text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
An Scrín, Contae na Mí (barúntacht). Is barúntacht suite i gContae na Mí é an Scrín.
34
An Uaimh Íochtarach. Is barúntacht suite i gContae na Mí í an Uaimh Íochtarach.
35
An Uaimh Uachtarach. Is barúntacht suite i gContae na Mí í an Uaimh Uachtarach.
33
Allentown, Pennsylvania. Is cathair de chuid stát Pennsylvania, Stáit Aontaithe Mheiriceá, í Allentown. De réir an daonáirimh sa bhliain 2012, tá 118,974 duine ina gcónaí sa chathair. Tá Allentown suite i gContae Lehigh. Tá Ed Pawlowski ina mhéara. Bunaíodh an chathair sa bhliain 1762.
110
Baile an Dorhamaigh. Is baile fearainn suite i gContae na Mí é Baile an Dorhamaigh.
32
Cnoc an Dúin. Is baile fearainn é Cnoc an Dúin i gContae na Mí atá suite ar an gCanáil Ríoga. Bhí stáisiún traenach ann freisin, ar an líne idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh/Sligeach. Tá Oifig an Phoist agus siopa ag Cnoc an Dúin. Tá teach tábhairne ag an siopa freisin.  Tá gach ceann de na háiseanna seo suite in aice leis an droichead thar an gcanáil (Baile Átha Troim go Bóthar Cionn Átha Gad). Tá Naomh Columba, Naomh Bríd Chill Dara agus Naomh Pádraig ceaptha a bheith curtha san cnoc de réir finscéal. Is dócha go bhfuil mearbhall le Cnoc an Dúin in aice Dhún Pádraig i gCúige Uladh. Iompar. Shroich an Iarnróid Lár Tíre Mór an limistéar iartharach ag deireadh 1847. D'fhan an stáisiún traenach in úsáid go dtí 1963.["citation needed"] Tá cuid de na harden ann fós. Ba é Peter Logan an máistir stáisiúin caite. D’oscail stáisiún traenach Cnoc an Dúin an 6 Nollaig 1847 agus dúnta ar deireadh é ar 10 Samhain, 1947.
379
Gort Lóna. Is baile fearainn suite i gContae na Mí é Gort Lóna.
28
Loch Gabhar. Is ceantar suite i gContae na Mí é Loch Gabhar. Cuimsíonn sé dhá bhaile fearainn, Loch Gabhar Mór agus Loch Gabhar Beag.
49
Cluain Ailbhe. Is paróiste suite i gContae na Mí í Cluain Ailbhe.
30
Caisleán an Chillín. Is caisleán suite i gContae na Mí é Caisleán an Chillín.
30
Caisleán Scrín Cholm Cille. Is caisleán suite i gContae na Mí é Caisleán Scrín Cholm Cille.
38
Caisleán Dhún Samhnaí. Is caisleán suite i gContae na Mí é Caisleán Dhún Samhnaí, baile do na Pluincéidigh agus Barúin Dhún Samhnaí.
58
An Níth. Is abhainn suite i gContae na Mí é an Níth.
25
Sliabh na Caillí. Cnoc i gContae na Mí is ea Sliabh na Caillí (279 m).
31
Tailtin. Is ceantar suite i gContae na Mí é Tailtin.
19
Ard Breacáin. Is paróiste suite i gContae na Mí é Ard Breacáin.
27
Mainistir Chluain Ioraird. Ba mhainistir suite i gContae na Mí í Mainistir Chluain Ioraird.
37
Comhairle Contae na Mí. Is comhairle i gContae na Mí í Comhairle Contae na Mí.
31
Dumha na nGiall. Is suíomh seandálaíochta i gContae na Mí é Dumha na nGiall. Cuireadh tosach leis an tochailt seandálaíochta ag Duma na nGialli 1955 agus an tOllamh Seán P. Ó Ríordáin i bhfeighil na hoibre.
94
Ealaín na Biosáinte. Ealaín a bhláthaigh idir 330 RC, nuair a rinneadh príomhchathair impireacht na Róimhe de Chathair Chonstainín (Iostanbúl na haoise seo), agus 1453, nuair a ghabh na Turcaigh an chathair. Coimeádach stílithe, bhí sí dírithe ar théamaí diaga thar aon rud eile. San ailtireacht ba é olleaglais Shóifia ón 6ú céad an sárshaothar, le leagan amach aiseach na baislice Rómhánaí is cruinneachán ollmhór uirthi. Níos déanaí toghadh leagan amach na croise Gréagaí do na heaglaisí, le 4 ghéag chomhionann agus cruinneachán beag ar dhruma ard. Maisíodh na heaglaisí le hinleagadh marmair, daite go sómasach, fuinneoga le gloine dhaite, agus mósáicí is múrmhaisithe ar théamaí ón mBíobla is an tApacrafa.
297
Ealaín na Fraince. Thug an ealaín ársa sa bhFrainc tionchair Ghréagacha is Rómhánacha ón 6ú céad RC léi, agus bhí rath uirthi sa tréimhse Ghailleach-Rómhánach suas go dtí an 3ú céad RC. Sa Mheánaois bhí cáil ar ailtireacht, dealbhóireacht is gloine dhaite na n-eaglaisí is na n-ardeaglaisí cosúil leo siúd i Moissac, Saint-Denis, Chartres, agus Notre-Dame i bPáras. Tháinig coincheapa ó Athbheochan na hIodáile i bhfeidhm in ailtireacht na gcaisleán sa 16ú céad in abhantrach an Loire, na páláis ríoga i bhFontainebleau, agus an Louvre. Bhain stíl chlasaiceach na Fraince a buaic amach faoin Rí Louis XIV le péintéireacht Claude Lorrain is Poussin, agus ailtireacht Lemercier (1585-1654), Mansard is le Vau (1612-1670). San 18ú céad tháinig nuachlasaiceas David in ionad stíl Rocócó Boucher is Watteau. Sa 19ú céad tháinig na healaíontóirí cáiliúla Ingres, Courbet is Manet chun cinn. Ó lár an 19ú céad go tús an dara cogadh domhanda, glacadh le Páras mar lárionad ealaíon na hEorpa, maidir le péintéireacht ach go háirithe.
415
Ealaín na Gearmáine. Ealaín lár is oirthear na hEorpa, ar thosaigh a traidisiún faoi na himpirí Otto sa 10ú-11ú céad. Tógadh baisleaca Rómhánúla i Mainz, Worms is Speyer. Tháinig lárionad dealbhóireachta cré-umha chun cinn i Hildesheim, agus bhain maisiúchán lámhscríbhinní barr maitheasa i Reichenau. Tugadh an stíl Ghotach isteach ón bhFrainc sa 13ú céad. Sa 15ú céad d'fhorbair an phéintéireacht faoi thionchar na bPléimeannach. D'éirigh leis an ngreanadóireacht adhmaid is an greanadh líneach go háirithe, agus ba é Dürer an sármháistir Gearmánach. Chuir an Reifirméisean isteach ar an ealaín i dtuaisceart na Gearmáine, ach i ndeisceart na tíre bhláthaigh maisiúchán is ailtireacht Bharócach go déanach sa 17ú céad. Bhí an ghluaiseacht Nuachlasaiceach is an ghluaiseacht Rómánsach bríomhar go déanach san 18ú céad is luath sa 19ú céad, agus é sin léirithe i radhairc cháiliúla tíre Casper Davis Friedrich (1774-1840). I measc cuid na Gearmáine d'ealaín an 20ú céad, bhí an tEispriseanachas agus an Bauhaus.
407
Ealaín na Gréige. Ealaín na Gréige clasaicí, a roinntear i 4 thréimhse: an tréimhse Gheoiméadrach (11ú-8ú céad RC) a aithnítear ón bpotaireacht phéinteáilte; an tréimhse Ársa (déanach san 8ú céad-480 RC) nuair a chuaigh iarmhairtí oirthearacha i bhfeidhm is a tháinig an fhoirm dhaonna amach mar théama lárnach; an tréimhse Chlasaiceach (480-323 RC) nuair a bhain an tsibhialtacht ársa a buaicphointe amach maidir le hailtireacht, dealbhóireacht is péintéireacht álainn agus mothú comhréire idéalach, ag leagan amach ardchaighdeán don ealaín fhíortha nár sáraíodh fós; agus an tréimhse Heilléiníoch (323-27 RC) inar táirgeadh sárshaothair a bhí oilte ó thaobh teicníochta is dráma, déanta i raon stíleanna ón réalachas go dtí an Barócachas. Lean na Rómhánaigh leis an traidisiún seo agus d'fhadaigh an tréimhse seo.
345
Ealaín na hAstráile. Thosaigh ealaín na nEorpach san Astráil san 18ú céad le tithe coilíneacha aonurláir le vearandaí, cosúil le stíl Sheoirseach is Leasríochta Shasana. Sna 1830idí baineadh feidhm as stíl Ghotach d'eaglaisí Anglacánacha (Ardeaglais Aindriú i Sydney, 1837, mar shampla), agus stíl Ghréagach d'fhoirgnimh phoiblí. Tharraing na healaíontóirí grafacha ar ainmhithe is fásra na hAstráile ón 18ú céad ar aghaidh, agus rinne péintéirí tír-radharc cosúil le John Glover (1767-1849) is Conrad Martens (1801-1878) iarracht ar ghairbhe na tíre a léiriú. Bhí tionchar beag ag stíleanna is faisin na hEorpa ar Frederick McCubbin (1855-1917) is Tom Roberts (1856-1931), ach shaothraigh siad dearcadh Astrálach ar an nádúr. Ba bheag tionchar na healaíne teibí nó osréalaíche ar an nglúin ina dhiaidh sin ach an oiread, agus chloígh William Dobell (1899-1970), Russell Drysdale (1912-1991) is Sydney Nolan (1917-1992) le healaín oirirc Astrálach.
386
Ealaín na hAthbheochana. Gluaiseacht a thosaigh i bhFirenze na hIodáile go luath sa 15ú céad nuair a chuardaigh na healaíontóirí Masaccio, Donatello is Brunelleschi tinfeadh ó ealaín is ailtireacht na Róimhe ársa clasaicí. Ag an am céanna le daonnacht nua sa litríocht chomhaimseartha, tháinig tuiscint nua maidir le stíl chun cinn. Bhí na péintéirí Piero della Francesca, Mantegna is eile ag féachaint go dian le coibhnis chlasaiceacha a léiriú ina bhfigiúirí, agus chabhraigh córas nua na peirspictíochta leo doimhneacht a chur sna pictiúir. I ndiaidh Donatello, ba iad Ghiberti, Verrocchio is Michelangelo na dealbhóirí ab fhearr. Rinne Leonardo da Vinci is Raphael portráidí agus saothair reiligiúnda is stairiúla. Tugtar "an Ard-Athbheochan" ar an tréimhse timpeall 1500-1520. Sa 16ú céad leathnaigh stíl na hAthbheochana don chuid eile den Iodáil, an Veinéis go háirithe, agus an chuid is mó d'iarthar na hEorpa.
361
Ealaín na hÉigipte. Ealaín a bhí faoi bhláth faoi réím na bhFarónna, ó 3000 RC go dtí gabháil na hÉigipte ag Alastar Mór i 332 RC. An méid a mhair don lá inniu, tá sí dubhach den chuid is mó, le sochaí is reiligiún coimeádach, agus d'fhan an stíl statach. Mhaisítí na tuamaí le múrmhaisithe is rilífí, agus bhíodh dealbha portráide na marbh chomh maith le huirlisí teaghlaigh — ina measc obair ardchaighdeáin as miotal, eabhar, cré bhruite, is eile — le húsáid sa saol eile. Phéinteáltaí na fíoracha daonna leis an gceann in imlíne, súil mhór amháin ag féachaint amach, na guaillí chun tosaigh is na cosa i dtaobhradharc. Cuimsíonn sí dealbha cosúil leis an sfioncs, radhairc thosaigh is radhairc imlíneacha, ag éirí as cruth na bunchloiche b'fhéidir. Bhíodh cáis na seargán sármhaisithe go minic.
329
Ealaín na hIndia. Tá an dealbhóireacht i bhfo-ilchríoch na hIndia ón réamhstair tábhachtach, ach tosaíonn an taifead stairiúil ar an ealaín sa 3ú céad RC le linn réimeas Ashoka (264-23 RC). Maisíodh stúpaí (tulacha créafóige) Búdacha le dealbhóireacht rilífe ón 1ú céad. Sa 2ú-6ú céad rinneadh dealbhóireacht fhíortha ag Ganhara, ag taispeáint tionchair Ghréagaigh a tháinig tríd an Éigipt is an tSiria. Sa tréimhse chéanna rinneadh múrmhaisithe sármhaisithe Búdacha in Ajanta. Glactar le tréimhse Gupta (4ú-5ú céad) mar an tréimhse chlasaiceach i sibhialtacht na hIndia, sa litríocht ach go háirithe, ach níl mórán riain den ealaín radharcach ansin fágtha. Shroich an tionchar Ioslamach sna healaíona an India faoi na himpirí Mógalacha sa 17ú céad.
311
Ealaín na hIodáile. Traidisiún lárnach na healaíne Eorpaí, an fhoinse is cumasaí tionchar stíleach ar na traidisiúin go léir san Eoraip ón Meánaois dhéanach go dtí an 18ú céad. San Iodáil mheánaoiseach baineadh feidhm as tréithe clasaiceacha le haghaidh téamaí Críostaí. Bhí dealbhóireacht ársa figiúr chun tosaigh maidir le stíl is caighdeáin ar feadh 1,500 bliain. Bhí sraith ardealaíontóirí gan bhriseadh ann, ag tosú le Giotto go luath sa 14ú céad suas go dtí Canova a fuair bás i 1822. I rith na tréimhse sin ní raibh an Iodáil aontaithe, agus d'fhás ealaíona éagsúla i bhFirenze, an Róimh, Bologna, is an Veinéis. Macchiaioli agus Verismo. Ba é ceann de na chéad ghluaiseachtaí chun an ealaín acadúil a shárú, agus í ag éirí avant-garde ná an Macchiaioli, le húsáid réabhlóideach ar dhath ("stain"), a bhí ag súil le húrscéalta na Impriseanaithe ag cúpla scór bliain. Ba iad na taispeántóirí tábhachtacha Giovanni Fattori, Silvestro Lega, Telemaco Signorini, Giuseppe Abbati. Thug Verismo téamaí coitianta agus laethúla chun na healaíne. I measc na n-údar eile Lorenzo Viani, Giuseppe Pellizza da Volpedo. Ach ba é an Milanese Scapigliati ansin, agus go háirithe príomhcharachtar na hIodáile ar nádúracht Francesco Filippini, comh-thaighdeoir i gcoinne Claude Monet, a bhunaigh Impriseanachas na hIodáile nach maireann.
526
Ealaín na hOllainne. Bhain ealaín Phoblacht na hOllainne (Protastúnach den chuid is mó) buaic an-ard amach sa 17ú céad. Sa phéintéireacht go háirithe, i ndiaidh van Eyck is Bosch sa ré roimhe sin, tháinig Hals, Rembrandt, Steen, Ruysdael is Vermeer chun cinn le léargais ón Athbheochan san Iodáil. Faoi dheireadh an chéid ba é Haarlem, mar ar shaothraigh Hals, lárionad na péintéireachta. Ag an am sin bhí Terbrugghen is Honthorst ag saothrú stíl Iodálach Caravaggio in Utrecht, agus ba é lár an mhargaidh Eorpaigh san ealaín Amstardam, mar ar shaothraigh Rembrandt ó 1632. Ní raibh aon éileamh ar théamaí reiligiúnda, agus dhírigh na healaíontóirí Ollannacha ar phortráidí, radhairc tíre is ábhair neamhbheo.
291
Ealaín na Meánaoise. Ealaín na hEorpa sa Mheánaois, sa mhíle bliain idir titim na Róimhe agus tosú an náisiúin nua-aoisigh le linn na hAthbheochana. Ag nochtadh ceannasaíocht spioradálta is intleachtúil na hEaglaise Caitlicí, cuimsíonn an ealaín seo eibhir is mósáicí Biosántacha, leabhair urnaithe is lámhscríbhinní maisithe eile, ardeaglaisí na hArd-Mheánaoise lena ndealbhóireacht fhlaithiúil is a bhfuinneoga daite. I dtíortha Protastúnacha cosúil leis an mBreatain, scriosadh cuid mhór den oidhreacht sin sa Reifirméisean.
214
Ealaín na Peirse. Ealaín ón Iaráin ársa, a thosaigh sa chianseanaois is ea Ealaín na Peirse. T á potaireacht ó 4000-3000 RC atá maisithe le dearaí teibí is stílithe ainmhithe, chomh maith le dearaí cosúla i gcré-umha is ór. Thug gabháil Alastair Mhóir (333 RC) tionchair Ghréagacha isteach, agus sa tréimhse Shasánach (224-642 AD) athbheodh na foirmeacha traidisiúnta arís. Leis an ngabháil Arabach sa 7ú céad, tháinig foirmeacha is coincheapa Ioslamacha chun cinn le moscanna breátha, callagrafaíocht is lámhscríbhinní maisithe.
222
Ealaín na Róimhe. Is éard atá i gceist le healaín na Róimhe ná an dual is tábhachtaí i dtraidisiún ealaíne an Domhain ársa thiar, agus stair na n-ealaíon san iarthar ó shin. Tharla athbheochan uirthi arís is arís eile ón luath-Mheánaois suas go dtí an 18ú céad. Bunaithe go daingean ar an oidhreacht ealaíonta Ghréagach, sa phéintéireacht is an dealbhóireacht go háirithe. Ní mhaireann cuid mhaith dealbh clasaiceach Gréagach ach mar chóipeanna Rómhánacha. Ach bhí na dealbhóirí Rómhánacha iontach bunúil sa phortráidíocht lena gcuid bustaí is rilífí (mar shampla, ar chólún Tráiain is na háirsí caithréime), agus bhain caighdeáin amach nach ndearnadh arís go dtí an 18ú céad, b'fhéidir. Ní mhaireann mórán péintéireachta, ach bhíodh eachtraí ó Hóiméar agus radhairc tíre ó Óivid ar mhúrmhaisithe i dtithe Rómhánacha.
334
Ealaín na Rúise. D'fhás an ealaín seo ar feadh i bhfad faoi anáil Bhiosántach go dtí an 18ú céad. Sampla is ea Ardeaglais Shóifia i gCív ón 11ú céad. Ón 18ú céad tháinig tionchair ón iarthar chun cinn, agus bhí ealaíontóirí Rúiseacha páirteach go suntasach i ngluaiseacht na teibíochta.
127
Ealaín na Seapáine. Gaolmhar on tús le stíl is modhanna oibre na Síne, ach tugtha do phatrúin dhromchlacha, rímháistreacht theicniúil, agus dathanna láidre. Rinneadh éachtaí i gclónna daite, a mbaineann na hainmneacha Utamaro, Hokusai is Hiroshige leo, scrollaí péinteáilte, potaireacht, laicear is miotalóireacht mhaisithe. Shroich Búdachas an tSeapáin sa 6ú céad, agus tháinig ceardaithe Cóiréacha leis a d'fhorbair scoil thábhachtach dealbhóireachta reiligiúnda faoina dtionchar. Ar an dul céanna bhí tionchar láidir ar an bpéintéireacht ag an mBúdachas Zen a tháinig ón tSín ina dhiaidh sin.
245
Ealaín na Síne. Ealaín na Síne ársa, ó 4000 RC ar aghaidh, a raibh tionchar trom aici ar an ealaín i ngach tír sa chianoirthear, agus a shroich an Eoraip sa 17ú céad. Ba shainiúil a nuálaíocht fhiúntach theicneolaíoch (síoda, poirceallán, páipéar is clóbhualadh) agus a míneadas iontach stíle. Fuarthas soithigh cré-umha mhaisithe ó 1000 RC. Bunaíodh an dá thraidisiún ghaolta péintéireachta is peannaireachta le linn réim rítheaghlach Han (206 RC-222 AD). Táirgeadh poirceallán ardchaighdeáin faoin rítheaghlach Tang (618-906) agus ina dhiaidh. Tháinig péintéireacht radhairc tíre chun tosaigh faoi rítheaghlach Song (960-1279) agus ina dhiaidh. Táirgeadh poirceallán, laicear, agus cruanadóireacht rannta (cloisonné) ardmhíneadais le linn rítheaghlach Ming (1368-1644). Níor staon na forbairtí le linn an rítheaghlaigh dheireanaigh, Qing (1644-1912), mar rinneadh péintéireacht impriseanaíoch is poirceallán iontach a raibh éileamh orthu ar fud an Domhain.
400
Ealaín na Spáinne. Ealaín na hIbéire, faoi bhláth ón aimsir réamhstairiúil. Le linn gabháltas na Róimhe (218 RC-414 AD) tharla cuid mhaith tógála, ach níl mórán de fágtha anois. Tar éis ionradh na Múrach i 711 tháinig Córdoba le bheith ina lárionad do chultúr ealaíonta niamhrach a d'fhág lorg láidir ar an ealaín Chríostaí ina dhiaidh sin. Thosaigh traidisiún náisiúnta sa 9ú céad leis an stíl Mhosarabach (ealaín na gCríostaithe Spáinneacha faoi réim na Moslamach). Ón 11ú céad tógadh ardeaglaisí Rómhánúla a bhí maisithe go sómasach (Santiago de Compostela, mar shampla). Thosaigh an ré iontach sa phéintéireacht is sa dealbhóireacht go déanach sa 16ú céad le réalachas cumasach tochtach faoi thionchar idéil an Fhrith-Reifirméisin. I measc na bpéintéirí bhí El Greco, Velásquez is Zurbarán, agus ba dhealbhóirí suntasacha Juan Martínez Montañés (1568-1649) is Alonso Cano (1601-1667). Ard-dathadóirí a tháinig níos déanaí ab ea Goya is Picasso.
389
Ealaín na Tibéide. Ealaín atá bunaithe ar spioradáltachas is misteachas Búdach na lámaí. Péintéireacht ballaí, brataigh, dealbhóireacht cloiche, adhmaid, miotail is eabhair, tuamaí is stúpaí, agus iad go léir táirgthe ag ceardaithe gan ainm de réir rialacha atá ann le míle bliain.
113
Ealaín nua-aoiseach. Úsáidtear an téarma seo ar na gluaiseachtaí forásacha san ealaín sa 19ú-20ú céad. Níltear ar aon intinn an é Goya nó Manet an chéad phéintéir nua-aoiseach, ach is cinnte gur chuir ealaíontóirí cosúil le Cézanne, Gauguin, van Gogh, Ensor is Munch i gcoinne an healaíne traidisiúnta ar bhealaí éagsúla faoi dheireadh an 19ú céad. Mar shampla, cheistigh siad péintéireacht nádúraíoch an fhigiúir, agus an pheirspictíocht mar a tuigeadh le linn na hAthbheochana í. Faoina dtionchar siúd tháinig glúin nua péintéirí chun cinn timpeall 1904-1905 i bPáras (Rouault, Matisse is Picasso) agus Dresden (Kirchner, Heckel is Schmitt-Rotluff). Shaothraigh Picasso is Braque an Ciúbachas (1906-1908), gluaiseacht a d'fhág lorg an-tábhachtach ar fud an Domhain. Dhruid grúpa an Blaue Reiter i München amach a thuilleadh fós ón aithris, agus tháinig ealaín iomlán teibí chun cinn i saothar Kandinsky is Klee. Mar shampla, i Moscó i 1917 shaothraigh Malevich ealaín theibí ar thug sé Uachtarachas uirthi. Faoi 1916 bhí gluaiseacht nihileach eile ag teacht chun cinn i Zürich, an Dadachas. Rinne an ghluaiseacht seo ionsaí ar luachanna uile na healaíne, ach chuir go suntasach go luath le smaointe na nOsréalaithe, a lainseáil a bhforógra ar na healaíona i 1924.
518
Ealaín Phailéiliteach. Ealaín na seanchlochaoise a cruthaíodh timpeall 30,000 bliain ó shin. Caomhnaithe i bpluaiseanna aolchloiche sa bhFrainc is sa Spáinn tá múrmhaisithe mórthaibhseacha ag léiriú radhairc seilge ina bhfuil líníochtaí réalaíocha capall, tarbh is a lán ainmhithe eile atá imithe in éag nó nach bhfuil le fáil san Eoraip anois. Tá dealbhóireacht i gceist freisin: is é Véineas Willendorf an sampla is cáiliúla, píosa 11.5 cm ar airde de bhean thorrach. Thángthas ar na saothair seo i seomraí a bhí beagnach doshroichte, go domhain faoin talamh. Mar sin, meastar gur le haghaidh searmanas reiligiúnda nó draíochtúla iad seo.
261
Ealaín Phléimeannach. Ealaín ón gcuid Chaitliceach ó dheas den Ollainn, go ginearálta an Bheilg is Lucsamburg anois. An-cháil ar phéintéirí an réigiúin sa 14ú céad as maisiú lámhscríbhinní, agus sa 15ú céad as pictiúir altóra is portráidí ar phainéil, saothar Campin, van Eyck, van der Weyden, Bouts is Memlinc go háirithe. Lean an caighdeán ard sa 16ú céad nuair a tháinig Bosch is Brueghel, duine de na healaíontóirí is fearr riamh i gcomhair radhairc tíre, chun cinn, agus sa 17ú céad leis na máistrí barócacha Rubens, van Dyck is Jordaens. Cailleadh is milleadh cuid mhaith den saothar seo sna cogaí is an t-íolbhriseadh thar na céadta, ach dá laghad a mhaireann, is éacht ealaíne é. Ní hionann is ealaín Ollannach, bhí an ealaín Phléimeannach eaglasta cúirtiúil i gcónaí, ach neamhspleách ar an Iodáil den chuid is mó. Sa 20ú céad rinne Magritte is Delavaux saothar suntasach san Osréalachas.
365
Ealaín réamh-Cholómach. Ealaín na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh, Láir is Theas roimh ghabhálacha na nEorpach sa 16ú céad. Bhí na cultúir is forbartha i bPeiriú, Meiriceá Láir is Meicsiceo. I bPeiriú sa 15ú céad thóg na hIncigh le bloic ollmhóra cloiche a oibríodh go raibh siad mín is oiriúnaithe dá chéile. I Meiriceá Láir tógadh pirimidí barrscoite mar bhoinn lena dteampaill. I Meiriceá Láir is Meicsiceo, thóg na Máigigh foirgnimh mhaorga agus rinne dealbhóireacht chruthaitheach i gcloch, potaireacht is séad. Rinne na hAstacaigh mar an gcéanna i Meicsiceo. Tháirg siad uile teicstílí is earraí miotalóireachta freisin.
264
Ealaín ríomhaire. Stíl ealaíne a thosaigh i ndiaidh an dara cogadh domhanda le húsáid ríomhairí analógacha chun líníocht theibí a chruthú, mar a rinne an t-ealaíontóir Sasanach Desmond Paul Henry (1921-2004) don taispeántas "Cybernetic Serendipity" (Seirindipíocht Chibirniteach) i 1968. Ó na 1960idí tá ríomhairí digiteacha nua-aoiseacha in úsáid ag ealaíontóirí, cosúil le Charles Csuri is Robert Mallory, chun líníocht, péintéireacht, is fiú dealbhóireacht a tháirgeadh. Dearann an t-ealaíontóir le CAD ar leith, agus déanann an ríomhaire an toradh a phriontáil nó an déanamh a threorú le CAM ar leith.
248
Ealaíona maisiúla. Dearadh is maisiú réad, de ghnáth le feidhmeanna praiticiúla, agus taobh amuigh de na mínealaíona (péintéireacht, dealbhóireacht, ailtireacht). is ea na healaíona maisiúla (Béarla: decorative arts). Uaireanta tugtar "ealaíona feidhmeacha" orthu. Tagann miotalóireacht, criadóireacht, gloine, teicstílí, adhmadóireacht, is fógraíocht san áireamh, mar is minic a mhaisítear iad chuig leibhéal níos airde ná is gá dá bhfeidhmeanna. Le fírinne, tá teorainn dhoiléir idir ealaín mhaisithe is mínealaín.
213
Eallach. Mamaigh cheansaithe, saothraithe ón áracs fiáin ("Bos primigenius") is ea eallach ("Bos taurus"). Scaipthe faoi seo ar fud an Domhain le han-chuid pór. Fástar le haghaidh bainne is/nó feola iad, agus chun ualaigh a tharraingt. Tugtar damhra orthu freisin. Mhéadaigh an líon eallaigh sa Domhan faoi dhó i 1960-1980. Tugtar bó ar na hainmhithe baineannacha, agus faightear bainne ó bha ar fud an domhain. Tá tuairim is 1.3 billiún bó ar domhan (281,700,000 san India amháin).
197
Eambólacht. Is éard is eambólacht ann ná bac i bhfuileadán de bharr carnadh is greamú ábhair neamhthuaslagtha (cosúil le téachtán fola) a iompraítear don láthair san imshruthú fola. Aithnítear de ghnáth é de réir an tsoithigh ina bhfuil sé (ceirbreach, corónach, scamhógach), nó de réir an ábhair neamhthuaslagtha (aer, saill). De ghnáth is é a bhíonn in eambólacht ná téachtán fola a briseadh ón ionad téachtaithe, go minic i bhféitheacha na coise. Is féidir go dtarlóidh eambólacht saille mar aimhréidh máinliachta ortaipéidí, mar thoradh ar ghortú, nó le linn insilte infhéithigh gan dóthain ullmhúcháin.
245
Eambólacht scamhógach. Gabháil eambólais (réad mínormálta ag imshruthú sa bhfuil) isteach in artairí na scamhóg. An t-eambólas is coitianta is ea téachtán (trombas) ag éirí as réigiún trombóise sa chos. Is féidir go lonnóidh sé sa phríomhartaire scamhógach chun bac iomlán a chur ar shreabhadh na fola do na scamhóga, rud a bheidh ina thrúig thobann báis. Cuireann téachtáin níos lú bac le sreabhadh fola i dteascáin is lú fíocháin sna scamhóga, agus tarlaíonn siomptóim cosúil le giorra anála, pian sa chliabhrach, is smuga fola.
220
Scoilteadh (bitheolaíocht). Modh atáirgthe neamhghnéasaigh ina scoilteann an t-orgánach ina dhá chuid (déscoilteadh) nó níos mó (ilscoilteadh) ionas go bhforbraíonn gach cuid ina horgánach neamhspleách iomlán ann féin. Coitianta i measc miocrorgánach aoncheallach.
107
Eamhnú núicléach. Imoibriú núicléach ina scoiltear an núicléas, mar shampla núicléas d'úráiniam-235, ina dhá bhlúire mhóra agus a scaoiltear amach cuid mhaith fuinnimh. De ghnáth is ionann na blúirí seo is núicléis de dhúile i lár chlár peiriadach na ndúl. Astaítear neodróin freisin, agus má bhíonn tuilleadh núicléas U-235 sa timpeallacht is féidir go n-ionsóidh na neodróin ón mbunimoibriú iad, agus a thuilleadh imoibrithe den saghas céanna a spreagadh. Is féidir imoibriú slabhrúil a chur ar siúl má dhéanann níos mó ná neodrón amháin ionsaí mar seo tar éis gach imoibriú aonair. Le linn an imoibrithe shlabhrúil seo scaoiltear a lán teasa i seal gairid ama, agus tagann sé seo ó chlaochlú maise go dtí teasfhuinneamh. Is ionann an teas a chruthaítear ó 1 kg U-235 is a fhaightear ó 3.1 milliún kg guail. Is í an ghiniúint teasfhuinnimh seo le linn an imoibrithe is bun leis an bpléascán adamhach agus an modh núicléach ginte fuinnimh leictrigh. Chun pléascán núicléach a dhéanamh, níl ag teastáil ach timpeall 7 kg d'úráiniam-235 a bheith bailithe go dlúth le chéile chun an t-imoibriú slabhrúil a chur ar bun. Tugtar "an mhais chriticiúil" ar an íosmhéid seo den iseatóp ineamhnaithe. Sa bhuama ligtear don imoibriú slabhrúil dul ar aghaidh chomh tapa agus is féidir chun an pléascadh a dhéanamh chomh cumasach millteanach agus is féidir. In imoibreoir núicléach is féidir an t-imoibriú céanna a stiúradh go mall rialta, agus an teas uaidh a úsáid chun uisce a fhiuchadh, tuirbín gaile a rothlú, agus leictreachas srutha ailtéarnaigh (SA) a ghiniúint.
649
Éan aithrise. Éan atá dúchasach don Domhan Úr, cosúil le smólach le gob géar, rud beag cuartha le heireaball fada. Canann sé go maith. Is aithriseoir an-mhaith é. Áitríonn sé foraoisí is áiteanna tomacha, agus itheann inveirteabraigh is torthaí. Tugtar “éan aithrise” ar thart ar 17 speiceas in dhá ghéineas, "Mimus" agus "Melanotis" laistigh den fhine "Mimidae".
146
Éan cairdinéalach. Trí speiceas atá dúchasach do Mheiriceá: an t-éan cairdinéalach tuaisceartach, an t-éan cairdinéalach fásaigh, agus an t-éan cairdinéalach flanndearg, a bhfuil an fireannach dúscárlóideach.
92
Éan grianáin. Éan atá dúchasach don Nua-Ghuine is an Astráil is an t-éan grianáin. Tá 23 speiceas ann i seacht géineas san fhine Ptilonorhynchidae. Gaolmhar leis an éan parthais. Meallann na fireannaigh na baineannaigh trí struchtúir ornáideacha (na grianáin), maisithe le réada daite, a thógáil ar an talamh.
122
Éan parthais. Éan le gob leathan is cosa láidre é an t-éan parthais , é dúchasach d'fhoraoisí oirdheisceart na hÁise. Tá 42 speiceas i 15 géineas ar an saol, iad go léir i bhfine na bParadisaeidae. Úsáideann na fireannaigh clúmh mórthaibhseach chun baineannaigh a mhealladh, agus is féidir go dtógfaidh sé cuid mhaith leathéan le linn séasúr an ghoir.
146
Éaneolaíocht. Staidéar ar éin, éabhlóid na ngnéithe, a ndáileadh, a n-imirce, a gcaomhnú, a n-éiceolaíocht, a bhfiseolaíocht, a mbithcheimic, a n-anatamaíocht, a ngéineolaíocht, a ngalair, agus a gceangail le hainmhithe eile.
106
Eangach. Obair maisiúcháin le patrúin shainiúla ar charraig a úsáidtear sa chuid uachtarach d'fhuinneog, crann saingil, painéal nó gné eile d'fhoirgnimh. Feictear de ghnáth í in ailtireacht Ghotach, bíodh is nár tugadh an téarma seo isteach go dtí an 17ú céad i Shasana. Tá dhá phríomhshaghas ann: an phláteangach shimplí a chuireann béim ar na spáis ghlana, agus an bharra-eangach atá níos casta is a úsáideadh go forleathan in eaglaisí Gotacha. Tá a thuilleadh fo-ranna stíle ann, geoiméadrach, trasnaíoch, painéal, is mogallach ina measc.
225
Eangach stór cáilíochtaí. Teicníocht a shaothraigh an síceolaí Meiriceánach George Kelly (1905-1966) chun tuairimí freagróra a fháil ar ghné éigin den saol. Táirgeann an freagróir liosta de na gnéithe lena ngrádaíonn sé rudaí nó daoine (comhghleacaithe, mar shampla). Is féidir struchtúr na heangaí seo a úsáid chun cur síos ar conas a fheiceann an freagróir an saol. Baintear feidhm as i dtraenáil sa bhainistíocht, agus teiripe urlabhra.
178
Éanlaith chlóis. Tugtar éanlaith chlóis ar na héin a fhaighimid feoil nó uibheacha uathu. Is iad turcaithe, lachain, géanna agus go háirithe sicíní (nó puiléad nó sicín circe nó eireog")" na héanlaith chlóis is coitianta ar fheirmeacha na hÉireann. Bíonn dhá chos ag gach ceann acu agus bíonn cleití acu uile. Ach tá siad éagsúil óna chéile freisin Tagann siad uile anuas ó éanlaith fhiáin na dufaire, an éanlaith dhearg dufaire is dócha. Ceansaíodh í seo os cionn 5,000 bliain ó shin. Rangaítear póir an lae inniu i gcineálacha Áiseacha is cineálacha Meánmhara.
235
Éanlaith uisce. Éin uisciúla, go príomha na lachain, na géanna is na healaí. Tugtar "éanlaith fhiáin" orthu freisin. Go minic ciallaíonn éanlaith uisce go bhfuil siad i ngéibheann, agus éanlaith fhiáin go bhfuil siad faoi shealgaireacht. Uaireanta cuimsíonn an téarma éin uisciúla uile, cosúil leis na lapairí.
132
Eantalpacht. Is éard is eantalpacht ann ná cainníocht fuinnimh a thagann san áireamh go minic sa teirmidinimic. Úsáidtear an tsiombail H di, agus tomhaistear i ngiúil (J) í. Sainmhínítear mar seo í: H = U + p V, mar arb é U an fuinneamh inmheánach, p an brú, agus V an toirt. Mar shampla, i ngás ag brú tairiseach, is é an teas iomlán is gá a chur leis chun an teocht a ardú ná an méadú sa bhfuinneamh inmheánach móide an obair is gá a dhéanamh i bhforbairt an gháis i gcoinne an bhrú timpeall, agus mar sin, is ionann an teas iomlán is an méadú i H. Níl a leithéid is dearbhnialas eantalpachta ann, agus ní féidir ach athruithe san eantalpacht a thomhas.
268
Eantrópacht. Sa teirmidinimic, is tomhas ar neamhord (randamacht) córais í an eantrópacht. Úsáidtear an tsiombail S di, agus is i ngiúil in aghaidh an cheilvin (J K) a thomhaistear í. De réir mar a mhéadaíonn an mí-ord, is amhlaidh a mhéadaíonn an eantrópacht. Mar shampla, samhlaigh córas ina bhfuil umar uisce is braon dúigh. Nuair a chuirtear an braon dúigh isteach san umar uisce, méadaítear eantrópacht an chórais mar go bhfuil mí-ord an dúigh scaipthe níos mó ná roimhe. Ní athbhaileoidh na páirteagail dúigh le chéile arís, rud a léiríonn nach laghdaíonn an eantrópacht go spontáineach. Sainmhínítear an t-athrú eantrópachta mar an méid teasa a chuirtear le córas, roinnte ar a theocht i K nuair a choinnítear an teocht tairiseach. Mar shampla, is é an méadú eantrópachta i 1 kg oighir nuair a leánn sé go huisce ag 0 °C (273 K) ná 1223 J K. Nuair a reoitear uisce go dtí oighear, laghdaítear eantrópacht an uisce sin, ach ar chostas an mhéadú eantrópachta sa chóras iomlán, an cuisneoir is an seomra san áireamh. Tugann an t-athrú eantrópachta léargas breise ar threo próisis atá inchúlaithe ó thaobh imchoimeád an fhuinnimh de, de réir dealraimh. Is tairiseach an eantrópacht i bpróiseas inchúlaithe de chineál amháin, agus is é sin próiseas nach suimítear nó nach ndealaítear teas lena linn. De réir dara dlí na teirmidinimice, fanann an eantrópacht gan athrú nó méadaíonn an eantrópacht i ngach uile phróiseas.
593
Éarasastratas. Bunaitheoir scoil mhíochaine i gKea na Gréige ab ea Éarasastratas (Sean-Ghréigis:Ἐρασίστρατος /"Erasístratos"), (303-c 249 RC). Rinne sé staidéar ar an néarchóras, agus meastar gur tháinig sé gar d'fhionnadh imshruthú na fola.
103
Earc. Débheathach, cosúil leis an salamandar, ach caitheann na hearca fásta an samhradh nó an bhliain go léir san uisce. Póraíonn sé san uisce. Cónaíonn na hearca óga (earca luachra) ar tír ar feadh 1-7 bliain.
89
Earcán caoch. Laghairt gan chosa, dúchasach don Eoraip, iarthuaisceart na hÁise is iardheisceart na hAfraice is ea an t-earcán caoch. Liath nó donn. Líne dorcha ar feadh an taoibh ar an mbaineannach. Is féidir go scarfaidh sé leis an eireaball fada, ach má dhéanann ní fhásann an fad céanna ar ais. Itheann sé péisteanna i ndrúchtíní.
131
Eargót. Galar fungasach féar a chruthaíonn coirp thorthaithe chrua dhubha i mbláthchinn na bhféar ionfhabhtaithe, ina measc na gránbharra, seagal go háirithe. Cuimsíonn na coirp thorthaithe seo ceimiceáin alcalóideacha is féidir a bheith an-nimhiúil má ionghabhtar iad.
111
Eargótachas. Riocht is ea Eargótachas a tharlaíonn do dhuine tar éis dó arán seagail a ithe, a bhí ionfhabhtaithe le heargót. Crapann na ceimiceáin na fuileadáin, rud a chuireann tús le mothúchán dóite go domhain sna géaga, morgadh is trithí. Spreagann eargótachas breith anabaí i mná toirchithe. Stair. Tá an riocht seo annamh anois, ach tharla eipidéimí suas go dtí an 19ú céad a scanraigh an pobal. Thugtaí gealán San Antaine ar an riocht, agus chreid daoine go bhfaigheadh siad faoiseamh uaidh ach cuairt a thabhairt ar thuama Antaine.
219
Amelia Earhart. Eitleoir a rugadh in Atchison, Kansas ab ea Amelia Mary Earhart (24 Iúil 1897 - 2 Iúil 1937). B'í an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, i dtús mar phaisinéir (1928), agus ina haonar i 1932. Eitilt trasatlantach. Sa bhliain 1928, chuaigh Amelia le beirt phíolótaí eile trasna an Atlantaigh. Ar an 20 Bealtaine 1932, d’imigh sí ó Thalamh an Éisc i gCeanada ar bord eitleán beag dearg, an Lockheed Vega 5B. Bhí sí ag iarraidh eitilt an bealach ar fad go Páras sa Fhrainc. Bhí aimsir scamallach ann, ag cur seaca agus ag stealladh báistí go minic. Cé go raibh turas crua aici a thóg beagnach 15 uair an chloig, d’éirigh léi eitilt trasna an Atlantaigh ach níor thuirling sí i bPáras ach i nDoire, an lá dár gcionn, ar 21 Bealtaine. Mar sin, b'í Earhart an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, eitilt a mhair 14 uaire, 54 nóiméad. Thuirling sí i mBaile Arnóid, An Teampall Mór, Doire. Eachtraí agus bás. D'eitil Earhart ó Honolulu go California i 1935. Bhí plean ag Earhart eitilt timpeall an domhain ar fad. Sa bhliain 1937, agus í ag tarraingt ar 40 bliain d’aois, chuaigh Amelia agus píolóta eile darbh ainm Frank Noonan ar bord eitleán eile, an Lockheed Electra 10E. D’éirigh go breá leo ar dtús. Taobh istigh de 40 lá bhí 35,000 ciliméadar déanta acu. Ní raibh ach 11 000 ciliméadar eile le déanamh acu. Ar 2 Iúil 1937, d’fhág siad an Nua-Ghuine, cóngarach don Astráil. Ach go gairid tar éis sin tharla tubaiste éigin san Aigéan Ciúin. Cailleadh an t-eitleán áit éigin thar an bhfarraige mhór.
619
Earr ghuaireach. Feithid bhunúsach gan sciatháin le filiméid fhada eireabaill. Cuimsíonn an grúpa seo na gilíní. Bíonn na hearra guaireacha déladhracha dall, an-bhídeach den chuid is mó, ina gcónaí san ithir, le hábhar orgánach lofa le n-ithe. Faightear na hearra guaireacha tríladhracha bídeacha san ithir, le fuílleach dhuilleog na coille le n-ithe.
133
Earr na hinchinne. An "medulla oblongata", an chuid íochtarach de stoc na hinchinne atá leanúnach leis an bpons os a cionn agus corda an dromlaigh faoina bun. Cuimsíonn sí na beoláir (ainm a chiallaíonn gur marfach damáiste dóibh go minic) a bhaineann le rialú fhrithluail an chórais chardashoithíoch is an chóras riospráide. Cabhraíonn sí le stiúradh slogtha, sraothartaí, casachtaí, is urlacain.
155
Earraí grúpa. Is éard atá i gceist le hearraí grúpa nó grúpearraí ná cláir ríomhaire a shaothraítear chun cabhrú le grúpa ar leith daoine comhoibriú, san ionad céanna nó ionaid éagsúla. Cás ar leith is ea comhdháil ríomhaireachta. Ag baint úsáide as teicníochtaí cosúil le réaltacht fhíorúil, is féidir comhdhálacha a eagrú le grúpaí in ionaid dhifriúla, ach an chuma air go bhfuil na rannpháirtithe sa seomra céanna.
173
Earráid dhúchasach mheitibileachta. Neamhord ó bhroinn a chuireann tús le héalanga sna próisis chasta bhithcheimiceacha sa cholainn. Is féidir go gcuirfidh siad isteach ar an mbealach a gcruthaíonn nó a mbriseann an cholainn síos cealla (mar shampla, cealla na fola), nó an bealach a bpróiseálann sí ábhair cosúil le carbaihiodráití, aimíonaigéid, lipidí, stéaróidigh, púiríní is miotail throma.
155
Éasafagas. Cuid den diúlfaíoch, an feadán fada matánach a ghabhann ó íochtar na farainge tríd an tóracs go dtí an goile. Timpeall 24 cm ar fhad i nduine fásta, líneáilte taobh istigh le cisil lannacha eipitéiliam. An chuid is matánaí de chonair an díleá. Teannann sé solaid is leachtanna a thógann an béal isteach le tonnta craptha a chuid matán, a dtugtar "imfháscadh" air, i dtreo an ghoile. Tá go leor cúnguithe ar feadh a chúrsa, a chuireann moill ar an ábhar atá á theannadh síos ann. Má bhíonn ábhar creimneach san ábhar a shlogtar siar, déantar níos mó damáiste don éasafagas ag na pointí cúngaithe sin ná áiteanna eile.
247
Éasc (geolaíocht). Sa gheolaíocht, scoilt nó gág i gcarraig, ar tharla díláithriú ar feadh an éisc de bharr struis taobh istigh den Domhan. Nuair is díláithriú ingearach a tharla, is éasc normálta é sin agus strus comhbhrúiteach ba chúis leis. I gcásanna thar mean, sáitear taobh amháin den charraig suas os cionn an taoibh eile. I gcúléisc, mar mhalairt, forleathnú screamh an Dómhain is bun leis. Is samplaí drámata den éasc seo an Cainneoin Mór sna Stáit Aontaithe agus an Scoiltghleann in iarthar na hAfraice. Maidir le héisc sractha, scaoiltear strus comhbhrúiteach trí dhíláithriú i leataobh, agus is sampla suntasach de seo Éasc San Andreas i gCalifornia.
253
Eascann choncair. Iasc foghlach mara a fhaightear in uiscí éadoimhne cois cladaigh i dtuaisceart na hEorpa is an Mheánmhuir, de ghnáth faoi chumhdach carraigeacha, céanna, long briste. An cholainn sorcóireach, suas le 2.7 m ar fhad. Na gialla cumasach, na fiacla cónacha suite gar dá chéile. Itheann sí éisc, crústaigh is ceifealapóid den chuid is mó. Baolach do thumadóirí.
155
Eascann leictreach. Iasc mór uisce úir a fhaightear i srutháin thanaí na hOranócó is na hAmasóine i Meiriceá Theas. A cholainn sorcóireach chun tosaigh is brúite maol chun deiridh, suas le 2.4 m ar fhad. A eite thimpireach fada, gan aon eite droma, eireabaill ná peilbheach. Táirgeann sí turraing chumasach leictreach le néal a chur ar chreach, le haghaidh cosanta, agus chun seoladh in uisce moirtiúil.
166
Eascann mhuraenach. Fine mhór eascann mara, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha teo, is ea an eascann mhuraenach. Tá thart ar 200 speiceas i 15 géineas ann. Tá na heití droma is anasacha leanúnach, gan aon eite pheilbheach ná uchtach. Tá na fiacla dea-fhorbartha. Is féidir leis na cineálacha is mó a bheith thar 3 m ar fhad. Tá cineál sa Mheánmhuir, "Muraena helena" (a dtugtar “eascann mhuraenach” air freisin), atá suas le 1.3 m ar fhad, breacdhonn buí, agus an-ionsaitheach.
202
Easón. Is éard is easón ann ná seicheamh códaithe de núicléitídí, agus mar sin de bhunphéirí, taobh istigh de ghéin ar an DNA, scartha ón gcéad eastrón eile ag iontrón (seicheamh neamhchódaithe). Tar éis an chéad tras-scríobh ó ghéin (an phríomhthrascríobh) a dhéanamh, seicheamh comhtheagmheálach de RNA neamhchódaithe (iontróin) is RNA codaithe (easóin) a bhíonn inti. Ansin baintear na hiontróin amach, agus spladhsáiltear na heasóin le chéile chun an teachtaire-RNA (mRNA) a dhéanamh. Sainíonn seicheamh an mRNA an phróitéin. Ascnaíonn an mRNA amach ón núicléas do na ribeasóim sa chíteaplasma, áit a n-aistrítear an t-eolas géiniteach sa seicheamh seo ina phróitéin.
290
Easpa. Bailiúchán bracha i réigiún éigin in orgán nó fíochán. Mórthimpeall uirthi bíonn at frithghníomhach athlasta mar bhalla imlíneach glan, a dtugtar "cuas na heaspa" air. Bíonn sí pianmhar. De ghnáth, ionfhabhtú le baictéir a dhéanann an brach, nó ábhar coimhthíoch eile. Is féidir go dtarlóidh sí ar fud na colainne, sa chraiceann, na caipíní súile, an cluas lair, is an reicteam. I gcás na heitinne, sna scamhóga a tharlaíonn na heaspaí (na mealláin). Muna bhfolmhaíonn an easpa go deonach, ní mór í a thaoscadh go máinliach.
224
Easpa bhrád. Eitinn na bhfaireog limfeach sa mhuineál, agus fás easpaí is othras ar an gcraiceann anuas orthu. Riocht annamh anois. Thugtaí olc an rí ar an ngalar, agus chreidtí go leigheasfadh tadhall an rí é.
90
Easpónant. Nodaireacht sa mhatamaitic a shimplíonn scríobh iolrach. Mar shampla, is féidir 5 × 5 × 5 × 5 a scríobh mar 5, agus is é 4 an t-easpónant (nó an séan) sa chás seo. Is féidir an nodaireacht seo a úsáid i gcás easpónant codánach, diúltach is eile. Nuair a scríobhtar uimhreacha sa bhfoirm seo, mar shampla: 625 = 5, tá dlíthe ar leith na séan is féidir a chur i bhfeidhm orthu, mar seo: y × y = y, y/y = y, (y) = y, y = 1, y = 1/y.
196
Easrú. Leathadh cainníochta éigin. Sampla ab ea leathadh braoinín dúigh a chuirtear in umar uisce, trí idirleathadh is comhiompar.
53
George Eastman. Ceapadóir is daonchara a rugadh i Waterville, Nua-Eabhrac ab ea George Eastman (12 Iúil 1854–14 Márta 1932). I 1889 rinne sé an scannán trédhearcach ceallalóide a d'úsáid Edison is ceapadóirí eile i bhforbairt na grianghrafadóireachta, agus níos déanaí, sa chineamatagrafaíocht, siamsaíocht, is tionscal na scannán.
136
Éastraigin. Raon gnéashormón a tháltar san ubhagán, an phlacaint, an uirí is an fhaireog aidréineach. Freagrach as forbairt na ngnéastréithe tánaisteacha baineanna i mná, ullmhacht ghnéasach a chur ar aghaidh, agus ullmhú na broinne i gcomhair plandáil na huibhe toirchithe. Úsáidtear í i bpiollairí frithghiniúna agus cóireálacha d'ailsí ar leith. Faightear i bplandaí freisin í.
156
Éastras. An tréimhse soghabháltachta gnéasaí (adhall i gcás an mhadra, nó dárach i gcás na bó) sa mhamach baineann. De ghnáth freagraíonn sé d'fhuascailt na huibhe ón ubhagán.
79
Easuan. Codladh míshásúil, ó thaobh faid nó cineáil. Is féidir go mbeidh sé mar pháirt de neamhord fisiciúil nó meabhrach sa duine. Féadfaidh deacrachtaí a bheith ag duine titim ina chodladh nó an codladh a choinneáil ar siúl, nó b'fhéidir go mbeidh a intinn gafa lena easpa codlata agus réabadh iarmharach a shaoil shóisialta nó oibre.
140
Eatán. C2H6, is ea eatán, le fiuchphointe -89 °C. An dara ball de shraith na n-alcán. Gás gan bholadh atá ann, a úsáidtear mar chuisneán agus a dhéanann meascáin phléascacha le haer. Is sainiúil cruth an mhóilín, teitreahéadráin nasctha le chéile, do shraith na n-alcán.
117
Eatánól. Is comhdhúil orgánach é eatánól (ar a dtugtar alcól eitile nó go hiondúil alcól). Is alcól simplí é leis an bhfoirmle ceimiceach C2H6O. Is féidir a fhoirmle a scríobh freisin mar CH3CH2OH nó C2H5OH (grúpa eitile atá nasctha le grúpa hiodrocsaile). Is leacht so-ghalaithe, inadhainte, éadathach é eatánól le boladh sainiúil cosúil le fíon agus blas géar.[11][12] Is druga sícighníomhach áineasa é, an comhábhar gníomhach i ndeochanna alcólacha. Táirgtear eatánól go nádúrtha trí phróiseas coipthe siúcraí ag giostaí nó trí phróisis pheitriceimiceacha amhail hiodráitiú eitéine. Tá feidhm leighis aige mar antaiseipteán agus díghalrán. Úsáidtear é mar thuaslagóir ceimiceach agus i sintéis comhdhúile orgánacha, agus mar fhoinse breosla. Is féidir eatánól a dhíhiodráitiú freisin chun eitiléin a dhéanamh, bunábhar ceimiceach tábhachtach.agus i sintéis comhdhúile orgánacha, agus mar fhoinse breosla. Is féidir eatánól a dhíhiodráitiú freisin chun eitéin a dhéanamh, bunábhar ceimiceach tábhachtach.
414
Eatramh (matamaitic). Sa mhatamaitic, déanann gach uimhir idir dhá uimhir fhosaithe, a agus b, eatramh oscailte, a scríobhtar mar (a, b). Má chuimsíonn an t-eatramh na huimhreacha a is b, tugtar "eatramh iata" [a, b] air. Tugtar "teorainneacha an eatraimh" ar a is b. Léirítear eatramh oscailte ar an uimhirlíne le críochchiorcal neamhscáthlínithe. Bíonn críoch-chiorcal scáthlínithe ag eatramh iata.
173
Hermann Ebbinghaus. Síceolaí turgnamhach a rugadh i mBarmen na Gearmáine ab ea Hermann Ebbinghaus (24 Eanáir 1850 – 26 Feabhra 1909). Scríobh sé leabhar cáiliúil, "Über das Gedächtnis" (Ar an gCuimhne, 1885), ar a thaighde turgnamhach i dtaobh na cuimhne, an chéad duine a rinne a leithéid.
125
Ebola. Tá an víreas Ebola (EBOV) ar ceann de na sé víreas a aithnítear sa ghéineas "Ebolavirus". Bíonn ceithre cinn de na sé víreas sin a bhfuil eolas orthu, EBOV san áireamh, freagrach as fiabhras fuilreatha trom agus marfach go minic i ndaoine agus i mamaigh eile, ar a dtugtar an galar víris Ebola (GVE). Tá EBOV freagrach as an chuid is mó de bhásanna daonna le GVE sa stair. B'in é ba chúis le heipidéim víreas Ebola na hAfraice Thiar idir 2013 agus 2016, ina mheastar gur ionfhabhtaíodh 28,638 duine ar a laghad agus go bhfuair 11,315 bás. Víreas. Víreas i bhfine na bhFiloviridae is ea EBOV. Níl aon leigheas ar na galair a tharlaíonn de bharr an víris seo ach déantar iarracht leachtanna a thabhairt don othar tríd an mbéal nó go hinfhéitheach. Tagann galar fuilreatha ar dhuine ionfhabhtaithe, agus faigheann idir 50% agus 90% de na híobartaigh bás. Déanann sé a bhealach isteach i gcolainn duine trí sheile, fuil (trí athúsáid steallairí go minic san Afraic) nó sreabháin eile nó ó ainmhithe mar an sciathán leathair mar shampla. Dhá nó trí sheachtain tar éis an víreas a tholgadh tagann fiabhras, pian sa scornach is sna matáin agus tinnis chinn leis. Leanann múisiam, urlacan, buinneach agus ísliú fheidhmiú an ae agus na nduán ina dhiaidh sin. Ar dtús, is iad tinneas cinn is ardteocht siomptóim an ghalair. De réir a chéile ionfhabhtaíonn na víris an t-ae, na duáin, is na fuileadáin féin. Milleann na víris coirt inmheánach na bhfuileadán, a éiríonn póiriúil, sceitheann an fhuil amach, agus titeann na fíocháin ó chéile. Briseadh Amach 2013-2016. Tharla an phaindéim Ebola ba mhó san Afraic sna 2010idí, timpeall 2013-2016. . Ar an 26 Nollaig 2013, thosaigh ráig den ghalar sa Ghuine in Iarthar na hAfraice. Ansin scaip an galar níos faide, chuig Siarra Leon, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an Libéir srl. Ba é an ráig ba mhó agus ba choimpléascaí é dá raibh riamh ann ó sainaithníodh Ebola a chéaduair i 1976. Faoi dheireadh 2015 bhí an víreas nach mór díothaithe as na tíortha sin. Thar lear bhí cás amháin sna Ríocht Aontaithe fiú. Bhí cásanna sna Stáit Aontaithe, Spáinn, sAn Nigéir agus sAn tSeineagáil. Bhí leapacha in otharlanna an Mater i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 2014, curtha ar leataobh má tharlaíonn scaipeadh an ghalair in Éirinn. Cúnamh. Ar an 24 Deireadh Fómhair 2014, gheall ceannairí an Aontais Eorpaigh níos mó ná €1 billiún a thabhairt chun cuidiú cosc a chur le scaipeadh an víris Ebola san Afraic Thiar, go háirithe sa Ghuine, i Siarra Leon agus sa Libéir. Naisc sheachtracha. Amlíne na ráigeː Center for Disease Control in Atlanta, SAM
1,032
John Carew Eccles. Fiseolaí a rugadh i Melbourne na hAstráile ab ea an Ridire John Carew Eccles (27 Eanáir 1903 – 2 Bealtaine 1997). Rinne sé taighde ar néarfiseolaíocht, agus bhuaigh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis, le Hodgkin is Andrew Huxley, as a shoiléirithe ar na meicníochtaí ianacha a bhaineann le spreagadh scannán na cille néarógaí.
131
Arthur Stanley Eddington. Réalteolaí a rugadh i gKendal Shasana ab ea Arthur Stanley Eddington (1882-1944). I 1919 rinne sé breathnuithe ar ionaid réaltaí le linn urú iomlán na Gréine, agus thug an chéad chruthú díreach ar theoiric na coibhneasachta speisialta de chuid Einstein. Cáil ar a leabhar "The Expanding Universe" (An Chruinne Fhorleathnaitheach, 1933) agus as eolas ar an eolaíocht a scaipeadh i measc an phobail.
154
Gerald Maurice Edelman. Bithcheimicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Gerald Maurice Edelman (1 Iúil 1929 – 17 Bealtaine 2014). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar mhiaileóma ilchodach is tacar na n-aimínaigéad sna próitéiní ann, struchtúr is comhdhéanamh na n-antasubstaintí atá lárnach i gcosaint na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe in ainmhithe veirteabracha, an duine ina measc, agus atáirgeadh DNA plasmaid giosta in vitro. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1972 le Rodney Porter as an obair ar antasubstaintí. Cáil air as leabhair a chuir an eolaíocht chun cinn i measc an phobail, ina measc "Second Nature: Brain science and human knowledge" (An Dara Nádúr: Eolaíocht Inchinne is Eolas Daonna, 2006).
274
Edelweiss. Planda ailpíneach ilbhliantúil, dúchasach do shléibhte oirdheisceart na hEorpa, is ea an edelweiss (Leontopodium nivale), é den chlann chéanna leis an nóinín is an caisearbhán. Fásann sé suas le 20 cm ar airde. Na duilleoga lansa-chruthach nó spúnógchruthach, le brat dlúth gruaigí bána lomracha, leata i gcoinne an dromchla. Na bláthchinn buí/bán, eagraithe i gcrobhaingí maolcheannacha, timpeallaithe le brachtanna lomracha réaltacha bioracha ag leathadh amach.
189
Richard Lovell Edgeworth. Tiarna talún i Meathas Troim, Contae an Longfoirt, ab ea Richard Lovell Edgeworth (31 Bealtaine 1744 - 13 Meitheamh 1817), a saolaíodh i mBath Shasana. D'fhionn sé córas séamafóir chun teachtaireachtaí a sheoladh ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh in 8 nóiméad. D'fhionn sé peidiméadar is veileasaipéid (saghas luath rothair nó trírothach). Scríobh sé "Practical Education" (Oideachas Praiticiúil, 1798) i gcomhar lena iníon Maria Edgeworth (1767-1849), agus "Professional Education" (Oideachas Gairmiúil, 1809) ar an ngairmoideachas, a bhí i bhfad chun tosaigh ar a am. I measc bunaitheoirí Acadamh Ríoga na hÉireann.
255
EDTA. Ceimiceán suntasach, aigéad dé-aimíneatáinteitreaicéiteach, C10H16N2O8. Ildánach mar oibreán coimpléasctha, de bhrí gur féidir le 6 cheann de na hadaimh O is N comhordú le hian miotail ag an am céanna. Úsáidtear é chun mionriain d'iain mhiotal a bhaint as tuaslagáin.
121
António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz. Néaramháinlia is taidhleoir a rugadh in Avença na Portaingéile ab ea António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz (29 Samhain 1874 – 13 Nollaig 1955). Aithnítear é mar bhunaitheoir na síceamháinliachta nua-aimseartha. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1949 le Walter Hess as gearradh na néaróg ceangailte idir an maothán réamhthosaigh san inchinn is an chuid eile den inchinn (lóbaitime) a fhorbairt mar chóireáil bhunúsach ar mhí-eagair mheabhracha áirithe. D'fhorbair sé an aingeaghrafaíocht freisin chun siadaí inchinne a dhiagnóisiú.
241
Paul Ehrlich. Baictéareolaí Gearmánach a saolaíodh i Strzelin na Polainne inniu ab ea Paul Ehrlich (14 Márta 1854 - 20 Lúnasa 1915). Ceannródaí i réimsí éagsúla—haemaiteolaíocht, imdhíoneolaíocht, agus ceimiteiripe—a d'aimsigh leigheas ar an tsifilis. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1908 le Ilya Mechnikov as a gcuid oibre ar imdhíonacht.
148
Eibleacht. Fuaidreán leachta amháin i leacht eile, ola in uisce go háirithe is ea eibleacht. Scarann gach eibleacht óna chéile faoi dheireadh, agus is amhlaidh a scarann eibleacht chobhsaí i bhfad níos moille ná eibleacht éagobhsaí.
89
Eiblitheoirí. Ceimiceáin a chabhraíonn le leachtanna meascadh le chéile chun eibleacht a dhéanamh. Mar shampla, ní mheascann ola is uisce de ghnáth, ach is féidir iad a mheascadh i bpas amháin le cabhair eiblitheora, cosúil le margairín nó maonáis. Cabhraíonn eiblitheoirí le gás a sháinniú i leachtanna freisin, mar a tharlaíonn nuair a bhuailtear uachtar. Is eiblitheoirí iad pónaire lócaiste, guma, agar is leicitin.
171
Éiceachóras. Gach neach beo, chomh maith leis an gcomhshaol go léir mar aonad is ea Éiceachóras. Ciallaíonn sé na himoibrithe idir orgánaigh bheo, an talamh is na mianraí inti, uisce is báisteach, solas na Gréine, teocht is taise, aeráid is aimsir, gaotha is topagrafaíocht na talún. Go minic nuair a bhíonn an-spleáchas idir orgánaigh in éiceachóras, is féidir go mbeidh sé cobhsaí ar feadh i bhfad. Ach athraíonn éiceachórais nuair a athraíonn an aeráid, nuair a thugtar gnéithe nua isteach ann, agus nuair a chuireann daoine isteach an iomarca air de thaisme nó d'aon ghnó.
229
Coimpléasc Éideapúis. Téarma sa tsíocanailís a chum Freud chun cur síos ar phais a fhéadfaidh tarlú i ngnáthfhorbairt an bhuachalla óig, ina mbíonn mothúcháin anghrácha aige dá mháthair agus mothúcháin iomaíocha dá athair. Tugtar "coimpléacs Éileictre" ar a choibhéis i gcás an chailín óig.
126