text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
J. M. W. Turner. Ba ealaíontóir Rómánsúil Sasanach é Joseph Mallord William Turner. Rugadh é i Maiden Lane in Covent Garden, Londain, ar an 23 Aibreán 1775. William Gay Turner ab ainm dá athair agus Mary Marshal ab ainm dá mháthair. Tháinig tinneas intinne ar a mháthair agus é óg, b’fhéidir de bharr bhás a dheirféar óige agus iníon a mháthar, Helen Turner. Fuair sí siúd bás in Bedlam, teach na ngealt. D'fhág an scéal seo an teaghlach chomh suaite sin gur cuireadh Turner go dtí teach a uncail ar thaobh a mháthar in Brentford, baile a bhí tamall siar ó Londain ar bhruach Abhainn an Támais. Is anseo a tháinig suim aige sa phéintéireacht. An bhliain dár gcionn chuaigh sé ar scoil in Margate ar chósta Kent. Chuaigh sé isteach i scoil ullmhúcháin Acadamh Ríoga n hEalaíona sa bhliain 1789 agus é ceithre bliana déag d’aois, agus ghlac an tAcadamh leis an bhliain dár gcionn. Ar dtús chuir sé suim san ailtireacht, ach d'áitigh an t-ailtire Thomas óg Hardwick air leanúint den phéintéireacht. An bhliain dár gcionn taispeánadh an chéad uiscedhath ag Turner ag an Taispeántas Samhraidh. Sa bhliain 1796 taispeánadh an chéad phictiúr ola a rinne sé, "Iascairí ar an bhFarraige". In ainneoin a ndearna Turner de phictiúir iontacha ola, is iad a chuid uiscedhathanna tírdhreacha na saothair is mó clú dá chuid. Tugtar "ealaíontóir an tsolais" air. Tá an-cháil ar fad ar na bpictiúr a rinne sé den "Téméraire" agus í á tarraingt chun áit a briste, pictiúr atá le feiceáil i nDánlann Náisiúnta Shasana, Londain. Shiúil Turner an Eoraip, taisteal a thosaigh sa Fhrainc agus san Eilvéis sa bhliain 1802, agus chuaigh sé ag déanamh staidéir sa Louvre i bPáras an bhliain chéanna. Is iomaí cuairt a thug sé ar an Veinéis freisin. Is mór an cúnamh a fuair é ó Walter Ramsden Fawkes, cara maith leis a bhí ina chónaí in Farnley Hall in aice le Otley in Yorkshire. Chuaigh Turner go dtí Otley den chéad uair sa bhliain 1797 in aois a fhiche bliain. Chuaigh áilleacht an cheantair i bhfeidhm go mór air agus is minic a thug sé cuairt air ina dhiaidh sin. Fuair sé spreagadh chun "Hannabal ag Trasnú na hAlpa" a dhéanamh ó stoirm a chonaic sé agus é ag Farnley Hall. Ba mhinic Turner ar cuairt ag George O’Brien Wyndham, an Tríú Iarla Egremont, i dTeach Petworth in West Sussex. Rinne sé pictiúir den cheantar máguaird agus de cheantar Sussex ar fad. Nuair a chuaigh Turner in aois d’éirigh sé saghas aisteach. Is beag dlúthchara a bhí aige seachas a athair, a bhí in aontíos leis le tríocha bliain. D'fhág bás a athar sa bhliain 1822rian an-trom air, agus ó shin amach thagadh babhtaí gruaime air. Níor phós sé riamh ach bhí beirt iníon aige le Sarah Danby, iníon a rugadh sa bhliain 1801 agus iníon eile a rugadh sa bhliain 1811. Fuair sé bás i dteach Danby ar an naoú lá déag de Nollag 1851.
1,072
Buí. Feiceann tú an dath buí nuair a fheiceann tú solas le tonnfhad ceannasach idir 570–580 nm. Príomhdhath dealaitheach is ea é.
54
Seán Ó Mainnín. Dornálaí ab ea Seán Ó Mainnín nó Rocky Ros Muc ("Sean Mannion") a rugadh i Snámh Bó, Ros Muc i gContae na Gaillimhe ar an 6 Deireadh Fómhair 1956 agus duine de na dornálaithe Éireannacha is fearr a sheas riamh i bhfáinne. Throid sé 57 uair, ag buachan 42 (14 "knock-out"), chaill sé 14 (3 knock-out"), agus troid amháin a bhí ar chomh-scór. Mar sin throid sé i 440 babhta, le céatadán "knock out" de 24.56%. Chaith Seán go leor dena shaol idir Bostún, Mheiriceá agus Ros Muc. Faoi láthair tá sé ar ais i Ros Muc mar thraenálaí ar chlub dornálaíochta Mike Flaherty. Ba é an troid i gcoinne Mike McCallum ar an 19 Deireadh Fómhair 1984, i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac, an troid ba mhó i saol dornálaíochta Sheáin. Ba le haghaidh an chraobh mheánmheáchain an troid seo. Chaill sé an troid, áfach, ach tugtar creidiúint do Sheáin Ros Muc a chuir ar an mapa. Bhí ainm Ros Muc scríofa go hornáideach ar bhásta a dhráir dhornála agus ainm Ros Muc os comhair an tsaoil mhóir.
394
John Key. Polaiteoir na Nua-Shéalainne is ea John Phillip Key (r. 9 Lúnasa 1961). 38ú Príomh-Aire na Nua-Shéalainne a bhí ann (2008–2016) chomh maith le ceannaire Pháirtí Náisiúnta na Nua-Shéalainne (2006–2016). Rugadh é in Auckland sa bhliain 1961 ar an naoú lá de mhí Lúnasa. Toghadh é mar bhall de Theach na nIonadaithe sa bhliain 2002. Tháinig sé i gcomharbacht ar an bpolaiteoir Don Brash mar cheannaire an Pháirtí Náisiúnta sa bhliain 2006. Toghadh é mar phríomh-aire na Nua-Shéalainne i mí na Samhna, 2008.
213
Coláiste an Eachréidh. Is Gaelcholáiste é Coláiste an Eachréidh atá suite i mBaile Átha an Rí i gContae na Gaillimhe. Bunaíodh an scoil i mí Lúnasa sa bhliain 2006 faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Scoil chomhoideachais agus ilchreidmheach is ea í. Síneann an scoilcheantar ó Órán Mór go Baile Locha Riach, ó Bhaile Átha na Sluaighe go Tuaim, agus ó dheas go dtí Gort Inse Guaire.
163
Cnoc na gCaiseal. Sráidbhaile in iardheisceart na hÉireann is ea Cnoc na gCaiseal. Tá an sráidbhaile suite i dtuaisceart Chiarraí. Bhí 721 duine ina gcónaí i gCnoc na gCaiseal sa bhliain 2006. Peil. Bunaíodh cumann peile Chnoc na gCaiseal sa bhliain 1932. D'imir Jack McElligott, Eddie Walsh, Eddie Roche, Seán O Connor, Seán McElligott, Jack O Connell, Éamonn Walsh agus Mike Brosnan le foireann Chiarraí. D'imir Bertie agus Jack Murphy le hÁth Cliath (agus Cúige Laighean), John Fitzgerald le Cill Dara, Tim O Connor le Loch Garman agus Denis Roche le Tiobraid Árann.
216
Brosnach. Sráidbhaile in iardheisceart na hÉireann is ea Brosnach. Tá an sráidbhaile suite i dtuaisceart Chiarraí i ngar d'Oileán Chiarraí. Cuid de Shliabh Luachra atá ann. Faoi láthair, tá timpeall is 1200 duine ina gcónaí i mBrosnach. Tá dhá eaglais, dhá scoil, oifig poist agus cúig thigh tábhairne suite sa pharóiste. Tá sé suite gar do chontaetha Chorcaí agus Luimnigh agus do na bailte seo a leanas: Cnoc na gCaiseal agus Oileán Ciarraí i gContae Chiarraí, Mainistir na Féile agus Cnoc Uí Choileáin i gContae Luimnigh, Baile Deasumhan agus Séipéal na Carraige i gContae Chorcaí. An Ghaelainn Thraidisúinta i mBrosnach. Bhí cainnteoirí dúthchasacha Gaeiilge fós le cloisint i mBrosnach agus sa cheantar timpeall uirthi san fhichiú haois: aon trian de mhuintir an pharóiste sa bhliain 1911. Bhí Gaolainn le cloisint ann fiú sna 1930í agus tháinig an tOllamh Ó Cuív ar chainteoirí Gaolainne cóngarach go leor don sráidbhaile ina dhiaidh sin arís, sa mbliain 1949.
405
An Ionúitis. Is í An Ionúitis (ᐃᓄᒃᑎᑐᑦ) an t-ainm a thugtar ar na teangacha Ionúitise ar fad a labhraítear i gCeanada. Tugtar aitheantas don Ionúitis mar theanga oifigiúil i Nunavut agus i gCríocha an Iarthuaiscirt agus tá aitheantas dlíthiúil tugtha ag Nunavik (ceantar i Quebec). Labhraítear an teanga seo ó thuaidh de "líne na gcrann", ceantair i dTalamh an Éisc agus Labradóir, Québéc, Manitoba ina measc. Tá sí níos forleithne sna Chríocha Nunavut, agus Críocha an Iarthuiscirt, agus cósta an Iúcáin. Canúintí. Críocha an Iarthuiscirt agus an Iúcáin. Glaoitear Ionúitigh nó Inuvialuit ar na hIonúití atá ina chónaí sna Chríocha Iarthuiscearta agus den cuid is mó tá siad ina chónaí sa Réigiún Lonnaithe na nIonúiteach atá ar an gcósta Artach. Gaoitear ‘’’Inuvialuktun’’’ ar an ngrúpa canúintí a labhraítear sa réigiún seo, ach tá na trí chanúintí atá sa ghrúpa seo an difriúil óna chéile. Nunavut. Is í Nunavut an réigiún is mó sa domhan Ionúiteach. Tá ceithre teanga oifigiúil ag Nunavut: Béarla, Fraincis, Inuktitut agus Inuinnaqtun, ach níl sé soiléir go bhfuil Inuktitut agus Inuinnaqtun ina dteangacha difriúla nó canúintí don teanga céanna. Uaireanta úsáidtear "Inuktitut" le cur síos a dhéanamh ar an dá teanga. Tá thart ar 24,000 Ionúití ina gcónaí sa chríoch agus tá Inuktitut ag 80% acu (3,500 acu a labhair Inuktitut amháin). Dár leis an daonáireamh 2001, tá an teanga níos coitianta i measc na seandaoine ná na daoine óga agus go bhfuil stop churtha le cúlú an teanga agus tús le fás an teanga arís.
629
Smithsonian Institution. Is ionad taighde agus oideachais de chuid SAM é an Smithsonian Institute. Tá ocht n-iarsmalann déag, chomh maith leis an nGáirdín Ainmhithe Náisiúnta, ina mbaill den Smithsonian. Mar sin, 'sé sin an coimpléasc iarsmalainne is mó ar domhan é. Bhí níos mó ná 142 milliún nithe faoina gcúram sa bhliain 2005. Cruthaíodh é ar an 10 Lúnasa 1846 go reachtúil, as oidhreacht an eolaí Shasanaigh James Smithson a fágadh ina uacht ag an stát Meiriceánach sa bhliain 1829. Bunaíodh é i Washington, D.C. chun "eolas domhanda a threisiú agus a scaipeadh'. Tá ról lárnach aige sa taighde, oideachas, ealaíon, stair, fisic, seandálaíocht, bitheolaíocht, agus neart réimsí eile. Déanann an Institiúid urraíocht ar chuid mhaith taighde i réimsí leathana eolais. Tá naoi roinn den iarsmalann Smithsonian lonnaithe ar an dá thaobh den National Mall i Washington DC.
327
Droimeanach. Is bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath é Droimeanach. Tá sé suite i ndeisceart na cathrach agus é ag críochantacht le Baile Bhailcín, le Cromghlinn, le hInse Chór agus leis an gCanáil Mhór. Tá an bruachbhaile i gceantar poist Bhaile Átha Cliath 12. Tá caisleán de chuid na Normannach, "Caisleán Dhroimeanaigh", suite sa cheantar. Tá "Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn" suite i nDroimeanach (d'ainneoin a ainm). Daoine. Daoine a tógadh i nDroimeanach:
192
Réaltmhéadracht. Baintear feidhm as an réaltmhéadracht chun tomhas cruinn agus míniú a dhéanamh ar shuíomh agus ar ghluaiseachtaí na réaltraí agus coirp neamhaí eile. Sa lá atá inniu ann bíonn an t-eolas a aimsítear trí thomhais réaltmhéadrachta an-tábhachtach le haghaidh taighde sa chinéimitic agus i mbunús ár nGrianchórais agus ár réaltra, Bealach na Bó Finne.
147
Jonathan Swift. Scríbhneoir agus duine daonnachtúil Angla-Éireannach ab ea Jonathan Swift (30 Samhain 1667 – 19 Deireadh Fómhair 1745), a scríobh aoir, aistí, paimfléid polaitiúla (do na Fuigeanna ar dtús, agus ansin do na Tóraithe) agus filíocht. Beatha. Ba shagart Anglacánach a athair. Tar éis a bhreithe i mBaile Átha Cliath i 1667, tógadh Swift idir Éire agus Sasana. Agus in aois sé bliain dó, d’fhreastail sé ar choláiste Chill Cheannaigh agus níos déanaí ar Choláiste na Trionóide. Bhí Swift múnlaithe ag imeachtaí a óige agus ag a thógáil, mar a bhímid go léir, agus léirigh sé láidreachtaí agus castacht na féiniúlachta Angla-Éireannaí go hiomlán. Bhí sé mar rúnaí pearsanta do William Temple i Sasana ó 1688-1692l. Bhain sé máistreacht amach in Oxford (1694) agus fuair sé post mar shagart de chuid Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma. Ní raibh sé sásta fanacht ann áfach, agus sar i bhfad d’fhill sé ar Temple go dtí uair a bháis sa bhliain 1699. Níor fhan Swift i Sasana ró-fhada théis bás Temple; bhí naimhde á chothu aige lena scríbhneoireacht polaitíochta. Chuir sé faoi i mBaile Átha Troim, Co. na Mí, ach bheadh sé sall is anall ón Mhí go Sasana go rialta. San am seo d’fhoilsigh sé "The Tale of a Tub" agus "The Battle of the Books." D’éirigh a scríbhneoireacht níos polaitiúla le linn an tréimhse seo, agus ba mhór a cháin sé na Fuigeanna. Bhí sé ag súil go mbeadh ceapachán eaglaise aige i Shasana, ach ní raibh an Banríon Áine ró-cheannúil air. Sa bhliain 1713, ceapadh Swift ina Dhéan ar Ardeaglais Naomh Pádraig, i mBaile Átha Cliath. Fuair a chairde an post dó ach ach bhí díomá ar Swift ag an am. Chas a chuid scríbhneoireacht i dtaobh cúis na hÉireann, "Proposal for Universal Use of Irish Manufacture" agus "Drapier’s Letters", rud nach raibh an rialtas róshásta faoi. Cuireadh i leith go raibh cuid dá fhoilseacháin cealgach, ach anois bhí cuma mar 'tírghráthóir' na hÉireann air. Thart ar an am seo, thosaigh sé ag scríobh a mhór-shaothar "Camchuairt Gulliver", a foilsíodh i 1726. Tháinig néaltrú ar Swift agus d'éag 19 Deireadh Fómhair 1745 i mBaile Átha Cliath.  Ar an 19 Meán Fómhair 1757, d’oscail an t-ospidéal síciatrach, Ospidéal Naomh Pádraig, le tiomnacht ó Jonathan Swift. Gaeilge agus cúrsaí in Éirinn. Jonathan Swift a cheap go ndéanfadh díothú na Gaeilge níos sibhialta ‘the most barbarous’ againn. Bhí gorta sa tír i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Swift ‘"A Modest Proposal’", leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta. “"He uses satire to put forward his own views...He put into words what everyone else was thinking."” Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael. “"A barbarous culture",” a thug sé air. “"He castigated the Irish poor, describing them as beggars, thieves and wife beaters in his sermons" ... Ach ag an am céanna, thiomnaigh sé an mhaoin lenar bunaíodh Ospidéal Naomh Pádraig i ndiaidh a bháis. Bhí an Dochtúir Patrick Delany, cara le Jonathan Swift, ar dhuine de na daoine a raibh aithne ag an file, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, orthu. Is mar gheall air sin a leagtar an t-amhrán An Breathnach ar Chearbhallán, a bhaineann le hiníon Swift, a phós ‘an Máistir Walsh’. Saothar. Cuimhnítear Swift mar an duine a scríobh na leabhair iomráiteacha seo a leanas: "Is iontach an rud é ... go bhféadfadh duine a tháinig chun suntais trí chéad bliain ó shin draíocht fós a imirt ar dhaoine agus go mbeadh moladh ag daoine dó i gcónaí. Is léiriú é sin ní amháin ar a tháirgeadh liteartha, ar litríocht í a bhí substainteach agus a raibh tionchar aici chomh maith; ach thairis sin, is léiriú é ar an rómánsaíocht, ar an leochaileacht agus ar na conthrarthachtaí a bhí san fhear é féin, ina shaol pearsanta, lena n-áirítear tomhas an chaidreamh a bhí aige le Stella agus Vanessa." Aoir. Aicmítear Swift mar dhuine de na aorthóirí próis ba mhó i stair an Bhéarla, agus suas chun dáta i gcónaí. Mar shampla, sa leabhar "Gulliver’s Travels," cuireann rí na "Houyhnhnm" ceist ar an gcuairteoir ait mar gheall ar a thír dhúchais. Cé atá i gceannas ann? Déanann Gulliver cur síos ar Phríomh-Aire na Breataine agus a thréithe. Níl an clú céanna air mar fhile. Sa chéad áit, d'fhoilsigh Swift gach rud dá chuid scríbhneoireachta faoi ainmneacha cleite, ar nós Lemuel Gulliver, Isaac Bickerstaff, M.B. Drapier, agus uaireanta eile gan ainm ar bith.
1,681
An Iáivis. Is í an Iáivis an teanga a labhraítear sna ceantair i lár agus in oirthear Iáva. Tá an teanga seo ó dhúchas ag níos mó ná 84,300,000 duine.
63
Jos. Cathair is ea Jos sa Nigéir atá suite ar Archlár Jos. Tá 510,000 duine ina gcónaí sa chathair. Stair. Fuair an chathair a hainm ó shráidbhaile darbh ainm Gwosh a bhí suite ann. Chuir cóilínigh Bhriotanacha Jos an lae atá inniu ann ar bun san fhichiú haois toisc go raibh stán le fáil sa cheantar. Tháinig borradh agus fás sciobhtha ar an gcathair. Baile turasóireachta atá ann. Le linn na 2010í, áfach, maraíodh go leor daoine mar gheall ar chíréibeacha idir Moslamaigh agus Críostaithe an réigiúin.
202
Seán Ó Céin. Iománaí rathúil ab ea Séan Ó Céin, nó "John Keane" as Béarla (18 Feabhra, 1917 - 1 Deireadh Fómhair, 1975), a d’imir iomáint lena chlub áitiúil Cnoc Sióin i gContae Phort Láirge agus le foireann idirchontae Phort Láirge le linn na 1930idí agus na 1940idí. Meastar go bhfuil sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr sa spórt riamh, agus tá áit buaite aige ar Fhoireann Iománaíochta na Mílaoise.
185
Meitreo Phrág. Is gréasán córais iompair phoiblí é Meitreo Phrág. Is fobhealach é an gréasán seo agus tá sé suite i bPrág i bPoblacht na Seice. Is é an modh iompair is tapaí timpeall na cathrach agus freastalaíonn sé ar thart is 1,5 milliún duine agus mar sin is é an séú córas meitreo is gnóthaí san Eoraip. Buneolas. Tá trí líne sa chóras agus tá dath difriúil ag baint le gach aon líne ar na mapaí agus na comharthaí: Líne A (glas), Líne B (buí) agus Líne C (dearg). Tá 57 stáisiún san iomlán (stáisiúin aistrithe is ea iad 3 acu) agus tá siad ceangailte le beagnach 60 ciliméadar d'iarnród faoi thalamh. Feidhmíonn an meitreo ó 4-5 A.M. go dtí meán oíche gach lá, le sosanna de dhá nó trí nóiméad idir traenacha le linn buaicthrátha tráchta. Úsáideann níos mó ná 620 milliún duine Meitreo Phrág gach bliain. Reáchtálann Comhlacht Iompar Poiblí Phrág ("Dopravní podnik Praha" nó "DP Praha") an meitreo. Oibríonn an comhlacht gach modh iompair phoiblí timpeall na cathrach (an meitreo, na tramanna, busanna, an funicular go Cnoc Petřín agus an t-ardú suíocháin isitigh i Zú Prág). Ón mbliain 1993, ceanglaítear an córas do thraenacha comaitéirí agus do bhusanna agus do charrlochta "páirceála agus taistil". Le chéile, cruthaíonn siad gréasán iompair phoiblí a théann a fhad ón gcathair agus tugtar "Iompar Comhtháite Phrág" orthu (Pražská integrovaná doprava—PID). Cé go bhfuil criosanna difriúla sa chóras agus go bhfuil praghsanna difriúla ag baint le gach criosanna, tá an meitreo istigh sa lárchrios go hiomlán. Tá a lán stáisiún meitreo an-mhór agus tá na bealaí isteach spásáilte réasúnta i bhfad ó chéile. Ach tugann sé sin go mearbhall do thurasóirí, go háirithe ag na croíláir mar Můstek nó Muzeum: níl sé dóthain chun dul go dtí an stáisiún ceart; ní mór do dhaoine an slí amach ceart don dromchla a roghnú freisin nó is féidir go mbeadh duine cúig nó deich nóiméad ar shiúl ón gceann cúrsa a bhí leagtha amach. É sin ráite, áfach, tá comharthaí maithe sna stáisiúin, fiú do dhaoine nach bhfuil Seicis acu. Leagan amach agus stáisiúin. Tá córas Mheitreo Phrág leagtha amach mar thriantán, agus tagann na trí líne le chéile i lár na cathrach ag na trí stáisiún aistrithe. Tá dhá halla i ngach stáisiún aistrithe, halla amháin do gach aon líne. Tá difríocht i ndoimhneacht na stáisiún (agus na líne aistrithe) go mór ón a chéile. Is é Náměstí Míru an stáisiún is domhain – tá sé 52 méadar ar doimhneacht. Polladh roinnt iarnróid d’iarann i lár na cathrach ag baint úsáid as an sciath tunaileoireacht. Polladh iarnród d’iarann lasmuigh ag baint úsáid as an modh "gearr agus clúdaigh" agus níl na stáisiúin ach cúpla méadar faoin dhromchla. Téann líne B go páirteach i dtollán gloine os cionn talon. Tá ardán aonair ag formhór na stáisiún i lár halla an stáisiúin agus freastalaíonn sé ar an dá treo. Tá síleáil díreach ag na stáisiúin fodhromchla agus tá ceann acu neartaithe le colúin. Tá tolláin níos mó ag na stáisiúin doimhneacht le tolláin iarnród ar an dá taobh. Maistear ballaí a lán stáisiún le painéil alúmanaim daite agus tá dath difriúil ag gach stáisiún. Ticéid. Córas ticéid gan cheilt is ea Meitreo Prág. Ní mór do phaisinéirí ticéad a cheannach agus a bhailíocht sula dul ar an ardán meitreo. Tá cigire faoi éide ann agus tá cead acu bailíocht an ticéid a hiniúchadh ag aon am sa limistéar ticéid éigeantach. Is féidir an ticéad céanna a úsáid ar gach modh iompair i bPrág ach amháin ticéid singil comaitéir. Cosnaíonn an bunthicéad (an ceann aistriú) 26 CZK (ón céad lá Eanáir 2008) agus is féidir taistil ar feadh 75 nóiméad (90 nóiméad i rith an tráthnóna, an deiridh seachtaine agus lá saoire stát). Cosnaíonn an ticéad gan aistriú 18 CZK agus tá sé bailíocht achar 5 stáisiún meitreo (ní chuimsítear stáisiún an bhailíocht) agus is féidir aistriú idir líne A, B agus C ach caithfidh an turas a bheith faoi 30 nóiméad san iomlán. Ó Mí na Nollaig 2007, is féidir an bunthicéad aistriú a cheannach le SMS má sheoltar DPT do 902 06 26 (oibreoirí Seiceacha amháin). Tá pasanna gearrthéarma ar fáil do thréimhse 24 uair (100 CZK), 3 lá (330 CZK) agus 5 lá (500 CZK). Ina theannta sin, tá pasanna fadtéarmach ar fáil (is gá grianghraf aitheantais) do thréimhse mí amháin (550 CZK), trí mhí (1.480 CZK) nó an pas bliantúil. Stair. Cé go bhfuil Meitreo Phrág réasúnta nua, bhí a lán pleananna ann roimhe seo chun iompar faoi thalamh a thógáil sa cháthair. Chuir Ladislav Rott an chéad tógra ar aghaidh i 1898 chun iarnród fodhromchla a thógáil. Spreag sé bardas na cathrach chun leas a bhaint as na hoibreacha séarachais a chomhlíonadh sa chathair ag an am sin. Theastaigh ó Rott go dtosnóidis ag tochailt tollán don iarnród ag an am chéile. Ach dhiúltaigh na pleanálaithe bailte, áfach. Tógra eile a chuir Bohumil Belada agus Vladimír List ar aghaidh i 1926 ab ea an chéad tógra chun an focail “Meitreo” a lua. Ach diúltadh an tógra sin chomh maith. Sna 1930idí agus 1940idí, bhí dhá plean ann – chun trambhealach faoi thalamh a thógáil (gnáthstoc rollta a rachadh faoi lár na cathrach, nó “réamh-mheitreo” mar a ghlaoitear inniu) agus “fíormheitreo” le córas neamhspleách d’iarnróid. I ndiaidh an dara Chogaidh Dhomhanda, stopadh an obair go leor cé go raibh na trí líne, A, B agus C beagnach beartaithe go léir. I dtús na 1960idí, glacadh le coincheap thrambhealaigh fhodhromchla sa deireadh agus ar an 9ú Lúnasa 1967, tosaíodh tógáil an chéad stáisiúin (Hlavní nádraží). Ach sa bhliain chéanna, bhí athrú substantiúil sa choincheap mar bheartaigh an rialtas, faoi thionchar comhairleoirí Sóivéadacha, chun córas “fíormheitreo” a thógáil in áit trambhealaigh faoi thalamh. Mar sin de, i rith an chéad bhliain, lean an tógáil ar aghaidh nuair a athraíodh an scéim go hiomlán. Osclaíodh seirbhís rialta ar an Líne C ar an 9ú Bealtaine 1974 idir na stáisiúin Sokolovská (anois Florenc) agus Kačerov. Lean an tógáil ar aghaidh go tapaidh tar éis é sin. I 1978, osclaíodh an chéad chuid ar líne A agus ar deireadh, osclaíodh líne B i 1985. Mar sin, cruthaíodh triantán le na 3 pointe trasnáil. Ó shin, síneadh na hiarnróid ón lár. Síneadh Líne B ó Nové Butovice go Zličín i 1994 agus ó Českomoravská go Černý Most i 1998. Osclaíodh na stáisiúin Kolbenova agus Hloubětín i 2001. Bhí ainmneach ag 14 stáisiúin a bhí ag baint leis an idé-eolaíocht Chumannach ach ar an 22ú Feabhra 1990, athainmníodh iad chun a bheith neodrach. Bhí busta mór Lenin sa stáisiún Leninova roimh an Réabhlóid Veilbhit ach athainmníodh é go “Dejvická”, ainm sráide in aice láimhe. San idirlinn, athchóirítear nó athraítear na seanthraein Rúiseacha. Meastar go mbeidh na traein athfheistiú i seirbhís ar feadh 15 bliain eile. Beidh athnuachan an stoic rollta déanta ag an mbliain 2007. I mí Lúnasa 2002, d’fhulaing an meitreo de thoradh bá uafásaigh a thiteadh i gcuid den mBoihéim agus limistéir eile in Eoraip Láir. Bádh 14 stáisiún agus dá bhrí sin bhí stad sa chóras iompair i bPrág. Meastar go gcostaigh an damáiste don meitreo timpeall 7 billiún CZK (thar $200 milliún). D’fhan na stáisiúin a bhádh as seirbhís ar feadh roinnt míonna. Athosclaíodh an stáisiún deireanach (Křižíkova) i Márta 2003. Cuireadh órphlataí beaga ag cuid de na stáisiúin chun leibhéal an uisce is airde a thaispeáint. Osclaíodh síneadh tuaisceartach de Líne C ar an 26ú Meitheamh le dhá stáisiúin eile – Kobylisy agus Ládví. Síneadh Líne A le déanaí níos faide thoir. Ar 26ú Bealtaine 2006, osclaíodh stáisiún cinn aistir nua, Depo Hostivař. Tógadh an stáisiún i foirgneamh de stáisiún cinn aistir a bhí ann cheana féin. Is é an chéad cuid den chórais a thógadh os cionn talún gan tollán. Síneadh Líne C le déanaí chun lár na cathrach a cheangail le na túrcheaip mór i bProsek. Osclaíodh 3 stáisiún (Střížkov, Prosek agus Letňany) ar 8ú Bealtaine 2008. Gnéithe. Ciallaíonn "Můstek", "droichead beag" agus baineann seo leis an limistéar timpeall an stáisiúin Můstek. Ní raibh tionscnamh ainm an limistéir ar eolas go dtí gur thángthas ar fhothrach droichid meánaoisigh le linn tógála an stáisiúin. Corpraíodh na fothrach sa stáisiún agus is féidir iad a fheiceáil in aice bealaigh amach iarthuaisceartach. Tá an staighre beo ag Náměstí Míru i Vinohrady timpeall 100 méadar ar fad agus, dár leis an dtógálaí, is é an staighre beo is fada in Eoraip. Maireann an turas ar an staighre beo timpeall dhá nóiméad go leith má sheastar gan bogadh. Idir na stáisiúin I. P. Pavlova agus Vyšehrad, ritheann Líne C isitgh i struchtúr bosca an Droichid Nusle thar gleann rite. Tugadh “Moskevská” (Stáisiún Moscó) ar an stáisiún Anděl go dtí 1990. D’oscail sé ar an lá céanna in 1985 ná an stáisiún Prazhskaya ar an Meitreo Moscó. Tá roinnt phíosa ealaíne bholscaireachta sa stáisiún a chuireann cairdeas Sóivéadach-Seiceslóvac chun cinn. Is iad sin na samplaí is fearr d’ealaín bholscaireachta ón ré Chumannach atá fós i bPrág. I rith an ré chumanaigh, scaipeadh ráflaí go raibh seomraí marthanas tógtha do hard-oifigigh sa rialtas i gcás ionsaí núicléacha. Tar éis titime chumannachais, fuarthas amach go raibh seomraí mar sin ann ach ní raibh siad chomh mór nó macnasach mar a mheasadh. An todhchaí. Tá pleananna ann chun líne nua, líne D (nó gorm), a thógáil tar éis críochnú fadú líne C. Nascfadh líne D lár na cathrach le deisceart na cathrach agus rachadh sé ó Hlavní nádraží (an príomhstáisiún traenach) trí cheantar Nusle síos go dtí na comharsanachtaí fo-uirbeacha Krč, Libuš and Písnice sa deisceart. Má éiríonn an scéim go maith, tosnóidh an céad cuid den líne timpeall 2013. Moladh líne E chomh maith ach níl aon rud cinnte faoin líne go dtí seo.
3,927
Stoidiaca Síneach. Is timthriall 12 bliain is ea An tStoidiaca Síneach. Tá gach bliain sa timthriall ainmnithe tar éis ainmhí agus tá pearsantacht agus tréithe difriúil agus gach ainmhí. Creidtear go bhfuil tionchar mór ag an ainmhí ar an duine agus tugann an t-ainmhí tréithe don duine i rith a shaol. Tá timthriall 5 bliana na ndúl ag rith in éineacht le timthriall na n-ainmhí, agus tá tréithe ag baint leo seo freisin.
169
Villalbos. Bruachbhaile i mBurgos, Castilla y León is ea Villalbos Rugadh laoch mór i stair na Spáinne, Abolmondar Albo, ann sa bhliain 922. Naisc sheachtracha. Villalbos
70
Liosta d’Fhilí na Gaeilge. Ag seo liosta filí a scríobh nó a scríobhann i nGaeilge. Ina measc sin tá filí Albannacha a bhain feidhm as Gaeilge liteartha an tseansaoil (Gaeilge "chlasaiceach" na scol) seachas as Gàidhlig.
96
Club Deportivo Castellón. Club peile atá suite i gCastellón, An Spáinn is ea Club Deportivo Castellón.
35
Burgos Club de Fútbol. Club sacair atá suite i mBurgos, An Spáinn is ea Burgos Club de Fútbol.
38
Meánscoil Phádraig. Tá Meánscoil Phádraig suite i nDroichead Nua, i gContae Chill Dara in Éirinn. Tá sí suite os comhar shéipéal paróiste Naomh Chonlaed. Bhunaigh Bráithre Phádraig an scoil i Sráid Charlotte ar an 26ú Lúnasa, 1958 agus 27 dalta ag freastal ar ranganna sa teach ina bhfuil bunscoil an pharóiste anois, taobh le teach an phobail. Osclaíodh an scoil san fhoirgneamh nua sa bhliain 1960 agus 48 dalta ann.
168
Ruairí Ó Conchúir. Ba gníomhaire poblachtach Éireannach é Ruairí Ó Conchúir (1883 - 8 Nollaig 1922). Cuimhnítear air mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i gCogadh Cathartha na hÉireann. Cúlra. Rugadh Ó Conchúir i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1883. Chaith sé tamall ag obair i gCeanada mar innealtóir iarnróid nuair a bhí sé óg. Tar éis dó filleadh go hÉirinn, bhí sé bainteach le polaitíocht náisiúnach na hÉireann. Ba bhall é den Ancient Order of Hibernians. Imtheorannaíodh é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916. Cogadh na Saoirse. Ceapadh mar Stiúrthóir Innealtóireachta Óglaigh na hÉireann (an tIRA) i rith Cogadh na Saoirse, 1919 - 1921. An Cogadh Cathartha. Níor ghlac Ó Conchúir leis an gConradh Angla-Éireannach a chuir Saorstát Éireann ar bun ach a chuir deireadh leis an bPoblacht Éireannach a d'fhógair Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1916. Bhí sé mionnaithe ag Ó Conchúir agus a chomhglacaithe go mbeadh siad dílis don Phoblacht. Eagraíodh coinbhinsiún d'oifigigh an IRA a bhí in éadan an Chonartha ar 22 Márta, 1922 i mBaile Átha Cliath. Dhiúltaigh siad an Chonradh agus dhiúltaigh siad do cheannas an Dála. Nuair a chuir iriseoir ceist ar Ó Conchúir an raibh siad ag iarraidh deachtóireacht mhíleata a chur ar bun in Éirinn, níor shéan sé gurb é sin a bhí i gceist acu. In Aibreán 1922, bhí Ó Conchúir i gceannas ar shlua 200 ball den IRA a d'fhorghabh na Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí siad ag súil go spreagfadh an fhorghabháil coimhlint nua leis na saighdiúirí Briotanacha a bhí fós sa tír, agus go n-athaontófaí an tIRA sa chogaíocht. Rinne Mícheál Ó Coileáin iarracht áitiú ar Ó Conchúir na Ceithre Cúirteanna a fhágáil sula thosnódh coimhlint mhíleata idir an dá thaobh den IRA. I mí Meitheamh 1922, tar éis don gharastún sa Cheithre Cúirteanna an ginearál J.J. Ó Conaill ó arm nua an Saorstáit a fhuadach, d'ionsaigh fórsaí an Saorstáit. Bhain siad úsáid as airtléire a fuair siad ar iasacht ón mBreatain. Ghéill Ó Conchúir tar éis dhá lá. Gabhadh é agus cuireadh i bPríosún Mhuinseo é. Spreag an eachtra seo an Cogadh Cathartha. Thosaigh grúpaí i bhfabhar an Chonartha agus grúpaí in éadan an Chonartha ag troid lena chéile timpeall na tíre. Curtha chun báis. Cuireadh Ó Conchúir chun báis ar an 8 Nollaig 1922. Mharaigh scuad lámhaigh Ó Conchúir agus triúr Poblachtaigh eile (Liam Ó Maoilíosa, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid). Cuireadh chun báis iad chun díoltais a bhaint amach tar éis maraithe Theachta Dála an Saorstáit, Seán Hales. Ba é Caoimhín Ó hUiginn a d'ordaigh na básanna. Níos lú ná bliain roimhe sin, bhí Ó Conchúir mar fhinné fir ag bainis an Uigingigh, rud a léiríonn an searbhas a spreag an Cogadh Cathartha.
1,128
Ecser. Sráidbhaile is ea Ecser (Slóvaicis: "Ečer") atá suite in aice le Búdaipeist san Ungáir, agus daoine de chuid an mhionlaigh Shlóvacaigh ina gcónaí ann. Rinneadh an chéad tagairt scríofa dó sa bhliain 1315.
92
An Claidheamh Soluis. Páipéir nuachtán náisiúnach Gaeilge í An Claidheamh Soluis a bhí ann ag tús an fichiú haois. Eagarthóirí. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an nuachtán sa bhliain 1899 agus ba é Eoin Mac Néill an chéad eagarthóir, ó 1899 go 1901. Bhí Pádraig Mac Piarais mar eagarthóir ar an nuachtán ó 1903 go 1909. Ainm. Nuair a tháinig an nuachtán seachtainiúil "Fáinne an Lae" faoi smacht an Chonartha i mí Lúnasa 1900, tháinig na nuachtáin le chéile mar "An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae". Lean an nuachtán ar aghaidh mar "Fáinne an Lae agus an Claidheamh Soluis" (1918–19) "Misneach" (Samhain 1919 - Iúil 1922) "Fáinne an Lae agus an Claidheamh Soluis" (1922–26), agus "An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae" (Iúil 1926 - Bealtaine 1932). Tháinig deireadh leis an nuachtán sa bhliain 1932.
354
Cill na Martra. Sráidbhaile beag in Éirinn is ea Cill na Martra. Tá Cill na Martra suite in iardheisceart Chontae Chorcaí i nGaeltacht Mhúscraí. Tá an sráidbhaile suite 48 ciliméadar siar ó thuaidh ó Chathair Chorcaí, 7 míle ó Mhaigh Chromtha agus naoi gciliméadar ó Bhaile Mhúirne. "Tuath na nDromann" a thugtaí ar Chill na Martra fadó. Scoil. Tá bunscoil amháin suite sa cheantar. Scoil Lachtan Naofa a thugtar uirthi. Is é Naomh Lachtain éarlamh an cheantair. Iompar. Tá an sráidbhaile suite timpeall is dhá chiliméadar ón mbóthair N22, agus is é Aerfort Chorcaí an t-aerfort is gaire dó. Gaelainn. Úsáideann 31% den daonra an Ghaelainn ar bhonn laethúil.
272
Abhainn an Scáil. Sráidbhaile in Éirinn is ea Abha na Scáil nó Abhainn an Scáil. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí. Tá beagnach 1,000 duine ag maireachtaint in Abha na Scáil agus an paróiste mórthimpeall air. Sa bhliain 2016 bhí 318 duine ag maireachtaint ar an sráidbhaile. Tá scata tithe tábhairne, bunscoil, bialann, café, halla, páirc caide, séipéal agus dhá shiopa ar an sráidbhaile. B'as Abha na Scáil don dtaiscéalaí Antartach cáiliúil Tom Crean. Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil Gaoluinn ag thart ar 59% de mhuintir an pharóiste, cé nach bhfuil Abha na Scáil sa Ghaeltacht. Cé gur trí Bhéarla a mhúineann bunscoil Abha na Scáil, tá cuid de dhaltaí na háite anois ag triall ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Meanscoil Gaeltachta Lán-Ghaeilge sa Daingean nó ar Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí.
350
Ard Fhearta. Sráidbhaile in Éirinn is ea Ard Fhearta. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí.
50
Mainistir Ó dTorna. Sráidbhaile in Éirinn is ea Mainistir Ó dTorna. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí.
57
Gníomh go Leith. Sráidbhaile in Éirinn is ea Gníomh go Leith. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí.
55
Clann na Talmhan. Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Clann na Talmhan. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1938 i mBaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. An phríomhaidhm a bhí ag an bpáirtí ná go mbeadh guth ag feirmeoirí na tíre sa Dáil. Aidhmeanna eile a bhí ag an bpáirtí ná obair ar leas na feirmeoirí beaga, tacaíocht rialtais a fháil don mhintíreachas, ísliú cánach ar thalamh curaíochta agus níos mó coillteoireachta. Ba é Michael Donnellan an chéad ceannaire den pháirtí. Toghadh 14 Teachta Dála don pháirtí in olltoghchán na bliana 1943 ach ní bhfuair siad ach 11 suíochán sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1944. D'éirigh Donnellan as mar cheannaire agus tháinig Joseph Blowick mar chomharba air. Ní bhfuair an páirtí ach 7 suíochán in olltoghchán 1948 ach bhí Clann na Talmhan páirteach den chomhrialtas a cruthaíodh tar éis an olltoghcháin. Ceapadh Blowick mar Aire na dTailte agus ceapadh Donnellan mar Rúnaí Parlaiminteach. Mhair an rialtas go dtí an bhliain 1951. Bhí na postanna céanna ag an mbeirt sa dara rialtas idirpháirtí idir 1954 agus 1957. Mheath an páirtí tar éis bheith mar chuid den rialtas agus ní raibh ach Blowick agus Donnellan tofa in olltoghchán 1961. Tar éis báis Donnellan sa bhliain 1964, toghadh a mhac mar Theachta Dála d'Fhine Gael san fhothoghchán. Níor sheas Blowick in olltoghchán 1965 agus b'shin deireadh an pháirtí. Bhí dearcadh réigiúnach ag an bpáirtí i gcónaí. Níor éirigh leis an bpáirtí forleathnú taobh amuigh den iarrthar nó den deisceart.
610
Julie Fowlis. Is amhránaí agus il-ionstraimí í Julie Fowlis (a rugadh sa bhliain 1979) as Uibhist a-Tuath, na hOileáin Siar, Albain, agus a chanann go príomha i nGaeilge na hAlban. Luathshaol. D’fhás Fowlis aníos ar Uibhist a Tuath, oileán sna hOileáin Siar, i nGàidhealtachd na h-Alba. Oileánaí ab ea a máthair ó chlann iascairí agus chroiteoirí a tháinig ón oileán iargúlta Heisgeir, agus ba as Baile Chloichridh ar mhórthír na hAlban ó dhúchas dá hathair. Bhí óstán ag a tuismitheoirí ar feadh blianta fada ar Uibhist a Tuath. Bhog sí lena tuismitheoirí go Siorrachd Rois ar an mórthír, nuair a bhí sí 15 bliana d’aois tar éis dá hathair post nua a ghlacadh. Bhí cónaí ar an teaghlach i Srath Pheofhair agus chríochnaigh Fowlis a meánoideachas in Acadamaidh Inbhir Pheofharain. D’fhreastail sí ansin ar Oilthigh Shrath Chluaidh i nGlaschú agus rinne sí staidéar ar an óbó agus ar an gCorn Sasanach, ag saothrú B.A. sa Cheol Feidhmeach sa bhliain 2000. Tar éis na hollscoile d’fhreastail Fowlis ar an gcoláiste Gaeilge Sabhal Mòr Ostaig ar an Eilean Sgitheanach chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus chun staidéar foirmiúil a dhéanamh ar cheol traidisiúnta na hAlban. Ina dhiaidh sin d’fhill sí ar Siorrachd Rois, ag glacadh poist leis an eagraíocht Fèis Rois in Inbhir Pheofharain mar oifigeach forbartha ceoil idir 2001 agus 2004. Gairmréim. Is ball í den ghrúpa Albanach-Éireannach, Dòchas, a bhuaigh an duais "Best Newcomer award" ag bronnadh gradaim na "Scots Trad Music Awards" sa bhliain 2004. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Fowlis a céad albam aonair, "Mar a Tha Mo Chridhe". Rinne Iain MacDonald an albam a léiriú. I ndiaidh sheoladh an albaim seo, tháinig cáil dhomhanda ar Fowliis. B'é 2005 an bhliain ba ghnóthaí i saol Julie go dtí sin, óir d'fhoilsigh ""Dòchas" albam úr sa bhliain sin fosta. Tháinig "Cuilidh" amach sa bhliain 2007 agus bronnadh gradaim air ar fud an domhain. Sa bhliain 2008, rinne Fowlis ceirnín úr a thaifeadadh le Muireann Nic Amhlaoibh, Ross Martin agus Éamon Doorley. Tugadh "Dual" ar an cheirnín. Thaifead sí leagan Ghaeilge na hAlban de "Blackbird"", amhrán de chuid The Beatles sa bhliain chéanna chomh maith. Tá sí pósta le hÉamon Doorley, fidléir sa ghrúpa traidisiúnta Éireannach Danú. Tá iníon amháin acu darb ainm Éabha. Saol pearsanta. Tá Fowlis ina cónaí in Inbhir Pheofharain, Albain lena fhear céile Éamonn Doorley, ball rialta dá ghrúpa chomh maith leis an ngrúpa traidisiúnta Éireannach Danú. Phós an lánúin i mBealtaine 2007 agus tá beirt iníonacha acu, Aoibhe (r. 2010) agus Niamh (r. 2012). Chuaigh Fowlis i mbun feachtais ar son an neamhspleáchais i reifreann neamhspleáchais na hAlban sa bhliain 2014.
1,112
Seán Óg de Paor. Iar-pheileadóir is ea Seán Óg de Paor (24 Nollaig 1970-). Rugadh de Paor sa Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Thosaigh sé ag imirt peile agus é ag freastal ar an mbunscoil áitiúil, Scoil Mhic Dara. Ina dhiaidh sin, d'imir sé le Coláiste Iarlaith i dTuaim agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhuaigh sé Craobh an Chontae leis an gCeathrú Rua uair amháin. Peil idirchontae. D'imir de Paor le foireann idirchontae na Gaillimhe ó 1991 go 2005 agus bhuaigh sé Craobh Chonnacht (5 uair) agus Craobh na hÉireann (2 uair). Duine de Shárimreoirí na Bliana ab ea é faoi dhó (1998 & 2001), agus d'imir sé peil chomhrialacha le foireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile ceithre bliana as a chéile, ó 1998 go 2001. Scríbhneoireacht. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacha a dhírbheathaisnéis, "Lá an Phaoraigh", i mí Eanáir 2008.
366
Niall Mòr MacMuireadhaigh. Bhí Niall Mòr MacMuireadhaigh (nó MacMhuirich) (c.1550-tar éis 1613) ar dhuine de na filí is déanaí a bhain le Chlann Mhuirich (sliocht an fhile chlúitigh Muireadhach Albanach Ó Dálaigh). Tháinig ceithre cinn dá chuid dánta anuas chugainn agus an dán grá aithnidiúil ‘Soraidh slán don oidhche a réir’ ina measc. De réir sheanchas an teaghlaigh, bhí ocht nginealach déag idir Niall Mòr agus Muireadhach Albanach, a tháinig go hAlbain breis is trí chéad bliain roimhe sin. Naisc sheachtracha. An Leabhar Mór: Téacs iomlán "Soraidh slán don oidhche a-réir".
252
Iain Mac a' Ghobhainn. File agus úrscéalaí Albanach ab ea Iain Mac a' Ghobhainn (1 Eanáir 1928 - 15 Deireadh Fómhair, 1998), a d’úsáid an t-ainm Béarla John Crichton Smith freisin. Scríobh sé filíocht, úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Beathaisnéis. Rugadh é i nGlaschú i bPabail bhliain 1928, ach ba as Leòdhas dá thuismitheoirí agus d'aistrigh an teaghlach go Leòdhas nuair a bhí sé fós óg, sa bhliain 1930. Tógadh é i bPabail, an baile céanna inar tógadh Ruaraidh MacThòmais agus Anne Frater. Is í Gaeilge na hAlban a phríomhtheanga. Fuair a athair bás leis an eitinn. Chuaigh sé go Sgoil Phabail, Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh agus sa bhliain 1949 bhain sé céim amach sa Bhéarla ó Oilthigh Obar Dheathain. Rinne sé seirbhís náisiúnta agus tar éis na seirbhíse, d'oibrigh sé mar mhúinteoir i mBruaich Chluaidh agus ar feadh mblianta, in Oban. D'fhág sé Àrd-Sgoil an Òbain i 1977, toisc go raibh sé ag iarraidh scríobh go lánaimseartha. Nuair a phós sé Donalda Gillies Logan, bhog siad go Taigh an Uillt. Sa bhliain 1980 fuair sé OBE. Faraor, bhuail an ailse é GUS fuair sé bás i 1998, nuair a bhí sé 70 bliain d'aois. Suimeanna. Bhí suim ag Mac a' Ghobhainn in bhFuadach na nGael: pléann a úrscéal Béarla, "Consider the Lilies", an dráma Gàidhlig, An Chúirt, agus an dán Gaelach leis an téama seo.
571
An Haicléara Mánas. Téacs Gaeilge ón naoú haois déag is ea An Haicléara Mánas, agus é scríofa sa chineál Gaeilge a bhí á labhairt timpeall an Chlocháin, Co. na Gaillimhe, san am sin. Pádraig Ó Loideáin, duine de mhuintir na háite a chuaigh ar imirce go Pennsylvania, a chum an scéal, de réir dealraimh. Ba í Nancy Stenson a chuir in eagar é, agus tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 2003. An Scríbhneoir. Glactar leis gurbh é Pádraig Ó Loideáin ón gceantar tuaithe taobh thiar den Chlochán a cheap an scéal. Ar a laghad ar bith, ba eisean a chuir ar pár é. Rugadh sa bhliain 1832 é, agus ar nós go leor daoine de mhuintir na hÉireann san am, sheol sé ar an mbád bán go dtí an tOileán Úr. Bhain sé amach saoránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1872. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i mBristol i stát Pennsylvania, áit ar shíothlaigh sé sa bhliain 1929. A Chuid Gaeilge. Cainteoir dúchais a bhí ann, agus ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige. Mar sin, bhí sé i dtuilleamaí litriú an Bhéarla leis an lámhscríbhinn a bhreacadh síos. An cineál Gaeilge a chleacht sé, ba é a chanúint dúchais é, agus is féidir linn a lán a fháil amach faoin gcanúint seo, toisc go bhfuil sí litrithe go cruinn de réir an fhuaimnithe. Inniu, níl a dhath fágtha de Ghaeilge dhúchasach an Chlocháin, ach is follasach go bhfuil canúint an Loideánaigh an-chosúil le caint na ndaoine i gCúige Chonnacht inniu, nó leis an leagan liteartha de na canúintí seo, ar a laghad. Níl "An Haicléara Mánas" deacair ná dothuigthe ar aon nós ag an té a bhfuil, abair, Gaeilge Oileáin Árann aige. An Scéal. Is é an Haicléara Mánas laoch (nó frithlaoch) an scéil. Tá tús an téacs caillte, ach is féidir an tátal a bhaint as an scéal gur haicléir nó siostalóir - "haicléara" i gcanúint Chonamara - atá ann, agus é ag cleachtadh a cheirde chois cladaigh in Iorras Fhlannáin. Níl sa scéal go bunúsach ach cleas magaidh i ndiaidh a chéile, agus iad á n-imirt ar an haicléir bocht ag fir óga Iorras Fhlannáin. Thar aon rud eile, cé go bhfuil cailín ag an haicléir thiar sa Chlochán, cuireann na hógánaigh d'fhiacha air bean mhíofar mhílítheach de mhuintir an chladaigh a phósadh - bean darbh ainm Nóra Mháirtín, ach is é an t-ainm is coitianta a bhíonn ag muintir na háite uirthi ná an "Pretender". Go bunúsach, scéal soléite atá i gceist leis an Haicléara Mánas, agus ní féidir a rá go bhfuil sé ródheacair ag an bhfoghlaimeoir. Tá sé i bhfad níos fusa ná an téacs aithnidiúil próis eile úd ón naoú haois déag, Cín Lae Amhlaoibh.
1,015
Cois Bá. Is bruachbhaile in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath é Cois Bá (Béarla: "Bayside"). Tá sé suite ar chósta thuaidh Bhá Bhaile Átha Cliath idir Cill Bharróg agus Cill Fhionntáin, agus é sa chríoch ag Baile Dúill. Tá an Bulla Thuaidh le feiceáil amach ó chósta Chois Bá. Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Contae Fhine Gall. Bunaíodh an ceantar sna 1970í. Ceantar cónaitheach é agus tithe dhá urlár ann den chuid is mó, iad leathscoite nó lochtánach, agus gairdíní tosaigh agus cúil acu. Tá stáisiún DART ann (Stáisiún Chois Bá), a osclaíodh ar an 11 Meitheamh 1973. Is í an bhunscoil Scoil Mhuire agus Iósaf an t-aon scoil amháin sa cheantar.
270
Blàr Sliabh a' Chlamhain. B'é Blàr Shliabh a' Chlamhain an choinbhleacht is suntasaí a tharla le linn Dara Éirí Amach na Seacaibíteach. Troideadh an cath ar an 21 Meán Fómhair 1745. Bhain arm na Seacaibíteach, a bhí dílis do mhac Rí Séamuis II, sé sin an prionsa Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, an bua amach ar arm Sheoirse II na Breataine Móire, faoi cheannas An ginearál Iain Cope. Thugtaí 'Cath Gladsmuir' air ar dtús ach troideadh an cath ar Sliabh a' Chlamhain, Lodainn an Ear, ar teorainneacha an bhaile le Tranant Cùl Choinnich. D'éirigh le na Seacaibítigh cliathán trúpaí an Rialtais a scothadh. Bhí an mheanma go hard i gcampa na Seacaibíteach i ndiaidh an bhua seo agus d'úsáideadh é mar bholscaireacht pholaitíochta. Réamhimeachtaí. I samhradh na bliana 1745, chuir an prionsa Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart ar a dtugtar go coitianta 'An t-Éilitheoir óg', tús le feachtas le haghaidh ríochtaí na Breataine agus na hÉireann a ghabháil. Bhí athair críonna an phrionsa Séamas II tráth ina rí ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. In aghaidh na gcorrlach, agus le chuidiú ó Mac Dhòmhnaill Dhuibh (Béarla:Donald Cameron of Lochiel, XIX chief of Clan Cameron) cruinnigh an Prionsa buíon airm le chéile, deichniúr duine san iomlán ar dtús, a d'fhás in uimhreacha go dtí go raibh níos mó ná 2000 Albanach ann faoi dheireadh agus mháirseáil siad i dtreo Ghleann Fhionnainn agus ansin Dún Éideann. An freagairt Hanovarach. Bhí ar an ginearál Cope, fórsaí an rialtais a ardú chun stop a chur leis an éirí amach. D'ardaigh sé earcaigh, ach bhí formhór díobh gan taithí ar bith, agus a bhí saincheisteanna eile ag cur isteach ar, lena n-áirítear breoiteachta a phríomhoifigeach marcshlua. In ainneoin seo, chreid a chuid oifigeach nach mbeadh na reibiliúnaithe sásta ionsaí a chur i bhfeidhm ar fhórsa uilig an airm, lena n-áirítear coisithe agus marcslua. Ghabh arm an Phrionsa Dún Éideann le beagán nó gan aon troid ar an 16 Meán Fómhair; thaisteal Cope, ar long as Obar Dheathain, go dtí Dùn Barra, ach bhí sé ródhéanach chun dúshlán a thabhairt dóibh. An Blàr. Ar an 20ú Meán Fómhair tháinig fórsaí Chope ar urgharda an Phrionsa. Chinn Cope seasamh ar an dtalamh a bhí bainte amach aige agus arm an Phrionsa a throid. Tharraing sé suas a chuid airm ó dheas le díog riascach chun a gcuid tosaigh, agus ballaí pháirc timpeall Teach Preston ag tabhairt cosaint dó ar a taobh dheis. Suigh sé a ghunnaí móra ar an taobh thiar den Tranent colliery waggonway, claífort íseal a thrasnaigh láthair an chatha. Thug an Leifteanant Anderson, Seacaibíteach agus mac feirmeoir áitiúil, le fios don Tiarna Seòras Moireach, go raibh bealach den scoth tríd an riasc. Ag tosú ag 4 i.n. bhog an Moireachfórsa iomlán na Seacaibíteachtaobh, iad i dtriúr fear taobh le taobh trí bhearna caol Riggonhead fada ar an taobh thoir de arm Chope. Choinneáil Cope tinte ar lasadh agus picéid ar gharda i rith na hoíche nuair a bhí na Gaeil ag bogadh ina dtreo. Ag breacadh an lae, ag a sé a chlog ar an 21ú Meán Fómhair, 1745, breathnaigh dragúin Chope 1,400 gaiscíoch na nGarbhchríoch ar an ionsaí tríd an cheo agus iad i mbun "wild Highland cries and with the bloodcurdling skirl of the pipes...".skirl bloodcurdling na píopaí ..." Thiontaigh arm Chope droim ar aghaidh chun na Gaeil a fheiceáil agus bhí siad in ann roinnt gunnaí móra a scaoileadh nuair a bhí na Gaeil in aice láimhe.
1,342
Dùn Dèagh. Is cathair agus ceantair chomhairle in oirthear na hAlban é Dùn Dèagh nó Dùn Dè (Béarla: "Dundee"). Is í an ceathrú cathair is mó sa tír, agus í suite ar bhruach tuaisceartach na habhann Tatha san áit ina ritheann an abhainn isteach sa Mhuir Thuaidh. Sa bhliain 2006, measadh go raibh 156,561 ina gcónaí sa chathair.
138
Macabaeigh. Gluaiseacht saoirse náisiúnta Giúdach ab ea na Macabaeigh (Eabhrais: מכבים‎ or מקבים, "Makabim" nó "Maqabim"; Gréigis: Μακκαβαῖοι, /makav'εï/) a chuir cogadh ar an rí Seiliúcach Aintíochas IV Eipeafáinéas agus a bhain neamhspleáchas amach d'Iosrael roimh am Chríost. Chuir na Macabaeigh an ríshliocht Hasmónach ar bhun agus bhí neamhspleáchas ag na Giúdaigh in Iosrael ó 164 roimh Chríost go 63 roimh Chríost. Bhí cáil orthu mar gheall ar an gcogadh eadarnaíoch a chleacht siad in aghaidh airm Aintíochas. Sa bhliain 63 RC ghabh an taoiseach Rómhánach Poimpéas Iarúsailéim agus chuir sé an ríocht faoi smacht na Róimhe. Lean an ríshliocht Hasmónach ar aghaidh áfach, go dtí 37 roimh Chríost nuair a rinneadh rí de Iarúsailéim den Iodúiméach Héaród Mór. Ceiliúreann na Giúdaigh Hanukkah i gcomóradh ar bhua na Macabaech ar na Seiliúcaigh agus roinnt míoriúltaí eile, chuile bhliain.
392
Muine Gall. Sráidbhaile beag i gContae Uíbh Fhailí is ea Muine Gall ("Moneygall" as Béarla). Sa Mhuine Gall, tá eaglais Chaitliceach, ceithre siopaí, oifig an phoist, bunscoil, stáisiún na nGardaí agus dhá theach tábhairne. Daoine iomráiteacha. Tarraingíodh aird an domhain ar an áit bheag seo nuair a rianaíodh duine de shinsir Barack Obama, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, siar go dtí an ceantar seo. Iompar. Téann an mótarbhealach M7 in aice an tsráidbhaile. Tá stad bus i lár an baile agus déanann an bus Baile Átha Cliath/Luimneach stad ann ar a bhealach tríd. Oideachas. Tá bunscoil Chaitliceach sa bhaile. Téann na páistí go dtí Ros Cré nó An tAonach don mheánscoil.
276
Séamas Proinsias Éadbhard Stiúbhart. Ba mhac Rí Shéamuis II é an Prionsa Séamus, Prionsa na Breataine Bige, Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart (an "Old Pretender" nó an "chevalier de Saint-George" ; 10 Meitheamh 1688-1 Eanáir 1766). Rinne sé 'éileamh de cheart' ar ríchathaoireacha Shasana, na hAlban agus na hÉireann (mar Shéamus III and VIII) tar éis bás a athair sa bhliain 1701, nuair a d'fhógair a chol ceathrair, Louis XIV na Fraince, é ina rí ar Sasana, Albain agus Éirinn.
189
Séarlas Éadbhard Stiúbhart. Ar an lá deireanach den bhliain 1720, rugadh leanbh mic do rítheaghlach na Stiúbhartach sa Róimh. B' é eisean an Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart, mac Séamus VIII is III agus comharba dlítheach ar Choróin na Breataine. Bhí lúcháir ar neart daoine faoi nuacht a bhreithe, óir bhí seo ag tabhairt dóchas úr do na Seacaibítigh go mbeadh an choróin faighte ar ais ag Teach Ríoga na Stiúbhartach, a chaill siad sa bhliain 1688 agus a bhí anois ag Teach Ríoga Hanovair.
192
Paul O'Connell. Is iarimreoir rugbaí gairmiúil é Paul O'Connell ("Pól Ó Conaill") (Rugadh 20 Deireadh Fómhair 1979). D'imir sé le cúige Mumhan, le foireann na hÉireann agus le foireann "The British and Irish Lions". Rugadh i Luimneach é, agus tá Corn na hEorpa buaite aige le Mumhan sna blianta 2006 agus 2008. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta sa bhliain 2002. D'imir sé i gCorn Rugbaí an Domhain sna blianta 2003, 2007, 2011 agus 2015. Bhuaigh se an Choróin Thriarach sna blianta 2004, 2006, 2007, 2009 agus an Chathréim Mhór nó "Grand Slam" sa bhliain 2009. Sa bhliain 2005 d'imir sé leis na "British and Irish Lions" in aghaidh na Nua-Shéalainne, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann sa bhliain 2009 i gcoinne na hAfraice Theas. Snámh O'Connell nuair a bhí sé níos óige agus bhí sé go hiontach á dhéanamh. Thosaigh sé a traeináil le 'Seal Swimming Club' agus bá ea John Dempsey a múinteoir. Ansin lean sé ar aghaidh go foireann Luimneach. Freastal O'Connell ardscoil rís, Luimneach agus d'imir sé rugbaí ann le traenáilí Des Harty. Rinne O'Connell ionadaíocht ar scoileanna na hÉireann sna bliana 1997-98. Déan sé sep le himreoir rugbaí gairmiúil file, Gordan D'Arcy. Freisin, d'imir O'Connell cúig cliché rugbaí le foireann na hÉireann U21. Críochnaigh O'Connell trí as ceithre cinn blianta don innealtóireacht ríomhaireachta céim ag an ollscoil Luimnigh. Níor chríochnaigh sé an bhliain deireanach mar bhí sé ró-gnóthach le rugbaí. D'fhógair O'Connell ar an 'Late Late Show' ar an 29ú lá d'Eanáir sa bhliain 2010 go raibh a cailín, Emily O'Leary ag iompar clainne lena gcéad leanbh. Rugadh an leanbh ar an 15ú lá d'Aibreán sa bhliain 2010. Rugadh é san ospidéal Lár- Iarthair Réigiúnach Máithreachais i Luimneach. Paddy O'Connell is ainm dó. Phós O'Connell agus O'Leary ar an 27ú la d'Iúil sa bhliain 2013. Bhuail Paul agus Emily le chéile sa bhliain 2000 nuair a bhí an bheirt acu ar oíche amach i gcathair Luimnigh. Fuair O'Connell an gradam 'The Freedom of Limerick City' i searmanas sa bhliain 2012. Gortaíodh é go dona ag imirt i gCorn Rugbaí an Domhain sa bhliain 2015.
830
Abhisit Vejjajiva. Polaiteoir agus iar-phríomhaire na Téalainne is ea Abhisit "Mark" Vejjajiva (Téalainnis อภิสิทธิ์ เวชชาชีวะ, Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta: apʰisit wetɕʰatɕʰiwa) a rugadh 3 Lúnasa, 1964. Bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí na nDaonlathach ó 2005 ar aghaidh. Thogh Teach na nIonadaithe é mar 27ú príomh-aire na tíre ar 15 Mí na Nollag 2008. D'eirigh sé as an post sa bhliain 2001.
186
Staid Thamhlachta. Is í Staid Thamhlachta staid Shamrock Rovers Football Club. Tá sí suite i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath. Is í Comhairle an Chontae an t-úinéir. Ar an bpáirc sa bhliain 2022 a bhíonn Ruagairí na Seamróige agus foireann náisiúnta na mban ag imirt cluichí sacair agus iad ar a bhfód féin. Is ann chomh maith a bhíonn foireann náisiúnta sacair Faoi-21 na bhfear. Tá sé beartaithe sa bhliain 2022 coirmeacha ceoil agus imeachtaí eile a eagrú ann, ag a mbeadh slua 20,000 ceadaithe. Stair. Ar 13 Márta 2009, d'imir Shamrock Rovers i gcoinne Sligo sa chéad chluiche ag an staid nua. Bhuaigh siad an cluiche (2-1). D'aimsigh Gary Twigg an chéad chúl sa staid nua.
274
Na Gathan. Is banna rac-cheol ón Oileán Sgitheanach é Na Gathan (Na Gathanna) a bhíonn ag canadh i nGaeilge na hAlban.
49
Amharclann an Damer. Amharclann Ghaeilge ab ea An Damer a bhí suite sa Halla Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer agus a stiúir é ó 1955 go dtí 1976.Tháinig complacht proifisiúnta isteach ansin, níor dúnadh an amharclann sa bhliain 1981.Le linn an ama sin, bhí An Damer ina chuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair. Chothaigh sé lucht leanúna dílis don amharclannaíocht Ghaeilge trí mheán An Chlub Drámaíochta. Toisc ionad leanúnach a bheith ar fáil, spreag An Damer borradh sa drámaíocht amaitéarach. D'fheidhmigh an Damer mar lárionad don drámaíocht amaitéarach agus chothaigh sé na caighdeáin b’airde maidir le gach gné den ealaín. Thar aon rud eile, de bharr an dá eilimint sin a bheith ann, spreagadh scríbhneoirí chun drámaí nua a scríobh. Stair. I leabhar "An Damer: Stair Amharclainne" (Gael Linn, 2008) insíonn Máiréad Ní Chinnéide stair an Damer mar thionscadal, na daoine a bhí taobh thiar de agus an tsíor-streachailt airgeadais a bhain lena reáchtáil. Ba sa bhliain 1955 bunaíodh Amharclann Gaeilge an Damer faoi chúram Ghael Linn, eagras a bunaíodh i mBealtaine 1953. Cé nárbh é priomhaidhm an eagrais seo amharclann Gaeilge a bhunú, thuig siad cé chomh tábhachtach is a bhí Amharclann fá choinne drámaí Gaeilge amháin chun an ealáin dhúchasach / seo a chaomhnú sa chathair. Ó comhdhlúthaíodh an Comhar Drámaíochta le Amharclann na Mainistreach i 1942, bhi léiriú drámai Gaeilge faoi chúram na Mainistreach. An aisling a bhí ag Gael Linn ná go mbeadh An Damer ina hamharclann phroifisiúnta. Ina leabhar siúd, déanann Ni Chinnéide cur síos ar na hiarrachtaí a rinneadh agus ar an toradh a bhí orthu. Osclaíodh an Damer go hoifigiúil ar an 14 Samhain 1955 le léiriú ó Aisteoirí Chéitinn, Baile Atha. Cliath, faoi stiúir Mháirtín Uí Dhíomasaigh. Bliain is fiche a mhair An Damer faoi choimirce Gael Linn (1955-1976). Tháinig complacht proifisiúnta isteach sa bhliain 1978, comhfhiontar idir Bord na Gaeilge (nach maireann) agus an Chomhairle Ealaíon. Ach níor mhair sé ach ar feadh trí bliana (1978-1981). Dúnadh an Damer sa bhliain 1981. Meastar gur tháinig ann rómhall don chomplacht gairmiúil agus gurbh é tús na seascaidí an t-am ab fhearr chun tógáil ar an dúshraith a bhí leagtha ag an Damer. Daoine. Ar na drámadóirí a scríobh don Damer bhí, Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Beacháin agus Máiréad Ní Ghráda. Sa saothar seo, déantar cur síos ar na drámaí ar fad a léiríodh ar stáitse an Damer agus, i gcásanna áirithe, tugtar míreanna as léirmheasanna comhaimseartha. Bhí sé d’ádh ag an Damer go raibh stiúrthóirí gairmiúla mar Phroinsias Mac Diarmada agus Tomás Mac Anna ag obair ann. Chothaigh An Damer léiritheoirí óga den scoth, cuid acu a bheadh ag plé go gairmiúil le hobair léirithe nó aisteoireachta m.sh., Niall Tóibín, Noel Ó Briain, Seán Ó Briain, Dónall Farmer, Áine Ní Mhaoldhomhnaigh Uí Dhrisceoil agus Seán Ó Coistealbha. Thug An Damer deis don iliomad daoine a gcuid tallann aisteoireachta a thabhairt chun foirfeachta. Ar na daoine a thosaigh san Damer agus a chuaigh le gairm na haisteoireachta bhí Áine Ní Mhuirí, Máire Ní Ghráinne, Breandán Ó Dúill agus Fionnula Flanagan. Ach is cóir a aithint go raibh daoine amaitéaracha a shroich ardchaighdeán aisteoireachta, ach go háirithe Séamas Ó Tuama agus Séamas Páircéir a fuair moladh arís is arís eile as na léirithe ina raibh siad.
1,394
Máirtín Ó Stoirín. Fear spóirt Éireannach is ea Máirtín Ó Stoirín (Béarla: "Martin Storey") a rugadh sa bhliain 1964 san Abhallort, Contae Loch Garman. Chaith Ó Stoirín gairmréim fhada agus rathúil ag imirt iomána le Contae Loch Garman, agus a chlub Oulart the Ballagh. D’imir sé le foireann a chontae idir 1986 agus 2001, agus ba eisean captaen na foirne nuair a bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann sa bhliain 1996.
168
Gael Linn. Eagraíocht Gaeilge í Gael Linn a bunaíodh sa bhliain 1953 le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hÉireann ar gach aon nós ab fhéidir. anuas. Bunú Ghael Linn. Ba é an Comhchaidreamh (agus an iris Comhar) réamhtheachtaire Ghael Linn; eagraíocht do lucht ollscoile - na mic léinn agus na céimithe araon - a bhí sa Chomhchaidreamh. Bhí an Comhchaidreamh ag obair ó lár na dtríochaidí I ndiaidh Ré na Práinne, bhí athruithe móra ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shochaí na hÉireann go léir. Bhí caighdeán úr agus litriú nua ag dul i bhfeidhm ar an teanga, agus an tír féin á hoscailt don domhan mhór. Mar sin, shíl go leor daoine go raibh athchruthú agus athnuachan ag teastáil ó ghluaiseacht na Gaeilge féin. Ba í an chorrthónacht seo a thug spreagadh agus inspioráid dóibh siúd a bhunaigh Gael Linn. Ball den Chomhchaidreamh ba ea Riobard Mac Góráin agus ba é, in éineacht le baill eile, le Dónall Ó Moráin go háirithe, a bhunaigh Gael Linn ar 3 Bealtaine 1953 san Óstan Imperial i gCorcaigh. Ba iad an bheirt sin ba mhó a chuir an ghluaiseacht sin chun cinn. Ar dtús, ní raibh i gceist le Gael Linn ach scéim urraíochta. Mhol Dónall Ó Móráin go mbunófaí "linn pheile", in aithris ar na linnte sacair nó "football pools" i Sasana, ach í a bheith bunaithe ar na cluichí Gaelacha, go háirithe ar an bpeil Ghaelach. Pé brabús a shaothródh an linn rachadh sé chun sochair do na scéimeanna Gaeilge. D'íocadh na baill cineál deachú, nó "scilling na Gaeilge", in aghaidh na seachtaine. Tháinig lucht ceannais na heagraíochta le chéile an chéad uair eile ar Shráid an Fheistí, BÁC i Mí Lúnasa 1953. Dónall Ó Móráin a bhí ina chathaoirleach, agus bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ar dhuine de na daoine cáiliúla a bhí ag an gcruinniú. Daoine eile ab ea Aogán Brioscú, Máire Bhreathnach, Riobard Mac Górán, Clár Ní Dhuigneáin, agus Seán Ó Síocháin. Ceapadh an Móránach le dul ina mbun, agus ar a chomhairle siúd, thogh an coiste gnó cúigear ball den Chomhchaidreamh ina gcomhaltaí de choiste reáchtála na linnte: Fás Ghael Linn. Sé bliana i ndiaidh a bunaithe, bhí Gael Linn ag tabhairt uaithi breis is céad míle punt airgid in aghaidh na bliana le cúis na Gaeilge a chur chun cinn. Ar dtús, ní raibh i gceist ach maoiniú - is é sin, bhi Gael Linn ag tabhairt tacaíochta do scéimeanna is d'fhiontair de chuid gníomhaithe eile i saol na Gaeilge. Tháinig athrú ar an scéal seo go gasta, áfach, agus thosaigh an eagraíocht ag dréachtú a cuid fiontar féin. Ba liosta le lua ar éirigh leis an ngluaiseacht a chur i gcrích le linn Uí Mhóráin agus Mhic Górain: Bhí na gníomhaíochtaí go léir ag brath go pointe áirithe ar linn pheile a bhí bunaithe ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael. Múineadh na Gaeilge. Bhí múineadh agus teagasc na Gaeilge ar cheann de na clocha ba mhó ar phaidrín Ghael Linn riamh, ní nach ionadh. Bhí sí ar tús cadhnaíochta ag cur ranganna Gaeilge ar bun do dhaoine fásta, agus bhí sí páirteach i ndréachtú agus i dtaifeadadh an chúrsa Gaeilge a d'fhoilsigh Linguaphone, an comhlacht idirnáisiúnta a rinne speisialtóireacht ar na cúrsaí féinteagasctha teanga a bhfuil taifeadtaí ag dul leo i bhfad sula ndeachaigh na foilsitheoirí eile leis an ngnó sin. Ceannródaíocht na mórmheán. Bhí tuiscint mhaith ag Gael Linn ar thábhacht na poiblíochta agus na mórmheán cumarsáide in obair na Gaeilge. Mar sin, bhí an eagraíocht sách luath ag maoiniú déantús scannán faisnéise, go háirithe "Amharc Éireann". Is éard a bhí i gceist le h"Amharc Éireann" ná nuachtríl a chuaigh ar taispeáint ar phictiúrlanna na tíre go seachtainiúil. Roimh theacht na teilifíse, bhí tábhacht nár bheag leis na nuachtríleanna mar mheán cumarsáide, agus mar sin, ba bheart éifeachtach nuálach é "Amharc Éireann" lena linn féin. Tríd is tríd, bhí ról lárnach ag Gael Linn i nua-aoisiú agus i mórmheánú na teanga. Gael Linn inniu. Tá ceannoifig Ghael Linn suite ag 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Gaelbhratach. Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun chinn. Is féidir le gach saghas scoil páirt a glacadh sa scéim, ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile. An príomhaidhm atá ag an scéim ná chun cultúr de labhairt na Gaeilge neamhfhoirmiúil a chruthú agus a chothú i measc phocal na scoile. Cuirtear tacaíocht ar fáil do múinteoirí chun spriocanna foghlama Curaclam Teanga na Bunscoile a bhaint amach i gcomhar le plean oifigiúil na scoile.
1,791
Seacaibíteachas. Ba ghluaiseacht pholaitíochta í an Seacaibíteachas (agus tá an ghluaiseacht ann, go teoranta, go fóill) tiomnaithe do na Séamasaigh, sé sin teaghlach ríoga na Stíobhartach, a bheith athchóirithe chuig ríchathaoireacha Shasana, na hAlban agus na hÉireann. Thóg an ghluaiseacht a hainm ón bhfoirm Laidineach d’ainm an Rí Séamas II agus VII "Jacobus". Ar an taobh eile, thugtaí Clann Bhullaí (aithris ar Willy) go coitianta ar na plandóirí san ochtú haois déag. nó na hUilliamaítigh.
201
Tairbeart (Contae Chiarraí). Baile in Éirinn is ea Tairbeart. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre ar bhruach na Sionainne i gContae Chiarraí, ar an mbóthar N69 idir Luimneach agus Lios Tuathail.
81
An Ráth Mhór. Sráidbhaile in Éirinn is ea An Ráth Mhór. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i Sliabh Luachra i gContae Chiarraí, i ngar do Chontae Chorcaí. Láimh leis an Rath Mór a rugadh an Duinníneach, Pádraig Ua Duinnín. Tháinig na peileadóirí Declan O'Keeffe, Tom O'Sullivan agus Aidan O'Mahony as an Ráth Mhór.
147
An tAbhallort. Is baile beag é an tAbhallort i gcuinéir oirdheisceart na hÉireann. Tá sé suite i gContae Loch Garman díreach as an mbóthar réigiúnach R741 leathbhealach idir bailte Gorey ó thuaidh agus Loch Garman go deas. I 2016 bhí daonra de 274 ag an tAbhallort.Tá an tAbhallort ar eolas go leor ar chúiseanna éagsúla, mar shampla; spórt, cultúr agus cath 1798. Tá go leor áiseanna sa sráidbhaile seo, atá roinnte ina thrí Kyle, Raheenduff agus Kilnamanagh. I Raheenduff tá siopa gráin áitiúil Cooney’s, an siopa sráidbhaile agus an Teach tábhairne, á reáchtáil ag teaghlach Redmond ó na 1950idí. Tá áiteanna ar an dá bhaile eile; Naíonra Hyland, Iompar Henry Cleary, Marty's Bar, Ollmhargadh SPAR Corrigan, Boinn Matty Parle agus téach tábhairne Cooney's atá á reáchtáil faoi láthair ag Gary agus Birdie O'Leary. Tá gnéithe tábhachtacha eile den sráidbhaile mar an gcéanna do spórt iománaíochta agus ar éirí amach 1798 a tharla ar cnoc Abhallort. Spórt. Nuair a chloiseann an chuid is mó daoine faoi an tAbhallort cheapann siad faoi an rath a bhí acu i rith an ama leis an spórt iománaíochta. Is é an tAbhallort an Bealach (Oulart the Ballagh) an cumann lúthcleas gael áitiúla. Bhuaigh siad Craobhchomórtas Iomána Sinsearach Loch Garman ar trí uair déag, is déanaí i 2016. Is iad a gcuid príomh-iomaitheoirí a sráidbhaile in aice láimhe, Aillí na Buffairi. Tháinig cuid de na imreoirí íomanaíchta  is cáiliúla agus imreoirí na camógaíocht ó an tAbahllort an Bealach, mar shampla; Liam Dunne, Martin Storey,Keith Rossiter, Ursula Jacob agus Mary agus Una Leacy ach a phiocadh le cúpla. I dtéarmaí iománaíochta bhuaigh siad an Craobhchomórtas Iomanaíocht Sinsearach Loch Garman ar 1994, 1995, 1997, 2004, 2005, 2007, 2009- 2013 agus 2015-2016. Bhuaigh siad an Craobh Iomanaíocht Club Sinsearach Laighean sa bhliain 2015. D'iomaigh siad sa chomórtas seo freisin 1994-1995 agus  2010- 2013. Tá rath eile ann mar shampla: Buaiteoirí Craobhchomórtas Iománaíochta idirmheánach Loch Garman sa bhliain 1968, buaiteoirí Craobh Iomanaíocht Sóisearach Loch Garman i mbliainta 1967 agus2005, buaiteoirí Craobhchomórtais Iomanaíocht Faoi 21 Loch Garman i mblianta 2001, 2003, 2004, 2006 agus 2013 agus buaiteoirí i gcomhar le Aillí na Buffairi  i mblianta 1965 agus 1966, buaiteoirí Craobhchomórtais Iománaíochta Mionúr Loch Garman i mblianta 1999, 2002, 2003, 2005 agus 2015 agus buaiteoirí  i gcomhar leis Aillí na Buffairi sa bhliain 1967. An tAbhallort an Bealach cumann camogaíocht - Bunaíodh cumann camogíocht ag deireadh na 1970í. Ó bunaíodh é, tá an-rath ar an gClub, ar dtús ag leibhéal faoi aois agus ansin ag leibhéil Shóisearacha, Idirmheánacha agus Sinsearacha. D'éirigh leis an gclár teidil is mó de 5 a chéile ar an gcluiche Camogie Feile na nGael a bhaint amach ó 1998 go 2002. Gné iontach den 5 seo i ndiaidh a chéile ná go raibh ról tábhachtach ag ball foirne reatha Una Leacy sa 5 bhuaigh go léir. Bhuaigh an cumann seo dhá cheann déag de na Craobh Camogaíocht Sóisearach Loch Garman, sé Craobh Camogíocht Club Sinsearach Laighean agus dhá Craobh na hÉireann, i mblianta 2011 agus 2014. Is é an rath óg é a bheith bródúil as an mbealach ar fad a bhaint amach trí dhaoine faoi aois.Tá an cumann seo an bhrodúil as na rudaí  bhuaigh siad agus tá súil acu nach deireadh na bealaí a bhuaigh siad. Daoine Cáiliúla. "Liam  Ó Dúinn-" D’imir Liam Ó Dúinn den fhoireann Sinsearach Loch Garman agus Abhallort an Bealach. Rugadh é ar an 12 Meitheamh 1968. D’imir sé ar leathchúlaí láir le dhá fhoireann. Mar bhall d'fhoireann idir-chúige Laighean ar roinnt uaireanta, bhuaigh Ó Dúinn bonn amháin de chuid Corn an Iarnróid. Ag leibhéal an chlub, bhí sé ina bhuannóir craobhchomórtais sé-uaire le Oulart-the Ballagh. Rinne Dunne 39 seomraí craobhchomórtais do Loch Garman ar feadh a ghairm bheatha. D'éirigh sé as iomána idirchontae tar éis chríochchomórtais 2003 a thabhairt i gcrích. Tar éis é a bheith ag dul ar scor ba é bainisteoir an oulart as foireann shinsearach an bhallaigh agus foireann bheag Loch Garman. Sula dtiocfaidh sé ar bhainisteoir foireann shinsearaíochta Loch Garman i 2011. Bhuaigh sé trí réaltaí ar fad agus tá sé ar aon fhoireann a vótáladh go speisialta. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann I 1996, chun a bhuaigh sé imreoir an cluiche. Máirtín Ó Stoirín- Rugadh é ar 28 Meán Fómhair 1964. Mar gheall ar dhuine de na himreoirí is mó de Loch Garman a bhí i gcónaí ar fad, rinne Stoirín an chéad chuma ar an bhfoireann i rith chraobhchomórtais 1986 agus bhí sé ina bhall rialta de na cúig déag ag tosú go dtí go scoir sé roimh chraobhchomórtas 2001. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann I 1996. Le linn an ama sin, bhuaigh sé bonn uile-Éireann, dhá Bonn Laighean agus trí dhuais All-Star. Ag leibhéal an chlub, bhí cúigear-uaireanta buaiteoir craobhchomórtais chontae Loch Garman le an tAbhallort an Bealach . Ursula Íácób- Is urramaí camógaíochta í Ursula Íácób, buaiteoir na ndámhachtainí All Star in 2010, 2011, 2012 agus 2014. Bainn Shinsearacha uile-Éireann in 2007,  2010,  2011 agus 2012, i 2011 scóráil sí sprioc drámatúil de 52 nóiméad a d'athraigh cúrsa deiridh na hÉireann agus bua buailte do Loch Garman. Bhí sí ina imreoir den chluiche i bua leathnach deiridh Loch Garman thar Corcaigh agus ina bhall d'fhoireann na Craobhchomórtais do 2011. Le iomlán de 3-54 bhí sí ina imreoir scórála is airde i gCraobhchomórtais Sinsearach na bliana 2011. Tá sí 33 bliana déag d’aois agus bhuaigh sé 4 craobh na hÉireann, 10 craobh na Laighean le Loch Garman, a lán craobh contae Loch Garman agus dhá craoch na hÉireann lena cumann, an tAbhallort an Bealach. Máire agus Úna Léasaigh- Is iad na deirfiúracha Léasaigh dhá cheann de na himreoirí camógaíochta is cáiliúla le deich mbliana anuas. Bhuaigh an dá cheann de 4 Craobh na hÉireann le Loch Garman, dhá Craobh na hÉireann leis an tAbhallort, cúpla Craobh na Laigheann le contae agus cumann, agus bhuaigh Máire dhá All-Stars agus Úna ceann amháin.I s é Máire 31 agus Una 30. Ní rabhthas ag críochnú a n-rath chomhpháirteach a ainmniú. Dhá imreoir speisialta sa domhan camógaíochta. Stair. Is é an Cath Cnoc an tAbhallort, cuid d'éirí amach 1798, an píosa eolais is tábhachtaí a bhaineann leis an sráidbhaile. Bhí Cath cnoc an tAbhallort ar siúl ar an 27 Bealtaine 1798 nuair a chuireadh bailiú reibiliúnach de idir 4,000 agus 5,000 ar marthain 110 míleata a cuireadh ó bhaile Loch Garman chun an t-éirí amach scaipeadh i gContae Loch Garman a stampáil.Shroich an mhílíste sráidbhaile Oulart ag 2 p.m. an 27 Bealtaine. Ag fáil mais "ó cheathrar go cúig mhíle comhraiceoir" ag áitiú ar thalamh ard cnoc Oulart, d'éirigh siad chun cinn agus lean na reibiliúnaithe ar aghaidh chuig an gcruinniú mullaigh. Chreid na ceannairí reibiliúnach go mearbhall go raibh comhlacht mór de chuid marcach na seachtaine ag fanacht lena n-eitilt a chosc, agus mar sin d'iompaigh a gcuid fórsaí go géar chun aghaidh a thabhairt ar a n-namhaid agus "maraíodh an díliú iomlán i dtoll", ag fágáil ach an t-oifigeach ceannais, an Coirnéal Foote, agus ceithre cinn eile marthanóirí chun éalú dá mbonn ag Loch Garman. Thuairiscigh Foote go raibh an mhíleata ag dul chun cinn go neamhspleách, agus a bhí sásta ar a chuid orduithe, agus go ndearna na líon reibiliúnach mór mór, a bhí armtha le pikes, timpeall orthu agus go raibh siad ró-chumhachta agus gur maraíodh "líon mór" na reibiliúnaithe.Tar éis bua na reibiliúnaithe, chuaigh beagnach Loch Garman go léir ar an éirí amach. Thug fórsaí na Corónach agus sibhialtaigh dílseachta rialú ar an tuath, ag tarraingt siar go bailte cosúil le Inis Córthaidh, Gorey agus Loch Garman.
3,121
Baile Mhic Eileagóid. Paróiste in Éirinn is ea Baile Mhic Eileagóid. Tá sé suite in iardheisceart na tíre i dtuaisceart Chontae Chiarraí. Tá clú agus cáil air mar gheall ar a liathróid láimhe.
79
Bratach áise. An long nach ionann tír a cláraithe agus náisiúntacht a húinéara, deirtear go bhfuil sí ag seoladh faoi bhratach áise. Is gnách longa a chlárú faoi bhratach áise le buntáiste a ghlacadh ar chánacha ísle na tíre cláraithe. De thoradh an chleachtais seo, is iad Panama i Meiriceá Theas agus an Libéir san Afraic na tíortha is mó a bhfuil longa cláraithe iontu. Cúlra. Sa lá atá inniu ann tá níos mó ná leath de thonnáiste an domhain de longa trádála cláraithe faoi bhratach áise, nó, mar a deirtear freisin, i gclárlanna oscailte. Go traidisiúnta, roghnaíonn úinéir na loinge an chlárlann oscailte le cánacha ioncaim, uasteorainneacha meáchain agus rialúcháin oifigiúla eile a sheachaint. Mar shampla, má bhuaileann long Mheiriceánach cuan i dtír choimhthíoch le haghaidh deisiú, caithfidh úinéir na loinge cáin a íoc le rialtas na Stát Aontaithe arb ionann í agus 50 % de phraghas an deisiúcháin. De réir is mar atá an saol ag dul chun domhandais, tá coinníollacha na loingseoireachta féin ag athrú. Inniu, is deacair a rá cé acu tír a mbaineann long áirithe léi, nó ní gnó teaghlaigh í an loingseoireacht a thuilleadh ach gnó ilnáisiúnta do chomhlachtaí móra idirnáisiúnta. Sna laethanta a bhí, is minic a bhítí ag lochtú na n-úinéirí long a bhí ag glacadh buntáiste ar na bratacha áise, toisc go raibh siad ag iarraidh droim láimhe a thabhairt leis na rialúcháin náisiúnta. Inniu, áfach, tá an gnó chomh hidirnáisiúnta is go bhfuil lá na longúinéirí "náisiúnta" thart, dar lena lán, agus iad den bharúil go bhfuil sé nádúrtha ar fad bratach áise a chur ar an long. Iad siúd atá ag cur in aghaidh na mbratach áise, tá siad ag áitiú go roghnaíonn na longúinéirí an bhratach áise le nach gcaithfidís féachaint i ndiaidh an lucht oibre mar ba chuí de réir na rialúchán náisiúnta ó thaobh na slándála oibre agus na slándála sóisialta de. Is dócha go bhfuil úimléid áirithe sa cháineadh seo, ach ní féidir í a ghinearálú ar na clárlanna oscailte go léir. Stair. Ba í an "Belen Quezada" an chéad long a cláraíodh i bPanama cé nár shaoránaigh de chuid Phanama iad lucht a húinéireachta, thiar sa bhliain 1919. Cláraíodh tuilleadh long ó na Stáit Aontaithe i bPanama sa bhliain 1922. Bhí na longa coimhthíocha ar liostaí na clárlainne i bPanama ag dul i líonmhaireacht ó shin i leith, go háirithe nuair a thosaigh longúinéirí Eorpacha ag baint úsáide as an gclárlann. Nuair a bhí na 1940idí ag druidim chun deiridh, thosaigh na longúinéirí Meiriceánacha ag éirí míshásta le clárlann Phanama, agus iad den tuairim gur chóir clárlann oscailte eile a bhunú a bheadh in ann dul in iomaíocht le Panama. Tháinig clárlann oscailte na Libéire ar an bhfód sa bhliain 1948 le cabhair ó fhir ghnó Mheiriceánacha. Ba é Stavros Niarchos, an longúinéir Gréagach, a chláraigh an chéad long faoi bhratach áise na Libéire, sa chéad bhliain eile. Is é an t-ainm a bhí ar an long ná an "World Peace", "an tSíocháin Dhomhanda". Tháinig tuilleadh longúinéirí sna sálaí aige, agus mar a bhí ag teastáil ó lucht an ghnó, cruthaíodh iomaíocht nua i gclárú na long. Lochtú. Is é tuairim na gceardchumann - ar nós Chónaidhm Idirnáisiúnta na nOibrithe Iompair (an "ITF")- ná go gcuireann na bratacha áise ar chumas an longúinéara na rialúcháin oibre a sheachaint atá i bhfeidhm i dtír dhúchais na n-úinéirí, ionas go mbeidh siad in ann drochthuarastal a íoc leis na mairnéalaigh, ragobair a éileamh orthu agus faillí a dhéanamh i slándáil oibre. Ní féidir leis na ceardchumainn a mballra a chosaint ar an gcineál sin caimiléireachta, nó má tá an long ag seoladh faoi bhratach áise, is long choimhthíoch í, agus í suite taobh amuigh de dhlínse na tíre ina bhfuil an ceardchumann agus na húinéirí lonnaithe. Mar sin, ní féidir leis an gceardchumann an dlí a chur ar an úinéir. Tacaíocht. Iad siúd a thacaíonn le húsáid na mbratach áise, tá siad barúlach gur chóir do na longa trádála idirnáisiúnta bheith in ann clárú sa tír is fearr a oireann don dóigh a mbíonn long áirithe ag seoladh idir tíortha éagsúla. Nuair a chláróidh longúinéir ón Iorua a long i gclárlann oscailte, beidh teacht aige ar airgeadas poiblí na Stát Aontaithe agus ar shaineolas na longcheártaí Seapánacha, agus é ag fostú a chuid mairnéalach, abair, ó na hOileáin Fhilipíneacha, ón India nó ón tSín. Roimh theacht na gclárlann oscailte, bheadh an longúinéir Ioruach i dtuilleamaí na clárlainne náisiúnta san Iorua, na longcheártaí Ioruacha, agus na mairnéalach Ioruach.
1,817
Al Pacino. Is aisteoir agus stiúrthóir scannán Meiriceánach é Alfredo James “Al” Pacino a rugadh ar an 25 Aibreán 1940 i Harlem Thoir, Manhattan. Féachtar ar Pacino mar dhuine de na haisteoirí is mó agus is tábhachtaí riamh, mar gheall ar a chuid oibre i roinnt scannáin cáiliúla, mar shampla mar Bhain Pacino Gradam an Acadaimh amach mar Aisteoir is Fearr don scannán "Scent of a Woman" sa bhliain 1992, tar éis dó a bheith ainmnithe seach n-uaire sna blianta roimhe sin.
180
Boutros Boutros-Ghali. Ba taidhleoir Éigipteach é Boutros Boutros-Ghali (Araibis: بطرس بطرس غالي); Caireo, 14 Samhain 1922 – Caireo, 16 Feabhra 2016). Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar na Náisiún Aontaithe idir 1992 agus 1997. Mac le Boutros Ghali atá ann, Príomh-aire na hÉigipte ó 1908 go dtí gur fheallmharíodh é sa bhliain 1910. Cuimhnítear ar théarma Ghali mar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe mar cheann conspóideach, ós rud é gur theip ar an eagraíocht dul i ngleic leis an gcinedhíothú i Ruanda, an cogadh cathartha in Angóla agus na cogaidh san iar-Iúgslaiv. Is eisean an t-aon Ard-Rúnaí nár bhain an dara téarma amach.
258
Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann. Eagraíocht charthanachta dheonach i bPoblacht na hÉireann is ea Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann (as Béarla: "The St. John Ambulance Brigade of Ireland", SJAB). Mar gheall ar saincheisteanna bunreachtúla, ní lán-bhalleagraíocht de Chumann Naomh Eoin nó de hOtharsheirbhís Naomh Eoin í (ar cothrom le heagraíochtaí i dtíortha eile), ach áirítear gur "associated body" (comhlacht gaolmhar) é. Príomhaidhm na Briogáide ná cur chun cinn na garchabhrach; gabhann sí do thraenáil gharchabhrach don phobal, seirbhís gharchabhrach a sholáthar ag ócáidí, othair a hiompar agus seirbhísí cúraim don phobal a chur ar fáil. Baill shinsearacha. Coimisinéir láithreach na Briogáide ná an tUas. John Hughes. Bíonn sé i gceannas ar Leas-Choimisinéir, Ard-Cheannfort agus Coimisinéirí Chúnta, chomh maith le hOifigigh Fhoirne agus Oifigigh Cheantair. Cathaoirleach Chomhairle Bhriogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann, agus Uachtarán na Briogáide, ná an tUas. Bill Fleming. Stair. Bhunaigh an Dr (níos déanaí, an Ridire) John Lumsden an chéad rannán de Otharsheirbhís Naomh Eoin in Éirinn riamh, ag grúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903. Mar gheall ar an ról a bhí aige ag Guinness (Oifigeach Míochaine), iarradh air traenáil gharchabhrach a chur ar fáil d'fhostaithe ag Geata San Séamais; d'éirigh leis na ranganna i measc na bhfostaithe agus cláraíodh 100 garchabhróir le Rannán Geata San Séamais i 1904. Cuireadh bun le Rannán Cathair Átha Cliath, an chéad rannán a bhí oscailte don phobal, i 1905. I 1909, ceadaíodh do mhná ról a ghlacadh san eagraíocht le bunú an chéad rannán altranais.
680
Teangacha Atapascacha. Is fochraobh thábhachtach iad na teangacha Atapascacha nó na teangacha Atabascacha (tá an dá leagan, "Athapaskan" agus "Athabaskan" in úsáid sa Bhéarla féin, agus is deacair a rá cé acu is fearr) den fhine "Na-Dené". Tagann an t-ainm ó Loch Athabasca i gCeanada, agus is é is brí leis "saibhir i bplandaí", "áit a bhfuil na plandaí in aice a chéile". Ba é Albert Gallatin, an teangeolaí Eilvéiseach a chuir faoi i Meiriceá, a cheap an t-ainm seo thiar sa bhliain 1826. Labhraítear teangacha Atapascacha in Alasca, in Iarthuaisceart Cheanada, i nDeisceart Oregon agus i dTuaisceart Chalifornia, in Iardheisceart na Stát Aontaithe agus in Iarthuaisceart Mheicsiceo. Tá gaol ag na teangacha Atapascacha leis an teanga "Eyak" nó "Iyaq" a bhí á labhairt i mbéal an Copper River in Alasca go dtí go bhfuair an cainteoir deireanach bás sa bhliain 2008. Is gnách an teanga seo agus "Eyak" a lua leis na teangacha "Athapaskan-Eyak". Maidir leis an teanga "Tlingit" in Alasca, tá lúb bheag ghaoil aici leis na teangacha "Athapaskan-Eyak", agus tagann na teangacha seo go léir le chéile san fhine "Na-Dene". Le déanaí, áfach, d'aithin an teangeolaí Edward Vajda go bhfuil gaol éigin ag na teangacha seo leis an teanga "Ket" sa tSibéir. Is iad na teangacha Atapascacha ná:
496
Hipirtíoróideacht. Staid ghalrach is ea an hipirtíoróideacht a tharlaíonn de dheasca na faireoige tíoróidí a bheith ró-ghníomhach agus bíonn ró-tháirgeacht ann den shaor-hormón tíorocsaín (T4) agus/nó trí-iadaitíoróinín (T3), in imshruthú na fola. Bíonn na hormóin thíoróideacha tábhachtach ag leibhéil na gceall agus bíonn tionchar acu ar bheagnach gach fíochán sa cholainn. Feidhmíonn na hormóin mar ghníomhaíocht mheitibileacht na colainne agus tá siad criticiúil i gcomhair gnáth-fheidhme sna cealla a rialú. Nuair atá barraíocht hormón ann, is cúis leis róghníomhaíocht mheitibileachta na colainne agus faightear na comharthaí seo a leanas; seirge sna matáin, ainglis sa mhuineál agus bolgshúileacht srl. Má tá easpa fíocháin tíoróidigh ag feidhmiú mar is cuí, bíonn leibhéal an hormóin íseal agus is cúis leis an galar Hipotíoróideacht Cúiseanna. Tarlaíonn méid áirithe galar nuair atá feidhmiú an fhíocháin tíoróidigh róghníomhaíocht agus barraíocht an hormóin tíoróidigh in imshruthú na fola. Seo a leanas liosta na bpríomhghalar: Is féidir le chúiseanna eile tús a chur le Hipirtíorocsaínemacht (nó ardleibhéal an hormóin tíoróideaigh san fhuil): Go tipiciúil, bíonn céimeanna éagsúla ag TPP, agus is í hipirtíoróideacht a thagann ar dtús. Go hiondúil, ní fhanann an saghas hipirtíoróideachta seo ach ar feadh cúpla seachtain nó míosa agus ní bhíonn gá le chóireáil liachta. Comharthaí agus airí. Seo a leanas príomh-airíonna cliniciúil an duine; Bíonn siomptóim tipiciúil an ghalair seo athraitheach, toisc go mbraitheann siad ar an duine atá ag fulaing agus an méid ama a bhí an galar aige/aici, éibhlóid an ghalair agus cé chomh luath is a bhí an galar aimsithe srl. Ní fhulaingíonn tromlach na n-othar aosta ach tuirse agus cailliúint meáchain agus is é an toradh atá ar ná hipirtíoróideacht fuarchúiseach. Tarlaíonn moilliú in aibiú cnámh leanaí agus dá réir sin, bíonn claonadh acu bheith beag in airde. Aithnítear go bhfuil gaol idir an galar hipirtíoróideacht agus an galar géar-mhiaistéine (nó myasthenia gravis). Tá an galar hipotíoróideacht, sa riocht sláinteachas seo ina ghalar uath-imdhíonachta ó nádúr agus bíonn hipotíoróideacht freisin ag amuigh agus istigh ar 5% na n-othar a fhulaingíonn géar-mhiaistéine. Is annamh a thagann biseach ar othair le géar-mhiaistéine, tar éis dóibh cóireáil thíoróideach a fháil agus níl tuiscint rómhaith againn ar an ngaol idir na galair seo. Seo a leanas roinnt galar an-annamh a thaispeánann airí néareolaíocha ach bíonn amhras ann faoin a gcomhpháirteach le hipirtíoróideacht: hipirtheannas ionchráiniach ideapaiteach, scléaróis aimiotriófach chliathánach agus galair le dealramh an siondróim Guillain-Barré acu. Diagnóisiú. Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantar íomháú ar an bhfaireog ar nós scanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantar bithóipse chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidh paiteolaí ar an sampla fíocháin seo. Cóir Leighis. Ó thaobh cóir leighis tugtar cógas do dhaoine leis an oiread hormón a scaoiltear a laghdú de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidir radaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.
1,329
An Baile Thiar. Sráidbhaile i dToraigh is ea an Baile Thiar. Is sa Bhaile Thiar atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir an oileáin agus is ann atá an bhunscoil agus an mheánscoil, an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an t-óstán, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn suite.
153
Fionnbhrú. Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Fionnbhrú ("Whitehall" sa Bhéarla). Tá an bruachbhaile suite ar an mbóthar N1 idir Seantrabh agus Droim Conrach. Is é an N1 an bóthar idir Baile Átha Cliath agus an aerfort, agus a leanann ar aghaidh ó thuaidh go dtí Béal Feirste. Tá Fionnbhrú cóngarach d'ospidéal Beaumont agus d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá coláiste tríú leibhéal Coláiste Breisoideachais Fionnbhrú suite ann.
181
Javier Pérez de Cuéllar. Taidhleoir Peiriúch ab ea Javier Pérez de Cuéllar Guerra a rugadh i Líoma ar an 19 Eanáir 1920 - 4 Márta 2020. Tháinig sé i gcomharbacht ar Kurt Waldheim i mí Eanáir na bliana 1982 chun a bheith ina Ard-Rúnaí ar na Náisiún Aontaithe, an cúigiú ceann, oifig a choimeád sé go dtí an 31 Nollaig 1991. Tar éis dó a bheith éirithe as na Náisiúin Aontaithe, bhí sé san iomaíocht in aghaidh Alberto Fujimori agus é ag déanamh iarracht neamh-rathúil oifig an Uachtaráin i bPeiriú a bhaint amach sa bhliain 1995. Nuair a cuireadh Fujimori as an bpost sin sa bhliain 2000, ceapadh Pérez de Cuellar mar uachtarán agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó Shamhain na bliana sin go dtí mí Iúil, 2001. Ambasadóir Pheiriú chuig an Fhrainc é ina dhiaidh sin go dtí 2004. Bhí Pérez de Cuéllar ina bhall de Chlub Mhaidrid, grúpa de 100 iaruachtarán agus iar-phríomh-mhinistéir ó thíortha difriúla a bhfuil sé mar chuspóir acu an daonlathas a neartú agus a chur chun cinn.
401
Robin Flower. Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó Bláithín mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (16 Deireadh Fómhair 1881 - 16 Eanáir 1946). Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár. Beatha. In 1881 i Meanwood, Yorkshire, a rugadh Flower; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air. Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé ag obair i roinn na lámhscríbhinní. D'fhoghlaim Flower an teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór ina dhiaidh sin. Blianta ina dhiaidh sin arís, d'aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain go Béarla. Thiontaigh Flower "An tOileánach" le Tomás Ó Criomhthain go Béarla, faoin teideal "The Islandman" (1929), mar aon le "Seanchas ón Oileáin Tiar" (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal "Lore of the Western Isle" (1956). Chuir Flower roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea "The Great Blasket" {1924} agus "The Western Island or the Great Blasket" (1945). Tá cáil ar Robin Flower faoina shaothair eile léinn chomh maith, an Réamhrá a scríobh sé do na Dánta Grádha (1926) a chuir Tomás Ó Rathile in eagar i 1926 agus a leabhar féin The Irish Tradition (1947) - a foilsíodh bliain tar éis a bháis - ina measc. Mí-shásta i Aberystwyth, d'éag Bláithín ar 16 Eanáir 1946, agus 65 bliain d'aois slánaithe aide. Scaipeadh a chuid luaithrigh ar na Blascaoidí. Oidhreacht. Sa bhliain 2022, bhí cuid de chartlan Robin Flower bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cuimsíonn an chartlann nótaí taighde Robin Flower, aistriúcháin Bhéarla a rinne sé ar dhánta Meán-Ghaeilge agus cáipéisí éagsúla eile. Tagairtí. [[Catagóir:Filí|Flower, Robin]] [[Catagóir:Scoláirí Gaeilge|Flower, Robin]] [[Catagóir:Daoine a rugadh i 1881|Flower, Robin]] [[Catagóir:Básanna i 1946|Flower, Robin]] [[Catagóir:Na Blascaodaí]]
835
Conchur Ó Colbaird. Réabhlóidí Éireannach ab ea Conchur Ó Colbaird, Cornelius Colbert nó Con Colbert (19 Deireadh Fómhair 1888 – 8 Bealtaine 1916). Ba é an captaen é ar Chomhplacht F an Ceathrú Cathlán agus ba é a bhí i gceannas ag drioglann Lána Marrowbone nuair a ghéill siad an Domhnach 30 Aibreán 1916. Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916 mar gheall ar an pháirt a bhí aige in Éirí Amach na Cásca. Tús a Shaoil. As Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh dó. D'éirigh sé sáite sa náisiúnachas agus Fianna Éireann agus é ag obair le Pádraig Mac Piarais i Scoil Éanna i mBaile Átha Cliath. Roimh an Éirí Amach bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na poblachta, bhí sé i bhFianna Éireann agus sna hÓglaigh. Sa bhliain 1913, bhí sé ar na chéad daoine a chuaigh isteach in Óglaigh na hÉireann, agus níorbh fhada go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta chomh maith. Bhí Colbert thar a bheith cráifeach. Mar sin, níor chaith sé agus níor ól sé. Imeachtaí 1916. Le linn an Éirí Amach, bhí Ó Colbaird ina chaptaen ar Chomplacht F de Cheathrú Cathlán Óglaigh na hÉireann, lonnaithe ag drioglann Watkins ar Shráid Bhaile Átha Fhirdhia, soir ó Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Faoi thráthnóna Dé Máirt ba léir nár bhain tábhacht straitéiseach le Drioglann Watkins ach oiread le Drioglann Roe. Dá bhrí sin, chinn an Captaen Colbert agus a chomplacht dul chomh fada leis an gCaptaen Séamus Murphy a bhí lonnaithe ag Drioglann Jameson. Thréig an Captaen McCarthy Drioglann Roe agus chuaigh roinnt dá chomplacht chomh fada leis an ngarastún ag Drioglann Jameson. Grúpa de 21 a bhí i gceist ag an tús ach bhí borradh mór tar éis teacht ar an méid sin de bhrí gur tháinig na complachtaí ón dá urphost eile, mar aon le baill de Chumann na mBan, agus fir a bhí déanach ag triall ar an áit. Bhí radharc ó gharastún Jameson ar shuímh áirithe laistigh d’Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus bhí deis acu tacú leis an ngníomhaíocht go pointe. Chomh maith leis sin, d’éirigh leis moill a chur ar an trácht míleata go pointe áirithe, ach ní raibh mórán tionchair aige ar thoradh an Éirí Amach. Lámhachadh Ó Colbaird ar 8 Bealtaine 1916. Oidhreacht. Tá an stáisiún traenach i Luimneach agus Bóthar Con Colbert i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó.
911
Dimóna. Cathair Iosraelach is ea Dimona (Eabhrais: דִּימוֹנָה‎). Tá sé suite sa Ghaineamhlach Negev, 36 ciliméadair (22 míle) taobh theas don Beersheba agus 35 ciliméadair (22 mi) taobh thiar den Mhuir Mharbh taobh thuas den Gleann Arava sa Cheantar Theas Iosraelach. An comhaireamh daonra ag deireadh 2007 ná timpeall 33,600.
143
An Bíobla as Gaeilge. Bhí aithne ag na Gaeil ar an leagan Laidine den Scrioptúr Naofa ón uair a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn sa chúigiú haois. Ach ní raibh aon leagan Gaeilge den Bhíobla ann go dtí deireadh na séú haoise déag, tráth ar bheartaigh an Eaglais Bhunaithe, Eaglais na hÉireann, an Tiomna Nua a aistriú. Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682. Chomh maith céanna, bhain conspóid mhór le foilsiú an tSean-Tiomna i nGaeilge i lár an 17ú haois. Níor cheadaigh an eaglais Chaitliceach aistriúcháin ón Laidin ar an Bhíobla. Ag an am céanna, cheap Eaglais na hÉireann gur cheart gur i mBéarla seachas i nGaeilge ba chóir paidreacha na hEaglaise Protastúnaí a bheith á léamh ag muintir na hÉireann. Mar sin ní raibh deis ag an Bíobla as Gaeilge dul i gcion ar dhaoine in Éirinn, Is mór idir an scéal seo agus stair na Breataine Bige 16ú haois. Ullmhaíodh cló-aghaidh Ghaelach chuige seo agus ba é Seán Ó Cearnaigh a d’úsáid í chun Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma a phriontáil. Eisean agus beirt chléireach eile, Nioclás Bhailís agus Fearganainm Ó Domhnalláin, a chuir tús leis an obair aistriúcháin féin. Ach ba é Uilliam Ó Domhnaill, a bhí le bheith ina Ardeaspag ar Thuam ina dhiaidh sin, a chuir an obair i gcrích agus a d'fhéach chuige gur foilsíodh an leabhar. Maítear go bhfuil an leagan Gaeilge seo den Tiomna Nua bunaithe ar an mbuntéacs Gréigise, rud a thugann léamh mionchruinn an téacs le fios chomh maith. Chuaigh an Domhnallach go Londain chun cóip den leabhar a bhronnadh ar Eilís I. Ach ní fios ar tugadh an leabhar di sular shíothlaigh sí. Leagan Walsh agus Bedell. Sna 1630í, i ndiaidh do William Bedell é a spreagadh chun oibre, chrom Muircheartach Ó Cionga ar an Sean-Tiomna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, agus é i dtuilleamaí Bhíobla Shéamais mar bhuntéacs. Cé gur cailleadh Bedell sula ndeachaigh an leagan seo i gcló, níor ligeadh an saothar i ndearmad. Thug Denis Sheridan agus Henry Jones don iar-Íosánach Andrew Sall é. In Oxford a bhí cónaí ar Sall. Ach d’fhill sé ar Éirinn nuair a d’iarr Robert Boyle air cuidiú le haistriú na scrioptúr go Gaeilge. D’íoc Boyle as Tiomna Nua Uí Dhomhnaill a chur in athchló. Scríobh Sall réamhrá i mBéarla don leabhar seo a bhí bunaithe ar an mbrollach i dTiomna Nua Fraincise na Jansenach. Cé gur scoláirí Éireannacha ó Choláiste na Tríonóide a scríobh an Tiomna Nua seo (an dara leagan Gaeilge), is i Londain a foilsíodh é, sa bhliain 1682. Robert Everingham a d’fhoilsigh é, agus baineadh úsáid as cló-aghaidh nua Ghaelach a d’ullmhaigh Joseph Moxton. Trí bliana ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh Everingham an leagan Gaeilge den Sean-Tiomna. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685. Arís, is i mBaile Átha Cliath a scríobhadh agus i Londain a foilsíodh é. Ba é Aodh Ó Raghallaigh, scoláire Éireannach a d’fhostaigh Boyle, a chuir an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua in eagar faoi aon chlúdach amháin sular cuireadh i gcló iad. Bhí na hApacrafa i leagan Bedell. Ach ó tharla gur Phiúratánach é Boyle, chuir sé in aghaidh a bhfoilsithe. Foilsíodh 500 cóip de Shean-Tiomna Bedell, agus tháinig 420 de na cóipeanna sin go hÉirinn, cé gur scriosadh formhór na mbíoblaí sna blianta ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1690, réitigh agus d’fhoilsigh Robert Kirk eagrán de Thiomna Nua Uí Dhomhnaill agus de Shean-Tiomna Bedell sa chló Rómhánach; Boyle a d’íoc as arís. Bhí sé beartaithe an leabhar seo a úsáid in Albain. Ach níor thuig na hAlbanaigh an cineál Gaeilge a bhí ann. (Níor tiontaíodh an Bíobla ina iomláine go Gaeilge na hAlban roimh an mbliain 1801). Cé gur "Bíobla Bedell" a thugtar air go minic, tá aistriúcháin den Tiomna Nua, a rinne Ardeaspag Thuama, William Daniel, tríocha bliain roimhe sin ar fáil ann. Ba é an t-aon aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an Bhíobla go ceann 300 bliain eile. Ba é an leagan 1817 de “An Bíobla Naomhtha,” a cuireadh i gcló i Londain sa chló Rómhánach, an chéad fhoilsiú de Shean Tiomna Bedell agus de Thiomna Nua Uí Dhomhnuill a d'fhoilsigh Cumann Bíoblóireachta na Breataine agus na Coigríche. Bunaithe ar an mbeagán athbhreithnithe a rinneadh i leagan 1690, rinneadh breis athbhreithnithe i leagan 1817, a chuir crot air a bhí níos gaire do Leagan Rí Shéamuis. Ar aon dul le forbairtí teangan sa Ghaeilge, rinneadh friotal agus graiméar leagan 1690 a thabhairt suas chun dáta. Gaeilge an léinn agus de chuid seanchaighdeán clasaiceach liteartha na Nua-Ghaeilge atá san fhoilsiúcán seo. Ba mhór idir í sin agus caint na ndaoine ag an am; is mó fós de dhifríocht atá idir í agus nuaGhaeilge na linne seo. Cruthaíonn an Ghaeilge stairiúil sin deacrachtaí do léitheoirí an lae inniu - deacrachtaí atá ar aon dul leis na deacrachtaí a bhainfeadh le léamh Shakespeare sa Bhéarla. Cuireadh Bíobla Uí Dhomhnaill agus Bedell i gcló arís agus arís eile le linn na naoú haoise déag. Is mór an úsáid a bhain na Caitlicigh féin as chomh maith. Peadar Ua Laoghaire, 1915 - 1924. D'fholisigh Peadar Ua Laoghaire Pádraig Mac Giolla Cheara, 1943 - 1961. I 1943 d’fhoilsigh Comhaltas Uladh An Scrioptúir Naomhtha: na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal arna n-aistriú ag an Athair Pádraig Mac Giolla Cheara. Earnán de Siúnta ,1951. D’athchóirigh Earnán de Siúnta aistriúchán Uí Dhomhnaill. I 1951 d’fhoilsigh an Hibernian Bible Society i mBaile Átha Cliath Tiomna Nua ár dTighearna agus ár Slánaightheora Íosa Críost do hathscríobhadh as Gaedhilg na haimsire seo le Earnán De Siúnta (An Buachaillín Buidhe) ón Tiomna Nua a d’aistrigh Uilliam Ó Domhnaill, Ardeaspog Thuaim, ón nGréigis i mbliadhain 1602. Ó Cuinn, 1970. Thar cionn Eaglais na hÉireann rinne Cosslett Ó Cuinn aistriúchán úr ar an Tiomna Nua ón nGréigis agus ón "Standard Revised Edition" agus foilsíodh sa bhliain 1970 é. Má Nuad, 1981. Faoi stiúir Phádraig Uí Fhiannachta, foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é.
2,501
Taibhdhearc na Gaillimhe. Amharclann náisiúnta na Gaeilge í Taibhdhearc na Gaillimhe (nó 'an Taibhdhearc' mar is fearr aithne uirthi). Mar aon le nuadhrámaíocht Ghaeilge, léirítear sa Taibhdhearc drámaí a aistrítear go Gaeilge ó go leor leor teangacha, chomh maith le ceoldrámaí agus geamaireacht. Seanfhocal Ghaeilge is ea an 'Taibhdhearc', atá comhdhéanta de 'taibhsiúil' agus 'dearc'; 'radharc' nó 'áit dhraochtúil' is ciall leis dar le suíomh gréasáin na hamharclainne féin. Maítear freisin gur úsáideadh an focal i ngluais i seancháipéis Laidine a scríobhadh in Éirinn, ag déanamh tagartha do 'teatram' ('amharclann'). Stair. Bunaíodh i nGaillimh sa bhliain 1929 í, agus tá sí suite ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe ó shin i leith. Is é Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais in 1927 a thoil deontas a thabhairt chun go mbunófaí an amharclann an chéad lá riamh. Ar an 27 Lúnasa 1928, osclaíodh an "Galway Gaelic Theatre", agus “An Taibhdhearc” níos déanaí, le "Diarmuid agus Gráinne", á léiriú ag Micheál Mac Liammóir. Ba é Micheál Mac Liammóir céad stiúrthóir na hamharclainne agus is iomaí sin léirthóir agus aisteoir mór le rá a thosaigh ar a bheith ag obair sa drámaíocht sa Taibhdhearc, leithéidí Siobhán McKenna, Michael Lally, Frank Dermody, Walter Macken, Caitlín Maude. Ar áireamh sna drámadóirí ar léiríodh a chuid drámaí san amharclann tá Eoghan Ó Tuairisc, Mairéad Ní Ghráda, Criostóir O'Flynn, Breandán Ó Beacháin, agus Antaine Ó Flathartha. Ó bhí na 1960í ann, tá dlúthbhaint ag Seán agus Máire Stafford leis an Taibhdhearc.
647
Emil Boc. Is polaiteoir Rómánach é Emil Boc (rugadh 6 Meán Fómhair, 1966). Príomh-aire na Rómáine is ea é. Saol pearsanta. Rugadh Boc i Răchiţele i gContae Cluj. Tá sé pósta agus tá beirt iníonacha aige. Saol polaitiúil. Toghadh Boc mar uachtarán an Pháirtí Dhaonathaigh Liobrálaigh sa bhliain 2003. Toghadh é mar mhéara Cluj-Napoca sa bhliain 2004. Roghnaigh an t-uachtarán, Traian Băsescu, Boc mar phríomh-aire agus thogh Parlaimint na Rómáine é mar phríomh-aire nua na tíre ar 22 Mí na Nollag, 2008.
225
An Ghlóir. 'Sí an Ghlóir ná paidir Críostaí a chumadh i dtús i nGréigis ("Δόξα ἐν ὑψίστοις Θεῷ") agus a aistríodh go luath go Laidin ("Gloria in excelsis Deo"). Úsáidtear í go forleathan i ndeasghnátha Críostaíochta.
103
Traian Băsescu. Is polaiteoir Rómánach é Traian Băsescu (4 Mí na Samhna 1951-). Uachtarán na Rómáine ab ea é. Bhí sé mar mhéara ar Bhúcairist ó 2000 go 2004 agus ansin bhuaigh sé toghchán uachtaránachta 2004.
95
Pádraig Ó Fiannachta. Sagart, duine léannta agus scríbhneoir ab ea Pádraig Ó Fiannachta (1927– 15 Iúil 2016); "duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus na hÉireann", de réir tuairisc.ie, agus "ba fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta". Saol. I mBaile Móir, sa Daingean, Co. Chiarraí a rugadh é. Cailleadh triúr dá dheartháireacha go hóg, duine acu ag aois a dhá bhliain go leith. Is amhlaidh a bádh an bheirt eile. Chuir bás aathar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d’aois nuair a cailleadh éagus d’fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh. Léirigh sé spéis sa tsagartóireacht óna óige. Tar éis a thréimhse meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne thug sé aghaidh ar Mhaigh Nuad. Ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach ann. Ach bhuail taom tinnis é go luath ag an am céanna, B’éigean dó Coláiste Phádraig, Má Nuad a fhágáil. Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart. Chaith sé bliain ansin ag obair ar fheirm. Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne sé. Thug Ó Fiannachta aghaidh ar an mBreatain Bheag arís. Chríochnaigh sé a chúrsa diagachta i gColáiste na Naomh Uile, mar ar oirníodh ina shagart é do dheoise Myfynwy sa Bhreatain Bheag i 1953. Thug sé sé bliana ag obair ann mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna. Ceapadh Ó Fiannachta ina léachtóir le Sean- is Meán-Ghaeilge agus Breatnais i Maigh Nuad i 1959. Ceapadh ina ollamh sna hábhair sin é i 1961, agus ina ollamh le Nua-Ghaeilge sa bhliain 1981. Bhí sé ina shagart paróiste sa Daingean ó 1993, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí. Bhí rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin. Craoladh clár a rinne Léargas ar an bhfear léannta seo lsan 2000idí ar RTÉ. Foilseacháin. Ba dhuine an-intleachtúil é. Is iomaí leabhar a bhí scríofa ag an Ollamh Ó Fiannachta agus is iomaí fós leabhar a raibh baint aige leo mar eagarthóir, mar chomhairleoir agus mar fhoilsitheoir. Léiríonn an chéad leabhar uaidh, Comharsa Choimhthíoch, an flosc lenar thug sé faoina dhualgais ansiúd agus an sásamh a bhain sé as úsáid na Breatnaise gach deis dá bhfuair sé. I 1964 bhunaigh Ó Fiannachta comhlacht foilsitheoireachta, An Sagart, a bhfuil an iliomad scothleabhar curtha ar fáil faoina inphrionta. Orthu sin tá a scagadh féin ar an litríocht i saothair mar "Léas ar Ár Litríocht", "An Barántas", "Scéalaíocht Ár Sinsear", agus an lámhleabhar gramadaí, "Sean-Ghaeilge gan Dua", a chuir sé le chéile mar threoir don léitheoir ar an gcuid is seanda den litríocht. Ceithre bliana is tríocha a thug an Ollamh Ó Fiannachta ag obair san Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. I rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge; d’aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d’oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge. Dúirt an scoláire cáiliúil Dáithí Ó hUaithne leis gurb í an obair is tábhachtaí a rinne sé riamh ná "An Barrántas" a fhoilsiú. Bailiúchán de na barrántais go léir a bhí ann. Bhí scríofa aige mar shampla Bhí ceithre leabhar taistil, leabhar urnaithe, agus leabhair Teagasc Críostaí, agus cláir lámhscríbhinní foilsithe aige chomh maith. Bhí Ó Fiannachta ina Bronnadh gradam liteartha Dhubhghlas de hÍde air sa bhliain 1969. Foilsíodh féilscríbhinn dó faoin teideal "Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta" (An Sagart, 1994). Sa bhliain 1996, bhunaigh Ó Fiannachta 'An Díseart', Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, sa Daingean. An Bíobla as Gaeilge. I 1966 bhunaigh an Cliarlathas Caitliceach coiste stiúrtha chun aistriúchán ar an mBíobla ó na bunteangacha go Gaeilge a sholáthar agus ceapadh Pádraig mar rúnaí ar an gcoiste le cúram an fhoilsithe air chomh maith. Ba é a bhí ar thosach cadhnaíochta ar aistriú an Bhíobla go Gaeilge; foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é. D’aistrigh sé tuairim is leath de é féin ón mbunleagan Eabhraise agus Gréigise mar aon le heagarthóireacht a dhéanamh ar an leath eile. Tá moladh mór faighte ag caighdeán an aistriúcháin, agus níor bhréag ar bith ón gCairdinéal Tomás Ó Fiaich a rá ‘nach mbeadh sé mí-oiriúnach Bíobla Uí Fhiannachta’ a thabhairt ar an éacht aistriúcháin seo.
1,903
Craoltóireacht trí Ghaeilge. Tosaíodh ar chraoltóireacht trí Ghaeilge nuair a bunaíodh 2RN (stáisiún raidió Shaorstát Éireann agus réamhtheachtaí Radio Éireann) sa bhliain 1926. I dtús báire níor craoladh mórán i nGaeilge agus ní raibh raon tarchuir an stáisiúin an-leathan, ach ó na 1940í ar aghaidh tháinig méadú suntasach ar raon tarchuir agus líon craoltaí Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an stáisiúin. Is iomaí sin clár Gaeilge a bhí dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga sna blianta úd, ach chomh maith leis sin rinneadh leagan Gaeilge de chláir Bhéarla a bhí á gcraoladh ag an uair chéanna. Le linn an Dara Cogadh Domhanda tháinig méadú ar líon na gcraoltaí Gaeilge ar na haerthonnta, agus ní as Éirinn amháin a tháinig sé seo; rinne na Naitsígh roinnt craoltaí i nGaeilge féachaint dea-mhéin i leith na Gearmáine a chothú i measc mhuintir na hÉireann. Is sa bhliain 1972, sna sála ar Ghluaisteacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bunaíodh Raidió na Gaeltachta mar chuid de Radio Telefís Éireann (RTÉ]). Ba é an chéad stáisiún raidió Gaeilge é; Raidió na Life is ea an dara stáisiún raidió a bunaíodh go hoifigiúil. Tháinig an ceann deireanach acu seo ar an saol sa bhliain 1993 nuair a tugadh ceadúnas dó chun freastal a dhéanamh ar limistéar Átha Cliath. Bíonn Raidió na Gaeltachta ag craoladh ceithre uair an chloig fichead sa lá, seacht lá sa tseachtain; bíonn craol-ama níos teoranta ag Raidió na Life. Go dtí 2006 bhí cosc ar Raidió na Gaeltachta ar Bhéarla a chraoladh (fiú amháin in amhráin), ach cuireadh deireadh leis sin nuair a cuireadh tús leis an gclár don aos óg, Anocht FM; craolann Raidió na Life amhráin Bhéarla chomh maith. Craoltar cláir Ghaeilge ar dornán de stáisiún raidió ar fud na tíre. Bhí an clár Gaeilge 'Splanc' á chraoladh uair sa tseachtain ar stáisiún náisiúnta Newstalk, ach cuireadh deireadh leis mí na Nollag 2008. I mBéarla atá formhór chlár RTÉ; bíonn corrchláir Ghaeilge ar Radio 1. San Acht um Údarás Craolacháin, 1960, leagtar síos go "[g]coimeádfaidh [RTÉ] i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích." Ina ainneoin sin níor chraol RTÉ mórán clár Gaeilge ar a chainéal teilifíse ón uair a cuireadh tús leis an tseirbhís teilifíse i 1961. Ní mó ná sásta a bhí roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge i ngeall air seo agus le linn na 1970í agus na 1980í iarradh roinnt uaireanta ar rialtas Poblacht na hÉireann teilifís Gaeilge nó teilifís Gaeltachta a bhunú agus eagraíodh agóidí agus feachtas chuige sin, ach níor tháinig aon toradh ar na hiarrachtaí sin go dtí 1996, tráth ar bunaíodh Teilifís na Gaeilge nó 'TnaG' ('TG4' a athbhaisteadh ar an gcainéal sa bhliain 1999). Mícheál D. Ó hUiginn (Lucht Oibre) agus roimhe sin, Máire Geoghan-Quinn (Fianna Fáil) na hairí is mó bainte acu le bunú na seirbhíse seo. Chomh maith le cláir Ghaeilge, craoltar neart clár Béarla ar TG4 d'fhonn lucht féachana níos mó a mhealladh. Faoi láthair craoltar sé uair an chloig de chláir Ghaeilge (idir ábhar nua agus athchraoltaí) sa lá. I dTuaisceart Éireann craoltar líon beag clár Gaeilge ar BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió an Fheabhaill, agus ar an teilifís ar BBC Thuaisceart Éireann. Tá teacht sa taobh sin tíre ar chomhartha craoltóireachta RTÉ, ach níl teacht chomhartha craoltóireachta TG4 go fóill. Mí Meán Fómhair 2006 thosaigh Raidió Fáilte ar a bheith ag craoladh as Béal Feirste. Tá sé ar an gcéad stáisiún raidió Gaeilge a bunaíodh go hoifigiúil i dTuaisceart Éireann.
1,467
Candaidiáis. Galar a tharlaíonn de bharr "Candida albicans", giosta a áitríonn an phutóg is an fhaighin de ghnáth, gan aon siomtóim. I riochtaí díblithe agus an córas imdhíonach íslithe, is féidir go ndéanfaidh sí ionsaí ar dhromchla an chraicinn is scannáin mhúcasacha na faighne, conair an bhia is dromchla an bhéil, mar a dtarlaíonn paistí bána a bhíonn le feiceáil ag an tsúil. Is truis an galar seo. I gcásanna annamha ionsaíonn sí imshruthú na fola, agus is féidir go mbeidh marfach ansin.
204
Clásal díreach. Tugtar clásal díreach ar an gcineál clásal coibhneasta sa Ghaeilge atá ag tagairt don duine nó don rud atá ina ainmní nó ina chuspóir sa chlásal choibhneasta féin. Is é an mhír "a" a úsáidtear roimh an mbriathar sa chlásal díreach, agus séimhíonn an t-"a" seo an briathar. Is é an t-aon eisceacht amháin ná saorbhriathar na haimsire caite ag na briathra rialta, nó ní ghéilleann an fhoirm sin d'aon chineál séimhiú. San aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach, is minic a chuirtear "-as" leis an mbriathar sa chlásal dhíreach, mura bhfuil iarmhír phearsanta nó iarmhír shaorbhriathair ansin cheana féin. I nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilge Uladh is minicí a d'fheicfeá an t-"s" seo, agus tá glacadh áirithe leis sa teanga scríofa, cé nach cuid den Chaighdeán Oifigiúil é. Féach ar na samplaí seo:
331
Gael-Mheiriceánaigh. Is gnách Gael-Mheiriceánaigh a thabhairt ar na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith lena sliocht agus le sliocht a sleachta. I Suirbhéireacht Phobail Mheiriceá sa bhliain 2006, is é sin, cineál daonáirimh a chuir san áireamh na pobail eitneacha sa tír, thug beagnach 36 mhilliún duine, nó dáréag faoin gcéad de mhuintir na Stát Aontaithe ar fad, go raibh "oidhreacht Éireannach" acu. Is iad na Meiriceánaigh de phór na Gearmáine an t-aon phobal amháin den chineál seo a sháraíonn na Gael-Mheiriceánaigh. Tabhair faoi deara go bhfuil sé de ghnáthamh sna Stáit gan dearcadh ar na Protastúnaigh Ultacha - na "Scots-Irish" mar a thugtar orthu i mbéarlagair Mheiriceá - mar "Éireannaigh". Mar sin, tá an saindúchas Éireannach fite fuaite leis an gCaitliceachas sna Stáit Aontaithe. Inimirce na nÉireannach go dtí na Stáit. Na hÉireannaigh Chaitliceacha. Bhí Éireannaigh Chaitliceacha ag dul go Meiriceá fiú roimh bhunú na Stát Aontaithe, cé nach raibh mórán imirce ann san am. Cuid acu ba searbhóntaí baile, cailíní aimsire agus a leithéidí iad, agus cuid eile fós bhí siad i ndaoirse fiach - is é sin, bhí siad ag sclábhaíocht le leabhar na bhfiach a ghlanadh. Cuid eile acu fós, cuireadh an loch amach iad - is é sin, haistríodh thar sáile iad mar phionós. Chuaigh líon na n-inimirceoirí Éireannacha in airde nuair a bhí lucht oibre ag teastáil in Oirthuaisceart na Stát Aontaithe le canálacha a ghearradh, crainn a leagan, agus tithe a thógáil. Fir ba mhó a chuaigh leis an gcineál seo oibre, ar ndóigh. Mar shampla, nuair a gearradh an chanáil ó Loch Erie go hAbhainn Hudson, tháinig an chuid ba mhó den lucht oibre ó Éirinn nó as measc an phobail Ghaelaigh. D'fhás pobail thábhachtacha d'Éireannaigh in áiteanna cosúil le Bostún, Philadelphia, Cathair Nua-Eabhrac, agus Providence. Le linn an Drochshaoil agus ina dhiaidh, sa dara leath de na 1850idí, tháinig na milliúin Éireannaigh go dtí an tOileán Úr, idir Cheanada agus na Stáit Aontaithe. Cuid mhór acu siúd a d'imigh ó Éirinn ag an am le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá, áfach, fuair siad bás amuigh sa teiscinn mhór, ó bhí na galair mharfacha ag siúl ar na daoine sna báid bhána. Ba nós "coffin ships" - longa an bháis - a thabhairt ar na longa imirce ó Éirinn go Meiriceá, fiú, ó chuaigh an t-éag chomh míthrócaireach ar na paisinéirí sular bhain siad amach an cladach thall. Chuaigh duine as an triúr acu siúd i dtír i gCeanada ar dtús, ach is minic nár chuir siad fúthu ansin, nó dá gcuirfidís, d'fhanfaidís ina ngéillsinigh do choróin na Breataine Móire. Sna blianta 1820-1860, tháinig duine as gach triúr inimirceoirí sna Stáit ó Éirinn, agus bhí dhá dtrian de na hÉireannaigh ina gCaitlicigh. Faoi dheireadh na 1840idí, áfach, bhí duine as gach beirt de na hinimirceoirí ag teacht ó Éirinn, ó bhí an dúrud daoine ag éalú ón ngorta. Shocraigh cuid mhór de na daoine seo i mórchathracha na Stát Aontaithe, in áiteanna cosúil le Nua-Eabhrac, Bostún, Philadelphia, Pittsburgh, Detroit, Siceagó, St. Louis (i stát Missouri), agus San Francisco. Inniu féin, tá pobal substainteach de phór na hÉireann le fáil ina lán de na háiteanna seo. Tá níos mó Éireannaigh - nó daoine a thugann Éireannaigh orthu féin - i gCathair Nua-Eabhrac ná i mBaile Átha Cliath, inniu féin. Ba iad na cathracha seo bealach na nÉireannach isteach i sochaí na Stát Aontaithe. Mar shampla, níor éirigh go rómhaith le feachtais Arm na Stát Aontaithe Éireannaigh a earcú le haghaidh an chogaidh idir na Stát Aontaithe agus Meicsiceo, nó ina dhiaidh sin, le haghaidh Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe, ach sna cathracha bhí cuid mhaith Éireannach a bhí sásta liostáil as a stuaim féin le héalú ón dífhostaíocht. Dhiúltaigh na hÉireannaigh don choinscríobh éigeantach, áfach, agus bhí scliúchais ann uaireanta nuair a rinneadh iarrachtaí leis na daoine a phreasáil san arm. Na scliúchais ba mhó den chineál seo, thit siad amach i Nua-Eabhrac sa bhliain 1863, nuair a d'fhéach an tUachtarán Lincoln le coinscríobh a chur i bhfeidhm. Is dócha go raibh an Béarla ag an gcuid is mó de na hinimirceoirí Caitliceacha nuair a bhain siad amach an cladach thall, ach mar sin féin, is léir go raibh Gaeilge ag cuid mhór acu freisin. Inniu féin, tá timpeall is 25 mhíle duine ina gcónaí sna Stáit Aontaithe a bhfuil an teanga ó dhúchas acu. I Stát Nua-Eabhrac atá cónaí ar an bpobal is líonmhaire, ach is é Massachusetts an stát is mó Gaeilge ó thaobh an chéatadáin de. Na Protastúnaigh Ultacha sna Stáit. Is gnách "Scots-Irish" nó Albanaigh Éireannacha a thabhairt ar shliocht na bPlandóirí Ultacha a shocraigh síos sna Stáit. Tá an úsáid seo ag cur go maith leis an nós a bhíonn ag lucht labhartha Ghaeilge Uladh "Albanaigh" a thabhairt ar Phrotastúnaigh an chúige - nós atá chomh fréamhaithe sa chanúint agus go gcaithfidh tú "duine as Albain" a thabhairt ar aon duine a tháinig ó Albain go Cúige Uladh lenár linn féin. Pé scéal é, tá cónaí ar 4.9 milliún duine sna Stáit a dhearcann orthu féin mar "Albanaigh Éireannacha". Tháinig an chuid ba mhó de shinsir na ndaoine seo san ochtú haois déag, agus iad ag iarraidh teacht slán ón míshuaimhneas polaitiúil ba dual do Chúige Uladh san am sin féin, chomh maith leis an drochbhail eacnamaíochta a bhí ar an gcúige ag an am. Chuaigh formhór mór na ndaoine ar imirce roimh bhunú na Stát Aontaithe mar stát neamhspleách - is é sin, bhí siad ag bogadh baile taobh istigh d'impireacht na Breataine Móire. Nuair a tháinig siad go Meiriceá, shocraigh an chuid ba mhó acu sna cúlriasca, agus san am sin, haithníodh mar ghrúpa eitneach ar leith iad, ach nuair a thosaigh na hÉireannaigh Chaitliceacha ag tonnadh isteach, bhí na hAlbanaigh Éireannacha i bpríomhshruth na sochaí le fada, agus chuir sean-naimhdeas an dá ghrúpa seo leis an drogall a fuair na Gaeil Chaitliceacha rompu i Meiriceá i dtús báire. Ós Caitlicigh ab ea na hinimirceoirí nua Éireannacha, bhí sé ag dul rite leo i dtús fódú ceart a dhéanamh i Meiriceá, agus an chuid eile den tsochaí ag cloí leis an bProtastúnachas. Thairis sin, tháinig siad ó thír a bhí beo ar an talamh agus ar an talmhaíocht, ach san am sin bhí na Stáit Aontaithe ag dul chun tionsclaíochta go tiubh teirimeach. Bhí saol i bhfad ní b'fhusa ag na "Scots-Irish" nuair a shocraigh siad síos i Meiriceá, nó bhí siad ábalta dul le feirmeoireacht ar an toirt. Le déanaí, thosaigh sliocht na bProtastúnach Ultach san Oileán Úr ag cur suime i ndúchas a sinsear arís. An chuid ba mhó de na hÉireannaigh Phrotastúnacha i Meiriceá, chuaigh siad le curadóireacht mar shlí bheatha, go háirithe sna críocha a bhí in aice le tailte na mbundúchasach. Mar sin féin, d'fhan cuid mhór de na Protastúnaigh Ultacha sna cathracha móra le dul le ceird éigin. An Ghairm Bheatha. Cuid mhór de na hinimirceoirí Caitliceacha ó Éirinn, chuaigh siad ar lorg sna cathracha agus ar na láithreáin oibre áit a rabhthas ag gearradh iarnróid nó canálacha nua. Faoin tuath i stát Nua-Eabhrac, i gceantar na Loch Mór, i Lár an Iarthair agus sa Chianiarthair, chuaigh na hÉireannaigh Chaitliceacha féin le curadóireacht is le feirmeoireacht. San Oirthear, d'fhostaigh conraitheoirí Éireannacha lucht a gcomhdhúchais le haghaidh oibreacha tógála ar nós obair an uisce (canálacha, séarachas) nó gearradh na mbóithre is na n-iarnród, go háirithe i Stát Nua-Eabhrac agus i Sasana Nua. Chuaigh lear mór Éireannach go dtí na bailte nua a bhí ag fás timpeall ar mhonarchana, ar nós Lowell, Fall River agus Milford i Stát Massachusetts. Bhí fáilte roimh lucht oibre nua in áiteanna den chineál seo, go háirithe nuair nach raibh siad ag éileamh an iomarca pá. Chuaigh cuid mhaith cailíní Éireannacha in aimsir i dtithe na ndaoine uaisle fosta. Na hÉireannaigh Chaitliceacha nár éirigh leo fostaíocht a fháil, d'fhan siad ina gcónaí i gcruachás uafásach i slumanna na gcathracha móra. Cé nach raibh mórán céimíochta nó stádais ag na Caitlicigh Éireannacha ar dtús, bhí siad in inmhe an-dul chun cinn a dhéanamh i rith na mblianta, agus timpeall na bliana 1900, bhí siad ar aon leibhéal lena gcuid comharsan ó thaobh an ioncaim de. Ón mbliain 1945 i leith, is féidir a rá go bhfuil na Gael-Mheiriceánach níos fearr as ná an meánluach, go háirithe toisc go mbíonn siad sásta céim coláiste a bhaint amach. Fuair na hÉireannaigh jabanna go sciobtha sna póilíní, sa bhriogáid dóiteáin agus i bhforais phoiblí eile sna cathracha móra go háirithe san Oir-Thuaisceart agus i réigiún na loch mór. Sna 1860idí, ba Ghael-Mheiriceánaigh iad formhór na gcoirpeach a gabhadh i gCathair Nua-Eabhrac - ach san am chéanna, bhí codán na nGael-Mheiriceánach sna póilíní ag druidim le duine as an mbeirt. Faoi chasadh na céide, ba Ghael-Mheiricéanaigh iad ceathrar as an gcúigear acu. Inniu féin, is fusa teacht ar dhuine de phór na hÉireann i measc na bpóilíní ná i measc na ngnáth-Mheiriceánach, go háirithe i Nua-Shasana. Frith-Éireannachas. Nuair a tháinig na sluaite móra d'inimirceoirí Caitliceacha ó Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe, bhí an Protastúnachas i bhfad ní ba láidre sa tír sin ná inniu, agus cuid mhaith de mhuintir na Stát an-drochamhrasach i leith an Chaitliceachais agus an-mhímhuiníneach as na hÉireannaigh. Ní mórán Protastúnach a phósfadh Caitliceach san am sin ach an oiread - bhí na heaglaisí go léir an-diúltach do chleamhnais mheasctha. Bhí na scoileanna poiblí go mór i dtuilleamaí Bhíobla an Rí Séamus, ach ní raibh na Caitlicigh sásta leis an leagan seo den Scrioptúr, ó shíl siad go raibh sé dímheasúil i dtaobh na gCaitliceach. B'fhearr leo, mar sin, scoileanna dá gcuid féin a chur ar bun do na páistí Caitliceacha.
3,784
Príomhleathanach. <templatestyles src="Main Page/minerva.css" /> __NOEDITSECTION__
30
An Chéad Chathlán Coisithe. Bunaíodh an Chéad Chathlán Coisithe mar aonad Gaeilge de chuid Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1924. I Mí Iúil 1924 roinneadh an tArm ina naoi mBriogáid agus seacht gcathlán is fiche iontu. Síleadh go raibh tábhacht ar leith leis an gCéad Chathlán chun úsáid na Gaeilge a threisiú.. Bunaíodh An Chéad Chathlán Coisithe i mí an Mheitheamh 1924 nuair a bhí céad cainteoirí cruinnithe i mbeairic Gough i gCampa an Churraigh faoi cheannas Captaen Michael Fogarty agus ainmnithe an “No 1 (Irish-speaking) Battalion.” Ina dhiaidh sin, d’aistrigh an chath go dtí na "Hibernian Schools" i bPáirc an Fhoinnuisce. Aoi ab ea Padraic Ó Conaire ag an am seo; d’fhoilsigh sé daichead altanna faoin cath sa nuachtán míleata, An t-Óglach (bailithe le chéile i mar leabhar i 1941  ) I mí Aibreáin 1925, bhog an cath go Baile Átha Luaine agus shroich siad Dún na Rinne Móire i gcathair na Gaillimhe an mhí ina dhiaidh sin. Rinneadh damáiste do cuid de foirgnimh san beairic seo i rith Chogadh na gCarad. Cé nach raibh níos mó dha chéad saighdiúirí san chath ag an am seo, tháinig cuid is mó de hearcach nua as Conamara agus as Oileáin Árann. Tháinig na cuid eile as ceantar Gaeltachta i Mumhan agus Dún na nGall. Rinneadh riarachán agus traenáil as Gaeilge. Ghlac an cath páirt sa shaol chultúrtha agus shóisialta sa chathair, go háirithe maidir leis An Taibhdhearc tar éis a bunaíodh í sa bhliain 1928. D’éirigh leis an bhfoireann tarraingt na téide  agus foireann rámhaíocht sa comórtas éagsúla agus bunaíodh an banna píob sa bhliain 1930. Nuair a thosaigh An Éigeandáil i 1939, ghlac an cath páirt in iobríochtaí ina dhiaidh an ruathar IRA ar Dún na hArmlainne. I 1940, d’fhág an cath Dún na Rinne Móire agus ghabh siad seilbh ar Teach Dhún Sandail, Teach Pallas i dTíne, Caisleán Loch Cútra, Teach Chill Chobhráin agus Teach Caisleán an Haicéadaigh. Bhí príomhfhreagracht acu as an Aerpháirc Rinn Eanaigh (Aerfort na Sionainne) a chosaint. Nuair a chríochnaigh An Éigeandáil sa bhliain 1945, d’fhill an “No 1 (Irish-speaking) Battalion” (an t-ainmneach oifigiúil fós) go Dún na Rinne Móire. Liostáil an scríbhneoir Dónall Mac Amhlaigh i 1947, agus scríobh sé an leabhar "Saol Saighdura" bunaithe ar a thaithí ag an am seo. Rinne sé cur síos ar ag roinnt a lóistín le hoileánaigh as Inis Toirbirt í (thréigthe i rith na gcaogaidí), agus bhí sé ina bhall de meitheal tarrthála nuair cailleadh ochtar eitleoir RAF  i tuairt eitleáin ar Acaill. I mi Iúil 1960, imlonnaíodh ceithre saighdúir is fiche ó Rinne Móire go dtí an Congó ar oibríochtaí síocháinaíochta na Náisiún Aontaithe., mar chuid de Chomplacht C, 32ú Chathlán Coisithe. I rith na seascaidí, lean saighdiúirí ón Chéad Chath ar ag taisteal go dtí an Congó agus an Chipir, ar an dea-uair gan cailleadh duine. Faoi 1970, bhí earcaíocht teoranta don Gaillimh agus Oileáin Árann; liostáil cainteoirí dúchais eile as Mumhan agus Tír Chonaill in aonaid níos mó áitiúil, Choinnigh titim ar an uimhir caointeoirí líofa le linn na hochtóidí. Dar leis oifigeach amháin: “Bhí buíon earcach agam sa Chéad Chath i 1979 agus rugadh nó tógadh 60% díobh i Sasana.” D'fhiafraigh an tUasal Manning den Aire Cosanta (i nDáil Éireann ar 16 Meitheamh 1983) an raibh an Roinn Cosanta chun an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn sna Fórsaí Cosanta. D'fhreagair an tAire Cosanta (An tUas. Cooney) é mar a leanas: Ar 4 Nollaig 1986 d'fhiafraigh An tUasal Molloy den Aire Cosanta (An tUasal O'Toole) céard é lánlíon an Chéad Chatha, céard a rinneadh ón mbliain 1978 chun an Ghaeilge a chothú ann agus cá mhéad duine a liostáladh ann ó cheantair Ghaeltachta gach bliain. D'fhreagair an tAire Cosanta mar a leanas: Sholáthair sé an t-eolas a leanas ar earcaigh ó cheantair Ghaeltachta ón mbliain 1978 i leith: 1978—13; 1979—16; 1980—11; 1981—18; 1982—5; 1983—0; 1984—0; 1985—1; 1986—1.. Dar le clár faisnéise déanta faoin am seo ("Iris 87"), níorbh fholáir roinnt oiliúint  i mBéarla mar gheall ar gnáithaimh shábháilteachta. Nuair a imlonnaíodh cath Éireannach in Liobáin sa bhliain naoi déag seachto hocht, bhí saighduirí ó Rinne Móire san áireamh i Compacht C.  I 1981, fuadaíodh Saighdúir Singil Caoimhin Seoige, cainteoir dúchais as Inis Oírr, mar Palaistínigh gar do Deir Ntar agus nár fhill sé riamh. I 1989 chailleadh Ceannaire Fintan Heneghan le beirt chomrádaithe nuair a phléasc mianach talún faoin a dtrucail gar do Bra’Shit. I mí an Mheitheamh 1999, bhí an Cath ag comóradh cúig bliana agus seachtó a bhunaithe, nuair a tháinig drochscéal ó Liobáin: maraíodh Saighdúir Singil Billy Kedian mar lámhach moirtéir i mbunáit a sé- a ceathair – a dó  (6-42). D’fhulaing An Chéad Chath tragóid eile i 2002 nuair a fuair S/S Peadar Ó Flaithearta bás i dTíomór Thoir. Stádas na teanga sna Fórsaí Cosanta faoi láthair Níl aon fhianaise ann go bhfuil Gaeilge á húsáid mar ghnáth-theanga in aon chuid de na fórsaí cosanta anois, go fiú sa Chéad Chathlán. De réir Mhír 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Scéim na Roinne Cosanta 2006-2009), áfach, bhí na Fórsaí ag iarraidh breis Gaeilge a úsáid mar mheán poiblí. Tá scéim nua den chineál céanna i bhfeidhm anois. Níl de cheangal ar na Fórsaí Gaeilge a úsáid mar theanga oibre lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Óglaigh Chúltaca le fáil i gCarna, i Maigh Cuilinn, sa Cheathrú Rua agus sa Daingean, agus de réir na Scéime Teanga caithfidh Óglaigh na hÉireann teanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge sna háiteanna sin faoin mbliain 2012.
2,272
Ad exstirpanda. Is éard a bhí i gceist le Ad exstirpanda ná bulla de chuid an Phápa Innocent IV. Eisíodh ar an 15 Bealtaine 1252 é. Bhain sé le bealaigh le dul i ngleic le heiricigh. Tá aithne air mar an chéad cháipéis ó Phápa a lig do na firéinn céasadh a chleachtadh ar dhaoine a raibh eiriceacht churtha ina leith. Bhí tionchar ollmhór ag an gcáipéis seo ar stair eaglais na meánaoiseanna. Sé an sliocht a bhaineann leis an gcéasadh, as Laidin, ná: Aistriúchán: De bharr an fhorógra seo cuireadh eiricigh ar chomhchéim le dúnmharfóirí agus coirpigh eile.
225
Imeall. Is albam de chuid Mairéad Ní Mhaonaigh í Imeall, an chéad albam aonarach atá táiféadtha aici i ndiaidh 23 bliain mar cheoltóir. Rinne Manus Lunny an albam a léiriú, agus rinneadh an taifeadadh i stiúideo s'aige, 'Stiúidió na Mara' i gCo. Dhún na nGall. Is féidir leithéidí Tríona Ní Dhomhnaill, Dónal Lunny agus Michael McGoldrick a chloisint ar an albam.
152
Tomás Ceannt. Ba náisiúnaí Éireannach ó Chontae Chorcaí é Tomás Ceannt (29 Lúnasa 1865 – 9 Bealtaine 1916), nó Thomas Kent as Béarla, a cuireadh chun báis i ndiaidh troid gunnaí le Constáblacht Ríoga na hÉireann ar an 2u Bealtaine 1916, díreach i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Tús a shaoil. Rugadh Ceannt i dTeach an Bháin Aird, Caisleán Ó Liatháin, in aice le Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Duine de sheachtar mhac agus beirt iníon le David Kent ba ea é, a raibh feirm 200 acra aige, agus a bhean Mary Rice. Fuair Tomás a chuid oideachais ar an scoil náisiúnta áitiúil, go dtí go raibh sé thart ar cheithre bliana déag nó cúig bliana déag d’aois is dócha, mar ba ghnáth i gceantair tuaithe ag an am. Chaith sé cúig bliana i mBostún, áit a d’oibrigh sé le comhlacht foilsitheoireachta agus fearastú séipéil agus ina raibh sé páirteach in ócáidí cultúrtha Gaelacha, cuid mhór acu a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Nuair a d’fhill sé ar an mbaile thart ar 1889 bhí sé páirteach sa ‘Phlean Beartaíochta’, gluaiseacht le haghaidh leasú chóras na talún a bhí eagraithe ag baill de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, T.C. Harrington agus William O’'Brien ach go háirithe. Mar gheall go raibh sé bainteach leis seo, chaith sé dhá mhí i mbun oibre déine taobh istigh de Phríosún Chorcaí, agus é tar éis a bheith faighte ciontaithe as comhcheilg chun íocaíocht cíosa a sheachaint. Ciontaíodh a dheartháir Liam i gcoir eile roimhe sin agus chaith seisean sé mhí i bpríosún. Chuir sin ar shláinte Tomás agus nuair a tháinig deireadh le ré Parnell in 1891, stad sé ó bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla. Ina áit sin chaith sé a chuid ama saor i gConradh na Gaeilge chun ceol agus damhsa traidisiúnta a chur chun cinn. D’'eagraigh na deartháireacha Kent brainse d’'Óglaigh na hÉireann in 1914 ag Caisleán Ó Liatháin. Dúradh gurbh é an chéad bhrainse ólséantach sa tír riamh. Bhí Tomás tiomnaithe go hiomlán do na hÓglaigh, agus thaisteal sé achar fada uaireanta le haghaidh ócáidí speisialta; bhí sé i láthair ag óráid mór le rá de chuid an Phiarsaigh ag sochraid Jeremiah O’Donovan Rossa i mBaile Átha Cliath mí Lúnasa 1915, cuir i gcás. Éirí Amach na Cásca. Bhí na deartháireacha Kent faoi amhras ag Constáblacht Ríoga na hÉireann le fada an lá, a thug ruathar faoina dteach ag cuartú airm i dtosach 1916. Mar gheall air sin, chaith Tomás dhá mhí taobh istigh de Phríosún Chorcaí de bharr sheilbh arm. Nuair a chuala deartháireacha Kent trácht ar an Éirí Amach na Cásca, d'’fhan siad ón mbaile agus iad ag súil le horduithe slógaidh. Ach nuair a d'fhreasordaigh Eoin Mac Néill an ordú slógadh, d'’fhill siad abhaile, oíche 1ú Bealtaine. Chuaigh an Éirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath ar aon nós, agus cuireadh Constáblacht Ríoga na hÉireann amach chun baill de Bhráithreachas Poblacht na hÉireann, Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann a gabhadh. Faoin am sin bhí baill d’'Óglaigh na hÉireann á thiomsú ag an RIC agus bhí siad ar achan taobh den teach an mhaidin dár gcionn. Nuair a rinneadh ionsaí ar áras na Ceannt, chuir Tomás agus a dheartháir, Risteard, Daithí agus Liam in aghaidh na saighdiúirí. Tá neart tuairiscí faoi céard a thit amach ina dhiaidh sin; ar aon chaoi bhí cath gunnaí ann, a mhair ar feadh ceithre uair an chloig. agus lena linn scaoileadh marbh an Príomhchonstábla William C. Rowe. Gabhadh Tomás agus Liam Kent; gortaíodh Dáithí. Ar deireadh bhí ar na Ceannt géilleadh, cé go ndearna Risteard iarracht rith agus gortaíodh go marfach é. Triail agus Bású. Cuireadh Tomás agus Liam os comhair chúirt airm ag Beairic Choinneála Chorcaí. Fuarthas neamhchiontach Liam, ach daoradh Tomás chun báis. Cuireadh Tomás chun bás os comhair scuad lámhaigh ar an 9ú Bealtaine 1916 i gCorcaigh. Cuireadh cúirt ar Dhaithí Ceannt nuair a tháinig sé chuige féin ó na gortuithe; tógadh é go mBaile Átha Cliath, áit a chúidíodh é ar an gcion céanna, fuarthas ciontach é agus cuireadh chun báis é, ach laghdaíodh an breithiúnas báis go bpianseirbhís cúig bliana. Ach amháin i gcás, Ruairí Mac Easmainn, ba é Tomás Ceannt an t-aon duine curtha chun báis taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath de bharr a pháirt san Éirí Amach. Ní raibh Tomás pósta riamh. Sochraid Stáit. Go luath sa bhliain 2015, rinne an Taoiseach Éanna Ó Coinnigh tairiscint sochraid stát ar clann na Ceannt, agus glac siad leis. Athnochtadh corp Ceannt ó Phriosún Corcaigh i mí an Mheitheamh 2015 i ndiaidh dó a bheith curtha ar feadh 99 bliain. Bhí an sochraid ann ar an 18ú Meán Fómhair 2015 i Séipéal Naomh Nioclás i gCaisleán Ó Liatháin. Luigh an corp faoi ghradam stáit i nDún Uí Choileáin i gCorcaigh an lá roimhe. D'fhreastail an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar an aifreann éagnairce, agus rinne Éanna Ó Coinnigh an óraid cois uaighe. Cuimhneacháin. Tá an stáisiún traenach i gcathair Chorcaí, Stáisiún Cheannt, ainmnithe in ómós dó.
1,994
2009. Bliain choitianta ab ea an bhliain 2009. (MMIX)
25
Mífheidhmiú ardúcháin. <ns>0</ns> <revision> <parentid>1034974</parentid> <timestamp>2024-04-07T17:43:00Z</timestamp> <contributor> <username>Kevin Scannell</username> </contributor> <minor /> <comment>Bhog Kevin Scannell an leathanach Mífheidhmiú adhairce go Mífheidhmiú ardúcháin: is maith liom an seanteideal, ach is é seo an téarma ar NEID/téarma.ie</comment> <model>wikitext</model> <format>text/x-wiki</format> Is mífheidhmiú adhairce an neamhábaltacht comhriachtain a dhéanamh de bhrí nach féidir leis ardú an phéinis a chur i ngníomh. Nó an t-éagumas fireann a tharlaíonn de bharr easpa adhairce a bheith ar fhear, toisc go dteipeann ar fhíochán an bhoid cruachan agus at. Is éard is cúis leis an gcruachan an fíochán a líonadh le fuil mar a líonfadh spúinse, i dtreo gurb ionann an fhuil agus sreabhán hiodrálachais. Spreagadh collaí a chuireann tús leis an líonadh sin, spreagadh a sheolann teachtaireacht ón inchinn chuig néaróga san pheilbheas. Cúiseanna. Is iomaí cúis atá leis an mífheidhmiú. I gcuid bheag de na cásanna bíonn galar orgánach mar bhun leis, cosúil le tál uireasach na hormón gnéasach ag an bhfaireog phiotútach nó an uirí, riochtaí mar dhiaibéiteas ina mbíonn dochar éigin don néarsholáthar simpiteach d'fhuileadáin an phéinis, agus galair ghéara lagaithe eile (fadhbanna néareolaíocha, mar shampla, an dochar a rinne próstaiteachtóime). Is féidir go mbeidh sreabhadh uireasach fola, cliseadh na néaratharchuradóirí, nó fo-iarsmaí drugaí ina bhfachtóirí (nó easpa hormón agus na hiarsmaí is féidir a bheith ann de dheasca cógais áirithe), nó galracha cardashoithíocha sa riocht freisin. Ach cúiseanna síceolaíocha is mó a bhíonn mar bhun leis. Ina measc seo bíonn neart an spreagtha ghnéasaigh, seasaimh na bpairtnéirí maidir le gnéas, agus an caidreamh pósta, clainne is sóisialta. Leigheas. Oibríonn Viagra trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú. Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.
840
Tony Gregory. Ba Theachta Dála neamhspleách de chuid dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir é Tony Gregory (5 Nollaig 1947 - 2 Eanáir 2009). Toghadh é an chéad uair i bhFeabhra 1982 agus d'éirigh leis an suíochán sin a choinneáil go lá a bháis. Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála ba cháiliúla go náisiúnta, cé nár ghlac sé páirt in aon rialtas le linn dó a bheith ina pholaiteoir gairmiúil. Óige agus saol réamhpholaitiúil. Rugadh é do Tony Gregory Snr., fánaí ar dhuganna Bhaile Átha Cliath agus d'Ellen Judge arbh as feirm bheag in Uíbh Fhailí í. Dúirt sé nuair a bhí sé ina Theachta Dála, gur spreag bochtaineacht a thuistí é le dul le polaitíocht agus ba í a mháthair an duine ba mhó tionchar air go dtí gur bhásaigh sí i 1969. Gnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé óg, rud a chiallaigh go raibh sé in ann freastal ar Mheánscoil Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, nuair ba bheag duine den lucht oibre ón gceantar sin a bhí in ann oideachas dara leibhéal a fháil mar gheall ar an gcostas. Chaith sé tréimhsí ag obair i Sasana le híoc as a oideachas ollscoile, rud a fuair sé i UCD, agus mhaígh sé féin nár ghlac sé aon pháirt i saol sóisialta na hollscoile mar gheall ar an gcoimhthíos a mhothaigh sé i measc na meánaicme ansin. D'oibrigh sé mar mhúinteoir Fraincise agus staire i gColáiste Eoin i Stigh Lorgan i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin Oifigiúil agus de Pháirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann ar dtús, ach toghadh é mar ionadaí neamhspleách chun na Dála. Toghadh é mar chomhairleoir cathrach ar dtús i 1979, post a choinnigh sé go dtí 2004. Margadh Gregory agus a shaol polaitiúil. Bhain sé cáil náisiúnta amach sa bhliain inar toghadh é chun na Dála an chéad uair, nuair a d'éirigh leis méid mór gealltanas agus airgid a fháil dá dháilcheantar féin ó rialtas Chathail Uí Eochaidh, ceantar a bhí thíos go mór le bochtaineacht agus faillí san am sin. Ba ghá dóibh brath ar a vóta sa Dáil chun móramh rialtais a chruthú, rud ar tugadh "Margadh Gregory" air go coitianta. Ach thit rialtas Uí Eochaidh as a chéile ag deireadh na bliana céanna agus níor cuireadh cuid mhaith den mhargadh i bhfeidhm dá bharr. D'fhan sé ina ghníomhaíoch pobail aitheanta ina dhiaidh sin, go háirithe i gcoinne fhadhb na ndrugaí agus i gcur chun cinn ceartais shóisialta ina dháilcheantar féin. D'íoc sé go daor as a sheasamh polaitiúil ar son na dtrádálaithe sráide i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh i bpríosún é ar feadh roinnt seachtainí tar éis dó a bheith páirteach in agóidí ar a son i 1986. Bhí sé go mór i gcoinne spórt fola chomh maith agus chuir sé bille chun cinn sa Dáil sna 1990idí chun cosc a chur air, ach níor éirigh leis an iarracht. Saol pearsanta. Níor phós sé riamh cé go raibh páirtí aige darb ainm Annette agus chónaigh sé go lá a bháis lena aon deartháir, Noel, ag Gairdíní Sackville, sa Bhaile Bocht. Bás. Fuair sé bás ó ailse bhoilg ar 2 Eanáir 2009 i ndiaidh dó a bheith go dona tinn le fada.
1,208
Scitsifréine. Is galar millteach meabhrach é scitsifréine agus neamhord néarafhorbatha. Is riocht athlastach é san inchinn ach níl tuiscint iomlán ar an gcúis Is iad na siomptóim a bhaineann léi, dímhothú, siabhráin, maolú mothúchán, glórtha inmheánacha á gcloisint, srl. Tosaíonn an scitsifréine go minic nuair a bhíonn duine sna fíchidí. Tagann ainm an ghalair ó dhá fhocal sa tSean-Ghréigis 'scitsi' (σχίζειν, "scoilt") agus 'fréin' (φρήν, φρεν-, " meabhair"). Cúiseanna. Cheaptaí fadó gur easpa cumarsáide sa teaghlach ba chiontach leis an scitsifréine. Ach is cinnte anois gur galar intinne í. Tá baint ag a lán cúinsí leis an ngalar, b'fhéidirː géinitic, cúram réamhbhreithe, tógáil, tosca timpeallachta agus saol uirbeach, bochtanas, caitheamh drugaí agus alcóil, agus mar sin de. Tá níos mó fear buailte ná mná. Fás an fhéatais. Uaireanta cuirtear síolta an ghalair le linn fás an fhéatais sa bhroinn, De réir mar a fhorbraíonn an féatas, fásann néaróga tríd an mbánábhar san inchinn, agus trí phláta fonéarógach idir an bánábhar is an liathábhar, chun ceangail a dhéanamh i liathábhar na coirtéise. De ghnáth, bíonn cealla comharthaíochta sa phláta fo-néarógach a threoraíonn an fás seo, ach bíonn easpa cealla comharthaíochta i nduine le scitsifréine agus an-chuid néaróg míthreoraithe dá bharr. Ní fios fós cad is ciontach leis an easpa seo. Ach de réir mar a chuirtear an tuiscint ar an ngalar iomlán seo chun cinn, tá súil ag na heolaithe gur féidir an féatas a chosaint ón easpa amach anseo. Na tréithe a bhaineann le scitsifréine. Léiríonn an ghalar na hairí seo go coitianta; I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte intinne acu, d'fhéadfaí go músclódh úsáid cannabais an scitsifréine. Eipidéimeolaíocht. Buaileann scitsifréine timpeall 1% de dhaonra in Éirinn. Deirtear uaireanta go bhfuil na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de. Ach níl sé sin fíor ar chor ar bith. Stair. Chum Eugen Bleuler an téarma 'scitsifréine' don ghalar intinne sa bhliain 1911 ("Néaltrú Praecox" an téarma go dtí an t-am sin). Thuig sé nach raibh néaltrú i gceist agus nár thosaigh sé sna hóig (Praecox) i gcónaí. As Gréigis, ciallaíonn "Schizo" deighilt agus ciallaíonn "Phrene" intinn.
919
Historia Regum Britanniae. Scríobh Geoffrey of Monmouth a leabhar Historia Regum Britanniae ("Stair Ríthe Shasana") i Laidin thart faoin mbliain 1136. Stair Ríthe Shasana thar tréimhse dhá mhíle bliain ó Thraoi in Íliad Hóiméir go dtí an seachtú céad tar éis Críost, um an dtaca ar ghlac na hAnglaigh is na Sacsanaigh seilbh ar Shasana, atá ann. Tá sé suimiúil gur scríobhadh leabhar den chineál céanna thart fán am sin in Éirinn dar teideal Leabhar Gabhála na hÉireann. Ní féidir brath ar shaothar Geoffrey of Monmouth mar an fhírinne ghlan nó fiú gar di, agus ní mhaireann na foinsí agus na cáipéisí a dtagraíonn sé dóibh ach an oiread. De réir dealraimh is as na scéalta a instear ins an leabhar is ea a d'eascair an scéalaíocht i leith Artúir agus Ridirí an Bhoird Chruinn.
298
Helen Suzman. Polaiteoir de chuid na hAfraice Theas ab ea Helen Suzman (17 Samhain 1917 - 1 Eanáir 2009). Ba inimircigh Giúdacha ón Liotuáin darbh ainm Gavronsky a tuismitheoirí. Rugadh í nGermiston i gceantar Witwatersrand agus oileadh í i scoil Caitliceach. Phós sí Dr Mosie Suzman nuair a bhí sí fiche bliain d'aois agus bhí beirt iníonacha acu. Bhain sí céim amach in Ollscoil Witwatersrand. Toghadh í do pharlaimint na hAfraice Theas don chéad uair sa bhliain 1953. Bhí cead vótála ag an gcine geall amháin ag an am sin. Bhí sí ina ball den United Party ar dtús ach ba bhunaitheoir í de pháirtí liobrálach nua, an Progressive Party, sa bhliain 1959. Ba í an t-aon ionadaí den pháirtí tofa in olltoghchán na bliana 1961 agus idir 1961 agus 1974 ba í an t-aon ionadaí sa pharlaimint a sheas in éadan na cinedheighilte (nó "apairtéid"). Cháin sí polasaithe an rialtais go géar. Bhí sí ciaptha ag na péas agus tapáladh a guthán. Thug sí cuairt go minic ar Nelson Mandela nuair a bhí sé i bpríosún. Ba bhall den pharlaimint í go dtí 1989.
405
Abney Park. Banna is ea Abney Park galphuinc (Béarla:"Steampunk") as Seattle, Meiriceá. Seinneann siad ceol damhsa leictreonach agus ceol traidisiúnta as roinnt tíreacha, fite fuaite le chéile. Fuair siad a n-ainm as an reilig Abney Park Cemetery i Londain, Sasana. Níor thosaigh Abney Park mar bhanna galphuinc; i dtús bhí stíl gotach acu. Thosaigh siad leis an stíl galphuinc sa bhliain 2006 lena n-albam "The Death of a Tragedy". As sin amach, d'éirigh siad níos galphuncaí go dtí go scaoileadar a n-albam "Lost Horizons',' atá scríofa mar píoróidí spéir ar an long eitilt "H.M.S. Ophelia". Stair. Bhunaigh Robert Brown an banna Abney Park sa bhliain 1997. Scaoil siad a gcéad albam "Abney Park" an bhliain dár gcionn agus scaoileadar "Return to the Fire" sa bhliain 1999. Bhí rianta as a gcéad agus dara halbaim ar a dtríú halbam, "Cemetary Number 1", chomh maith le rianta nua. Ar 1ú Meitheamh 2005, d'fhógair Robert ar a LiveJournal go raibh baill nua ag an mbanna, Krysztof Nemeth agus Traci Nemeth, as an mbanna "Sinforosa". Bhí sean-rianta, trí rian beo agus dhá rian, a bhí scaoilte ag bannaí eile cheana, ar a gceathrú halbam "Taxidermy". Tar éis "The Death of Tragedy", d'athraigh foireann an bhanna. D'fhág Robert Hazelton, Traci Nemeth agus Krysztof Nemeth, agus ghlac Jean-Paul Mayden, Magdalene Veen (Eliza is ainm dí, ach úsáideann sí ainm stáitse) agus Nathaniel Johnstone a háiteanna. Faoi dheireadh, d'fhág Jean-Paul Mayden agus ghlac Daniel C. a áit. 2008. San Earrach 2008, d'fhág Magdalene Veen. Bhí sin fógartha ar MySpace an bhanna ar 13ú Feabhra. Ghlac Finn Von Claret a háit. Thosaig Captaen Robert ag taifeadadh dialann fuaime atá le cloisteáil ar shuíomh an bhanna. Tá an chéad iontráil, dar teideal "How It All Began - part 1", postáilte ar an 27ú Márta ag insint an scéal agus na hathruithe maidir le stíl an bhanna."Cliceáil ar Crew agus ansin Captain Robert" Naisc sheachtracha. Blag an Captaen MySpace Abney Park
748
Asma. Is riocht an-choitianta é an t-asma (nó an múchadh nó an plúchadh), fadtéarmach go minic, a chuireann isteach ar na haerbhealaí – na feadáin bheaga a iompraíonn aer isteach sna scamhóga agus amach astu. Nuair a éiríonn an t-asma ina ghalar ainsealach, cúngaíonn na píobáin anála nó na broncais sna scamhóga. Mar thoradh air sin, bíonn an-deacracht ar an duine bheith ag análú, ach go háirithe le heispioráid (easanálú). Cur síos. Istigh sna scamhóga tá feadáin bhídeacha a leathann amach ar a dtugtar aerbhealaí a iompraíonn aer isteach in aershaic bheaga (nó ailbheolaí) agus amach astu agus ocsaigin á malartú do dhé-ocsaíd charbóin. Laistigh dá mballaí tá matáin ag na haerbhealaí (nó feadáin bhroinceacha) agus ciseal de líneáil. I gcás asma, éiríonn na haerbhealaí níos cúinge ná mar is gnách agus dá bhrí sin tá sé níos deacra don aer dul isteach sna scamhóga agus leis an aer a easanálú. D’fhéadfadh aerbhealaí atá mothálach agus athlasta a bheith ag leanaí agus daoine óga a bhfuil asma orthu. Is féidir le rudaí a spreagann tús leis an riocht seo cur isteach ar na haerbhealaí seo. Fáisceann na matáin timpeall bhallaí na n-aerbhealaí agus éiríonn na haerbhealaí níos cúinge. Athlasann líneáil na n-aerbhealaí agus atann sí. Go minic bíonn múcas greamaitheach nó réama ann. Tréithe. Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoine. Cé go bhféadfadh casacht nó cársán anois is arís, d’fhéadfadh siomptóim níos troime a bheith ag daoine eile. I gcásanna áirithe an t-aon siomptóm asma a d’fhéadfadh a bheith ann ná an chasacht. Tá carsán ar cheann d'airíocha an asma. Éiríonn an traicé, na broincíní, na broincíní scamhógacha is na duchtanna ailbheolacha isteach sna hailbheolais féin, an-íogair. Laghdaíonn an trastomhas i gcás gach ceann de na píobáin sin. Is mar thoradh air sin a tharlaíonn an giorra anála is an anacair. Is measa a bhíonn plúchadh san oíche ná sa lá, dála a lán breoiteachtaí, agus is measa sa gheimhreadh ná sa samhradh é ag na daoine go leanann sé orthu. Leanann seordán an múchadh. An té a mbíonn asma air bíonn a anáil dá bhaint de uaireanta. Eipidéimeolaíocht. Ní raibh asma forleathan i 1900 (bhí an eitinn ann). Ach sa bhliain 2004, bhí an galar ag timpeall 150 milliún duine ar fud an domhain, agus faigheann timpeall 180,000 duine bás dá bharr sa domhan gach bliain. I Meiriceá bhí sé ag 7.3% den phobal faoi 18 mbliain d'aois in 2008, agus 4.9% den phobal os a chionn sin. I 1980-1995 d'éirigh na céatadáin sin 3.8% is 2.6% faoi seach. Tá sé ag scaipeadh ina eipidéim, go mór mór i dtíortha forbartha an iarthair. Is mó an seans go mbeidh an plúchadh ag páiste bheirt tuismitheoirí a bhfuil an galar acu, ach ní leor é sin chun an méadú ar tharlú an ghalair a mhíniú. Cúiseanna. Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoineː Meastar go bhfuil baint éigin leis ag an gcaoi a bhfanann páistí istigh sa teach níos mó, agus a nochtar iad an iomarca d'ailléirginí an teaghlaigh: fíneoga an deannaigh, sail chnis an chait is eile. Tá truailleáin san aer a chuireann tús leis freisin. I ndaoine fásta, spreagann ionfhabhtuithe taomanna asma go minic. Cóir leighis. Is deacair an gearán céanna a leigheas ar fad, ach is gnáthach go bhfaigheann daoine a saol leis. Ní gearán marfach é de ghnáth. Léiríonn an taighde go bhfuil an líon daoine a bhásaíonn mar gheall ar asma ag dul i méid. Bíodh is gur casta an galar é agus cúiseanna éagsúla leis, tugann córacha leighis atá bunaithe ar stéaróidigh a ionanálaítear an-fhaoiseamh. Ach ní mór an chóir leighis chomh maith leis an ngléas ionanálaithe a bheith ag duine nuair a bhíonn gá leo. Déanann aclaíocht agus gníomhaíocht choirp maitheas do gach duine, leanaí nó daoine fásta a bhfuil asma orthu. Sláinte poiblí. Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Asma ar an chéad Máirt de mhí na Bealtaine. Plúchadh in Éirinn. Tá ag méadú ar líon na gcásanna in Éirinn le déanaí. Áirítear go raibh 470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn sa bhliain 2018. I mBaile Átha Cliath, measadh go raibh gnéithe éigin den ghalar seo ag níos mó ná 20% de pháistí d'aois 13-14 sa bhliain 2009. De ghnáth is féidir le daoine óga an t-asma a rialú go héifeachtach trí na rudaí aitheanta a spreagann tús leis an riocht a sheachaint agus tríd an leigheas oiriúnach a thógáil agus an teicníc cheart in úsáid. Ach léiríonn staidéar sa bhliain 2019, a bhí foilsithe ag Cumann Asma na hÉireann, nach raibh aon smacht ag formhór na ndaoine a raibh an plúchadh ag dul dóibh. Tá an Cumann ag iarraidh go leanfadh gach duine a bhfuil asma ag dul dóibh na treoracha atá eisithe le dul i ngleic le taomanna plúchta. "Beating Breathlessness". Is clár tacaíochta féinbhainistíochta sé seachtaine é "Beating Breathlessness" a sheachadtar trí théacs chomh maith le seirbhís teachtaireachtaí meandracha pearsantaithe faoi stiúir altra a sheachadtar tríd an ardán WhatsApp. Cuideoidh "Beating Breathlessness" le daoine a riocht a thuiscint agus a bhainistiú níos fearr.
1,972
Lindsay Lohan. Is ban-aisteoir, amhránaí agus dearthóir luiteoga í Lindsay Lohan. Rugadh í ar 2 Iúil 1986 i gCathair Nua-Eabhrac. Bhain sí cáil amach mar pháiste sa scannán Disney "The Parent Trap". Nuair a bhí sí ina déagóir bhí rólanna móra le rá aici ar nós "Freaky Friday (2003)" le Jamie-Lee Curtis agus a scannán is cáiliúla, "Mean Girls (2004)". Le déanaí bhí mionpháirt aici sa tsraith theilifíse "Ugly Betty". Tá dúil aici sa cheol freisin - d'eisigh sí a céad albam, darbh ainm "Speak", i 2004 agus a dara halbam, "A Little More Personal (Raw)", an bhliain dár gcionn. Tá a tríú halbam, "Spirit in the Dark", le teacht amach sa bhliain 2009. Is pearsanta conspóideach í Lindsay i Hollywood de bharr a meáchan, coimhlint lena hathair, saol sóisialta fián, troideanna le daoine cáiliúla eile agus a caidreamh le Samantha Ronson, DJ Sasanach.
315
Punt steirling. Is é an punt steirling (as Béarla: "pound sterling", , siombail: £; cód ISO: GBP), a fhóroinntear i 100 "pingin" (as Béarla: "penny", iolra: "pence"), airgeadra na Ríochta Aontaithe, na spleáchas Corónach d'Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht, agus na gCríoch Thar Lear Briotanach den Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas agus Críoch Antartach na Breataine. Is airgeadraí ar leith iad punt Giobráltar, punt Oileáin Fháclainne agus punt San Héilin, atá le rátaí malairte pionnáilte leis an steirling acu. Tá an steirling ar an tríú airgeadra cúltaca is coitianta faoi láthair, i ndiaidh dollar na Stáit Aontaithe agus an euro. Is eisean an ceathrú airgeadra is trádálaithe sa mhargadh airgeadraí, i ndiaidh dollar SAM, an euro agus yen na Seapáine.
307
Próstatach. Is comhfhaireog eisicríneach fidí-ailbheolach é an próstatach. Tagann an t-ainm 'próstatach' ón bhfocal προστάτης - prostates, go litriúil "an té a sheasann os comhair", "cosantóir", "garda" sa tSean-Ghréigis. Luíonn sé taobh istigh den pheilbheas faoi bhun an lamhnáin, ag timpeallú cuid den úiréadra. Téann na duchtanna seadta tríthi roimh dhul isteach san úiréadra. Beag ag an mbreith, fásann sí go tapa le linn caithreachais, agus baineann méid an duine fhásta amach i rith bliana nó mar sin. Le linn spreagtha ghnéasaigh, cuireann sí sreabhán alcaileach trí dhuchtanna a osclaíonn isteach san úiréadra leis an seamhan (suas le trian dá thoirt), ag tabhairt a bholaidh shainiúil dó. Roinntear an fhaireog i maotháin: maothán matánach den chuid is mó chun tosaigh, maotháin chliathánacha ar an dá thaobh, maothán láir, agus maothán eile ar chúl (ionad ina dtarlaíonn ailse phrostátach, go minic). Tar éis 50 bliain d'aois, is féidir go seargfaidh an fhaireog. Ach is féidir freisin go méadóidh an maothán láir an iomarca, ag cur brú ar an úiréadra is an lamhnán, rud a chuirfidh isteach go dochrach ar fheidhmiú na nduán. Sa chás sin, is í an chóireáil is gá ná an fhaireog nó cuid di a bhaint trí mháinliacht. Sa bhliain 2002, athainmníodh na faireoga paraúiréadracha baineanna, nó faireoga Skene go hoifigiúil mar an próstatach baineann, ag an gCoiste Cónaidhme Idirnáisiúnta um Théarmaíochta Anatamaíocha. (Béarla:Federative International Committee on Anatomical Terminology]]. Bíonn difríochtaí móra idir próstataigh na speiceas éagsúla i dtaca le hanatamaíocht, ceimic, agus fiseolaíocht.
637
Am. Is comhpháirt í am de chórais thomhais le haghaidh teagmhas a chur in ord, le haghaidh marthanachta teagmhas agus na n-eatramh eatarthu a chur i gcomparáid le chéile, agus le haghaidh gluaisní réad a mheas. Is é an t-am a scarann imeachtaí leanúnacha ó imeachtaí comhuaineacha. Luaitear an t-am mar an 4ú toise, leis na 3 thoise spásúil. Ligeann an t-am dúinn feiniméan amháin a ainmniú mar chúis is feiniméan eile mar thoradh, agus an aimsir chaite, an aimsir láithreach is an aimsir fháistineach atá le teacht a ainmniú freisin. Fisic. I meicnic Newton, is dearbhthomhas an t-am, agus is ionann soicind atá tomhaiste ag breathnadóir amháin is soicind atá tomhaiste ag breathnadóir ar bith eile. Ach thaispeáin teoiric na coibhneasachta speisialta gur mícheart an tuiscint seo go ginearálta. I gcórais teirmidinimice, díorthaítear treo-aimsitheacht ama ón eantrópacht. Braitheadh treo-aimsitheacht an ama i bhfisic na gcáithníní den chéad uair i 1998 trí thréithe na gcáithníní fonúicléacha, na céóin. Tomhas. Úsáidtear an tsiombail t dó, agus tomhaistear é i soicindí (s), nóiméid is uaireanta. Cainníocht scálach a thugtar ar chainníocht nach bhfuil treo sa spás ag gabháil léi. Cainníocht scálach is ea an t-am. Is é ""t" an tsiombail air. An soicind ("s""), sin an t-aonad ama. Déantar cainníochtaí beaga ama a thomhas ina milleasoicindí nó ina micreasoicindí. Déantar eatraimh ama níos mó ná sin a thomhas ina n-uaireanta, ina laethanta nó ina mblianta. Is ina soicindí is ceart fad ama a scríobh agus fadhbanna uimhriúla á réiteach san fhisic.
628
Mícheál Ó hAnnracháin. Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Mícheál Ó hAnnracháin (), 17 Márta, 1877 – 4 Bealtaine, 1916) a ghlac páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916. Cúlra. As Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman dó, bhunaigh Ó hAnnracháin craobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus scríobh sé na húrscéalta "A Swordsman of the Brigade" agus "When the Norman Came". Chuaigh sé díreach isteach in Óglaigh na hÉireann gan mhoill nuair a bunaíodh iad sa bhliain 1913. Éirí Amach na Cásca. Bhí Ó hAnnracháin ar an dara duine i gceannas ar 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas Thomáis Mhic Dhonnchadha. Bhí na réabhlóidithe bunaithe i monarcha bhriosca Jacob's, ach ní fhaca siad mórán aicsin i rith na seachtaine. Gabhadh Ó hAnnracháin, agus lámhachadh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine in éineacht leis na gceannairí. Bhí a dheartháir Anraí páirteach san éirí amach chomh maith, agus daoradh pianseirbhís air. Oidhreacht. Tá an stáisiún traenach i Loch Garman agus an droichead thar abhainn na Bearú i Ros Mhic Thriúin ainmnithe in ómós dó.
470
Ron Asheton. Ba ghiotáraí, dordghiotáraí agus cumadóir rac-cheoil é Ron Asheton (17 Iúil, 1948 - 6 Eanáir, 2009). Meiriceánach as Ann Arbor, Michigan a bhí ann, agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna The Stooges, in éineacht le Iggy Pop, sa bhliain 1967. Sheinn sé an giotár ar na chéad dá albam a sheol an grúpa, ach don tríú halbam "Raw Power" ghlac James Williamson a áit mar ghiotáraí agus d'athraigh Asheton go dtí an dordghiotár. Nuair a tháinig The Stooges ar ais le chéile sa bhliain 2003, d'fhill Asheton ar a shean-uirlis. Tá deartháir Asheton ina bhall den bhanna céanna mar dhrumadóir (Scott Asheton). Fuair Asheton bás sa bhaile in Ann Arbor. Taom croí a bhí i gceist.
266
Dealbhóireacht. Is é atá i gceist le dealbhóireacht ná obair ealaíne thríthoiseach a chruthaítear nuair a lúbtar nó nuair a mheasctar ábhair éagsúla, mar shampla cloch (carraig nó marmar), miotal, gloine, adhmad, fuaim, téacs, solas agus araile. Is minic a thaispeántar dealbha mar ealaín phoiblí. Tugtar dealbhóir ar ealaíontóir a cruthaíonn dealbh.
143
Michelangelo. Bhí Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni, giorraithe Michelangelo (6 Márta, 1475 – 18 Feabhra, 1564), ar dhuine de na healaíontóirí ba mhó agus ba thábhachtaí san Athbheochan (nó an Renaissance). Péintéir, dealbhóir, ailtire, file agus innealtóir Iodálach a bhí ann, sár-ealaíontóir ildánach a dtugtaí "Il Divino" ("an Duine Diaga") air. Óige. Rugadh Michelangelo di Lodovicio Buonaroti Simoni ar 6 Márta 1475 in Caprese sa Tuscáin. Ba bhaincéirí iad muintir Michelangelo, ach bhí ag teip ar a athair Lodovicio a ghnóthaí a riaradh le héifeacht, agus b'éigean dó postanna a fháil anois agus arís i seirbhís an stáit. Nuair a rugadh Michelangelo, bhí a athair ina Riarthóir Dlíthiúl i mbaile beag Caprese agus ina Riarthóir Áitiúil in Chiusi. Ba í Francesca di Nieri del Miniato di Siena máthair Michelangelo. Chreid muintir Buonarroti gur de shliocht na Cuntaoise Mathilde de Canossa iad, cé nach féidir é sin a chruthú. Flórans, 1476 - 1492. Cúpla mí tar éis bhreith Michelangelo, d'aistrigh a mhuintir ar ais go Flórans, áit ar tógadh é. Thagadh trealláin tinnis ar a mháthair agus é seacht mbliana d'aois, rud a d'fhág go raibh sé in aon teach le saor cloiche agus a bhean i mbaile Settignano, áit a raibh cairéal marmair ag a athair. Agus Michelangelo ina buachaill óg, chuir a athair é chun an daonnachaí Francesco da Urbino in Flórans, Ach is beag suim a bhí aige sa staidéar. B’fhearr leis pictiúir a chóipeáil i dteampaill agus a bheith i gcuideachta ealaíontóirí eile. In aois a thrí bliana déag, ghlac Domenico Ghirlandaio leis mar phrintíseach é. Nuair a bhí Michelangelo ceithre bliana déag d'aois, b'éigean do Ghirlandaio é a íoc, rud fíorannamh ag an am. Nuair a d’iarr rialtóir Flórans, Lorenzo de Medici, ar Ghirlandaio sa bhliain 1492 an bheirt ealaíontóirí ab fhearr a bhí aige a chur chuige, roghnaigh Ghirlandaio Michelangelo agus Francesco Granacci. Idir na blianta 1490 agus 1492, bhí Michelangelo ag déanamh staidéir in Acadamh an Daonnachais, foras a bhunaigh muintir Medici faoi anáil an Nua-Phlatónachais. Rinne Michelangelo staidéar ar dhealbhóireacht faoi stiúradh Bertoldo di Giovanni. Chuaigh fealsúnaí agus scríbhneoirí ar nós Marsilio Ficino, Pico della Mirandola agus Angelo Poliziano i gcion go mór ar a aigne agus ar a ealaíon san Acadamh. Leis an tréimhse seo a bhaineann na dealbha "Maighdean na gCéimeanna" (1490-1492) agus "Cath na gCeinteár" (1491-1492). I mBuaic a Réime. Tháinig cor eile i saol Michelangelo de bharr bhás Lorenzo ar 8 Aibreán 1492. D’fhág sé pálás na Medici agus rinne cónaí i dteach a athar, áit a ndearna sé cros adhmaid (1493) a thug sé d'Eaglais Santo Spirito i bhFlórans. Lig seo dó staidéar a dhéanamh ar an anatamaíocht in ospidéal na hEaglaise. Idir na blianta 1493 agus 1494 cheannaigh sé bloc marmair ollmhór agus rinne dealbh d'Earcail, saothar a cuireadh chun na Fraince agus a chuaigh ar seachrán timpeall na bliana 1700. Ar 20 Eanáir 1494, tar éis plúchadh mór sneachta, d'iarr Piero de Medici, oidhre Lorenzo, air dealbh shneachta a dhéanamh, rud a thug Michelangelo ar ais chun Pálás na Medici. Bologna, Veinéis, Flórans, Róimh, 1492–1499. Nuair a díbríodh na Medici as Flórans, d’aistrigh Michelangelo go Bologna. D’fhill sé, ach theip air aon obair a fháil ón rialtas. Rinne sé ‘’Cupid ina Chodladh’’ ar mhúnla saothar clasaiceach agus dhíol leis an gCairdinéal Raffaele Riario é. Nuair a fuair Riario amach nár shaothar de chuid na seanreachta é, tháinig an oiread sin ionaidh air gur iarr sé ar an ealaíontóir óg dealbh Bhacas a dhéanamh dó. Ach nuair a chonaic sé an saothar, dhiúltaigh sé dó, agus b’éigean do Michelangelo é a dhíol leis an mbaincéar Jacopo Galli i gcomhair a ghairdín. Sa bhliain 1497 iarraidh ar Michelangelo "Pietà" a dhéanamh, rud a thosaigh sé an bhliain dár gcionn. Oibreacha eile. Flórans, 1499–1505. Nuair a d’fhill Michelangelo ar Fhlórans idir na blianta 1499 agus 1501, iarradh air dealbh Dháibhí a dhéanamh mar chomhartha ar shaoirse na cathrach. Bhí sé seo ar na saothair ab fhearr dá chuid, agus chuir sé bailchríoch air sa bhliain 1504. D'eascair sé as píosa ollmhór marmair ó chairéal Charrara, agus cuireadh é in airde os comhair an an tSean-Pháláis (Palazzo Vecchio) sa Piazza della Signoria. Róimh, 1505-1564 D’fhill Michelangelo ar an Róimh sa bhliain 1505. Idir na blianta 1508 agus 1512 dhathaigh sé díon an tSéipéil Shistínigh don Phápa Clement VII. Ar dtús ní raibh le bheith ann ach an Dá Aspal Déag, ach de réir a chéile chum sé fíoracha eile a bhain le Cruthú agus le Deireadh an Domhain. Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa (Julius II), ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain. Idir na blianta 1532 agus 1541 chum sé an Breithiúnas Deireanach, ach chuir roinnt fíoracha lomnochta fearg ar dhaoine éigin, an Cairdinéal Carafa agus an Moinsíneoir Sernini go háirithe, agus rinne siad gearán. Mar dhíoltas, rinne Michelangelo íomhá de Charafa mar anam damnaithe. Ba Michelangelo a dhear an Piazza del Campidoglio agus an phábháil cháiliúil atá ann. Ba é saothar mór deireanach Michelangelo Baisleac Pheadair sa bhliain 1546 (cé nach eisean a thosaigh é). Fuair Michelangelo bás sa bhliain 1564 sula raibh an obair dheireanach seo críochnaithe. Pearsantacht. Duine cantalach, ardaidhmeach, ciotach a bhí ann, de réir dealraimh, a spreag idir urraim agus eagla i lucht a chomhaimsire. Dúirt an staraí ealaíne, Vasari, sa 16ú aois gur ‘il divino’ a bhí ann, cruthaithe ag Dia mar bharrshamhail den duine mar ba cheart don duine a bheith in achan bhealach idir filíocht, ealaín agus áilleacht cholainne. Sa bhliain 1532 thit Michelangelo, a bhí 57 mbliana d’aois ag an am, i ngrá go trom le fear uasal óg darb ainm Tommaso de Cavalieri nach raibh 20 bliain d’aois. Is cinnte go raibh grá ag Michelangelo do Tommasso ach is grá geanmaí, aontumha a bhí ann. Scríobh sé chuige bliain i ndiaidh dó bualadh leis le rá ‘a fhad a mhairfeas an chuimhne atá agam ort, ní mhothóidh mé aon tuirse ná eagla roimh an bhás’ agus go raibh sé ina phríosúnach ag an ‘cavalieri armtha’.
2,392
Pedro Calderón de la Barca. Drámadóir Spáinneach ab ea Pedro Calderón de la Barca y Henao. Thuil Calderón a cháil mar dhrámadóir mar gheall ar fheabhas a chuid filíochta, a struchtúr drámatúil agus doimhneacht a chuid fealsúnachta. Scríobh sé níos mó ná 70 dráma san iomlán. Luathshaol. Rugadh Calderón ar an 17 Eanáir, 1600. Rugadh agus tógadh é sa phríomhchathair Maidrid. Ba de shliocht Pléimeannach a mháthair agus bhí a athair ina rúnaí sa státchiste. Ghnóthaigh sé comórtais filíochta agus é ina fhear óg agus cuireadh a chéad dráma "Amor, Honor y poder" ar stáitse i mí an Mheithimh 1623. Saighdiúireacht. Tá sé ráite go raibh sé i seirbhís in arm na Spáinne san Iodáil agus i bhFlóndras idir 1625 agus 1635. Faoin am go raibh sé sna tríochaidí, aithníodh Calderón mar phríomhdhramadóir na Spáinne. Chaith sé dhá bhliain san arm 1640-1642, ina "Cuirassier" (marcshlua, marcoifigeach nó oifigeach ar muin capaill) sa Chatalóin. Sa bhliain 1645, bronnadh pinsean speisialta míleata air mar gheall ar a ghaisce mar shaighdiúir. Sagartacht. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin chuaigh Calderón isteach in Ord Naomh Proinsiais. Rinneadh sagart de sa bhliain 1651. As sin amach, dhírigh sé ar shaothair a bhain le miotaseolaíocht agus le creideamh. Mhair Calderón ar feadh 81 bliana go bhfuair bás ar an 25 Bealtaine, 1681.
543
Scoil Uí Chonaill. Is meánscoil í Scoil Uí Chonaill (nó "O'Connell School" as Béarla) atá suite ar Shráid Richmond Thuaidh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is í an mheánscoil Chaitliceach is sine i mBaile Átha Cliath agus í bunaithe ar dtús i 1827. Stair. Ainmníodh an scoil as Dónall Ó Conaill mar gheall ar a iarrachtaí ar son shaoirse na gCaitliceach in Éirinn. Leag sé féin an bhunchloch agus bhronn sé 1,500 punt dá airgead féin ar an scoil. Bunaíodh í mar scoil do bhuachaillí ar dtús ach is scoil mheasctha í anois.
208