text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Éidéime. Carnadh d'fharasbarr sreabháin cholainne, ar meascáin uisce is salainn iad, taobh istigh d'fhíocháin na colainne is ea éidéime. Tarlaíonn éidéime nuair a bhíonn an brú hidreastatach sna fuileadáin, a thiomáineann amach sna fíocháin iad, níos mó ná an brú osmóiseach, a shúnn ar ais iad. Tagann domhantarraingt i ngníomh chun na sreabháin a charnadh, go príomha sna cosa. Tarlaíonn sí go coitianta de bharr cliseadh an chroí, na nduán, is an ae. I gcliseadh an chroí is na nduán, coimeádann an cholainn uisce is salann, rud a leathnaíonn toirt na fola agus a bhrúnn sreabhán isteach sna fíocháin. I gcliseadh an ae, titeann tiúchan na bpróitéiní sa bhfuil, rud a laghdaíonn brú osmóiseach na fola agus a ligeann don sreabhán fáil amach sna fíocháin.
321
Eidhneán nimhe. Tom nó féithleog adhmadach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, planda an-athraitheach. Na duilleoga le 3 dhuilleoigín, mín is snasta nó giobach, fiaclach nó maothánach. Na bláthanna bán. Na plandaí a fhoirmíonn toim ingearacha, le duilleoga barrmhaola maothánacha, cosúil le duilleoga darach. Tugtar "dair nimhe" orthu sin, agus glacann cuid de na saineolaithe leo mar speiceas difriúil. Táirgeann siad uile roisín a chuimsíonn an ceimiceán úraiseanól, atá nimhiúil faoi do mhéara agus a chuireann tús le deirmitíteas dian. Tá sé do-ghalaithe agus is féidir é a iompar ar éadaí, ithir, fiú i ndeatach. Mar sin, is féidir leis a dhrochiarmhairtí a oibriú i bhfad ón bplanda féin.
281
Eidhneán talún. Planda dreapaire ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip is an Áise is ea eidhneán talún, nó athair lusa. Na gais cearnach i dtrasghearradh. Na duilleoga cruinn maolfhiaclach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna in ascaillí na nduilleog, a n-aghaidheanna uile sa treo céanna, déliopach, le feadán fada vialait/gorm. D'úsáidtí é tráth chun leann a dhéanamh roimh theacht in úsáid don lus leanna.
170
Eidifear. Córas teilgthe teilifíse le scáileán mór is ea eidifear. Tá léas leictreon taobh istigh den fheadán folúsach is é modhnaithe ag an bhfíschomhartha. Scantar an léas seo ar dhromchla ciseal ola: díchumann sé seo an dromchla, agus athraonann sé sin solas ó lampa cumhachtach. Is mar seo a chruthaítear an íomhá le teilgean ar an scáileán mór. Nuair is pictiúr daite atá i gceist, bíonn gá le 3 fheadán, gach ceann tiomnaithe do phríomhdhath, agus measctar na 3 íomhá go comhuaineach sa teilgean chun íomhá dheireanach dhaite a thaispeáint. Tháinig deireadh ar ré an eidifir le linn na 1990idí le forbairt theicneolaíocht na scáileán mór, mar shampla taispeáint leacht-chriostail (LCD) agus próiseáil solas digiteach (DLP).
290
Tionscadal Éidin. Forbairt inmharthana gairdín in Austol i gCorn na Breataine. Suite i gcráitéar créchlaise atá as úsáid, tá dhá chruinneachán gheodasacha mar a bheadh bolgáin iontu. I gceann amháin tá aeráid foraois thrópaiceach báistí cruthaithe, agus sa cheann eile aeráid the mheasartha. Tá bailiúchán mórthaibhseach éagsúil plandaí as gach cearn den Domhan iontu, ina measc samplaí ón tuath máguaird. Osclaíodh i 2001 é, agus is craobh aonaigh do chuairteoirí é.
196
Éifeacht theirmeach. Sa teirmidinimic, cóimheas na hoibre áisiúla a fhaightear ó inneall teirmeach is an teasa a thógann sé isteach. Úsáidtear an tsiombail e dó, uimhir idir 0 is 1 a sheasann don uaséifeacht theoiriciúil. Bíonn e timpeall 0.5 i gcás inneall gluaisteáin, timpeall 0.4 i gcás stáisiún guail ginte leictreachais.
135
Éifeachtaí speisialta. Amhairc cluana i bpictiúir reatha nó físeán. Dhá ghrúpa ann: iad sin a dhéantar os comhair an cheamara go hiomlán, agus iad siúd ina n-athraítear an íomhá thaifeadta. Sa chéad ghrúpa tá an-chuid bealaí inar féidir an fhairsinge le fótagrafú a fhorleathnú amach, le hamhairc atá péinteáilte ar ghloine nó mionláithreáin atá tógtha i bpeirspictíocht. Is féidir mionsamhlacha, tógtha de réir scála, a fhótagrafú faoi ghluaiseacht mhall chun traenacha, línéir, aerárthaigh, is spásárthaigh a léiriú. Is féidir mionsamhlacha anamúla a fhótagrafaítear fráma i ndiaidh fráma a úsáid chun créatúir osréalaíocha a dhéanamh anamúil. Is minic a úsáidtear comhcheangal íomhánna, mar shampla chun na haisteoirí a thaispeáint ag obair os comhair cúlraí difriúla (láithreán i bhfad i gcéin, mionsamhail, nó fiú líníocht). D'úsáidtí cúlteilgean, ach faoi seo is teilgean athfhillteach chun tosaigh a úsáidtear. Bealach eile is ea na haisteoirí a fhótagrafú os comhair cúlra mhóir aonfhoirmigh ghoirm agus an cúlra a chur isteach níos déanaí. Úsáidtear dhá íomhá dhifriúla, nó níos mó, chun éifeachtaí cosúil le tuaslagadh, cuimilt is scoilteadh an scáileáin a fháil. Tugann meascthóirí amhairc is íomháú a ghintear le ríomhaire deis fhíorleathan íomhánna a ionramháil chun éifeachtaí gan áireamh a chur i bhfeidhm nach féidir a dhéanamh ar chor ar bith trí ghrianghrafadóireacht.
592
Gustave Eiffel. Innealtóir a rugadh i nDijon na Fraince ab ea Alexandre Gustave Eiffel (15 Nollaig 1832 – 27 Nollaig 1923). Tá cáil air as dearadh is tógáil Thúr Eiffel i bPáras. Dhear sé an chabhail cruach do Dhealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac freisin.
103
Eifidrín. Druga le gníomhuithe cosúil le gníomhuithe aidréanailín, a úsáidtear chun fuil-líonadh na sróine a mhaolú. Tamall ó shin bhíodh sé in úsáid mar chóireáil ar phlúchadh is brú íseal fola.
91
Eifimiris. Sa réalteolaíocht, tábla a thugann ionad is gile rinn spéire (cóiméad, pláinéad) ina fithis, ríomhaithe ó na sonraí atá ar eolas mar gheall ar an bhfithis (an tréimhse fithise, an claonadh, an éalárnacht, an treo is an t-ionad agus é ag trasnú plána meánchiorclach a phríomhreanna). Úsáidtear an t-ainm céanna do leabhar a fhoilsítear gach bliain a thugann liosta na bhfeiniméan réalteolaíoch a réamhinsítear don bhliain ina dhiaidh sin (mar shampla, uruithe pláinéad, na Gealaí is na Gréine).
212
Manfred Eigen. Ceimicí fisiciúil a rugadh sa bhliain 1927 i mBochum na Gearmáine is ea Manfred Eigen. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic i 1967 le George Porter is Ronald Norrish as a thaighde ar theicníochtaí chun staidéar a dhéanamh ar imoibrithe tapa ceimiceacha.
96
Éigríoch. Sa mhatamaitic, uimhir níos mó ná aon uimhir eile. Ba é John Wallis (1616-1703), matamaiticeoir Sasanach, an chéad duine a d'úsáid an tsiombail ∞ di. Thaispeáin Cantor is matamaiticeoirí eile sa 19ú-20ú céad castacht choincheap na héigríche, agus iad ag obair ar thacartheoiric. Níos déanaí tugadh uimhreacha atá éigríochta go mór nó éigríochta go beag isteach sa chalcalas.
161
Christiaan Eijkman. Lia a rugadh i Nijkerk na hOllainne ab ea Christiaan Eijkman (11 Lúnasa 1858 – 5 Samhain 1930). An chéad duine a thairg coincheap na bhfachtóirí riachtanacha bia, ar tugadh vitimíní orthu níos déanaí. Le Frederick Hopkins, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1929 as seo.
121
Eileabar. Planda ilbhliantúil le duilleoga snasta roinnte is bláthanna móra, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise, is ea an t-eileabar. Na bláthanna le 5 sheipeal, cosúil le peitil, atá bán nó liathdhearg/corcra. Suas le 20 faireog dhéliopach starraiceach a thálann neachtar fíorthocsaineach, le blas dearg te de bharr na n-alcalóideach ann.
134
Haileabó. An ceann is mó i measc na leathóg Atlantach. Faightear é ar ghrinnill ghainmheacha is chlochacha 100-1,500 m thíos i bhfarraigí fuara an Atlantaigh thuaidh. Suas le 2.5 m ar fhad. Na súile ar an taobh deas, an béal is na fiacla mór. Donn nó glasdonn ar an droim, agus bán faoina bhun. An baineannach suas le 200 kg, an fireannach suas le 25 kg. Inite, tábhachtach sa trádáil, luachmhar d'iascairí.
165
Marmair Iarla Eilginn. Dealbha marmair ón 5ú céad RC ón bPartanón san Aithin. Fuair Thomas Bruce, Iarla Eilginn, iad i 1801-1803 faoi chúinsí amhrasacha nuair a bhí an Ghréig faoi riail na dTurcach, agus thug ar bord loinge go Sasana iad. Cheannaigh rialtas Shasana agus chuir i Músaem na Breataine iad i 1816, mar a bhfuil siad le feiceáil fós. Tá an Partanón á athchóiriú le blianta, agus d'iarr rialtas na Gréige ar an mBreatain iad a thabhairt ar ais dóibh. Diúltaíodh don iarratas, agus is cúis chonspóide idir an dá rialtas iad i gcónaí.
231
Eilifintiáis. Is éard is eilifintiáis ann ná at mór coise nó na gcos le chéile, an chadairne, is uaireanta na ngéag, mar gheall ar chalcadh na gcainéal limfeach ag fioláiriáis. Is galar é seo de bharr inmhíolú péisteanna néimeatóide ar leith a chuireann tús le hat na soitheach limfeach. Faightear sna trópaicí amháin í.
126
Éilips. Sa mhatamaitic, lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfanann suim an dá fhad ó dhá phointe fhosaithe (na fócais) tairiseach. Is féidir é a shainmhíniú freisin mar thrasghearradh cóin dhúbailte, nó lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfuil a fhad ón bhfócas i gcomhréir lena fhad ó líne fhosaithe (an treoirlíne), agus an tairiseach comhréire níos lú ná 1. Is í seo cothromóíd éilips i gcomhordanáidí Cairtéiseacha: x/a + y/b = 1. Is í cothromóid pholach éilips, agus an fócas mar phol is an phríomhais mar threoirlíne, ná r = 1/(1 + e cos θ). Gluaiseann na pláinéid timpeall na Gréine in éilipsí, agus is iomaí úsáid a bhaintear as an gcruth san ealaín is an ailtireacht.
288
Éimear. Is é is éimear ann ná meascán nádúrtha corandaim chriostalta le hocsaídí iarainn a fhaightear ina ghráinníní dorcha. An-chrua, agus úsáidtear mar scríobach é.
71
Galar scamhóige toirmeascach ainsealach. Neamhord sna scamhóga is ea Galar scamhóige toirmeascach ainsealach nó eimfiséime (emphysema) ina milltear na snáithíní leaisteacha is cúis le haisléim fhíochán na scamhóige san easanálú. Mar thoradh air seo, éiríonn na scamhóga níos séidte de réir a chéile, agus forlíonta le haer. Éiríonn na haerfheadáin bheaga (na broincíní) séidte, milltear na haershaic (an hailbheolais) mar a dtarlaíonn malartú na ngás, agus cuirtear cuasa aeir ina n-ionad. Éiríonn an cliabhrach bairillechruthach de réir a chéile, agus éiríonn an giorra anála an-ghéar. Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí troma toitíní, mar go ngníomhachtaíonn ceimiceáin i ndeatach toitíní einsímí a dhíleánn na fíocháin leaisteacha sna scamhóga. Go minic cuireann milleadh na bhfíochán seo tús le hionfhabhtuithe tánaisteacha.
352
Eimpeidicléas. Fealsamh is file Gréagach a rugadh in Akragas na Sicile ab ea Eimpeidicléas (c 490-c 430 RC). Ina scríbhinn "Ar an Nádúr" thug sé isteach coincheap na 4 dhúil bhuan — Cré, Uisce, Aer is Tine — chun cur síos ar an nádúr iomlán. Ghlac Arastotail leis an gcoincheap, a mhair mar fhoshraith bhuansheasmhach i smaointeoireacht an iarthair ar feadh 2,000 bliain.
152
Eimpíéime. Is éard is eimpíéime ann bailiúchán bracha idir cisil na scannán a chumhdaíonn an scamhóg (an pleora). Coitianta mar thoradh ar scaipeadh an ionfhabhtaithe ó niúmóine sna scamhóga.
78
Éin chreiche. Is éin iad na héin chreiche a sheilgeann ainmhithe móra (mamaigh is éin eile) le haghaidh bia. Bíonn gob láidir cuartha is ingne géara acu. Cuimsíonn siad na seabhaic, na hiolair, badhbha an tSeandomhain, an rúnaí, na seabhaic seilge, badhbha an Domhain Úir (ina measc, na condair), agus b'fhéidir na hulchabháin.
136
Einceifealapaite spúinseach bólachta. Galar céimnitheach atá marfach don néarchóras lárnach in eallach is ea Einceifealapaite spúinseach bólachta nó ESB (Béarla : bovine spongiform encephalopathy, BSE nó mad cow disease). Is minic a thugtar galar na bó buile (nó galar na mbó buile nó mire na mbó) air freisin. An galar. Cuireann an galar isteach ar struchtúr na hinchinne. Is iad na siomptóim a bhíonn ag an ainmhí ionfhabhtaithe ná athruithe ina iompar is droch-chomhordú. Níl aon leigheas ná cóireáil air, agus is gá an t-ainmhí a mharú. I dtástálacha iarbháis fuarthas an inchinn meathlaithe ina mais spúinseach, díreach cosúil le hinchinn caorach atá ionfhabhtaithe leis an scráibeach, galar seanbhunaithe caorach. Cinneadh faoi dheireadh gur gníomhaí próitéine de shaghas nua, a dtugtar "prión" anois air, ba chúis leis an ngalar. Cinneadh freisin go raibh dóchúlacht ard gur tarchuireadh na prióin ó chaoirigh trí mhin ionfhabhtaithe feola is cnámh a bheith á hithe ag na ba. Fuarthas freisin go raibh na prióin an-fhrithsheasmhach i gcoinne teasa is antaiseipteán. Cuireadh cosc ar úsáid a leithéid de mhin agus aon fhíocháin néarógaigh as ba leis an ngalar seo. ESB sa Bhreatain. Ba sa Bhreatain a tharla an chéad chás den ghalar, i 1986. Ar an 30 Bealtaine 1990, chuir an Fhrainc cosc ar fheol as an mBreatain agus tharla an rud céanna i dtíortha eile níos déanaí. Scaip an galar ar fud na Breataine agus mhéadaigh na cásanna gur tharla an 100,000ú cás sa bhliain 1993. Ina dhiaidh sin laghdaigh na tarluithe ó bhliain go bliain. ESB in Éirinn. Sa bhliain 2023, bhí stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE. Ach ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe. Dúirt an Roinn Talmhaíochta ag an am nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t-ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil. Galar Creutzfeldt-Jakob. I rith na 1990idí bhí imní fhorleathan go dtarchuirfí an galar do dhaoine. Fuarthas gur gníomhaí prióin is cúis leis an saghas daonna den ghalar, galar Creutzfeldt-Jakob, agus go mbíonn siad flúirseach i gcolainn an ainniseora infhabhtaithe. Is dócha gur tarchuireadh an galar ó chaoirigh nó ba do dhaoine anois is arís, agus b'fhéidir ó dhuine go duine. Ós rud é go bhfuil sé fíordheacair an prión galrach a chloí, d'éirigh na dochtúirí buartha faoi steiriliú ionstraimí i gcomhair obráidí agus chuireadar modhanna steirilithe níos déine ar bun.
1,036
Einceifilimialíteas miailgeach. Tugtar "siondróm tuirse ainsealaí" air freisin. Bíonn laige, fiabhras éadrom, pianta ginearálta sna matáin is na hailt, dúlagar, cur isteach ar an radharc, agus tinneas cinn ag duine. Féadfaidh siad leanúint ar feadh na míonna, agus faoi dheireadh imíonn siad. Ní heol cén fáth a dtarlaíonn an riocht seo. Ceapann daoine go dtarlaíonn sé mar thoradh ar ionfhabhuithe víreasacha, ach ceapann daoine eile gur cúis shíceolaíoch éigin atá leis.
187
Einceifealaíteas. Athlasadh na hinchinne is ea einceifealaíteas, de bharr ionfhabhfaithe víreasaigh de ghnáth, ach uaireanta bíonn miocrorgánaigh eile (maláire nó sifilis) freagrach as. Is iad na siomptóim ná fiabhras, tinneas cinn, codlatacht is mearbhall, chomh maith le mearaí, pairilis is gluaisní mínormálta.
122
Willem Einthoven. Fiseolaí Ollannach a rugadh i Semarang na hIndinéise ab ea Willem Einthoven (21 Bealtaine 1860 - 28 Meán Fómhair 1927). D'fhionn sé an sreang-ghalbhánaiméadar, chun rithim leictreach an chroí a thomhas, i 1903. Thug sé isteach an téarma "leictreacairdiagram". Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1924.
136
Eintríteas ionfhabhtaíoch cat. Galar suntasach ag cait de gach saghas, marfach go minic. Tugtar "fliú cat" air freisin. Víreas ón ngrúpa parvaivíreaseach is bun leis, é láidir frithsheasmhach ag maireachtáil sa chomhshaol. Bíonn cait óga an-soghonta dó, agus nuair a fhaigheann siad an t-ionfhabhtú titeann siad i meirfean is básaíonn go tapa. Sa chat aibí ionfhabhtaithe tarlaíonn titim ollmhór i líon na gceall bán sa bhfuil, ní tharlaíonn buinneach i gcónaí ach bíonn an díhiodráitiú dian, an tnáitheadh tapa is an mhortlaíocht ard. Tá vacsaín éifeachtach ann mar chosaint ina choinne, ach is gá ionaclú go rialta chun an imdhíonacht a chaomhnú.
262
Eipeacailís. Fáinne breise de chodanna blátha a bhíonn nasctha leis an taobh amuigh den seipeal nó an chailís, agus cosúlacht acu leo. Sainiúil do phlandaí áirithe, clann na rós mar shampla.
76
Eipeaglotas. Leathán piorra-chruthach loingeáin shnáithínigh leaistigh, leathan ar an taobh uachtarach (a luíonn díreach taobh thiar den teanga), caol ag a íochtar (mar a gceanglaíonn le cúl an loingeáin thíoróidigh), agus cumhdaithe ar a dhá dhromchla le scannán múcasach. Cuimsíonn an dromchla cúil blaslóga is faireoga múcasacha. Gluaiseann sé nuair a shlogann duine siar, agus cumhdaíonn cuid d'oscailt na larainge. Sa chuid is mó de na mamaigh, síneann sé os cionn an choguais agus isteach i bhfaraing na sróine, ionas go mbíonn sí seo leanúnach leis an laraing, ag ligean don riospráid dul ar aghaidh le linn slogtha.
243
Eipeatacsacht léis mhóilínigh. Is éard is eipeatacsacht léis mhóilínigh ann ná bealach chun scannáin thanaí chriostalta a tháirgeadh inar féidir comhdhéanamh an scannáin a stiúradh go cúramach. Braitheann an próiseas ar oiread ar leith foinsí téite, gach ceann as dúil dhifriúil. Tagann léas adamh ó gach foinse trí sheomra folúsaithe chun imbhualadh le targaid criostalta. Stiúrtar comhdhéanamh cruinn na gcisil adamh a thógtar ar an gcriostal trí theochtaí na bhfoinsí is córas comhlaí ar rianta na léis adamh a rialú. Leis an bhfearas seo, is féidir feistí nua leathsheoltóra a dhéanamh, cosúil le hoptaic iomlánaithe agus feistí chun taighde a dhéanamh ar iarmhairt chandamach Hall.
280
Eipidéimeolaíocht. Staidéar ar chúiseanna is dáileadh galar i ndaonraí. Sa 19ú céad, ionfhabhtuithe a bhí mar phríomhchúis bháis. Mar thoradh ar staidéar ar tharlú na ráigeanna i gcomhthéacs na gcúinsí sóisialta ag an am, d'éirigh leis na húdaráis bearta éifeachtacha a dhéanamh chun srian a chur leo. Mar shampla, fuarthas gur thosaigh ráigeanna calair ó uisce truaillithe, agus ráigeanna fiabhras seoil ó lámha truaillithe na lianna is na mbanaltraí. Sa 20ú céad tosaíodh staidéar ar dhíormaí chun na ceangail idir galair agus fachtóirí comhshaoil is stíl beatha a léiriú. Cruthaíodh ceangal idir ailse na scamhóg is caitheamh toitíní, agus fuarthas an-chuid eolais ar tharlú galar corónach croí i dtíortha éagsúla agus tarlú na saghsanna éagsúla ailse. Is maith an seans go gcabhróidh na léargais seo, agus tuilleadh díobh ar ghalair eile, lena seachaint nó a laghdú.
357
Eipideirm. Ciseal seactrach an chraicinn ar phlanda nó ainmhí. I bplandaí is cuid mhaith inveirteabrach, bíonn tiús cille amháin san eipideirm. I veirteabraigh, tiús roinnt mhaith ceall a bhíonn inti, agus i veirteabraigh talún bíonn sí cumtha as cealla marbha cruaite.
106
Eipifít. Planda nach bhfuil fréamhaithe san ithir ach a fhásann os cionn talún, ar phlandaí eile de ghnáth. Baineann sí feidhm as na hóstaigh seo chun tacaíocht a fháil mar nach seadán (a fhaigheann cothú óna n-óstaigh) í. Bíonn fréamhacha aerga aici a nascann leis an óstach agus a ghabhann bruscar orgánach chun cothaithigh a dhíorthú astu. Ionsúnn sí uisce freisin, mar bháisteach nó díreach ón aer, agus is féidir go mbeidh sí glas, in ann fótaisintéis a dhéanamh. I gcuid acu foirmíonn na duilleoga taiscumar uisce i lár an chnota. An-choitianta i bhforaoisí trópaiceacha báistí, agus is féidir le heipifítí fás i solas na Gréine, rud nárbh fhéidir leo dá mbeadh siad ar an talamh faoin gceannbhrat dlúth. Samplaí suntasacha sna trópaicí is ea magairlíní is bróiméiligh, agus na caonaigh is na crotail i réigiúin mheasartha.
337
Eipitéiliam. Ciseal ceall a dhéanann líneáil ar dhromchla inmheánach orgáin chuasaigh (ach amháin an croí, fuileadáin is soithigh na limfe, a dtugtar "an t-intéiliam" ar an líneáil aoncheallach sna cásanna sin), agus a chumhdaíonn dromchla seachtrach na colainne. Bíonn feidhmeanna difriúla aige i réigiúin dhifriúla na colainne (cosaint, tál is ionsú, mar shampla). Aithnítear cineálacha éagsúla, ag brath ar chruth is suíomh na gceall (colúnach, ciúbóidiúil nó lannach), nó a leagan amach (srathaithe nó súdasrathaithe). Tugtar "eipitéiliam trasdultach" ar an gcineál a bhíonn mar líneáil ar orgáin chuasacha a bhorrann is a chrapann ar feadh fad mór, cosúil leis an lamhnán. I gcuasa iata na colainne (an cuas peireacairdiach, an cuas pleorach, is an cuas peireatóinéach, mar shampla) soláthraíonn an t-eipitéiliam dromchla mín tais a dhéanann éascaíocht d'aon ghluaisne.
357
Eirgeanamaíocht. Is éard is eirgeanamaíocht ann ná staidéar ar obair, dearadh an láthair oibre, anailís is traenáil scileanna na hoibre, agus iarmhairtí na timpeallachta fisiciúla is síceolaíche, cosúil le strus na hoibre, earráidí is taismí. Úsáidtear na téarmaí ‘innealtóireacht dhaonna’ is ‘fachtóirí daonna’ don disciplín seo freisin. Go minic, is gá comhoibriú idir anatamaithe, fiseolaithe, síceolaithe is innealtóirí sa staidéar seo, ina mbailítear cuid mhaith sonraí ar chumais na colainne daonna. Tosaíodh uirthi go luath sa 20ú céad nuair a tugadh isteach olltáirgeadh earraí go forleathan agus a rinneadh staidéir ama is gluaiseachta chun tascanna a anailísiú is a fheabhsú. Tagann torthaí na saothar seo san áireamh i ndearadh monarchana is oifigí, leagan amach stáisiúin cumhachta, agus dearadh ionstraimí i bhfeithiclí. Déantar moltaí maidir le torann is truaillithe eile, tréimhsí oibre, agus coinníollacha soilsithe. Leis an méadú san uathoibriú ar gach gné den obair, is lú an bhéim anois ar chomhordú láimhe is súile ná ar mhonatóiriú eolais is cinnteoireacht. Roimh na 1970idí bhíodh an-bhéim ar idirghníomhuithe duine/ meaisín, ach is mó ar fad an bhéim anois ar idirghníomhuithe duine/ríomhaire. I measc na gceannródaithe sa disciplín seo, bhí an t-innealtóir Meiriceánach Frederick W. Taylor (1856-1915) agus an cúpla Meiriceánach Lillian (1868-1972) is Frank (1868-1924) Gilbreth.
560
Éirí is tuirlingt ghearr. Saghas aerárthaigh a dheartar chun éirí ón talamh agus tuirlingt in achar gearr aerbhealaigh (ní hionann is éirí is tuirlingt ingearach). Bíonn feistí aeridinimiciúla ar leith air a dhéanann deimhin de go bhfuil an fórsa ardaithe láidir faoi nuair a bhíonn a luas cothrománach íseal, é ábalta tuirlingt ag uillinn ghéar is stopadh go tapa ar an talamh. Níor ródheacair é seo go dtí an dara cogadh domhanda mar bhíodh na heitleáin éadrom is na luasanna íseal go leor, ach dúshlán i bhfad níos deacra a bhí ann nuair a méadaíodh meáchan is luas na n-eitleán ina dhiaidh sin.
237
Éirí is tuirlingt ingearach. Aírí a luaitear le heitleáin mhíleata ar leith le sciatháin dhobhogtha. Mar shampla, an Harrier de chuid Hawker Siddeley sa Bhreatain, ar féidir leis an sá óna scairdinnill a fheistiú go hingearach is é ag éirí nó ag tuirlingt, agus a athrú go dtí an cothromán is é ag taisteal go cothrománach ó áit go háit. Tá dearaí eile ag aerfhórsa Mheiriceá, cuid acu cosúil leis an gConvair XFY-1, a sheasann ar a eireaball agus a éiríonn is a thuirlingíonn go hingearach, ag athrú go dtí an cothromán is é ag eitilt.
215
Eiritreapóéisin. Hormón (ar polaipeiptíd é) atá i láthair i veirteabraigh, a tháltar sna duáin den chuid is mó, agus orgáin eile, cosúil leis an ae. Spreagann sé prólaiféarú is aibiú na n-eiritricítí (cealla dearga na fola) i smior dearg na gcnámh. Spreagann easnamh ocsaigine i gcealla (nár aithníodh fós iad) sna duáin feabhas ar thál an hormóin seo, rud a mhéadaíonn tiúchan na n-eiritricítí in imshruthú na fola agus, mar sin, tiúchan na hocsaigine san imshruthú.
195
Eiscir. Is é atá i gceist le heiscir ná droim fada caol gainimh is gairbhéil a fhéadfaidh casadh ar feadh faid an-mhóir ar urlár gleanna. Meastar gur cruthaíodh í ag uisce ag rith i dtolláin faoi oighearshruth.
89
Eiseaphláinéad. Pláinéad a fhithisíonn réalta taobh amuigh den Ghrianchóras. D'fhionn Michael Mayor is Didier Queloz ón nGinéiv an chéad cheann, i bhfithis timpeall ar 51 Pegasi, i 1995. Fionnadh tuilleadh i 1996, i bhfithisí thart ar 70 Virginis, 47 Utsaa Rajoris, is 55 Cancri, agus tuilleadh fós ó shin.
130
Eisibhitheolaíocht. Cuardach is staidéar ar bheatha eachtardhomhanda. I measc na dteicníochtaí a úsáidtear, tá monatóiriú ar thonnta raidió ó chórais réaltaí taobh amuigh den Ghrianchóras, agus úsáid taiscéalaithe spáis chun beatha, nó móilíní a bheadh riachtanach don bheatha, a bhrath.
122
Eisisféar. Ciseal seachtrach an atmaisféir, timpeall 400 km in airde, a n-éalaíonn gáis éadroma tríd.
46
Éislinn mheabhrach. Riocht ina mbíonn sainuimhir intleachta (IQ) níos lú ná 70 ag duine, gan cumas aige maireachtáil go neamhspleách, rud a aithnítear roimh 18 mbliain d'aois. Bíonn 4 rang ann: cineálta (IQ 50-70), measartha (35-49), dian (20-34), agus domhain (níos lú ná 20). Sa chuid is mó de na cásanna, ní fios cad is cúis léi. Tá cúiseanna áirithe ar eolas, ina measc riochtaí géiniteacha (siondróm Down, mar shampla), galair ionfhabhtaithe (bruitíneach dhearg, mar shampla), ceimiceáin dhíobhálacha (tailidimíd, mar shampla), agus taismí go luath sa leanbhaois.
240
Éisteachas. Is é atá i gceist le héisteachas ná próiseas ina n-éistear leis na fuaimeanna inchloiste ón gcolainn agus a ndéantar anailísiú orthu, le steiteascóp de ghnáth. Cuimsíonn na fuaimeanna seo fuaimeanna (a éiríonn ó chreathanna) na bhfuileadán, an chroí is a chomhlaí, na scamhóg, na n-aerphasáistí, is na stéigeacha, agus iad déanta ag sreabhadh na fola, an aeir, nó an gháis sna horgáin éagsúla.
173
Éisteacht dhéscartha. Teicníocht thurgnamhach atá san éisteacht dhéscartha a úsáidtear i síceolaíocht is sícitheangeolaíocht chun déanamh amach cén taobh den inchinn is mó atá in ann cineálacha áirithe fuaime a phróiseáil. Déantar an tástáil trí spreagthaí éagsúla a chur isteach sa dá chluas ag an am céanna, agus freagairt na hinchinne a fháil ó thuairisc an duine ar an gcluas is mó a bhraitheann an spreagadh. Den chuid is mó, bíonn an chluas dheas chun tosaigh maidir le comharthaí teangeolaíocha, agus an chluas chlé maidir le comharthaí eile, cosúil le ceol.
218
Eistear. Is éard is eistear ann ná comhdhúil cheimiceach atá díorthaithe ó aigéad (orgánach nó neamhorgánach), ina gcuirtear grúpa –O–ailcile (alcocsa) in ionad ghrúpa hiodrocsaile amháin -OH, mar atá san imoibriú malartaíochta d'alcóil le haigéad carbocsaileach. Mar shampla, faightear aicéatáit eitile is uisce, mar seo: CH3CH2OH (eatánól) + CH3COOH (aigéad aicéiteach) → CH3COOHCH2CH3 (aicéatáit eitile)+ H2O (uisce). Is eistir d'aigéid shailleacha de ghliocról iad na glicrídí; tá siad tábhachtach sa bhitheolaíocht, toisc go bhfuil siad ar cheann de na príomh-aicmí lipidí agus go bhfuil siad sa chuid is mó de shaillte ainmhithe agus d'olaí glasraí. De ghnáth bíonn boladh deas ag na heistir; úsáidtear iad siúd a bhfuil meáchan móilíneach íseal acu go coitianta mar cumhráin agus tá siad le fáil i mblátholaí agus fearamóin. Feidhmíonn siad mar thuaslagóirí ardghráid le haghaidh réimse leathan plaistigh, plaisteachán, roisíní agus laicear, agus tá siad ar cheann de na haicmí bithbhealaí sintéiseacha is mó ar an margadh tráchtála. Is plaistigh thábhachtacha iad na poileistir, le monaiméirí ceangailte ag cineálacha eistir. Cnámh droma na móilíní ADN is ea na foisfeistir. Bíonn na heistir níotráite, mar nítriglicrín, ar eolas mar gheall ar a n-airíonna pléascacha. Ainmnítear na heistir mar a bheadh salainn iontu, an chéad chuid ón aigéad is an dara cuid ón alcól. Bíonn boladh sainiúil toraidh as na heistir shimplí. Boladh piorraí atá as aicéatáit eitile, ar tuaslagóir tábhachtach é. Maidir le holaí is saill glasraí is ainmhithe, is eistir gliosróil den chuid is mó iad. Ainmníocht. Sanasaíocht. Ba é an ceimiceoir Gearmánach Leopold Gmelin a chum an focal eistear (Gearmáinis: "ester") sa bhliain 1848, is dócha mar ghiorrúchán den fhocal "Essigäther", sa Ghearmánais, (Gaeilge: "Aicéatáit eitile"). Ainmníocht AIGCF. Díorthaítear ainmneacha ón máthair-alcól agus ón máthair-aigéad, áit a bhféadfadh an dara ceann a bheith orgánach nó neamhorgánach. Is gnách go n-ainmnítear na heistir a dhíorthaítear ó na haigéid charbocsaileacha is simplí de réir na "n-ainmneacha fánacha" níos traidisiúnta, mar a thugtar orthu .i. mar formáit, aicéatáit, própánáit, agus bútaráit, seachas ainmníocht AIGCF; meatánóáit, eatánóáit, própánóáit, agus bútánóáit. Ar an láimh eile, is minic a ainmnítear eistir a dhíorthaítear ó aigéid charbocsaileacha níos casta agus keas a bhaint as an t-ainm córasach AIGCF, bunaithe ar ainm an aigéid agus an iarmhír -óáit ina dhiaidh sin. Mar shampla, tá an fhoirmle CH3(CH2)6CO2(CH2)5CH3 ag an eistear ochtánóáit heicsile, ar a dtugtar freisin faoin ainm fánach caprailáit heicsile. Is gnách go mbíonn foirmlí ceimiceacha eistir orgánacha i bhfoirm RCO2R′, áit arb iad R agus R ′ na codanna hidreacarbóin den aigéad carbocsaileach agus an alcól, faoi seach. Mar shampla, scríobhfaí aicéatáit bhúitile (eatánóáit bhúitile go córasach), a dhíorthaítear ó bhútánól agus aigéad aicéiteach (aigéad eatánóch go córasach) CH3CO2C4H9.. Tá cur i láthair malartach coitianta lena n-áirítear BuOAc agus CH3COOC4H9. Tugtar lachtóin ar eistir fháinneacha, is cuma má dhíorthaítear iad ó aigéad orgánach nó neamhorgánach. Sampla amháin de lachtón orgánach is ea γ-vailéaralachtón. Ortai-eistir. Aicme neamhchoitianta de chuid na n-eistear orgánach is ea na ortaieistir, a bhfuil an fhoirmle RC(OR′)3 acu. Díorthaítear ortaformáit tríeitile (HC(OC2H5)3), i dtéarmaí a ainm (ach ní a shintéis) ón aigéad ortaformach (HC(OH)3) agus eatánól. Eistir neamhorgánacha. Is féidir eistir a dhíorthú freisin ó aigéid neamhorgánacha. Cruthaíonn aigéid neamhorgánacha, atá ann mar tátaiméirí, eistir éagsúla Cruthaíonn aigéid neamhorgánacha atá éagobhsaí nó ar deacair teacht orthu eistir chobhsaí. I bprionsabal, d’fhéadfaí gach alcocsaíd mhiotail agus mhiotalóideach, a bhfuil na céadta ar eolas fúthu, a aicmiú mar eistir de na haigéid theoiriciúla. Struchtúr agus nascadh. Bíonn lárionad carbóinile sna heistir, as a dtagann uillinneacha 120 ° C - C - O agus O - C - O. Murab ionann agus aimídí, is feidhmghrúpaí solúbtha ó thaobh struchtúir iad eistir toisc go bhfuil bacainn íseal mar gheall ar rothlú thart timpeall ar na naisc C-O-C. Bíonn a solúbthacht agus a bpolaraíocht íseal le feiceáil ina n-airíonna fisiciúla; is iondúil nach mbíonn siad chomh docht (leáphointe níos ísle) agus níos so-ghalaithe (fiuchphointe níos ísle) ná na haimídí comhfhreagracha. Tá p"K"a na n-alfa-hidriginí ar na heistir thart ar 25. Tá an poitéinseal ag go leor eistir isiméireacht chonformálach a dhéanamh, ach is iondúil go nglacann siad conformáil s-cis (nó Z) seachas an treo malartach s-trasach (nó E), mar gheall ar chuingir d’éifeachtaí hipear-chomhchuingithe agus dépholacha íoslaghdaithe. Bíonn tionchar ag nádúr na n-ionadán agus an tuaslagóra ar an rogha maidir le comhfhoirmiú Z, má tá sé ann. Tá lachtóin le fáinní beaga teoranta don chonformáil s-trasach (.i. E) mar gheall ar a struchtúr fáinneach. Airíonna fisiceacha agus saintréithriú. Bíonn eistir níos polaí ná éitir ach níos lú ná alcóil. Glacann siad páirt i naisc hidrigine mar ghlacóirí nasc-hidrigine, ach ní féidir leo gníomhú mar dheontóirí nasc- hidrigine, murab ionann agus a máthair-alcóil. Tugann an cumas seo chun páirt a ghlacadh i nascadh hidrigine roinnt intuaslagthacht uisce orthu. Mar gheall ar a n-easpa cumais chun nasc hidrigine a dheonadh, ní bhíonn eistir in ann féin-chomhthiomsú. Dá bhrí sin, tá eistir níos so-ghalaithe ná aigéid charbocsaileacha a bhfuil meáchan móilíneach den chineál céanna acu. Saintréithriú agus anailís. De ghnáth sainaithnítear eistir trí chrómatagrafaíocht gháis, agus leas á bhaint as a so-ghalaitheacht.
2,388
Éisteolaíocht. Is éard atá i geist le héisteolaíocht ná staidéar ar fhiseolaíocht na héisteachta, agus galair a chuireann isteach ar an gcluas eachtrach, láir nó inmheánach is an néaróg éisteachta. Baineann sí le caomhnú na héisteachta, measúnú is sainiú lagú éisteachta, agus athshlánú daoine le lagú éisteachta. Tugtar "closmhéadaracht" ar thomhas eolaíoch ar an éisteacht. Úsáidtear closmhéadar chuige, agus táirgeann an closmhéadar closghram.
177
Eite (iasc). Ball seachtrach scannánach ag ainmhithe uisciúla, na héisc is na míolta móra, a úsáideann siad chun gluaiseachta is ionrámhála. Uaireanta, bíonn siad modhnaithe ina súiteoirí nó ina nascóirí. Bíonn na heití meánacha droma timpireach nó eireaballach. Bíonn na heití cliathánacha ina bpéirí, uchtach nó peilbheach.
132
Éitear. Comhdhúil orgánach ina bhfuil adamh ocsaigine nasctha le dhá ghrúpa ailcile. Comhdhúile réasúnta neamhimoibríoch is ea iad. An ceann is fearr eolas air is ea éitear eitile, CH3CH2-O-CH2-CH3, leacht so-ghalaithe le fiuchphointe 35 °C, a úsáidtear mar ainéistéiseach.
123
Éitear (teoiriciúil). Ábhar a gcreidtí uair dá raibh go líonann sé an spás uile, mar gur ghá a leithéid, de réir thuiscint na linne, chun gurbh fhéidir solas a fhorleathadh. Bhí turgnamh Michelson-Morley tábhachtach mar chruthú nach raibh a leithéid ann in aon chor, agus nach raibh gá leis i dteoiric nua-aoiseach an tsolais.
134
Eiteolaíocht. Staidéar ar iompar ainmhithe, ag cur na míoleolaíochta is na héiceolaíochta san áireamh. Déanann sí anailís ar mhionsonraí iompar an speicis i dtaca le hairíonna an chomhshaoil nádúrtha a bhfuil an speiceas oiriúnaithe dó. Faightear sonraí ó bhreathnú díreach agus monatóiriú le rianú raidió, mar shampla. Saothraítear tuiscint ar ghnéithe cosúil le hithe, idirghníomhuithe idir creach is creachadóir, agus iompair atáirgthe, iomaíochta, is shóisialta i dtéarmaí oidhreacht ghéiniteach an speicis is na gcúinsí comhshaoil a bhíonn ann de ghnáth i bhfás nádúrtha na mball de.
239
Eitic. Is éard is brí leis an téarma eitic ná staidéar is measúnú ar iompar daonna ó dhearcadh na moráltachta. Bíonn coincheapa cosúil le coinsias, dualgas, freagracht, caighdeán, rialacha, cuspóirí pearsanta is sóisialta, gairmiúlacht agus a lán eile i gceist. Is iomaí teoiric, cur chuige is uirlis a tairgeadh thar na blianta chun fadhbanna eitice a réiteach: an t-imfhios, an cleachtadh turgnamhach, an t-idéal meitifisiciúil, an stát polaitiúil (nó an cumann gairmiúil), an dlí, an indibhid féin. Cosúil leis an mbeatha i gcoitinne, tagann fadhbanna eitice chun cinn arís is arís eile san eolaíocht is an teicneolaíocht: an eotanóis, an eoiginic, an bochtanas, an gorta, airm núicléacha, airm fhorbartha i gcoitinne, úsáideanna an Idirlín, truailliú an aeir, an uisce is na talún, ídiú foinsí nádúrtha, idirghníomhuithe daonna le hainmhithe, agus a lán lán eile.
353
Eitil. C2H5- , feidhmghrúpa a dhíorthaítear ó eatán. Nuair a chuirtear le hainm comhdhúile é, ciallaíonn sé de ghnáth gur malartaíodh é le hidrigin sa chomhdhúil sin.
79
Eitéin. Hidreacarbón den fhoirmle CH2=CH2 is ea eitéin, ar a dtugtar eitiléin freisin. le fiuchphointe -104 °C. Gás gan dath, an chéad bhall de shraith na n-ailcéiní. Ceimiceán tábhachtach tionsclaíoch a pholaiméiríonn go dtí poileitiléin. Nuair a bhíonn sí i láthair mar rianghás, brostaíonn sí aibiú torthaí. Is í an hidreacarbón is simplí í.
148
Eitilt le sreanga. Córais rialaithe in eitleáin ina gcruthaítear comharthaí leictreacha ó rialaitheoirí an phíolóta, agus a bpróiseáltar na comharthaí sin le ríomhaire chun comharthaí stiúrtha a chur chuig na dromchlaí stiúrtha: an stiúir, na hailearáin, na plapaí is eile. Roimhe seo dhéanadh rialaitheoirí an phíolóta cáblaí a tharraingt nó a bhrú chun córais hiodrálacha a fheidhmiú agus na dromchlaí stiúrtha a thiomáint. Meastar go mbeidh na córais eitilte le sreanga i bhfad níos iomláine is níos gasta chun freagartha nuair a thiontaíonn an aimsir clamprach nó i gcoinníollacha deacra eitilte eile.
252
Eitleog. Is é is eitleog ann ná fráma éadrom adhmaid nó plaistigh, clúdaithe le fabraic nó páipéar éadrom, a eitlítear ar théad fhada. Tá cáipéisí sa tSín ó 549 ag cur síos ar fheidhmeanna míleata eitleog. Thóg na hArabaigh eitleoga isteach san Eoraip, agus úsáideadh den chéad uair iad san Iodáil i 1589. An-choitianta mar ábhar scíthe, agus tá feidhmeanna acu sa mheitéareolaíocht is an tsuirbhéireacht.
170
Eitleoireacht. Baineann an téarma seo le gach saghas eitilte, agus aerárthaigh is feidhmeanna eile na heitilte. Roinntear ina dhá rang í: eitleoireacht mhíleata, agus eitleoireacht shibhialta. San eitleoireacht mhíleata, is féidir an t-aerárthach a úsáid mar arm nó ardán óna lainseáiltear airm, chomh maith le húsáidí spiadóireachta is iompair. San eitleoireacht shibhialta, bíonn úsáid aerárthach i gcomhair iompair thrádálaigh san áireamh. Den chuid is mó, úsáid aerárthach chun daoine is earraí a iompar ar eitiltí, ar sceideal nó cairtfhostaithe, a bhíonn i gceist, ach tagann úsáidí gnó, spóirt, tarrthála is míochaine i gceist freisin. Déanann rialtais cuid mhaith de na rialúcháin do chomhlachtaí eitleoireachta, chun aerfoirt a chur ar fáil is aerthrácht a rialú. De bhrí gur gnó tábhachtach idirnáisiúnta an eitleoireacht, bíonn gá le comhshocruithe idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht is slándáil eitiltí, aerbhealaí is aerfort.
390
Eitseáil. Is é atá i gceist le eitseáil ná foirm inghearrtha (intaglio) chlóbhuailte a ceapadh go luath sa 16ú céad. Úsáidtear aigéad chun léaráid dheartha a ghearradh ar dhromchla copair, in ionad í a ghearradh go díreach le huirlis greanta (bior greanta). Ba é Rembrandt sármháistir na teicníochta seo.
127
Edward Elgar. Cumadóir ceoil a rugadh i mBroadheath Shasana ab ea Sir Edward Elgar (2 Meitheamh 1857 – 23 Feabhra 1934). Cáil air as "Enigma Variations" (Breachnuithe Dúthomhais, 1899) agus an oratóir "The Dream of Gerontius" (Brionglóid Ghearóintias, 1900).
105
Gertrude Elion. Bithcheimicí a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ab ea Gertrude Belle Elion (23 Eanáir 1918 – 21 Feabhra 1999). Chomhoibrigh sí le George Hitchins do chomhlacht Burroughs Wellcome i bhforbairt drugaí iomadúla chun an fhreagairt imdhíonach a rialú in ionchlannú, agus sintéis DNA a mhoilliú le hailse a smachtú is galair eile—leoicéime, maláire, gúta, clocha duáin, is heirpéas ina measc — a chloí. Roinn an bheirt Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le James Black i 1988 as an saothar sin. D'aistrigh sí go Research Triangle Park, in North Carolina, agus ba ansin a fuair sí bás sa bhliaiin 1999.
235
Henry Havelock Ellis. Lia a rugadh i gCroydon Shasana ab ea Henry Havelock Ellis (2 Feabhra 1859 – 8 Iúil 1939). Scríobh sé an chéad chur síos oibiachtúil neamhspleách ar shíceolaíocht an ghnéis i 7 n-imleabhar, "Studies in the Psychology of Sex" (Staidéir i Síceolaíocht an Ghnéis, 1897-1928), ar tógadh an-chonspóid mar gheall air ag an am.
138
Cóiméad Encke. Cóiméad a taifeadadh den chéad uair i 1786 is ea Cóiméad Encke (nó go hoifigiúil 2P/Encke). Is é an cóiméad leis an tréimhse fithise is lú, 3.3 bliain. Rinne an réalteolaí Gearmánach Johann Franz Encke (1791-1865) dianstaidéar air i 1819, a thaispeáin go raibh an tréimhse níos lú (2.5 uair níos lú) agus níos tapa ná mar a tuigeadh go dtí sin, mar thoradh ar fhórsaí nárbh fhórsaí domhantarraingteacha iad. Taifeadadh níos mó ná 50 cuairt a thug an cóiméad go dtí seo.
213
John Franklin Enders. Micribitheolaí a rugadh i West Hartford, Connecticut ab ea John Franklin Enders (10 Feabhra 1897 - 8 Meán Fómhair 1985). Rinne sé taighde tábhachtach ar an eitinn, ionfhabhtuithe niúmacocúla, agus ó 1948, polaimiailíteas. Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Frederick Robbins is Thomas Weller i 1954 as a dtaighde ar shaothrú víreas an pholaimiailítis i gcealla fíochán daonna, rud a bhrostaigh saothrú na vacsaíne i gcoinne polaimiailítis ag Jonas Salk. I 1962 cheap sé vacsaín i gcoinne na bruitíní.
198
Eodacsas as Cniodas. Réalteolaí is matamaiticeoir Gréagach ab ea Eodacsas as Cniodas (c 408-c 355 RC). Áireamh fhad na bliana grianda leagtha air. Chuir sé leis an ngeoiméadracht Eoiclídéach freisin. Mac léinn de chuid Phlatón a bhí ann. Tá a chuid saothar ar fad caillte anois, cé go bhfuil míreanna de caomhnaithe i ngluais Hipparcos ar dán de chuid Aratos faoin réalteolaíocht. Is féidir go bhfuil príomhshaothar de chuid Theodóisios Bhitinia, "Sféiric", bunaithe ar shaothar a scríobh Eodacsas. Saol. Is é "onórtha" nó "a bhfuil dea-ainm air" an chiall atá lena ainm (Sean-Ghréigis: εὔδοξος, as "eu" "dea-" agus "doxa" "tuairim, creideamh, cáil"). Tá sé inchurtha leis an ainm úd sa Laidin Benedictus. Bhaineadh athair Eodocsas, Aeschines as Cniodas, taitneamh as a bheith ag breathnú ar na réaltaí san oíche. Agus é ina ógfhear, thug Eodocsas aghaidh ar Taranto, san Iodáil chun staidéar a dhéanamh faoi Archytas agus d'fhoghlaim sé an mhatamaitic uaidh. Thug sé cuairt ar an tSicil freisin, mar a ndearna sé staidéar ar an leigheas faoi Philistion. Thart ar 387 RC, in aois a 23 bliana, thaistil sé leis an lia Theomedon, a cheap roinnt daoine a bheith ina leannán aige dar le Diogenes Laërtius, go dtí an Aithin chun staidéar a dhéanamh le lucht leanúna Socraitéas. Sa deireadh d'fhreastail sé ar léachtaí Phlatón agus fealsaimh eile ar feadh roinnt míonna. Tar éis tamaill, áfach d'éirigh idir Eodocsas agus Theomedon. D'fhág sin Eodocsas ar an mblár folamh.
607
Eofón. Gléas ceoil de chlann an tiúba, a úsáidtear go mion minic i mbannaí práis, agus uaireanta i gceol siansach.
51
Eoicéineach. Sa gheolaíocht, tugtar an Eoicéineach ar an dara ré a aithnítear sa tréimhse Threasach 55-38 milliún bliain ó shin. Bhí an aeráid níos teo ná roimhe, agus thosaigh fásra is ainmhithe nua-aoiseacha ag teacht chun cinn.
96
Eoiclídéas. Matamaiticeoir Gréagach ab ea Eoiclídéas (beo i 300 RC). Bhí sé gníomhach i gCathair Alastair le linn réimeas an Fharó Tolamaes Slánaitheoir (323-283 R.Ch.) Tá a "Stoicheia" (Gaeilge:"Uraiceachtaí") ar cheann de na saothair is mó tionchair i stair na matamaitice, agus é ina phríomhthéacsleabhar do mhúineadh na matamaitice (go háirithe geoiméadracht) ó am a fhoilsithe go dtí deireadh an 19ú haois nó tús an 20ú haois. Sna Stoicheia, d'oibrigh Eoiclídéas amach teoirimí an rud ar a dtugtar anois geoiméadracht Eoiclídéach as tacar beag aicsímí. Scríobh Euclid saothair freisin ar pheirspictíocht, ar chónghearrthacha, ar gheoiméadrach sféarúil, ar uimhirtheoiric, agus ar chríochnúlacht mhatamaiticiúil. Éitimeolaíocht. Tá an leagan Gaelaithe Eoiclídéas bunaithe ar a ainm Gréigise Εὐκλείδης (Eukleídēs), a chiallaíonn "clúiteach, glórmhar". Beathaisnéis. Maireann fíorbheagán tagairtí bunaidh d’Eoiclídéas go dtí an lá atá inniu ann, agus mar sin beag atá ar eolas againn anois faoina shaol. Is dócha gur rugadh é thart ar 325 R.Ch., cé nach fios áit agus imthosca a bhreithe agus a bháis agus ní féidir é a mheas ach i gcoibhneas le daoine eile a luaitear leis. Luann matamaiticeoirí Gréagacha eile ó Airciméidéas (c. 287 RC – c.  212 R.Ch) ar aghaidh é, cé gur annamh a luaitear é, agus de ghnáth tugtar "ὁ στοιχειώτης" ("údar na Stoicheia") air. Ba é Próclos a scríobh an cúpla tagairtí stairiúla d’Eoiclídéas c. 450 AD, ocht gcéad i ndiaidh a mhair Eoiclídéas.
630
Eoiginic. Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna (nó a dhéanann dochar dó) is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid. Stair. Francis Galton a chum an coincheap is an téarma i 1883. Bhí sé i gceist daoine nach raibh oiriúnach a chosc ó shíolrú, agus a mhalairt maidir le daoine a bhí oiriúnach. Tharraing gluaiseachtaí polaitiúla a raibh polasaithe mar seo acu sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe sa chéad chuid den 20ú céad míchlú críochnaithe uirthi. Cur in aghaidh. Ceistíodh an modh smaointeoireachta seo go héifeachtach i leabhair cosúil le "Brave New World" (Domhan Nua Dána, 1932) le Aldous Huxley, agus "Nineteen Eighty-Four" (Míle Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949) le George Orwell.
319
Eoiritmic. Córas traenála ceolmhaire a chum Émile Jacques-Dalcroze, deartha chun freagairt thapa do rithimí athraitheacha a shaothrú trí ghluaisní corpartha a oiriúnú do phíosaí ceoil.
71
Eolaíocht chognaíoch. Staidéar foirmiúil ar an aigne le teoiricí is samhlacha a thagann ó intleacht shaorga, na heolaíochtaí daonna (néareolaíocht, síceolaíocht chognaíoch, teangeolaíocht, fealsúnacht is eile), agus na réimsí idirmheánacha eatarthu. Bíonn ríomhairí lárnach chun teoiricí a chuimsiú is torthaí turgnamh a thástáil.
136
Eolaíocht na n-ábhar. Staidéar ar na hairíonna fisiciúla, ceimiceacha is innealtóireachta ábhar, de réir mar a chinneann a struchtúir mhicreascópacha na hairíonna sin, den chuid is mó. Tagann modhanna caighdeánacha tástála meicniúla ón innealtóireacht agus modhanna fisiciúla is ceimiceacha scrúdaithe ar struchtúr ábhar (le leictreonmhicreascópacht, mar shampla) san áireamh chun na naisc idir comhábhair is comhpháirteanna éagsúla in ábhair a thuiscint. Ábhar. Tháinig oiread iontach ábhar nua amach as an eolaíocht seo: mar shampla,
212
Eolaíocht/teicneolaíocht na Síne. Go dtí an 17ú céad agus tosú na réabhlóide tionsclaíche san Eoraip, is minic a bhí eolaithe is teicneolaithe sa tSín chun tosaigh go mór ar eolaithe na hEorpa, mar is léir óna gcuid éachtaí, gan dul thar 1000 AD, fiú. Sa réamhstair, is sa tSín a fuarthas an fhianaise is luaithe ar úsáid dheonach tine sa chócaireacht. I ré Shang, ón 16ú céad RC, dhéantaí teilgean cré-umha le múnlaí ilpháirte, bhí carbaid le hacastóirí is rothaí 15 spóca ann, agus thosaigh taifead na haimsire i 1216 RC. I ré Zhou, 11ú-3ú céad RC, i measc na bhforbairtí bhí iarann in úsáid (512 RC), uirlisí talmhaíochta iarainn mhúnlaithe (sa 4ú céad RC), crosbhoghaí le truicear 4 pháirt, gás mustaird séidte le boilg, carbaid le rothaí 30 spóca (nach raibh a leithéid san Eoraip go dtí an 15ú céad AD), táirgeadh salainn (7ú céad RC), tógáil dambaí (6ú céad RC), uisciú (560 RC) agus canálacha (3ú céad RC). Bhí a thuilleadh forbairtí i ré Han (3ú céad RC-3ú céad AD): páipéar (105 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1150), tiontú gluaiseachta rothlaí go dtí gluaiseacht dhronlíneach (1ú céad AD), poirceallán simplí, céachta claise (3ú céad AD), toibreacha airtéiseacha (1ú céad AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1126), úsáid comhdhlúthú gaile (3ú céad RC), caidéal slabhra le sráideog chearnógach san uisciú (1ú céad AD), an cromán (2ú céad AD), an barra rotha (300 AD), eastóscadh sáile trí dhruileáil dhomhain, bruithniú iarainn i bhfoirnéis copair (28 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1380), boilg loine fuinnmhithe le huisce (31 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1565), úsáid ghuail i mbruithniú (faoin 4ú céad), déanamh cruach (b'fhéidir sa 1ú céad, ach go cinnte sa 6ú céad), an stioróip (300 AD), úim muiníl is uchta do chapall (5ú céad), carbaid le seisear foirne, stiúir loinge (b'fhéidir sa 1ú céad RC, go cinnte sa 1ú céad AD, nach raibh san Eoraip go dtí timpeall 1200), bulcaidí uiscedhíonacha (nach raibh san Eoraip go dtí an 18ú céad), longa ilchrann (nach raibh san Eoraip go dtí an 15ú céad), seolta bordála (3ú céad, san Eoraip sa 16ú céad), taifead ar shiméadracht calóg sneachta (135 AD, an 15ú céad san Eoraip), réamhaisnéis na haimsire (2ú céad RC), an t-abacas (2ú céad AD), an seismeagraf (132 AD, an 17ú céad san Eoraip), cruthú ar theoirim Phíotágaráis (2ú céad), coincheap na huimhreach diúltaí (2ú céad RC, an 16ú céad san Eoraip), luach π áirithe (2ú céad). I ré Sui-Tang, 6ú-10ú céad, lean na héachtaí leis na samplaí seo a leanas: clóbhualadh (faoi 593, san Eoraip i 1375), an chéad leabhar clóbhuailte (868), páipéar leithris (590), tinte ealaíne (600), púdar gunna (900, san Eoraip 1327), fíorphoirceallán, céimshrian clogoibritheach (724), crosbhogha le raon 700 m, stíoróipí fada, carráistí míleata do 30 foirne (7ú céad), droichid crochta slabhraí iarainn (7ú céad, san Eoraip 1595), droichid cuarstua (7ú céad, san Eoraip 1340), longa cúigbhord, long chogaidh rotha (780, san Eoraip sa 15ú céad), cur síos ar úsáid aigéad (860, san Eoraip 1295), driogadh alcóil (8ú céad, san Eoraip sa 13ú céad), foclóir comhchiallach ceimiceach (806, san Eoraip san 18ú céad).
1,342
Eolaíochtaí bitheacha. Is éard atá i gceist leis na heolaíochtaí bitheacha ná disciplíní ar leith a saothraíodh chun staidéar a dhéanamh ar orgánaigh is córais bheo. Eolaíocht bhitheach bhunúsach is ea an tacsanomaíocht, tuairisciú, ainmniú is rangú na n-orgánach beo, a dhéanann iarracht ord a chruthú as éagsúlacht an Domhain nádúrtha. Sa bhithgheografaíocht, déantar staidéar ar dháileadh na n-orgánach ar fud an Domhain. Pléann eolaíochtaí éagsúla le conas a fheidhmíonn orgánaigh ar leith. Déantar na próisis cheimiceacha a tharlaíonn i gcórais bheo a anailísiú ina n-iomláine sa bhithcheimic, nó ar leibhéal na móilíní móra orgánacha, cosúil leis na próitéiní is na haigéid núicléasacha sa bhitheolaíocht mhóilíneach. Gnéithe feidhmiúla na gcóras beo a bhíonn idir lámha sa bhfiseolaíocht is an bhithfhisic, agus go minic fo-roinntear iad i ndisciplíní cosúil le hincríneolaíocht (staidéar ar tháirgeadh is gníomhaíochtaí na hormón) is néarfiseolaíocht (staidéar ar fheidhmiú an néarchórais). Tugtar "eiteolaíocht" ar staidéar comparáideach ar iompair ainmhithe. Cuimsíonn an ghéinitic dúchas is claochluithe géiniteacha, agus na meicníochtaí is bun leo. Idirghníomhuithe idir orgánaigh is a gcomhshaol a bhíonn á n-anailísiú san éiceolaíocht. Tá speisialtachtaí ar leith a phléann le gach príomhghrúpa orgánach: baictéareolaíocht, víreolaíocht (víris), luibheolaíocht, míoleolaíocht (ainmhithe), míceolaíocht (fungais), seadeolaíocht (seadáin), heilminteolaíocht (péisteanna seadánacha), éaneolaíocht, feithideolaíocht, iasceolaíocht, bitheolaíocht mhuirí (orgánaigh a mhaireann sa bhfarraige), seandálaíocht (iontaisí), is a lán eile.
674
Eolas imshaoil. Na gnéithe de bhitheolaíocht, éiceolaíocht, geografaíocht is iarmhairtí an duine ar an gcomhshaol a chabhraíonn le tuiscint an chomhshaoil. Is leithne an staidéar seo na an éiceolaíocht féin.
84
Athrú ar leibhéal na mara. Tugtar "eostatacht" ar athrú ar leibhéal na mara, athruithe i leibhéil na farraige ar fud an Domhain i rith an 20ú céad, de thoradh leá na n-oighearchaidhpeanna ag na Moil agus mar sin de. Réamhaisnéisí. Tháinig ardú 9.7 cm ar mheánleibhéal domhanda na mara idir 1993-2023 agus tá sé ag ardú i gcónaí ag ráta de 3.3mm in aghaidh na bliana. Agus tá an t‑ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara ag tarlú níos tapúla; bhí an ráta seo ag méadú le 0.12±0.073mm gach bliain sa bhliain 2022. Dúirt Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide (nó PIRAA, eagraíocht na Náisiún Aontaithe) sa bhliain 2019 go bhféadfadh os cionn méadar d'ardú teacht ar leibhéal na farraige faoi dheireadh an chéid má leanann an méadú as cuimse ar líon na ngásanna nimhiúla. Tá oighear ag an dá mhol ag leá ag ráta níos gasta agus níos suntasaí ná mar a ceapadh roimh 2019. D'fhéadfaimís 70% den talamh síorshioctha a chailleadh má leanann na leibhéil chéanna truaillithe ar aghaidh, de réir PIRAA. Scaoilfeadh an leá tuilleadh meatáin agus dé-oscaíde carbóin san atmaisféar, rud a chuirfeadh go mór le téamh domhanda. Tá farraigí an domhain ag éirí níos aigéadaí agus tá níos lú ocsaigine iontu ná riamh. sruthanna aigéin ag laghdú, go háirithe Sruth na Murascaille. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis, in Éirínn ach go háirithe. Iarmhairtí. Féadfaidh ardú ar leibhéal na mara difear mór a dhéanamh do phobail i réigiúin chósta agus oileánda chomh maith le timpeallachtaí nádúrtha amhail éiceachórais mhuirí.
638
Eotanáis. Deireadh 'gan phian' a chur le beatha duine is ea eotanáis, mar "ghníomh trócaire" chun deireadh a chur le pian ainsealach is fulaingt gan staonadh. Chiallódh eotanáis gur dochtúir (nó duine cáilithe eile) a dhéanfadh an gníomh nuair nach mbeadh an té atá i gceist ábalta é a dhéanamh é féin (chiallódh féinmharú cuidithe gurb é an té a dteastaíonn uaidh bás a fháil, gurb é a chuirfeadh deireadh lena shaol féin). Tarlaíonn cásanna féinmharaithe le cabhair dochtúra, mar shampla, othar le tinneas foirceanta a fhaigheann b'fhéidir dáileog mharfach drugaí ó lia. Conspóid. Is ceist chonspóideach eitice í seo sa mhíochaine agus i gcoitinne. Mar sin féin rinneadh an cleachtas dleathach i stáit áirithe de na Stáit Aontaithe sna 1990idí, agus san Ollainn is an Bheilg, sa bhliain 2002. Tá daoine agus eagraíochtaí i dtíortha eile a mholann eotanáis do dhaoine a bhfuil a ndúil sa bheatha caillte acu, mar shampla, de thoradh míchumais nó galair fhorchéimnithigh gan leigheas b'fhéidir. Ach deir daoine eile is leor feabhas a chur ar chúram maolaitheach agus de réir an cháis, támhú maolaitheach a chur i bhfeidhm"." Tá gach duine agus teaghlach difriúil, agus cuireann an fhoireann leighis cineálacha éagsúla tacaíochta ar fáil, sna tíortha nach bhfuil an eotanáis dleathach, ag brath ar riachtanais do dhaoine.
540
Eotróife. Is éard is eotróife ann ná próiseas ina méadaítear an oiread cothaitheach i gcomhair plandaí atá i loch nó lochán. Is amhlaidh a iompraíonn srutháin is aibhneacha níotráití, fosfáití is leasúcháin nádúrtha eile a thuaslagann siad amach ón ithir isteach i locha, mar a dtiubhaíonn siad. Mar thoradh air sin fásann algaí is plandaí uisce as cuimse, plódaionn siad an t-uisce, agus nuair a fhaigheann siad bás ídíonn an fásra lofa an ocsaigin thuaslagtha san uisce ionas go maraítear na héisc sa loch. Leanann plódú an uisce, agus líontar an loch de réir a chéile le fásra marbh. Tagann an loch le bheith ina phortach, agus faoi dheireadh ina ithir thirim. Tá eotrófacht mire ar siúl in áiteanna áirithe de bharr imeachtaí daonna. Cuireann leasúcháin shaorga a nítear isteach in aibhneacha, camras, fuíll áirithe tionsclaíochta, agus glantaigh go mór leis an bpróiseas. De réir dealraimh, tá an-dochar den saghas seo déanta do Loch Erie i Meiriceá Thuaidh, Muir na Gailíle, agus Loch Baikal sa tSibéir.
407
John Ericsson. Ceapadóir a rugadh i Långbansyttan na Sualainne ab ea John Ericsson (31 Iúil 1803 - 8 Márta 1889). Chuaigh sé go Sasana i 1826, agus cheap an chéad lián bíse rathúil le báid is longa a thiomáint (1836). Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1839 agus dhear an long chogaidh "Princeton", an chéad ghaltán a raibh a coire is a hinnill go hiomlán faoi líne an uisce. I 1861 thóg sé an long phlátáilte "Monitor" agus longa eile. D'athraigh a haireagáin úrnua tógáil longa cogaidh go huile is go hiomlán.
213
Maximillian Ernst. Péintéir a rugadh i mBrühl na Gearmáine ab ea Maximillian Ernst (1891-1976). I 1919 chabhraigh sé le bunú na gluaiseachta Dadaí. Níos déanaí, páirteach sa ghluaiseacht Osréalach i bPáras.
80
Leo Esaki. Fisiceoir a rugadh in Ósaca na Seapáine is ea Reona Esaki nó Leo Esaki (12 Márta 1925). Agus é ag obair i gcomhlacht Sony i 1957 cheap sé dé-óid Esaki (an dé-óid tolláin), feiste leathsheoltach a úsáideadh go forleathan i ríomhairí leictreonacha is córais mhicreathonnacha. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1973 le Ivar Giaever is Brian Josephson as an saothar ar fheiniméin tolláin.
225
E-uimhir. Códuimhir ar lipéad bia a úsáidtear i dtíortha an Aontais Eorpaigh chun na breiseáin sa bhia a chur in iúl. Tá 4 rang breiseán sa chlár seo: leasaithigh, datháin, frithocsaídeoirí, agus eiblitheoirí. Mar shampla, is dathán E102 (tartraisín), leasaitheach E210 (aigéad beansóch), agus eiblitheoir E420 (guma guair).
143
Ulf von Euler. Fiseolaí a rugadh i Stócólm na Sualainne ab ea Ulf Svante von Euler (7 Feabhra 1905 – 9 Márta 1983). Saolaíodh é do bheirt eolaithe, Hans von Euler-Chelpin, ollamh le ceimic, agus Astrid Cleve, ollamh le luibheolaíocht agus geolaíocht. Gearmánach ab ea a athair; bronnadh Duais Nobel air sa bhliain 1929. D'oibrigh Ulf in Institiúid Karolinska. Tháinig sé den chéad uair ar phrostaglaindin i 1936. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice (míochaine) i 1970 le Bernard Katz is Julius Axelrod as noraidreinilín (noireipineifrín) a aonrú is a aithint mar néaratharchuradóir sa chóras néarógach comhbhraiteach. Uachtarán ar Fhondúireacht Nobel níos déanaí.
260
Hans von Euler-Chelpin. Ceimicí Sualannach a saolaíodh sa Ghearmáin ab ea Hans Karl August Simon von Euler-Chelpin (1873-1964). Roinn sé Duais Nobel na Ceimice le Arthur Harden i 1929 as a shaothar ar choipeadh siúcra is ceimic na n-einsímí coipthe.
91
Cothromóidí Euler-Lagrange. Sraith cothromóidí a leagann síos an gaol idir spleáchas fheidhm Lagrange ar luas, am is spás. Ainmnithe as Leonhard Euler is Joseph-Louis Lagrange, agus tugtar "cothromóidí Lagrange" orthu freisin. Más eol feidhm Lagrange don chóras, is iad cothromóidí Euler-Lagrange cothromóidí gluaisne an chórais sin. Bunúsach san ardmheicnic.
130
Eurofighter. Aerárthach caighdeánach le haghaidh trodaíocht aeir is ionsaí ar an talamh, á saothrú i gcomhar ag an nGearmáin, an Iodáil, an Spáinn is an Ríocht Aontaithe, le soláthar d'aerfhórsaí na hEorpa.
88
Arthur John Evans. Seandálaí a rugadh i Nash Mills Shasana ab ea Arthur John Evans (1851-1941). I 1899-1935 thochail sé seanchathair Chnósas ar oileán na Créite agus tháinig ar iarmhair na sibhialtachta ann, ar thug sé an tsibhialtacht Mhionóch uirthi, i 1904.
101
Oliver Evans. Ceapadóir a rugadh i Newport, Delaware ab ea Oliver Evans (13 Meán Fómhair 1755 - 15 Aibreán 1819). Rinne sé feabhsuithe ar mhuilte plúr, thug isteach an chéad líne leanúnach uathoibríoch táirgthe (1784), agus cheap an chéad inneall ardbhrú gaile (1790). Thóg sé meaisín gaile dreidireachta (1804), agus an chéad charráiste gaile tire, meastar.
139
Walker Evans. Grianghrafadóir a rugadh i St. Louis, Missouri ab ea Walker Evans (3 Samhain 1903 – 10 Aibreán 1975). Cáil air as a chomhshaothar leis an scríbhneoir James Agee, "Let Us Now Praise Famous Men" (Molaimis Anois Fir Cháiliúla, 1941), cur síos pictiúrtha ar bheatha is cruachás na bhfeirmeoirí tionóntacha bochta i bhfíordheisceart na Stát Aontaithe. Sa bhliain 1933, chaith sé tamall i gCúba a tógáil grianfhrafanna de na daoine bochta ansin freisin.
180
Excel. Pacáiste ríomhaire chun oibríochtaí a dhéanamh ar scarbhileog, a tháirg comhlacht Microsoft le feidhmiú ar ríomhairí pearsanta.
56
Explorer 1. An chéad satailít spáis de chuid na Stát Aontaithe, a lainseáladh i 1958 mar chomhoibriú idir gníomhaireacht na ndiúracán bailistíoch san arm is saotharlann scairdtiomána Institiúid Teicneolaíochta California (a tugadh le chéile níos déanaí i NASA). Spásárthach simplí 14 kg ab ea í, a lainseáladh le roicéad Redstone (Jupiter-C) ó Cape Canaveral i bhFlorida. Ar bord bhí ionstraimí bunúsacha chun radaíocht a bhrath is a chomhaireamh, a tógadh in Ollscoil Iowa. D'fhionn sé na criosanna de cháithníní ardfhuinnimh luchtaithe atá sáinnithe i réimse maighnéadach an Domhain, ar tugadh criosanna Van Allen orthu as James Van Allen ó Ollscoil Iowa a bhí i bhfeighil na dtomhas seo. Go luath ina dhiaidh sin tugadh an t-ainm ginearálta Explorer ar shraith aistear satailítí i bhfithisí domhanda chun turgnaimh shimplí fisice is réaltéolaíochta a dhéanamh.
331
Jan van Eyck. Péintéir Pléimeannach a rugadh i Maastricht na hOllainne, meastar ab ea Jan van Eyck (c 1389-1441). An chéad ardphéintéir san ealaín nua réalaíoch san Ollainn sa 15ú céad. Sampla maith dá shárshaothar is ea "Portret van Giovanni Arnolfini en zijn vrouw" (Portráid Giovanni Arnolfini ar a phósadh, 1434).
125
Hans Jurgen Eysenck. Síceolaí a rugadh i mBeirlín ab ea Hans Jurgen Eysenck (1916-1997). Rinne sé cuid mhaith taighde shíciméadraigh ar phearsantacht dhaonna is intleacht. Tuairimí conspóideacha aige ar dhifríochtaí intleachta idir ciní.
97
Hibrid F1. Hibrid den chéad ghlúin de dhá phlanda shaothraithe, a mbíonn an toradh nó airíonna eile inmhianaithe nochtaithe ar leibhéal níos airde ná i gceachtar den dá thuismitheoir (riocht a dtugtar "heitreóis" air). Ní phóraíonn hibridí mar seo go dílis, agus mar sin ní mór don síolraitheoir iad a tháirgeadh i ngach glúin. Saothraíodh iad ar dtús in arbhar Indiach, ach le fáil in an-chuid gnéithe anois.
163
Peter Carl Fabergé. Gabha óir is seodóir a rugadh i gCathair Pheadair ab ea Peter Carl Fabergé (Karl Gustavovich, 1846-1920). Thosaigh sé ag déanamh gnáthsheodra, ach de réir a chéile dhear is chruthaigh sé baill níos saothraithe fantaisí, go háirithe na huibheacha impiriúla Cásca a d'ordaigh an Sár Alexander III dá bhansár i 1884.
127
Fabhcún tuaithe. Is é an fabhcún tuaithe ("Falco rusticolus") an fabhcún is mó dá bhfuil ann, 50-60 cm ar fhad. Dúchasach don réigiún Artach, áitríonn sé sléibhte is tundra. An clúmh bán, liath nó dorcha. Seilgeann sé gar don talamh, agus itheann éin a mhaireann ar an talamh den chuid is mó.
115
Fabhránach. Is orgánach aoncheallach micreascópach le ribí gearra (fabhráin) ar an dromchla é fabhránach. Dhá shaghas núicléis aige, micreanúicléas is mion-núicléas, agus de ghnáth réigiún speisialta béil. Faightear go saor i ngach saghas gnáthóg domhanda is uisciúil é, agus mar sheadán.
121
Fabht (ríomhaireacht). Sa ríomhaireacht, earráid i gclár bogearraí nó na crua-earraí. Tugtar "dífhabhtú" ar an bpróiseas chun earráidí a bhrath is a cheartú.
74
Fabraicí brata. Fabraicí ina gcuingrítear fabraic thraidisiúnta teicstíle le brat plaistigh nó ábhair eile a ghreamaíonn go docht léi. Úsáidtear a leithéid go minic i gcomhair éadaí cosanta, cosúil le héadaí báistí.
89
Fabraicí neamhfhite. Tógtar fabraicí neamhfhite as liarlóga snáithíní, le treoshuíomh snáithíní nó gan é, trí fhuáil, gliúáil, nó ar chaoi éigin eile leis na snáithíní a ghreamú le chéile. Úsáidtear a leithéid in earraí saora so-chaite, cosúil le cuirtíní, teicstílí míochaine, agus ceirteanna sciúrtha.
135