir peil le foireann sinsear an chontae le linn blianta na 1980í.
1,616
CLG An Gleann Rua (Luimneach). Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Gleann Rua. Suíomh. Tá an club le fáil i bparóiste thuaithe an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin ar thaobh an tSléibhe Riabhaigh idir Cill Fionáin agus Baile an Londraigh i nDeisceart Chontae Luimnigh, 50cm soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an Ghleanna Rua ó bhailte fearainn an pharóiste ar nós Bhaile Uí Argáin, an Ghleanna Rua, An Chaoil agus Bhaile an Phiaródaigh, ó bhaile agus ó pharóiste Bhaile an Londraigh agus ó pharóiste Choill Bheithne/Ghleann na gCreabhar. Cluichí. An [[iománaíocht amháin a imrítear sa chlub agus tá sé nasctha le [[CLG Baile an Londraigh|Baile an Londraigh]] i gcomhair na [[peil Ghaelach|peile]]. Imríonn iománaithe as Cill Beithne/Gleann na gCreabhar peil le [[CLG Gaeil Ghailtí|Gaeil Ghailtí]]. Stair. Cé go raibh traidisiún na hiomána beo i bparóiste an Ghleanna Rua roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], is í an pheil ba láidre sa cheantair ag deireadh an 19ú haois. Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1885 agus d'imir siad an pheil faoin ainm "An Gleann Rua" agus an iománaíocht faoin ainm "Baile Uí Argáin". D’éirigh go maith leo sa pheil ar dtús. Tá cuntas ann ó Mhí Mhárta na bliana 1896 ar chluiche idir an Gleann Rua agus Cill Dairbhre as [[Contae Chorcaí]] i gComórtas Peile Chill Fhionáin, cluiche a chríochnaigh gan scór ó cheachtar den dá fhoireann. Amach sa bhliain chéanna ba é an Gleann Rua an chéad chlub as deisceart an chontae a shroich cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Chraobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] nuair a bhuaigh na Trádálaithe orthu. D'imir iománaithe Bhaile Uí Argáin chomh maith i gComórtas Chill Fhionáin na bliana 1896 agus tá tuairisc ann ar chluiche a chaill siad i gcoinne [[CLG Brú Rí|Bhrú Rí]]. Maraon le mórán ceantair eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iománaíocht go tapa sa pharóiste tar éis do [[CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)|Chill Fhionáin]] [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] a bhuachaint ar son Luimnigh sa bhliain 1897. Ach ós rud é go raibh clubanna láidre ag teacht chun cinn sa cheantar ar nós [[CLG Baile an Londraigh|Bhaile an Londraigh]] agus [[CLG Gaeil Ghailtí|Chill Beithne]] sa pheil agus ar nós [[CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)|Chill Fhionáin]] agus [[CLG Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]] san iománaíocht, níor éirigh leis an nGleann Rua i gcomórtas ar bith anuas go dtí na 1970í. Bhí blianta ann, go mór mór le linn na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus le linn na 1950í, nuair ba dheacair dóibh foireann a chur ar an bpáirc. D'athraigh an scéal nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt den chéad uair tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar [[CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean|Bhaile an Chaisleáin/Bhéal Átha Grean]] i gcluiche ceannais na bliana 1974. Lean siad ar aghaidh chun Craobh an Chontae a bhaint i ndiaidh dóibh [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]] a shárú. Sna blianta díreach ina dhiaidh sin buadh orthu trí huaire as a chéile i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae, i gcoinne [[CLG Mungairit|Mhungairit]] sa bhliain 1975, i gcoinne [[CLG Feadamar|Fheadamar]] sa bhliain 1976 agus i gcoinne [[CLG An Dromainn/An tÁth Leacach|na Dromann/an Átha Leacaigh]] sa bhliain 1977, agus b’éigean dóibh filleadh ar an iománaíocht shóisearach nuair a cuireadh deireadh leis an ngrád idirmheánach sa bhliain 1978. Tháinig siad ar ais chuig an dara leibhéal i ndiaidh dóibh buachaint ar [[CLG Eithbhinn|Eithbhinn]] chun Craobh Iomána Sóisear A Contae Luimnigh a ghabháil den dara huair sa bhliain 1992. Chuir athbheochan na peile i mBaile an Londraigh le linn na 1990í isteach ar an iománaíocht sa Ghleann Rua ar feadh bliana nó dhó agus d’iompaigh an roth orthu sa bhliain 1999. Ach bhí siad ar ais ag imirt san iománaíocht idirmheánach an chéad iarracht eile nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear A an Chontae chuig an nGleann Rua den tríú huair sa bhliain 2000. Ba bheag nár chlub sinsearach iad cúig bliana ina dhiaidh sin ach, d'ainneoin na sáriarrachta a rinne siad ag deireadh cluiche ceannais Chraobh Iomána Idirmheánach an Chontae, lig siad tharstu an deis i gcoinne [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Ghreanaí/Bhaile an Gharraí]]. Níl aon trácht ar pheil sa chlub ó na 1920í nuair a atheagraíodh na comórtaisí i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh na gCarad]]. Tá formhór pheileadóirí an pharóiste ag imirt le Baile an Londraigh ón am sin i leith. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha an chlub suite sa Ghleann Rua lámh leis an séipéal agus leis an scoil náisiúnta. Imreoirí Cailiúile. D’imir Micheál Ó Briain ("Mike O’Brien") ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Chraobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 2007. Bíonn Seán Ó Murchú ("Johnny Murphy"), peileadóir an chontae sna blianta dhá mhíle, ag iománaíocht leis an nGleann Rua. Tagairtí. [[Catagóir:Clubanna Iomána|Gleann Rua (Luimneach)]] [[Catagóir:Clubanna CLG i gContae Luimnigh|Gleann Rua]]
2,063
CLG Garrdha Uí Spiolláin. Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Garrdha Uí Spiolláin. Leasainm. Tugtar “Na Preabadóirí” (“"The Bouncers"”') ar fhoirne Gharrdha Uí Spiolláin. Ní fios go díreach cárb as don ainm. Deir roinnt daoine go raibh faicsean ann i dtús an 19ú haois agus an t-ainm sin orthu. Deir daoine eile gur tháinig an leasainm ó chluiche cártaí darbh ainm dó "Bounce" as Béarla a d’imrítí go forleathan sa pharóiste ag tús an 20ú haois. Suíomh. Tá an club le fáil i bparóiste Chnoc Loinge/Ghleann Bruacháin, áit atá suite i nDeisceart Chontae Luimnigh 35cm soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór na n-imreoirí ó bhaile Chnoc Loinge, sráidbhaile Gharrdha Uí Spiolláin, ó bhailte fearainn i bparóiste Chnoc Loinge/Ghleann Bruacháin ar nós Bhaile Mhistéala na dTamhan agus Ghleann Bruacháin, agus ó bhaile Ghallbhaile agus bailte fearainn ar nós na gCaológ, Dhún Trí Liag, an Chnocáin Bhric agus an Chaisleáin Chria sa chuid de pharóiste Ghallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i gContae Luimnigh. Cluichí. An [[Iománaíocht|iománaíocht amháin a imríonn an club, agus tá sé nasctha le [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] i gcomhair na [[peil Ghaelach|peile]]. Stair. Cé go bhfuil an iománaíocht níos láidre sa pharóiste ó na 1950í, bhí an lámh in uachtar ag an bpeil i mblianta tosaigh [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]]. Tá tagairtí ann d’fhoireann a d’imir peil faoin ainm "Garrdha Uí Spiolláin" sna 1880í. Bunaíodh an club go hoifigiúil cúpla bliain ina dhiaidh sin agus ba bheag nár bhuaigh siad [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1898, ach chaill siad an cluiche leathcheannais i ndiaidh achomairc ó na Trádálaithe. Maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thit siad as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[an Chéad Chogadh Domhanda]] ach eagraíodh club nua faoin ainm "Cnoc Loinge" le teacht na síochána. Cé gur bhuaigh siad Craobh Peile Sóisear Dheisceart Luimnigh sa bhliain 1927, bhí siad faoi scáth [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] sna 1930í agus sna 1940í. Bunaíodh Garrdha Uí Spiolláin mar chlub iománanaíochta sa bhliain 1952. Lean Cnoc Loinge orthu ag imirt peile anuas go dtí na caogaidí deireanacha, nuair d’aontaigh an dá chlub faoin ainm "Garrdha Uí Spiolláin". D’fhás an iománaíocht go tapa i ndiaidh bhua Chraobh Shóisearach an Deiscirt den chéad uair sa bhliain 1955 agus, i ndiaidh dóibh sárú ar fhoireann [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Fhíonach/Chill Mhíde]], tháinig an chéad Chraobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh chuig Garrdha Uí Spiolláin cúig bliana ina dhiaidh sin. Cé gur bhuaigh siad Craobh an Chontae arís sna blianta 1970, 1978 agus 1984, níor éirigh go maith leo mar fhoireann iomána shinsearach go dtí na 1990í. Tar éis Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh a bhreith leo sa bhliain 1996, shroich siad cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|na Craoibhe Sinsearaí]] an bhliain dár gcionn ach buadh go dona orthu ag [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]]. Bhí siad ar ais sa chluiche ceannais sa bhliain 2004 nuair a chaill siad le cúilín amháin i gcoinne [[CLG Átháin|Átháin]] ach bliain ina dhiaidh sin tháinig an chorn faoi dheireadh chuig Cnoc Loinge nuair a chloígh na Preabadóirí na naimhde ab fhíochmhaire acu, [[CLG Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]]. I ndiaidh dóibh aontú le Cnoc Loinge, d’éirigh go maith le Garrdha Uí Spiolláin sa pheil. Tar éis Craobh Sóisear an Deiscirt a bhreith leo den chéad uair sa bhliain 1960, bhuaigh siad Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 1976 tar éis dóibh [[CLG Cnoc Uí Choileáin|Cnoc Uí Choileáin]] a bhualadh agus arís sa bhliain 1980 nuair a bhuaigh siad ar [[CLG Brú Rí|Bhrú Rí]] sa chluiche ceannais. Ach cé gur thaínig Craobh Sóisear B an Chontae chuig an gclub sa bhliain 1993, bhí an bhéim á cur ar an iomáint faoin am sin agus d’éirigh na Preabadóirí as an bpeil ar fad sa bhliain 2000 nuair a d’aontaigh siad le [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]]. Páirc Imeartha. [[Íomhá:DoonGarryspillaneSHC300509.jpg|220px|thumb|right|Garrdha Uí Spiolláin v [[CLG Dún Bleisce|Dún Bleisce]], [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] i g[[Clochán]] ar 30ú Bealtaine 2009.]] Tá páirc imeartha Garrdha Uí Spiolláin, Páirc Uí Dubhlaoigh, suite 800m ó lár bhaile Cnoc Loinge in aice Radharc an Iarnróid. Imreoirí Cáiliúla. I measc iománaithe cáiliúla Garrdha Uí Spiolláin a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]], tá Muiris Ó Cearrbhaill ("Mossy Carroll") ón mbliain 1980, a dheartháir Proinsias Ó Cearrbhaill ("Frankie Carroll") ó na blianta 1994 agus 1996 agus TS Ó Riain ("TJ Ryan") ó na blianta 1994, 1996 agus 2007 Tagairtí. [[Catagóir:Clubanna Iomána|Garrdha Ui Spiollain]] [[Catagóir:Clubanna CLG i gContae Luimnigh|Garrdha Ui Spiollain]]
2,032
CLG Drom Chollachair/Béal an Átha. Is club de chuid CLG i gContae Luimnigh é CLG Drom Chollachair/Béal an Átha. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Drom Chollachair/Béal an Átha in Iarthar Chontae Luimnigh, 60km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Drom Chollachair, as sráidbhaile Béal an Átha agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cnoc Túis, Gort na Tiobraide, Goirtín an Gharraí agus An Bhuaile. Cluichí. Cé gurbh clubanna dírithe go láidir i dtreo na hiomána iad Drom Chollachair agus Béal an Átha ó thús an 20ú haois suas go dtí an bhliain 1987 nuair a thángadar le chéile, d'imir an bheirt acu an pheil agus an iomáint. Bhí an bhéim an chlub aontaithe fós ar an iomáint suas go dtí teacht na Mílaoise nuair a tháinig an liathróid mór chun chinn agus ba é Drom Chollachair/Béal an Átha an club peile ba láidre sa chontae le linn blianta na 2000í. Stair. Sa bhliain 1887, cláraíodh club peile faoin ainm "Gort na Tiobraide" le Coiste Chontae Luimnigh ach is cosúil gur scoilt sé sna blianta ina dhiaidh sin mar tá tagairtí ann faoi chomórtas peile sa bhliain 1902 inar ghlac foirne faoi ainmneacha "Drom Chollachair" agus "Béal an Átha" páirt. Eagraíodh Béal an Átha go hoifigiúil sa bhliain 1898 agus bunaíodh Drom Chollachair mar chlub ar leith sa bhliain 1904. Bhí an bhéim ar dtús ar an bpeil sa dá chlub ach, maraon lena lán paróistí in oirthear agus i ndeisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an gCéad Cogadh Domhanda. Ghlac foireann faoin ainm "Béal an Átha" páirt i gcomórtas i nDrom Chollachair i Mí Lúnasa na bliana 1902, an chéad tagairt d'imirt na hiomána sa pharóiste. Nuair a atosaíodh craobhacha sóisear an chontae ina dhiaidh, ba é Béal an Átha an club ba láidre ar dtús agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Iarthair sa bhliain 1932 ach, ó bhlianta na 1940í amach, bhí an lámh in uachtar ag an gclub eile. Tháinig Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair chuig Drom Chollachair sa bhliain 1949 nuair a sháraíoadar ar An gCeapach Mór sa chluiche ceannais agus, cé nár éirigh leo san iomáint sinsear, bhuadar ar Mháigh Rua chun Craobh Sóisear an Chontae a ghabháil arís sa bhliain 1959 agus ar Phailís na Gréine i gcluiche ceannais na bliana 1963. D’éirigh níos fearr leo sa phríomhghrád ar an dtríú iarracht. Shroicheadar cluiche ceannais Iomána Sinsear an Chontae na bliana 1964 ach buadh go trom orthu ag An gCeapach Mór. Tháinig meath ar an iomáint san dá chlub ina dhiaidh sin agus níor tháinig aon chorn ar ais chuig an bparóiste go dtí bliain Comóradh an Chéid nuair a bhuaigh Drom Chollochair Craobh Iomána Sóisear A an Iarthair na bliana 1984. Ach bhí daonra an pharóiste ag dul i laghad ag an am agus thosnaigh an dá chlub ag imirt le chéile i gcomórtaisí na n-óg. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae don bhliain 1988, chinneadar ar aontú faoin ainm "CLG Drom Chollachair/Béal an Átha". D éirigh go maith leis an gclub nua ar dtús san iomáint agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae don cheathrú uair sa bhliain 1993 ach thiteadar ar ais go dtí an tríú ghrád sa bhliain 2002. Cé gur shroich Dom Chollachair cluiche ceannais Craobh Sóisear an Iarthair sna blianta 1931, 1980 agus 1982, níor éirigh le ceachtar acu craobh peile ar bith a bhuachaint nuair a d’imríodar mar chlubanna ar leith. D’athraigh an scéal nuair a tháinig Craobh Peile Sóisear B an Chontae chuig Drom Chollachair/Béal an Átha sa bhliain 1992 agus, i ndiaidh buachaint ar an An gCeapach Mór i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1998, ba chlub sinsear peile iad don chéad uair. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chailleadar cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae i gcoinne An tAthair Ó Cathasaigh ach bhíodar ar ais an bhliain dár gcionn nuair a sháraíodar ar Mhungairit. Chosnaíodar an chorn sa bhliain 2004 i gcoinne An Caisleán Nua Thiar agus bhuadar Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh don cheathrú uair sa bhliain 2008 nuair a bhaineadar an teideal ó Bhaile an Londraigh. Níos déanaí sa bhliain, ba iad Drom Chollachair / Béal an Átha an chéad chlub sa chontae ar éirigh leo i gCraobh Peile Sinsear Club na Mumhan nuair a sháraíodar ar Cill Mhuire/Ui Bhreacáin as An gClár sa chluiche ceannais. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha Drom Chollachair/Béal an Átha suite 500m ó lár bhaile Drom Chollachair ar Bhóther an Chaisleáin Nua Thiar. Imreoirí Cáiliúla. I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá na hiománaithe Dónal Ó Bruadair ("Donie Broderick") agus Eoghan Ó Nuanáin ("Eugene Noonan") a bhí ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Sinsear na Mumhan sa bhliain 1995 agus na peileadóirí Iason de Stóc ("Jason Stokes"), Tomás de Stac ("Tommy Stack") agus Mícheál Ó Riada ("Mícheál Reidy") a bhí ar fhoireann Luimnigh i gcluichí ceannais Craobh Sinsear na Mumhan na mblianta 2003 agus 2004.
1,956
CLG An Caisleán Nua Thiar. Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Caisleán Nua Thiar.
48
CLG An Gleann (Luimneach). Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Gleann. Suíomh. Tá sé bunaithe i bparóiste An Ghleanna ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 60km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as baile An Gleann agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Coill Fhéinne, Baile Mhic Giolla tSeanáin, Baile Uí Choileáin agus Cathrach. Cluichí. Tá paróiste An Ghleanna díreach ar theorainn Chontae Chiarraí agus tá traidisiún láidir peile sa cheantar. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is é Naomh Ciarán an club iomána is gaire don Ghleann. Páirc imeartha. Tá páirc imeartha An Ghleanna, Páirc Uí Chathaláin, suite 1km ó dheas ó lár an bhaile ar Bhóthar Áth an tSléibhe. Imreoirí cáiliúla. I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Seán Ó Ceallaigh ("John Kelly"), captaen buaiteoirí Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ar cheithre ócáid (1926, 1929, 1930, 1931), agus Liam Ó Luing ("Liam Long"), a d’imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1980í.
469
CLG Greanach/Baile an Gharrdha. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Greanach/Baile an Ghardha. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Baile an Gharrdha/Greanach in lár Chontae Luimnigh ar dhá thaobh Cnoc Fírinne idir Ráth Caola agus Cromadh, 30km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá n-imreoirí as baile Baile an Gharrdha agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Greanach, Bodastóic, Baile Bhológ agus Baile Uí Fhaoileáin. Cluichí. Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint] sa cheantar, imrítear peil sa chlub chomh maith. Tá an bhéim dírithe go láidir i dtreo na hiomána. Tá mórcháil bainte amach ag Greanach/Baile an Gharrdha sa chamógaíocht. Stair. Bhí traidisiún láidir iomána i gcónaí ann i lár Chontae Luimnigh agus bhí clubanna ann i mbailte ar nós Cromadh agus Cill Mocheallóg sular chuireadh tús le CLG féin. Níl tuairisc oifigiúil ar fáil anois faoi bhunú club faoin ainm "Baile an Gharrdha" ach bhí iománaithe an bhaile gníomhach i gcomórtaisí a eagraíodh i ndiaidh glacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt sa bhliain 1884. Ghlacadar leis an ainm "Óglaigh na hÉireann Baile an Gharrdha" orthu féin le linn blianta na 1890í agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar Fheachtasóirí Mungairit i gComórtas Cromadh sa bhliain 1895. Ghlacadar páirt i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana céanna agus shroicheadar an cluiche ceannais sa bhliain dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Cathair Laighin. Bhíodar ar ais arís i gcluiche ceannais na bliana 1904 nuair a bhuaigh CLG An Cheapach Mhór orthu ach, i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d’fháil ar Ard Pádraig chun Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 1910 a ghabháil, d’éirigh leo sa phríomhghrád nuair a sháraíodar ar Fheadamar sa bhliain dár gcionn. Bhain Feadamar díoltas amach orthu i gcluiche ceannais na bliana 1912 agus chuir sin deireadh le ré órga iomána Bhaile an Gharrdha. Tá tuairisc ann faoi chluiche idir foireann faoin ainm "Greanach" agus Brú Rí i gComórtas Iomána Bhéal Átha Grean ar Lá Márta na bliana 1896 ach is cosúil nár chláraíodh club oifigiúil ar thaobh theas Cnoc Fírinne go dtí an bhliain 1901. Thángadar chun chinn díreach i ndiaidh an chlub eile sa pharóiste nuair a bhuadar ar Chaisleán Uí Chonaill chun Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh na bliana 1914 a ghabháil. Chuir An Chéad Chogadh Domhanda agus Éirí Amach na Cásca amach go mór ar an gcomórtas sin agus níor imríodh an cluiche ceannais sin go dtí Mí Aibreán na bliana 1917. Bhí an toradh céanna nuair a chas an bheirt arís orthu féin i gcluiche ceannais na bliana 1916 a imríodh i Mí Mheithimh na bliana 1918. Ba chlubanna iomána sóisir iad Greanach agus Baile an Gharrdha nuair a thosnigh na craobhacha arís le teacht na síochána. Bhí an lámh in uachtar ag Greanach le linn blianta na 1920í agus le Baile an Gharrdhale linn blianta na 1930í agus bhí foireann láidir ag an mbeirt acu le linn blianta na 1940í nuair a bhuaigh Greanach Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1942 agus Baile an Gharrdha dhá bhliain ina dhiaidh sin. Thángadar le chéile sa bhliain 1945 faoin ainm "Greanach/Baile an Gharrdha" chun páirt a ghlacadh san iomáint sinsear agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh an Chontae ar an gcéad iarracht ach chailleadar i gcoinne Átháin. Scoilt na clubanna trí bhliain ina dhiaidh sin, d’aontaíodar arís sa bhliain 1955 agus scoilteadar do tríú uair sa bhliain 1966. Bhuaigh Greanach ar Stáicéirí de Bhailís chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhailiú sa bhliain 1976 agus lean Baile an Gharrdha iad sa chomórtas chéanna trí bhliaina ina dhiaidh sin tar éis dóibh sárú ar Fhíonach/Cill Mhíde. Ba chlubanna sinsir iad suas go dtí an bhliain 1985 ach thit an eisimirce le linn lagtrá blianta na 1980í go trom ar an bparóiste agus bhí an bheirt acu ar ais ag imirt iomána sóisear nuair a tháinig na grádanna teornata i bhfeidhm sa chontae i gcomhair na bhiana 1988. Bhí blianta ann nuair ba dheacair dóibh foirne a chur ar an bpáirc agus, ós rud é go rabhadar ag imirt le chéile sna grádanna óga, tháinig na clubanna sinsir le chéile arís sa bhliain 1990 faoin ainm "Gaeil Cnoc Fírinne". Trí bhliain ina dhiaidh sin, athraíodh go "Greanach/Baile an Gharrdha" é. Toisc go raibh iomaíocht gear idir cuid theas agus cuid thuaidh an pharóiste i rith na mblianta, níorbh éasca dóibh aithne ar leith a chur in áit don chlub nua ach, nuair a tháinig an chéad chorn chontae peile ar ais chucu i ndiaidh dóibh buachaint ar Úlla i gcluiche cheannais Craobh Sóisear B na bliana 1996, d’fhás an nasc i measc na nimreaoirí. Sháraíodar ar An gCaisleán Nua Thiar chun Craobh Iomána Sóisear A an Chontae na bliana 1998 a ghabháil agus ba chlub iomána sinsear arís é nuair a bhuardar ar An nGleann Rua i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae sa bhliain 2005. Bhuaigh Baile an Gharrdha Craobh Peile Sóisear B an Chontae mar chlub aonar sa bhliain 1989 agus d’éirigh leis an gclub aontaithe an teideal a ghabháil don dara huair nuair a sháraíodar ar Chaisleán Uí Mhathúna i gcluiche ceannais na bliana 2002. Bhí Greanach/Baile an Gharraí i measc na gclubanna camógaíochta ba láidre sa tír le linn blianta na 1990í agus bhuadar Craobh Club Sinsear na hÉireann ar dhá ócáid. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha Greanach/Baile an Gharrdha suite i mBaile an Gharrdha, 200m soir ó dheas ó lár an bhaile ar Bhóthar Chill Mocheallóg. Imreoirí Cáiliúla. I measc iománaithe cáiliúla Chill Íde, tá Éamonn Chawke ("Ned Chawke"), lán-thosaigh deas ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1940 agus Dómhnall Ó Gráda ("Donal O’Grady"), imreoir sinsear an chontae le linn blianta na 2000í.
2,307
CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean. Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Béal Átha Grean/Cluain Comhartha idir Baile an Gharraí agus Ráth Luirc i nDeisceart Chontae Luimnigh, 40km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as sráidbhailte Béal Átha Grean agus Baile an Chaisleán agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Muileann Driú, Cluain Comhartha, Cúil an Ghabhann agus Draighneán. Is féidir le peileadóirí as paróiste Eithbhinn imirt le Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean. Cluichí. Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil agus an iomáint i mBaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean. Tá béim an chlub dírithe i dtreo na hiomána. Stair. Bhí an iomáint á imirt i bparóiste Béal Átha Grean/Cluain Comhartha faoin am a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus tá cuntas ann faoi chluiche i gcomórtas iomána Chill Mocheallóg i Mí Bealtaine na bliana 1895 inar bhuaigh Ard Phádraig ar fhoireann a bhí ag imirt faoin ainm "Béal Átha Grean". Níor bhunaíodh an club go hoifigiúil go dtí an bhliain 1900 agus d’imríodar ar dtús faoin ainm "Béal Átha Grean". Bhí an iomáint ag fás go tapaidh ag an am sin sa chontae agus shroich an club nua cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae na bliana 1906 ach chailleadar I gcoinne Cathair Laighin. Cuireadh stad leis an imirt le linn na dTrioblóidí agus ba chlub iomána sóisear é Béal Átha Grean nuair a ath-thosnaíodar le linn blianta na 1920í. Bhí foireann peile a d'imir faoin ainm "Cluain Comhartha" gníomhach sa pharóiste sna blianta roimh an gCéad Chogadh Domhanda agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar Dhrom Chollachair i mBéal Átha Grean i Mí Mhárta na bliana 1905. Is dócha gurbh an club céanna a bhí ann ach gur bhaineadh úsáid as ainmneacha ar leith i gcomhair na peile agus na hiomána. Athraíodh ainm an chlub ó Bhéal Átha Grean go dtí "Baile an Chaisleáin" sa bhliain 1930 ach níor tháinig aon toradh as sin go dtí an bhliain 1946 nuair a bhuadar ar Chill Díoma chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair a ghabháil. Bhuadar an chorn arís trí uair as a chéile sna blianta 1952, 1953 agus 1954 ach níor éirigh leo craobh an chontae a thabhairt ar ais leo sa thréimhse sin. Shroicheadar cluiche ceannais na bliana 1952 ach chailleadar i gcoinne An Cheapach Mhór. D’aistrigh an club ón Roinn Thiar go dtí An Roinn Theas sa bhliain 1957 agus sháraíodar ar An mBánóg chun Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt a bhuachaint sa bhliain dár gcionn. Athraíodh ainm an chlub don dara huair go dtí "Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean" sa bhliain 1960 ach bhíodar an-chiúin ar pháirc an imeartha suas go dtí blianta na 1970í. Shroicheadar agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear na Roinne sna blianta 1973, 1974, 1976 agus 1978 agus chailleadar i gcoinne Garrdha Uí Spiolláin don dara huair sa bhliain 1978 i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae. D’éirigh le Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean Craobh Iomána an Deiscirt a ghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1985 agus bhuadar ar a gcomharsana Fíonach/Cill Mhíde roimh lucht féachana ollmhór i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear A Chontae Luimnigh na bliana 1986. Ba chlub sinsear iad an bhliain dár gcionn ach níor fhanadar ann ach bliain amháin mar, nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm i gcomhair na bliana 1988, cuireadh Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean ag imirt na hiomána idirmheánaigh. Thit na hiománaithe síos go dtí an grád sóisear A sa bhliain 2001 agus ba bheag nár thángadar ar an gcéad iarracht ach bhuaigh Cill Díoma orthu i gcluiche ceannais Craobh Sóisear A an Chontae na bliana dár gcionn. Ba é sin an ócáid ba ghaire dóibh filleadh ar an iomáint idirmheánach go dtí seo. Ní raibh mórán le rá faoi pheileadóirí Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean suas go dtí an bhliain 1987 nuair a chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae i gcoinne Cill Íde. D’éirigh leo an teideal a bhuachaint sa bhliain 1994 nuair a bhuadar ar Chill Díoma. Tá cáil ar leith bainte amach ag Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean sa chamógaíocht agus ba iad an club ba láidre sa chontae le linn blianta na 1970i. Bhuadar Craobh Camógaíochta Sinsear Club na hÉireann sa bhliain 1978. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean suite 500km siar ó lár sráidbhaile Béal Átha Grean ar Bhóthar Fhíonaigh. Osclaíodh go hoifigiúil í sa bhliain 1990 agus tá clár mór forbartha i bhfeidhm ó shin i leith. Ós rud é go bhfuil ardán clúdaithe, ceithre seomra feistithe, páirc traenála agus lochtáin tógtha inti, tá an-éileamh ar an bpáirc i gcomhair cluichí craobh an chontae. Imreoirí Cáiliúla. I measc imreoirí cáiliúla Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean, tá Seán Ó Brosnacháin ("John Bresnihan") a bhuaigh bonn Iomána Mionúir na hÉireann sa bhliain 1984 agus Gearóid Mac Conmara ("Ger McNamara") a d’imir ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 1990í.
2,008
CLG Gallbhaile (Luimneach). Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gallbhaile. Suíomh. Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i nDeisceart Contae Luimnigh, i nGleann Eatharlaigh ar imeall Sléibhta na nGailtí, 45km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tá leath eile an pharóiste i gContae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club darbh ainm dó "Eatharlach". Tagann formhór imreoirí an chlub as baile Gallbhaile, as na ceantracha tuaithe an pahróiste máguaird ar nós Na Caológa, Dún Trí Liag, An Cnocán Breac agus An Caisleán Cria agus as baile Cnoc Loinge, sráidbhaile Garrdha Uí Spiolláin agus as ceantracha tuaithe máguaird i bparóiste Cnoc Loinge/Gleann Bruacháin ar nós Baile Mhistéala na dTamhan agus Gleann Bruacháin. Cluichí. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nasctha le Garrdha Uí Spiolláin i gcomhair na an hiomána. Stair. Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh ach níl aon trácht faoi aon chlub bunaithe i leath thiar pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin go dtí an bhliain 1905 nuair a chláraigh "Cnoc Mór na nGaibhlte" le Coiste an Chontae. Tá tuairisc ann faoi chluiche ceannais comórtas peile Baile an Londraigh a chailleadar i gcoinne Cnoc na mBua, An tOspidéal i Mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Roimhe sin, is cosúil gur imir peileadóirí na háite le Baile an Londraigh nó le Eatharlach i gContae Thiobraid Árann. Ní raibh mórán le rá faoin gclub go dtí gur atheagraíodh Roinn CLG Deisceart Luimnigh sa bhliain 1925 agus bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt don chéad uair sa bhliain 1928 faoin ainm "Gallbhaile". Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’éirigh leo Craobh Peile Sóisear an Chontae a bhuachaint don chéad uair nuair a sharaíodar ar Sheanghualainn sa chluiche ceannais. Shroich foireann ón bparóiste faoin ainm "Na Caológa" cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Deiscirt na bliana 1933. Ach cé gur tháinig craobh na roinne ar ais chuig Gallbhaile sna blianta 1946 agus 1948, is beag toradh a raibh ar a gcuid saothar i gcomórtaisí an chontae go dtí blianta na 1960í. Nuair a bhuaigh Clochán orthu sa bhliain 1969, ba é Gallbhaile an chéad chlub as deisceart an chontae a shroich cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ón mbliain 1932 ach bhí an mí-ádh orthu gur tháinig foireann láidir eile as an roinn, Cromadh, le linn blianta na 1970í. Cé gur tháinig Gallbhaile chun chin le linn blianta na 1980í agus cé gur bhuadar Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 1993 i ndiaidh bliain amháin a chaitheamh sa dara ghrád, bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 1994 sular bhuadar Craobh Sinsear an Chontae don chéad uair i ndiaidh buachaint ar An Athair Ó Cathasaigh. Bhí an bua acu arís trí bhliain ina dhiaidh sin, ní ar an bpáirc imeartha ach i ndiaidh achomhairc I gcoinne Ollscoil Luimnigh ach, d’ainneoin go raibh ag éirí leo i ngrádanna na n-óg san am chéanna, thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2001. Bhí na seansanna acu filleadh ar an bpríomhghrád ach chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh faoi dhó i gcoinne Áth an tSléibhe sna blianta 2002 agus 2007. Cé ná raibh mórán traidisiún sa spórt sa pharóiste go dtí sin, thosnaigh an iomáint sa chlub le linn blianta deiridh na 1970í. Shroich Gallbhaile cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1992 ach chailleadar i gcoinne Teampall an Ghleanntáin. D’éiríodar as an spórot sa bhliain 2000 nuair a thángadar le chéile le Garrdha Uí Spiolláin. Bhí roinnt imreoirí as Gallbhaile ar fhoireann Garrdha Uí Spiolláin a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 2005. Páirc Imeartha. D’imir Gallbhaile le blianta ar páirc an phobail i lár an bhaile sular cheannaíodar a pháirc imeartha féin 1km laistiar ón sean-pháirc. Imreoirí Cáiliúla. I measc peileadórií cáiliúla Gallbhaile, tá Mícheál Ó Coise ("Mike Quish"), ball foireann na Mumhan a bhuaigh Corn Idirchúigeach na Peile sa bhliain 1978 agus Tadhg Ó Coimín ("Timmy Cummins") ar ir imir ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991. Is é Seán Ó Cadhla ("John Kiely") an t-aon iománaí an chlub ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh.
1,720
CLG Naomh Seanán (Luimneach). Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Seanán. Suíomh. Tá an club bunaithe i bparóiste Seanghualainn/Baile Riobard/Faing ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 50km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as na bailte Faing agus Seanghualainn agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Seanad, Clais Ghainimh, Bairrgeoin agus An Chorrghráig. Cluichí. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is iad Eas Géibhtine agus Naomh Ciarán na clubanna iomána is gaire do Naomh Seanáin. Páirc Imeartha. Tá páirc imeartha Naomh Seanán suite i lár bhaile Faing. Is anseo a chruthaíodh an chéad dromchla imeartha uile-aimsear sa chontae. Imreoirí Cáiliúla. I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Conchúir Ó Maoláin ("Conor Mullane") agus Eoin Ó Riain ("Ian Ryan"), a imríonn ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 2000í.
424
CLG Baile an Londraigh. Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile an Londraigh. Suíomh. Tá an club le fáil i bparóiste Baile an Londraigh ar imeall na nGaibhlte i nDeisceart Chontae Luimnigh, 45cm ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór na n-imreoirí ó Bhaile an Londraigh, ó bhailte fearainn an pharóiste ar nós Chnoc Uí Dheá, an Spidéail, Bhaile Pháiscín agus Cholláin agus ó bhailte fearainn pharóiste an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin ar nós Bhaile Uí Argáin, an Ghleanna Rua agus Bhaile an Phiaródaigh. Cluichí. Ní imrítear ach an pheil agus tá an club nasctha leis an g Gleann Rua i gcúrsaí iománaíochta. Stair. Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, d'imrítí an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh. Tá grianghraf d'fhoireann ann agus "Seamróga Bhaile an Londraigh" orthu ón mbliain 1888 agus tá cuntas ann ar chluiche peile a imríodh idir na Seamróga agus Eatharlach ó Thiobraid Árann sa bhliain 1885 ach is beag tagairt eile a rinneadh don ainm sin go dtí an 20ú céad. Nuair a athbhunaíodh Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1911 bhuaigh Baile an Londraigh ar Chaisleán Uí Mhathúna sa chluiche cheannais agus d’fhan an chorn sa pharóiste ar feadh sé bliana déag mar níorbh fhéidir le Coiste an Chontae an chraobh a eagrú le linn an Chéad Chogadh Domhanda]] agus na dTrioblóidí. Idir an dá linn d’fhás an pheil go tapa sa pharóiste. Bhuaigh siad Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1917 agus ba iad na himreoirí chéanna a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche cheannais Chraobh Peile Sóisear na hÉireann sa bhliain chéanna i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924 agus i ndiaidh cluiche ceannais sinsearach na bliana 1925 a chailliúint i gcoinne Úlla, ní raibh rath ar Bhaile an Londraigh sa phríomhghrád go ceann seachtó bliain eile. Cé gur bhuaigh siad an Chraobh Shóisearach den tríú huair sa bhliain 1933 (i ndiaidh buachaint ar Átháin) agus den cheathrú uair sa bhliain 1952 (tar éis Úlla a chloí sa chluiche ceannais), níor lean siad orthu ag imirt peile sinsearach ach bliain nó dhó i ndiaidh na mbuanna sin. Ba ghruama an tréimhse i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsearach an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag Cromadh sna 1970í agus ag Gallbhaile sna 1980í. Ach i ndiaidh mórobair a dhéanamh sna comórtais óga, chruinnigh glúin nua i mBaile an Londraigh sna 1990í. D'aontaigh siad le Gaeil Ghailtí agus Garrdha Uí Spiolláin faoin ainm "Fánaithe Gleann an Chorráin" chun Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh a bhuachaint sa bhliain 1991. Tháinig corn sóisearach an chontae ar ais chuig an gclub den chúigiú huair nuair a bhuaigh siad ar Ghearóid Ó Gríofa agus ba chlub sinsearach arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne Phailís na Gréine chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhaint. Bhí an Chraobh Shinsearach ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuaigh siad ar an Ospidéal/Chathair Fuinse agus arís sa bhliain 2007 tar éis dóibh Drom Chollachair/Béal an Átha a shárú. Páirc Imeartha. Leis na blianta fada bhí Baile an Londraigh ag imirt ar pháirceanna a bhí ar cíos acu timpeall an bhaile. Orthu siúd bhí "Páirc Osborne" (mar a bhfuil an tIonad Cúram Lae suite anois), "Páirc Stiofán Uí Loinsigh" (mar a bhfuil monarchan Galtee Wood suite anois), "Páirc Bhreathnach" (anois "Páirc Uí Bhuachalla") agus "Páirc Mhic Craith" ar Bhóthar Ghallbhaile. Ceannaigh siad a bpáirc imeartha féin lámh leis an mbaile ar Bhóthar Chill Fhionáin sa bhliain 1981. Imreoirí Cáiliúla. I measc peileadóirí cáiliúla Bhaile an Londraigh a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Carobh Peile Sinsear na Mumhan, tá Seán Ó Mídheach ("John Meade") sa bhliain 1965, Gearóid Breathnach ("Ger Walsh") sa bhliain 1991 agus Seán Ó Murchú ("Johnny Murphy") sna blianta 2003 agus 2004. B’as paróiste Baile an Londraigh freisin do Phroinsias Ó Duinnín ("Frank Dineen"), Uachtarán agus Ardrúnaí CLG i mblianta deiridh an 19ú haois. Ba é an Duiníneach an té a cheannaigh Páirc an Chrócaigh agus tá Lochtán Uí Dhuinnín ann ainmnithe ina onóir.
1,731
Ionradh na Moslamach. Thosaigh Ionradh na Moslamach sa Spáinn sa bhliain 711, faoi riail chailifeacht na hUmayyadach (Al-Walid I) agus faoi cheannas Tariq ibn Ziyad. Bhí an t-arm comhdhéanta, den chuid is mó, de Bheirbeirigh, muintir iarthuaisceart na hAfraice a d'iompaigh ina Moslamaigh tamall roimhe sin. Rinne siad ionradh ar Ríocht Críostaí na Viseagotach a bhí suite ar Leithinis na hIbéire. Go luath sa bhliain 711 thrasnaigh Tariq ibn Ziyad agus a chuid fórsaí an Mhuir, b'fhéidir ag Giobráltar, agus lean siad orthu ó thuaidh, neartaigh Emir Musa ibn Nusair (ceannasaí Tariq) agus a chuid fórsaí Tariq an bhliain dár gcionn. I rith an fheachtais 8 mbliana seo, d'fhorghabh na Moslamaigh an leithinis ar fad ach amháin ceantair san iarthuaisceart (An Ghailís agus Asturias) agus Tír na mBascach. Ghabh na Moslamaigh al-Andalus, agus bhí sé mar chuid d'Impireacht na hUmayyad. Chuaigh siad soir ó thuaidh trasna na bPiréiní ach bhí an lámh in uachtar ag an bhFrancach Charles Martel ag cath Tours (Poitiers) sa bhliain 732.
413
Cusco. Cathair is ea Cusco (Cuzco nó Qusqu) atá suite in oirdheisceart Pheiriú i ngar do Ghleann Urubamba sna hAindéis. Is í príomhchathair Réigiún Cusco agus Chúige Cusco í. Bhí 427,218 duine ina gcónaí i gCusco sa bhliain 2015 de réir meastúcháin oifigiúil. B'í príomhchathair Impireachta na nInceach í.
137
Sárimreoirí na Bliana 2006. Is liosta é seo de na himreoirí a fuair ainmniúcháin agus a roghnaíodh mar Shárimreoirí na Bliana don bhliain 2006. Ainmniúcháin. Fógraíodh na hainmniúcháin don bhliain 2006 ar an 18 Deireadh Fómhair. Iománaíocht. Cúlbáirí: Dónal Óg Cíosóg (Corcaigh), Daithí Mac Gearailt (An Clár), Séamas Mac Fhearaigh (Cill Chainnigh) Lán-tacaithe: Brian Ó Murchú (Corcaigh), Diarmaid Ó Súilleabháin (Corcaigh), J. J. Ó Dúláinne (Cill Chainnigh), Nollaig Ó hÍcí (Cill Chainnigh), Eoin Ó Murchú (Port Láirge), Tomás Ó Fiannaí (Port Láirge), Pól Ó Corráin (Tiobraid Árann), Proinsias Ó Leocháin (An Clár), Damien Roghaill (Luimneach) Leath-tacaithe: Tomás Breatnach (Cill Chainnigh), Séamas Ó Raghaill (Cill Chainnigh), Seán Tennyson (Cill Chainnigh), Cainneach Mac Craith (Port Láirge), Antóin de Brún (Port Láirge), Rónán Ó Corráin (Corcaigh), Seán Gairnéir (Corcaigh), Éamann Ó Corcáin (Tiobraid Árann), Seán Mac Mathúna (An Clár) Lár na páirce: Gearóid Ó Conchúir (Corcaigh), Tomás Ó Cionnaith (Corcaigh), Derek Ó Loinn (Cill Chainnigh), Séamas Mac Giolla Phádraig (Cill Chainnigh), Seán Mac Craith (Tiobraid Árann), Daithí Mac Beinéid (Port Láirge) Leath-tosaithe: Éamann Ó Braonáin (Cill Chainnigh), Anraí Ó Sibhleáin (Cill Chainnigh), Eoin Ó Lorcáin (Cill Chainnigh), Dónal Ó Sheancháin (Port Láirge), Mícheál Breatnach (Port Láirge), Niall Ó Cárthaigh (Corcaigh), Beircheart Ó Conchúir (Corcaigh), Antóin Ó Ceamada (An Clár), Séamas Ó hÓgáin (Laois) Lán-tosaithe: Seosamh Ó Déin (Corcaigh), Brian Ó Corcáin (Corcaigh), Máirtín Mac Cumascaigh (Cill Chainnigh), Aodhán Ó Fógartaigh (Cill Chainnigh), Antóin Mac Dhuifinn (An Clár), Eoin Ó Ceallaigh (Tiobraid Árann), Damien Ó hAodha (Gaillimh), Seán Ó Maoláin (Port Láirge), Seosamh Ó Beirgin (Uíbh Fhailí)
788
Beirt Fhear Oibre. Dealbh le Oisín Kelly is ea Beirt Fhear Oibre (Béarla: "Two Working Men") atá suite in aice le Halla an Chontae, i gCorcaigh. Maraon le saothair ealaíne poiblí eile in Éirinn, cuireadh ainm áitiúil air, "Cha and Miah" de ghnáth (dhá phearsa Chorcaí ar an gclár teilifíse "Hall's Pictorial Weekly" sna seachtóidí). Stair. An dara dealbh le Kelly á dtaispeáint in áit poiblí ab ea "Beirt Fhear Oibre". An chéad ceann ná Clann Lir, a nochtadh sa Ghairdín Cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath i 1966. Sa bhliain sin, fruilíodh Kelly chun dealbh nua a dhéanamh chun chur lasmuigh de Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath. Roimh na deilbh a chur suas os comhair Halla na Saoirse, chinntigh SIPTU go mbeidh na deilbh ina nguaiseacha tráchta. Arsa Desmond Rea O'Kelly, ailtire Halla na Saoirse i 2007: Rud éigin eile is cúis aiféala dom nár cuireadh suas dealbh Oisín Kelly den fhear óg agus an fear níos sine os comhair Halla na Saoirse. In ionad sin, nochtadh an dealbh os comhair halla nua chontae Chorcái, an foirgneamh is airde in Éirinn, i 1969. (D'fhan an halla chontae ina fhoirgneamh is airde in Éirinn go dtí 2008.) Cuireadh an dealbh i leataobh le linn tamaill agus an halla chontae á athfhorbairt, ach cuireadh ar ais iad i 2006. Cuma. Beirt fhear ata ann, duine díobh ard agus tanaí, agus an duine eile níos ísle. Tá caipin ar an bhfear níos ísle, agus tá a lámha siar. Tá lámha an fhir níos airde ar a chromáin. Tá an bheirt acu ag féachaint suas sa spéir.
584
Joe Behan. Is polaiteoir Éireannach é Joe Behan (30 Iúil 1959 a rugadh é). Toghadh é mar Theachta Dála do dháilcheantar Chill Mhantáin san olltoghchán sa bhliain 2007. Ba bhall d'Fhianna Fáil é ach d'éirigh sé as an bpáirtí ar an 17 Deireadh Fómhair, 2008 tar éis na cáinaisnéise. Is múinteoir é Behan agus is iarbhall de Chomhairle Contae Chill Mhantáin agus de Chomhairle Baile Bhré é freisin. Sheas Behan san Olltoghchán 2016 do Chill Mhantáin ach theip ar an iarracht.
189
Loch Dearg. Is loch beag é Loch Dearg atá suite i gContae Dhún na nGall timpeall 7 gciliméadar lastuaidh den bhaile beag Paiteagó. De réir traidisiúin, Fionnloch an logainm a bhí air anallód. Tá achar 890 heicteár ann agus tá sé éadomhan go leor. I lár na locha tá oileán beag darb ainm Purgadóir Phádraig. Tá tóir ar an áit seo mar ionad oilithreachta leis na céadta bliain. Tá an chéad tagairt dhíreach don traidisiún seo sa "Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii", leabhar a scríobhadh sa dara haois déag agus a bhain clú agus cáil amach ar fud na hEorpa sa Mheánaois. De réir laoi na 1600í, ar a dtugtar 'Laoidh Locha Deirg' nó 'Seilg na Féinne ós cionn Locha Deirg', bhí ollphéist sa loch i bhfad ó shin a d'ith an oiread sin ainmhithe gach lá. San laoi seo, téann na Fianna i gcomhrac léi agus slogtar cuid mhór acu. Agus Fionn mac Cumhaill ag iomrascáil leis an ollphéist, léimeann a mhac Dáire isteach i mbéal na péiste agus gearrann sé bealach amach dá chomhghlacaithe trína hascaill. Is ar an ár seo a athbhaisteadh an loch: Seo agus i laoithe eile atá mar struchtúr d'Agallamh na Seanórach, mar a bhfuil Caoilte ag plé eachtraí na bhFiann do Naomh Pádraig. Tá cur síos sa téacs seo ar an ainbheithíoch 'smirdris' i Loch Lurgan agus péist eile i nGleann Dá Loch. I dtéacsanna eile, m.sh. Me Guidhir Fhearmanach ó thús na seachtú haoise déag, tá an ollphéist cloíte ag Naomh Pádraig féin. Dar le hÓ hÓgáin, is é sin an leagan is sine den scéal, bunaithe ar scéal Mhaois ag iompú abhann go fuil.
608
Anatamaíocht na n-éan. Tá go leor oiriúnuithe uathúla le feiceáil i struchtúr fiseolaíoch nó in anatamaíocht na n-éan, an chuid is mó dóibh ag tabhairt cúnamh d'eitilt. Tháinig córas cnámharlaigh éadrom le haghaidh eitilte chun cinn sna héin, maille le mhatáin cumhachtacha, agus córais imshruthaithe agus riospráide a d'fhéadfadh ligean don éan eitilt. Tréithe. Ainmhí veirteabrach den rang "Aves" is ea éan, agus aon ainmhí a mbíonn cleití air is é fásta. Ní bhíonn cleití ach ag na héin, agus bíonn cleití ag gach éan fásta. Bíonn géaga tosaigh na n-éan mionathraithe ina sciatháin. Airí sainiúil eile ag éin is ea lann shuntasach cheartingearach, cosúil le cíle, ar chnámh an uchta, a cheanglaíonn na dealracháin chun an cnáimhín súgach a fhoirmiú. Feidhmíonn an chíle mar cheangaltán do na matáin mhóra a ghluaiseann na sciatháin (matáin an uchta), agus feidhmíonn an cnáimhín súgach mar thaca do na sciatháin le linn eitilte. Eitilt. Is lárnach an eitilt in éabhlóid na n-éan, agus oiriúnaíodh a gcolainneacha dá réir. Is cuasach cnámha an chuid is mó de na héin, ionas go bhfuil siad éadrom. Is cleití fada láidre an-éadroma an chuid is mó de na sciatháin is an t-eireaball. Bíonn cholainn sruthlíneach le cumhdach slim cleití forluite. Chinn an eitilt méid na n-éan; is beag an chuid is mó díobh. Níl aon éan le meáchan níos mó ná 1 3 kg atá in ann eitilt go cothrománach san aer. Na héin atá gar do 3 kg, cosúil leis an gcondar is an t-albatras, caitheann siad an-chuid ama ar foluain i sruthanna aeir. Is beag an meáchan seo i gcomparáid le mamaigh mhóra is péisteanna móra.
657
Franz Müntefering. Is polaiteoir Gearmánach é (rugadh 16 Eanáir 1940 in Neheim, an Ghearmáin). Bhí sé ina aire tráchta, tógála agus tithíochta ó 1998-1999. Bhí sé ina chathaoirleach ar an SPD ó 2002-2005. Rinneadh aire den roinn oibre agus cúrsaí sóisialta de ,idir 2005 agus 2007 agus é ina leas-seansailéar i gcomhrialtas Angela Merkel. Ansin d'éirí sé as an bpolaitíocht ar feadh bliana le cúram a thabhairt dá bhean chéile a fuair bás i rith na bliana úd de bharr ailse. Toghadh é mar cheannaire ar an SPD i gcomharbacht ar Kurt Beck, ar an 18 Deireadh Fómhair 2008. D'éirí sé as mar cheannaire an SPD ar an tríú lá déag de mhí Shamhna 2009 tar éis an toradh tubaisteach a bhí ag an SPD sa toghchán náisiúnta i mí Meán Fómhair 2009. Níos déanaí, níor lig sé a ainm dul ar aghaidh mar iarrthóir iomaíocht cheannaireachta ag comhdháil náisiúnta an SPD.
345
Windows 7. Is córas oibriúcháin de chuid Microsoft é Windows 7 atá deartha le rith ar ríomhairí pearsanta. Díoladh don phobal é don chéad uair ar an 22 Deireadh Fómhair 2009. Measann formhór na ndaoine a bhain feidhm as go fóill gur fheabhsú ar Windows Vista é.
101
Meantán gorm. Tá an t-éan, an meantán gorm, "Cyanistes caeruleus", 10.5 go 12 cm (4.2 go 4.8 orlach,) ar fhad, ina chomhpháirt den Ord Passeriformes, sa chlann Paridae. Tá an t-éan ar fáil go forleathan agus tá sé ina phóraitheoir cónaithe fud fad chrios measartha agus fo-artach na hEorpa agus na hÁise, i bhforaois dhuillsilteacha agus measctha. Is éan cónaithe é, sé sin, ní théann an chuid is mó díobh ar imirce.
177
Fuiseog. Tá an t-éan, an Fhuiseog, ina chomhpháirt den Ord Passeriformes, sa chlann Alaudidae agus bíonn na fáinleoga ar fáil sa Sean-Domhan, maille le tuaisceart agus deisceart na hAstráile; spréigh ceann amháin, an Fhuiseog Adharcach, go dtí Meiriceá Thuaidh.
110
Tomás Ó Doinn. Fear spóirt Éireannach is ea Tomás Ó Doinn (Béarla: "Tommy Dunne") a rugadh ar an 21 Bealtaine 1974 i dTuaim Uí Mheára, Contae Thiobraid Árann. B'imreoir rathúil idirchontae é le Tiobraid Árann idir 1993 agus 2005, agus bronnadh trí ghradam Sárimreoirí na Bliana air agus gradam Iomána na Bliana amháin sa bhliain 2001. Imríonn Ó Doinn leis a chlub Tuaim Uí Mheara fós.
169
Pádraig Ó hArtagáin. Iar-iománaí Éireannach is ea Pádraig Ó hArtagáin (Béarla: "Pat Hartigan") a tháinig ar an saol sa bhliain 1950 i gContae Luimnigh. D'imir sé le foireann iomána idirchontae Luimnigh sna 1970idí, tréimhse an-rathúil dó: bhain sé cúig ghradam Sárimreoirí na Bliana amach. Meastar inniu go raibh sé ar na himreoirí is fearr a tháinig as an gcontae riamh.
166
Väinö Tanner. Duine de pholaiteoirí móra na Fionlainne sa 20ú haois a bhí i Väinö Alfred Tanner (Heilsincí 12 Márta 1881 - Heilsincí 19 Aibreán 1966). Rinne Tanner créachta Chogadh na gCarad a chneasú agus iarracht athmhuintearas a dhéanamh. Cosúil le de Valera, rinne Tanner cás láidir ar son an daonlathais. Luathsaol. Bhí a athair ag obair don iarnród. Labhair a mháthair, as Uppland (an tSualainn), Sualainnis leis. Mar sin féin, bhain an buachaill óg amach an Ardteistiméireacht agus rinne sé staidéar ar an eacnamaíocht agus ar an dlí. Bhí Tanner an-sáite i ngluaiseacht na gcomharchumann. Sa bhliain 1907 a vótáladh isteach an chéad uair é i dtoghcháin na Parlaiminte, agus é ina bhall de pháirtí na nDaonlathach Sóisialta. Cé gur Sóisialaí a bhí ann, bhí sé barúlach gur chóir don pháirtí comhoibriú leis na buirgéisigh mheasartha. Níor ghlac Tanner páirt i gCogadh Cathartha na Fionlainne, agus é an-diúltach do na Gardaí Dearga. Dúirt sé nach raibh sa chogadh ach coiriúlacht agus amaidí. Polaitíocht. Nuair a tháinig na Daonlathaigh Shóisialta chucu arís i ndiaidh an chogaidh, chuaigh Tanner i gceannas ar an bpáirtí. In Ard-Fheis na bliana 1926, chuir Väinö Hupli agus lucht a leanúna d'fhiacha ar Tanner éirí as oifig an chathaoirligh sa pháirtí. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, ceapadh ina Phríomh-Aire é. Bhí an-mheas ag na maithe agus na móruaisle ar Tanner taobh amuigh dá pháirtí féin. Nuair a bhí boic mhóra na heite deise agus an tsaoil ghnó ag útamáil leis an smaoineamh deachtóireacht a dhéanamh den Fhionlainn in aithris ar an Iodáil Fhaisisteach, d'fhiafraigh an gróintín toiciúil tionsclaíochta Rafael Haarla de Tanner, an mbeadh seisean sásta dul i gceannas ar an tír ina dheachtóir i ndiaidh an "choup d'état". Dhiúltaigh Tanner go múinte, agus é go tréan ar son an daonlathais. Sa bhliain 1930, fuair lucht leanúna Tanner an ceann ab fhearr ar Hupli sa pháirtí, agus ceapadh ina chathaoirleach ar na Daonlathaigh Shóisialta arís é. Bhí Tanner Bhí Tanner ina chathaoirleach ar ghluaiseacht idirnáisiúnta na gcomharchumann sna blianta 1927-1945. I ndiaidh an chogaidh. Bhí an tAontas Sóivéadach an-mhíshásta le chomh maith is a d'éirigh le Tanner an lucht oibre a choinneáil ag tacú le cuspóirí cogaidh na Fionlainne sa Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh, chuir na Sóivéadaigh brú ar an bhFionlainn pionós príosúin a ghearradh do Tanner, mar "choirpeach cogaidh". Chaith Tanner na blianta 1946-1948 sa phríosún. Bhí coimpléasc capaill ann, áfach, agus tháinig sé réasúnta slán as an ngéibheann. Chuaigh sé le polaitíocht arís i ndiaidh bhlianta an bhraighdeanais, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí in athuair sna blianta 1957-1962.
1,100
Pori. Cathair in Iarthar na Fionlainne í Pori (Sualainnis: "Björneborg", nó "Cathair na mBéar" - leagan truaillithe den ainm seo is ea an leagan Fionlainnise). Bhí 76,355 duine ina gcónaí ansin ar an 31 Lúnasa 2008. Is í féile an tsnagcheoil, nó "Pori Jazz", is mó a thabhaíonn clú don áit taobh amuigh den Fhionlainn, ach thairis sin, tá clú ar na cladaí gainimh in Yyteri agus ar an bhfoireann áitiúil haca oighir, "Porin Ässät". Is iomaí uair a chuaigh an chathair trí thine, agus nuair a tharla sin an uair dheireanach, faoi dheireadh na naoú haoise déag, thug an tImpire ar an ailtire Georg Theodor von Chiewitz cuma nua a chur ar an áit ar fad. Theastaigh ó Chiewitz cuma níos fairsinge a bheith ar an gcathair, agus a aithne sin ar chuid mhór de Phori inniu féin. Tá clú ar an inscríbhinn Laidine ar halla na cathrach freisin: "Curia Arctopolis" ("áras Chathair na mBéar"). Ó nach bhfuil mórán Laidine ag muintir na cathrach, is é an chiall a bhain lucht an ghrinn as na focail ná "kuri ja ankara poliisi" ("smacht agus dianphóilíniú").
414
Smólach. Is éan pasaireach í (san Ord Passeriformes) an smólach, sa chlann nó fhine Turdidae, a bhíonn ar fáil go mór mór ach ní go heisiatach sa Sean-Domhan.
62
Duais Nobel na Síochána. Bronntar Duais Nobel na Síochána gach bliain ar an duine a rinne an obair is fearr ar son na síochána.
45
Jean-Marie Gustave Le Clézio. Is scríbhneoir é Jean-Marie Gustave Le Clézio nó J. M. G. Le Clézio; a rugadh in Nice, an Fhrainc, ar 13 Aibreán 1940). Bhuaigh sé an Prix Renaudot sa bhliain 1963 mar gheall ar a úrscéal "Le Procès-Verbal" agus bhuaigh sé an Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 2008.
123
Prix Renaudot. Duais litríochta is ea an Prix Renaudot sa Fhrainc.
27
Prix Goncourt. Duais litríochta is ea an Prix Goncourt (Gaeilge: 'Duais Goncourt') sa Fhrainc. Is í an duais seo an duais litríochta is mó agus is sine sa Fhrainc. Ba é le hairgead a d'fhág an scríbhneoir Francach Edmond de Goncourt le huacht a bunaíodh an Prix Goncourt, rud a deineadh sa bhliain 1896. Ansin bunaíodh an "Société littéraire des Goncourt" (Gaeilge: 'Cumann Liteartha na Goncourt') go hoifigiúil sa bhliain 1902. An bhliain dár gcionn, moladh an chéad Prix Goncourt riamh ar an 21 Nollaig 1903 don scríbhneoir John-Antoine Nau, mar aitheantas ar a úrscéal "Force Ennemie". Chomh maith leis an Prix Goncourt, moltar an "Société littéraire des Goncourt "na duaiseanna seo a leanas gach bliain:
261
Muiris Ó Daimhín. Feirmeoir agus lúthchleasaí Éireannach ab ea Muiris Ó Daimhín (1842 - 1927), nó "Maurice Davin" as Béarla, a rugadh i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn Lúthchleas Gael nuair a chuireadh tús leis an eagraíocht sa bhliain 1884. B'eisean an chéad uachtarán ar an gcumann chomh maith, agus an t-aon duine a chaith dhá thréimhse san oifig seo. Roimhe sin, ba shár-lúthchleasaí é Ó Daimhín agus bhí curiarrachtaí domhanda bainte amach aige, rud a thuill clú idirnáisiúnta dó sna 1870idí. Tá Ardán Daimhín i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe in ómós dó.
268
Caisleán an Chomair. Is é Caisleán an Chomair (Béarla: "Castlecomer") príomhbhaile thuaisceart Chontae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann. Bhí timpeall ar 1,531 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006. Tá an baile san áit a dtagann na bóithre N78 agus R694 le chéile, deich míle taobh thuaidh de chathair Chill Chainnigh. Tagann ainm an bhaile ó chaisleán áitiúil a thóg na Normannaigh thiar sa bhliain 1171 ar mhullóg a bhfuil geataí an Castlecomer Demesne suite uirthi inniu.
190
Capall. Mamach crúbach is ea an capall nó an t-each. Is ainmhithe móra ceathairchosacha iad na capaill. Is é "Equus caballus" an t-ainm eolaíoch. Úsáidtear an t-aimhe le haghaidh spóirt agus le haghaidh oibre. Téarmaí. I nGaeilge na hÉíreann, is é "capall" an focal is coitianta, cé go n-úsáidtear "each" freisin. I nGaeilge na hAlban is é "each" an gnáthfhocal. "Stail" a thugtar ar an bhfireannach agus "láir" a thugtar ar an mbaineannach. Tugtar "searrach" ar an ainmhí óg. Baineann na focail "gearrán, cairiún," agus "gillín" le capall spochta. Sanasaíocht. Capall. Meastar go bhfuil baint idir an focal Gaeilge “capall” agus focal na Laidine, “caballus”. Ní léir an ón bhfocal "caballus" a d'eascair an focal Gaeilge nó an focal dúchasach atá ann. Each. Sean-Ghaeilge “ech”, Ind-Eorpais *ekwo.
330
Eilifint. Is ainmhí mór í an eilifint (, ). Mamach atá ann. Tá na heilifintí le fáil san Afraic agus san Áise. Tá trí speiceas ann: "Loxodonta africana" agus "Loxodonta cyclotis" san Afraic agus "Elephas maximus" san Áise. Tá siad san fhine Elephantidae, ach ní grúpa tacsanomaíochta iad na heilifintí — cuimsíonn na heilifintí agus na mamait (díofa) an fhine Elephantidae le chéile.
153
Madra. Ainmhí clóis is ea an madra (madadh nó gadhar) ("Canis lupus familiaris" nó "Canis familiaris"). Mamach atá ann. D'eascair madraí an lae atá inniu ann ón mac tíre. Mar gheall ar an bpórú a rinne daoine is mór an éagsúlacht atá ann i measc na gcineál éagsúla. Tá na madraí flúirseach go maith ar fud an domhain. Tá madra sléibhe Beirneach darb ainm 'Bród' ag Uachtaráin na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, a mbíonn leis formhór den am agus é ag obair in Áras an Uachtaráin. Bíodh deirfiúr le Bród, Síoda aige freisin ach fuair sí bás i meán fómhair 2020.
226
Luch. Is mamach beag í luch agus baint aici le hord na gcreimirí. Is an luch thí ("Mus musculus") an speiceas is mó iomrá, agus tá an luch mhóinéir ("Apodemus") líonmhar in áiteanna éigin, cé go ndéanann iolair, seabhaic agus a leithéidí creach uirthi. Tá roinnt creimirí ann atá dealraitheach le lucha agus atá le fáil i dtithe uaireanta. Orthu sin tá "Peromyscus leucopus" (an luch chosbhán) agus "Peromyscus maniculatus". Is iomaí ainmhí agus éan a itheann lucha - nathracha, madraí rua agus eile. Mar sin féin, tá an luch ar cheann de na géinis mhamacha is rathúla toisc gur féidir léi maireachtáil san oiread sin áiteanna. Is féidir le lucha dochar a dhéanamh, go háirithe nuair a itheann siad barra. Is féidir leo díobháil a dhéanamh do thithe agus galracha a spré trí chac agus trí sheadáin. Istoíche is mó a bhíonn lucha sa siúl. Níl radharc na súl go han-mhaith acu agus téann siad i muinín a gcluasa géara agus ina gcumas bolaíochta chun teacht ar bhia.
380
Gabhar. Ainmhí ceansaithe is ea an gabhar ("Capra hircus" nó "Capra aegagrus hircus"). Mamach le crúba atá ann. Téarmaí. Tugtar "pocán" nó "pocaide gabhair" ar an bhfireannach agus "minseach" ar an mbaineannach. "Meannán" a thugtar ar an ainmhí óg. "Gobhar" a deirtear i nGaeilge na hAlban. Sanasaíocht. Sean-Ghaeilge “gabor”, Ceiltis *gabros, Ind-Eorpais *kapro- (pocán).
160
Muc. Is mamach crúbach í an mhuc, le ré-uimhir méara coise, dúchasach do choillearnach na hEorpa, na hAfraice is deisceart na hÁise. Tugtar torc ar an bhfireannach, cráin ar an mbaineannach, agus banbh ar an muc óg. Tréithe. De ghnáth, bíonn craiceann bándearg ag muca ach bíonn dathanna difriúla orthu freisin, dubh agus donn go háirithe. Itheann an mhuc plandaí is ainmhithe mar bhia de ghnáth ach uiliteoir is ea í. Is ainmhí fíor-chliste é. Foghlaimíonn na muca níos tapúla ná capaill nó madraí agus tá sé éasca iad a mhúineadh. Coinníonn siad a leapacha glan agus téann siad go dtí an leithreas i gcúinne dorcha atá i bhfad ón leaba. Le linn an tsamhraidh má bhíonn na muca amuigh faoin aer, is cosúil go mbíonn siad ag únfairt sa lathach chun iad féin a fhuarú. Ach is féidir le muca a bheith dóite ag an ngrian agus is cosaint ón ngrian í an lathach. Anatamaíocht. De ghnáth, itheann muca min atá déanta as arbhar. Ach tá codarsnacht idir muca agus na hainmhithe feirme eile. Ní hamháin ábhar ó phlandaí a itheann muca, itheann siad feoil freisin. Tá daoine mar an gcéanna agus mar sin, is cosúil córas díleáite na muice agus córas díleáite an duine. Ní hamháin táirgí feola a fhaighimid ó mhuca, tá naisc shuimiúla leis an leigheas. Tá inslin muc cosúil le hinslin dhaonna agus is féidir é a úsáid mar chógas do dhaoine le diaibéiteas. Ina theannta sin, tá craiceann muc cosúil le craiceann daoine agus úsáidtear é uaireanta nuair a dhóitear duine go dona. Uaireanta déanann galar damáiste do chomhlaí croí an duine agus is féidir comhlaí croí muc (a dhéantar go leor oibre orthu roimh ré) a chur isteach ina n-áiteanna. Rinneadh an chéad obráid den saghas seo i 1971 agus d’éirigh leis na mílte obráidí (trasphlandú orgán) ó shin. Atáirgeadh. De ghnáth bíonn cráin (nó cráin mhuice; Béarla: sow) ag iompar ar feadh trí mhí, trí seachtaine agus trí lá. Bíonn thart ar dhá bhanbh déag ag an gcráin ach uaireanta beirtear ar níos mó ná sin. Tugtar ál banbh ar an ngrúpa banbh seo. Chomh luath agus a bheirtear orthu, tosaíonn na bainbh ag ól bainne ó shiní ar bholg a máthar. Bíonn níos mó bainne le fáil ó chuid de na siní ná a chéile. Is minic a bhíonn na bainbh ag screadach agus ag brú a chéile ag iarraidh na siní is fearr a fháil. Bíonn an t-ál in ann bia tirim a ithe faoin am a bhíonn siad trí seachtaine d’aois. Caitheann an feirmeoir trí rud a dhéanamh chun aire a thabhairt don ál sa chéad cúpla seachtain. Táirgí muc. Is í feoil muc, nó muiceoil, an fheoil is coitianta ar domhan. Is ó mhuca a thagann beagnach leath den fheoil a thairgtear ar domhan. Faightear bia eile ó mhuca chomh maith, mar shampla, ispíní, putóg dhubh agus putóg bhán. Tá ribí de ghruaig fhada ag muca ar a dtugtar guairí. Úsáidtear na guairí seo chun scuaba ealaíontóra a dhéanamh. Faightear leathar ó chraiceann muc freisin.
1,131
Leon. Ainmhí feoiliteach is ea an leon. Mamach atá ann, agus is ball d'fhine na bhFelidae é. Is é an leon an saghas cait is mó ar domhan sa lá atá inniu ann ach amháin an tíogar. Tá leoin ina gcónaí san Afraic, agus tá grúpa beag ann san India freisin.
96
Mac tíre. Is é an mac tíre nó an faolchú liath an t-ainmhí fiáin is mó san fhine úd "Canidae", is é sin, fine na gcúnna. De réir an taighde a rinneadh ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach i gcillíní na bhfaolchúnna, is ionann bunús an mhic thíre agus an mhadra cheansaí ó thús. Aithnítear roinnt fospeiceas, ach níl na bitheolaithe ar aon fhocal faoi líon ná faoi roinnt cheart na bhfospeiceas. Tréithe. Bíonn na mic thíre, de ghnáth, 0.6 - 0.9 méadar ar airde, 1.3 - 2 méadar ar fad, agus 30 - 40 cileagram ar mheáchan. Na cinn ba mhó a maraíodh sa tSibéir agus i Meiriceá, bhí siad timpeall ar 80 cileagram. Tá an baineannach 20 % níos lú ná an fireannach. Bíonn na baineannaigh níos cúinge sa soc agus san éadan freisin, agus a gcuid cos níos giorra ná ag na fireannaigh. Tá an mac tíre in ann taisteal fada a dhéanamh. Bíonn sé ag cur thart ar dheich gciliméadar de in aghaidh uair an chloig nuair a bhíonn sé ag déanamh fánaíochta, ach má theastaíonn uaidh creach a mharú, is féidir leis luas 65 chiliméadar in aghaidh uair an chloig a shroicheadh. Tá lapaí an mhic thíre an-oiriúnach dá lán cineálacha tír-raoin, agus is ainmhí méarshiúlach é, is é sin, ainmhí atá ag dul ar a bharraicíní - ní chuireann sé iomlán a shála ar an talamh. Cabhraíonn sin leis an mac tíre an meáchan a leathadh go cothrom ar an sneachta, ach go háirithe. Bíonn dath an chlúimh éagsúil go maith - liath, rua, donn nó dubh, bain do rogha astu - agus níl sé as an ngnáth teacht ar phobal mac tíre a bhfuil na dathanna seo go léir le fáil ina measc, cé go mbíonn pobail aondathacha ann chomh maith - pobail bhána nó dhubha, de ghnáth. Bíonn na faolchúnna dubha coitianta go maith i Meiriceá agus san Iodáil, agus iad sách tearc sna tíortha eile. Saol. Go bunúsach, glactar leis go mbíonn na mic thíre ina gcreachadóirí ardleibhéil ina gcuid éiceachóras, is é sin, ní bhíonn aon chreachadóir ag marú mic thíre le hiad a ithe. Níl siad chomh hoiriúnaitheach leis na cúnna eile, ach mar sin féin, bíonn siad in ann déanamh as dóibh féin ina lán timpeallachtaí éagsúla, idir choill, fhásach, shléibhte, thundra, "taiga", fhéarthailte, agus fiú imeall na cathrach. Déanann na mic thíre a gcúpláil sa chéad tríú cuid den bhliain, ó Eanáir go hAibreán. Sna domhanleithid arda is deireanaí a chúplálann siad. Maireann an baineannach ag iompar clainne ar feadh trí scór lá, agus bíonn cúig nó sé choileán san ál tipiciúil. Caomhnú. Bhí na faolchúnna flúirseach go maith ar fud na hEoráise agus Mheiriceá Thuaidh, tráth. Ah d'imigh sin agus tháinig seo: níl ach iarsmaí beaga dá sheanghnáthóg fágtha ag an mac tíre inniu. Is é is cúis leis seo ná an cúngú a rinne an duine isteach ar a ghnáthóg agus na feachtais léirscriosta a cuireadh ar an mac tíre go forleathan, agus na daoine barúlach go raibh an mac tíre dainséarach dóibh féin, go háirithe do na páistí. Mar sin féin, tá áiteanna ar fud na hEorpa ina bhfuil an mac tíre beo beathach i gcónaí. Cúpla bliain ó shin chonaic daoine an chéad mhac tíre san Eilvéis le breis is ochtó bliain. I mí Eanáir 2018, chonaic daoine an chéad cheann le breis is céad bliain sa Bheilg. Tháinig an mac tíre seo chuig an mBeilg ón nGearmáin. Is é breithiúnas an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) i gcónaí nach bhfuil an faolchú liath, mar speiceas, faoi bhagairt ar bith. Bítear ag marú na mac tíre ina lán áiteanna inniu féin, ar mhaithe leis an spórt nó leis na páistí a chosaint orthu, ach ón taobh eile de, tá siad faoi chosaint an dlí in áiteanna eile. In Éirinn. Bhí an mac tíre ina chónaí in Éirinn le linn na Pléisticéineach agus Holaicéineach. In Éirinn mharaigh daoine an mac tíre deireanach sa bhliain 1786 i gContae Cheatharlach.
1,503
Claonadh. Sráidbhaile Éireannach ar bhruach na Life i gContae Chill Dara is ea Claonadh (Béarla: "Clane"). Tá sé suite sa bharúntacht Claonadh, 32 km ó Bhaile Átha Cliath ag an crosaire idir na mbóithre réigiúnacha R403 agus R407, idir Maigh Nuad agus an Nás i dtuaisceart an chontae. Le daonra 7,280 duine sa bhliain 2016, is é an 8ú baile is mó i gContae Chill Dara, agus an 66ú ceann is mó i bPoblacht na hÉireann. Stair. Ceaptar gur cuireadh tús leis an mbaile nuair a bunaíodh Mainistir Claonadh sa séú haois. Bhunaigh Sior Gerald Fitzmaurice mainistreach Phroinsiach ann i 1272 (a bhfuil na fothracha le feiceáil fós). I 1542, i rith Lánscór na Mainistreacha, bhronn an Rí Anraí VIII an Mhainistir ar Robert Eustace, Roger Roche is Ed Brown le haghaidh £177. I rith Éirí Amach 1798 troideadh cath i gClaonadh ag tús na réabhlóide. Chaill na ceannaircigh agus theith siad i dtreo Thigh Mochua i gContae Laoise.
363
Baile Formaid. Bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Baile Formaid () atá suite seacht gciliméadar taobh thiar den chathair, taobh theas de Pháirc an Fhionnuisce. Tá teoiranneacha ag an mbaile le Séipéal Iosóid sa tuaisceart, le Baile Bhailcín sa deisceart, le hInse Chór san oirthear, agus le Baile Phámar agus Cluain Dolcáin san iarthar. Tá an baile ag críochantacht le habhainn na Life sa tuaisceart agus leis an Chanáil Mhór sa deisceart. Tá coláiste Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid agus ospidéal Ospidéal Ghort na Silíní suite ann. Ionadaithe poiblí tofa. Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (2019-2024) (5 suíocháin) Baile Formaid-Droimeanach Dáil Éireann- An 33ú Dáil (2020-2025) Baile Átha Cliath Theas-Lár
295
Lia Fáil (Éire). Is séadchomhartha fíorthábhachtach í Cloch Lia Fáil agus tá sí luaite go forleathan i dtéacsanna ársa. Tá ceangal ag an gcloch eibhir le gnáis oirnithe Ríthe Theamhair. De réir bhéaloideas na hÉireann, corónaíodh gach ceann de Ard-Ríthe na hÉireann ann suas go dtí Muirchertach mac Ercae sa bhliain 500. Stair. Deirtear gurb iad Tuatha Dé Danann a thóg an Lia Fáil go hÉirinn. Bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí anois go luach sa naoú haois déag. Rinneadh damáiste don séadchomhartha sa bhliain 2012, nuair a buaileadh é le casar nó le huirlis mhaol éigin eile.   Arís i 2014, rinneadh loitiméireacht air le péint. An Lia Fàil in Albain. Is suaitheantas náisiúnta Albanach é “An Lia Fàil” (nó “Stone of Scone”). Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i mainistir Westminster, Sasana. Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath. Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain. Bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.
448
Pornagrafaíocht. Is éard is pornagrafaíocht ann ná cur síos lom díreach ar an gcomhriachtain nó ar ghníomhartha collaí de chineál éigin eile, nach bhfuil de chuspóir leis ach éirí craicinn a chur ar lucht a fhéachana. Bhí pornagrafaíocht de chineál éigin ann ó thús na staire, ach le déanaí, tá an phornagrafaíocht iompaithe ina tionsclaíocht mhór mhillteanach, de réir mar a d'éirigh na daoine níos caoinfhulangaí i leith na collaíochta poiblí. Bhí an-bhaint ag an bhforbairt seo le teacht na meán nua cumarsáide, cosúil leis na fístaifeadáin, na seinnteoirí dioscaí digiteacha agus an tIdirlíon féin. Tá sé ina chúis mhór conspóide, an féidir idirdhealú a dhéanamh idir pornagrafaíocht agus ealaín anghrách. Bíonn na daoine idir dhá chomhairle freisin faoi thionchar na pornagrafaíochta ar nósanna craicinn na ndaoine, ar an gcoirpeacht chollaí (an banéigniú ach go háirithe), agus ar sheasamh na mná sa tsochaí. Tá cuid de na feiminithe den bharúil gur "bolscaireacht chogaidh in aghaidh na mban" atá sa phornagrafaíocht, mar shampla. Bíonn lucht eaglaise agus creidimh ag cur catha ar an bpornagrafaíocht freisin, agus iad den tuairim go spreagann sí na daoine chun gníomhartha craicinn a chleachtadh nach bhfuil inghlactha ó thaobh an reiligiúin de. Rud eile fós, is dóigh le cuid mhór acu gur drochrud ann féin í an phornagrafaíocht, de réir an Bhíobla, ó dúirt Íosa: "Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí." (Math 5:28) Ón taobh eile de, tá go leor daoine barúlach nach féidir cosc a chur ar an bpornagrafaíocht gan dochar a dhéanamh don tsaoirse cainte agus tuairimíochta sa tsochaí. Áitíonn siad freisin go bhfuil na torthaí taighde ag tabhairt le fios nach spreagann an phornagrafaíocht daoine chun banéigniú a dhéanamh, ós iad na tíortha is mó cead cainte na tíortha is lú banéignithe. Stair. Tá an focal féin "pornagrafaíocht" curtha i dtoll le chéile as dhá thamhan Gréigise a chiallaíonn "striapach" agus "scríobh", is é sin, "scríbhneoireacht faoi striapacha". Tá an phornagrafaíocht linn le fada, is féidir a tús a rianú siar go dtí an tréimhse réamhstairiúil fiú le mionsamhlacha cloiche a bhfuil gnéasorgáin mhéadaithe orthu. Níor thosaigh an phornagrafaíocht a bhfuil aithne againne uirthi go dtí an ré Victeoiriach. Ag an am seo tosaíodh ar í a dhéanamh mídhleathach. An Danmhairg an chéad thír a rinne dleathach í, sa bhliain 1969. Táthar ag déanamh cur síos éigin ar an gcomhriachtain agus ar an saol collaí ó tháinig an tsibhialtacht chun saoil, ach dealraíonn sé nár cruthaíodh coincheap na pornagrafaíochta roimh ré an Victeoirianachais sa naoú haois déag. Roimhe sin, ba é an dearcadh coitianta a bhí ann nach ndéanfadh sé dochar as an ngnáth duit pictiúir a fheiceáil a raibh cur síos iontu ar chomhriachtain, fiú má bhí diansrianta curtha leis an ngníomhaíocht féin. Bhaintí úsáid as an bpornagrafaíocht sna scigphictiúir pholaitiúla, mar shampla. Nuair a tháinig fothracha na cathrach Rómhánaí úd Pompeii chun solais sna 1860idí, bhain pictiúir phornagrafacha na sean-Rómhánach an-stangadh as na Victeoirianaigh, ó bhí saothar na seanúdar Laidine á staidéar go dian acu, agus iad ag adhradh na sibhialtachta Rómhánaí. Ní raibh súil acu lena leithéid, agus d'fhéach siad leis na pictiúir agus na deilbheacha a choinneáil i bhfolach ó na haicmí ísle, na mná agus na páistí. Cineálacha pornagrafaíochta. De ghnáth, tugtar pornagrafaíocht bhog ar an gcineál pornagrafaíochta nach dtaispeánann na baill ghiniúna. Pornagrafaíocht chrua atá i gceist má thaispeántar os coinne an cheamara iad. Tá seánraí éagsúla pornagrafaíochta ann le freastal ar thoighis gach duine ó thaobh na bhfeitisí agus na bhfantaisíochtaí de. I measc na gcineálacha éagsúla tá na cinn seo: Úsáid na Pornagrafaíochta. Is as Meiriceá a thagann mórchuid na staitisticí maidir le húsáid na pornagrafaíochta, i SAM, is iad na stáit is coimeádaí is mó a cheannaíonn pornagrafaíocht, stáit a bhfuil cosc acu ar phósadh aerach – ceannaítear 11% níos mó iontu. Bíonn leath d’fhir ag breathnú ar phornagrafaíocht gach seachtain agus breathnaíonn breis is 70% d’fhir ar phornagrafaíocht gach mí. Tá staidéir eile as an tSualainn a léiríonn rátaí a chuirfeadh an rud céanna in iúl, arís eile. Bíonn 66.7% ag breathnú ar scannáin chraicinn uair sa mhí is 90% cúpla uair sa bhliain thall. Bhí 98% de fhir agus 72% de mhná tar éis breathnú ar scannán craicinn riamh ann. Dar le staidéar ón mbliain 1989 bhí 92% de bhuachaillí SAM tar éis Playboy a fheiceáil nó a léamh faoi aois 15. Tosaíonn páistí Mheiriceá ag breathnú ar chruaphornagrafaíocht ag meán- aois de 11. Ó thaobh an idirlín, tá na scannáin ghnéis go mór sa treis i gcomórtas le gach úsáid eile; 25% de na cuardaigh ar fad a dhéantar ar an idirlíon baineann siad le pornagrafaíocht, agus ba iad na focail ‘sex’ agus “porn” an ceathrú agus an séú téarma ba mhó a cuardaíodh. 43% de gach úsáideoir idirlíon a bhaineann úsáid as pornagrafaíocht. Cruthaíonn tionscal na scannán leathair rachmas mór, sa bhliain 2006 ba $97 billiún a tuilleadh de bharr na pornagrafaíochta go domhanda. Rinneadh staidéar i Montréal ar fhir shingle a léirigh go mbreathnaíonn siad ar 40 nóiméad de phornagrafaíocht sa tseachtain, i gcomparáid leo siúd i gcaidreamh a bhreathnaíonn air ar feadh 20 nóiméad. Tháinig cáil ar leith ar an staidéar seo toisc gur theip orthu teacht ar fhear nach raibh scannán leathair feicthe riamh aige. Dar le 66.5% d’fhir go raibh breathnú ar phornagrafaíocht inghlactha i mbealach éigin, agus d’aontaigh 50% de mhná óga. Deir saineolaithe áirithe gur de dheasca na scannán leathair a bhíos na galair thógálacha ghnéis ag dul i méadaíocht chomh maith leis na toirchis ag déagóirí. Sa bhreis air sin tá foréigean i gcoinne na mban le feiceáil ina lán físeán craicinn, mar aon le maslaí béil.
2,345
Dmitri Shostakovich. Ba chumadóir agus pianódóir Rúiseach é Dmitri Dmitriyevich Shostakovich (), nó "Дмитрий Дмитриевич Шостакович" sa Rúisis. (25 Meán Fómhair 1906 – 9 Lúnasa 1975). Feictear air mar cheann de na cumadóirí is tábhachtaí den 20ú haois. Bhí stíl armónach ar leith aige, agus tá suntasacht stairiúil ag baint lena chuid ceoil mar gheall ar na blianta a chaith sé ag obair faoi Stalin. Bhain Shostakovich clú agus cáil amach san Aontas Sóivéadeach faoi phatrúnacht an chinn foirne Sóivéadeach Mikhail Tukhachevsky, ach níos moille bhí caidreamh casta agus deacair leis an rialtas. In ainneoin sin, fuair sé onóracha agus gradaim stáit, agus rinne sé seirbhís i Sóivéid Uachtarach an RSFSR (1947) agus i Sóivéid Uachtarach an Aontais Sóvéidigh (ó 1962 go dtí a bhás). Ilstílí a bhí i Shostakovich. D’fhorbair sé guth hibrideach a thug teicnící ceolta éagsúla isteach ina chuid ceoil. Léirítear codarsnachtaí móra ina cheoil, agus tá eilimintí arrachtacha agus tonúlacht éiginnte le fáil ann fosta. Tá tionchar stíle éagsúla feiceálach ina cheoil; mar shampla, an stíl nuachlasaiceach a rinne Igor Stravinsky ceannródaíocht air, chomh maith le Rómánsachas déanach Gustav Mahler, go háirithe ina shiansaí. I measc saothair ceolfhoirne de chuid Shostakovich, ta 15 siansa agus 6 coinséartó. I measc a shaothair aireagail, tá 15 ceathairéad téadach, cúigréad pianó amháin, dhá tríréad pianó, agus dhá phíosa fa choinne ochtréad téadach. Scríobh sé roinnt píosaí don phianó aonarach, dhá shonáid, tacar réamhcheolta luatha, agus tacar níos déanaí de 24 réamhcheol agus fiúga san áireamh. Chomh maith le sin, scríobh sé trí cheoldráma, roinnt ciogal amhrán, bailéanna, agus go leor ceol scannáin.
687
Igor Stravinsky. Ba chumadóir Rúiseach é Igor Fyodorovich Stravinsky (Rúisis: Игорь Фёдорович Стравинский) (17 Meitheamh 1882 – 6 Aibreán 1971). Ba é ballet cáiliúil "Le Sacre de Printemp"s, nó "Deasghnáth an Earraigh", le hIgor Stravinsky, a chuir tús leis an gceol clasaiceach nua-aimseartha. Cuireadh é i láthair den chéad uair ar 29 Bealtaine 1913. Nuair a cuireadh an ballet ar siúl i bPáras na Fraince sa bhliain 1913, níor thaitin sé leis an lucht féachana ar chor ar bith agus bhí círéib san amharclann. Bhí olc ar go leor daoine mar go raibh an sár-rinceoir ballet, Vaslav Nijinsky. Bliain roimhe sin, ag rince sa seó agus ghlac siad scannal nuair a léiríodh an ballet, "L’apres-midi d’un Faune", ina ndearna seisean rince macnasach. Tharla an chíréib mar bhí cuid den lucht féachana i bhfabhar an bhallet agus an chuid eile go mór ina choinne.
338
Baile Bhailcín. Is bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Baile Bhailcín ("Walkinstown" an Bhéarla) atá suite taobh theas den chathair, timpeall sé chiliméadar ó lár na cathrach. Tá Baile Bhailcín ag críochantacht leis na mbailte eile Cromghlinn san oirthear, Droimeanach sa tuaisceart, na Glaschnoic sa deisceart agus Baile an Mhóta, an Cloigín Gorm agus Cluain Dolcáin san iarthar. Bruachbhaile lánfásta atá ann, ina bhfuil tithíocht sraithe príobháideach don chuid is mó. Tá an tionscal éadrom atá ann dírithe ar Bhóthar an Mhíle Fhada, in iarthar an bhaile. Bhí daonra 5,910 ann sa bhliain 2006, dar leis an Phríomh-Oifig Staidrimh.
272
Gleann Hoiste. Ceantar tuaithe in iarthar Chontae Mhaigh Eo is ea Gleann Hoiste (nó Gleann Oistín; Béarla: "Glenhest"). Tá Gleann Hoiste suite 10km thoir-thuaidh ó mBaile Uí Fhiacháin. Tá séipéil, mbunscoil agus ionad pobail ann.
95
James Hoban. B'ailtire Éireannach é James Hoban (t. 1758 - 8 Nollaig, 1831), a dhear roinnt foirgnimh poiblí in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. An t-éacht is mó a rinne sé ná an Teach Bán i Washington, D.C. Luathshaol. Tháinig Hoban ar an saoil i mBaile Mhic Dháith, baile beag in aice le Callainn, Contae Chill Chainnigh, agus tógadh é ar eastát an Iarla Bhaile Mhic Dháith ag Gráinseach Chuffe, áit inar fhoghlaim sé ceird na cearpantóireachta. Ina dhiaidh sin, fuair sé a chuid oideachais san ailtireacht ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Tar éis Réabhlóid Mheiriceá, d'fhág Hoban BÁC agus chuir sé faoi i Meiriceá. Ailtireacht. Chuir Hoban bun le gairmréim mar ailtire i Philadelphia sa bhliain 1781. An bhliain dár gcionn, thaisteal Hoban go dtí Carolina Theas, agus dhear sé roinnt foirgnimh ann, Teach Stáit Carolina Theas i gColumbia ina measc. Sa bhliain 1792, b'é Hoban an buaiteoir i gcomórtas a cuireadh ar siúl chun dearthóir an árais uachtaránachta nua a roghnú, an Teach Bán mar a tugadh air níos déanaí. Bhí plean Hoban bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath, ach rinne sé foirgneamh dhá stór de, tar éis iarratas ó George Washington. Tógadh an foirgneamh idir na blianta 1793 agus 1800.Bhí Hoban ar dhuine de na h-ailtirí maoirseachta a bhí ag obair ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, ag cur i gcrích scéimeanna a bhí deartha ag Dr. William Thornton. Chaith Hoban an chuid eile dá shaol i Washington, D.C., ag obair anois is arís ar fhoirgnimh poiblí agus scéimeanna rialtais eile, bóithre agus droichid ina measc. Dhear Hoban Rossenarra House in aice leis an tsráidbhaile Cill Mogeanna i gContae Chill Chainnigh chomh maith, sa bhliain 1824. Bhásaigh Hoban i Washington, D.C. ar an 8 Nollaig 1831.
680
Antóin Ó Tuathail. Iar-pheileadóir agus pearsa theilifíse is ea Antóin Ó Tuathail (Béarla: "Anthony Tohill") a rugadh ar an 2 Lúnasa 1971 i Suitreach, Contae Dhoire. D'imir sé le foireann idirchontae Dhoire idir 1991 agus 2003, agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann uair amháin sa bhliain 1993. Chomh maith le sin, tá dhá bhonn buaite aige i gCorn Uladh agus ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta. Roghnaíodh é mar Shárimreoir sna blianta 1992, 1993, 1995 agus 2000. Tar éis dó éirí as an spórt mar imreoir, ghlac sé post mar shaineolaí ar an gclár teilifíse The Sunday Game. Sa bhliain 2008, ceapadh é ina roghnaitheoir ar fhoireann na hÉireann a d'imir in aghaidh na hAstráile sa pheil chomhrialacha.
294
Tíotán (gealach). Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn, agus é ar an dara gealach is mó sa ghrianchóras ar fad. Is é Tíotán an t-aon ghealach amháin a bhfuil atmaisféar substaintiúil aici, rud a choinnigh a dhromchla ceilte ar na réalteolaithe ar feadh i bhfad. Nítrigin, N2, is mó atá san atmaisféar (98.4%). Tá an fuíoll comhdhéanta as an meatán CH3 agus as hiodracarbóin eile, chomh maith le comhdhúile simplí hidrigine, nítrigine agus carbóin (cianaigin C2N2, abair, nó ciainíd hidrigine, HCN). Mar gheall ar dhlúithe an atmaisféir, is é an t-aon rinn néimhe sa ghrianchóras seachas an domhan ar a bhfuil aibhneacha, lochanna agus mara gníomhacha ar a dhromchla. Tá na gnéithe seo déanta as na hiodracarbóin céanna is atá an atmaisféar. Tá Tíotán 50% níos mó ná ár nGealach féin ar trastomhas, agus 80% níos troime ná í. Is é Ganymede an t-aon satailít nádúrtha amháin sa ghrianchóras a sháraíonn méid Tíotán, agus tá Mearcair níos lú ná Tíotán, cé go bhfuil sé níos troime. Ba é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a chuir an chéad sonrú riamh i dTíotán, thiar sa bhliain 1655. Taiscéalaíocht. Pioneer agus Voyager. Ba é Pioneer 11 an chéad spástaiscéalaí a thug cuairt ar Shatarn sa bhliain 1979. Ghlac an tóireadóir grianghraif den gheallach, ach ní raibh siad d'ardchaighdeán. I dtús na hochtóidí, bhain na tóireadóirí Voyager 1 agus 2 an Satarn amach, agus bhí siad in ann tuilleadh sonraí a fháil faoin gheallach is mó, agus faoin atmaisféar go háirthe. Bhí scamaill na gealaí ró-thiubh ag an am sin le feacáil cad é a bhí fúthu, agus ní dheachaigh aon de na tóireadóirí luatha seo i bhfithis an phláinéid nó Tíotáin féin le bheith in ann fáil amach níos mó. Cassini-Huygens. Thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh a mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017. Mar chuid den mhisean, scaoileadh an miontóireadóir Huygens ó Cassini, agus seoladh go scamaill Tíotáin é. Ghlac Huygens grianghraif dá thitim agus den áit ar a thuirling sé, agus rinne sé taifead fuaime ó ghaotha an atmaisféir.
853
KC Stadium. Is staid na foirne sacair Hull City, East Riding of Yorkshire é Kingston Communications Stadium, atá suite i Hull, Sasana. Is é 25,404 toilleadh an staid.
47
Hull City Association Football Club. Club peile Sasanach is ea Hull City Association Football Club atá suite i Kingston upon Hull. Bunaíodh sa bhliain 1904 é. Tá an fhoireann ag imirt sa Premier League faoi láthair, agus is é an "KC Stadium" a staid baile. Is é Phil Brown an traenálaí atá aige.
90
Ózón. Is móilín tríadamhach é an t-ózón, agus é comhdhéanta as trí adamh ocsaigine. Is foirm nó allatróp de chuid na hocsaigine é, nach bhfuil chomh cobhsaí leis an ngnáthocsaigin O2. Tá móilíní dhá adamh sa gnáthocsaigin, mar a léiríonn an fhoirmle, agus dá réir sin chloisfeá an téarma "dé-ocsaigin" (Béarla "dioxygen") ó lucht na ceimice ó am go ham. Cosúil leis sin thabharfá "trí-ocsaigin" ("trioxygen") ar an ózón de réir théarmaíocht chórasach na ceimice. An t-ózón thuas in atmaisféar an Domhain, is gás an-fhóinteach é, nó ólann sé chuige (súnn sé isteach) an radaíocht ultraivialait dhíobhálach atá ag teacht ón nGrian. San am chéanna, áfach, is gás nimhe é an t-ózón ag leibhéal na talún, nó déanann sé dochar do chóras ríospráide na n-ainmhithe agus na ndaoine daonna araon. Oibríonn an t-ózón ar na scamhóga agus na broncais mar a oibríonn an clóirín, is é sin, cuireann sé leacht ag carnadh sna scamhóga, ionas go mbáfar an t-othar ar an talamh slán. Tá ózón ar fáil i dtiúchan íseal fud fad atmaisféar an domhain, agus a lán feidhmiúcháin thionsclaíocha agus tomhaltacha aige. An Ciseal Ózóin agus a Lagú. Tugtar "ciseal ózóin" ar an gcuid den atmaisféar atá saibhir in ózón, agus é ina sciath chosanta idir sinn agus radaíocht ultraivialait na Gréine. Tá an radaíocht seo thar a bheith díobhálach don duine agus don bheatha go léir, agus mar sin tá muid go mór mór i dtuilleamaí an chisil seo. Tá an ciseal ózóin suite idir 15 agus 35 ciliméadair ó dhromchla an Domhain, ach tá ramhracht an chisil ag brath ar an am den bhliain agus ar an ngeograife. Ba iad na fisiceoirí Francacha Charles Fabry agus Henri Buisson ba thúisce a d'aithin an ciseal ózóin. Tuigeadh dóibh go raibh cuid den radaiocht a bhí ag teacht as an nGrian ar lár, is é sin nár shroich sí dromchla an Domhain riamh, agus go raibh bac nó cosc idir sinn agus an Ghrian a choinnigh an radaíocht sin siar. Ba é an t-ózón thuas san atmaisféar an cosc sin. Ba é an meitéareolaí Sasanach G.M.B.Dobson a chuir tús le monatóireacht an ózóin san atmaisféar, nó thóg sé gréasán domhanda de stáisiúin tomhaiste ózóin sna blianta 1928-1958. Tá na stáisiúin seo ag obair i gcónaí, agus an t-aonad a úsáidtear le hózón uachtar an atmaisféir a thomhas tugtar "aonad Dobson" air leis an bhfear féin a onórú. Sa bhliain 1976 a d'aithin na saineolaithe an chéad uair go raibh gníomhaíocht an duine - na clórafluaracarbóin ach go háirithe - ag déanamh dochair don chiseal ózóin. Comhdhúile iad na clórafluaracarbóin a bhí á n-úsáid mar thiomantáin sna buidéil aerasóil agus mar chuisneáin sna cuisneoirí agus na reoiteoirí. Thairis sin bhí na heitleáin fhorshonacha, cosúil le "Concorde", ag ídiú an ózóin chomh maith. Ó 1990, tharla laghdú 50%+ i dtiúchan an ózóin os cionn na bpol, agus deirtear go bhfuil poil sa chiseal ózóin. Bhí an cine daonna in ann cur le chéile leis na teicneolaíochtaí a chosc a bhfuil dainséar agus damáiste iontu don chiseal ózóin, agus dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le hídiú an ózóin. Stair. Ba é an t-ózón an chéad allatróp de chuid aon dúil cheimiceach a d'aithin lucht na heolaíochta, nó ba é Christian Friedrich Schönbein, sa bhliain 1840, a léirigh roimh aon duine eile gur gás ar leith é an t-ózón agus a thug an t-ainm ózón air. D'aimsigh Jacques-Louis Soret foirmle cheimiceach an ózóin, O3, sa bhliain 1865 agus dheimhnigh Schönbein sa bhliain 1867 í. Nuair a thuig na heolaithe sna 1970idí go raibh gáis shaorga a úsáidtear i gcuisneoirí agus aerasóil ag déanamh poill sa chiseal ózóin, thosaigh an comhphobal idirnáisiúnta ag éirí as úsáid na ngás sin de réir a chéile. Dréachtaíodh comhaontú ar a dtugtar Prótacal Montréal chun deireadh a chur le húsáid na substaintí dainséaracha sin ar a dtugtar clórafluaracarbóin (CFCanna) de réir a chéile. D’éirigh chomh maith sin le hiarrachtaí is go bhfuil an ciseal ózóin ar bhóthar ceart a athshlánaithe faoi lár an 21ú haois. Ar an drochuair, tháinig gáis fhluairínithe, ar a dtugtar F-gháis in ionad na CFCanna — agus na substaintí a tháinig ina ndiaidh — de réir a chéile. Ní théann siad sin i gcion ar an gciseal ózóin ach is gáis cheaptha teasa chumhachtacha iad. Mar sin bhí na húdaráis ag gníomhú uair amháin eile: i mí Dheireadh Fómhair 2016, d’aontaigh an 195 thír a shínigh Prótacal Montréal teorainn a chur leis an úsáid a bhaineann siad as na gáis dhíobhálacha seo. Sanasaíocht. Focal Gréigise é 'ózón' a chiallaíonn "boladh", ós rud é go mbíonn boladh suntasach as an aer nó an ocsaigin trína ngabhann díluchtú leictreachais. Is é an t-ózón is cúis leis an mboladh seo.
1,898
Meatánól. Is é an meatanól, nó an t-alcól meitile, an ceann is simplí de na halcóil, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná CH3OH. Is minic a ghiorraítear an fhoirmle sin go MeOH, ina seasann Me don mheitilghrúpa CH3-. Le teocht an tseomra, is dual don mheatanól bheith ina leacht éadrom soghalaithe nach bhfuil dath ar bith ann. Rachaidh sé trí thine go héasca, má thagann an gal i dteagmháil le tine oscailte. Tá boladh suntasach ann cé go bhfuil sé ábhairín níos séimhe agus níos milse ná boladh an eatánóil. Nimh atá sa mheatanól, toisc go gclaochlaíonn sé go formaildéad i meitibileacht an duine. Déanann an meatanól dochar ar leith do reitine na súile, agus mar sin, is minic a fhágtar iarmharáin an nimhiú meatanóil dall ar fad go lá a mbáis.
300
Pádraig Ó Donnagáin. Éireannach de Pháirtí Fhine Gael ab ea Pádraig Sáirséal Ó Donnagáin (nó i mBéarla, "Patrick Sarsfield (Paddy) Donegan") (29 Deireadh Fómhair 1923 - 26 Samhain 2000). Toghadh Ó Donnagáin don chéad uair san olltoghchán sa bhliain 1954 mar Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Lú. Chaill sé a shuíochán ag an gcéad olltoghchán eile ach d'éirigh leis arís sa bhliain 1961 agus toghadh é i ngach olltoghchán ó shin go dtí 1977. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1981. Ceapadh mar Aire Cosanta i gcomhrialtas 1973 é (idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre). Conspóid. Bhí an Dálach an-choinsiasach agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar Uachtarán, rud a chuir lena aighneas leis an Rialtas (Fine Gael / Lucht Oibre) agus lena éirí as sa bhliain 1976. I Meán Fómhair 1976, cuireadh Bille Cumhachtaí Práinne ina láthair le síniú. Ach shocraigh sé an tAcht Cumhachtaí Práinne a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint. Ba é breithiúnas na Cúirte ná nach raibh an tAcht ar neamhréir leis an mBunreacht agus ar an 18 Deireadh Fómhair 1976, shínigh Ó Dálaigh é. Trí lá níos déanaí, ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bhfad níos graosta). An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr. Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an tAire (a ghabh a leithscéal idir an dá linn) as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair. An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan. Dúirt an Dálach gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint". Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
867
Edmond Halley. Réalteolaí, geoifisiceoir, matamaiticeoir, meitéareolaí agus fisiceoir Sasanach ba ea Edmond Halley (8 Samhain, 1656 – 14 Eanáir, 1742). Rugadh Halley in Haggerston, Shoreditch, Sasana. Bhí a athair siúd ina choire gallúnaí saibhir. Thaispeáin Halley óg an-suim sa mhatamaitic. D'fhoilsigh sé páipéir ar an ghrianchóras agus ar ghrianspotaí, agus é fós ina fhochéimí. Tar éis dó Oxford a fhágáil, ó 1676 rinne sé staidéar ar fhithisí sa Ghrianchóras, agus fuair amach go raibh fithisí éilipseacha ag cuid de na cóiméid. Sa bhliain 1676, thug Halley cuairt ar San Héilin, oileán atá suite san Atlantach Theas, agus rinne sé staidéar ar na réaltaí sa Leathsféar Theas. Ón taighde seo, d'fhoilsigh sé "Synopsis Astronomia Cometicae" sa bhliain 1705, agus réamhinis sé go cruinn filleadh an chóiméid a ainmníodh as. Tuilleadh eolais. Cóiméad Halley
346
Phil Brown. Is bainisteoir agus iarimreoir sacair Sasanach é Phillip "Phil" Brown (rugadh é ar an 30 Bealtaine, 1959 i South Shields, Sasana). Tá sé ina bhainisteoir ar Hull City sa Premier League. Gaimréim imeartha. D'imir Brown le Hartlepool United ó 1978 go dtí 1985, agus ansin le Halifax Town ó 1985 go 1988. Cheannaigh Bolton Wanderers é sa bhliain 1988. Chaith sé na blianta idir 1994 go 1996 le Blackpool. Gaimréim bhainisteora. Derby County Bhí George Burley ina bhainisteoir ar Derby County idir 2003 agus 2005, ach bhí droch-chaidreamh idir é féin agus an mbord, agus d'éirigh sé as i mí an Mheithimh, 2005. Bhí suim mhór ag Phil san obair agus rinneadh bainisteoir nua de. Ní raibh na torthaí go maith, áfach, agus briseadh é as a phost tar éis seacht mí. Hull City Tá Brown ina bhainisteoir ar Hull City inniu agus tá an fhoireann ag imirt sa Premier League. Bhí an club ag bun an Championship i mí na Nollag, 2006 agus tugadh an sac don bhainisteoir Phil Parkinson. Bhuaigh Hull craobh an Championship Play-Off Final sa bhliain 2008 agus d'imir siad sa Premier League don séasúr 2008-09. Íslíodh iad ag deireadh séasúr 2009-10 agus níor athnuadh a chonradh.
422
Láimhbheartach Mac Cionnaith. Scoláire aithnidiúil Gaeilge agus eagarthóir ba ea an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith (Béarla: "Lambert McKenna"). Chuir sé eagar "English Irish Phrase Dictionary" sa bhliain 1911 agus ar fhoclóir Gaedhilge-Béarla in 1935. Saolaíodh an tÍosánach Mhic Cionnaith sa bhliain 1870 i gCluain Tairbh i mBaile Átha Cliath. D'éag sé in 1956.
154
Galen. Bhí Galen as Péargamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPéargamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach. Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe. Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628, nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal. Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Chathair Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad. Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn.
454
Sanasaíocht. Staidéar stair na bhfocal is ea sanasaíocht. Baineann an staidéar seo le cá huair ar tháinig focal isteach i dteanga, cá háit ónar tháinig sé agus cad é mar a d'athraigh sé trí am maidir lena fhoirm agus a chiall. Tá an tsanasaíocht bunaithe ar dhlíthe na foghraíochta stairiúla agus an éabhlóid shéimeantach de na téarmaí atá i gceist. Toisc go bhfuil teangacha éigine ró-shean le heolas díreach a aimsiú fúthu (eolas scríofa mar shampla), is minic a bhaintear úsáid as teangeolaíocht chomparáideach le heolas a athchruthú. Trí úsáid teicníce a thugtar an "modh comparáideach" uirthi, is féidir le teangeolaithe fios a bhaint amach faoi mhatháirtheangacha roinnte agus iad ag amharc ar theangacha gaolta.
280
Osmóis. Is próiseras é an Osmóis ina idirleathann tuaslagóir (go minic uisce) trí scannán leaththréscaoilteach, ó tuaslagán le tiúchan tuaslagáite íseal (poitéinseal uisce ard) go dtí tuaslagán le tiúchan tuaslagáite ard (poitéinseal uisce íseal), suas grádán tiúchana tuaslagáite. Is próiseas fisiceach é ina ngluaiseann tuaslagóir, ó thaobh amháin go taobh eile, gan inchur fuinnimh, trí scannán leaththréscaoilteach (tréscaoilteach don tuaslagóir, ach ní don tuaslagáit) a indhealaíonn dhá tuaslagán le tiúchanaí difriúil.
223
Lia. Duine a bhfuil údarás aige/aici míochaine a chleachtadh is ea dochtúir leighis nó lia, tar éis cúrsa faofa traenála a chríochnú go rathúil, a dtugtar dochtúir air sa ghnáthchaint. Stair. Bhunaigh Thomas Linacre Coláiste Ríoga na Lianna i Londain i 1518, chun cúrsa traenála caighdeánach a leagan síos is a mhonatóiriú i gcomhair lianna sa Bhreatain. Gairmeacha. Déantar idirdhealú idir lia is máinlia: sa mháinliacht a bhíonn a thraenáil siúd. Bíonn 'an Dochtúir' mar theideal ag lia, ach 'an tUasal' ag máinlia. Tá dochtúirí ann a thugann aire ghinearálta ar fud na tíre, agus tugtar dochtúirí teaghlaigh orthu siúd. Tá dochtúirí eile ar shaineolaithe iad, agus is gnách dóibh freastal a dhéanamh ar a gcuid othar i mbailte móra. Tá cuid acu seo araon a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha. Oideachas. I ndiaidh sé bliana i ndámh an leighis in ollscoil i bPoblacht na hÉireann, nó cúig bliana i dTuaisceart Éireann, cáilíonn an mac léinn mar dhochtúir leighis, nuair a bhronntar céim ollscoile air agus nuair a bhronnann an Chomhairle Leighis in Éirinn no an GMC sa Bhreatain ceadúnas teoranta leighis air. Ar feadh bliain is féidir leis obair mar intéirneach in ospidéal. I ndiaidh sín, ní sé dianstaidéar ar ghné den leigheas, cuid acu mar lianna teaghlaigh, cuid eile sna "speisialtachtaí" leighis. Bíonn air nó uirthi scrúdaithe bhreise a bhaint amach i ndiaidh oibriú sa ghné chéanna den leigheas, chun cáilíocht a bhaint amach ó cheann des na coláistí saineolaithe. mar sh, le aitheantas mar lia chomhairleathach a bhaint amach, bíonn ar dhochtúir leighis scrúdaithe Choláiste Ríoga um Máinliachta in Éirinn , Sasana nó ceann des na Coláistí Albanacha a bhaint amach.
681
Killian Brennan. Is imreoir sacair Éireannach é Killian Brennan (r.31 Eanáir, 1984 i nDroichead Átha, Éire). D'imir sé le Bohemians agus faoi láthair is leis na Shamrock Rovers atá sé ag imirt. D'imir sé le Dublin City ó 2003 go 2004. Bhí sé ag imirt le Cathair Doire ó 2004 go 2007 agus d'imir sé sa chluiche leatcheannais i gCorn FAI sa bhliain 2005 agus i gCorn UEFA sa bhliain 2006. Cheannaigh Bohemians é sa bhliain 2007 agus chaith sé geansaí uimhir a seacht. Bhuaigh sé an FAI League of Ireland leo.
191
Hermann Göring. Ba pholaiteoir Naitsíoch agus ceannaire míleata Gearmánach é Hermann Wilhelm Göring (nó Goering, mar a litrítear é freisin) (12 Eanáir 1893 – 15 Deireadh Fómhair 1946), duine de na ceannairí ba thábhachtaí i bPáirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine (na "Naitsithe"). Bhí sé ina cheannasaí ar an Luftwaffe, aerfhórsa na Gearmáine, agus an duine a bhí roghnaithe ag Adolf Hitler chun teacht i gcomharbacht air. Triail agus bás. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh Göring ar a thriail as coireanna cogaidh. Daoradh chun báis é ag na Trialacha Nuremberg. Ach chuir sé lámh ina bhás féin an oíche dár gcionn. Shlog an bithiúnach capsúl ciainíde ...bheadh an chroch ró-náireach dó.
278
Baile Choitín. Baile in Éirinn is ea Baile Choitín. Tá an baile suite i gContae Chorcaí. Teach solais. Tógadh teach solais ar an oileán ar an mbá i 1851. Leictríodh é i 1975 agus rinneadh uathoibriú air i 1992.
87
Baile Garbháin. Baile in Éirinn is ea Baile Garbháin. Tá an baile suite i gContae Chorcaí, 9 km ó dheas ó Chathair Chorcaí. Is é an chuid thoir de pharóiste Bhéal Átha an Cheasaigh é. Tá 556 duine ina gcónaí ann (2016). Sa bhliain 1921, chuir fórsaí Briotanacha an teach scoile i mBaile Garbháin le tine, mar dhíoltas as ionsaí a rinne Óglaigh na hÉireann gar don bhaile i mBéal Átha Cheasaigh. Tá an CLG an-ghníomhach sa bhaile.
179
Baile Chaisleáin Bhéarra. Baile in Éirinn is ea Baile Chaisleáin Bhéarra. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
45
Baile na Martra. Baile in Éirinn is ea Baile na Martra (Béarla: "Castlemartyr"). Tá an baile suite in oirthear Chontae Chorcaí. Tá cónaí ar timpeall is 500 duine ann.
66
Béal Átha an Cheasaigh. Baile in Éirinn is ea Béal Átha an Cheasaigh. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
41
Béal Átha Leice. Baile in Éirinn is ea Béal Átha Leice. Tá an baile suite i gContae Chorcaí. Tá an baile sin agus Beanntraí an-chóngrach dá chéile. Tá ionad campála den chéad scoth ann; Eagle Point an t-ainm atá ar an ionad sin.
88
An Bhlarna. Is bailecheantar é An Bhlarna de limistéar riaracháin chathair Chorcaí ó mhéadaíodh teorainn na cathrach i samhradh 2019. Tá An Bhlarna seacht gciliméadar go leith siar ó thuaidh ó lár na cathrach, agus tá cáil uirthi mar shuíomh Chaisleán na Blarnan ina bhfuil cloch chlúiteach ar a dtugtar Cloch na Blarnan. Eacnamaíocht agus turasóireacht. Tá turasóirí, Meiriceánaigh ach go háirithe, an-tábhachtach in eacnamaíocht an cheantair. Is iomaí óstán agus brú dóibh atá suite sa cheantar. Tá clú agus cáil ar Chaisleán na Blarnan agus a Chloch na Blarnan, agus ar shiopalann Muilte Olla na Blarnan ('Blarney Woollen Mills'). Deirtear go mbeidh bua na bladaireachta ag gach éinne a phógann an chloch cháiliúil. Is díol spéise mór turasóireachta é baile na Blarnan i gCorcaigh. De ghnáth, tagann daoine chun an chaisleáin a fheiceáil, chun na cloiche iomráití a phógadh, agus chun siopadóireachta i Muilte Olla na Blarnan. Cloch na Blarnan. Maítear go bhfaigheann aon duine a phógann Cloch na Blarnan bua na cainte de réir seanscéalta a raibh baint ag baill ríshleachta Mhic Chárthaigh agus ag úinéirí bunaidh Chaisleán na Blarnan leo. Muilte Olla na Blarnan. Tógadh Muilte Olla na Blarnan i 1823, agus thugtaí Muileann Mahony ar na muilte ar dtús. Muileann uisce a bhí ann, a thairgeadh bréidín (tweeds) agus éadaí olla (woollens) den chuid is mó. Tar éis dúnadh go luath sna 1970idí, rinne an fiontraí áitiúil, Christy Kelleher, na muilte a athchumadh mar shiopa bronntanas le freastal ar thurasóirí ag tabhairt cuairte ar an sráidbhaile. An Chearnóg Bhaile. Sa Chearnóg, úsáidtear faiche an bhaile (100m x 100m) mar láthair scíthe, mar áis le teacht le chéile, agus mar láthair súgartha do pháistí.  I measc na dtithe timpeall na cearnóige tá seirbhísí poiblí, mar Leabharlann na Blarnan agus ionad sláinte, agus gnóthais tráchtála éagsúla. Faiche aonaigh a bhíodh sa chearnóg i dtosach.    Iompar. Bhíodh a stáisiún iarnróid caol féin ag an mBlarna roimhe seo. Rinne Iarnród Éadrom Chorcaí agus Mhúscraí (CMLR) nasc idir stáisiún iarnróid na Blarnan agus an stáisiún i lár na cathrach. Osclaíodh stáisiun na Blarnan i 1887 ach dhún sé ar 29 Nollaig 1934. Ó 2016, tá togra ann roimh stáisiún nua a bhunú sa Bhlarna le freastal ar an iarnróid idir Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh. Freastalaíonn roinnt seirbhísí de chuid Bhus Éireann ar an mBlarna, lena n-áirítear an bus uimhir 215 gach leath uair an chloig ó Rinn Mhachan trí lár chathair Chorcaí, agus an uimhir 235 ó chathair Chorcaí chomh minic céanna. Is é Aerfort Chorcaí an t-aerfort is gaire don Bhlarna. Déimeagrafaic. I ndaonáireamh 2016, bhí daonra de 2,539 i mbaile na Blarnan. Astu seo, b'iad Éirinnigh den chine geal 90% díobh, níos lú ná 1% díobh ón Lucht Siúil Éireannach, 7% le heitneacht geal eile, níos lú ná 1% ón chine gorm, 1% ó eithneacht na hÁise, le níos lú ná 1% ó eitneacht eile nó gan aon eitneacht luaite. I dtéarmaí reiligiúin de, bhí an Bhlarna luaite mar 85% Caitliceach, 5% le reiligiún eile, 9% gan reiligiún ar bith, agus le níos lú ná 1% nár luaigh a stádas ó thaobh reiligiún de. Na meáin. Is é "The Muskerry News" nuachtán áitiúil an cheantair agus foilsítear go míosúil é. Tá na stáisiúin raidió áitiúla seo le fáil sa cheantar: RedFM, C103, 96FM, agus Life FM.
1,359
Bréantrá. Baile in Éirinn is ea Bréantrá. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
35
Bun an Tábhairne. Baile in Éirinn is ea Bun an Tábhairne. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
38
Carraig Uí Leighin. Baile i gContae Chorcaí in Éirinn is ea Carraig Uí Leighin, suite ar an Abhainn Bhuí. Tá sé thart ar 14 km ó dheas de chathair Chorcaí ar bhóthar réigiúnach an R611, a théann tríd an mbaile, agus díreach ón bpríomhbhealach náisiúnta N28 go Rinn an Scidígh. D'fhás Carraig Uí Leighin go tapa sa 20ú haois, ó shráidbhaile le cúpla céad duine isteach i mbaile comaitéireachta rathúil, cé go bhfuil go leor daoine áitiúla fós ag tagairt dó mar "an sráidbhaile". Is é an baile ceann de na príomhbhealaí go Iarthar Chorcaí, iad siúd a thagann ar bhád farantóireachta ón bhFrainc. Geilleagar. Bhí an Potaireacht Carrigaline, atá suite ar an bPríomhshráid, sa bhaile a dhún i 1979, ach a athosclaíodh agus a reáchtáladh mar chomharchumann le blianta fada ina dhiaidh sin. Go neamhghnách do shráidbhaile Éireannach den mhéid sin, bhí pictiúrlann beag aige, a bhí faoi úinéireacht agus á reáchtáil ag teaghlach Cogan. Níl an photaireacht ná an phictiúrlann ann inniu. Foilsítear nuachtán seachtainiúil Carrigdhoun i gCarraig Uí Leighin. Tá ceithre bhainc agus comhar creidmheasa sa bhaile. Tá ollmhargadh fadbhunaithe Supervalu ann, chomh maith le Dunnes Stores agus Lidl. Tá Óstán Carrigaline Court ceithre réalta suite trasna ó Eaglais Chaitliceach Rómhánach Mhuire agus Naomh Eoin. Tá rogha tithe tábhairne agus bialanna ag an bPríomhshráid, chomh maith le siopaí miondíola éagsúla. Tá Superstore Co-op Dairygold suite ar Bhóthar Kilmoney. Déimeagrafaic. Mar a bhí i ndaonáireamh 2016, bhí daonra de 15,770 i gCarraig Uí Leighin. As an daonra seo, ba Éireannaigh bhána iad 83% díobh, níos lú ná 1% de lucht siúil na hÉireann bán, 11% eitneacht bhán eile, 2% dubh, 1% na hÁise, 1% eile, agus níor luaigh níos lú ná 1% a n-eitneacht. I dtéarmaí reiligiúin is é an baile 81% Caitliceach, 8% reiligiún luaite eile, 11% gan reiligiún ar bith, agus níos lú ná 1% aon chreideamh luaite Spórt. I measc na n-eagraíochtaí spóirt áitiúla tá clubanna peile comhlachais (sacar) FC FC Avondale agus CLG Charraig Uí Leighin, club an Chumainn Lúthchleas Gael CLG Charraig Uí Leighin, club rugbaí Carrigaline RFC, agus leadóg eile, badmantan, cispheil, gailf, agus clubanna ealaíon comhraic Caidreamh idirnáisiúnta. Tá comhaontuithe nasctha bailte ag Carraig Uí Leighin le commune Guidel sa Bhriotáin, an Fhrainc, agus le baile Kirchseeon, sa Bhaváir, an Ghearmáin.
980
Cill na Mallach. Baile in Éirinn is ea Cill na Mallach. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
35
Cluain. Baile in Éirinn is ea Cluain. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
31
Droichead na Bandan. Baile in Éirinn is ea Droichead na Bandan. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
38
An Góilín. Baile in Éirinn is ea an Góilín. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
35
Mainistir Fhear Maí. Baile in Éirinn is ea Mainistir Fhear Maí (Béarla: "Fermoy"). Tá an baile suite i gContae Chorcaí, ar an Abhainn Mhór.
59
Mala. Baile in Éirinn is ea Mala. Tá an baile suite i gContae Chorcaí. Bhí 7,864 duine ina gcónaí i Mala sa bhliain 2006. Tuirlingt éigeandála, 1983. Ar 18 Aibreán 1983, thuirling eitleán as Meicsiceo ar ráschúrsa Chorcaí, Mala, Bhí ar an Gulfstream, eitleán príobháideach, tuirlingt éigeandála a dhéanamh. Tógadh rúidbhealach agus d'éirigh an t-eitleán san aer 39 lá níos déanaí, ar 27 Bealtaine 1983.
173
Rinn an Scidígh. Sráidbhaile in Éirinn is ea Rinn an Scidígh. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
43
Ros Ó gCairbre. Baile in Éirinn is ea Ros Ó gCairbre. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
39
An Sciobairín. Baile in Éirinn is ea an Sciobairín. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
35
An Seangharraí. Baile in Éirinn is ea An Seangharraí. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
37
Sráid an Mhuilinn. Baile in Éirinn is ea Sráid an Mhuilinn. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.
41
Emmy Rossum. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Emmanuelle Grey "Emmy" Rossum (a rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1986 i Nua-Eabhrac). Is ban-aisteoir í a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a ról sa scannán "The Day After Tomorrow".
84
Gaeil. Na Gaeil a tugadh riamh ar bhunmhuintir na hÉireann, na hAlban (Gaeilge na hAlban: "na Gàidheil") agus Mhanann (Gaeilge Mhanann: "ny Gaeil"), agus é le tuiscint go raibh saghas éigin Gaeilge á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó "Goídil" (gοi:δil') na sean-Ghaeilge. (D'fhéadfadh siúd teacht ón ainm a thug na Breatnaigh ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.) Is fada na Gaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin. Sanasaíocht. Tá an focal fréamhaithe ó "Goídel", ón tSeánBhreatnais Guoidel (duine fiáin, gaiscíoch) (féach Breatnais "Gwyddel", Éireannach, Gael), ón bPróta-Bhriotainic "*guɨðel", ón bPróta-Cheiltis "*wēdus" (fiáin), ón bPrót-Ind-Eorpach "*weydʰ-" (adhmaid, fásach). Tháinig sé in ionad téarmaí dúchasacha "féni" agus "fénechas", cé go gcaomhnaítear iad i siúd sna focail "féine" agus "féineachas". Tíortha. Éire. Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine Méasailiotacha chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina gcnuasaitheoirí. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine Neoiliteacha agus iad ina bhfeirmeoirí. Thug siad caoirigh, gabhair, beithígh agus barra (go háirithe cruithneacht agus eorna) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn. Tháinig Éire faoi anáil chultúir mhóra ábhartha na hEorpa: thosaigh an Chré-Umhaois ann timpeall 2500 RC agus thosaigh an tIarannaois timpeall 800 RC. Ba ghnách riamh úsáid an iarrainn a chur i leith na gCeilteach de bharr iarsmaí a fuarthas i lár na hEorpa agus iad chomh sean le 8000 RC, ach is beag fianaise atá le fáil ar ionradh Ceilteach, agus is mó an trácht a dhéantar anois ar idirleathnú teicneolaíoch ná ar idirleathnú pobail. Tá le tuiscint as sin nach gá teacht na nGael agus déanamh na n-earraí iarainn a chomhcheangal le chéile, d'ainneoin na bhfinscéalta a chuireann síos ar ionraí aniar. Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach. Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach, agus leachtanna móra á dtógáil. Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre. Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine. Tá rian na seandachta ar chuid mhaith de na logainmneacha freisin, rud eile a chuireann an leanúnachas in iúl. Manainn. Sa ré Mhéasailiotach a tháinig na chéad daoine chun Oileán Mhanann, agus lean feirmeoirí iad sa ré Neoiliotach, mar a tharla in Éirinn. Tháinig an t-athrú céanna ar na tuamaí agus eile de réir na tréimhse. B'fhéidir gur ón mBreatain a tháinig na chéad fheirmeoirí, ach meastar gur tháinig dream nua isteach ó Éirinn timpeall 700 AD, rud atá le haithint ar na hinscríbhinní oghaim. Maidir le cúrsaí teanga, is féidir na Manannaigh a áireamh ar na Gaeil. Bhí an teanga Ghaeilge acu ón 8ú haois amach, agus mhair sí fiú tar éis theacht agus lonnú na Lochlannach. Bhí sí láidir go leor mar theanga phobail chomh déanach leis an 18ú haois. Albain. P-Cheiltis a bhí á labhairt i ndeisceart na tíre le linn na Rómhánach, agus glacann a lán scoláirí leis gur theanga P-Cheiltise í an Phiochtais a bhí á labhairt sa tuaisceart sa luathmheánaoiseanna. Bunaíodh Ríocht na bPiochtach roimh an 6ú haois AD agus mhéadaigh de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge, Lochlainnis agus Béarla (san oirdheisceart) le cloisteáil ann. Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin. Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na "Gàidheil" le fáil thiar feasta, sna Garbhchríocha, in Inse Gall agus feadh Mhaol na nGall. Na Gaeil sa bhaile. Má tá ceangal idir cine agus teanga, is léir gur ar éigean atá na Gaeil ann inniu. Tá Gaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban ag meath i gcónaí, agus cailleadh an cainteoir dúchais deireanach ar Oileán Mhanann sna seachtóidí. In Éirinn tháinig an meath mór sa 19ú haois thar aon aois eile; bhí an dátheangachas (nó saghas dátheangachais) ag fás, bhí an Béarla i réim i gcúrsaí poiblí, agus ba é an Drochshaol an babhta marfach. In Albain (Inse Gall agus na Garbhchríocha) sa tréimhse chéanna is beag baint a bhí ag an teanga in intinn na ndaoine le dul chun cinn, agus ní dhearnadh freastal uirthi. Meas béarlagair a bhí ar an teanga in Oileán Mhanann; b'fhearr duit Béarla. Na hÉireannaigh. Sa bhliain 2006 ba í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail agus an tí ag 3% den daonra. (4,422,100 duine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2008). Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 80,000 cainteoir dúchais ann (cé go mbeadh a bhformhór meánaosta nó ina seandaoine). Sa bhliain 2007 mheas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh timpeall 17,000 duine le fáil i gceantair mar a raibh neart Gaeilge á húsáid. Ach tá an meath ar siúl sa Ghaeltacht gan stad fiú ó bunaíodh an Stát – ó 250,000 cainteoir líofa sa Ghaeltacht ansin go dtí timpeall 30,000 anois (má tá a líon chomh mór sin féin). Lasmuigh den Ghaeltacht bhí an Stát ag brath ar na scoileanna riamh chun ‘Gaeil Nua’ a dhéanamh. Theip air sin; tá daltaí na hÉireann ag foghlaim Gaeilge de dheoin nó d’ainneoin le timpeall seachtó bliain, agus gan ach Béarla ag a bhformhór mór tar éis an tsaoil. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá borradh ag teacht faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu de bharr scolaíocht lánGhaeilge. Astu sin a fáiscfear an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais. Tá an teanga ag lonnú i measc cuid den mheánaicme chathrach, go háirithe sna cathracha móra - Baile Átha Cliath sa deisceart, Doire agus Béal Feirste sa tuaisceart. Dream uirbeach na Gaeil feasta, cé gur deacair a líon a mheas faoi láthair. Na hAlbanaigh. In Albain tá líon na gcainteoirí dúchais ag dul i laghad i gcónaí, ach tá líon na ndaoine le Gàidhlig mhaith ag dul i méid i nDún Éideann agus i nGlaschú, áiteanna a bhfuil tumoideachas ar fáil. Bhí 58,652 cainteoirí Gàidhlig ann sa bhliain 2001, de réir an daonáirimh (sin 1.2% den daonra os cionn trí bliana d’aois). Sin laghdú timpeall 7,300 duine (11% den iomlán) ó dhaonáireamh 1991. In Inse Gall atá an chuid is mó de chainteoirí fós, ach níl céatadán is airde ná 61% le fáil ann. Is cosúil go mbeidh sláinte na Gàidhlig ag brath ar an meánaicme feasta, mar a tharla cheana in Éirinn. Béarla ar na hoileáin, Gàidhlig sna sráideanna. Na Manannaigh. San 19ú haois is mó a mheath an Mhanainnis, mar theanga (mar a síleadh) gan feidhm gan éifeacht; ach sa bhliain 1899 bunaíodh "Yn Çheshaght Ghailckagh". Nuair a cailleadh na cainteoirí dúchais deireanacha i lár an 20ú haois bhí daoine eile ag foghlaim na teanga. Anois tá tumoideachas le fáil i mbunscoil amháin agus an Mhanainnis á múineadh mar theanga bhreise i scoileanna eile; is féidir céim sa teanga a fháil ó Choláiste Mhanann agus ó Lárionad an Léinn Mhanannaigh. I gcúig cinn de na naíscoileanna baintear feidhm as Manainnis amháin, a bhuíochas sin ar chomhlacht darb ainm "Mooinjer Veggey". Is féidir a rá anois go bhfuil Gaeil arís i Manainn, más í an teanga féin an tomhas.
3,553
Erwin Rommel. Bhí Erwin Johannes Eugen Rommel (rugadh 15 Samhain 1891 agus d'éag 14 Deireadh Fómhair 1944) ina cheannasaí ar an arm Gearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda. Thóg sé páirt in san Chéad Chogadh Domhanda. El Alamain. Bhain Rommel an cháil is mó amach mar cheannasaí ar an arm Gearmánach a throid in aghaidh na Sasanaí san fhásach i dtuaisceart na hAfraice. De bharr a dul chun chinn in aghaidh Montgomery, an ceannaire Sasanach, ghlaodh "Sionnach an Fhásaigh" air. (Gearmáinis: ). Faoi dheireadh bualadh é ag cath El Alamain. D'fhill sé ar an Ghearmáin ach bhí amhras ar na Naitsithe go raibh sé bainteach leis an iarracht Adolf Hitler a mharú sa chomhcheilg ar an 20 Iúil 1944. Féinmharú. Chuir Rommel lámh ina bhás fhéin tar éis brú millteanach air ó na Naitsithe. D'fhéach Rommel le Hitler a mharú, is cosúil. Bhí na SS ar tí Rommel a dhúnmharú. Ach b’fhearr le Rommel lámh a chur ina bhás fhéin. Níor dhúirt duine ar bith focal faoi agus adhlacadh Rommel le chuile onóir.
387
Bonn (cathair). Is cathair sa Ghearmáin í Bonn. Tá an chathair suite ar bhruacha na Réine, fiche ciliméadar ó dheas de Köln i stát Nordrhein-Westfalen. Ba phríomhchathair na Gearmáine Thiar í Bonn ón mbliain 1949 go 1990. Bhí sí mar shuíomh rialtas na Gearmáine aontaithe ó 1990 go 1999. Thosaigh institiúidí rialtais ag bogadh ó Bhonn go Berlin sa bhliain 1998. Bogadh an dá theach de pharlaimint, an Bundestag agus an Bundesrat chomh maith leis an tseansailéireacht agus áit chónaithe an Uachtaráin. Is lárionad polaitíochta agus riaracháin í Bonn fós mar d'fhan timpeall leath de rinn an rialtais sa chathair agus athlonnadh roinnt gníomhaireachtaí rialtais ó áiteanna eile sa tír go Bonn freisin. Bronnadh an teideal "Cathair Chónaidhme" uirthi chun aitheantas a thabhairt dá stádas. Tá 16 institiúid de na Náisiúin Aontaithe lonnaithe i mBonn faoi láthair. Rugadh Ludwig van Beethoven i mBonn sa bhliain 1770.
360
Baile na Caillí. Sráidbhaile in Éirinn is ea Baile na Caillí. Tá an baile suite i gContae an Chláir.
42
Baile Uí Bheacháin. Sráidbhaile in Éirinn is ea Baile Uí Bheacháin. Tá an baile suite i gContae an Chláir. Tá na foilsitheoirí leabhair Moinín lonnaithe i mBaile Uí Bheacháin. An nGaelainn i Bhaile Uí Bheacháin. I 2011 dúirt 184(40.1%) duine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Uí Bheacháin go raibh an nGaelainn acu. Dúirt deichniúr(2.1%) go n-úsáideadar an nGaelainn go laethúil lasmuigh den córas oideachas. Tagairtí. http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=ED&Geog_Code=16010&CTY=16
227
Baile Uí Bheoláin. Sráidbhaile in Éirinn is ea Baile Uí Bheoláin. Tá an baile suite i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 152 dhuine i mBaile Uí Bheoláin sa bhliain 2011.
79
Carraig an Chabhaltaigh. Sráidbhaile in Éirinn is ea Carraig an Chabhaltaigh (Béarla : Carrigaholt). Tá an baile suite i gContae an Chláir. Rugadh Eoghan Ó Comhraí ag Dún Átha in aice le Carraig an Chabhaltaigh.
85
An Chreatalach. Sráidbhaile in Éirinn is ea an Chreatalach. Tá an baile suite i gContae an Chláir.
38

Irish Wikipedia - Vicipéid (Gaeilge)

This dataset is generated from the 20240501 wikimedia dump.

The "text" column is obtained by combining the article_title and article_text from each wikipedia article, as follows:

text = f'{article_title}. {article_text}'

Token_count is obtained by using the Llama 3 tokenizer.

License

This dataset is derived from content from Wikipedia, licensed under CC BY-SA 3.0. The original content is available at https://ga.wikipedia.org/.

Downloads last month
188
Edit dataset card

Models trained or fine-tuned on Trelis/gawiki