text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Dódó. Éan a bhí gaolmhar leis na colúir, atá imithe in éag. Dúchasach do na foraoisí arda ar Oileán Mhuirís san Aigéan Indiach. Cosúil le turcaí le gob mór is sciatháin bhuntúsacha. Meastar gur imigh na speicis dheireanacha in éag idir 1665 is 1761.
105
Peter Charles Doherty. Imdhíoneolaí a rugadh i mBrisbane na Astráile, a fuair amach i 1974, lena chomhghleacaí Rolf Zinkernagel, conas go beacht a aithníonn an córas imdhíonach cealla atá ionfhabhtaithe le víreas is ea Peter Charles Doherty (a rugadh ar 15 Deireadh Fómhair 1940). Bhuaigh siad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1996 as seo. Cheaptaí gur leor an víreas féin a bheith sa bhfuil chun an córas imdhíonachta a spreagadh chun feidhmithe, tríd an víreas a aithint mar antaigin ag antasubstaintí na fola is na T-chealla a chur á ndíothú. Ach bíonn na víris istigh i gcealla éagsúla, agus conas a d'aithneodh an córas na cealla infhabhtaithe thar na cealla sláintiúla? Thaispeáin na taighdeoirí nach ndéanann na T-chealla trodacha a gcuid oibre ach nuair a bhíonn dhá réamhchoinníoll ann: antaiginí ón víreas (nó ón mbaictéar), agus próitéiní histeachomhoiriúnacha cuí. Ba chéim mhór ar aghaidh an léargas seo chun modh oibre na himdhíonachta a mhíniú.
381
Doingean. Tugtar doingean ar chuid mhaith iasc den ord "perciformes", suas le 1.8 m ar fhad. An-tóir ag iascairí air, ar bhonn trádálach in áiteanna. Tá an doingean dúchasach feadh chósta Mheiriceá Thuaidh leis an Aigéin Atlantaigh. Tugadh isteach é cois cladaigh ar feadh cósta Mheiriceá Thuaidh leis an Aigéan Ciúin é freisin, chomh maith le roinnt locha ar fud na Stáit Aontaithe. Ina measc tá an doingean stríocach, an doingean fathachúil mara, an doingean ceilpe, an doingean stríocach gainimh, agus an doingean breac gainimh.
202
Edward Adelbert Doisy. Bithcheimicí a rugadh i Hume, Illinois ab ea Edward Adelbert Doisy (13 Samhain 1893–23 Deireadh Fómhair 1986). Bhain sé céim A.B. amach ó Ollscoil Illinois ag Urbana-Champaign (1914) agus céim M.S. ón ollscoil chéanna (1916). Fuair sé a dhochtúireacht ó Ollscoil Harvard sa bhliain 1920. Chaith sé formhór a shaol gairmiúil ag Ollscoil St. Louis, i Missouri. Rinne sé taighde ar atáirgeadh is hormóin i gcomhar le Edgar Allen. Léirigh sé airíonna ceimiceacha an oibreán téachtaithe vitimín K. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Henrik Dam sa bhliain 1943 as seo.
223
Dolaimít. Mianra, cumtha as carbónáit chailciam maignéisiam, (Ca, Mg)CO3. Úsáidtear an téarma céanna do charraigeacha dríodracha carbónáite ina bhfuil níos mó ná 50% dolaimíte. Cruthaítear í de ghnáth trí athrú cailcíte, CaCO3.
99
Éirí Amach 1641. Thosaigh Éirí Amach 1641 mar iarracht ar coup d'état a chur i bhfeidhm. B'é mionuaisle de bhunadh Chaitlicigh na hÉireann a thionscain an reibiliún, agus rinneadh iarracht riarachán na Sasanach in Éirinn a urghabháil agus lamháltas a bhrú ar son na gCaitliceach a bhí ina gcónaí faoi riail Shasana. Mar sin féin, theip ar an éirí amach ach lean sé ar aghaidh mar choinbhleachti eitneach, idir Caitlicigh dúchasacha Gaelacha ar thaobh amháin, agus lonnaitheoirí Protastúnacha Sasanacha agus Albanacha ar an taobh eile. Chuir an eachtra tús leis an choimhlint a dtugtar Cogadh na hAon-déag mBliana air. Thionscain imní mhór na gCaitliceach roimh ionradh i ngar ar Éireann, ag fórsaí frith-Chaitliceach ó Pharlaimint Fhada Shasana agus Cúanantóirí na hAlban, a bhí ag tabhairt dúshláin d'údarás an Rí Séarlas I Shasana. Ina dhiaidh sin, bhí amhras ag na reibiliúnaithe gur chabhraigh a gcomhlachas le Rí Shasana le tús a chur le Cogadh Cathartha Shasana. Dhiúltaigh Parlaimint Shasana agus na hAlban arm a bhailiú le haghaidh an reibiliúin a chur faoi chois, mura raibh sé faoina gceannasaíocht féin seachas an Rí. Cuireadh tús leis an éirí amach in Éirinn i Deireadh Fómhair 1641 agus lean roinnt míonna d'anord foréigneach go dtí gur bhunaigh uasaicmí agus cléir na gCaitliceach Éireannach an Chónaidhm Chaitliceach i samhradh na bliana 1642. Rinneadh rialtas 'de facto' sa chuid is mó d'Éirinn as an Chónaidhm Chaitliceach, saor ó rialú an riarachán Sasanach agus comhlínithe go scaoilte ar thaobh na ríogaí i gCogaí an Triúr Ríocht. Lean an cogadh ar aghaidh ina dhiaidh sin in Éirinn go dtí na 1650í, nuair a chloígh go cinntitheach Arm Oilibhéar Cromail, an Modh-Arm Nua, Caitlicigh agus Ríogaí na hÉireann, agus d'athghabhadh an tír. Údair. Theip an Stáit Shasanaigh in Éirinn scothaicme na nÉireannach dúchasach a chomhshamhlú, i ndiaidh concais Eilisigh agus na plandála a tháinig ina dhiaidh, ba chionsiocair leis na caismirte seo. Bhí daonra na hÉireann, roimh phlandáil Eilís roinnte de ghnáth ina Shean-Ghaeil agus ina Shean-Ghaill, nó sliocht na lonnaitheoirí Normannach de chuid sna meánaoiseanna. Bhí na grúpaí seo, i gcoimhlint go stairiúil, leis na gceantair ina raibh na Sasanaigh lonnaithe, mar shampla an Pháil timpeall Bhaile Átha Cliath, deisceart Loch Garman, agus bailte múrtha eile á neartaíodh i gcoinne na treibheanna tuaithe Gaelacha. Mar sin féin, san seachtú haois déag, bhí an scoilt chultúrtha idir na grúpaí seo ag laghdú, go háirithe ag leibhéil sóisialta na scothaicme de. Go leor de thiarnaí na Sasanach, ní amháin go raibh Gaeilge acu, ach bhí tarraingt mhór fhorleathan acu ar fhilíocht agus cheol na nGael, agus cuireadh síos orthu dá bharr sin mar "Hiberniores Hibernis ipsis" (níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin). Bhí idirphósadh eataru coitianta go leor freisin. Thairis sin, i ndiaidh choncas na nEilíseach, sainmhíníodh an daonra dúchasach i dtéarmaí an chreidimh chomhchoitinn a bhí acu, traidisiún Caitliceach Rómhánach, idirdhealaithe ó Eaglais Anglacánach nua agus ón Eaglais Albanach de chuid na lonnaitheoirí, agus an riarachán Sasanach in Éirinn, a bhí Protastúnach (Eaglais na hÉireann) go hoifigiúil. I rith na fiche nó tríocha bliain idir deireadh na gcogaí Eilíseacha, sa bhliain 1603 agus tús troda éirí amach 1641, bhí seasamh polaitiúil na gCaitliceach rachmasacha in Éirinn faoi bhagairt leanúnach ag rialtas na Sasanach in Éirinn. Plandálacha. D'fhág athghabháil na hÉireann, san 16ú agus sa luath 17ú haois, a lorg, ach go háirithe i gCúige Uladh agus i gCúige Mumhan, trí bhíthin na mórphlandálacha a bhí i bhfeidhm. Bhí oll-dhíshealbhaithe d'úinéirí talún Éireannacha, iad siúd a d'éirigh amach i gcoinne an choróin. Uaireanta díshealbhaíodh a n-oibrithe freisin, agus deonaíodh a gcuid talún ar choilínigh ó Shasana agus ó Albain. Bhí téarmaí na Plandála, go háirithe i gCúige Uladh, an-dhian ar an dhaonra dúchasach, agus ní raibh an ceart acu chun maoine nó chun talaimh a fháil ar cíos i limistéir na Plandála, nó freisin a bheith ag obair ar thalamh a bhí faoi úinéireacht ag lonnaitheoirí. B'é an éifeacht is mó a bhí ar seo ná díshealbhú na dtaoiseach Éireannach, mar shampla an Niallaigh agus na Domhnailligh, a theith na tíre i nImeacht na nIarlaí sa bhliain 1607. Dhíol tiarnaí Caitliceach eile, mar shampla Clann Aonghusa i gContae an Dúin, mórchuid dá gcuid talún chuig lonnaitheoirí nua faoi na 1630í. Fuair go leor de na 'Géanna Fiáine' nó 'deoraithe' (go háirithe Eoghan Rua Ó Néill) seirbhís mar ghallóglaigh nó shaighdiúirí tuarastail in airm na Spáinne agus na Fraince. Chuir siad pobal beag 'émigré' de chuid na hÉireann ar bun, a bhí naimhdeach go míleatach don stát in Éirinn, dar leo, a bhí i lámhaibh na bProtastúnach agus faoi smacht Shasana, ach chuir an dea-chaidreamh idir Sasana agus an Spáinn agus an Fhrainc i ndiaidh 1604 srian ar a dtionchar. In Éirinn féin, cé go raibh doicheall de bharr na plandála ar cheann de phríomhchúiseanna le ráig agus leathnú amach an éirí amach, fós féin, ba le Caitlicigh 60% de thalamh na tíre sa bhliain 1641. Reiligiún. Ní raibh an chuid is mó d'uasailaicme Chaitliceach na hÉireann i gcoinne fhlaithis an rí Shéarlais I ar fud na hÉireann, i dtaca le idé-eolaíocht de, agus bhí fonn orthu beith ina ngéillsinigh iomlán san mhonarcacht thriarach (Sasana, Albain, agus Éire), ach seasamh oirirc s'acu i sochaí na hÉireann a choimeád. Cuireadh cosc orthu mar gheall ar dhá fhachtóir, ar an chéad dul síos a n-easaontach creidimh, agus sa dara háit an bhagairt a bheadh rompu ag éirí as síneadh na bPlandálacha. Tar éis gur theip ar Chomhcheilg an Phúdair sa bhliain 1605, giorraíodh cearta na gCaitliceach saibhir in Éirinn go héagórach, mar nach raibh siad ar slí ar bith bainteach páirteach ar bith acu sa chomhcheilg. Sléachtanna. Reáchtáladh sléachtanna seicteach i gCúige Uladh go háirithe. Is iomaí Sasanach a chreid na scéalta uafásacha a bhí á scaipeadh. Rinneadh áibhéil ar an líon daoine a ndearnadh ár orthu agus ar an drochíde a tugadh dóibh. Rinne Cromail féin tagairt do na sléachtanna seo – "the most unheard of and barbarous massacre" – agus is dócha gurbh é sin ba chúis leis an lámh chrua a choinnigh sé leis na hÉireannaigh. (Bhí Cromail in Éirinn 1649-1650).
2,523
Dolairít. Carraig dhoigheartha bhunata mheánghráinníneach, dúghlas, déanta as iathchloch plagacláis is criostail pirixéine den chuid is mó. Is gnáthcharraig í i saileanna is dingeáin ar fud an Domhain.
82
Dolby. An chéad córas éifeachtach chun an torann i gceol a atáirgtear le téipthaifeadán a laghdú go so-aitheanta. Úsáidtear go han-fhorleathan fós é. Shaothraigh Ray Dolby (1933-) ar dtús é le haghaidh téipthaifeadán gairmiúil i lár na 1960idí (Dolby A). Ansin mhionathraigh is shimpligh sé na ciorcaid chuige le húsáid i dtéipthaifeadáin caiséid (Dolby B). Tháirg sé Dolby C sna 1980idí, ina raibh laghdú torainn 20 dB trasna raon leathan minicíochtaí. Éiríonn an tsiosarnach ó bhun-nádúr gráinníneach an chumhdaigh mhaighnéadaigh ar na téipeanna. Rinne Dolby 3 rud: maidir leis an gcomhartha le taifeadadh, d'aimpligh sé na comharthaí ísle (ar mó a gcuirfeadh an tsiosarnach isteach orthu) níos mó ná na comharthaí níos airde is rinne iad a thaifeadadh; san atáirgeadh, scag sé amach na comharthaí an-ísle uile is rinne comharthaí níos mó ná tairseach áirithe a chur ar aghaidh don aimplitheoir; agus san aimplitheoir, d'aimpligh sé na comharthaí ísle níos lú ná na comharthaí arda, roimh an gcomhartha iomlán a chur isteach sa challaire. Laghdaíonn an phróiseáil seo an tsiosarnach 10 dB ar a laghad, agus ní chuireann isteach ar chaighdeán ginearálta na fuaime.
471
Doldroma. Réigiún lagar aimsire, le haimsir scamallach chiúin agus gaotha éadroma aniar, faoi bhrú íseal atmaisféarach sa chrios coinbhéarseachta idirthrópaiceach amuigh ar na haigéin. Ó thuaidh uathu tá na trádghaotha anoir aduaidh, agus ó dheas uathu na trádghaotha anoir aneas. Is eol anois ó íomhánna satailíte gur gaotha anoir a bhíonn sna doldroma ach gur neamhleanúnach iad. D'fhágtaí longa seoil gan chóir gan phuth gaoithe iontu. Úsáidtear an téarma don lagar misnigh.
195
Gerhard Domagk. Bithcheimicí a rugadh i Łagów na Polainne (Lagow sa Ghearmáin ag an am) ab ea Gerhard Johannes Paul Domagk (30 Deireadh Fómhair 1895 – 24 Aibreán 1964). Agus é ag déanamh taighde ar líocha is ceimiceán darb ainm prontasail, ag iarraidh na baictéir streipteacocais a dhíothú, fuair sé amach gur athraigh an prontasail go sulfainilimíd sa cholainn, de bhrí go raibh airíonna ceimiteiripeacha ag sulfainilimíd. Bhí ceimiteiripe iontach nua aimsithe aige, agus chuir an t-oibreán seo go mór le teiripe ailsí ina dhiaidh sin. Bhuaigh sé Duais Nobel sa Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1939. Chuir rialtas na Gearmáine cosc air an duais a fháil an bhliain sin, ach bronnadh air é i 1947.
274
Domhain síceolaíochta. Grúpa cóireálacha síceolaíocha a leagann béim ar phróisis neamhaireachtálacha mheabhracha mar chúiseanna le galair mheabhracha, mar mhalairt ar chúiseanna iompair. Sa mhodh oibre seo baintear feidhm as coincheapa Freud ar úd, mise is osmhise, rud nach ndéanfaí i modh oibre anailíseach Jung ina meastar gur tábhachtaí an neamhaireachtálacht chomhchoitianta ná aon ghné eile.
153
Donatello. An dealbhóir is fearr de dhealbhóirí luatha na Tuscáine, a rugadh i bhFirenze, ab ea Donatello (Donato di Betto Bardi, c 1386- 13 Nollaig 1466), agus an chéad duine riamh ón aois chlasaiceach a tháirg dealbha a bhí neamhspleách iomlán iontu féin. Tháinig mórathrú ar an dealbhóireacht i bhFlórans i dtús an 15ú haois. Tharla sé sin i bhfad sular tharla aon athrú den chineál céanna i gcás na péintéireachta nó san ailtireacht agus bhí tionchar láidir ag Donatello ar na forbairtí móra a tháinig chun cinn níos déanaí. Saol. D’oibrigh Donatello i bhFlórans, in Siena, in Padua agus i gcathairstáit eile. Faoi mar a deir Giorgio Vasari, a bheathaisnéisí ina thaobh: ‘Tá an saol chomh lomlán de shaothair Donatello gur féidir a rá nach raibh aon ealaíontóir eile chomh táirgiúil céanna leis.' Deir Vasari freisin go raibh na buanna uile aige a mbeifí ag súil leo i nginias - nuálaíocht, cumas deartha agus cumas breithiúnais. D'oibrigh Donatello do Chosimo de Medici, agus bhí sé mar chara ag Brunelleschi. Rinne sé a lán staidéar ar na seandealbha Rómhánacha agus ar anatamaíocht an duine chun go mbeadh cuma na beatha air. Ghearr sé suas coirp mharbha chun staidéar a dhéanamh ar na matáin agus na féitheoga. Bhí saol fada ag Donatello. Bhí aois mhór aige (in aois 79 nó 80 dó?) nuair a fuair sé bás ar an 13 Nollaig 1466. Modh oibre. Cúlra. Bhí clú agus cáil ar na Gréagaigh agus ar na Rómhánaigh de bharr a gcuid dealbh. De ghnáth bhí siad nocht. I rith na Meánaoiseanna, stop daoine ag déanamh na ndealbh seo. Bhí éadaigh orthu i gcónaí agus cuireadh sna séipéil iad. I rith an Renaissance, thosaigh siad ag déanamh aithrise (imitating) ar stíl na nGréagach arís. Bunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí. Luaitear Donatello mar bhunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí. Ní foláir nó gur chuir cur chuige Donatello iontas ar a chomhaimsirigh. Go dtí sin ní raibh aon taithí acu ach ar radhairc chaoine néata, ar nós Dícheannadh Eoin Baiste le Andrea Pisano ar dhoras theas na baistealainne, radharc atá geall le bheith cineálta i gcomparáid le ceann Donatello. D’imir forbairt na peirspeictíochta sa dealbhóireacht, go háirithe i saothar Donatello Féasta Héaróid, tionchar mór ar ealaíontóirí eile. Tá an tionchar le feiceáil go soiléir i mBaistealann Fhlórans. Saothair. Naomh Seoirse agus an Dragan. Go dtí sin, ba sa phéintéireacht agus sa líníocht amháin a bhaintí leas as an bpeirspeictíocht. Ach in íomhá Donatello, feictear an naomh ag troid leis an dragan agus tírdhreach mar chúlra, rud a chruthaíonn spás dar leis an tsúil. Bhí dealbhóireacht rilífe Donatello bunaithe ar rialacha na peirspeictíochta. Baineadh úsáid as an gcur chuige sin den chéad uair ar phainéal rílife faoi bhun dealbh de Naomh Seoirse i bhFlórans. Rilievo schiacciato a tugadh air (téarma a chiallaíonn rilíf leacaithe). Ba é an chéad uair a úsáideadh an pheirspeictíocht líneach aonphointe sa dealbhóireacht, stíl a bhí cruthaithe ag a chara, Brunelleschi. Féasta Héaróid, umar an bhaiste. Ba í an chéad rilíf i gcré-umha a chruthaigh Donatello ná radharc ó shaol Eoin Baiste ar cheann de shé phainéal mórthimpeall ar bhun umar an bhaiste i mbaistealann i Siena. Léiríonn Féasta Héaróid le Donatello féasta an rí tar éis dó iarraidh ar Shalomé álainn rince a dhéanamh dó. Toileann sí an damhsa a dhéanamh ach cloigeann Eoin Baiste a fháil di ar mhias. Léiríonn an radharc an dianmhothú agus an t-uafás ar aghaidh Héaróid nuair a bronnadh an cloigeann air. Leanann Salomé (atá gléasta in éadach clasaiceach) uirthi ag rince léi agus míníonn a máthair an scéal do Héaród. Dealbhóireacht saorsheasaimh ː Dáibhí. D’éirigh le Donatello sa rud a chuir sé roimhe, ní maisiúchán ailtireachta amháin a bhí sa dealbhóireacht níos mó. Go áirithe, ba é an chéad ealaíontóir ó bhí an tseanaimsir ann a raibh de dhánacht dealbh thríthoiseach lánmhéide a dhéanamh agus é lomnocht, "Dáibhí". Tá an dealbh chré-umha de Dháibhí (1440idí) ar cheann de na dealbha is tábhachtaí de chuid ré an Luath-Renaissance. Cé is móite dá hata agus dá loirgnéain, tá sé lomnocht. Tugann a dhéanamh caoin an litir ‘S’ chun cuimhne agus meabhraíonn sé dealbha na Sean-Ghréige dúinn dá bharr. Ach sin tús agus deireadh na cosúlachta. Ní haon dia Gréagach é an déagóir seo ná níl sé cosúil ar shlí ar bith le lomnochtáin chumhachtacha na seanaimsire. Eisceacht is ea leagan Donatello de laoch óg an tSean-Tiomna ina bhfaigheann an óige an lámh in uachtar ar an tseanaois. Rud íonghlan do-éillithe is ea an óige chéanna. Tá an léiriú a dhéantar ar an ógánach piteánta, mothaíoch agus caoin, ach is duine ceart é, mar sin féin. Tá dromchla na deilbhe an-nádúrtha, é an-snasta agus loinnir dhúghorm ar an gcolainn chun míneadas chneas an ógánaigh a léiriú. Tá contrárthacht láidir idir an dromchla mín sin agus gairbhe na gruaige agus an hata. Sheas an dealbh chré-umha i gclós chúirt Phálás na Medici ar feadh na mblianta. Tá cos an ógánaigh ina luí go neafaiseach ar chloigeann scoite Ghóla - samhail de shíor-chomhrac theaghlach Medici chun cathairstát beag Fhlórans a chosaint ar a naimhde cumhachtacha. Máire Mhaigdiléana. As saothair dhéanacha Donatello is cinnte gurb í fíor thragóideach Mháire Mhaigdiléana (1453–1455). As adhmad péinteáilte atá an dealbh sin déanta. Tá súile gorma brónacha ag stánadh amach as na logaill tholla, na beola ar oscailt beagán agus a cuid fiacla bána briste le feiceáil. Níl scioltar feola ar na leicne agus gobann na cnámha amach astu. Tá stríocaí buí ina cuid gruaige aici agus an ghruaig féin in aimhréidh agus táite le chéile. Naomh Marcas is Naomh Seoirse. I measc a shárshaothar eile, tá dealbha marmair Naomh Marcas is Naomh Seoirse taobh amuigh d'Or San Michele i bhFirenze (Flórans).
2,305
Gaetano Donizetti. Cumadóir ceoil a rugadh i mBergamo na hIodáile ab ea Domenico Gaetano Maria Donizetti (29 Samhain 1797–8 Aibreán 1848). Cáil ar leith ar a cheoldrámaí "Anna Bolena" (1830) agus "Lucia di Lammermoor" (1835).
94
Donnadh. Dath donn a tháirgtear ar bhianna áirithe faoi chúinsí ceimiceacha áirithe. Tarlaíonn donnadh neamheinsímeach nuair a théitear bianna a chuimsíonn próitéin is carbaihiodráit, mar thoradh ar imoibriú an aimíonaigéid lísín le siucraí saora. Tarlaíonn donnadh einsímeach i dtorthaí áirithe, úlla, mar shampla, nuair a nochtar iad d'ocsaigin.
135
Frederick George Donnan. Ceimicí Éireannach a rugadh in Colombo, sa tSiolóin (Srí Lanca inniu) ab ea Frederick George Donnan (6 Meán Fómhair 1870 – 16 Nollaig 1956). Agus é ag obair i gColáiste Ollscoile Londan, rinne sé taighde turgnamhach bunúsach ar chothromaíochtaí sreabhadh ian trasna scannán, meicníocht atá bunúsach d'fheidhmiú ceall bitheolaíoch.
140
Dópáil. Sa cheimic, suimiú oiread rialaithe eisíontais chun airíonna ábhair a athrú as cuimse. Mar shampla, nuair a chuirtear méid bídeach alúmanain nó fosfair le sileacan, cuireann sé sin go mór le hairíonna leathsheoltacha sileacain, rud atá bunúsach do leictreonaic uile na leathsheoltóirí.
117
Dopaimín. Is comhdhúil cheimiceach é dopaimín atá scaipthe go forleathan san inchinn is an néarchóras imeallach. Feidhmíonn sé mar néaratharchuradóir sa néarchóras lárnach. Is hormón é a choisceann tál prólachtaine is a chuireann fuascailt an hormón fáis ó mhaothán tosaigh na faireoige piotútaí chun cinn. Sintéisítear aidréanailín is noraidréanailín uaidh. Tarlaíonn leibhéil mhínormálta de i réigiúin áirithe den inchinn nuair a bhíonn galair áirithe ar dhuine, mar shampla, leibhéal árdaithe le scistifréine, agus leibhéal laghdaithe le galar Parkinson.
216
Iarmhairt Doppler. Aistriú Doppler, an t-athrú i dtonnfhad nó minicíocht radaíochta—solais nó fuaime —a bhraitear nuair a bhíonn foinse na radaíochta faoi ghluaiseacht choibhneasta, i dtreo an bhrathadóra nó amach uaidh. Ainmnithe as Christian Doppler (1803-1853), fisicí is matamaiticeoir Ostarach. Má bhíonn an fhoinse ag gluaiseacht i dtreo an bhrathadóra, bíonn an mhinicíocht níos mó is an tonnfhad níos lú ná mar a bheadh is an fhoinse ar fos. Más fuaim atá i gceist, méadaíonn airde an nóta sa chás seo. Más solas é, éiríonn an solas níos goirme (an gormaistriú). Nuair a bhíonn an fhoinse ar luas amach ón mbrathadóir, laghdaíonn airde an nóta fuaime agus éiríonn dath an tsolais níos deirge (an deargaistriú). Sampla coitianta d'iarmhairt Doppler is ea an t-athrú in airde an nóta ó bhonnán otharchairr le linn dó teacht i dtreo duine agus imeacht uaidh. Baineann réalteolaithe feidhm aisti chun gluaisní na reanna spéire a iniúchadh ó na haistrithe datha a bhraitear sa solas a thagann chugainn uathu. Baineann teicneolaithe míochaine feidhm aisti chun staidéar a dhéanamh ar shreabhadh na fola sa chroí is fuileadáin ar fud na colainne le trealamh ultrafhuaime.
467
Dórach. An ceann is luaithe de 5 phríomhord na hailtireachta clasaicí, le stoic chuisleannacha is mullaigh shimplí. Roinntear in dhá chéim é, Dórach Gréagach is Dórach Rómhánach. Sa Dórach Gréagach ní raibh aon bhun (mar shampla, i bPartanón na hAithne, 447-38 RC).
114
Claude Dornier. Innealtóir aerárthach a rugadh i gKempten na Gearmáine ab ea Claude Dornier (14 Bealtaine 1884 - 5 Nollaig 1969). I 1911 dhear sé an chéad eitleán miotail. Rinne sé muireitleáin, eitleáin uisce, agus eitleán dé-innill buamála a úsáideadh sa dara cogadh domhanda.
112
Ascaill Dhumhach Thrá. Is ascaill thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Ascaill Dhumhach Thrá.
39
Ascaill an Droichid Nua. Is ascaill thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Ascaill an Droichid Nua.
39
Ascaill na Lúb. Is ascaill thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Ascaill na Lúb.
33
Ascaill na Páirce. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Ascaill na Páirce.
37
Ascaill Pharáid Sydney. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Ascaill Pharáid Sydney.
36
Bóthar Ailesbury. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Ailesbury. Tá cáil an tsaibhris ar an mbóthar céanna agus is ann atá go leor ambasáidí lonnaithe.
72
Bóthar Bhaile an Teampaill. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Bhaile an Teampaill.
43
Bóthar Bhinn Éadair. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Bhinn Éadair.
39
Bóthar Chluaidh. Is bóthar thábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Chluaidh.
38
Bóthar Dhroim Conrach. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Dhroim Conrach.
41
Bóthar Eoin Thoir. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Eoin Thoir.
37
Bóthar Gilford. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Gilford.
33
Bóthar Hoirbeaird. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Bóthar Hoirbeaird.
39
Bóthar Anglesea. Is bóthar i mBaile Átha Cliath é Bóthar Anglesea. Ceanglaíonn sé Domhnach Broc le Ballsbridge. Is cuid de bhealach réigiúnach R108 in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath é. Tá réileán cruicéid Bhóthair Anglesea suite ann.
90
Bóthar Mhuirfean. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Mhuirfean.
39
Coup d'état. Is éard is coup d'état ann ná buille tobann i gcoinne an stáit, de ghnáth ag grúpa beag de bhunaíocht an stáit cheana féin, mar shampla an lucht míleata. Bíonn sé mar aidhm acu an rialtas reatha a theistiú nó a chur ar cheal, agus rialú eile a a chur ina n-ionad, sibhialta nó míleata. Nuair nach n-éiríonn an "coup" go hiomlán, is é is dóichí ná go mbeidh cogadh cathartha mar thoradh.
161
Doulton. Comhlacht a thosaigh ag déanamh crocaí simléir is maisiúcháin mhóra ailtireachta i Londain ag tús an 19ú céad. Ó timpeall 1862 ba phríomhdhéantóirí cré-earraí ealaíonta iad, agus cáil orthu as a n-earraí cruachré is a gcré-earraí maisithe, a bhfigiúir, a bpainéil mhaisithe, is a dtílí. Rinne siad lear mór earraí sláintíochta freisin.
152
Siondróm Down. Is riocht géiniteach é siondróm Down (nó trísómacht 21) agus siondróm comhbheirthe: crómasóm breise is cúis leis an riocht. Bíonn leibhéal an mhíchumais fhoghlama ghinearálta idir míchumas éadrom agus míchumas domhain. Cé go mbíonn saintréithe fisiceacha áirithe comónta ar dhaoine a bhfuil siondróm Down orthu, is daoine iontu féin iad i gcónaí. Tréithe. Go minic bíonn cnámha grua arda ag páiste mar seo, srón leata, súile fiara, agus filleadh starraiceach os cionn taobh inmheánach gach súile. Bíonn na lámha gearr leathan, le fithín bosach amháin. Bíonn céimeanna éagsúla míchumais mheabhraigh ag na páistí seo, agus anchumaí cairdiacha. Tá seans go mbeidh éagobhsaíocht atlasaiseach (atlantoaxial instability nó AAI) ag dul do dhaoine áirithe a bhfuil siondróm Down orthu. Is éalang coirp i veirteabraí an dromlaigh atá i gceist leis seo. Géineolaíocht. Meastar go dtarlaíonn an éalang de bharr teip deighilte mar is gnách i gcrómasóm amháin i ngaiméit, de ghnáth sa bhaineannach. In ionad úbháin normálta le 23 crómasóm, cruthaítear ubhán le 24 crómasóm (dhá cheann de chrómasóm 21 ann). Nuair a thoirchítear an t-ubhán seo, bíonn crómasóm breise ag an suth. Tarlaíonn siondróm Down níos minice do pháistí máithreacha os cionn 40 bliain d'aois. Sochaí. Is é 21 Márta Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down, lá chun béim a leagan ar an ngá le gníomhú chun daoine le siondróm Down a chumhachtú le troid ar son a gcearta agus a ndeiseanna féin. Stair. Ainmnítear an riocht as an lia Sasanach J. L. H. Down (1828-1896). Ach tugadh "mongólachas" ar an riocht freisin.
638
Dragainéad. Iasc domhainuisce le colainn chaol, cosúil le nathair. Suas le 40 cm ar fhad. An ceann gearr le béal an-fhada, ag iompar fiacla géill, cosúil le goineoga. Orgáin solais i línte ar thaobh íochtarach na colainne, taobh thiar de na súile, agus ar bharbal fada ón smig, a fheidhmíonn mar bhaoite chun creach a aomadh.
133
Dragan. Planda cumhra ilbhliantúil is ea an dragan ("Artemisia dracunculus"), a fhásann go hairde 1.2 m, dúchasach don Áise. Na duilleoga caol lansa-chruthach, na cinn íochtaracha tríliopach ag an mbuaic. Na bláthchinn cruinneogach, 3 mm ar leithead, leathbhuí, ag cromadh ina bpanacail liobarnacha. Tá fospeiceas den dragan, "A. Dracunculus" var. "sativa" nó an dragan Francach, saothraithe go fairsing mar luibh cistine, agus chun fínéagar a bhlaistiú. Áirítear é mar cheann de na ceithre "fines herbes" i gcócaireacht na Fraince. Úsáidtear é in "chakapuli", mias náisiúnta na Seoirsia freisin.
239
Manannán mac Lir. Dia mara i miotaseolaíocht na nGael is ea Manannán mac Lir, mac an dé Lir. Cé go bhfuil baint áirithe aige le Tuatha Dé Danann, cuireann roinnt scoláirí Manannán mac Lir i gcatagóir de dhéithe a théann níos faide siar. Pearsa mhór i litríocht na hÉireann atá ann agus finscéalta na hAlban agus Mhanann chomh maith. Luaitear Manannán mac Lir i gcuid mhaith de bhéaloideas na tíre - scéalta na Rúraíochta go háirithe - ach níl áit lárnach aige ach i roinnt bheag díobh.
193
Bóthar an Náis. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar an Náis.
35
Bóthar Pheambróg. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Pheambróg.
39
Bóthar an Phoirt Thoir. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar an Phoirt Thoir.
41
Bóthar Raglan. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Raglan.
33
Bóthar Stigh Lorgan. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Stigh Lorgan.
37
Bóthar Theach Mealóg. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Theach Mealóg.
37
Bóthar na Trá Thuaidh. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar na Trá Thuaidh.
41
Bóthar Tritonville. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é Bóthar Tritonville.
35
Cearnóg Mhic Liam. Is cearnóg thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Cearnóg Mhic Liam.
34
Cearnóg Mhuinseo. Is cearnóg ghairdín Sheoirseach i mBaile Átha Cliath í Cearnóg Mhuinseo (Béarla: "Mountjoy Square"). Tá sí suite ciliméadar nach mór taobh ó thuaidh den Life. Tá Cearnóg Mhuinseo ar cheann de na cúig chearnóg Sheoirseacha den chathair a tógadh go déanach san 18ú haois. Luke Gardiner, 1ú Vioscúnta Mhuinseo a phleanáil agus a d'fhorbair í. Cuireadh tús lena tógáil sna luath 1790idí agus críochnaíodh í sa bhliain 1818. Bhíodh tithe Seoirseacha déanta de bhrící dearga ar gach taobh di. Scriosadh cuid díobh ach cuireadh cuma Sheoirseach ar na tithe nua a tógadh ina n-áit.
245
Aisgeabhal. Is é Aisgeabhal an sliabh is airde ar oileán Rùm na hAlban, sna h-Eileanan Tarsainn Tá sé suite 5 chiliméadar ó dheas de Cheann Locha, an príomhshráidbhaile ar an oileán. Is cuid de Rùm Cuillin é, réimse creagach de chnoic i gceann theas de Rùm. Is minic a dhreaptar é mar chuid de thrasna iomlán den iomaire.Is é Aisgeabhal an sliabh is airde ar an Rúm. Is ón tSean-Lochlainnis an logainm Aisgeabhal agus ciallaíonn sé fuinseog shilte ("Fraxinus excelsior")
194
Sadhbh. I Miotaseolaíocht na nGael, máthair Oisín le Fionn mac Cumhaill ab ea Sadhbh (Sean-Ghaeilge Sadb). Nó iníon Bodhbh Dearg, rí Sidhe na Mumhan ab ea í, nó b'fhéidir go bhfuil sí gaolta le "Sadb ingen Chuinn", iníon Choinn Chétchathaigh. Sadhbh agus Fionn. Thit an draoi Fear Doirche i ngrá le Sadhbh ach dhiúltaigh sí é. Chuir an draoi mar dhíoltas dá bharr mallacht uirthi, trí bliana a chaitheamh i riocht eilite. Sa deireadh, ghlac ghiolla an Fhir Doirche trua di, agus dúirt sé léi dá leagfadh cos i ndún na bhFiann, nó bheadh cumhacht aige uirthi a thuilleadh. Chuaigh sí díreach i dtreo theach Fhionn ag Almhain, agus d'aimsigh Fionn í i mbun seilge. Cé gur i riocht ainmhí ab ea Sadhbh, duine daonna ab ea í marcas sin féin, agus dá bharr, ní dhearna cúnna Fhionn, Bran agus Sceolan, aon dochar di, óir go raibh iadsan, maraon le Sadhbh, daoine i riocht ainmhithe. Ar ais ag Almhain, rinneadh cailín álainn de Shadhbh, agus ar ball beag phós sise agus Fionn. Ghráigh Fionn í an oiread sin gur éirigh sé as dul ag seilg agus gach pléisiúr eile, agus d'éirigh sí go tapa torrach. Bhí Fionn as láthair i mbun comhraic in éadan na Lochlannach nuair a tógadh Sadhbh uaidh. Nocht taispeánadh bréige d'Fhionn, Bhran agus Sceolan laistigh den dún, agus rith Sadhbh amach chun a céile, i ngan fhios di an baol. A luaithe agus a shroich sí an taispeánadh, d'athraigh sé agus nochtadh an Fear Doirche, a thóg amach slat draíochta déanta as coll. Bhuail sé í leis, agus rinneadh arís í ina heilit. Fionn agus Oisín. Chaith Fionn seacht mbliana ag lorg Sadhbha, ach theip air. 'Séard a d'aimsíodh i mbun seilge san fhoraois ná buachaill fiáin. D'aithin Fionn ar an dtoirt dreacha Sadhbha in aghaidh an bhuachalla, agus thuig sé gurbh a mhac a bhí ann. Oisín an t-ainm a tugadh dó agus d'éirigh sé chomh cáiliúil lena athair.
744
Cearnóg Mhuirfean. Is cearnóg thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Cearnóg Mhuirfean. Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann suite ar an gcearnóg seo.
64
An Cuarbhóthar Theas. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é an Cuarbhóthar Theas.
39
An Cuarbhóthar Thuaidh. Is bóthar tábhachtach i mBaile Átha Cliath é an Cuarbhóthar Thuaidh.
41
Lána Mhuire Mhaith. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Lána Mhuire Mhaith.
37
Lána Nutley. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Lána Nutley (nó Lána Nothaile).
37
Páirc Hoirbeaird. Is sráid agus páirc thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Páirc Hoirbeaird.
41
Plás Íle. Is sráid thábhachtach (Béarla: "Ely Place") í Plás Íle i lár Bhaile Átha Cliath. Leagadh amach an tsráid sa bhliain 1768 agus tá a lán ailtireachta Seoirsí le feiceáil ann go fóill. Bhí George Moore, scríbhneoir, ina chónaí ag 4 Plás Íle go luath sa 20ú haois.
121
Rae an Iarthair. Is sráid thábhachtach Rae an Iarthair i mBaile Átha Cliath.
31
Shan Mohangi. Is dúnmharfóir ón Afraic Theas é Shan Mohangi a tharraing míchlú air féin in Éirinn sna 1960dí. Mac léinn leighis (22 bliana d'aois) i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn a bhí ann nuair a mharaigh sé cailín óg, Hazel Mullen, sa bhialann "The Green Tureen" sa bhliain 1963. Tharraing an cás go leor cainte is conspóide toisc gur bhain sé corp an chailín, a bhí 16 bliana déag ag an am, óna chéile. Rinne Mohangi iarracht fáil réidh leis an gcorp trí chócaireáil a dhéanamh air, a cloigeann san áireamh, san oigheann sa bhialann ag 95 Shráid Fhearchair. Bhí sé ag obair ann mar chócaire. Chaith sé ceithre bliana sa phríosún as an 7 mbliana a daoradh air. Saol nua. Ciontaíodh é as dúnorgain faoi dheireadh. Cuireadh ar ais chun an Afraic Theas é timpeall 1967 D'athraigh sé a ainm go "Narentuk Jumuna" thall. D'éirigh go maith leis sa ghnó i Natal (a fhód dúchais). Bhí sé ag iarraidh seasamh mar MP i dTeach na dTeachtaí sa bhliain 2009 nuair a thángthas ar scéal an dúnmharaithe, agus b’éigean dó tarraingt siar. Féach freisin. "Shan Mohangi, 95 Harcourt Street" le Kevin Higgins.
441
Sráid Amiens. Is sráid thábhachtach Sráid Amiens i mBaile Átha Cliath.
30
Sráid Anna Theas. Is sráid bheag i mBaile Átha Cliath í Sráid Anna Theas.
31
Sráid Anraí, Baile Átha Cliath. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Anraí.
40
Sráid Bhagóid. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Bhagóid.
35
Breaking Bad. Is sraith teilifíse Meiriceánach é Breaking Bad. Díríonn sé ar scéal Walter White, múinteoir ceimice a bhfuil an ailse air agus a thosaíonn ag táirgeadh drugaí mídhleathacha. Eipeasóidí. <onlyinclude></onlyinclude>
86
Sráid Bhairbre. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Bhairbre.
33
Sráid Chill Dara. Is sráid i mBaile Átha Cliath í Sráid Chill Dara. Stair. Ar 29 Lúnasa 1890, d'osclaíodh ‘Músaem Eolaíochta agus Ealaíne Bhaile Átha Cliath’ ar Shráid Chill Dara agus Leabharlann nua, le seó agus le ceiliúradh nach bhfacthas roimhe. Dhear Thomas Newenham Deane an foirgneamh ar Shráid Chill Dara agus baineadh úsáid as chun an ceardaíocht nua-aoiseach na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne a thaispeáint sa tógáil.
184
Sráid an Dáma. Tá Sráid an Dáma suite i mBaile Átha Cliath.
28
Sráid Dhásain. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Dhásain.
33
Sráid an Droichid. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid an Droichid.
35
Sráid Eccles. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Eccles.
31
Sráid an Fhíona. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid an Fhíona.
37
Sráid Heytesbury. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Heytesbury.
33
Sráid Henrietta. Is sráid thábhachtach í Sráid Henrietta i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Luke Gardiner a leag amach agus a d'fhorbair an tsráid sna 1720idí. Sráid leathan í i gcompráid le neart sráideanna cathrach eile na linne. Tógadh a lán tithe móra Seoirseacha inti.
108
Sráid na Mainistreach. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid na Mainistreach.
35
Sráid Mhaoilbhríde. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Mhaoilbhríde.
44
Sráid Mhuirfean. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Mhuirfean.
37
Sráid na Parlaiminte. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid na Parlaiminte.
35
Sráid Parnell. Is sráid thábhachtach i mBaile Átha Cliath í Sráid Parnell.
33
Sráid an Phiarsaigh. Is sráid thábhachtach í Sráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.
37
Sráid Sheamlas an Éisc. Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Sheamlas an Éisc (nó Fishamble Street). Stair. Síltear gurb í Sráid Sheamlas an Éisc an tsráid is sine i mBaile Átha Cliath. Is í an tsráid ar ar reáchtáladh an chéad taibhiú de 'Messiah' Georg Friedrich Händel i mí Aibreáin 1742, ceann de na saothair chórúla is aitheanta ar domhan. Bhí cóir ardeaglaise Ardeaglais Naomh Pádraig agus Theampall Chríost in ard a ngutha, fad is a bhí an t-orgán á sheinm ag an gcumadóir féin. Bhailigh beagnach 700 duine isteach sa Halla Ceoil. Cuireadh in iúl roimh ré gur cheart do mhná gúnaí gan fonsaí orthu a chaitheamh ionas go mbeadh dóthain spáis sa halla. Bhí Ard-Oifig an Phoist suite ar Shráid Sheamlas an Éisc ó 1689 ar dtús. Tá an teach tábhairne Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc lonnaithe ag barr na sráide. Foinsí. Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.
354
Sráid Thalbóid. Is sráid thábhachtach Sráid Thalbóid (Talbot Street) i mBaile Átha Cliath.
42
Sráid Theach Laighean. Is sráid thábhachtach í Sráid Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.
39
Sráid Nassau. Is sráid thábhachtach é Sráid Thobar Phádraig nó Sráid Nassau i mBaile Átha Cliath (). Ritheann an tsráid feadh taobh dheas Coláiste na Tríonóide. Ritheann an tsráid ó sráid Grafton go acomhal Sráid Laighean Theas agus sráid Cill Dara. Tá taobh dheas den sráid tráchtálaithe ag siopai agus siopa ceoil. Tagraíonn ainm gaeilge na sráide do thobar ón 12ú haois. Athraíodh ainm na sráide i ndiaidh teacht i gcoróin rí William III, ball de theach 'Orange-Nassau'. Tá suíomh an tobar é féin lonnaithe i gColáiste na Tríonóide in aice le bealach na sráide í féin. Deirtear go raibh baint ag Naomh Pádraig é féin, a bhuail an talamh lena bhachall agus tháinig uisce amach as. Thráigh an tobar sa bhliain 1729. Tá clú agus cáil ar an tsráid toisc gur bhuail údar cáiliúil James Joyce lena ghrágheal Nora Barnacle ar 10 Bealtaine, 1904.
345
Aindiachaithe Éireann. Is grúpa aindiach é Aindiachaithe Éireann, nó i mBéarla Atheist Ireland. Grúpa tacaíochta Éireannach é Aindiachaithe Éireann. Bunaíodh an cumann ag an Central Hotel i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2008. Cuireann sé an t-aindiachas agus an réasún chun cinn roimh phiseoga agus osnádúrthacht agus cuireann sé sochaí eiticiúil thuata chun cinn áit nach mbeadh an stát ag tabhairt tacaíochta nó cúnamh airgid nó cóir ar leith d'aon reiligiún. Is ball é Aindiachaithe Éireann den Chomhghuaillíocht Aindiachaithe Idirnáisiúnta ("Atheist Alliance International"), scáthghrúpa d'eagraíochtaí agus de dhaoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus timpeall na cruinne atá tiomanta an réasún agus an dearcadh domhanda aindiachaí a chur chun cinn agus a chosaint. Is é Michael Nugent cathaoirleach an ghrúpa faoi láthair. Bunreacht an ghrúpa. 1.Ráiteas Misin 1.Déanann Aindiachaithe Éireann iarracht sochaí réasúnach, thuata, eiticiúil a thógáil a bheadh saor ó phiseoga agus ó osnádúrthacht. 2.Aidhmeanna 2.1 Leis an aindiachas a chur chun cinn roimh phiseoga agus osnádúrthacht 2.2. Éire eiticiúil agus tuata a chur chun cinn, áit nach mbeadh an stát ag tacú le nó ag maoiniú nó ag tabhairt cóir speisialta d'aon reiligiún. 3. Ballraíocht 3.1. Is féidir le haon duine a aontaíonn le misean agus aidhmeanna an chumainn bheith ina b(h)all. 3.2. Is féidir le haon eagraíocht a aontaíonn le misean agus le haidhmeanna an chumainn bheith ina ball. 3.3. €25 an duine an táille bhliantúil nó €10 dóibh sin gan phost 3.4. Is féidir go rachfaidh Aindiachaithe Éireann isteach i nó nascadh a dhéanamh le grúpaí eile lenár n-aidhmeanna a chur chun cinn. 4. Gníomhaíochtaí 4.1. Roghnófar na gníomhaíochtaí ó am go ham ag brath ar ár dtosaíochtaí agus ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn. 4.2. Níl de dhualgas ar gach ball aontú nó tacú le gach aon ghníomhaíocht. 5. Struchtúr Náisiúnta 5.1. Is éard atá i gceist leis an gcoiste bainistíochta ná cathaoirleach, rúnaí, oifigeach airgeadais agus oifigeach réigiúnach(tá siad seo le toghadh ag gach cruinniú ginearálta bliantúil(CGB)) móide aon ról a mheasann an coiste a bheith úsáideach le cruthú nó le scor ó am go ham ar mhaithe le cuspóirí faoi leith (tá baill mar seo le comhthoghadh ag an gcoiste). 5.2. Is éard atá i gceist leis an gcoiste iomlán ná an coiste bainistíochta agus cathaoirleach gach grúpa réigiúnaigh. 5.3. Is féidir go roghnóidh an coiste iomlán go mbeadh vóta ag na baill uile ar shaincheisteanna faoi leith. 5.4. Déanfar CGB a chur ar fáil do gach ball gach bliain. 6. Struchtúr Réigiúnach 6.1. Bunóidh an coiste bainistíochta coistí réigiúnacha, agus beidh struchtúr na gcoistí seo ag an leibhéal réigiúnach cosúil le struchtúr an choiste náisiúnta, mar atá sé ag leibhéal náisiúnta. 6.2. Beidh a gCGB féin de bhaill réigiúnacha ag coistí réigiúnacha gach bliain. 6.3. Is féidir le coistí réigiúnacha cosití áitiúla a chur ar bun laistigh dá réigiúin féin. 6.4. Feidhmeoidh coistí réigiúnacha agus coistí áitiúla go neamhspleách le hAindiachaithe Éireann a chur chun cinn laistigh dá réigiúin féin leis an mBunreacht seo. 7. Athbhreithniú 7.1. Is féidir an bunreacht seo a leasú le vóta dhá thrian de bhaill a bheidh i láthair agus i dteideal vótála ag CGB.
1,345
Beannachtaí Reiligiúnda na Gaeilge. Ar nós go leor teangacha eile tá Beannachtaí Reiligiúnda na Gaeilge sa Ghaeilge. Is minic go ndeirtear agus daoine ag cáineadh na teanga gur teanga reiligiúnda nó Chaitliceach í. Leagan in áit “Dia dhuit”. Tá 'Dia dhuit/dhaoibh' ag éirí níos foirimiúla. Is fíor go n-úsáidtear 'Dia dhuit' fós, ach is i suíomhanna foirmiúla is minice a chloisfeá anois é, agus ag cainteoirí níos sine ach go háirithe. Má chaitheann tú súil ar theangacha eile. I nGearmáinis na Baváire deirtear 'Gruss Gott', (Is mór Dia), sa Spáinnis deirtear 'adios (chun Dé), 'adieu' sa Fhraincis (chun Dé) arís. Sa tSeirbia tá an focal Iodálach 'ciao' tar éis an ruaig a chur ar na focail 'zdravo' and 'dobar dan' i measc na n-óg. Ceann de na frásaí is coitianta ar fad ar domhan, is dócha, ná 'goodbye', agus ó 'God bye' a thagann seo. Deir roinnt go dteastaíonn frása eile in áit Dia Dhuit. Úsáideann an t-aos óg beannachtaí éagsúla go minic Ach mar atá feicthe againn sa Ghaeilge le focail ar nós 'banaltra' agus 'bangharda' atá beagnach imithe as faoi seo, uaireanta déantar cinneadh comhfhiosach éirí as leaganacha áirithe cainte. Is amhlaidh an scéal sa Bhéarla áit a bhfuil banleaganacha roinnt focal ar nós 'actress' á thréigean go tréan. Sa Ghaeilge tá leithéidí 'féintruailliú' agus 'ginmhilleadh' ann, is ní mó ná sásta atá go leor daoine fúthu, is iad ag moladh 'glacaireacht' agus 'forcheannadh toirchis' mar mhalairt orthu. 'Bail ó Dhia is ó Dharwin ort' Go magúil nó le beagán den diabhlaíocht a úsáidtear 'Darwin duit' agus 'Darwin is Dawkins duit'.
635
Lucie Jones. Is ceoltóir Breatnach í Lucie Bethan Jones. Rugadh i bPentyrch í ar 20 Márta 1991. Tháinig sí san ochtú áit ar an séú sraith "The X Factor" sa bhliain 2009. Gairm. 2009: "The X Factor". Sa bhliain 2009, thriail Jones don séú sraith "The X Factor" leis a amhrán bunaidh "I Will Always Love You". Shroich sí go dtí na Seónna Beo agus ba í Dannii Minogue a comhairleoir. Bhí Jones sa bhunbheirt i seachtain 5 agus chuaigh an vótaí na moltóirí go leathghlas. Fuair Jones na votaí is lú an tseachtain sin. Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017. I mí Eanáir 2017, fógraíodh go mbeadh Jones in iomaíocht ar "Eurovision: You Decide", an comórtas a roghnaíodh an iontráil na Ríocht Aontaithe don Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017. Bhuaigh sí an comórtas seo leis an amhrán "Never Give Up on You". Bhí sí in iomaíocht ag ceannais na hEoraifíse ar an 13 Bealtaine. Tháinig Jones sa 15ú háit le 111 pointe. Tar éis an chomórtas chuaigh Never Gve Up On You go uimhir a 73 sa Ríocht Aontaithe.
399
Ella Henderson. Is ceoltóir Sasanach í Gabriella Michelle Henderson nó Ella Henderson. Rugadh i Sasana í ar 12 Eanáir 1996. Tháinig sí sa séú háit ar an naoú sraith "The X Factor" sa bhliain 2012. Luathshaol. Rugadh agus tógadh Henderson in Tetney, in aice le Grimsby, iníon Sean agus Michelle. Tá beirt deartháireacha aici, Patrick agus Fraser agus deirfiúr amháin aici, Holly. Ina óige, d'fhorbair sí suim san fhaisean. Ag aois a trí, thosaigh Henderson ag canadh. Gairm. 2012: "The X Factor". Sa bhliain 2012, thriail Henderson don naoú sraith "The X Factor" le "Missed". Shroich sí na Seónna Beo agus bhí Tulisa Contostavlos a comhairleoir. Bhí Henderson sa bhunbheirt i seachtain 7 agus chuaigh an vótaí na moltóirí go leathghlas. 2013–2015: "Chapter One". Scaoil Henderson a céad albam "Chapter One" ar an 13 Deireadh Fómhair, 2014. Chuaigh an t-albam díreach go uimhir a haon sna RA agus uimhir a dó in Éirinn. 2016–inniu: Dara halbam. D'fhógair Henderson i mí na Samhna 2016 ar a cuntas Instagram go bhfuil sí ag obair ar a dara halbam. I measc na hamhráin ar an albam ná "Ugly", "Cry Like A Woman", "Bones", "Solid Gold" agus "Let's Go Home Together" dísréad le James Arthur. Bhí sí ag tacú le Arthur ar a chamchuairt "Back from the Edge" sa bhliain 2017. Ar an 23 Bealtaine, d'fhógair Henderson a dara halbam, "This Is Everything I Didn't Say". Gradaim agus ainmniúcháin. Tá trí ghradam buaite ag Henderson. Tá 9 n-ainmniúchán faighte aici.
526
Baile Uí Chuilinn. Is bruachbhaile suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Baile Uí Chuilinn (Béarla: "Ballycullen"). Tá an baile suite in aice le Cnoc Lín.
62
Baile Pheire. Is bruachbhaile suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Baile Pheire.
32
Cill na Manach. Is bruachbhaile suite i gContae Bhaile Átha Cliath í Cill na Manach.
32
Cúil Mhín. Is bruachbhaile suite i gCluain Saileach gContae Bhaile Átha Cliath é Cúil Mhín. Tá an Chúil Mhín suite idir na hionaid fo-uirbeacha de Chaisleán Cnucha agus Baile Bhlainséir. Tá sé thart ar 15 ciliméadar ó lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Gaelscoil Scoil Oilibhéir agus scoil daraleibhéal mhór Scoil Phobail Chúil Mhín suite ann. Tá iompar poiblí i gCúil Mhín ar fáil ag Iarnród Éireann ag stáisiún traenach Chúil Mhín agus Bus Átha Cliath. Freastalaíonn Bus Átha Cliath, uimhir 37 & 39, ar an gceantar. Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín. Tá eastát tionsclaíochta suite sa Chúil Mhín. Lonnaithe ann, mar shampla, tá ionad de chuid An Post agus An Táscfhórsa um Dhrugaí agus Alcól Baile Bhlainséir.
299
Niamh Chinn Óir. San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, bean chéile Oisín mac Fionn ab ea Niamh (Sean-Ghaeilge Niam) Chinn Óir. Sa leagan meánaoiseach dá scéal, duine daonna, banphrionsa na Mumhan ab ea Niamh, a d'éalaigh le hOisín go hUlaidh, ach chuir sí lámh ina bás féin nuair a tháinig arm a hathar ar a tóir. Sa leagan nua-aimseartha bhíos aithnidiúla, bean an alltair ab ea Niamh, a thug Oisín chun maireachtáil léi i dTír na nÓg. Scéal. Tháinig Niamh thar lear aniar ar each bán, agus bhuail sí leis na Fianna i mbun seilg fia gar do Loch Léin (Contae Chiarraí). Chuir sí í féin in aithne dóibh mar Niamh Chinn Óir, iníon rí Thír na nÓg, agus nocht sí a grá d'Oisín mac Fionn. Shocraigh sí é a thógaint léi go Tír na nÓg, agus rinne sí cur síos ar a buanna. Ghéill Oisín, tite cheana féin i ngrá, agus d'imigh leo beirt le chéile ar an each bán. Ar an turas leo, chonaic siad fathach mór, Fomhor Builleach Droime Lóghach, ar tóir go foréigneach bruinneall Thír na mBeo. Chuireadar timpeall orthu chun dul go Tír na mBan, áit a throid Oisín ar son na bruinnille agus mharaigh sé an fathach. Shroich Niamh agus Oisín Tír na nÓg, bhuaileadar leis an rí agus an banríon, agus phós siad a chéile. Bhí triúr páistí acu, beirt mhac, Oscar agus Fionn, agus iníon, Plúr na mBan. Tar éis dó 300 bliain nó níos mó a chaitheamh ann, tháinig cumha ar Oisín agus dúirt gur mhian leis a athair agus na Fianna thall in Éirinn a fheiceáil arís. I roinnt athleaganacha, insítear nach raibh na 300 bliana ach 3 bliana dar leis. Ghlac Niamh go doicheallach, ag súil le drochscéala, go dtabharfadh sé cuairt abhaile ar an each bán. Chuir sí geis air gan lámh a leagan ar chré na tíre. Dúirt sí leis go mbeadh turas in aisce roimhe, óir go raibh na Fianna imithe le fada an lá, agus go raibh an Críostaíocht i réim sa tír. D'fhill Oisín ar Éirinn, agus cuardaigh sé na Fianna ach ní raibh gar leis. Ag Gleann na Smólach, iarradh ar Oisín cabhair a thabhairt chun leac mharmair a ardaigh. Lena neart osnádúrtha, bhog Oisín an leac, ach bhris "surcingle" an chapaill san iarracht. Thit sé chun talaimh, agus d'éirigh sé ina sheanfhear fann dall. Theith an capall ar ais go Tír na nÓg. Leagan meánaoiseach. Sa téacs is sine, le fáil in "Agallamh na Seanórach", d'éalaigh Niamh iníon Aonghasa Thírigh, rí na Mumhan, le hOisín go dtí an Ulaidh. Bhí siad san ach ar feadh sé tseachtain, nuair a tháinig a athair ar an bhfód ar a tóir. Chor sí lámh ina bás féin dá bharr, i dteannta le tríocha ban, ag cur a haghaidh faoi thalamh. D'ainmníodh an áit Tobar na Bantrachta (Sean-Ghaeilge "tipra") astu, áit a deirtear atá ar bhruach Loch an Daimh Dheirg. Leagan nua-aimseartha. Is é an dán "Laoi[ḋ] Oisín A[i]r Ṫír Na N-Óg", cumtha thart ar 1750 agus luaite le Mícheál Coimín (1676–1760), an t-aon téacs amháin a dhéanann trácht ar eachtra Oisín san alltar. D'fhéadfadh é gur bunaíodh an dán ar saothair nach maireann, nó b'fhéidir gur chum an file an chuid is mó den scéal, bunaithe ar nodanna loma faoi eachtraí Oisin agus Caoillte sna sidhe, mar atá le fáil in "Agallamh na Seanórach". Moladh fiú gur ghlac an file chuige féin foinsí nárbh gá bheith Gaelach, óir go raibh scéalta eachtrannacha mar a leithéid líonmhar agus forleathan ag an am. Is léir go bhfuil scéal a imithe go Tír na nÓg ar cheann de roinnt dá leithéid chun a mhíniú cén fáth nár maraíodh Oisín sa Chath Gabhra inar scriosadh na Fianna, agus conas a mhair sé chun a scéal a insint na céadta ina dhiaidh.
1,417
Mutya Keisha Siobhan. Is popbhanna ó Londain iad Mutya Keisha Siobhan atá déanta suas de trí bhall, Siobhán Donaghy, Keisha Buchanan agus Mutya Buena. Cuireadh an grúpa ar bun i 2011.
67
Dan Aykroyd. Is aisteoir Ceanadach é Daniel Edward "Dan" Aykroyd a rugadh ar an 1 Iúil, 1952
39
Djurgårdens IF Fotboll. Is club peile Sualannach é Djurgårdens IF Fotboll, ar a dtugtar "Djurgården" de ghnáth, as Stócólm. Is é Djurgårdens IF Fotboll roinn sacair an chlub spóirt Djurgårdens Idrottsförening. Bunaíodh an club spóirt sa bhliain 1891 agus an roinn sacair sa bhliain 1899.
120
Hassan Rouhani. Is é Hassan Rouhani (Peirsis: حسن روحانی; a rugadh mar "Hassan Fereydoun" ar an 12 Samhain 1948) an 7ú Uachtarán agus Uachtarán na hIaráine (ó 3 Lúnasa 2013 go dtí 3 Lúnasa 2021). Cléireach Moslamach is ea é (leis an stádas Mujtahid Siach) agus dlíodóir agus iar-taidhleoir chomh maith. Amharctar ar Rouhani mar dhuine measartha lárnach ó thaobh na polaitíochta de. Saol. Oideachas. Tá céim bhaitsiléara sa dlí aige ó Ollscoil Tehran (1969) agus fuair sé MPhil sa Dlí (1995) agus PhD sa Dlí (1999) ó Ollscoil Chaladónach Ghlaschú, agus é 52 bliain d'aois ag an am. Bhí an tráchtas MPhil faoin gcumhacht reachtach maidir leis an dtaithí Iaránach agus an tráchtas PhD faoi sholúbthacht an dlí Ioslamaigh sa chomhthéacs céanna. Polaitíócht. Sa tréimhse sin bhí poist sinsearaigh éagsúla aige - sa rialtas, san arm agus sa riarachán. Bhí Rouhani ina cheannasaí an Fhórsa Aerchosanta (1986-91) le linn an Chogaidh ina bhall den Chomhairle Sheiftiúlachta de Thionól na Saineolaithe araon ó 2000 anuas go dtí an lá inniu. - mar shampla, , . rúnaí d'Ardchomhairle na Slándála Náisiúnta (1989-2005). Fuair Rouhani ceadúnas chun cleachtadh mar dhlíodóir sa bhliain 2007. Bhí Rouhani freisin ina leas-chainteoir den 4ú agus 5ú théarma den Thionól Comhairliúcháin Ioslamach (An Majlis). I gcáil ar sin, bhí sé i gceannas freisin ar fhoireann iar-idirbheartaíochta na hIaráine agus ina phríomh-idirbheartaí leis an triúr ón AE - an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, agus an Ghearmáin - ar chlár núicléach na hIaráine. Uachtarán. Ar an 7 Bealtaine 2013, chláraigh Rouhani don toghchán uachtaránachta a tionóladh ar an 14 Meitheamh 2013. Dúirt sé go n-ullmhódh sé "cairt um chearta sibhialta", an geilleagar a athbhunú agus an caidreamh guagach le náisiúin an Iarthair a fheabhsú . Toghadh Rouhani mar Uachtarán na hIaráine ar an 15 Meitheamh 2013, ag fáil an ceann is fearr ar Mhéara Tehrān, an tUasal Mohammad Bagher Ghalibaf agus ceathrar iarrthóir eile. Ar an 3 Lúnasa 2013, toghadh mar Uachtarán Phoblacht Ioslamach na hIaráine é, le haghaidh téarma oifige ceithre bliana. Atoghadh sa bhliain 2017 é. Sa bhliain 2021, bhí súil ag Éire agus an tAontas Eorpach áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú a rinneadh sa bhliain 2015. Clár núicléach na hIaráine. Sa bhliain 2015, bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta. Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta. Ach d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh nuair a toghadh Trump. Níor chas Rouhani riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019. Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú. Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,
1,287
Droichead na hInse. Is droichead bóthair suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Droichead na hInse.
39