text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Feiste soladstaide. Feiste ina ritheann comhartha leictreonach trí ábhar soladach seachas trí fholús i bhfeadán folúsach. Bíonn an chuid is mó de na comhbhaill (trasraitheoirí, friotóirí, toilleoirí, is dé-óideanna) comhdhéanta as píosa soladach amháin d'ábhar leathsheoltach, cosúil le sileacan. Bíonn siad i bhfad níos éadroime lú ná na seanchomhbhaill leictreonacha sna feadáin fholúsacha, baineann úsáid as níos lú cumhachta, maireann níos faide, bíonn níos iontaofa, agus cosnaíonn níos lú. De réir a chéile tá feistí níos lú fós á saothrú, bunaithe ar nanateicneolaíocht, ina dtógtar an fheiste adamh i ndiaidh adaimh, le sreanga atá chomh beag le hadamh ar tiús.
273
Feisteas tuirlingthe. Rotha, coscáin is maolairí turrainge eitleáin, ar féidir iad a tharraingt isteach sa chabhail nó na sciatháin agus é ag eitilt, chun an chomhéifeacht chúltarraingthe a laghdú. Tá eitleáin ann a úsáideann snámháin chun tuirlingt ar uisce nó scíonna chun tuirlingt ar shneachta.
116
Féith. Fuileadán a iompraíonn fuil dhí-ocsaiginithe ó na fíocháin ar ais don chroí. Bíonn na féitheacha domhaine taobh le hartairí. Bíonn na féitheacha éadroma sa bhfíochán fochraicneach, cosúil le cainéil ghorma go díreach faoin gcraiceann, ag an rosta is ar an rí, mar shampla. Sreabhann an fhuil níos moille agus faoi bhrú níos lú sna féitheacha ná sna hartairí. Is mó na féitheacha ná na hartairí comhfhreagracha, ach is tanaí infhillte a mballaí. Nuair nach bhfuil fuil i bhféith, sleabhcann sí. Sa chuid is mó de na féitheacha tá comhlaí, foirmthe as filltí intéileacha, le fíochán snáithíneach leaisteach á neartú. Cuireann na comhlaí cosc le haon chúlsreabhadh fola, agus iompraíonn colún fola sna féitheacha (sna cosa, mar shampla) mar a bhfuil sreabhadh in airde. Má chliseann na comhlaí sna cosa, tarlaíonn féitheacha borrtha.
328
Féitheacha borrtha. Féitheacha séidte de bharr bac ar imshruthú na fola iontu, nó neamhéifeacht na gcomhlaí. Féadfaidh siad tarlú áit ar bith sa cholainn, ach is i bhféitheacha na gcos i minice ar fad iad. Seasamh ar feadh i bhfad, agus cúinsí géiniteacha, a bhíonn mar chúis leo. Má bhíonn siad dian, féadfaidh siad a bheith pianmhar ata, le hothrais iarmharacha sa chos, agus b'fhéidir gur gá iad a bhaint trí mháinliacht.
172
Féitheacha cuingealacha. Na fuileadáin a thaoscann struchtúir an chinn is na scornaí. Tógann an fhéith chuingealach inmheánach an fhuil ón inchinn, an aghaidh is an chuid is mó den scornach, na struchtúir dhoimhne go háirithe. Tosaíonn sí ag an oscailt ag bun na hinchinne (an bhréifin chuingealach) agus ag a deireadh nascann leis an bhféith fhothchlabhach (a thaoscann an fhuil ón ngéag uachtarach) chun an fhéith bhracafalach a dhéanamh. Tógann an fhéith chuingealach sheachtrach an fhuil ó scairt an chinn is codanna dromchlacha na scornaí. Faightear na féitheacha cuingealacha tosaigh gar don mheánlíne ag tosach na scornaí, agus taoscann siad isteach sa bhféith chuingealach sheachtrach.
265
Feithicil armúrtha troda. Téarma ginearálta ar fheithiclí troda, cosúil le tancanna, gluaisteáin armúrtha, iompróirí armúrtha foirne, agus feithiclí troda a bhíonn ag coisithe mar chosaint armúrtha i gcoinne piléir na namhad.
95
Feithicil astaíochtaí nialasacha. Feithicil gan aon sceithghás truaillithe. Sna 1980idí rinneadh taighde ar bhreoslaí eile seachas ola chun díriú ar an aidhm seo. De réir gach dealraimh go dtí seo, feithiclí leictreacha, deartha i gceart, is gaire a thiocfaidh don aidhm.
111
Feithicil ilathiontrála dírithe go neamhspleách. Arm núicléach ar féidir roinnt díobh a shuíomh i gceann tosaigh diúracán mór balaistíochta, agus a theilgean go neamhspleách ar thargaidí difriúla, scaipthe go forleathan ar thír nó muir an namhad. Mar sin, féadfar cuid mhaith targaidí a ionsaí is a scrios ag an am céanna. Tagairtí.
131
Feithicil lainseála. Feithicil roicéadtiomána a úsáidtear chun spásárthach a iompar in airde. Cuid mhaith codanna a bhíonn inti. De réir mar a ídítear an breosla i gcuid amháin, scartar an chuid sin agus titeann go talamh. Gintear an sá trí dhó rialaithe pléascach breosla leachtaigh (mar shampla, ceirisín is oscaigin, nó hidrigin is oscaigin) nó breosla sholadaigh (de réir cineáil, rubar sintéisithe, measctha le púdar ocsaídeora). Díorthaíodh an modh oibre seo ó mhodhanna tiomána diúracán a saothraíodh le linn is i ndiaidh an dara cogadh domhanda ag Konstantin Tsiolkovsky san Aontas Sóivéadach, Robert Goddard sna Stáit Aontaithe, agus Wernher von Braun sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe.
277
Feithicil leictreach. Déanann feithiclí leictreacha níos lú dochair don chomhshaol agus tá siad níos saoire le húsáid. Innealtóireacht. De bhrí go bhfuil sceithghás gluaisteáin peitril nó díosail chomh salach sin agus chomh dochrach don chomhshaol, tá tóir le fada ar fheithiclí leictreacha a bheadh i bhfad níos glaine. Ach níl an fheithicil leictreach saor go hiomlán ó gháis sceite, mar gineann an gnáthbhataire gal le linn a fheidhmithe. Beidh gá le cineálacha nua bataire, mar sin. Ní oirfidh cealla gréine mar fhoinse cumhachta d'fheithiclí tarrthála nó gluaisteáin teaghlaigh, mar nach féidir leo dóthain cumhachta a sholáthar gan achar rómhór ceall a bheith de dhíth ar dhromchla feithicle. Tá fuinneamh timpeall 78 vata-uair nó 280 kJ riachtanach in aghaidh gach ciliméadar slí. I gcás bataire nua-aoisigh, fiú tar éis na mblianta taighde, tá droch-chóimheas idir an fuinneamh stóráilte is meáchan an bhataire. Mar shampla, bíonn fuinneamh timpeall 126 kJ le fáil in aghaidh an chileagraim i ngnáthbhataire luaidhe-aigéadach, ach 5600 kJ in aghaidh an chileagraim i bpeitreal. Sa bhataire is éifeachtaí dá bhfuil ann faoi láthair, an bataire suilfídsóidiam, tá 560 kJ fuinnimh in aghaidh an chileagraim. Sa todhchaí, tá sé i gceist fuinneamh a chaomhnú i bhfeithiclí trí athghiniúint. Meastar go sabháilfí 10% den fhuinneamh i ngnáth-thuras dá n-úsáidfí an mótar mar ghineadóir le linn don fheithicil leictreach dul le fána. Tá súil le breis ardú éifeachta de bharr feabhsaithe sna giaranna. Tá scéimeanna eile á saothrú chun cumhacht leictreach a sholáthar don fheithicil go leanúnach trí ionduchtú ó shreanga faoin talamh sa bhóthar. Fiú dá mbeadh a leithéid ar fáil ar feadh príomhbhóithre amháin, laghdódh sé an gá le batairí móra sa bhfeithicil féin. Feithiclí leictreacha in Éirinn. Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh sa bhliain 2022 gurb iad feithiclí leictreacha 21% den iomlán a bhí cláraithe in 2022 (ní raibh ann ach 14% an t-am céanna sa bhliain 2021).
821
Feithid ghainneach. Feithid a dhiúlann plandaí. Na baineannaigh fhásta gan sciatháin cosanta de ghnáth, le clúdach céarach, cosúil le lanna, a thálann sí ar a colainn. Ní itheann na fireannaigh ó phlandaí, agus bíonn péire sciathán acu. Níos lú ná 8 mm ar fhad. Scaipeann an ghaoth na larbhaí nua-ghortha (na lotnaidí). Timpeall 4,000 speiceas ann, ina measc lotnaidí suntasacha a ionsaíonn plandaí atá tábhachtach sa trádáil.
178
Feithid leaice. Feithid a mhaireann i gcrobhaingí ar chraobhóga crann. Na baineannaigh gan chosa, le hadharcáin laghdaithe. An cholainn taobh istigh de chumhdach cosanta táil roisínigh, a ndéantar seileaic as.
84
Feithideolaíocht. Brainse bitheolaíochta a bhaineann le gach gné den staidéar ar fheithidí. Mar thoradh ar a dtábhacht, tá fo-bhrainsí ar leith sa bhfeithideolaíocht. Tá cuid de na feithidí tairbheach do dhaoine (mar shampla, iad siúd a phailníonn plandaí bairr) ach is dochrach cuid eile acu, trí bharra a ithe nó galair fhungasacha, víreasacha, is bhaictéaracha a tharchur do phlandaí is daoine. Is féidir go ndéanfaidh siad dochar fíorchostasach. Pléann an fheithideolaíocht fheidhmeach eacnamaíoch le saothrú feithidicídí agus bealaí eile chun feithidí a smachtú. Sa bhfeithideolaíocht mhíochaine, déantar staidéar ar na feithidí a iompraíonn galair cosúil le tífeas, maláire, is suanghalar na hAfraice, chun iad a smachtú. Baintear feidhm as feithidí i dtaighde eolaíoch freisin, agus rinneadh an-dul chun cinn sa ghéineolaíocht trí staidéar ar an gcuil torthaí drosophila.
350
Feithidicíd. Ábhar a mharaíonn feithidí. Na saghsanna is coitinne, is comhdhúile orgánacha saorga leachtacha iad agus spraeálann feirmeoirí iad, ach is féidir leo a bheith gráinneach nó i bhfoirm púdair freisin. Tá imní go forleathan go dtéann na hábhair seo isteach i slabhra an bhia agus go ndéanann dochar d'ainmhithe fiáine is b'fhéidir do dhaoine. Bhíodh DDT ar an bhfeithicíd ba choitinne agus ba leithne úsáide ar fud an Domhain tar éis an dara cogadh domhanda, ach anois tá cosc iomlán air i gcuid mhaith tíortha de bharr a inmharthanachta i slabhra an bhia. Tá bealach eile ann anois, ina n-úsáidtear baictéir ar leith a tháirgeann feithidicíd atá nimhiúil do raon mór feithidí lotnaide.
275
Feithiditeach. Ceann de na mamaigh phlacainteacha is bunúsaí, dúchasach don Áise, an Eoraip, an Afraic is Meiriceá Thuaidh. Beag, le soc caol biorach. Aonarach den chuid is mó, agus oíchí. Itheann sé feithidí is inveirteabraigh eile.
94
Féithleog. Ball de ghné mhór plandaí a chuimsíonn na toim, agus roinnt bheag cineálacha dreapairí adhmadacha le gais fhéithleannacha, duillsilteach nó síorghlas. Dúchasach don leathsféar thuaidh, agus fástar go forleathan mar mhaisiúchán í. Na duilleoga urchomhaireach, baill an phéire nasctha timpeall ar an ngas go minic. Na bláthanna déliopach, go minic cumhra, in ascaillí na mbláthanna. Na caora dearg, gorm nó dubh. Pailníonn leamhain an fhéithleog choitianta (an féithleann) is iad ag eitilt istoíche, agus táirgeann sí seo boladh cumhra san oíche.
222
John Bennett Fenn. Ceimicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea John Bennett Fenn (15 Meitheamh 1917 – 10 Nollaig 2010). Bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic i 2002, le Koichi Tanaka is Kurt Wüthrich, as a thaighde chun modhanna ianaithe dí-asúcháin bhoig a fhorbairt i gcomhair anailís mais-speictreagrafaíochta ar mhacramhóilíní bitheolaíocha. Fuair sé bás in Richmond, Virginia.
141
Feoiliteoir. Den chuid is mó, mamach a itheann feoil is a sheilgeann veirteabraigh eile is ea feoiliteoir. Gluaiseann an giall íochtarach síos is suas amháin. Na géaráin fada, cuid de na fiacla sna gialla géar agus oiriúnaithe chun feoil a ghearradh. 4-5 mhéar coise, agus ionga ar gach cos.
115
Feoras. Géineas de phlandaí san fhine Celastraceae is ea na feorais. Crann beag nó tom duillsilteach é a fhásann 6 m ar airde, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. Na duilleoga caol ubhchruthach biorach fiaclach. Na bláthanna i gcrobhaingí de 3-8 cinn, scothghlas le 4 pheiteal caol. Capsúl bándearg ceathairliopach 1.0-1.5 cm ar leithead an toradh, a scoilteann chun na síolta, le hairilí méithe flannbhuí, a shaoradh.
176
Harry Ferguson. Eitleoir is ceapadóir a rugadh gar do Dhroim Mór, Co. an Dúin, ab ea Harry Ferguson (4 Samhain 1884 - 25 Deireadh Fómhair 1960). Thóg sé a chéad eitleán i 1901 agus d'eitil é an bhliain chéanna. I 1917, ar iarratas an Bhord Talmhaíochta, dhear is rinne sé céachta ab fhéidir a cheangal le haon tarracóir a bhí ann ag an am. Bhí an céachta faoi rialú hiodrálach, fuinnmhithe ag inneall an tarracóra. Ar dtús cheangail sé le tarracóir nua Ford, an Fordson, ach bheartaigh sé gurbh fhearr feithicil dá dhearadh is dá dhéantús féin chun feidhm a bhaint ar airíonna is féidearthachtaí uile a chéachta. Bhí a fhréamhshamhail réidh i 1933, agus rinne sé conradh le comhlacht innealtóireachta David Brown chun an tarracóir nua, an Brown Ferguson, a dhéanamh.
306
Pierre de Fermat. Dlíodóir agus matamaiticeoir a rugadh i mBeaumont-de-Lomagne sa bhFrainc ab ea Pierre de Fermat (17 Lúnasa 1601– 12 Eanáir 1665). Ba mhatamaiticeoir den chéad scoth é. Rinne sé an-chuid céimeanna chun cinn i réimsí éagsúla na matamaitice maidir le hairíonna uimhreacha, dóchúlachtaí, geoiméadracht is optaic. Rinne sé staidéar ceannródaíoch (le Pascal) ar dhóchúlacht go háirithe. Thugtaí moladh dó as a chuid léinn agus a chuid ionracais mar bhreitheamh. Matamaitic. Is fearr aithne ar de Fermat anois as a Theoirim Dheireanach. Timpeall 1637 scríobh de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid x + y = z, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis). Cailleadh a chruthú ach cuireadh "Teoirim dheireanach Fermat" air. Faoi dheireadh, i lár na 1990idí, thángthas ar chruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí. Uimhirtheoiric eile. Thairg Fermat gurbh uimhir phríomha í (22)" + 1 nuair is slánuimhir dhearfach í n, ach cruthaíodh nach fíor é seo. D'aimsigh Fermat dhá uimhreacha caoimhiúla sa bhliain 1636 —17,296 is 18,416—agus ó shin aimsíodh tuilleadh, le ríomhairí go príomha.   Fisic. Sa bhfisic, tugtar Prionsabal Fermat ar thaisteal gathanna solais idir dhá phointe (mar shampla ón aer, trí phána gloine, le hathraonadh ar an dá thaobh, agus amach san aer ar an taobh eile) ionas go dtógann siad an oiread ama is lú chuige. Díorthaítear cothromóidí Euler-Lagrange ón bprionsabal an íosghníomhaithe. Cás ar leith de is ea prionsabal Fermat maidir le hoptaic. Is analóg chandamach de suimeáil chonair Feynman. Tionchar. Lean Abraham Demoivre (1667-1754) ar aghaidh leis an staidéar a rinne de Fermat ar ar dhóchúlacht. Chuir an matamaiticeoir Rúiseach Andrei Nicolaevich Kolmogorov (1903-1987) tuilleadh eagair air sa 20ú céad.
764
Prionsabal Fermat. Sa bhfisic, tugtar Prionsabal Fermat ar thaisteal gathanna solais idir dhá phointe (mar shampla ón aer, trí phána gloine, le hathraonadh ar an dá thaobh, agus amach san aer ar an taobh eile) ionas go dtógann siad an oiread ama is lú chuige. Is sampla é seo de phrionsabal an íosghníomhaithe, a léirigh Pierre de Fermat i 1657.
128
Teoirim dheireanach Fermat. Timpeall 1637 scríobh an matamaiticeoir Pierre de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid x + y = z, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis)/ Cailleadh a chruthú. Ach tugadh "Teoirim dheireanach Fermat" air agus bhí an teoirim ina sprioc dhoshroichte sa mhatamaitic leis na céadta bliain. Fadhb a raibh Fermat an-tugtha di ab ea an ceann seo a leanas. Is féidir na huimhreacha príomha atá níos mó ná 3 a rangú in dhá rang: rang amháin, 5, 13, 17, 29, 37, … den fhoirm 4 n + 1, mar is slánuimhir í n, agus an dara rang, 7, 11, 18, 23, 31, … den fhoirm 4 n + 3. Is féidir gach uimhir phríomha den chéad rang a scríobh mar shuim dhá chearnach, mar seo: 5 = 12 + 22, 13 = 22 + 32, 17 = 12 + 42…, ach cén fáth mar sin nach féidir é seo a dhéanamh le huimhir phríomha sa dara rang? Faoi dheireadh, i lár na 1990idí léirigh matamaiticeoir Sasanach, Andrew Wiles, cruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí. Ach is tuairimíocht cháiliúil ei le hipitéis Riemann, nár aimsíodh cruthú fós uirthi.
503
Staitistic Fermi-Dirac. I meicnic staitistiúil chandamach, cur síos ar bhailiúcháin an-chuid feirmíón neamhidirghníomhaithe. Cuireann dáileadh Fermi-Dirac síos ar rann an fhuinnimh idir na feirmíóin, agus úsáidtear é, mar shampla, i staidéar an ghás saorleictreon i miotail.
115
Enrico Fermi. Fisicí núicléach a rugadh sa Róimh ab ea Enrico Fermi (29 Meán Fómhair 1901 – 28 Samhain 1954). Chruthaigh sé dúile radaighníomhacha nua trí imbhualadh le neodróin i 1934. Bhraith sé imoibreacha núicléacha nua a cuireadh sa siúl le neodróin mhalla, agus bhuaigh Duais Nobel na Fisice as sa bhliain 1938. Sna Stáit Aontaithe tar éis 1939 chabhraigh sé le forbairt an bhuama adamhaigh. Dhear, thóg is chuir sé ag obair don chéad uair riamh píle adamhach (Chicago Pile-1) in Ollscoil Chicago sa bhliain 1942, imoibreoir trialach eamhnaithe núicléach.
227
Enzo Ferrari. Dearthóir gluaisteáin rása a saolaíodh i Modena na hIodáile ab ea Enzo Ferrari (20 Feabhra 1898 - 14 Lúnasa 1988). Thosaigh sé mar thiománaí rása i 1920, agus i 1929 bhunaigh comhlacht Ferrari. D'fhan sé mar uachtarán air go dtí 1977.
102
Fiabhras. Breoiteacht a ngabhann ardú teochta agus rith cuisle léi is ea fiabhras, nó riocht cliniciúil ina n-éiríonn teocht na colainne os cionn uasteorainn an normail. Is gnáth le céad bliain nó níos mó teocht an othair a thomhas i scrúdú diagnóiseach. Bíonn an teocht normálta ag 36.6-37.7 °C nuair a thomhaistear í le teirmiméadar reicteach. Braitheann teocht na colainne ar chothromaíocht idir táirgeadh teasa is cailliúint teasa, agus rialaíonn an hipeatalamas í. Cruthaítear fiabhras (a bheith fiabhrasach) nuair a chuirtear isteach ar an gcóras rialaithe seo ag ceimiceáin a dtugtar "pirigéiní" orthu, a fhuasclaítear nuair a dhéanann próisis phaiteolaíocha ar leith dochar do chealla sa cholainn. Go minic, is de bharr ionfhabhtaithe a tharlaíonn fiabhras, ach is féidir an toradh céanna a bheith ar ailsí áirithe is ionfharchtadh miócairdiach (fíochán marbh cairdiach).
351
Fiabhras athiompaithe. Grúpa galar a tharlaíonn de bharr ionfhabhtú le baictéir spireacaeit den chineál "Borrelia", a fhaigheann daoine trí ghreim ó mhíolta colainne nó sceartáin. Galar díobh seo is ea galar Lyme. Tagann gríos súil gloine timpeall ar ionad an ghreama, éiríonn an t-othar fiabhrasach, le tinneas cinn, tuirse is cráphianta sna matáin. Féadfaidh seachghalair tarlú freisin, gríos forleathan craicinn agus/nó athlasadh na n-alt, an chroí is na hinchinne. Claonadh aige tarlú in eipidéimí, agus do dhídeanaithe.
214
Fiabhras bainne. Suaitheadh meitibileachta sa bhó mar thoradh ar easpa cailciam i ndiaidh breith lao. Is ainm mí-oiriúnach é "fiabhras" mar nach dtarlaíonn ardú i dteocht na colainne de ghnáth. Tarlaíonn creatháin mhatánacha is laige ginearálta, ansin tnáitheadh, páirtphairilis, agus uaireanta baol damáiste don chroí. Is maith an leigheas dáileoga tuaslagán cailciam sa chuid is mó de na cásanna. Is gá go bhfeicfidh tréadlia an t-ainmhí chun an diagnóis cheart a dhéanamh is aimhréidh a sheachaint.
202
Fiabhras buí. Galar a tharlaíonn san Afraic agus Meiriceá Theas de bharr víris. Ionfhabhtaíonn sé moncaithe, agus cuireann muiscítí ar aghaidh chuig daoine é. Is féidir leis a bheith éadrom gearr, nó dian le buíochán, cliseadh na nduán, fiú bás an othair.
105
Fiabhras dearg. Galar géar tógalach a tharlaíonn de bharr streipteacócais haemalaíoch is ea fiabhras dearg. Tosaíonn sé mar scornach thinn, ach ina dhiaidh sin tarlaíonn gríos dearg ar fud an chraicinn. Freagraíonn sé do fhrithbheathaigh go tapa, ach is féidir go mbeidh aimhréidh ina dhiaidh: ionfhabhtú sa chluas láir, fiabhras réamatach, glomarúlaineifríteas, agus/nó falrais Sydenham.
164
Fiabhras dubhuisce. Aimhréidh maláire nach ndearnadh cóireáil chuí uirthi. Tagann an t-ainm ó thitim as a chéile na n-eiritricítí in imshruthú na fola, ionas go dtéann an lí haemaglóibin amach sa bhfual, ag cur dath dubh air.
94
Fiabhras faireogach. ‘An galar pógtha’ a bhuaileann cuid mhaith déagóirí go háirithe. Cosúil le fliú, ach go leanann na siomptóim ar feadh seachtainí. Víreas Epstein-Barr is cúis leis. Iompraíonn suas le 95% de dhaonra an Domhain é, agus den chuid is mó tolgann páistí é gan dochar ar bith. Scaipeann an víreas trí mhalartú seile, rud a tharlaíonn trí chasacht, sraothartach, nó pógadh, mar shampla. Nuair a thógann duine an galar seo mar dhéagóir, is dian é. Bíonn an-chuid ceall aon-núicleach i bhfuil an duine ionfhabhtaithe, agus tugtar "aon-núicléóis ionfhabhtaithe" ar an ngalar freisin. Is iad siomptóim an reachta ná tinneas cinn, scornach thin, agus tuirse. Bíonn na nóid limfeacha ata leochaileach. Níl aon chóireáil fhrithvíreasach air. Is féidir go mbeidh duine lagaithe go géar ar feadh míonna ina dhiaidh. In áiteanna san Áise is an Afraic, tarlaíonn ailse mar thoradh ar an víreas seo go minic, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh sa chuid eile den Domhan.
372
Fiabhras muc. Ainm a úsáidtear ar dhá ionfhabhtú víreasacha an-tógálacha i measc muc: ionfhabhtú na stéigeacha, a dtugtar "calar na muc" air, agus ionfhabhtú na scamhóg, a dtugtar "plá na muc" air.
83
Fiabhras paraitíofóideach. Galar a thagann ó speiceas den bhaictéar salmonella atá cosúil leis an gceann a chuireann tús leis an bhfiabhras tíofóideach (an fiabhras breac). Tolgtar é ó bhia nó deoch thruaillithe de ghnáth.
90
Fiabhras réamatach. Galar coiteann páistí is déagóirí san Afraic is an Áise, a éiríonn as frithghníomh imdhíonach d'ionfhabhtú roimh ré le cineál áirithe streipteacocas, cosúil le fiabhras dearg. Buaileann fiabhras an páiste, airtríteas eitleach (an phian is an t-at ag gluaiseacht ó alt go halt) agus athlasadh an chroí (cairdíteas). Is annamh a leanann míchuma bhuan airtríteas seo na n-alt, ach is féidir go gcuirfidh galar trom réamatach an chroí tús le hathchumadh, caolú is éagumas buan ar chomhlaí an chroí.
206
Ionfhabhtuithe iarthuismidh. Is éard is ionfhabhtuithe iarthuismidh ar a dtugtar fiabhras iarbhreithe agus fiabhras seoilfreisin, ann ná fiabhras os cionn 38 °C sa choicís díreach tar éis breithe. Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ionfhabhtú sa chonair ghiniúnach, an chonair úiríneach, nó an chíoch. Lá den saol, b'aimhréidh throm a bhain le saolú linbh é, nuair a thugtaí ionfhabhtú isteach sa chonair ghiniúnach ar lámh an dochtúra nó an bhean chabhartha. Inniu, is annamh a tharlaíonn bás máthar dá bharr.
211
Fiabhras sutsugamúisí. Galar ionfhabhtaíoch a tharlaíonn, cosúil le tífeas, de bharr ionfhabhtaithe le baictéar den chlann rikettsia. Faigheann daoine é trí ghreamanna fíneog a mhaireann sa talamh ach atá in ann daoine a ghalrú. Aithníodh an galar den chéad uair i Honshu na Seapáine, ach tarlaíonn sé freisin in oirdheisceart na hÁise, an Indinéis, an India is Neipeal. Claonadh aige cur isteach ar dhaoine a shiúlann i réigiúin shléibhtiúla is fhoraoisithe, gnáthóga nádúrtha na fíneoige, in aimsir bhog sa bhfómhar nó go luath san earrach, mar a mbíonn na fíneoga an-ghníomhach. Tagann at dearg ag ionad an ghreama, agus leanann tinneas cinn, tuirse is fiabhras ard. Ina dhiaidh sin tagann othras ag an ionad sin agus déanann gearb shainiúil dhubh. Muna bhfaightear cóireáil le frithbheathaigh, féadfaidh aimhréidh i ndiaidh aimhréidhe tarlú: niúmóine, heipitíteas, agus rith fola ceirbreach. Is minic a fhaigheann duine bás leis.
382
Fiabhras tíofóideach. Galar ionfhabhtaíoch, a gcuireann an baictéar "salmonella typhi" tús leis, is ea fiabhras tíofóideach, a dtugtar "fiabhras eintreach" air freisin. Faigheann duine é trí bhia nó deoch atá truaillithe le faecas duine ghalraithe. Scaiptear é go minic i soláthar uisce nó le linn ullmhú bia. Is iad na siomptóim a bhaineann leis ná fiabhras ard, sáimhríocht, cráphianta, buinneach, gríos ar an mbolg, agus níos déanaí, rámhaille is cóma. Má thagann duine slán, bíonn sé ina iompróir ainsealach ag an ngalar agus eisfhearann na baictéir ina fhaecas an t-am ar fad. Chun an galar a sheachaint, is gá cloí le córacha maithe sláintíochta is caighdeáin arda sláinteachais in ullmhú bia is dí. Is inmhianaithe go mór go mbeidh daoine atá le taisteal i réigiúin ar leith den domhan (an India, mar shampla, mar a bhfuil an galar seo eindéimeach) vacsaínithe ina choinne.
359
Fiachú. Pór madra a saothraíodh in Albain ó shinsir ón Meánmhuir. Ard caol, na cosa an-fhada, an t-eireaball fada, an fionnadh mosach liath, an ceann beag le cluasa gearra boga.
75
Iarbhunscoil Oiliféir Naofa. Is scoil suite i gContae na Mí é Iarbhunscoil Oiliféir Naofa.
39
Loch Craobh. Is grúpa de thuamaí pasáiste Neoiliteacha gar don Seanchaisleán i gContae na Mí iad Cairn Loch Craobh, a dtugtar Cnoic na Caillí orthu freisin. Scaipthe thar cheithre bhinn dhroimneacha, is tuamaí ársa iad, a théann siar chomh fada le 3000 RCh. Tá Carn T ar cheann de na tuamaí is mó ar an láthair. Tá seomra croschruthach agus díon coirbéalta laistigh de, mar aon le cuid de na samplaí is áille d’ealaín Neoiliteach na hÉireann. Tá an carn ailínithe le héirí na gréine ag cónochtaí an earraigh agus an fhómhair, agus ag na hamanna sin, cruinníonn daoine le chéile chun beannú do chéad ghathanna na gréine.
241
An Mhainistir Dhubh. Tá níos mó ná áit amháin a bhfuil an t-ainm An Mhainistir Dhubh air:
42
Mainistir Cheanannais. Ba mhainistir suite i gContae na Mí í Mainistir Cheanannais.
31
Fiagaithe/cnuasaitheoirí. Pobal a mhaireann go hiomlán, nó beagnach go hiomlán, trí shealgaireacht ainmhithe is cnuasadh bia. Tugtar "fáiteallaithe" agus "sochaithe buíne" orthu freisin de bhrí go mbíonn siad eagraithe ina mbuíonta. De réir cineáil, déanann na fir sealgaireacht is na mná fáiteall. I 10,000 RC bhí pobal uile an Domhain ina bhfiagaithe/cnuasaitheoirí. Inniu, maireann níos lú ná 0.001% den daonra mar seo, agus ina measc tá na Pigmithe, na Cóiseana is na Hadsa san Afraic, na Bundúchasaigh san Astráil, agus grúpaí fánacha sa Mhalaeisia, an India is na hOileáin Fhilipíneacha. Déanann grúpaí tréadacha is talmhaíochta áirithe sealgaireacht is fáiteall go páirtaimseartha.
284
Fiaile phoisíodóin. Planda mara, cosúil le féar, a bhíonn go hiomlán faoin uisce, i réigiúin thanaí na Meánmhara de ghnáth. Cartar na duilleoga is na riosóim i dtír go minic ina lear mór, agus liathróidí poisíodóin freisin, cruinníní an bhruscair shnáithínigh de foirmithe ag tonnta na mara.
122
Fiaradh gaoithe. Is é rud is fiaradh gaoithe ann ná téarma meitéareolaíochta ar an ráta athraithe i luas na gaoithe. An ráta athraithe in aghaidh na hairde, tugtar "an fiaradh gaoithe ceartingearach" air sin. Braitheann sé go mór ar phatrún na teochta san aer. Is baolach fiaradh mór gaoithe d'eitleán a bhíonn istigh ann.
121
Fiarshúilí. Geamhshúilí, éalang in ailíniú na súl a chuireann isteach ar ghluaiseacht na súl sa phlána cothrománach níos mó ná aon rud eile. De ghnáth is riocht comhbheirthe é, agus féadfaidh mínormáltacht sa bhfócasú (earráid athraonta) a bheith ann freisin. I ndaoine fásta, tarlaíonn sí de bharr laige i gceann nó dhó de na matáin a ghluaiseann meall na súile, rud a tharlaíonn i gcuid mhaith galar.
168
Leonardo Fibonacci. Matamaiticeoir a rugadh i bPisa na hIodáile ab ea Leonardo Fibonacci (Leonardo Pisano, c 1170 – c 1250), an matamaiticeoir meánaoiseach is cáiliúla dá raibh ann. Chuir sé an córas deachúil chun cinn, agus d'fhorbair an uimhirtheoiric go mór. Tháinig sé ar sheicheamh Fibonacci, na slánuimhreacha ina bhfuil gach uimhir cothrom le suim an dá uimhir roimpi (0, 1, 1, 2, 3, 5, 8, 13…).
166
Fibricíteas. Téarma neamhchruinn ar chráphian sna matáin is an fibricíteas nó fibrimiailge. Féadann an phian a bheith dian go háitiúil sa mhuineál, na guaillí nó an droim. Ní féidir an bhunchúis a aimsiú sa chuid is mó de na cásanna.
95
Fideog. Fliúit shimplí ardairde a séidtear go díreach isteach ina ceann. Déanta as adhmad, le 6 mhéarpholl. Le blianta cuirtear gléasa miotalacha uirthi, agus béalóg eabhair nó plaisteach. An-choitianta ón 16ú-18ú céad, ach d'imigh as feidhm den chuid is mó sa 19ú céad. Is cineál di an fheadóg stáin.
125
Cyrus West Field. Airgeadaí a rugadh i Stockbridge, Massachusetts ab ea Cyrus West Field (30 Samhain 1819 – 12 Iúil 1892). Chabhraigh sé le maoiniú an chéad chábla teileagrafaíochta trasna an Atlantaigh i 1866, a leagadh tar éis cuid mhaith iarrachtaí. Bhunaigh sé comhlacht an New York, Newfoundland & London Telegraph i 1854, agus comhlacht an Atlantic Telegraph i 1856, ach chaill an-chuid airgid sna fiontair seo.
143
Bonn Fields. Duais a bunaíodh i 1924 ag Comhdháil Idirnáisiúnta na Matamaiticeoirí i dToronto, ainmnithe as an matamaiticeoir Ceanadach John Charles Fields (1863-1932). Bronntar í gach 4 bhliain ar mhatamaiticeoir faoi 40 bliain d'aois as saothar ardchaighdeáin sa mhatamaitic. Glactar leis go bhfuil sé coibhéiseach le Duais Nobel.
129
Fíf. Fliúit bheag thrasnach ardairde le 6 mhéarpholl agus, i ngléasanna nua-aoiseacha is cuid mhaith seanghléasanna, 6 eochair mhiotalach. In úsáid mar ghléas míleata i gcomhair glaonna is comharthaí, cosúil leis an mbuabhall, agus i mbannaí fífeanna is drumaí i gcomhair máirseála.
121
Fige choiteann. Is speiceas Áiseach de phlanda bláthanna é Ficus carica, san fhine Moraceae, ar a dtugtar an fhige choiteann, nó an crann fige). Is é foinse na dtorthaí ar a dtugtar figí freisin agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach sna ceantair sin ina bhfástar an crann dírithe ar an tráchtáil. Dúchasach don Mheánoirthear agus iarthar na hÁise, rinneadh cuardach agus saothrú uirthi anallód agus tá sí á fhás go forleathan anois ar fud an domhain, mar gheall ar a torthaí agus mar phlanda ornáideach. Tá an speiceas nádúrthaithe in áiteanna scaipthe san Áise agus i Meiriceá Thuaidh. Sanasaíocht Is é an t-ainm géineasach Ficus an t-ainm Laidineach ar chrann fige. Tagraíonn an aidiacht shonrach "carica" don chúige ársa san Áise Bheag as a gceaptar go dtagann an crann fige.. Bitheolaíocht Cur síos. Is planda gínidhé-éiciach é "Ficus carica", i.e., feidhmiúil dé-éiciach, agus ina chrann duillsilteach nó tor mór a fhásann suas le 7–10 méadar ar airde, le coirt réidh bhán. Tá a dhuilliúr cumhra 12-25 ceintiméadar ar fhad agus 10-18 ceintiméadar ar leithead, le 3 nó 5 liopaí beaga. Is éard atá san bláthra casta struchtúr cuasach feolmhar ar a dtugtar "sicón", atá líneáilte le go leor bláthanna aonghnéasacha. Níl na bláthanna le feiceáil taobh amuigh den sicón toisc go mbíonn siad faoi bhláth taobh istigh den torthú bláthra. Cé gur “toradh” a thugtar air go coitianta, is é fírinne an scéil gur torthú bláthra nó beangán an chrainn é, ar a dtugtar “toradh bréagach” nó “toradh ilchodach”, ar a bhfuil na bláthanna agus na síolta. Is gas cuasearrach é a bhfuil go leor bláthanna ann. Is conair chúng í an chuas beag ar a dtugtar "oistín", atá le feiceáil ar lár na dtorthaí, a ligeann don fhíonfhoichea speisialaithe, Blastophaga psenes dul isteach sna torthaí agus na bláthanna a phhailniú. Ina dhiaidh sin fásann na torthaí síolta.
740
Figín. Fad gearr miotail, blaosc toirtíse, eabhair, plaistigh, nó ábhair eile a chaitear ar na méara nó a ghreamaítear eatarthu chun téaduirlis ceoil, cosúil le giotár nó bainseó, a bhaint nó a ghreadadh.
83
Figiúr. Sa mhatamaitic, an tsiombail a úsáidtear d'uimhir. Is é an córas is coitinne inniu ná an córas Hiondúch-Arabach, a cheap na Hiondúigh is a thug na hArabaigh don Eoraip, meastar. Úsáideann an córas seo na siombailí 0, 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus coincheap an ionadluacha le gach slánuimhir a scríobh. Sa chóras Gréagach d'úsáidtí litreacha na haibítre, mar seo: α (alfa) do 1, β (béite) do 2… ι (ióta) do 10… κ (capa) do 20… ρ (ró) do 100, agus carachtair eile taobh amuigh den aibítir Ghréagach. Sa chóras Rómhánach d'úsáidtí ceannlitreacha ar leith, mar seo: I (1), II (2)… V (5)… X (10)… L (50)… C (100)… L (1,000)….
300
Filidéandran. Tom síorghlas dreaptha nó eipifít le fréamhacha greamaithe nó aerga, dúchasach do réigiúin theo sa Domhan Úr. Na duilleoga—ag brath ar speiceas, aois, is ionad ar an bplanda — lansa-chruthach, sleáchruthach nó croíchruthach, go domhain maothánach uaireanta. Na bláthanna bídeach, bailithe i spáideog, timpeallaithe ag spéid mhór fheiceálach. Cuid mhaith díobh coitianta mar phlandaí tí.
159
Fíligineacht. Is éard is fíligineacht ann ná gaol idir grúpaí ainmhithe de réir a staire éabhlóidí, ionas go mbíonn na grúpaí ceangailte le chéile de réir cé chomh déanach a tharla a gcomhshinsearacht. Déantar an measúnú seo trí chomhairíonna díorthaithe a aithint, den chuid is mó. Léirítear patrún na ngaolta éabhlóideacha taobh istigh de ghrúpaí is idir grúpaí i bhfoirm léaráide géagaí (an crann éabhlóideach), ag taispeáint na línte ginealaigh. Tugtar fíligéinitic nó fíligéineolaíocht ar staidéar na fíligineachta.
215
Filleadh (geolaíocht). Sa gheolaíocht, cor nó lúb i gcarraig shrathaithe de bharr fórsaí comhbhrúite nó domhantarraingthe. Féadfaidh a leithéid a bheith idir ceintiméadar amháin is go leor ciliméadar. Tugtar "frithfhoirm" ar fhilleadh suas, agus "sionfhoirm" ar fhilleadh síos.
114
Finéal. Is planda débhliantúil nó ilbhliantúil scothghorm/donn le boladh láidir é finéal. Dúchasach do réigiún na Meánmhara. Fásann sé suas le 2.5 m ar airde. Na duilleoga cleiteach, roinnte in an-chuid teascán snáithíneach. Na bláthanna buí in umbail 8 cm ar leithead. An toradh ubhchruthach féitheach. Saothraíodh ón aimsir chlasaiceach é ar a laghad. Úsáidtear na duilleoga mar bhlaistiú. Tá foirmeacha saothraithe le bunanna gais na nduilleog ata, agus itear iad úr i sailéid, is bruite mar ghlasra.
199
Fíneog. Artrapód beag le colainn ghearr, an ceann is an bolg cónasctha i gcolainn dhlúth. De ghnáth bíonn 4 phéire cos siúil uirthi. Bíonn péire starrfhiacla sa bhéal. Tá curtha síos ar thimpeall 30,000 speiceas, ina measc foirmeacha seadánacha is foirmeacha a mhaireann saor, cuid mhaith díobh ina lotnaidí do bharra tábhachtacha.
140
Fínicín. Is seilide muirí le blaosc shnasta mhín é fínicín (Béarla: "cowrie"), go minic le patrúin chasta, cumhdaithe den chuid is mó le maotháin fallainge. Úsáidtear mar mhaisiúchán é, fiú mar airgead reatha, in oileáin áirithe san Aigéan Ciúin. Sna trópaicí den chuid is mó, ag maireachtáil ar sceireacha coiréalacha. Is baill den fhine "Cypraeidae" an chuid is mó de na fínicíní, cé go n-úsáidtear an t-ainm ar roinnt speiceas den ghéineas "Trivia" freisin, mar shampla an fínicín Eorpach, "Trivia monacha". Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfínicín ina leabhar clúiteach "Cladaí Chonamara":
245
Fíniúin. Planda dreapaire adhmadach duillsilteach a théann isteach i scoilteanna, áit a n-atann sé chun mais ghreamaithe a chruthú agus tacaíocht a sholáthar dó féin. Na duilleoga bosach, 3-5 liopa, fiaclach. Na bláthanna flúirseach i mbláthra crochta bídeach glas. Na torthaí (fíonchaora) aibí milis, scothbhuí nó corcra, le blás bán céarach go minic. Na teannóga fótatrófach go diúltach. Is dócha go bhfuil sí dúchasach do dheisceart na hÁise. An-chuid cineálacha di saothraithe anois i réigiúin mheasartha, le haeráid Mheánmhara go háirithe. Mar fhoinse fíona, an-tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de. Baintear feidhm as cineálacha ar leith ó Mheiriceá Thuaidh (fíonchaor an tsamhraidh is fíonchaor an tsionnaigh) atá frithsheasmach i gcoinne feithidí a iompraíonn galair, phylloxera is eile, mar bhonnstoc d'fhiniúnacha na hEorpa anois. Úsáidtear fíonchaora triomaithe mar chuiríní, rísíní, is sabhdánaigh.
380
Carlos Juan Finlay. Lia a rugadh i gCamagüey i gCúba ab ea Carlos Juan Finlay (3 Nollaig 1833 – 20 Lúnasa 1915). An chéad duine a thairg gurb é an corrmhíol iompróir an fhiabhrais bhuí, i 1881. D'aimsigh sé an speiceas ceart an bhliain dár gcionn, mar atá "Aedes aegypti". Chruthaigh turgnaimh ina dhiaidh sin go raibh an ceart aige. Albanach ab ea a athair agus Francach a mháthair.
158
Fiobróideach. Siad éadrom a fhásann taobh istigh den bhalla útarach nó a ghreamaíonn leis. Tarlaíonn sé mar gheall ar fhorfhás mínormálta mhatáin is fhíochán tacaíochta na broinne. Ní fios go beacht cén fáth a dtarlaíonn sé, ach is dócha go mbaineann sé le spreagadh le héastraigin, mar bíonn claonadh ann go méadaíonn fiobróidigh le linn teiripe le héastraigin (cosúil leis an bpiolla frithghiniúna) agus toirchis. Fásann fiobróidigh ó aois óg, agus bíonn i láthair i 20% de mhná thar 35 bliain d'aois. Leanann siad ag fás le linn saol atáirgthe na mná, agus cúlaíonn i ndiaidh an tsos míostraithe. Má bhíonn na fiobróidigh mór, is féidir go mbeidh an sreabhadh míosta iomarcach is go n-atfaidh an bolg. Is féidir gur cúis neamhthorthúlachta iad de thoradh cosc a chur le hionchlannú an tsutha, agus go gcuirfidh siad isteach ar thoircheas mar go laghdaíonn siad an spás don fhéatas sa chuas útarach. Más gá, is í an chóireáil ná drugaí chun an fiobróideach a chrapadh nó mainliacht chun é a bhaint.
408
Fiobróis chisteach. Galar géiniteach ina dtarlaíonn táil múcais shlaodaigh ramhair i gcuid mhaith codanna den cholainn. Iompraíonn 4% den chine geal an ghéin chuici, agus faigheann páiste an galar má fhaigheann sé an ghéin ón mbeirt tuismitheoirí. Cuireann an múcas slaodach isteach ar na córais riospráide is díleáite. Bailíonn sé sna haerphasáistí, atann siad sin agus faigheann ionfhabhtú arís is arís eile. Cuireann sé bac ar na duchtanna sa phaincréas, agus mar sin ar tháil an phaincréis isteach sna stéigeanna, atá riachtanach don díleá. Cabhraíonn fisiteiripe laethúil le bailiú an mhúcais sna haerphasáistí a laghdú, agus tá forlíonta béil ar fáil chun tógáil in ionad na n-einsímí paincréasacha. Mar sin féin, fiú leis na córacha leighis seo, faigheann daoine leis an ngalar bás roimh am. Fiobróis chisteach - Éireann. Tá forleithne an ghalair níos airde i bPoblacht na hÉireann ná aon tír eile: 2.98 cásanna i ndaonra 10,000, i gcomparáid an mheáin Aontas Eorpach, 0.797 cásanna i ndaonra 10,000.
408
Fiobúl. Cnámh chaol fhada sa cholpa a altann leis an gcos, trí alt an rúitín, agus an tibe. Tá ceann, muineál, fearsaid is ceann íochtarach leathnaithe aici. Meastar nach bhfuil aon fheidhm aici maidir le meáchan a iompar, ach tugann sí ceangal d'an-chuid matán den cholpa. Má bhrúitear nó má bhristear muineál an fhiobail, is féidir go ndéanfar damáiste do néaróga, an néaróg pheireonach chomónta go háirithe, agus go dtarlóidh titim coise mar thoradh.
180
Fiocas. Braisle d'fhéitheacha borrtha ag cumar chanáil an anais is an reictim, timpeall 2 cm suas ó oscailt an anais. De ghnáth, ní bhíonn aon chúis inbhraite leis. Féadfaidh sé tarlú de bharr bac ar dhraenáil na fola as na stéigeacha, mar a tharlaíonn i gciorróis an ae. Tarlaíonn sé mar thoradh ar cheangailteacht uaireanta, mar shampla, le linn toirchis, nuair a mhoillíonn an bhroinn sreabhadh na fola a dhraenálann na horgáin pheilbheacha. Féadfaidh ainéime tarlú de bharr cailliúint mhall fola gan stad. Is féidir iad a bhaint trí mháinliacht, ach a chóireáil le hinstealltaí de thuaslagán scléaróiseach.
240
Fíochán feadánach. Na fíocháin, idir xiléim is fhléam, a iompraíonn uisce, mianraí is súlach trí phlanda, agus a chuireann leis an tacaíocht inmheánach ann. Cumann siad tointí tanaí a dtugtar "burlaí feadánacha" orthu, an xiléim ar an taobh istigh, an fléam ar an taobh amuigh, agus ciseal caimbiam eatarthu a ligeann d'fhás tánaisteach na bhfíochán feadánach. Bíonn na burlaí seo scaipthe ar fud an ghais, nó eagraithe ina bhfáinne i gcrann. I gcrann is tom, cruinníonn na burlaí le chéile i ndeireadh báire chun banda a chruthú.
228
Fíochán limfeóideach. Fíochán a mbíonn limficítí ann, cosúil le nóid limfeacha, an liathán, an tímeas, na céislíní, agus paistí Peyer sa stéig bheag. Is cuid é de chosaint na colainne i gcoinne orgánach coimhthíoch, cosúil le baictéir, tocsainí is víris.
107
Fíochán tacaíochta. Is éard is fíochán tacaíochta ná fíochán a bhíonn mar bhunábhar in orgáin is codanna eile den cholainn, a nascann na struchtúir seo le chéile is a thacaíonn leo. Braitheann airíonna an fhíocháin ar eagrú a chomhcheall is a gcomhshnáithíní (mar shampla, ar an oiread collaigine atá ann). Sa suth, déanann líonra scaoilte ceallach (an méiseincíoma) agus forbraíonn na fíocháin tacaíochta ar leith (cnámh, loingeán, cealla na fola, is saill) uaidh sin. I measc na ngalar a chuireann isteach ar an bhfíochán tacaíochta, tá siondróm Marfan agus ceallailíteas.
234
Fíodóireacht. Is éard atá i gceist le fíodóireacht ná seancheird ina ndéantar fabraic trí shnáithí a fhí go crosach, an dlúth i dtreo amháin is an t-inneach sa treo ceartingearach, ar mheaisín a dtugtar "seol" air. D'fhionn John Kay an spól eitilte i 1733, an chéad fhorbairt sa cheird leis na céadta, b'fhéidir na mílte bliain. Go luath ina dhiaidh sin shaothraigh Edmund Cartwright an seol fuinnmhithe i 1785. Tá teicneolaíochtaí gan spóil i bhfeidhm anois, agus piléir, ráipéir, nó fiú scairdeanna uisce ag iompar an dlúith tríd an inneach, suas le 1,000 pioc in aghaidh an tsoicind.
245
Fíogadán. Ainm coitianta ar roinnt plandaí ilbhliantúla a fhásann 30 cm ar airde, dúchasach d'iarthar na hEorpa is tuaisceart na hAfraice is ea fíogadán nó camán meall (Béarla: "chamomile" nó "camomile"). Na duilleoga leathfhada in imlíne, ach roinnte i dteascáin chaola mhínbhioracha. Na bláthchinn suas le 2.5 cm ar leithead, aonarach. Na bláthóga seachtracha gathacha spréite bán, na bláthóga inmheánacha teascacha buí. Úsáidtear go forleathan é chun tae fíogadáin a dhéanamh, agus mar bhreiseán coitianta i bhfoltfolcthaí, gallúnacha is a leithéid. Bhíodh plásóga fíogadáin an-choitianta uair dá raibh, a d'astaíodh boladh cumhra nuair a shiúladh duine ar an bhfíogadán. Ní grúpa tacsanomaíochta iad; úsáidtear an focal "fíogadán" nó "camán meall" ar phlandaí i ngéineas éagsúla san fhine Asteraceae:
352
Fíon mormónta. Fíon treisithe, bán nó dearg. Alcól íon a úsáidtear sa treisiú, chun go mbíonn an tiúchan céanna alcóil ann is atá i seiris. Measctar luibheanna is spíosraí airithe ann chun blas a chur air. Manglam coitianta is ea an martini, arb iad biotáille na Ginéive (nó vodca) is an fíon mormónta na príomhchomhábhair ann.
138
Firéad. Foirm cheansaithe den pholchat Eorpach. Scothbhuí/bán le súile bándearga. Ceansaithe níos mó ná 2,000 bliain ó shin, cuirtear síos i bpoill coiníní é chun coiníní a ruaigeadh amach. Póraithe le bheith bán, chun iad a idirdhealú ó na coiníní. Tugtar "firéad dúchosach" ar an bpolchat Meiriceánach, a bhí imithe i léig ach ar éigin ach atá á chaomhnú anois sna Stáit Aontaithe.
160
Scoil Firenze. Ceann de phríomhionaid ealaíne na hEorpa le linn na hAthbheochana. Chuir Vasari síos ar na healaíontóirí tábhachtacha i bhFirenze in a leabhar "Le Vite de' più eccellenti pittori, scultori, e architettori" (Beathaí na nEalaíontóírí, na nDealbhóirí is na nAiltirí den Chéad Scoth, 1550, méadaithe 1568). Thosaigh an athbheochan chlasaiceach sa chathair timpeall 1500, athfhionnachtain na peirspictíochta san ealaín san áireamh, agus bunaíodh an chéad acadamh ealaíne ann i 1563. Go luath ina dhiaidh tháinig an Róimh is an Veinéis chun cinn agus ghlac an cheannasaíocht sna cúrsaí seo san Iodáil.
256
Físbhalla. Is éard is físbhalla nó córas físbhalla ann ná eagar dronuilleogach fís-scáileán ar féidir é a ríomhchlárú chun íomhánna difriúla a léiriú, nó comhíomhá mhór amháin, le fuaimrian ó thaifead téipe nó diosca.
93
Emil Hermann Fischer. Ceimicí orgánach a rugadh gar do Köln na Gearmáine ab ea Emil Hermann Fischer (8 Deireadh Fómhair 1852 – 15 Iúil 1919). Rinne sé ceimic na gcarbaihiodráití a léiriú, agus chuir bun faoi cheimic na bpróitéiní. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1902 as seo. Luaitear é mar cheannródaí sa cheimic orgánach.
123
Próiseas Fischer-Tropsch. Próiseas chun hidreacarbóin a tháirgeadh trí hidrigin is aonocsaíd charbóin a shreabhadh thar chatalaíoch, cóbalt nó iarann, ag ardteocht is faoi ardbhrú. Ainmníodh é as beirt ceimiceoirí Gearmánacha, Frantz Fischer (1877-1948) is Hans Tropsch (1889-1935).
115
Johann Bernard Fischer von Erlach. Ailtire a rugadh i nGraz na hOstaire ab ea Johann Bernard Fischer von Erlach (20 Iúil 1656 - 5 Aibreán 1723). Mínitheoir treorach ar an stíl bharócach. Dhear sé an-chuid eaglaisí is pálás, an Karlkirche i Vín agus Eaglais na hOllscoile i Salzburg.
105
Físchomhdháil. Feidhmiú líonra ríomhairí is réaltachta fíorúla chun gur féidir le daoine aonaracha is grúpaí in áiteanna éagsúla ar fud an Domhain comhdháil a bheith acu mar a bheadh siad go léir sa seomra céanna, beagnach. Is féidir leo uile úsáid a bhaint as na comhaid is na ríomhchláir chéanna i rith na comhdhála, gan taisteal as a n-oifigí.
147
Físdiosca. Meán taifeadta is athsheanma ina dtaifeadtar an íomhá is an fhuaim ar rianta fíormhíne frithchaiteacha, bíseach nó comhlárnach, ar dhiosca cothrom ciorclach. Scanann léas solais ó léasar héiliamneoin nó dé-óide an tsraith log ar feadh an riain, agus braitheann fótaidhé-óid an léas frithchaite chun an comhartha a tháirgeadh. Is féidir uair an chloig de chlár a thaifeadadh ar dhiosca 30 cm ar trastomhas. Taifeadtar dhá fhráma den íomhá teilifíse ar rothlú amháin ar fud an diosca, agus is éasca mar sin pictiúir shocaire aonfhráma a léiriú. Ní hionann is fístéip, is féidir le físdiosca dul ó chuid amháin sa chlár go cuid eile go héasca tapa.
268
Físeán idirghníomhach. Córas físeáin thaifeadta ar chiorcaid iata, ina bhfreagraíonn an léiriú do threoracha ón úsáideoir. Bíonn feidhmeanna éagsúla aige, ó idirghníomhuithe simplí ceist is freagra, le cnaipe a bhrú nó tadhall leis an scáileán, suas go dtí cláir chasta bhrainseacha foghlama.
124
Fiseolaíocht is míochaine spáis. Brainse den mhíochaine a phléann le hiarmhairtí eitilte sa spás ar fhiseolaíocht an duine, chun sláinte spásairí a chaomhnú. Mar thoradh ar dhímheáchan, tarlaíonn galar gluaisne, meath an chórais chairdiascamhógaigh, cailliúint mhais na gcealla dearga fola, agus cailliúint an mhianra sna cnámha. Úsáidtear cleachtadh, cothú, bithaischothú, agus teiripe le drugaí chun bac a chur ar na drochiarmhairtí seo. Is gá cosaint fhrithradaíochta a sholáthar i gcás eitiltí fadtréimhseacha, agus cúram míochaine a bheith ar fáil le linn eitiltí freisin. Tá cleachtadh maith ar eitiltí fada anois ag na Rúisigh, mar shampla 366 lá ag spásairí ar Mir (1977-1978). Thógfadh eitilt fillte ar Mhars 6 bhliain ar a laghad, ach i bpleananna NASA samhlaítear eitiltí timpeall 3 bliana agus cuairt timpeall 500 lá ar an bpláinéad taobh istigh de sin.
347
Físghram. Clár iomlán teilifíse, taifeadta ar chaiséad fístéipe nó físdhiosca le haghaidh a dháilte le díol nó ligean.
53
Ronald Aylmer Fisher. Staitisteoir is géineolaí a rugadh in East Finchley Shasana ab ea Ronald Aylmer Fisher (1890-1962). Agus é i mbun taighde talmhaíochta, d'fhorbair sé anailís an athraithis chun leathadh sonraí timpeall ar an meanluach a thomhas is a mheasúnú. Tá an anailís seo bunúsach caighdeánach i dtaighde bitheolaíoch, talmhaíochta is míochaine. Scríobh sé "The Genetical Theory of Natural Selection" (Teoiric Ghéiniteach an Roghnaithe Nádúrtha, 1929), a raibh tionchar suntasach aige ar an ngéinitic éabhlóideach. Tagairtí.
201
Fisic adamhach. Staidéar ar struchtúr is airíonna adamh, agus a n-idirghníomhuithe le radaíocht leictreamaighnéadach is adaimh eile. I 1911 rinne Ernest Rutherford turgnamh inar theilg sé alfa-cháithníní trí órdhuille, ag brath scaipeadh na gcáithníní. Bhain sé ó na scaipléaráidí go raibh núicléas crua lárnach, timpeall 10 m ar trastomhas, i ngach adamh, a bhí timpeall 10 m ar trastomhas. Thairg sé gurb é a bhí san adamh ná núicléas lárnach, luchtaithe go dearfach, agus leictreoin dhiúltacha ag fithisiú an núicléis, rud éigin cosúil leis na pláinéid ag fithisiú na Gréine. Ach de réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh sé fuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí. Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin na speictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraigh Niels Bohr i 1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise. Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist. Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithe solais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ón meicnic chandamach. Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnú slánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh le huimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is féidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna. Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann na huimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach. Cinneann an struchtúr leictreonach an cineál naisc cheimicigh a dhéanfaidh an t-adamh sin le hadaimh eile. Is féidir airíonna an adamh hidrigine a ríomh le hardchruinneas, ach i gcás adamh níos casta ná sin, bíonn fadhbanna móra i réamhinsint a n-airíonna. Baintear feidhm as speictreascópacht is imbhuailtí idir adaimh chun réamhinsintí leibhéil fuinnimh is airíonna eile a thástáil. Is féidir adaimh choimhthíocha, cosúil le hiain dhiúltacha cailciam, a tháirgeadh is a anailísiú. I measc feidhmeanna díreacha teicneolaíocha na fisice adamhaí, tá léasair agus cloig adamhacha.
1,183
Fisic ardbhrú. Staidéar ar iarmhairtí brú ardaithe ar ábhair. Braitheann cuid mhaith airíonna ábhar ar an mbrú a fheidhmíonn orthu. Mar shampla, athraíonn cuid de na hinslitheoirí ina seoltóirí leictreacha, nó fiú ina bhforsheoltóirí (mar shampla, sulfar), cailleann iarann a airíonna láidre maighnéadacha, agus athraíonn gáis ina leachtanna. Is féidir brú níos mó ná milliún oiread bhrú an atmaisféir a bhaint amach le hinneoin diamantchille.
176
Fisic atmaisféarach. Feidhmiú phrionsabail na fisice ar na cisil gáis a thimpeallaíonn na pláinéid, atmaisféar an Domhain go príomha. Néal dinimiciúil atá san atmaisféar, timpeall 5 × 10 tonna gáis. Laghdaíonn an teocht leis an airde, go dtí -100 °C ag an méiseastad timpeall 80 km suas, ach méadaíonn sí leis an airde ina dhiaidh sin, go dtí timpeall 1200°C ag 600 km. Téann radaíocht na Gréine dromchla an Domhain, rud a théann an t-aer, a ghluaiseann ansin trí chomhiompar. Tarlaíonn gaotha is aistriú teasa ar an dóigh seo. Leis seo agus iarmhairt Coriolis, cruthaítear mórphatrúin gaoth sna trádghaotha is na frith-thrádghaotha. Cuireann rothlú an Domhain tús le taoidí sa bhfarraige leachtach, scairdsruthanna san atmaisféar, agus athruithe teochta is brú ann. Tagann ionsú radaíocht na Gréine agus athradú radaíochta ón Domhan san áireamh chun cothromaíocht ghinearálta fuinnimh a imchoimeád. Athruithe sa chothromaíocht seo is bun leis an bhforthéamh domhanda. Cruthaíonn gathanna cosmacha, gáma-ghathanna, X-ghathanna, agus radaíocht ultraivialait a imbhuaileann leis an atmaisféar uachtarach cisil ian ansin. Tagann an t-ianaisféar i gceist i gcúrsaí raidió. Tagann na hiain seo faoi iarmhairt réimse maighnéadach an Domhain freisin. Luchtaítear barr na scamall go dearfach, ritheann sruthanna ón Domhan go dtí bun diúltach na scamall mar thintreach, agus ritheann sruthanna ó na scamaill suas isteach san ianaisféar. Cruthaítear galuisce san atmaisféar, agus filleann an t-uisce don talamh trí chomhdhlúthú is deascadh. Tagann na hidirghníomhuithe ceimiceacha is fisiciúla seo isteach sa mheitéareolaíocht, míniú an ídithe sa chiseal ózóin, agus tuiscint an fhorthéimh dhomhanda.
667
Fisic chlaisiceach. Na réimsí fisice a bhíodh ann roimh theacht chun cinn phrionsabal na gcandam. Bunaithe ar theoiricí is modh oibre mheicnic Newton, a ghlacann le cruinne inréamhinste. Níor leor na teoiricí seo, áfach, chun a bhfuil ar siúl taobh istigh den núicléas a mhíniú, ná iompar réad atá gar do luas forleata an tsolais.
134
Fisic dromchlaí. Staidéar ar airíonna leictreonacha is struchtúrtha dromchlaí ábhar, is é sin an ciseal seachtrach adamh iontu. Tá na hairíonna dromchlacha tábhachtach i gcuid mhaith réimsí, mar shampla, i gcatalú, creimeadh, astú leictreon ó dhromchlaí, na hairíonna optúla, agus i bhfrithchuimilt. Is tábhachtach freisin na cisil dhromchlacha a chruthaítear idir dhá sholad, mar shampla i bhfeistí leathsheoltóra. Déantar iniúchadh ar fhisic na ndromchlaí le díraonadh leictreon, micreascópacht fórsa adamhaigh, agus micreascópacht réimse-ianaíoch.
217
Fisic neamhlíneach. Staidéar ar chórais nach mbíonn an fhreagairt aschuir ar spreagadh ionchuir i gcomhréir le méid an spreagtha iontu. Mar shampla, maidir le meáchain bheaga atá crochta ar lingeán, nuair a dhúblaítear an meáchan dúblaítear fadú an lingeáin (dlí Hooke), agus is líneach an córas seo. Ach nuair a mhéadaítear an meáchan go mór, ní fhadaítear an lingeán i gcomhréir leis sin, agus éiríonn an córas neamhlíneach. Ar an dul céanna, nuair a dhéanann luascadán luascthaí móra, is neamhlíneach an córas. Spreagann déine ard solais, ó léasar mar shampla, freagairtí neamhlíneacha ina hidirghníomhuithe le hadaimh an mheáin ina bhfuil an solas sin ag forleathadh. Tagann anord san áireamh freisin.
280
Fisic núicléach. Staidéar ar thréithe, comhdhéanamh agus struchtúr núicléas an adaimh. Ar dtús rinneadh turgnaimh ar radaighníomhaíocht nádúrtha, agus léiríodh gurbh ann don núicléas i 1911. Déanann turgnaimh nua-aoiseacha staidéar ar núicléis fhordhíchumtha ar ardluas rothlaithe, agus ábhar dlúth núicléach (an plasma cuairc/glúóin) a chruthaítear in imbhuailtí núicléas trom. Iniúchtar an núicléas le X-ghathanna, neodróin, méasóin, agus leictreoin. I measc feidhmeanna na fisice núicléiche, tá cumhacht núicléach, airm núicléacha, agus raidiseatóip sa mhíochaine.
250
Fisic soladstaide. Staidéar ar thréithe ábhair sa staid sholadach. Fo-bhrainse d'fhisic ábhair chomhdhlúthaithe a chuimsíonn leachtanna is solaid. Ar dtús ba iad na criostail an fócas, ach faoi seo tagann córais níos casta san áireamh: cóimhiotail, ceirmeacht, solaid dhímhorfacha, agus dromchlaí.
121
Fisiteiripe. Próiseas athshlánaithe fhisiciúil chun cabhrú le feidhmeanna normálta na colainne a thabhairt ar ais do dhuine tar éis gortaithe, máinliachta nó galair. Tagann cóireálacha éagsúla san áireamh, ina measc aclaíocht ghníomhach nó fhulangach, suathaireacht, agus teas a chur i bhfeidhm trí dhiaiteirme. I ndiaidh gortaithe cosúil le briseadh cnáimhe, nuair nach féidir matáin a úsáid, cnaíonn is meathann matáin go tapa agus éiríonn na hailt a bhaineann leo docht. Is gá aclaíochtaí grádaithe a dhéanamh thar thréimhse fhada chun feidhmiú iomlán ceart a fháil ar ais. Más gá do dhuine gortaithe an leaba a choinneáil, bíonn claonadh ann ionfhabhtú cliabhraigh a tholgadh, agus sa chás sin is gá dó cleachtadh ionálaithe a dhéanamh, nó a dhroim a ghreadadh le doirne taobh thiar den chliabhrach chun cabhrú le tál coinnithe a chaitheamh amach. Is fiú aclaíochtaí a dhéanamh ar ghéaga a mbíonn pairilis orthu tar éis gortaithe no stróic freisin.
390
Físmheascthóir. Trealamh leictreonach a úsáidtear i bhfísléiriú chun ábhar cláir a roghnú ó fhoinsí éagsúla —ceamaraí, scanóirí scannán, fístéipthaifeadáin, ríomhairí — agus áiseanna ar fáil chun iarmhairtí trasdultacha idir amhairc is íomhánna a chomhcheangal ag uair an bhuntaifeadta, agus níos déanaí san eagarthóireacht iarléirithe. Tugtar an teideal seo ar an teicneoir a ritheann an trealamh faoi stiúir an stiúrthóra nó an eagarthóra.
195
Fístaifeadán. Gléas leictreonach chun físchomhartha ó fhíscheamara a thaifeadadh ar fhísthéip agus a athsheinm uaithi ar theilifíseán. Ainm eile air is ea fístaifeadán caiséid. Chun ardmhinicíochtaí an fhíschomhartha a thaifeadadh, ní mór an cnoga taifid a ghluaiseacht go hantapa trasna na téipe inghluaiste maighnéadaí. Ar dtús bhíodh an téip 5 cm ar leithead, ag gluaiseacht ag timpeall 39 cm sa soicind thar 4 chnota ar dhruma rothlaithe chun 4 rian a thaifeadadh go comhuaineach i gcomhair gach fráma den íomhá. Dhéantaí an closchomhartha (an fuaimchomhartha) is na comharthaí rialaithe a thaifeadadh ar feadh imeall na téipe. An teicneolaíocht seo a bhíodh in úsáid go caighdeánach don teilifís ó 1956 go dtí na 1980idí. Sa teicneolaíocht nua-aoiseach, tá téip níos caoile in úsáid, agus is ar fhiar-rianta ar an téip a dhéantar an taifeadadh. Dhá fhráma, a chrosfhíonn le chéile chun réimse nó íomhá iomlán amháin a dhéanamh, a bhíonn ar gach fiar-rian. Thugtaí formáid C ar an gcéad chóras caighdeánach don chraoltóireacht a bhí bunaithe ar an teicneolaíocht nua seo. Saothraíodh an U-matic, an chéad fhístaifeadán caiséid le fiarscanadh héiliciúil, ag comhlacht Sony don mhargadh baile sna 1970idí. Ach go tapa ina dhiaidh sin tháinig teicneolaíochtaí ar leith chun cinn don úsáid baile, Betamax is VHS, agus glacadh go fairsing le VHS. Ag an am céanna forbraíodh dhá chóras nua don mhargadh gairmiúil craoltóireachta, Betacam (1981) agus M-II (1986), ag baint feidhme as téip 1.3 cm. Ag deireadh na 1980idí tugadh an chéad fhístaifeadán digiteach isteach le formáidí éagsúla, agus go luath ina dhiaidh sin taifeadáin dhigiteacha le cuimhní soladstaide.
679
Fístéip. Téip poileistir sholúbtha le brat maighnéadach ardchineáil i gcomhair taifeadadh is athsheinm físchomharthaí is ea fístéip. Ar dtús, easrú ocsaíde feirí a bhíodh sa bhrat, agus feabhsaíodh é seo trí chóbalt a chur leis. De réir a chéile rinneadh feabhsuithe eile le dé-ocsaíd chróim, easruithe páirteagal miotalach, agus brait miotail ghalaithe, lenar féidir níos mó eolais a thaifeadadh ar bhandaí níos tanaí éadoimhne ná riamh. Déantar fístéip le leithid éagsúla, ach 8 mm is 6.3 mm a bhíonn i gcaiséid baile. Laghdaíodh an tiús ó 30-35 μm go 13-16 μm, fiú 10 μm i gcás na dtéipeanna miotail ghalaithe.
268
Val Logsdon Fitch. Fisicí Meiriceánach a saolaíodh i Merriman, Nebraska is ea Val Logsdon Fitch (Márta 10, 1923 – Feabhra 5, 2015). D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach a dhéanamh. Ansin rinne sé taighde bunúsach ar adaimh mhuónacha (adaimh le muóin throma in ionad leictreon sna fithiseáin sheachtracha) a thairg go raibh an núicléas níos lú ná mar a ceapadh. I 1964, ag obair le James Watson Cronin, léirigh sé nár imchoimeádadh comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn siad Duais Nobel na Fisice i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní.
249