text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Fíteacróm. Is lí a fhaightear i gcuid mhaith grúpaí plandaí é fíteacróm, a bhfuil baint aici leis an bhfreagairt fhótaithréimhsiúil. Comhdhúil próitéine atá ann, a bhfuil dhá fhoirm di ann, gach ceann a fhreagraíonn do chineál difriúil solais is a fheidhmíonn mar nasc, ag brath ar na cúinsí soilsithe (fad solas an lae, mar shampla). Rialaíonn sé próisis cosúil le bláthú is fás.
156
Fíteasár. Reiptíl atá imithe in éag a raibh colainn cosúil le crogall aici, le fiacla i logaill. Ón tréimhse Thriasach i Meiriceá Thuaidh, an Eoraip is an Áise a fhaightear a iontaisí.
79
Fithis. Is éard is fithis ann sa réalteolaíocht ná an chonair a leanann rinn neimhe nó satailít agus í ag gluaiseacht i réimse imtharraingthe. Más dhá rinn amháin atá san áireamh, is féidir an fhithis a ríomh go han-chruinn, agus foirm ghearrtha cónaigh a bhíonn inti, is é sin parabóil, éilips, nó ciorcal. Is fithis gheocónaitheach a bhíonn ag satailít teileachumarsáide nó teilifíse ag airde 36,000 km os cionn an mheánchiorcail, ionas go bhfanann sí i gcéim le rothlú an Domhain agus san ionad céanna sa spéir, i leith an Domhain, t-am ar fad, rud atá riachtanach don teileachumarsáid.
239
Fithis an Domhain. Timpeallaíonn an Domhan an Ghrian ag meánfhad timpeall 150 milliún km. Dá mbeadh an Domhan 1,500 km níos gaire don Ghrian, bheadh sé chomh te sin go bhfiuchfaí an t-uisce uile air. Dá mbeadh sé 1,500 km níos faide amach, reófaí an t-uisce uile. Mar sin, ní bheadh mórán beatha aithnidiúla ar Domhan dá mbeadh sé 0.1% níos gaire don Ghrian nó 0.1% níos faide amach. Cinneann rothlú an Domhain ar a ais gach 24 uair timthriall lá/oíche an Domhain. Ach tá uillinn claonta idir an ais seo is plána na fithise, agus le linn ár samhraidh bíonn an leathchruinne thuaidh claonta i dtreo na Gréine, ag fáil níos mó de sholas is teasradaíocht na Gréine ná an leathchruinne theas. Mar sin, bíonn an samhradh againne is an geimhreadh ag an leathchruinne theas. Is mar seo a tharlaíonn na hathruithe séasúracha san aeráid. Is é rothlú an Domhain, chomh maith le fithis na Gealaí thart air gach 28 lá, a chinneann crutha na Gealaí.
369
Fithis dhomhanda gheoisioncrónach. Is é is fithis dhomhanda gheoisioncrónach ann ná fithis spásárthaigh timpeall lárlíne an Domhain, mar a mbíonn tréimhse na fithise oiriúnaithe leis an lá domhanda, ionas go mbíonn an chuma air go bhfuil an spásárthach fosaithe ag an domhanleithead sin. Bíonn an fhithis suas le 36,000 km in airde. Is áisiúil an fhithis seo i gcomhair satailítí teileachumarsáide, de bhrí go ligeann sí don spásárthach a bheith i dteagmháil líneach leanúnach le stáisiúin ar leith ar an talamh. Is idéalach do shatailítí meitéareolaíochta í freisin, mar gur féidir leo réimse an-leathan dromchla is atmasféir a chlúdach.
254
Fithis íseal dhomhanda. An fhithis a úsáidtear do spásárthach le foireann, nó atá i mbun staidéar cianmhothaithe ar an Domhan. Is í an airde is lú a bhíonn i gceist ná timpeall 200 km, chun cúltarraingt an atmaisféir a laghdú an oiread agus is féidir. Roghnaítear an claonadh cuí chun dul thar na réigiúin spéise. Is gá claonadh Molach a úsáid chun dromchla uile an Domhain a chlúdach. Is gnách tréimhse fithisithe timpeall 100 nóiméad a bheith ina leithéid, agus luas ciorclach 7.8 km s. Ag brath ar an airde, meathann an fhithis, tagann an spásárthach ar ais san atmaisféar, agus dóitear beagnach go hiomlán é. Mar gheall ar a leithéid de scrios spásárthach a bheith ag tarlú ó am go chéile, tá carnadh smionagair is páirteagal beag go hard san atmaisféar, agus is baol nua é seo do spásárthaigh.
330
Fithiseoirí Gealaí. Sraith spásárthach de chuid na Stát Aontaithe a úsáideadh chun suirbhéireacht mhiontaifigh a dhéanamh ar an nGealach ó fhithisí os a cionn, mar ullmhúchán do na tuirlingtí a dhéanfadh daoine uirthi i gclár Apollo. Lainseáladh na spásárthaigh i 1966-1967 le ceamaraí ar bord, agus fuarthas na sonraí chun ionaid tuirlingthe Apollo a roghnú. 5 cheann a lainseáladh, agus sholáthair siad sonraí ar gheolaíocht na Gealaí. I lár na 1990idí tosaíodh ar chláir suirbhéireachta nua, Clementine is Sirtheoireacht na Gealaí, a rinne mionstaidéar ar réimse imtharraingthe na Gealaí agus a d'fhionn maiseanna dlútha faoi fharraigí na Gealaí (réimsí ar an dromchla a bhfuil cuma réasúnta leibhéalta orthu, cosúil le farraige).
300
Fítigheografaíocht. Staidéar ar na fachtóirí is bun le dáileadh plandaí ar fud an Domhain, anois agus i réanna atá thart. Fochuid den bhithgheografaíocht.
63
George Francis Fitzgerald. Fisicí turgnamhach a saolaíodh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath ab ea George Francis Fitzgerald (1851-1901). Rinne sé taighde ar optaic is leictridinimic. Réamhinis sé go nginfeadh sruth ailtéarnach i sreang tonnta leictreamaighnéadacha sa timpeallacht, rud a chruthaigh Hertz go turgnamhach i 1888. D'eascair teileagrafaíocht, raidió, teilifís, teileafóin iniompartha, teileachumarsáid, loingseoireacht le satailítí, agus a lán eile as seo. Neamhspleách ar Lorentz, chonchlúidigh sé go mbíonn an chuma ar réad atá faoi ghluaisne go bhfuil sé craptha is níos giorra do bhreathnadóir fosaithe: giorrú Fitzgerald-Lorentz. Níos déanaí, bhain Einstein feidhm as an léargas seo ina theoiric choibhneasachta speisialta.
280
Fiuchphointe. An teocht ag a bhfanann an teocht tairiseach nuair a chuirtear teas le leacht, in ionad ardú, agus a n-athraíonn leacht íon ina ghás nó ina ghal, ach an brú sa timpeallacht a choimeád tairiseach. Le bheith foirmiúil, is é an leáphointe an teocht ag a mbíonn brú ghal an leachta cothrom leis an mbrú seachtrach air. Laghdaíonn an fiuchphointe de réir mar a mhéadaíonn an airde, de bhrí go laghdaíonn an brú seachtrach ansin. Mar shampla, fiuchann uisce ag 100 °C, a fhiuchphointe ag gnáthbhrú an atmaisféir. Ag an teocht chéanna comhdhlúthaíonn an ghal sin ina leacht arís nuair a bhaintear teas uaidh.
246