text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Carlos Mencia. Is aisteoir Meiriceánach é Ned Arnel Mencía, a rugadh sa bhliain 1967.
33
Christina Ricci. Is ban-aisteoir Meiriceánach é Christina Ricci, a rugadh sa bhliain 1980.
32
Lombardo Boyar. Is aisteoir Meiriceánach é Lombardo Boyar, a rugadh sa bhliain 1973.
33
John Tartaglia. Is aisteoir Meiriceánach é Joanthan Nicholas "John" Tartaglia, a rugadh sa bhliain 1978.
38
Nia Long. Is ban-aisteoir Meiriceánach é Nia Long, a rugadh ar 30 Deireadh Fómhair sa bhliain 1970 mar Nitara Carlynn Long. Aithnítear í as a róil sna sraitheanna teilifíse úd "The Fresh Prince of Bel-Air" agus "Third Watch" agus i roinnt mhaith scannán mar "In Too Deep", "Boyz n the Hood", agus "Big Momma's House". Rugadh Nia Long i mBrooklyn, Nua-Eabhrac, do bheirt mhúinteoirí de bhunús Cairibeach. D'fhás sí aníos i Nua-Eabhrac, seal gairid in Iowa, agus i gCalifornia. D'fhreastail sí ar St. Mary's Academy, Inglewood, California, agus Westchester High School i Los Angeles, mar a ndearna sí staidéar ar ealaíona amharclainne agus siamsa.
238
Jascha Washington. Is aisteoir Meiriceánach é Jascha Akili Washington, a rugadh sa bhliain 1989.
33
Brandon T. Jackson. Is aisteoir Meiriceánach é Brandon Timothy Jackson, a rugadh sa bhliain 1984.
31
Droichead na Mílaoise. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead na Mílaoise.
37
Droichead Thomáis Uí Chléirigh. Is droichead suite i mBaile Átha Cliath é Droichead Thomáis Uí Chléirigh, nó "Droichead an Nascbhóthair Thoir" mar a bhíodh air roimh 4 Bealtaine 2016.
77
Droichead an Nascbhóthair Thiar. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead an Nascbhóthair Thiar.
45
Droichead Phroinsias Uí Shearbháin. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead Phroinsias Uí Shearbháin.
49
Droichead Ruaraí Uí Mhóra. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead Ruaraí Uí Mhóra.
45
Droichead Samuel Beckett. Is droichead suite i mBaile Átha Cliath trasna na Life é Droichead Samuel Beckett. Santiago Calatrava, ailtire as Valencia na Spáinne, a dhear é ina stíl nua-thodhchaíoch shainiúil. Cuireadh tús lena thógáil sa bhliain 2007 agus osclaíodh é ar 10 Nollaig, 2009.
110
Droichead Seán Heuston. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead Seán Heuston.
37
Droichead Sheáin Uí Chathasaigh. Droichead thar an Life i gcroílár Bhaile Átha Cliath is ea Droichead Sheáin Uí Chathasaigh. Déanann an droichead nasc idir Cé Theach an Chustaim ó thuaidh agus Cé na Cathrach ó dheas. Droichead lúdrach coisithe atá ann.
99
Droichead Uí Mhaoilíosa. Is droichead suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead Uí Mhaoilíosa.
43
Droichead Uí Chonaill. Droichead thar an Life i gcroílár Bhaile Átha Cliath is ea Droichead Uí Chonaill. Déanann an droichead nasc idir Sráid Uí Chonaill ó thuaidh agus Sráid D’Olier, Sráid Westmoreland agus na céanna ó dheas. "Droichead Carlisle" a bhíodh air roimh 1882.
109
Dúiche deannaigh. Réigiún ollmhór den fhéarthalamh leathloiscneach sna Stáit Aontaithe, ó Kansas ó dheas go Texas, mar a dtarlaíonn stoirmeacha deannaigh. Sna 1930idí, tar éis roinnt blianta de bharra an-mhaithe róshaothraithe, tharla triomach, stoirmeacha láidre is creimeadh uafásach, le stoirmeacha ollmhóra deannaigh a mhill an réigiún is na feirmeoirí a mhair ann.
146
Eilimint thrasúránach. Tugtar eilimint thrasúránach ar dhúil le huimhir adamhach níos mó ná 112. Ní tharlaíonn siad go nádúrtha. Is é úráiniam (uimhir adamhach 92) an dúil nádúrtha is troime. Cruthaíodh dúile níos troime trí imbhuailtí fuinniúla idir núicléis dúl le huimhreacha adamhacha níos lú. Faoi 1994 ba í an dúil ba throime ná meitniriam, leis an uimhir adamhach 109. I 1999 d'imbhuail eolaithe sa Rúis sprioc plútóiniam le cailciam chun dúil 114 a chruthú, agus an bhliain chéanna i gCalifornia chruthaigh eolaithe dúil 116 trí luaidhe a imbhualadh le crioptón. An-ghearrshaolach a bhíonn na dúile sárthroma, agus ní fios fós an bhfuil uastroime dúile ann nach féidir a shárú.
290
Dúile sintéiseacha. Is éard is dúil shintéiseach ann ná iseatóp, radaighníomhach de ghnáth, a dhéantar trí imoibrithe núicléacha. Is sintéiseach gach iseatóp de gach dúil achtainídeach.
81
Miotal trasdultach. Na dúile ina mbíonn sceall neamhiomlán leictreon á líonadh nach é an fiús-sceall é. Is miotail iad uile, agus cuimsíonn siad na dúile le huimhreacha adamhacha ó 21 (scaindiam) go 29 (copar) is a ngrúpaí. Is cosúil an cheimic i ngach cás, agus taispeánann an chuid is mó díobh staideanna ocsaídiúcháin +2 is +3 de ghnáth. De réir cineáil, déanann siad comhdhúile daite paramaighnéadacha agus raon mór comhdhúl comhordaithe.
189
Duileasc abhann. Planda bliantúil uisciúil, dúchasach do ghnáthóga fionnuisce ar fud an Domhain is ea an duileasc abhann. Na duilleoga faoin uisce tréshoilseach. Na duilleoga ar snámh, má bhíonn siad i láthair, glas teimhneach. Na bláthanna neamhfheiceálach, i gcinn ubhchruthacha. Pailnithe leis an ngaoth nó an t-uisce. Na síolta snámhach.
141
Duillíneach. Feithid leata mhór le sínithe leathana leata ar a chosa, ionas go mbíonn cuma duilleoige air. Timpeall 50 speiceas ann, in oirdheisceart na hÁise is an Nua-Ghuine den chuid is mó.
75
Paul Abraham Dukas. Cumadóir ceoil a rugadh i bPáras ab ea Paul Abraham Dukas (1 Deireadh Fómhair 1865 – 17 Bealtaine 1935). Is é an dán siansach "L'Apprenti Sorcier" (Printíseach an Asarlaí, 1897) a shárshaothar, ach scríobh sé cuid mhaith píosaí ceoil shiansaigh is pianó.
113
Dúlagar iarbhreithe. Corraíl i bhfonn na máthar sa tréimhse tar éis toirbhirt an linbh. Baineann sé le titim thobann i leibhéil hormón, tuirse, agus eachtra chinniúnach na breithe. Is coitianta go dtarlóidh corraíl éadrom le sileadh deor is greannaitheacht ar feadh cúpla la, ach uaireanta is féidir go dtarlóidh dúlagar trom muna mbíonn tacaíocht mhaith shóisialta don mháthair agus má bhíonn imní uirthi maidir leis an todhchaí. Uaireanta is féidir go mbeidh an dúlagar chomh trom gur galar meabhrach é (síocóis chorcra) le gnéithe den scitsifréine nó an tsíocóis mháindúlagrach, agus is gá an mháthair a chóireáil in ospidéal meabhrach.
258
Dulcaiméir. Saghas siotáir le hathshonadóir adhmaid, i bhfoirm traipéisiam de ghnáth, le huimhreacha éagsúla sreang miotalach a théann thar (nó trí) dhroichid a bhíonn feistithe ina n-ionad ag teannas na sreang. Seinntear é le casúir. Foirm amháin nó eile de forleathan ar fud an Domhain ón 15ú céad nó níos faide siar.
134
Pierre Louis Dulong. Ceimicí a rugadh i Rouen na Fraince ab ea Pierre Louis Dulong (1785-1838). Cáil ar leith air as dlí Dulong-Petit, a shaothraigh sé le Alexis Thérèse Petit (1791-1820), a leagann síos gaol idir saintoilleadh teasa dúile soladaí is a mais adamhach choibhneasta. Bealach luachmhar ab ea é seo chun luachanna garbha meáchain adamhaigh a aimsiú ag feadh 100 bliain nó mar sin.
143
Allen Balcom DuMont. Innealtóir leictreonach a rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac ab ea Allen Balcom DuMont (29 Eanáir 1901 – 14 Samhain 1965). I 1931 shaothraigh sé an feadán ga-chatóideach, a d'úsáidfí i luascóip gha-chatóideacha is teilifíseáin. Cheap sé an tsúil draíochta freisin, a d'úsáidtí le fada mar tháscaire chun raidió a thiúnadh. Shíothlaigh sé in Montclair, New Jersey.
151
Dúnadh (ceol). Sa cheol, foirmle shéiseach nó armónach chun deireadh míre nó deireadh teascáin níos faide a chomharthú. Lándúnadh, cumtha as cordaí an toin cheannasaigh, a chuireann deireadh le píosa de ghnáth. I gcantaireacht eaglasta agus ilfhónacht luath i líne an teanóra, bhíodh claonadh ann an nóta deireanach a bheith céim amháin níos ísle ná an nóta roimhe.
147
Henry Dunant. Daonchara a rugadh sa Ghinéiv ab ea Henry Dunant (baiste Jean-Henri) (8 Bealtaine 1828 - 30 Deireadh Fómhair 1910). Thug sé an príomhspreagadh do bhunú Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge ag comhdháil sa Ghinéiv i 1863, as ar tháinig Coinbhinsiún na Ginéive (1864). Roinn sé an chéad Duais Nobel don tsíocháin i 1901.
137
Andrew Duncan. Lia a rugadh gar do Chill Rìmhinn na hAlban ab ea Andrew Duncan (17 Deireadh Fómhair 1744-5 Iúil 1828). I 1773 bhunaigh sé an tréimhseachán "Medical and Philosophical Commentaries" (Tráchtaireachtaí Míochaine is Fealsúnachta), an t-aon iris den chineál sin sa Bhreatain ag an am. I 1792 d'áitigh sé ar Choláiste Ríoga na Lianna i nDún Éideann teach gealt a bhunú, rud a cuireadh i gcrích i 1807.
154
John Boyd Dunlop. Ceapadóir is tionsclóir a rugadh i nDreghorn na hAlban ab ea John Boyd Dunlop (5 Feabhra 1840 - 23 Deireadh Fómhair 1921). Cheap sé an bonn neomatach don rothar i 1845 agus fuair paitinní air i 1888. Bhunaigh sé a chomhlacht déantúsaíochta i 1889, agus d'athraigh an t-ainm go dtí Dunlop Rubber i 1900.
132
Dùnrath. Is baile é Dùnrath atá suite ar chósta thuaidh Ghallibh i gComhairle na Gàidhealtachd. Bhí caisleán ann tráth, mar a léiríonn an logainm "dún rath ", a bhí faoi úinéireacht William Sinclair as Dùn Bheathadh sa bhliain 1614 agus a raibh daoine ina gcónaí ann go dtí 1863, ach níl ann anois ach fothrach. Idir 1942 agus 1944 tógadh aerpháirc ann agus ó na 1950idí bhí dhá ghléasra núicléacha ar shuíomh na haerpháirce, chun iarracht a dhéanamh mear-imoibreoir pórúcháin a fhorbairt agus a tháirgeadh, cineál stáisiún cumhachta, agus chun imoibreoirí a thástáil le haghaidh fomhuirí. Tá an chuid is mó de na háiseanna seo dúnta anois agus á ndíchoimisiúnú faoi chonradh deich mbliana ag tosú in 2023, ag críochnú le láithreán páirce donn a chruthú, a aistreofaí chuig An tÚdarás um Dhíchoimisiúnú Núicléach.
352
DuPont. Clann tionsclaíochta Fhrancach-Mheiriceánach, le comhlachtaí tábhachtacha déantúsaíochta le beagnach 300 bliain i stát Delaware. I measc a gcuid táirgí tá púdar gunna, snáithíní, plaistigh is ceimiceáin. Baill thábhachtacha den chlann ab ea Pierre Samuel (1739-1817), Eleuthere Irenée (1771-1834), Henry (1812-1889), Lammot (1880-1952), is Pierre Samuel (1870-1954).
148
Dúrabhán. Ithir atá éasca le saothrú, meascáin éagsúla gainimh, cré is húmais. Is breá le gairneoirí dúrabháin ghainmheacha, mar go mbíonn siad maith chun draenála is barra a tháirgeadh go luath sa séasúr.
91
Dúralúman. An trádainm ar chóimhiotal alúmanaim (90%) le copar (4%) agus céatadáin bheaga maignéisiam is mangainéise. Úsáidtear é i dtionscal na n-aerárthach.
69
Dúram. Cineál cruithneachta ("Triticum durum") atá i ndúram. Tá toilleadh mór próitéine ann a n-úsáidtear an plúr uaithi le haghaidh pasta. Is crua an plúr seo ná ó chineálacha eile cruithneachta a úsáidtear le harán a bhácáil.
96
Gerald Malcolm Durrell. Míoleolaí, scríbhneoir is craoltóir Briotanach a rugadh i Jamshedpur na hIndia ab ea Gerald Malcolm Durrell (1925-1995). I measc a scríbhinní tá "My Family and Other Animals" (Mo Chlann is Ainmhithe Eile, 1956) agus "Birds, Beasts and Relatives" (Éanlaith, Beithígh is Gaolta, 1969).
115
Dúrúcúlaí. Moncaí oíchí ón Domhan Úr. An t-eireaball fada, na súile mór, an ceann sféarúil. Ní féidir leis dathanna a aithint. Gluaiseann go ciúin. An t-aon mhoncaí oíchí amháin. Coinnítear mar pheata é chun lucha is feithidí a choinneáil faoi smacht.
114
Thunder Bay. Cathair in iarthuaisceart Ontario, i gCeanada, is ea Thunder Bay. Tá an chathair suite ag ceann Loch Superior. Tá calafort sách mór ann. Bhí 108,359 duine ina gcónaí in Thunder Bay sa bhliain 2011, agus 121,596 sa cheantar uirbeach ar fad. Nasc seachtrach. Suíomh oifigiúil Thunder Bay
107
Bernadette Devlin (McAliskey). Tá cáil ar Bernadette Devlin (nó Bernadette McAliskey mar a ghlaotar uirthi uaireanta) mar an bhean is óige le bheith tofa i bParlaimint na Breataine. Rugadh Josephine Bernadette Devlin McAliskey () ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Sa bhliain 2013, bhí sí ag obair le Clár Cumasaithe Thír Eoghan Theas a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann. Tús a saoil. Rugadh Bernadette ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Ba í an tríú páiste a rugadh do John James Devlin agus Elizabeth Bernadette Devlin (seisear paistí acu san iomlán). Fuair athair Bernadette bás nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois agus chaill sí a máthair chomh maith naoi mbliana i ndiaidh sin agus í ocht mbliana déag d’aois. D’fhreastail sí ar Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain agus lean sí ar aghaidh lena saol acadúil in Ollscoil na Banríona, áit a ndearna sí staidéar ar an tsíceolaíocht. Caitheadh amach ón ollscoil í ina bliain dheireanach mar gheall ar a rannpháirtíocht le "People’s Democracy". Tús a saoil polaitíochta. Ar 5 Deireadh Fómhair 1968 d’eagraigh an Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann máirseáil ag agóid i gcoinne leithcheal ar Chaitlicigh. Dar le Bernadette, d’aithrigh an máirseáil sin agus an méid a tharla ann a tuairimí faoi chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann, "Until then I thought of policemen as the ones who kept the rowdy drinkers in line at my grandmother's pub." Mhaígh daoine áirithe go raibh siad ag iarraidh trioblóid a chruthú leis na póilíní ach deir Bernadette go raibh sí ann ar bonn síochána amháin. Thuairisc sna nuachtáin gur rinne Constáblacht Ríoga na hÉireann ruadhar le bataí ar na daoine a raibh ag máirseáil ach dar léi, "this wasn't a baton charge...This was a pent-up hatred. This was naked violence. This was three or four men with long cudgels standing over someone on the ground and hitting and hitting them. I ndiaidh a bhfaca sí ar an lá sin, ghlac sí páirt i mbunadh fheachtas radacach na mac léinn agus eagraíocht cearta sibhialta People’s Democracy. Mar a deir sí féin "the beginning of it all. I can still see, in my mind, the absolute hatred on the faces of police officers. My understanding of the society I was in was irrevocably changed." Tharraing an feachtas seo go leor aird orthu féin ó na meáin sa Tuaisceart ach go háirithe. Glaodh ‘Castro in a mini-skirt’ uirthi sna meáin agus péinteáladh múrmhaisiú di ar thaobh tí in ‘Doire Saor’. Ag an am sin, bhí sí sa bhliain deirí dá céim sa tsíceolaíocht ach caitheadh amach ón ollscoil í de bharr a róil leis an bhfeachtas. Teachta Parlaminte. Níor chuir sé seo stop léi agus lean Bernadette ar aghaidh le ról níos gníomhaí a ghlacadh sa troid ar son cearta na gCaithliceach sa Tuisceart. Tar éis gur theip uirthi ina céad iarracht a bheith tofa in Olltoghchán Thuaisceart Éireann i gcoinne James Chichestre-Clark, d’éirigh léi áit a fháil i bparlaimint na Breataine in 1969 ag seasamh do na Sóisialaigh. Nuair a fuair George Forrest, ionadaí an Meán-Uladh, bás ag deireadh 1968 phioc an Pháirtí Aontachtach a bhaintreach, Anna Forrest, le seasamh ina áit san fhothoghchán a tharlódh mar thoradh ar a bhás. Faoin am sin, bhí páirt lárnach ag Bernadette in "People’s Democracy" agus roghnaíodh í mar ionadaí Unity don taobh náisiúnach. D’éirigh léi tromlach sásúil a fháil leis an bhfothoghchán a bhuachan ar an 17 Aibreán 1969.. Agus í ag glacadh lena suíochán don chéad uair ar a dara breithlá is fiche, ba í an duine is óige le beith tofa don Pharlaimint go dtí sin (buaileadh í i 2015). Ar a céad lá thug sí faoi a céad óráid chomh maith nach uair ón am a thosaigh sí. Rinne an Teachta Parlaiminte Coimeádach Sir Norman St John Stevas cur síos ar an óráid mar ‘electrifying’. Deirtear gur thuig air-Uachtarán na Stáit Aontaithe Bill Clinton go raibh sé ag iarraidh a bheith ina pholaiteoir tar éis a céad óráid a chloisteáil . Na Trioblóidí. Cath Thaobh an Bhogaigh. Ghlac Bernadette páirt i gCath Thaobh an Bhogaigh i mí Lúnasa 1969 a rinne iarracht na póilíní a choinneáil amach ó thaobh Caitliceach an Bhogaigh. Go luath i ndiaidh, thaisteal sí go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar chas sí le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus ar thugadh eochracha chathair Nua-Eabhrac di. Thug sí na heochracha sin do Pháirtí an Phanthair Dhuibh. Nuair a tháinig sí ar ais go Tuaisceart Éireann, gabhadh í agus cuireadh pionós sé mhí i bpríosún uirthi mar gheall ar an ról ar ghlac sí i gCath Thaobh an Bhogaigh. Ceithre mhí dhéag ina dhiaidh di an fothoghchán a bhuacán, tharla toghchán eile i Meán-Uladh. Faoin am seo, buíochas le Cath Thaobh an Bhogaigh agus an seal ar chaith sí i bpríosún bhí prófíl níos airde ag Bernadette sa cheantar agus bhí an tromlach de 6,000 vóta aici. Cé gur sheas sí le Unity le linn an toghcháin, bheartaigh sí go suífidh sí sa Pharlaimint mar Shóisialach Neamhspleách. Sa bhliain chéanna, scríobh sí a dírbheathaisnéis The Price of My Soul faoi fhréamhaí a gníomhaíochais agus staid na sochaí i dTuaisceart Éireann agus í ag fás aníos . Domhnach na Fola. I mí Eanáir 1972, bhí Bernadette ar tí óráid a thabhairt do dhaoine ag máirseáil i nDoire nuair a thosaigh an Reisimint Parasiútach ag scaoileadh urchar ar an slua a bhí i láthair ag marú ceithre duine dhéag. Tháinig aithne ar an lá seo mar Domhnach na Fola. An lá dár gcionn agus í ag éisteacht leis an Rúnaí Baile, Reginald Maudling, ag rá go raibh an reisimint ag gníomhú ar bonn féinchoisint, bhuail sí é ag screadáíl ‘Murderous Hypocrite’. An Páirtí Sóisialach Poblachtach. Níor éirigh le Bernadette an toghchán in 1974 a bhuachan. Faoin am seo bhí roinnt mhaith tacaíochta Caitlicigh caillte ag Bernadette mar gur rugadh iníon neamhdhlisteanach di (agus don fhear a phósfaidh sí i gceann cúpla bliain) in 1971. Ach bhí Bernadette agus a fear céile Michael McAliskey (in éineacht le Seamus Costello) ina mbunaitheoirí den Pháirtí Sóisialach Poblachtach. Scair siad ón gcuid oifigiúil de Sinn Féin leis an bpáirtí sóisialach seo a thosú. Bhí Bernadette ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí in 1975. Ach d’éirigh sí as nuair a chaill togra a mhol go mbeadh an INLA faoi réir an pháirtí. Ghabh sí páirt le Páirtí Neamhspleách Sóisialach in 1977 ach scoir siad an bhliain dár gcionn. Toghchán Pharlaimint na hEorpa. I 1979, sheas Bernadette McAliskey sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa de bhun tacaíocht a thabhairt do na príosúnaigh a bhí i mbun agóide agus bhain sí amach 5.9% den vóta i dTuaisceart Éireann, cé gur iarr Sinn Féin go ndéanfaí baghcat ar an toghchán seo. Stailc Ocrais. Bhí ról ag Bernadette san fheachtas H-bhloc a thosaigh sna seachtóidí nuair a cuireadh deireadh le stádas phríosúnaigh polaitíochta a thabhairt do Náisiúnaithe i bpríosún. Sheas sí mar iarrthóir neamhspleách ar son príosúnaigh ar agóid shalach agus ar agóid blaincéid i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa in 1979. Bhuaigh sí 5.9% den vóta. Ba í an príomh-urlabhraí ar an bhfeachtas "Smash H-Block" a thug tacaíocht don stailc ocrais in 1980 agus 1981. I 1980/1981, bhí díospóireacht i measc náisiúnaithe agus poblachtaigh faoi cén duine ba chóir a chur san iomaíocht sa toghchán Westminster 1981. Dúirt Austin Currie ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) go mbeadh suim aige féin dul san iomaíocht agus dúirt Bernadette McAliskey agus deartháir Frank Maguire, Noel, go mbeadh suim acusan freisin dul ar aghaidh. I ndiaidh idirbheartaíochta agus bagairtí intuigthe a bheith déanta ar Noel Maguire, socraíodh gan an vóta náisiúnach a scoilt trí dhul san iomaíocht sa toghchán. Sheas Sands mar iarrthóir Frith H Bhloc i gcoinne Harry West, an t-iarrthóir a chuir Páirtí Aontachtach Uladh chun cinn. Lámhach Dílseora. Ba bheag nár maraíodh í in 1981 nuair a rinne an Cumann Cosanta Uladh iarracht í a fheallmharú. Briseadh isteach sa teach teaghlaigh acu amach faoin tuaithe. Scaoileadh dhá urchair ar a fear céile Micheál. Bhí Bernadette gortaithe sa leis, lámh agus sa chliabhrach nuair a chuaigh sí leis na páistí a dhúiseacht. Gabhadh triúir i ndiaidh. Toghcháin Dháil Éireann. Níos déanaí ina saol, shead Devlin i dtoghchán Dháil Éireann. In 1982, theip uirthi faoi dhó a bheith tofa sa thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár. Na Stáit Aontaithe. In 2003, diúltaíodh cead di taisteal go dtí na Stáit Aontaithe agus seoladh abhaile í cé gur thaisteal sí chuig an tír go minic roimhe seo. Dúradh léi gur bagairt tromchúiseach a bhí inti do chúrsaí slándála sna Stáit Aontaithe. Tugadh an sé mhí ar chaith sí i bpríosún tar éis Cath Thaobh an Bhogaigh mar chúis leis. Saol Pearsanta. Phós Bernadette le Michael McAliskey (múinteoir) sa bhliain 1973. Tá triúr páistí acu: Róisín Elizabeth McAliskey, Deirdre McAliskey agus páiste eile. Rugadh Róisín dóibh sular phós siad, rud a chaill go leor tacaíochta do Bhernadette ó Chaitlicigh sa Tuaisceart. Gabhadh a hiníon Róisín McAliskey (a bhí ar thoircheas ag an am) sa Ghearmáin sa bhliain 1996 ar chúis ceangal amhrasta leis an IRA agus go háirithe le buamáil ar Dhún Arm na Breataine. Labhair Bernadette go láidir ar son a hiníne leis na meáin. Ag an bhFéile Scannánaíochta Cannes sa bhliain 2008, fógraíodh go ndéanfar scannán faoi a saol darb ainm ‘The Roaring Girl’. Cuireadh deireadh leis an smaoineamh tar éis gearán ón mbean í féin. Sa bhliain 2013, bhí McAliskey ag obair leis an gClár Cumasaithe Thír Eoghan Theas (STEP), bunaithe sa bhliain 1997 atá lonnaithe i nDún Geanainn agus a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann.
3,685
Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath. Is tollán suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.
44
Acra an Bhulaí. Is reilig suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Acra an Bhulaí ().
31
Balla an Bhulla. Is balla suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Balla an Bhulla.
29
Busáras. Is é Busáras (nó Áras Mhic Dhiarmada mar a thugtar go hoifigiúil ar an bhfoirgneamh) an príomhstáisiún bus i mBaile Átha Cliath. An stáisiún is mó de chuid Bhus Éireann atá ann. Stopann Líne Dhearg an Luais ag Busáras chomh maith.
100
Balla an Bhulla Theas. Is balla suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Balla an Bhulla Theas.
33
Coláiste Ailbhe. Is foirgneamh suite in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, gContae Bhaile Átha Cliath é Coláiste Ailbhe.
51
Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla. Is foirgneamh cúirte é na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla (Béarla: "The Criminal Courts of Justice") atá suite i mBaile Átha Cliath. Ní éistear ann ach cásanna coiriúla amháin. Tá sé suite in aice le Páirc an Fhionnuisce, ar Shráid Gheata na Páirce. Osclaíodh é go hoifigiúil in Eanáir 2010, agus as sin amach is é an príomhlonnaíocht le haghaidh éisteachtaí cásanna coiriúla i mBaile Átha Cliath.
180
Coláiste Ríoga na hEolaíochta d'Éirinn. Ba choláiste suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Coláiste Ríoga na hEolaíochta d'Éirinn (Béarla: "Royal College of Science for Ireland" ).
70
Peter Dinklage. Is aisteoir agus fuirseoir Meiriceánach é Peter Hayden Dinklage, a rugadh sa bhliain 1969.
38
Cumhachtstáisiún an Phoill Bhig. Is stáisiún giniúna suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Cumhachtstáisiún an Phoill Bhig.
51
Caisleán Charraig Mhaighin. Is suíomh seandálaíochta suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Caisleán Charraig Mhaighin.
47
An Ceoláras Náisiúnta. Is halla ceoil atá suite ar Ardán Phort an Iarla i gContae Bhaile Átha Cliath é 'An Ceoláras Náisiúnta.
53
Banc na Cise. Is dumhach suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Banc na Cise.
29
Caisleán Shoird. Is caisleán suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Caisleán Shoird. Tógadh an caisleán mar mhainéar d'Ard-easpag Bhaile Átha Cliath John Comyn timpeall na bliana 1200 nó b'fhéidir beagán níos déanaí i Sord, go díreach lastuaidh de Bhaile Átha Cliath. Ar thalamh an tséipéil Phrotastúnaigh tá dhá thúr, túr cruinn ar airde 82 throigh ón Il ú haois, agus, i ngar dó, túr cearnógach, a bhfuil fágtha de shéipéal ón 15ú haois. Soir leat go Mullach Íde agus an Caisleán, ar le c1ann Talbot é ó  1185 go dtí 1973. Tá an Seomra Darach ann mar a bhfuil painéil snoite ón 16ú haois agus ón 17ú haois agus tá portráidí sna seomraí ó Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Tá gairdíní leagtha amach ar fhiche acra mar a bhfásann roinnt mílte saghsanna éagsúla plandaí, cuid mhór acu ón Astrá.
333
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Ba chomhairle de Chontae Bhaile Átha Cliath í Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath.
44
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Is comhairle i mBaile Átha Cliath í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá 63 comhairleoirí tofa i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
70
Bardas Bhaile Átha Cliath. Ba rialtas na cathair Baile Átha Cliath é Bardas Bhaile Átha Cliath.
36
Dún Uí Choileáin. Is iar-bheairicí mhíleata suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Dún Uí Choileáin.
42
Grúdlann Gheata San Séamuis. Is grúdlann suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Grúdlann Gheata San Séamuis.
43
Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath. Is ionad cathrach i mBaile Átha Cliath é Halla na Cathrach, atá suite ar bharr Shráid na Parlaiminte i lár na cathrach, in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath. An Malartán Ríoga a thugtaí i dtús báire air ("Royal Exchange" i mBéarla), agus é deartha ag Thomas Cooley agus tógtha idir 1769 agus 1779. Sheas rialtas an lae an costas a bhain leis chun ionad a chuir ar fáil do lucht gnó na cathrach agus na tíre araon.
174
Mainistir na Gráinsí. Ba shéipéal suite i gContae Bhaile Átha Cliath í Mainistir na Gráinsí.
37
Mainistir Mhuire. Ba mhainistir suite i gContae Bhaile Átha Cliath í Mainistir Mhuire.
33
Ospidéal Ríochta Chill Mhaighneann. Is foirgneamh suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Ospidéal Ríochta Chill Mhaighneann.
51
Roinn an Taoisigh. Is í Roinn an Taoisigh roinn rialtais Thaoisigh na hÉireann. Tá an roinn lonnaithe i dTithe an Rialtais, ceanncheathrú an rialtais ar Shráid Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Cruthaíodh an roinn ar an 29 Nollaig 1937 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar "Roinn an Uachtaráin ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann", mar a bhíodh sé i laethanta an tSaorstáit.
156
René Dutrochet. Fiseolaí a rugadh i Néon na Fraince ab ea René Joachim Henri Dutrochet (14 Samhain 1776 – 4 Feabhra 1874). An chéad duine a rinne staidéar ar osmóis is a feidhmeanna sa bhitheolaíocht. Thug sé an t-ainm don fheiniméan.
99
Antonín Dvořák. Cumadóir ceoil a rugadh gar do Phrág ab ea Antonin Leopold Dvořák (8 Meán Fómhair 1841 - 1 Bealtaine 1904). Struchtúr clasaiceach ina chuid ceoil, ach anáil láidir Shlavónach. Bhain sé cáil idirnáisiúnta lena "Stabat Mater" (Sheas an Mháthair, 1880). Scríobh sé a 9ú siansa, "Z nového světa" (Ón Domhan Úr, 1893) sna Stáit Aontaithe.
149
Freeman John Dyson. Fisicí a rugadh i gCrowthorne Shasana ab ea Freeman John Dyson (a rugadh ar 15 Nollaig 1923 - 28 Feabhra 2020). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe an chuid is mó dá shaolré, ag an Institute for Advanced Studies in Princeton New Jersey sa chuid ba mhó. Rinne sé taighde bunúsach ar an teoiric chandamach is an leictridinimic chandamach, ar chobhsaíocht damhna go háirithe. Chuidigh sé leis an díospóireacht phoiblí ar cheisteanna eolaíochta freisin.
165
Diospyros. Is géineas crann síorghlas nó duillsilteach é Diospyros. Tá siad dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha, i bhforaoisí báistí na machairí den chuid is mó. Malartaíonn na duilleoga agus déanann craobhacha leacaithe. Tá na bláthanna neamhghnéasach, ina n-aonar nó i gcrobhaingí beaga in ascaillí duilleog, prócachruthach le 3 nó 5 liopa leata, bán, buí nó scothdhearg. Is é dátphluma an toradh, caor ar chailís sheasmhach. Sa chuid is mó de na gnéithe bíonn an t-adhmad bán seachtrach bog, ach an croí dubh adhmaid, éabhann na trádála, an-chrua. Timpeall 700 speiceas, cuid mhaith díobh saothraithe as an adhmad sármhaith is na torthaí inite.
269
Eabhar. Píosaí de starrfhiacail eilifinte nó rosuailt a nglactar leo mar ábhar luachmhar in an-chuid cultúr. Dealbhaíodh ornáidí, seodra is earraí reiligiúnda as chomh fada siar leis an 15ú céad RC sa tSín, ina dhiaidh sin ag na Gréagaigh is na Rómhánaigh. Is as eabhar an chuid is mó den dealbhóireacht ar mhionscála is fearr a mhair ón Meánaois. In úsáid go fairsing i gcomhair earraí sómasacha go dtí le déanaí, nuair a laghdaíodh go mór a sholáthar ar eagla go raibh na heilifintí á ndíobhadh ag sealgairí eabhair.
219
Éabhlóid réaltach. Is ord eachtraí is athruithe i dtimthriall iomlán beatha réalta í an éabhlóid réaltach. Is í an phríomhstaid san éabhlóid ídiú núicléach na hidrigine ina héiliam, le fuascailt fuinnimh iarmharaigh. Faoi dheireadh bíonn an hidrigin ídithe, agus an réalta ina fathach dearg. I staideanna deireanacha na héabhlóide seo, braitheann an bealach éabhlóide ar leith ar mhais na réalta: cruthú abhaic bháin (réalta de mhais cosúil le mais na Gréine), cruthú neodrónréalta (de mhais níos mó ná timpeall 5 oiread na Gréine), nó cruthú ollnóva (na deicheanna d'oiread na Gréine).
237
Éabhlóideachas. Is é is éabhlóideachas ann smaointeoireacht, a bhíodh coitianta go leor sa 19ú céad, go raibh sé cinnte go bhfeabhsódh gach orgánach—agus gach duine aonair, gach cine, fiú gach sochaí — é féin go hintreach, go mbeadh na feabhsuithe sin forásach, agus go dtarchuirfí na hathruithe go nádúrtha géiniteach don chéad ghlúin eile.
139
Each-chumhacht choiscthe. Is seanaonad cumhachta é each-chumhacht choiscthe, an chumhacht a sholáthraítear do sheafta an innill roimh í a tharchur do threalamh is meaisíní eile le hobair áisiúil a déanamh. Maidir le meánghluaisteán, bheadh each-chumhacht choiscthe timpeall 60-80 bhp á giniúint, agus in inneall mór díosail ar thancaer, timpeall 40,000 bhp.
143
Each-chumhacht. Is aonad cumhachta (an ráta faoi mar dhéantar obair) í Each-chumhacht.
35
Titus Brandsma. Ba Cairmilíteach ón Ísiltír é Títus Brandsma a cuireadh chun báis i Dachau sa bhliain 1942. Luathshaol. Rugadh Anno Sjoerd Brandsma i bhFreisland ar 23 Feabhra 1881, Feirmeoirí beaga ba ea na Brandsma, agus Caitlicigh chomh maith, rud annamh sa cheantar sin. Ba í an Fhreaslainnis an teanga dúchais acu. Chuaigh Brandsma isteach san Ord Caimilíteach sa bhliain 1898, agus ghlac sé an t-ainm Títus. Rinne sé staidéar ar an fhealsúnacht agus diagacht agus bhain sé céim dochtúireachta amach i 1909. D'éirigh sé ina ollamh in Ollscoil Caitiliceach Nijmegen agus ina reachtaire ann ar feadh seal. Ag an am céanna, bhí sé ina iriseoir. In Éirinn. D'fhan Brandsma i mBaile Átha Cliath sa phobal Cairmilíteach i Sráid na mBráthair Bán agus i gCionn tSáile nuair a bhí an Béarla a fhoghlaim aige. Feallmharú. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ní raibh na nEaspaig san Ísiltír sásta bolscaireacht "sóisialach náisiúnta" a fhoilsiú. Bhí Brandsma ag áitiú ar eagarthóirí na nuachtán Caitliceach san Ollainn gan forógraí bolscaireachta na Naitsithe a chur i gcló. Cimíodh Brandsma i Eanáir 1942. Cuireadh isteach i campaí géibhinn áirithe ina rinneadh turgnamh leighis air. Bhris a shláinte agus cuireadh chun báis é le hinstealladh nimhneach ar 26 Iúil 1942. Thug an Pápa Eoin Pól II an teideal 'beannaithe' dó sa bhliain 1985. Rinne an Pápa Froinnsias naomh de i 2022. Tá an iris Chaitliceach Éireannach "The Brandsma Review", a bhunaíodh in 1992, ainmnithe ina onóir.
601
Tor an Bhacaigh. Is áit lonnaithe suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Tor an Bhacaigh.
33
Roth Átha Cliath. Ba roth ferris suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Roth Átha Cliath.
32
The Brandsma Review. Iris Chaitiliceach den eite dheis í The Brandsma Review atá á fhoilsiú in Éirinn. Bunaíodh an iris i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1992 tar éis "Cás X" (ginmhilleadh). Tá an iris ainmnithe in ómós do Títus Brandsma, sagart Ollannach Cairmíliteach. Rinne sé staidéar ar an mBéarla i Sráid na mBráthar Bán i mBaile Átha Cliath agus chuir na Naitsithe chun báis é i Dachau sa bhliain 1942. Tá mana Laidinne ag an iris "Pro Vita, Pro Ecclesia Dei et Pro Hibernia" a chiallaíonn go bhfuil an iris in aghaidh an ghinmhillte, ar son Eaglais Dé agus ar son na hÉireann. Glacadh an teideal "Ecclesia Dé" ó thréadlitir de chuid Eoin Pól II i leith an Aifrinn Laidinigh in 1988. Bhí Nioclás Ó Labhraigh ina eagarthóir idir 1992 agus 2011, agus Peadar Laighléis ó 2012.
311
Páirc an Choláiste. Is tailte cruicéid suite i gContae Bhaile Átha Cliath í Páirc an Choláiste.
39
An Roinn Airgeadais. Is roinn de chuid Rialtas na hÉireann í an Roinn Airgeadais, suite i mBaile Átha Cliath i gContae Bhaile Átha Cliath.
55
An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe. Is roinn rialtais de chuid Rialtas na hÉireann í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, suite i mBaile Átha Cliath.
89
Stáisiún Heuston. Is stáisiún traenach de chuid Iarnród Éireann é Stáisiún Heuston atá suite i gContae Bhaile Átha Cliath.
49
An Stad. Ba theach lóistín ar Shráid Frederick Thuaidh, an Rotunda, Baile Átha Cliath 1, é An Stad. Ghnáthaigh go leor daoine mór le rá é, ina measc Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann, Arthur Griffith, bunaitheoir Shinn Féin, an t-údar James Joyce, Mícheál Ó Cíosóig, bunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael, an scríbhneoir Breandán Ó Beacháin agus an file William Butler Yeats. Siopa tobac, teach lóistín, bialann, agus áit chruinnithe a bhí ann agus bhí tionchar leathan ag a chuid aíonna ar ghluaiseacht náisiúnach na hÉireann, ar shaothair litríochta a bhfuil clú agus cáil orthu, agus ar fhorbairt spóirt na hÉireann go luath san 20ú haois. Tá sé lonnaithe i bhfoirgnimh éagsúla ar Shráid Frederick Thuaidh, uimhreacha 1B, 9 agus 30 ina measc.
300
Stuara Shráid Sheoirse. Is ionad siopadóireachta suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Stuara Shráid Sheoirse.
44
Staid Aviva. Aviva Stadium (Staid Aviva) an t-ainm ar an staidiam ina n-imríonn foirne idirnáisiúnta Sacair agus Rugbaí na hÉireann. Tá sé lonnaithe i nDroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath in Éirinn. Tugadh an tionscadal chun críche i 2010 agus osclaíodh é ar 14ú Bealtaine. Imríodh an chéad chluiche sa staid ar an 7ú Lúnasa, cluiche rugbaí idir dhá fhoireann mheasctha: Cúige Laighean/Cúige Ulaidh in aghaidh Cúige Chonnacht/Cúige Mumhan. 51,700 duine atá mar thoilleadh aige agus suíocháin ar fad atá ann, gan áit ar bith le seasamh. Is iad atá mar phríomh-thionóntaí an staidiam ná Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann agus Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann. Tá an staid tógtha ar shuíomh Bhóthair Lansdúin.
312
An Staidiam Náisiúnta. Is ionad dornálaíochta suite i gContae Bhaile Átha Cliath é an Staidiam Náisiúnta.
43
Éadulaingt lachtóis. Riocht a tharlaíonn de bharr easpa lachtáise i líneáil na stéige is ea éadulaingt lachtóis. Einsím is ea lachtáis a dhíleánn lachtós, an próitéin a fhaightear i mbainne. Ina éagmais, tarlaíonn séideadh don bholg, crampaí, agus buinneach. Is féidir na siomptóim a mhaolú ach earraí bainne a sheachaint.
133
An tEagar Ollmhór. Is é an tEagar Ollmhór an radaiteileascóp is mó ar Domhan, gar do Socorro, Nua-Mheicsiceo. Tá 27 mias glactha sa VLA (cró ollmhór), gach ceann níos mó ná 45 m ar trastomhas agus iad nasctha le chéile go leictreonach. Táthar tar éis Mars agus Satarn is a fháinní a mhapáil le radar tríd an radaiteileascóp seo a úsáid mar ghlacadóir, agus na bíoga scanaidh a tharchur ó aonad de chuid NASA i nGoldstone, California ar dtús. Tá staidéar á dhéanamh freisin ar struchtúir na néalta gásach inár réaltra, agus radairéaltraí is cuasáir i bhfad i gcéin.
228
Ragcheol. Ceol sioncóipithe ó na Stáit Aontaithe a bhí coitianta i 1890-1920, nuair a tháinig snagcheol chun cinn ina ionad, faoi anáil an ragcheoil. I gcontrárthacht le hamhrán coitianta Irving Berlin, "Alexander's Rag-Time Band" (Banna Ragcheoil Alastair, 1911), don phianó is mó a cumadh dreasa ragcheoil, agus scaipeadh ragcheol i measc an phobail ag Scott Joplin is pianódóirí/cumadóirí eile. Ba é an scoláire, pianódóir is cumadóir Joshua Rifkin a bhí go mór taobh thiar d'athbheochan an ragcheoil ó 1970 ar aghaidh.
207
Eaglais halla. Ailtireacht eaglaise a tugadh isteach sa Ghearmáin san 11ú céad ina raibh an taobhroinn is an corp ar comhairde. gan croslanna ná córlann ar leith.
63
Eagraí leictreonach pearsanta. Feiste leictreonach láimhe a fheidhmíonn mar chóras comhadaithe is innéacsaithe d'eolas pearsanta mar a bheadh i leabhar seoltaí nó dialann. De ghnáth bíonn scáileán beag air chun eolas a léiriú, agus méarchlár chun carachtair alfa-uimhriúla a ionchur. Uaireanta bíonn pointeoir nó feiste cosúil le peann, agus cumas aige lámhscribhinn a aithint. Ní hionann is ríomhaire pearsanta, ní bhíonn sé inchláraithe ag an úsáideoir.
176
Eagraíocht an Ghéanóim Dhaonna. Is é Eagraíocht an Ghéanóim Dhaonna (HUGO) an chéad ghrúpa idirnáisiúnta chun gníomhaíochtaí a bhaineann le scéim an ghéanóim dhaonna a chomhordú. Bunaíodh i 1989 í, agus eagraíonn sí saotharlanna, rochtain ar bhunachair sonraí, scaipeadh eolais, agus bróicéireacht ar mhaoiniú speisialta. A lárionad sa Ghinéiv, agus an phríomhoifig i Londain.
167
An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta. Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a phléann le talmhaíocht is cothú is ea an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta nó Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (an EBT nó an FAO, "Food and Agriculture Organisation"). Bunaíodh ar an 16 Deireadh Fómhair 1945 í, agus tá a príomhoifig sa Róimh. Stiúrann an EBT taighde is suirbhéanna, foilsíonn staitisticí i leith talmhaíochta, foraoiseachta is iascaireachta, a dtáirgí is a ndáileadh. Soláthraíonn an EBT cabhair theicniúil chun táirgiúlacht sna réimsí seo a fheabhsú, gorta a sheachaint, agus caighdeán beatha daoine faoin tuath a chur chun cinn. Stiúrann sí taighde ar chothú, agus foilsíonn caighdeáin cothaithe is réamh-mheastacháin ar riachtanais is soláthar bia ar fud an domhain. Ceiliúrtar an "Lá Domhanda Bia" ar an 16 Deireadh Fómhair gach blain.
360
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Gníomhaireacht a bunaíodh taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe i 1948 chun comhoibriú idirnáisiúnta i bhfeabhsú shláinte na ndaoine a chur chun cinn is ea an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ("World Health Organization" nó "WHO"). Ról. Pléann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le ceisteanna cosúil le smacht a chur ar eipidéimí tógálacha, vacsaíniú is cláir eile, sláintíocht, soláthairtí uisce is bia, srl. D'éirigh léi deireadh a chur leis an mbolgach. Feidhmíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar áras imréitithe i leith eolais ar théamaí cosúil le drugaí, baoil núicléacha, agus taighde ar ailse. Eagraíocht. Tá timpeall 190 tír mar bhaill ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tá a príomhoifig sa Ghinéiv. Stair. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar 9 Nollaig 1979 go raibh an bholgach díothaithe.
347
Ealaín Cheanada. Ealaín ón 17ú céad agus eilimintí Eorpacha — Francach den chuid is mó — measctha le heilimintí áitiúla. Eaglaisí ón 18ú céad le stíleanna na Breataine Seoirsí is na gcoilíneachtaí Meiriceánacha. I stíl na hAthbheocana Gotaí atá Foirgneamh na Parlaiminte le Thomas Fuller in Ottawa (timpeall 1859). Bunaíodh Acadamh Ríoga Cheanada agus Gailearaí Náisiúnta Cheanada i 1880. I ndiaidh lár an 20ú céad bhí tionchar ag gluaiseachtaí avant garde ar an ealaín, ach roimhe sin ní raibh ach rian den impriseanachas ann.
208
Ealaín Choptach. Is ealaín Choptach í an stíl ealaíne a bhí i réim san Éigipt sa 5ú-8ú céad. Críostaithe ab ea na Coptaigh, agus bhí tionchair Rómhánacha, Bhiosántacha is Shíreacha ar a gcuid múrmhaiseadóireachta, teicstílí fite, is snoíodóireacht cloiche. I ndiaidh an 9ú céad tháinig an tionchar Ioslamach i gceannas san Éigipt.
140
Ealaín Chríostaí. Ealaín a bhain le forbairt na Críostaíochta ó timpeall 300 AD san Iodáil, a mhionathraigh stíl dhéanach na Róimhe ach le híocónagrafaíocht nua. Léiríonn freascónna ar chatacómaí na Róimhe, painéil le rilífí dealbhaithe ar sharcófagais, agus snoíodóireacht eabhartha chomh luath leis an 4ú céad bunábhair mar an Aoire Maith, Ióna is an Míol Mór, agus radhairc ó pháis Chríost. Níl crochadh Chríost san íocónagrafaíocht go dtí an 5ú céad. I maisiú lámhscríbhinní sa tréimhse, bhí meascán den nádúrachas clasaiceach is teibíocht an oirthir. Sa phéintéireacht painéil is luaithe, ón 7ú céad, bhí an Mhaighdean Mhuire is na naoimh mar théamaí.
287
Ealaín Éatrúscach. Ealaín a bhláthaigh sa 7ú-2ú céad RC sa réigiún mar a bhfuil an Tuscáin san Iodáil anois. Chuimsigh sí gnéithe Iodálacha, Gréagacha is oirthearacha. Faightear í i bpéintéireacht bhríomhar ildaite ar bhallaí tuamaí is sarcafagais dhealbhaithe, i bpotaireacht is miotalóireacht mhaisithe.
125
Ealaín Ghotach. Téarma a bhíodh in úsáid ag ealaíontóirí na hAthbheocana, agus an chiall ‘barbarach’ ag tagairt do stíleanna neamhchlasaiceacha na Meánaoise. Ón 19ú céad, is í an chiall chaighdeánach léi ná ealaín Eorpach an 12ú-15ú céad, a bheag nó a mhór.
117
Ealaín Ioslamach. Stíl mhaisithe theibí, i gcodarsnacht le healaín fhíortha Chríostaí, a saothraíodh mar sheirbhís don reiligiún. Thosaigh sí sa 7ú céad, agus scaip ón Meánoirthear don iarthar sa Spáinn, don oirthear san India is an tSín.
97