text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Fabraicí tionsclaíocha. Fabraicí a úsáidtear i gcomhair feidhmeanna tionsclaíocha, mar shampla, i ndéanamh criosanna iompair, scagéadaí, geo-fhabraicí, is rópaí. Meastar go mbíonn suas le 30% de na fabraicí a dhéantar gach bliain sa rang seo.
99
Hieronymus Fabricius. Anatamaí a rugadh in Acquapendente na hIodáile ab ea Hieronymus Fabricius (Giralomo Fabrici, 20 Bealtaine 1533 - 21 Bealtaine 1619). An chéad duine a thug miontuairisc ar na comhlaí sna féitheacha, an phlacaint agus an laraing.
93
Fachtóir fáis néaróg. Peiptíd bhithghníomhach a fhaightear i gcuid mhaith ball (mar shampla, sna súile, an croí, na faireoga seileacha, an vas deferens) i gcuid mhaith ainmhithe, daoine san áireamh. Rialaíonn sé fás is forbairt na bhfíochán néarógach simpiteach, agus cuid de na néaróin chéadfacha. Glacann cuid de na húdaráis leis mar hormón.
136
Fachtóir Rhesus. Sraith antaiginí éagsúla a bhfuil gaol gairid eatarthu, i láthair de ghnáth i gcillscannáin na n-eiritricítí (cealla dearga fola) daonna. Is orthu a bhunaítear córas Rh (Rhesus) na ngrúpaí fola. Daoine a bhfuil an fachtóir acu, rangaítear mar Rh+ iad, agus iad sin gan é, is Rh- iad. Má bhíonn bean Rh- ag iompar a céad pháiste Rh+, féadfaidh sí antasubstaintí frith-Rh+ a tháirgeadh sa tréimhse díreach tar éis na breithe. I dtoircheas níos déanaí, féadfaidh na hantasubstaintí seo dul trasna na placainte, agus más Rh+ an féatas, féadfaidh siad tús a chur le haemalú (scrios na gcealla dearga fola) is galar (marfach) haemalaíoch sa naíonán nuabheirthe. Is féidir an priacal seo a laghdú trí chruthú na n-antasubstaintí máthartha a laghdú le dáileog antasubstaintí frith-Rh+ don mháthair díreach tar éis breith an chéad naíonáin. Bíonn timpeall 85% den phobal geal Rh+, ach bíonn difríochtaí suntasacha sa chóimheas Rh+/Rh- i bpobail éagsúla eile.
398
Fachtóir VIII. Ceann de shraith einsímí a bhíonn sa bhfuil is ea Fachtóir VIII, a rialaíonn an próiseas téachta. Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr. Bíonn priacal go n-aistreofar ionfhabhtuithe cosúil le SEIF ó fhuil an deontóra san instealladh seo. Tá haemifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX. Cúram in Éirinn. Seans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.
300
Fachtóirí fáis. Peiptídí beaga a tháirgeann cealla ar leith: nuair a tháltar iad, cuireann siad le fás saghsanna ar leith cille eile. Seans go mbíonn ról acu i gcuid de na hailsí. I measc na samplaí tá fachtóir fás néaróg, fachtóir fás eipideirme, agus fachtóir fáis pláitíndíorthaithe. Is féidir le hinslin feidhmiú mar fhachtóir fáis freisin.
146
Fachtóirí frithvitimín. Comhdhúile a fhaightear go nádúrtha i mbianna a laghdaíonn infhaighteacht vitimín ar leith nó a mhodhnaíonn gnáthfheidhmiú an vitimín. Mar shampla, tá próitéin ar leith i láthair i ngealacán na huibhe aimhe, aividin, a nascann leis an B-vitimín bitin, ionas go laghdaítear ionsú na bitine sa cholainn. Milltear cuid mhaith de na fachtóirí seo sa chócaireacht.
155
Facs. Tarchur macasamhail cáipéise, léaráide, is grianghraif thar an líonra teileafóin, ar fáil go huiledhomhanda ó 1986. Forbraíodh an córas ó fhionnadh na teilighrianghrafadóireachta ag Arthur Korn i 1907, agus fionnadh an bheilineagraif ag Edouard Belin i 1925. Anois scantar an bhuncháipéis le léas léasair, agus códaítear go digiteach í le tarchur don ghlacadóir. Ansin déantear é a phriontáil líne i ndiaidh líne ar pháipéar teirmíogair nó gnáthpháipéar. Tógann sé 15 soicind ar a laghad leathanach A4 a tharchur.
217
Fadhb neoidríonónna na Gréine. An difríocht idir líon na neoidríonónna ba cheart a bheith á n-astú ag na próisis núicléacha a fhuinnmhíonn an Ghrian gach soicind i dtreo an Domhain agus an líon a thomhaistear ar Domhan. Thug an fisicí Meiriceánach Raymond Davis (1914-2006) an difríocht seo faoi deara, tar éis dó tosú ar a thurgnamh chun flosc na neoidríonónna atá ionsaitheach ar an Domhan a thomhas i 1967. Níl réiteach ar an bhfadhb seo fós agus cuid mhaith turgnaimh tomhais eile déanta ar fud an Domhain. Is dócha go mbeidh gá le hathbhreithniú ar mhionsamhlacha na Gréine is/nó nádúr an neoidríonó amach anseo.
250
Fadlíne. Ag aon phointe ar dhromchla an Domhain, an mórchiorcal tríd an bpointe sin atá ingearach leis an meánchiorcal, ag dul trí na Moil Thuaidh is Theas. Sroicheann gach rinn spéire a buaicphointe sa spéir nuair a thrasnaíonn sí an fhadlíne neamhaí. Trasnaíonn an Ghrian an fhadlíne áitiúil ag meán lae.
124
Fadradharc. Locht ar an radharc ina bhfócasaíonn gathanna eisréimneacha solais ó fhrithne atá chomh fada amach leis an ngarphointe coitianta (250 mm) chun tosaigh ón reitine sa tsúil, in ionad ar an reitine féin. Tugtar "hipirmeatróipe" air freisin. Bíonn garphointe na súile sin níos faide amach ná is gnáth. Ní fheiceann an tsúil sin go soiléir frithne atá níos gaire ná a garphointe. Chun an locht seo a cheartú, ní mór lionsa inréimnithe a chur sna spéaclaí.
188
Fadú (réalteolaíocht). An fad uilleach idir an Ghrian is pláinéad nuair a bhreathnaítear orthu ón Domhan. Mar shampla, tá uasfhaduithe 28° is 47° ag Mearcair is Véineas faoi seach. Ciallaíonn luach beag Mhearcair nach mbíonn sí rófhada ón nGrian riamh, agus mar sin gur réad an-éalaitheach í.
123
Faecas. Ábhar is ea faecas (cac, eisfhearadh, fearadh nó tuar go neamhfhoirmeálta), a scaoiltear ó chonair an bhia, ina mbíonn fuíoll neamhdhíleáite d'ábhar ionghafa, uisce is baictéir. I ndaoine, is é a chinneann a dhath ná na hábhair datha a chruthaítear sa stéig trí dhianscaoileadh na mbilearúibiní ag baictéir. Tagann a bholadh ó chruthú aimíní áirithe ag na baictéir sa stéig. Is fuíollábhar a dhíchuirtear as an áthán é cac. Bíonn boladh láidir air. Is leasachán maith é cac nuair a scaiptear ar chré é. Bíonn dath donn air de ghnáth. Is buinneach é cac a scaoiltear as an áthán go han-tapa agus atá leachtúil.
251
Faensa. Cré-earraí a maisíodh le glónrú teimhneach a bhfuil ocsaíd stáin ann. Tagann an t-ainm ó bhaile Faenza san Iodáil, ach úsáidtear an téarma d'earraí ón bhFrainc is ón nGearmáin. An teicníocht chéanna a úsáidtear i ndeilf Shasana is na hOllainne, agus maisealaca na hIodáile.
129
Fagaisít. Aon cheall a shlogann agus, de ghnáth, a dhíleánn páirteagail, miocrorgánaigh (baictéir) nó cealla dochracha. Is fagaisítí an-chuid de na hainmhithe aoncheallacha. In ainmhithe ilcheallacha, feidhmíonn fagaisítí mar chosantóirí is glantóirí. I ndaoine is mamaigh eile, faightear sa bhfuil iad (na neodraifilí, na basaifilí, is na monaicítí), fíocháin tacaíochta, agus an córas líontán intéiliach (na macrafagaigh).
179
Daniel Gabriel Fahrenheit. Fisicí a rugadh i nGdańsk na Polainne (Danzig na Gearmáine ag an am) ab ea Daniel Gabriel Fahrenheit (24 Bealtaine 1686 – 16 Meán Fómhair 1736). San Ísiltír a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. D'fhionn sé an teirmiméadar alcóil sa bhliain 1709, agus chuir mearcair in ionad alcóil sa teirmiméadar den chéad uair i 1714. D'fhionn sé scála teochta Fahrenheit. Ar an scála seo, is é 32 °F reophointe an uisce is 212 °F fiuchphointe an uisce, agus 180 céim chomhionann eatarthu. Sa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na grádaithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth anois) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.
351
Comhdhúil fháinneach. Sa cheimic, is éard is comhdhúil fháinneach ann ná comhdhúil ina bhfuil fáinne phlánach iata adamh. I gcás comhdhúile carbóin, fáinní le 5 nó 6 adamh, atá níos cobhsaí ná aon struchtúr eile.
95
Fáinne (ríomhaireacht). Sa ríomhaireacht, toipeolaíocht amháin líonra ríomhairí a cheanglaítear le chéile trí chábla i bhfoirm fáinne. Seoltar teachtaireacht timpeall an fháinne ó ríomhaire amháin don chéad ríomhaire eile, ach ní ghlacann aon ríomhaire í ach sprioc na teachtaireachta.
116
Fáinne bliantúil. Ceann de na fáinní comhlárnacha a fheictear nuair a ghearrtar trasna gas nó fréamh planda adhmadaigh. Foirmíonn dhá bhanda soitheach xiléime gach fáinne. Táirgtear an chéad bhanda le soithigh de thrastomhas mór go luath sa bhliain as adhmad geal earraigh. Déantar na soithigh níos lú níos déanaí sa bhliain as adhmad samhraidh atá níos dorcha. De ghnáth, fás bliana a bhíonn i bhfáinne débhanda amháin, agus is féidir feidhm a bhaint as sin chun aois an chrainn a dhéanamh amach. Má bhíonn níos mó ná tréimhse fáis amháin sa bhliain, bíonn níos mó ná fáinne in aghaidh na bliana ann. Tugtar "fáinní bréagacha bliantúla" orthu sin.
265
Fáinne Tine. Crios gníomhach creathanna talún is bolcánaíochta timpeall imeall an Aigéin Chiúin, a shonraíonn teorainneacha idir plataí teicteonacha i screamh an Domhain.
67
Faireog chíochach. I mamaigh bhaineanna, faireog atá freagrach as tál is fuascailt an bhainne leis an óg a chothú. Bíonn 2-20 cinn ag mamaigh éagsúla. Lonnaithe ar dhromchla an chliabhraigh nó an bhoilg, agus i gcásanna áirithe (ba, gabhair agus fianna) comhchruinnithe ar úth. Meastar gur díothaíodh iad ó fhaireoga allais go bunúsach, ach athraithe is oiriúnaithe go mór.
150
Faireog phiotútach. Is faireog inchríneach í an fhaireog phiotútach, nó Hipifis, agus a meánmhéide cosúil leis an phís agus a meáchan 0.5g. Gobann sí amach ó bhun an hipeatalamais, ag bun na hinchinne, agus luíonn sí ins an 'sella turcica', cuas cnámhach beag atá clúdaithe ag an 'diaphragma sellae' nó an scairt dhiallaite. Bíonn an fosa piotútach, ina fhaightear an fhearóg phiotútach, suite sa chnámh shféanóideach i lár an fhosa chráiniaigh ag bun na hinchinne.
185
Faireog inchríneach. Is éard is faireog inchríneach ann ná faireog gan duchtanna, i láthair i gcuid de na hinveirteabraigh (moilisc is artrapóid áirithe) agus na veirteabraigh uile, a shintéisíonn is a thálann ceimiceáin teachtaire (hormóin) isteach in imshruthú na fola nó sa limfe le hiompar do na sprioc-chealla. Sna veirteabraigh, déanann siad príomhchóras cumarsáide (an córas inchríneach) a rialaíonn is a chomhordaíonn feidhmeanna na colainne, i gcomhar leis an néarchóras. Cuimsíonn an córas seo an fhaireog phiotútach, an fhaireog thíoróideach, an fhaireog pharaitíoróideach, an fhaireog aidréineach (osduánach), an paincréas (insíní Langerhans), agus na gónaid. Tá fíocháin is orgáin eile a bhfuil feidhmeanna faireogacha acu freisin: an hipeatalamas, na duáin, an chonair ghastraistéigeach, an tímeas, an ball pinéalach. Tá cuid mhaith neamhord is féidir tarlú i bhfaireoga a chuireann isteach ar fhás is forbairt, meitibileacht is atáirgeadh. Tugtar "inchríneolaíocht" ar an staidéar ar struchtúr, feidhmeanna is galair na bhfaireog inchríneach.
422
Fairsingiú fásaigh. Creimeadh an chomhshaoil i réigiúin thirime is leath-thirime is ea an gaineamhlú nó fairsingiú fásaigh nó fású, Nuair a éiríonn talamh a bhí táirgiúil uair amháin mítháirgiúil, tugaimid fairsingiú fásaigh ar an phróiseas seo. Tarlaíonn fasú trí róshaothrú, ró-innilt, dífhoraoisiú, agus droch-chleachtais uiscithe. Tagann athruithe aeráide is an forthéamh domhanda san áireamh freisin. Cailleann an talamh a torthúlacht, agus ní bhíonn in ann an daonra a chothú. Éiríonn an fhadhb níos measa in áiteanna mar gheall ar éagobhsaíocht na haeráide, triomaigh go príomha, borradh sa daonra, agus fairsingí móra á gcur in áirithe i gcomhair barra margaidh (is laghdú na fairsinge i gcomhair barra bia don daonra áitiúil). Cúiseanna. Deir an tAontas Eorpachː "Eascraíonn gaineamhlú go príomha as gníomhaíocht dhaonna agus éagsúlachtaí aeráide. Ní chiallaíonn sé dul chun cinn limistéar gaineamhlaigh atá ann cheana féin. Tá sé mar thoradh ar fhíor-leochaileacht na n–éiceachóras i limistéir thura i leith róshaothrú agus úsáid mhíchuí talún. Is tosca iad bochtaineacht, éagobhsaíocht pholaitiúil, dífhoraoisiú, ró-innilt agus droch-chleachtais uiscithe ar fad a mbíonn drochthionchar acu ar tháirgeacht na talún." Is iad na príomhchúiseanna atá leis seo: Gnéithe socheacnamaíocha. Labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi na gnéithe socheacnamaíocha sa bhliain 2016ː "Tarlaíonn gaineamhlú ...agus imeachtaí aimsire millteanacha eile mar gheall ar athrú aeráide a tharlaíonn de bharr astaíochtaí ón domhan tionsclaithe, agus bíonn i bhfad níos mó de dhrochthionchar acu ar na réigiúin is boichte, nach bhfuil sé de chumas acu freagairt dóibh, uaireanta mar gheall go mbíonn an oiread fiacha orthu féin agus mar gheall nach bhfaigheann siad na deiseanna a thagann ó chúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, ní hamháin i dtaobh bia agus slándála, ach sa tsláinte féin." Éire. Sa bhliain 2018, thug an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, eolas inniu ar a chuid tacaíochta don tionscnamh Crios Mór Glas agus don UNCCD (Coinbhinsiún na NA chun an Gaineamhlú a Chomhrac). Stair. Sna 1970idí-1980idí tharla fairsingiú an-suntasach fásaigh sa tSaiheil. Ceiliúrtar an an "Lá Domhanda um Ghaineamhlú agus um Thriomach a Chomhrac" ar an 17 Meitheamh gach bliain.
956
Faithne. Rófhás neamhurchóideach i gciseal seachtrach an chraicinn de bharr ionfhabhtaithe víreasaigh. Tugtar "veiriúca" air freisin. Coitianta go leor i bpáistí, ach neamhinréamhinste ina tharlú, a atarlú nó a imeacht spontáineach. Tagairtí. Wartrol Reviews and Advice
106
Faithní na mbaill ghiniúna. Loit i bhfoirm cóilise ar an bpéineas, an phit agus/nó mórthimpeall an anais de bharr rófhás na heipideirme. Ionfhabhtú leis an sineánómavíreas is bun leo, díreach cosúil le faithní ar bhaill eile den cholainn. Scaiptear le tadhall gnéasach iad.
110
Falacail ubhagánach. Struchtúr taobh istigh d'ubhagán an mhamaigh a fhéadfaidh forbairt ina ubhán aibí le fuascailt síos an t-ubhaducht. Tugtar "falacail Graaf" uirthi freisin, as an bhfiseolaí Ollannach Reinier de Graaf (1641-1673). I ngach ceann bíonn ginidíncheall bhunúsach, timpeallaithe le cealla eipitéileacha. Ar lá a breithe bíonn 400,000 falacail (falacailí príomhúla ag an staid sin) san ubhagán ag an naíonán baineann, ach ní aibíonn ach 300-400 díobh. Le teacht in oirbhirt is tosú an mhíostraithe, forbraíonn go leor falacailí gach mí, ach scaoileann falacail amháin a ubhán as an ubhagán is amach i gcuas an bhoilg. Taobh thiar den ghníomhaíocht seo, tagann na hubhagáin i bhfeidhm mar fhreagairt ar thál an hormóin fhalacailspreagthaigh (FSH) is an hormóin lúitéinithigh (LH) ag céimeanna ar leith sa timthriall míosta.
343
Falcaire. Fiaile spréite bhliantúil iltíreach is ea an falcaire. Na duilleoga i bpéirí, snasta ubhchruthach. Na bláthanna ar ghais chaola fhada, cúigpheitealach. Is foirmeacha den phlanda céanna le dathanna difriúla iad an falcaire fiáin, an falcaire gorm, agus lus Cholm Cille. Tá 20-25 speiceas den fhalcaire ar fad ann, iad go léir sa ghéineas "Anagallis" den fhine Primulaceae.
151
Gabriel Fallopius. Anatamaí a rugadh i Modena na hIodáile ab ea Gabriel Fallopius (1523- 9 Deireadh Fómhair 1562). Múinteoir clúiteach i bPadua. I measc a chuid fionnachtana, bhí na feadáin fhallópacha (útaracha) a cheanglaíonn na hubhagáin is an bhroinn.
106
Falrais. Gluaiseachtaí preabacha neamhdheonacha mar thoradh ar dhamáiste don chuid den inchinn a rialaíonn an comhordú matánach. Is féidir go dtarlóidh sí mar gheall ar ghalar géiniteach (falrais Huntington), stróc, nó i bpáistí mar aimhréidh ar ionfhabhtú le streipteacocas (falrais Sydenham).
108
Fanaile. Magairlín síorghlas dreapaire, dúchasach do Mheiriceá Láir. I ndiaidh na mbláthanna móra glasa, tagann na cochaill thanaí, suas le 15 cm ar fhad, dubh nuair a thriomaítear iad. Coinníonn siad an t-úscra fanailin, a úsáidtear go forleathan mar bhlastacht.
108
Fándaol. Ciaróg fhadaithe, ar dhath dorcha nó miotalach, le cumhdaigh ghearra bharrscoite sciathán de ghnáth. Foghlach ar fheithidí eile den chuid is mó, agus itheann cuid acu spóir fungas. An-choiteann i ndramhaíl duilleog is gnáthóga fliucha.
100
Fantaise. Píosa ceoil uirlise a fhuaimníonn mar a bheadh sí cumtha ar an toirt gan ullmhú, ach a bhíonn struchtúrtha go cúramach le fírinne.
56
Faocha gliomaigh. Crústach, cosúil le gliomach, a bhaineann feidhm as blaosc fholamh seilide mar dhídean iniompartha lena bolg bog a chlúdach is ea faocha gliomaigh. An cholainn neamhshiméadrach, chun fáil isteach sna blaoscanna bíseacha. Athraíonn an bhlaosc de réir mar a fhásann sí. Coitianta in uiscí tanaí cois cladaigh.
129
Faoileán scadán. Is faoileán mór é an faoileán scadán ("Larus argentatus"), suas le 66 cm ar fhad, atá coitianta sa leathsféar thuaidh. Na cosa bándearg de ghnáth, ach buí uaireanta; an ceann bán; an gob buí le spota dearg faoi bhun an chinn. Meastar gur lotnaid é in áiteanna, agus smachtaitear é.
120
Faoileoir crochta. Faoileoir le sciathán deilteachruthach a iompraíonn duine. Rinne Otto Lilienthal faoileoireacht chrochta cheannródaíoch sa Ghearmáin sna 1890idí. Shaothraigh NASA an faoileoir seo sna 1950idí mar pharaisiút faoileoireachta. Crochtar an píolóta in úim faoin bhfráma éadrom a bhfuil an sciathán greamaithe leis, agus stiúrann sé gluaiseacht an aerárthaigh le gluaiseachtaí a cholainne. Má choinnítear an uillinn ionsaithe i gceart, gintear ardú. Níos déanaí chuir NASA innill leis, agus méadaíodh réise na sciathán. Ina dhiaidh sin cuireadh sciatháin níos éifeachtaí in ionad an deilteascátháin chun an faoileoir fíoréadrom, nó micréadrom, a chruthú. Is féidir le micréadrom le réise 10 m luas 90 km san uair a bhaint amach.
299
Faoisceog. Saghas crann coill, dúchasach do na Balcáin, a fhástar i gcuid mhaith tíortha eile i gcomhair na gcnónna inite is ea an crann faoisceoige nó an fhaoisceog. Na cnónna imchlúdaithe i gcupán duilleogach a chúngaíonn mar a bheadh muineál os cionn an chnó.
107
Farad. Aonad SI an toillis leictrigh, leis an tsiombail F. Ainmnithe as Michael Faraday. Sainmhínítear é mar thoilleas toilleora le dhá pláta chomhthreomhara a bhfuil difríocht poitéinsil 1 V eatarthu agus lucht leictreach cúlóim amháin stóráilte air. Bíonn an micreafarad (1 μF = 10 F) agus an piceafarad (1 pF = 10 F) in úsáid choiteann.
144
Faraidé. Is éard is faraidé ann ná an lucht leictreach ar mhól (6.02 × 10) leictreon, arb ionann é is 9.65 × 10 cúlóm. Ainmnithe as Michael Faraday. An lucht is gá chun mól ian airgid (108 g) a dhí-ocsaidiú san imoibriú Ag + e → Ag.
97
Iarmhairt Faraday. Rothlú plána polaraithe solais, atá polaraithe go líneach, nuair a théann sé trí ábhair atá suite i réimse láidir maighnéadach. Chuir Michael Faraday síos air seo den chéad uair i 1845, agus ba chéim stairiúil é i léiriú an cheangail idir solas is maighnéadas. Is iarmhairt mhaighnéadoptúil í, de bharr ainiseatrópacht a ionduchtaíonn an réimse maighnéadach san ábhar. Ní hionann í is gníomhaíocht optúil, ina gcúlaítear an rothlú sa pholarú a tharlaíonn is an léas ag trasnú tríd an ábhar gníomhach má chuirtear an léas ar ais tríd sa mhalairt treo. Maidir leis an iarmhairt mhaighnéadoptúil, dúbláitear an rothlú má dhéantar an turgnamh céanna.
265
Faraing. Spás a dhéanann matán cumhdaithe le scannán múcasach taobh thiar den tsrón, an béal is an laraing, ach le bealach eatarthu. Síneann sí ó bhun na blaoisce, leanúnach leis an éasafagas faoina bun. I gcuid na sróine den fharaing atá oscailt an fheadán aireachtála. I gcuid an bhéil di, trasnaíonn conair an díleá is conair na riospráide a chéile, agus le linn slogtha stopann an riospráid ar feadh tamaillín. Sa chuid íochtarach, is iad an dá scoilt ar an dá thaobh den laraing na hionaid ina ngabhtar rudaí géara, cosúil le cnámha móra éisc, nuair a shlogtar iad. Sa chuid uachtarach, bíonn carnadh fíocháin limfigh (na céislíní), a mheastar a bheith ina chosaint i gcoinne ionfhabhtuithe ar eite.
277
Faraingíteas. Scornach thinn. Ceann de na tinnis is coitianta, de bharr ionfhabhtaithe bhaictéaraigh nó víreasaigh sna fíocháin líneála sa bhfaraing, de ghnáth.
67
Fardoras. In ailtireacht chlasaiceach is ailtireacht na hAthbheochana, an ceann is ísle agus is lú maisithe den 3 bhanda san taibhléadan. Luaitear fardoras freisin leis an bhfráma cloiche timpeall ar dhoras nó oscailt fuinneoige.
87
Fás criostal. Foirmiú criostal nuair a fhuaraítear tuaslagán sáithithe d'ábhar cuí, nó a bhaintear tuaslagóir éigin chun siúil trí ghalú. Tosaíonn an fás ar shíolchriostail bhídeacha a thugtar isteach ann chuige sin. Braitheann cruth na gcriostal a dhéantar go deireanach ar struchtúr bunúsach criostalta an ábhair thuaslagtha.
129
Fásra forchéime. Is é atá i gceist le fásra forchéime ainm luibheolaíochta ar an staid dheireanach de phlandaí ar leanúint gan suaitheadh. Nuair is í an aeráid is mó a chinneann an fásra, forchéim aeráide a tharlaíonn. In an-chuid réigiún ar Domhan, crainn a bhíonn ceannasach sa bhforchéim aeráide: foraoisí trópaiceacha báistí sna trópaicí taise, coillearnach duillsilteach i ndomhanleithid mheasartha. Ní ghlactar go hiomlán leis an gcoincheap seo, mar is féidir go dtagann fachtóirí eile san áireamh i gcomhar leis an aeráid, na hithreacha is na hairdí, mar shampla.
220
Fathachréalta dhearg. Réalta fhionnuar dhearg, 10-100 oiread thrastomhas na Gréine, agus na céadta míle oiread de lonracht na Gréine, ach mais cosúil le mais na Gréine. Tarlaíonn a leithéid go déanach i dtimthriall beatha réalta, i ndiaidh an phríomhsheichimh nuair a bhíonn an hidrigin sa chroíleacán ídithe agus a thosaíonn na cisil sheachtracha ag leathnú amach. Is é seo atá i ndán don Ghrian timpeall 5,000 milliún bliain amach anseo.
174
Feabhrán. Planda rúpach débhliantúil a fhásann 3 m ar airde is ea an feabhrán nó odhrán. Tá sé dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh. Bíonn na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó lansa-chruthacha, go minic liopach nó fiaclach. Na bláthanna bán nó scoth-bhándearg in umbail 5-15 cm ar leithead. An toradh leata leathaneiteach. Gaolmhar leis an bhfeabhrán capaill atá níos mó ná é, ag fás suas le 5 m ar airde. Sa chás seo, bíonn spotaí dearga ar na gais, agus na humbail suas le 50 cm ar leithead. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise. Fástar mar mhaisiúchán é uaireanta, ach is féidir go gcuirfidh sé tús le greannú pianmhar craicinn má dhéantar tadhall leis i solas geal gréine.
286
Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc. Lainseáladh an Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc (ICBL) sa bhliain 1991. Meastar go bhfuil níos mó ná 100 milliún mianach mar seo suncáilte thar fhairsingí leathana den domhan mar iarmhair de chogaí searbha i Vítneam, Laos, an Chambóid, Angóla, an iar-Iugslaiv, agus réigiúin leathana den Afraic. Maraítear nó gortaítear go dona suas le 20,000 duine ag na mianaigh seo gach bliain, páistí den chuid is mó. Bíonn ar fheirmeoirí an talamh a ghlanadh de mhianaigh chun gur féidir í a shaothrú arís. Obair fhíorbhaolach é mianaigh a ghlanadh, cinnte. Struchtúr eagraíochtúil. Coiste stiúrtha ó 16 eagraíocht atá ag an bhfeachtas, a chomhordaíonn obair 1,300 eagraíocht i 75 tír. Cabhraíonn sé le glanadh mianach agus soláthar míochaine d'íobartaigh. Bhuaigh an feachtas, lena chomhordaitheoir Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997. Cuireadh cosc ar mhianaigh féinscriosta sa bhliain 1997. Shínigh 133 tír conradh, is d'aontaigh 58 tír eile leis, chun cosc a chur ar úsáid, táirgeadh, stóráil nó iompar na mianach seo, agus rinneadh dlí idirnáisinta de i 1999.
463
Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach. Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 ("CND" nó an "Campaign for Nuclear Disarmament" i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi. Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na máirseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí. Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas. D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í. Féach freisin. An Cogadh Fuar
391
Feadán fallópach. Dhá fheadán fhada a théann amach ón gcuid uachtarach den bhroinn go dtí an t-ubhagán. Tá ceann cliathánach tonnadóirchruthach (an t-ionfandaibiliam) ag gach ceann acu, starrtha cosúil le méara ag gobadh amach agus ceann acu ceangailte leis an ubhagán, le réigiún atá leathnaithe amach (an ampaill) is cuid chúngaithe (an chuing). Bailíonn an t-ionfaindibiliam an t-ubhán a fhuasclaítear ón ubhagán agus iompraíonn isteach sa bhroinn é. San ampaill a tharlaíonn an toirchiú de ghnáth.
203
Canáil éisteacha. Feadán idir an chluas láir is an tsrónfharaing, cuid de déanta as cnámh is loingeán agus líneáilte le scannán múcasach. Tugtar "an feadán eostach" air freisin, as an lia Iodálach Bartolommeo Eustachio (1520-1574). Ligeann sé d'aer dul isteach sa chluas láir agus teacht amach aisti chun an brú a chothromú idir an dá thaobh den scannán tiompánach agus ligean dó crith go saor nuair a imbhuaileann fuaimthonn leis. Nuair a bhíonn eitleán ag éirí ón talamh nó ag tuirlingt, is gá an cothromú seo a dhéanamh (tríd an bhfeadán a choinneáil ar oscailt le cogaint is slogadh, mar shampla) chun fuaimeanna cnagtha sna cluasa, is fiú pian, a sheachaint. Bíonn an feadán níos cothrománaí sa pháiste faoi 7 mbliain d'aois ná sa duine fásta, agus mar sin tarlaíonn ionfhabhtuithe cluaise níos minice i bpáistí ná daoine fásta.
329
Feadán ga-chatóideach. Gléas fíorthábhachtach leictreonach is ea feadán ga-chatóideach (cathode ray tube). Úsáidtear é sa luascóp ga-chatóideach, mar shampla, lenar féidir comharthaí leictreacha a thaispeáint ar scáileán chun iad a thomhas agus athruithe a thagann orthu ó am go chéile a fheiceáil. Míniú. Buidéal gloine neartaithe atá sa bhfeadán, agus folús istigh ann. Bíonn bun leathan ag ceann amháin den fheadán, agus an taobh istigh de clúdaithe le hábhar tineghealánach: is é seo scáilean an fheadáin. Istigh sa bhfeadán, bíonn leictreonghunna chun léas comhlínithe leictreon a ghiniúint. Bíonn dhá phéire leictreoidí sraonta chun sraonadh ceartingearach is sraonadh cothrománach a chur i bhfeidhm ar an léas leictreon. Taobh istigh den ábhar tineghealánach ar an scáileán, bíonn ciseal fíorthanaí leictreoide a fheidhmíonn mar anóid dheireanach chun na leictreoin sa léas a bhailiú as an bhfeadán. Nuair a bhuaileann na leictreoin fhuinniúla an t-ábhar tineghealánach ar an scáileán, ardaíonn an turraing sin fuinneamh na leictreon fiúsach san ábhar sin. Díreach ina dhiaidh sin filleann na leictreoin sin ar ais síos go dtí a ngnáthleibhéal fuinnimh, agus astaítear an difríocht fuinnimh i bhfoirm solais infheicthe. Ní mhaireann an breo ar feadh i bhfad, agus imíonn sé beagnach go díreach nuair a scoirtear an turraing leictreon. Braitheann dath an tsolais seo ar an ábhar tineghealánach a bhíonn ar an scáileán. Tá ábhair thineghealánacha a astaíonn dath glas, buí, is gorm, agus úsáidtear iad go forleathan sna feadáin i ndéanamh luascóp ga-chatóideach. Scáileán. Sa 20ú haois, úsáideadh sa teilifíseán freisin é. Sa bhfeadán i dteilifíseán daite, baintear úsáid as 3 ábhar tineghealánach scartha, a astaíonn na príomhdhathanna — dearg, gorm is glas — chun gur féidir iad a mheascadh d'fhonn dathanna eile a chruthú. Nuair a bhreathnaíonn duine ar scáileán an fheadáin, feiceann sé pointe solais dhíomuain ag an ionad sa scáileán ag a dtarlaíonn an turraing idir an léas leictreon is an scáileán. Má shraontar an léas go leanúnach, feicfidh sé patrún an tsraonta de bharr marthanacht an bhreo.
860
Feadán scáthmhaisc. Feadán ga-chatóideach chun físíomhánna daite a léiriú. Bíonn 3 léas leictreon ó 3 leictreonghunna, iad modhnaithe ag an gcomhartha dearg, glas, is gorm faoi seach. Sraontar iad ag an gcóras scanta trí phoill sa phláta scáthmhaisc chun go dtitfidh siad ar mhionspotaí fosfair den dath cuí ar an scáileán. Breonn na spotaí seo i gcomhréir le déine an léis a imbhuaileann iad, ach de bharr go bhfuil siad chomh beag sin, feictear iad i ndathanna suimithe. De ghnáth bíonn na mionspotaí ina dtréanna i bhfoirm deilte. Sa chás sin, bíonn tré poll sa scáthmhasc do gach picteilín den scáileán, agus ní ligeann gach poll den tré ach an léas den dath cuí isteach ar an mionspota cuí fosfair ar an scáileán. Mar mhalairt air sin, úsáidtear stríoca ceartingearacha i ngrúpaí de 3 cinn ar an scáileán uaireanta, agus sa chás sin, greille a bhíonn sa phláta scáthmhaisc.
358
Feadán teirmianach. Feiste leictreonach, ar feadán folúsach é, le dhá leictreoid nó níos mó lenar féidir an sruth leictreon tríd a stiúradh. Bíonn an chatóid ann téite, ionas go n-astaíonn sí leictreoin trí phróiseas a dtugtar "astaíocht theirmianach" air. Bíonn anóid ann a bhíonn dearfach i leith na catóide, ionas go n-aomann sí leictreoin uaithi, agus stiúrtar an sruth seo le leictreoidí eile idir an chatóid is an anóid, iad ag voltais stiúrtha éagsúla. Tugtar "greillí rialaithe" ar na leictreoidí seo. Is é an ceann is simplí, le dhá leictreoid, an dé-óid, a úsáidtear i gciorcaid coigeartóra. D'úsáidtí feadáin theirmianacha i ngach saghas ciorcaid leictreonaigh, ach faoi seo tá a n-ionad gafa ag feistí leathsheoltóra, cosúil leis an trasraitheoir.
305
Fealsúnacht na heolaíochta. Brainse den eolaíocht, a dtagtar go minic air ó dhearcadh stair na heolaíochta, a dhéanann staidéar ar nádúr modhanna oibre, teoiricí, fianaisí, mínithe, tuairiscí eolaíocha agus a gceangail le hábhair eile sa bhfealsúnacht, loighic, eipistéimeolaíocht is eile.
113
Feanól. C6H5OH, i gcóras IUPAC hiodrocsaibeinséin, agus tugtar "aigéad carbólach" air freisin. Úsáidtear é mar antaiseipteán in áiteanna nach deacracht a airíonna creimneacha. Príomhchomhábhar tarra guail, ach sintéisítear an-chuid de, mar bíonn feidhmeanna aige i ndéanamh snáithíní, roisíní, ruaimeanna, drugaí is ábhair phléascaigh.
142
Feanphailm. Pailm abhacach, dúchasach d'áiteanna tirime gar don Mheánmhuir, a fhástar go minic mar mhaisiúchán. An stoc clúdaithe le snáithíní a bhíonn an-ghairid go minic, ag cur meathán amach is ag déanamh tortán. Na duilleoga feanchruthach. An t-aon phailm fhorleathan atá dúchasach don Eoraip.
125
Féar caorach. Is féar tomach le duilleoga rollta colgchruthacha a fhaightear beagnach gach áit ar Domhan é féar caorach. Tábhachtach mar fhéar innilte. Na gnéithe cnoic beoshíolraitheach go minic, is é sin, gineann na síolta ina bplandaí beaga roimh scaradh dóibh ón mbláthra.
111
Féar gortach. Féar caol, dúchasach do réigiúin mheasartha, le panacail phirimidiúla spícíní leata ubhchruthacha, crochta ar ghais, cosúil le snáithíní, a chritheann sa phuth gaoithe is laige.
80
Féar pampaí. Féar mór ilbhliantúil atá dúchasach don Bhrasaíl, an Airgintín, is an tSile. Cruthaíonn sé dois dhlútha de dhuilleoga gormacha stuacha, le gais ingearacha suas le 3 m ar airde le panacail cosúil le cleití, airgeadach/bán nó uaireanta bándearg. Fástar in an-chuid áiteanna é mar mhaisiúchán.
124
Fearáit. Comhdhúil is ea an fhearáit ina bhfuil iarann mar chuid d'ainian.
32
Fearamón. Ceimiceán a tháltar go dtí an taobh amuigh d'ainmhí ionas go mbíonn iarmhairt ar leith aige ar bhall eile den speiceas céanna. Spreagann fuascailt fearamón freagairt ar leith iompair ón ainmhí eile, cosúil le cúpláil nó ionsaí. Athraíonn prímeáil fearamón fiseolaíocht an fhaighteora, iarmhairt ar na hormóin atáirgthe, b'fhéidir. Tá fearamóin coitianta i measc na bhfeithidí, agus faightear i gcreimirí is moncaithe iad. Baintear sochar astu sa bhfeirmeoireacht chun am is minicíocht na cúplála in ainmhithe feirme is gluaisne feithidí a rialú. Is dócha go bhfuil an-chuid le foghlaim ar na ceimiceáin seo is a bhfeidhmithe.
257
Fearán gubhach. Colm atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Muir Chairib is ea an fearán gubhach ("Zenaida macroura"). Na cosa gearr, an gob caol, an t-eireaball fada. Áitríonn sé coillearnach, leathfhásach, agus imill bhailte. Itheann sé síolta is inveirteabraigh. Neadaíonn sé i gcrainn is foirgnimh nó ar an talamh.
126
Fearann maighnéadach. In ábhar fearómaighnéadach, réigiún ina bhfuil na móimintí aonaracha adamhacha maighnéadacha ailínithe comhthreomhar le chéile, fiú nuair nach mbíonn aon réimse seachtrach i bhfeidhm air. In ábhar neamh-mhaighnéadaithe, ní bhíonn aon ghaol idir treoshuímh mhaighnéadacha na bhfearann éagsúil. In ábhar maighnéadaithe, bíonn siad uile comhthreomhar le chéile.
158
Fearbán. Cineál an-mhór an-éagsúil plandaí bliantúla is ilbhliantúla, cuid acu uisciúil. Coitianta ar fud an chuid is mó den Domhan, ach go príomha sa leathsféar thuaidh. Na duilleoga caol iomlán, nó leathan roinnte. Na bláthanna cupánchruthach le 5 pheiteal nó sheipeal go minic (sa ghéineas "Ranunculus" ach go háirithe), snasta buí, ach uaireanta bán nó dearg. Blas searbh agus nimhiúil d'ainmhithe, a sheachnaíonn iad, rud is cúis lena bhflúirseacht i bhféaraigh. Tá timpeall is 1,700 speiceas fearbán ann. Is é "Ranunculus" an géineas is mó díobh úd agus 600 speiceas i gceist. Tagann ainm an ghéinis ón Laidin: "Rānaculus" (frog beag). Géinis mhóra eile is ea "Delphinium" (365 speiceas), "Thalictrum" (330), "Clematis" (325), agus "Aconitum" (300).
315
Fearó-chóimhiotail. Cuingreacha dúile a mheasctar le cruach leáite chun tréithe ar leith a thabhairt don chóimhiotal: mar shampla, neart, cruas nó neamhchreimeacht.
66
Fearóicéin. Fe(C5H5)2, solad flannbhuí le leáphointe 173 °C, a ullmhaíodh den chéad uair i 1951. Bíonn adamh iarainn nasctha go diméadrach le dhá fháinne chioglaipeintidhé-éiníl ann. An chéad cheann i sraith comhdhúl orgánaimhiotalach de na miotail thrasdultacha a dtugtar "miotalaicéiní" orthu.
129
Fearóileictreachas. Ábhair chriostalta, cosúil le tíotánáit bairiam, BaTiO3, ina bhfuil móimint dhépholach leictreach iomlán, fiú gan réimse seachtrach leictreach a bheith i bhfeidhm orthu, ar féidir iad a chúlú le frithréimse seachtrach leictreach. Sa chás sin, is amhlaidh a tharlaíonn díláithriú idir na hadaimh sa laitís iomlán, ionas nach gcomhthiteann na láir dhearfacha is na láir dhiúltacha luchta a thuilleadh. Ag teocht os cionn luacha ar leith — a bhraitheann ar an ábhar féin, agus a dtugtar "teocht Curie" uirthi — réabann gluaisne theirmeach ord na laitíse agus cailltear an tréith fhearóileictreach. Tá taighde ar siúl ar scannáin thanaí ábhar fearóileictreach mar shlisní i gcomhair cuimhní ríomhaire.
286
Fearómaighnéadas. Tréith a bhíonn ag ábhair ar leith (mar shampla, iarann, nicil, cóbalt, gaidiliniam, diaspróisiam, is cuid mhaith cóimhiotal) de bharr ailiniú mórscála na móimintí adamhacha maighnéadacha san ábhar. Nuair a chuirtear déine réimse mhaighnéadaigh H i bhfeidhm ar an ábhar le corna leictreach timpeall air, cuireann sé seo floscdhlús mór maighnéadach B i dtoirt an ábhair seo. Is féidir go bhfanfaidh réimse san ábhar nuair a bhaintear an réimse seachtrach chun siúil, agus bíonn buanmhaighnéad mar thoradh air sin. Bíonn leictreoin neamhdhísithe in an-chuid dúl, agus mar thoradh orthu sin bíonn móimintí maighnéadacha ag na hadaimh sin, agus paramaighnéadas ag toirt aon ábhair mar sin. Bíonn fearómaighnéadas cosúil le paramaighnéadas, ach le cuidiú breise de bharr an ailínithe.
303
Féatas. Suth aon ainmhí a dhéanann leanbh beo clainne a bhreith, de rogha ar ubh. Sa duine, tugtar féatas (nó Leanbh gan bhreith sa duine) ar an suth nuair a bhíonn príomhstruchtúir na colainne foirmthe, timpeall dhá mhí tar éis toirchiú an ubháin ag an speirm, agus as sin go dtí breith an linbh. Tugtar "siogót" ar an ubh thoirchithe aoncheallach. Ansin deighleann an siogót, ag cruthú a thuilleadh is a thuilleadh ceall, agus tagann le bheith ina chíteaplast, sáite sa bhroinn. Leanann an deighilt ar aghaidh trí chéimeanna an tsutha is an fhéatais go dtí an bhreith. Tar éis breithe, is nuabheirthe (Béarla: "neonate") an fhéatas anois.
256
Gustav Theodor Fechner. Fisicí is síceolaí a rugadh i nGroß Särchen na Gearmáine (Żarki Wielkie na Polainne inniu) ab ea Gustav Theodor Fechner (1801-1887). Rinne sé taighde ar na gaolta idir colainn is cuimhne. Scríobh sé leabhar cáiliúil, Elemente der Psychophysik (Bunús na Sícifisice, 1860), inar shaothraigh sé teoiricí Ernst Weber ar thairsigh chéadfacha, ag leagan bunsraith na sícifisice.
151
Feidhm easpónantúil. Sa mhatamaitic, is é is feidhm easpónantúil ann ná feidhm ina bhfuil an athróg ina heaspónant, mar shampla, formula_1. Feidhm easpónantúil thábhachtach is ea formula_2 a bhfuil mar airí aici, formula_3. Mar sin, tá ráta fáis formula_4 i gcomhréir bheacht lena mhéid. De réir mar a fhásann formula_5, is amhlaidh is mó a ráta fáis, agus tugtar "fás easpónantúil" nó scaoilte ar a leithéid. Ina fhoirm ghinearálta, formula_6, samhlaíonn an slonn seo próisis fhisiciúla cosúil le dlíthe an fháis (k dearfach) is an mheata (k diúltach), díluchtú toilleora agus meath radaighníomhach. Is í seo an tsraith easpónantúil: formula_7 Is féidir na feidhmeanna triantánacha a shainmhíníu i dtéarmaí easpónant mar seo: formula_8, agus formula_9. Chruthaigh Euler an toradh suntasach formula_10.
320
Feidhm oibre. An t-íosluach fuinnimh is gá a sholáthar chun leictreon a eastóscadh ó mhiotal soladach. Is tomhas í ar cé chomh docht is a bhíonn na leictreoin greamaithe i ndromchla an mhiotail. Bíonn a luach sainiúil ag gach miotal. Mar shampla, is í feidhm oibre copair ná 4.4 eV. Úsáidtear an tsiombail Φ di, agus is i leictreonvóltaí (eV) a thomhaistear í seachas giúil.
161
Feidhm pheiriadach. Sa mhatamaitic, feidhm cosúil le f(x + a) = f(x) do gach x. Más a an tairiseach dearfach is lú a chomhlíonann an chothromóid seo, is é a peiriad nó tréimhse na feidhme. Is iad na feidhmeanna peiriadacha is coitianta an síneas agus an comhshíneas. I gcás shíneas kx, is é (2 π)/k an peiriad.
135
Feidhmchláirín. Clár beag gearr ríomhaire, scríofa i dteanga cosúil le Java, is ea feidhmchláirín. Is féidir glaoch air ó dhoiciméad gréasáin le linn don doiciméad a bheith á phróiseáil ag brabhsálaí Gréasáin. Nuair a ghlaotar ar an bhfeidhmchláirín, íoslódáiltear é ón ngréasán agus ritear ar ríomhaire an úsáideora é. Is áisiúil an teanga Java chuige seo, gan bagairt do shlándáil ríomhaire is sonraí an úsáideora.
183
Feidhmeanna fuinnimh. Is iad na feidhmeanna trádálacha is mó a bhaintear as fuinneamh bunúsach ná chun leictreachas a ghiniúint, i gcomhair feithiclí iompair is taistil, cúrsaí tionsclaíochta, teaghlaigh, agus cúrsaí trádála. Baineann na Stáit Aontaithe, ina bhfuil 5% de dhaonra an Domhain, feidhm as breis is 25% d'ola an Domhain, suas le 43% de sin i gcúrsaí iompair.
157
Feidhmeanna léasar sa mhíochaine. Tá feidhmeanna léasar á bhforbairt an t-am ar fad sa mhíochaine. Úsáidtear léasair chun reitine scartha a phonctháthú ar ais sa tsúil, cur fola taobh istigh den cholainn a stopadh, agus siadaí mínormálta áirithe a leachtú nó a ghalú. Tá obráidí le léasar eximer bíogtha, a ghineann níos mó solais ultraivialait ná teasa, in úsáid chun coirne na súile a ghearradh is a mhúnlú chun aistiogmatacht, fadradharc is gearr-radharc a cheartú. Tá aingeaplaiste á saothrú, ina mbaintear feidhm as léasar beag sa chataidéar chomh maith leis an mbalún: úsáidtear an chumhacht radaíochta ón léasar chun an phlaic artairiscléaróise a leachtú, agus séidtear an balún chun aon fhuílleach a bhrú ar feadh na mballaí san artaire.
306
Feidhmiúlachas. San ealaín is an ailtireacht, teoiric atá bunaithe ar fhealsúnacht ársa na Gréige gur cheart gurb ionann, nó ar a laghad gur gaolmhar, áilleacht is éifeacht fheidhmiúil. Pléadh ó am go chéile é san 18ú-19ú céad, ach tháinig sé sa bhfaisean i ndáiríre sna 1920idí-1930idí, faoi thionchar an Bauhaus go háirithe. Mar shampla, de réir na teoirice seo, chinn feidhmeanna foirgnimh cruth an fhoirgnimh, agus sainmhíníodh teach mar mheaisín le maireachtáil ann.
196
Féileacán cachtais. Féileacán beag neamhlonrach le sciatháin thosaigh chaola is sciatháin chúil leathana is ea an féileacán cachtais ("Cactoblastis cactorum"). Tugadh isteach san Astráil go rathúil é i 1925 chun cosc a chur le leathadh an chachtais phiorra dheilgnigh. Milleann na cruimheanna na plandaí cachtais seo trí thochailt isteach sna gais.
132
Féileacán gabhalearrach. Féileacán mór daite, na sciatháin chúil fadaithe ina n-eireabaill chaola. Ní maith le hainmhithe creiche na larbhaí ná na féileacáin fhásta.
70
Féileacán saitirideach. Grúpa féileacán le sciatháin dhonna den chuid is mó, nó flannbhuí/dubh, le spotaí súilchruthacha. Cloíonn na féileacáin fhásta leis an scáth. Itheann na cruibheanna féir is cíb go príomha.
91
Feileastram dearg. Feileastram ilbhliantúil a fhásann 90 cm ar airde, a tháirgeann cormáin, agus a scaipeann trí stólain. Na duilleoga claíomhchruthach i bhfeain chaola. Na bláthanna 2.5-5.0 cm ar trastomhas, flannbhuí, rud beag siogamorfach, tonnadóirchruthach i gcraobhacha aontaobhacha. Hibrid is ea é de bhunús gairneoireachta, a saothraíodh ar dtús sa bhFrainc. Tá sé dúchasach don Afraic Theas. Tá timpeall is 400 saothróg ann, cuid díobh ina speicis ionracha in áiteanna ar fud an Domhain.
207
Feilt. Is éadach neamhfhite í feilt, fabraic scaoilte de shnáithíní nádúrtha nó saorga, nó cruthaithe in uigí trí ghníomhú fliuchrais, teasa nó brú athdhéanta. Téann na snáithíní in aimhréidh ina chéile. Bíonn feidhmeanna tábhachtacha ag feilt in éadaí (mar shampla, i hataí), i bhfeistis tí (mar shampla, i gclúdaigh urlár, bord is troscán), agus sa tionscal (mar shampla, mar inslitheoirí).
162
Féimear. Cnámh fhada na leise le ceann cruinn, muineál is fearsaid, agus a ceann íochtarach leathnaithe amach. Altann a ceann cruinn leis an bpeilbheas (trí alt an chromáin) agus an ceann íochtarach le plaitín na glúine is an tibia (trí alt na glúine). An chnámh is faide sa cholainn, agus tugann sí ceangal do ghrúpaí cumasacha matán a ghluaiseann an leis i leith an stoic, is an colpa i leith na leise.
156
Féin/neamhfhéin. Meicníocht sa chóras imdhíonach ina n-aithníonn an cholainn cealla na colainne féin is a dtáirgí siúd (féin) mar ábhar difriúil ó ábhar coimhthíoch (neamhfhéin). Ní fhreagraíonn sé d'fhéinábhar ach tugann freagairt imdhíonach ar neamhfhéinábhar, á mhilleadh is á chaitheamh amach ón gcolainn. Sa luathbheatha réamhbheirthe, ní féidir leis an gcóras imdhíonach an t-idirdhealú seo a dhéanamh: is féinábhar gach ábhar beo, ach faigheann an féatas an cumas imdhíonach roimh bhreith. I gcuid de na galair a bhaineann leis an gcóras imdhíonach, is féidir go bhfeidhmeoidh an córas ar fhéinábhar mar a bheadh neamhfhéinábhar ann, agus go dtabharfaidh an cholainn freagairt imdhíonach ar a cuid fíochán féin, mar a dhéanann in airtríteas réamatóideach.
324
Feineolaíocht. Is éard is feineolaíocht ná brainse den bhitheolaíocht a dhéanann staidéar ar am-áireamh feiniméan nádúrtha maidir le horgánaigh is an dúlra i gcoitinne: mar shampla, na hathruithe séasúracha sa bhfásra agus a ngaolta leis an aimsir is an aeráid.
104
Feinil. C6H5-, grúpa a dhíorthaítear trí adamh hidrigine a bhaint as fáinne beinséine.
38
Feinilcéatónúire. Is éard is feinilcéatónúire ann ná neamhord tearc dúchasach de thoradh ar éalang i meitibileacht feiniolalainín (aimíonaigéad a bhíonn i gcuid mhaith próitéiní). Carnann an feiniolalainín sa cholainn, agus is féidir go gcuirfidh sin tús le heasnamh meabhrach. Is féidir é a bhrath go luath sa naíonacht le tástáil scagtha ar an bhfual, agus má chloíonn an páiste le cothú gan blúire ar bith feiniolalainín ann, fásann sé breá normálta.
181
Feiniméin chriticiúla. Airíonna fisiciúla córas ag a bpointí criticiúla (mar shampla, ag an teocht a n-imíonn an t-idirdhealú idir dhá phas). Bíonn sé sainiúil do na pointí seo go dtarlaíonn athruithe drámata sna paraiméadair a chuireann síos ar an gcóras. Mar shampla, titeann maighnéadú spontáineach iarainn go dtí nialas nuair a éiríonn a theocht os cionn na teochta criticiúla (a theocht Curie). Tarlaíonn feiniméin chriticiúla i gcuid mhaith córas, cosúil le hathruithe forshreabhánacha, forsheoltacha, fearóileictreacha, is fearómaighnéadacha.
213
Feinitíopa. Is éard is feinitíopa ann ná an dealramh seachtrach de bharr géine aonair ar leith. Mar shampla, tá athrú ceannasach ar leith i lucha Ay (an géinitíopa) a tháirgeann an feinitíopa d'fhionnadh buí is murtall.
86
Feinitisíní. Cineál drugaí a tugadh isteach sna 1950idí chun neamhoird shíciatracha (cosúil le scitsifréine is mire) a chóireáil. Ba é clórprómaisín an chéad cheann.
71
Féinlárnachas. De réir Piaget, éagumas dealraitheach dearcadh aon duine eile a thuiscint. Cheap sé go raibh leanaí féinlárnach, ag gníomhú díreach is dá mbeadh gach éinne ar aon aigne is tuiscint leo féin, ach níl an fhianaise ag teacht leis an tuairim seo.
99
Féinspéiseachas. Tuairim gur chóir do dhuine gníomhú i gcónaí chun a leas féin a chur ar aghaidh is ea féinspéiseachas, is gurb é féinleas tuisceanach bunús na gnáthmhoráltacha. Moltóir cáiliúil na tuairime seo ab ea Thomas Hobbes.
99
Feiriciainíd. Fe(CN)6 , heicsicianaifearáit (III) (dhearg). Heicsicianaifearáit (II) (bhuí), Fe(CN)6, a dtugtar "fearóiciainíd" uirthi. Imoibríonn an dá cheann acu le hiain iarainn eile chun deascán fíorghorm a chruthú, a dtugtar "gorm Prúiseach" air.
113
Feirítí. Rang ábhar ceirmeach ina bhfuil ocsaídí iarainn is oiread beag ábhar eile cosúil le copar, nicil nó mangainéis. Bíonn seoltacht bheag leictreach acu, bíonn siad fearómaighnéadach, agus úsáidtear iad mar ábhar croíleacáin i gcornaí ardmhinicíochta leictreacha, maighnéid i gcallairí agus cinn i dtaifeadáin gutha is físe. Is éard a bhí in adhmaint an tseansaoil ná feirít fheiriúil nó maighnéidít, Fe(Fe2O4).
181
Feirmeoireacht ainmhithe. Coinneáil ainmhithe ceansaithe le haghaidh bia, snáithíní, seithí nó chun ualaigh a tharraingt is a iompar. Thosaigh ceansú ainmhithe mar seo le caoirigh sa Mheánoirthear timpeall 9000 RC. Ceansaíodh muca timpeall 6000 RC, agus eallach timpeall 5500 RC. Gan feirmeoireacht orgánach a chur san áireamh, is an-dian na cleachtais i bhfeirmeoireacht ainmhithe. Fástar muca is éanlaith i bhfeirmeacha monarchan mar a ndéantar an ionghabháil bia, an teocht, an soilsiú is cúinsí eile a rialú chun uasmhéid airgid a dhéanamh. Le feabhsuithe san eolas eolaíoch ar riachtanais cothaithe ainmhithe, saothraíodh bianna chun aiste feabhsaithe bia, saibhir i hormóin is vitimíní, a chur ar fáil i rith na bliana. Déantar na hainmhithe a vacsaíniú de réir gnáthaimh agus tugtar drugaí coisceacha, le frithbheathaigh, dóibh chun galair a sheachaint. Mar thoradh ar an gcur chuige seo, méadaíodh táirgiúlacht an-chuid bianna go mór, ionas go mbíonn farasbarr mór in áiteanna. Ceist phráinneach is ea an féidir an feabhsú is an méadú sa táirgiúlacht a choinneáil ar siúl. Tá claonadh ann ainmhithe a fheabhsú trí roghnú géiniteach, inseamhnú saorga, is innealtóireacht ghéiniteach, ach ní thaitníonn sé seo le cuid mhaith tomhaltóirí.
496
Feirmeoireacht arúil. Feirmeoireacht ina ndéantar an talamh a threabhadh go rialta agus barra bliantúla, cosúil le gránbharra, prátaí, biatas siúcra, is glasraí a chur. An-choitianta i réigiúin leata thirime mar ar féidir an treabhadh a dhéanamh éasca go leor, agus a ligeann an samhradh tirim na barra a aibiú is a baint.
133
Feirmeoireacht mhonarchan. Modh dian táirgthe beostoic, faoi réir rialú cruinn ar an timpeallacht is an réim cothaithe, de ghnáth. Tugtar "feirmeoireacht chúbarnaí" uirthi freisin. Brostaíonn sí fás na n-ainmhithe: mar shampla, aibíonn sicín cúbarnaí taobh istigh de 42 lá, mar mhalairt ar 84 lá de ghnáth. I láthair na huaire, is í seo an príomh-mhodh táirgthe uibheacha, feoil éanlaithe, is muiceola. Ní maith le cuid mhaith daoine an fheirmeoireacht seo de bharr úsáid mhinic frithbheathach, próifiolachtach, is hormón chun an táirgeadh a dhéanamh éifeachtach.
232
Feirmeoireacht orgánach. Feirmeoireacht gan aon cheimiceáin shaorga a úsáid: leasú talún, feithicíd, sprae, nó ábhar cógaseolaíochta. Coinnítear torthúlacht na talún le haoileach eallaigh is múirín, agus trí rothlú barr le barr a fhosaíonn nítrigin, cosúil le seamair. Coimeádtar smacht ar fhiailí is galair trí rothlú is saothrú, fiú gortghlanadh láimhe. I dtíortha ar leith, bíonn biseach le fáil ar bhia orgánach. Tá an fheirmeoireacht seo ag fás go tapa le blianta anuas san Eoraip, ach is cuid bhídeach den fheirmeoireacht iomlán fós í.
217
Feiste fhorsheoltach trasnaíochta candamaí. Fáinne d'ábhar forsheoltach a bhaineann úsáid as comhchumair Josephson, a úsáidtear chun tomhais chruinne a dhéanamh ar mhionréimsí maighnéadacha. Braitheann sí ar an idirghníomhú idir an réimse is an sruth timpeall an fháinne. Baintear feidhm aisti chun teocht an-íseal agus gníomhaíocht leictreach na hinchinne a thomhas.
147