text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
An Mhonacais. Is í an Mhonacais (nó "Munegascu", mar a deir lucht a labhartha féin) teanga dhúchasach mhuintir Mhonacó. Teanga Rómánsach í, agus is féidir a rá gurb ionann í, a bheag nó a mhór, agus an chanúint a labhraítear i Genova san Iodáil. Ní hí an Mhonacais teanga oifigiúil Mhonacó, nó is easaoránaigh ón bhFrainc iad formhór mór na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i Monacó, agus mar sin, is í an Fhraincis teanga oifigiúil an stáit. Mar sin féin, táthar ag iarraidh an tseanteanga a choinneáil beo sna scoileanna, agus bíonn sí le feiceáil go poiblí in áiteanna i Monacó.
239
Leeds United Football Club. Club peile atá suite i Leeds, Iarthar Yorkshire is ea Leeds United Association Football Club, nó go simplí Leeds United. Cé gur imir an fhoireann i bPríomhroinn Shasana uair amháin, imíonn siad anois i sraith níos ísle. Tá a staid baile, Elland Road, suite i mBeeston, áit a d'imir siad ó bhúnú an chlub sa bhliain 1919. Tugtar "Leeds" orthu go minic nó na "Whites" mar leasainm mar gheall ar na geansaithe bána. Cé go bhfuil "AFC" in ainm oifigiúil an chlub agus bhí sé le feiceáil ar an suaitheantas san aimsir caite, níl ach "LUFC" le feiceáil ar an suaitheantas inniu. Don chuid is mó dá stair d'imir siad i bpríomhroinn Shasana. Faoi bhainisteoireacht Don Revie i rith na 1960í agus 1970í, bhuaigh Leeds cúpla trófaithe intíre agus Eorpach. Cuireadh síos iad go dtí an dara roinn sa bhliain 1982, agus d'fhill siad ar an bpríomhroinn sa bhliain 1990. Bhuaigh siad an tsraith sa bhliain 1992. Tar éis tubaistí airgeadais cuireadh síos iad go dtí "League One" don séasúr 2007–08. Sa séasúr 2009/10, bhuaigh Leeds ardú go dtí an Championship tar éis 3 bliain caite i League One. Ar an 21ú Nollaig, ceannaigh "GFH Capital" 100% den chlub as Ken Bates, ach fánóidh Bates go dtí deireadh an séasúr.
472
Forógra na Feabhra. Is éard a bhí i gceist le Forógra na Feabhra i stair na Fionlainne ná an forógra a d'eisigh impire na Rúise (Nioclás II) ar an 15 Feabhra 1899 le cuid den fhéinrialtas a bhaint d'Ard-Diúcacht na Fionlainne. Go dtí sin, bhí sé de chumhacht ag Dáil na Fionlainne gan glacadh leis na dlíthe nua Rúiseacha - is é sin, ní thugadh na Fionlannaigh aird ach ar an gcuid sin den reachtaíocht uile-Rúiseach a raibh siad sásta léi. Ó bhí na Fionlannaigh sách dílis don Impire ar dhóigheanna eile, tháinig an Forógra seo aniar aduaidh orthu ar fad, agus iad den tuairim gur míthuiscint de chineál éigin a bhí i gceist. D'achainigh leathmhilliún Fionlannach ar an Impire an forógra a chur ar ceal, ó shíl siad nach ón Impire féin a tháinig an forógra, ach ó chomhairleoir éigin nár thuig cúrsaí na Fionlainne.
326
Teangacha Rómánsacha. Foghrúpa de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Rómánsacha a tháinig ar an bhfód nuair a thit na leaganacha éagsúla den Laidin as a chéile ar fud iarsmaí Impireacht na Róimhe. Labhraíonn seacht gcéad milliún duine teangacha den chineál seo ar fud an domhain - san Eoraip chomh maith leis na hiar-choilíneachtaí Eorpacha sna hilchríocha eile. Níl na teangacha Rómánsacha bunaithe ar an Laidin Chlasaiceach, an teanga a bhí á saothrú ag leithéidí Iúil Caesar agus Marcus Tullius Cicero, ach ar an ngnáthchaint i mbéal na saighdiúirí sna léigiúin Rómhánacha. Mar sin, is iomaí focal Clasaiceach nár mhair ar aon nós sna teangacha Rómánsacha. Bhí córas na ndíochlaonta an-simplithe sa Laidin Choitianta i gcomparáid le teanga ghalánta na litríochta freisin. Níl na teangacha Rómánsacha cosúil leis an Laidin Chlasaiceach ó thaobh ord na bhfocal de ach an oiread. Is é an t-ord focal atá sna teangacha seo ná SVO (ainmní - briathar - cuspóir), ach is é ord focal na Laidine Clasaicí ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar): "Marcus Tulliam amat" "tá Marcus i ngrá le Tullia", a deirtear as Laidin, ach is é an leagan Spáinnise ná "Marco ama a Tulia" (nó "Marco quiere a Tulia"). Is iad na teangacha Rómánsacha is tábhachtaí ná an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Rómáinis agus an Chatalóinis. Tá cuid mhaith teangacha agus canúintí gaolmhara á labhairt ar fud dheisceart na hEorpa agus iad ar beagán cainteoirí i gcomparáid leis na mórtheangacha seo, mar shampla An Rómainis san Eilvéis agus an Laidinis atá labhartha i dtuaisceart na hIodáile. Stór focal na Laidine i gcomparáid leis na teangacha Rómánsacha. Tá a leithéid ann agus "Appendix Probi", liosta focal ón tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost a mholann d'fhoghlaimeoirí na Laidine scríofa focail mhíchearta áirithe a sheachaint agus ceartfhoirmeacha a úsáid ina n-áit. Ceann de na moltaí sa liosta is ea "VETULUS NON VECLUS", is é sin "[scríobh] "vetulus" seachas "veclus"". Díol suntais é go raibh an tseanaidiacht úd "vetus" imithe as úsáid ar fad san am seo, de réir dealraimh.
822
Kate Winslet. Is ban-aisteoir Sasanach í Kate Elizabeth Winslet (5 Deireadh Fómhair 1975 a rugadh í). Aisteoir ar leith í Kate Winslet atá ag treabhadh léi in iomaire na haisteoireachta ó na 1990idí ar aghaidh.  Cé go bhfuil sí neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail mar Rose in "Titanic" (1997) tá saothair théagartha agus taispeántais chumasacha taosctha chugainn aici i gcaitheamh na mblianta, go háirithe, "Eternal Sunshine of the Spotless Mind (2004), Revolutionary Road (2007), The Reader (2009)" agus le déanaí an tsraith iontach sin "Mare of Easttown (2021)." Tá duais Oscar agus dhá dhuais Emmy gnóthaithe aici (suas go dtí 2024).
234
The Dark Knight (scannán). Is scannán sárlaoich Meiriceánach é The Dark Knight ón bhliain 2008, a bhí stiúrtha agus scríofa le Christopher Nolan. Tá sé bunaithe ar an gcarachtar Batman ó DC Comics, agus is clár leantach é don scannán Batman Begins. B'é Christian Bale a ghlac an phríomhpháirt do Batman/Bruce Wayne. Leanann an scannán Batman, agus a ghleic le coirpeacht agus an bagairt nua; an Joker. B'é Heath Ledger a ghlac páirt an Joker. Tháinig an scannán ar an scáileán ar an 16ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 2008. Ba é seo an scannán is mó a thug airgead isteach sa bhliain 2008.
215
Nizhny Novgorod. Is é Nizhny Novgorod (Rúisis: "Нижний Новгород") príomhchathair Chúige Nizhny Novgorod agus tá sé mar an ceathrú chathair is mó sa Rúis (tar éis Moscó, Cathair Pheadair, agus Novosibirsk).
87
John Williams (cumadóir). Is cumadóir ceoil de chuid SAM é John Towner Williams (rugadh 8 Feabhra 1932 i Nua-Eabhrac) a bhfuil cáil ar leith tuillte aige mar gheall ar chumadh ceoil do scannáin go háirithe. Saol. Bhí a athair, Johnny Williams, ina cheoltóir cumasach a sheinn an trombóin agus na drumaí agus a ghlac páirt i mbanna den t-ainm an "Raymond Scott Quintet". Bhí triúr clainne, Joseph, Mark agus Jennifer aige lena chéad bhean chéile Barbara Ruick a fuair bás sa bhliain 1974. Faoi láthair tá sé pósta leis an ngrianghrafadóir Samantha Winslow. Rinne John Williams dianstaidéar ar an gceol ó aois óg agus é ag seinm an phianó, an trombóin, an clairinéid agus an troimpéid. Ba léir gan mhoill gur ceoltóir tréitheach a bhí ann. Thosaigh sé ag cumadh ceoil go luath agus lean sé air i rith an Dara Cogadh Domhanda agus é ina bhall de bhanna an aerfhórsa. Coinnigh sé ar sa Juilliard School of Music le Rosina Lhevinne. Níos déanaí i Hollywood bhí sé faoi oiliúint ag Arthur Olaf Anderson agus Mario Castlenuovo-Tedesco. Bhí tionchar mór ag Bernard Herrmann agus Henry Mancini air. Bhain sé Oscar le haghaidh ceol scannáin ceithre huaire agus bhí sé ina stiúrthóir ar an bhfoireann cheoil The Boston Pops. Bhí rath ollmhór ar an gceol a scríobh sé do scannáin, go háirithe de chuid Steven Spielberg.
483
Giurtelecu Şimleului. Baile sa Rómáin is ea Giurtelecu Şimleului.
28
Iaşi. Is é Iaşi an dara cathair is mó sa Rómáin. Tá an chathair suite in oirthuaisceart na tíre. Bhí Iaşi mar phríomhchathair ar Ríocht na Rómáine ó 1916 go 1918 agus an Chéad Chogadh Domhanda ar siúl.
87
Harry Potter agus an Órchloch (scannán). Is scannán é Harry Potter and the Philosopher's Stone ("Harry Potter agus an Órchloch") atá bunaithe ar an leabhar le J. K. Rowling a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é Chris Columbus stiúrthóir an scannáin, agus Daniel Radcliffe a ghlac páirt Harry. Tháinig an scannán ar an scáileán ar an 18ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 2001. Ba é seo an scannán is mó a thug airgead isteach sa bhliain 2001.
161
Gaelscoil Mhuscraí. Is Gaelscoil í Gaelscoil atá suite sa Bhlarna i gContae Chorcaí. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2003.
48
Harry Potter (carachtar). Draíodóir ficseanúil a chruthaigh an scríbhneoir Sasanach J. K. Rowling is ea an carachtar Harry James Potter (rugadh 31 Iúil 1980). Chruthaigh J.K. Rowling an carachtar seo mar charachtar úrscéil sa bhliain 1997. Scríobhadh seacht n-úrscéal ar fad faoi. Is scoláire óg é ag Scoil Chomhoideachais Draíodóireachta Hogwarts.
133
Twilight (scannán 2008). Is scannán rómánsach/fantaisíocht Meiriceánach é Twilight atá bunaithe ar úrscéal le Stephenie Meyer. Stiúir Catherine Hardwicke an scannáin. Ghlac Kristen Stewart páirt mar Bella Swan, cailín 17 mbliana d'aois, agus Robert Pattinson páirt mar Edward Cullen, vaimpír. Plota. Bogann Bella Swan, cailín seacht mbliana déag d'aois, go baile beag, Forks, i Washington. Déanann sí a lán cairde san ardscoil nua. Suíonn sí síos in aice le Edward Cullen sa ranga bitheolaíocht ach is vaimpír is é Edward, vaimpír nach ólann fuil daonna ... ansin titeann siad in ngrá. Ceol. Eisiúint sé ar an 4ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 2008.
243
Brokeback Mountain. Scannán ón bhliain 2005 is ea Brokeback Mountain. Is scannán é "Brokeback Mountain" atá bunaithe ar ghearrscéal de chuid Annie Proulx a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é Ang Lee stiúrthóir an scannáin, agus Jake Gyllenhaal agus Heath Ledger sna príomhpháirteanna.
105
Alatri. Is í Alatri príomhchathair réigiún Ciociaria san Iodáil.
27
Orna Ní Choileáin. Is scríbhneoir agus ceoltóir í Orna Ní Choileáin. Rinne Éilis Ní Dhuibhne a cuid oibre a mheas i 2006/2007 faoi Scéim na n-Oidí Bord na Leabhar Gaeilge. Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe go dtí seo: "Canary Wharf" (2009) agus "Sciorrann an tAm" (2014). Bhí "Sciorrann an tAm" ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin in 2014. D'fhoilsigh Cois Life an chéad úrscéal sa tsraith vaimpírí ("Ailfí agus an vaimpír") in 2012. Ó shin, foilsíodh trí scéal eile sa tsraith chéanna: "Vaimpír san áiléar" (2013), "I measc vaimpírí" (2015) agus "Greim na vaimpíre" (2017). D'fhoilsigh An Gúm úrscéal eile dá cuid, "Morf", sa bhliain 2016. Fuair sí aitheantas ón Oireachtas as ucht a cuid oibre i 2007, 2008, 2014 agus 2016. Rinneadh léirmheas ar a saothar san Irish Times.
366
Corpse Bride. Scannán is ea Corpse Bride (2005).
17
Rupert Grint. Is aisteoir Sasanach é Rupert Alexander Lloyd Grint (24 Lúnasa 1988 a rugadh é).
32
Nicolas Appert. Sólaisteoir agus aireagóir Francach ba ea Nicolas Appert (Châlons en Champagne 17 Samhain, 1749- Massy 1841). A Shaol agus a Shaothar. Eisean an chéad duine a chaomhnaigh bia trína aimridiú le teas i soithí leáshéalaithe (i mbuidéil ar dtús agus ansin i mboscaí stáin), agus thóg sé an chéad mhonarcha thorthaí leasaithe. Bhí óstán ag a mhuintir, agus bhí Nicholas ar an naoú duine den chlann. Bhí taithí aige as a óige ar obair an chócaire agus an tsólaisteora, agus eolas aige ar mhodhanna caomhnaithe bia. Idir na blianta 1772 agus 1784 bhí sé ar aimsir ag baill den uaisle mar "officier de bouche"; ansin bhain sé amach Páras, áit ar oscail sé siopa milseogra. Tháinig rath ar an ngnó, agus tar éis na Réabhlóide (eachtra a raibh sé páirteach inti) thosaigh sé ag déanamh taighde ar chaomhnú an bhia de réir critéir áirithe - athrú an bhlais, costas, an cothú a bheadh le baint as bia salannaithe, triomaithe agus deataithe, agus criostalú na dtorthaí. Faoin mbliain 1795 bhí a shainmhodh caomhnaithe beartaithe aige agus chuir sé bailchríoch air ina dhiaidh sin; thosaigh sé ag soláthar bia don Chabhlach, agus tar éis gur chuir Napoléon Bonaparte in iúl gur bhreá leis bia caomhnaithe a bheith ar fáil ag an Arm, d'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1810 dar theideal: "Le livre de tous les ménages ou L’art de conserver pendant plusieurs années toutes les substances animales ou végétales". Bhí fáilte roimh an leabhar seo sa Bhreatain, ach ní bhfuair Appert aon airgead dá bharr, cé go raibh na Sasanaigh sásta ardmholadh a thabhairt dó. Bhain Bryan Donkin agus John Hall feidhm as boscaí stáin seachas as buidéil agus iad ag brath ar obair an aireagóra Pierre Durand. (Bhí breis slí sna boscaí ach ba dheacair iad a oscailt.) Sa Fhrainc tháinig laghdú mór ar an éileamh a bhí ar bhia chaomhnaithe le haghaidh turais fhada mhara agus na cogaíochta de bharr mheath an Chabhlaigh tar éis dhíomua Trafalgar agus imdhruidim na Mór-Roinne. Scriosadh Appert de bharr choimhlint na mBriotanach, dream a raibh teacht réidh ar stán acu, agus bhí sé ar an anás nuair a cailleadh é. An tAimridiú. Is éard atá san aimridiú bia a théamh i dtreo go scriostar nó go lagaítear na mionorgánaigh nó na heinsímí a d'fhéadfadh an bia a athrú. Is féidir é sin a dhéanamh le téamh atá isteach is amach le 100 °C de réir nádúr agus mhéid an ruda atá á ullmhú. Ní cóir na mionorgánaigh go léir a scrios, mar bhainfeadh sin den chothú. Dhéanadh Appert na buidéil a líonadh beagach go béal, iad a shéalú le bís agus iad a théamh le huisce. Bhí gloine na mbuidéal níos tibhe ná ba ghnách chun go seasfaidís an brú a tháinig den téamh istigh. Uair amháin, ar son gaisce, chaomhnaigh sé caora iomlán.
1,068
Role Models. Is scannán é Role Models. B'é David Wain stiúrthóir an scannáin.
30
Robert Pattinson. Is aisteoir Sasanach é Robert Pattinson (13 Meitheamh 1986 a rugadh é).
30
Empire of the Sun (scannán). Scannán is ea Empire of the Sun atá bunaithe ar an úrscéal le J. G. Ballard. B'é Steven Spielberg stiúrthóir an scannáin.
55
Fear and Loathing in Las Vegas (scannán). Scannán is ea Fear and Loathing in Las Vegas atá bunaithe ar an úrscéal le Hunter S. Thompson ón bhliain 1971. B'é Terry Gilliam stiúrthóir an scannáin.
68
Ice Age (scannán). Scannán de chuid Blue Sky Studios is ea Ice Age (2002). Ghlac Ray Romano, John Leguizamo, Denis Leary, agus Jack Black páirt ann. B'iad Chris Wedge agus Carlos Saldanha stiúrthóirí na scannán. Sraitheanna scannán, ' agus ', eisíodh i pictiúrlanna i 2006 agus 2009.
108
Kristen Stewart. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Kristen Jaymes Stewart (ar 9 Aibreán 1990 a rugadh í). Gradaim. Tá 52 ghradam buaite ag Stewart. Tagairtí. [[Catagóir:Daoine beo]
67
An Seanphobal. Sráidbhaile Gaeltachta i ndeisceart na hÉireann is ea an Seanphobal. An sráidbhaile. Tá sé suite in iarthar Chontae Phort Láirge i nGaeltacht na nDéise os cionn na lonnaíochtaí seo leanas: Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall, Heilbhic. Limistéar ciúin tuaithe atá ann, gar d'Aird Mhór. Paróiste cuibheasach mór atá ann (cúig chiliméadar cearnach is tríocha). Tá roinnt seirbhísí poiblí ar fáil ann, mar shampla bunscoil agus séipéal. Sa bhliain 2003, ceadaíodh pleanáil d’ionad pobail agus do naíolann in aice leis agus soir ón séipéal, le rochtain go talamh cúil agus páirc sacair sa todhchaí. Stair. Deirtear gur bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór. Roimh an Drochshaol bhí an daonra i bhfad níos mó ná mar atá sé anois. Teach solais. An ghné is mó de dhéantús an duine ar líne an chósta ná teach solais Mhion Ard is ea -- téann a stair siar go dtí an bhliain 1851. Tá líne an chósta contúirteach go leor agus mar sin is léir tá an teach solais riachtanach. An Chailleach Béarra. Struchtúr eile de dhéantús an duine is ea an Chailleach Béara: seo tuama meigiliteach a théann siar go dtí 2,000 RC. Léiríonn na radhairc ar oirthear Phort Láirge agus Chontae Loch Garman go dtí Rinn Duáin agus níos faide soir cén fáth gur roghnaíodh an áit seo leis an tuama a thógáil. Oidhreacht nádúrtha. Cuimsíonn líne an chósta (in aice leis an mbá, an Mheá) muirdhreach aillte, thart ar seachtó méadar in airde, agus roinnt silteán sruthanna agus bánna beaga freisin. Meallann an féarach ar na haillte a lán éan mara. Taitníonn an ceantar leo siúd a bhfuil suim acu sa dúlra agus sna héin. Spórt. Tá cumann de chuid CLG sa cheantar - is í an pheil an spórt is mó a imrítear ann. Bhuaigh na "Shocks" Craobh Shóisear an Chontae sa bhliain 1949. Imríonn iománaithe an cheantair le foireann na Rinne. Chicago. Is de shliocht Maurice Daley iad Richard J. Daley agus Richard M. Daley, a bhí mar mhéaraí ar Chicago ar feadh tamaill fhada. D'fhág Maurice An Seanphobal sa dara leath den 19ú céad.
832
Cill Gharbháin, Contae Chiarraí. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cill Gharbháin. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
60
Leic Snámha. Sráidbhaile in Éirinn is ea Leic Snámha. Úsáidtear 'Leac Snámha' go coitianta anois. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. Bunaíodh an sráidbhaile i ré na Normannach in aice le habhainn na Bríce i dtuaisceart an chontae. Tá ceithre thigh tábhairne lonnaithe i Leic Snámha, chomh maith le ceithre shiopa eile.
146
Scairteach an Ghlinne. Sráidbhaile in Éirinn is ea Scairteach an Ghlinne. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
61
Gleann Beithe. Sráidbhaile nó baile in Éirinn is ea Gleann Beithe (ginideach: Ghleann Beithe). Ainm deimhnithe is ea Gleann Beithe as Gaeilge. Tháinig an t-ainm as na focail gleann (an áit) agus beith (an crann). Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí i mbarúntacht Uíbh Ráthach i bparóiste dlí Gleann Beithe. Tugtar Glenbeigh nó Glanbehy as Béarla. Tá Trá Ros Beithe suite in aice leis an baile Gleann Beithe.
174
Maigh Mheáin. Sráidbhaile in Éirinn is ea Maigh Mheáin. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
55
An Fhianait. Sráidbhaile in Éirinn is ea an Fhianait. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí, i ngar do Thrá Lí.
62
An Fearann Fuar. Sráidbhaile in Éirinn is ea an Fearann Fuar. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí idir Trá Lí agus Cill Airne. Tá Aerfort Chiarraí suite san Fhearann Fuar.
81
An tSnaidhm. Baile in Éirinn is ea an tSnaidhm. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. Bhí cónaí ar 258 dhuine i Snaidhm sa bhliain 2011.
72
An Tóchar, Contae Chiarraí. Sráidbhaile in Éirinn is ea an Tóchar (Béarla: "Causeway"). Tugtar "Kantogher" nó "Ceann an Tóchair" air uaireanta. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. Bhí 251 dhuine ina gcónaí ann de réir an daonáirimh sa bhliain 2002.
122
Cathair Dónall. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cathair Dónall. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. De réir an "Staidéir Chuimsithigh Theangeolaígh ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht", bhí 97 duine ina gcónaí i gCathair Dónaill agus labhair 10 nduine Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.
141
Dubháth. Sráidbhaile in Éirinn is ea Dubháth. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
49
Fionnúig. Sráidbhaile in Éirinn is ea Fionnúig. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
53
Caisleán na Mainge. Baile beag in Éirinn is ea Caisleán na Mainge. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí idir Cill Orglan agus Trá Lí. Bhí cónaí ar 187 duine i gCaisleán na Mainge sa bhliain 2011.
91
Caisleán Ghriaire. Sráidbhaile in Éirinn is ea Caisleán Ghriaire nó "Caisleán Graighre". Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. Bhí cónaí ar 243 duine i gCaisleán Ghriaire sa bhliain 2011. Bhí an Gaoluinn ag 52.3% de dhaonra an shráidbhaile ag an am.
122
Lios Eiltín. Sráidbhaile in Éirinn is ea Lios Eiltín. Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí.
53
Baile an Bhuinneánaigh. Baile in Éirinn is ea Baile an Bhuinneánaigh. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí. Teangacha. Bhí 574 (42.5%) daoine ábalta Gaeilge a labhairt. Labhraíonn 139 (10.2%) de na daoine seo Gaeilge gach lá. Labhraíonn 45 (3.3%) daoine teanga eile seachas Gaeilge nó Béarla sa bhaile, ní raibh 6 (0.5%) daoine Béarla a labhairt. Bhí Polainnis an teanga foreign is coitianta sa bhaile le 16 (1.2%) ábalta é a labhairt. lucht saothair. http://census.cso.ie/areaprofiles/CHARTS/LABOURFORCE/T19018LabourForce.bmp
225
Jarhead (scannán). Scannán is ea Jarhead atá bunaithe ar an leabhar le Anthony Swofford. B'é Sam Mendes stiúrthóir an scannáin, agus Jake Gyllenhaal a ghlac páirt Anthony Swofford. Tháinig an scannán ar an scáileán don chéad uair ar an 4 Samhain, 2005.
99
Jake Gyllenhaal. Is aisteoir Meiriceánach é Jacob Benjamin Gyllenhaal (19 Nollaig 1980 a rugadh é). Deartháir le Maggie Gyllenhaal is ea é. Ghlac sé páirt i scannáin cosúil le Brokeback Mountain.
70
Donnie Darko. Scannán ón bhliain 2001 is ea Donnie Darko.
24
Christian Bale. Is aisteoir Breatnach é Christian Charles Philip Bale (30 Eanáir 1974 a rugadh é).
30
Batman Begins. Is scannán é Batman Begins atá bunaithe ar an comic le Bob Kane agus Bill Finger. B'é Christopher Nolan stiúrthóir an scannáin, agus Christian Bale a ghlac páirt "Batman/Bruce Wayne".
61
Christopher Nolan (stiúrthóir). Is stiúrthóir, léiritheoir, agus scríbhneoir scannáin Angla-Mheiriceánach é Christopher Robert Nolan (30 Iúil 1970 a rugadh é). Níl an oiread sin scannán tugtha ar an bport aige, dhá cheann déag san iomlán (go dtí 2023), ach d’éirigh leo ar fad an sprioc a aimsiú. Gairm. Chuir an scannán "Batman Begins" (2005) tús le chomhghuaillíocht rathúil idir Cillian Murphy agus Nolan a thabharfadh sé scannán chugainn; dhá scannán Batman eile, "Inception" (2010) agus "Dunkirk" (2017). Taispeántas cuidsúlacha ó Murphy i gcónaí ach sáinnithe i róil thacaíochta.  Ansin chnag Nolan ar dhoras Murphy don séú babhta, ról eile aige dó, mar cheann feadhna an uair seo. "Oppenheimer."
274
Manus Lunny. Is ceoltóir agus léiritheoir ceoil é Manus Lunny (a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1962 agus a d'fhás suas i gContae Chill Dara). Is deartháir fosta é le Dónal Lunny. Beathaisnéis. Rugadh agus tógadh in Dún na nGall Manus Lunny i dteaghlach cheolmhar. Bhí sé ar dtús mar bhall den ghrúpa traidisiúnta "The Wild Geese" ar thaistil ar fud Éireann agus thuaisceart Albain. I ndiaidh don ghrúpa sos a ghlacadh, thosaigh Lunny ag seinm agus ag taistil ar chamchuairteanna le Phil Cunningham agus Andy M. Stewart. Sheinn siad le chéile ar feadh cúpla bliain sular thosaigh siad ag obair le grúpaí ceoil eile. Tá Manus mar bhall den mhórghrúpa cheilteach Capercaillie. Chum sé ceol don BBC agus do chraoltóirí teilifíse Meiriceánach chomh maith le bheith á seinm ar leithéidí "Éist" agus "Ceol Tacsi". I gcomhluadar Phil Cunningham, tá dhá phíosa scríofa ag Lunny don lipéad ceoil "Windham Hill". Ar na mallaibh rinne Lunny ceirníní de chuid Aoife Ní Fhearraigh agus Mairéad Ní Mhaonaigh a léiriú.
389
Skandar Keynes. Is aisteoir Sasanach é Skandar Amin Casper Keynes (5 Meán Fómhair 1991 a rugadh é). Bhí sé ina chónaí i Londain, ach anois tá sé ag staidéar ar Ollscoil Cambridge. Is aindiachaí é.
74
High School Musical. Scannán is ea High School Musical.
14
Míol cinn. Is eictisheadán éigeanta daonna é an míol cinn. Tá "Pediculus humanus capitis" mar ainm Laidine air agus idir "treaghdán", "babhdaí", "babhdán" agus "búdaí" mar ainm Gaeilge air. Feithid an-bheag gan sciatháin is ea an míol seo a chaitheann a shaol go léir ar phlait (.i. ar chraiceann chinn) an duine agus bíonn sé beo ar fhuil an duine amháin. Ní heol dúinn ach go bhíonn an duine daonna amháin mar ainmhí óstach na feithide, cé go mbíonn an chuid is mó d'ord speiceas mamach agus éan inmhíolaithe ag speicis míolta eile.
216
Zac Efron. Is aisteoir Meiriceánach é Zachary David Alexander "Zac" Efron (18 Deireadh Fómhair 1987 a rugadh é).
44
High School Musical 2. Scannán is ea High School Musical 2.
18
Míol. Is cuid d'ord na Phthiraptera iad na míolta ('míol': uatha). Feithidí gan sciathán atá iontu, le níos mó ná 3,000 speiceas agus triúr díobh siúd rangaithe mar ghníomhairí ghalair an duine.
81
William Moseley. Is aisteoir Sasanach é William Peter Moseley (27 Aibreán 1987 a rugadh é).
32
Harry Potter and the Chamber of Secrets (scannán). Is scannán é Harry Potter and the Chamber of Secrets atá bunaithe ar leabhar le J. K. Rowling a bhfuil an t-ainm céanna air. Ba é Chris Columbus stiúrthóir an scannáin, agus Daniel Radcliffe a ghlac páirt Harry. Tháinig an scannán ar an scáileán ar an 15ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 2001. Naisc sheachtracha. IMDB
129
Stardust (scannán 2007). Is scannán é Stardust atá bunaithe ar an leabhar le Neil Gaiman a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é Matthew Vaughn stiúrthóir an scannáin. Tháinig an scannán ar an scáileán ar an 10 Lúnasa sa bhliain 2007.
94
Harry Potter (idirdhealán). Tá níos mó ná ciall amháin leis an téarma/ainm Harry Potter:
33
Cara Dillon. Is amhránaí Éireannach í Cara Dillon (rugadh 21 Iúil 1975 in Dún Geimhin, Co. Dhoire). In 2001 rinne Dillon a shlí bheatha mar amhránaí aonarach a lainseáil in Éirinn, Albain agus sa Bhreatain le céad albam s'aici, "Cara Dillon". Beathaisnéis. Tús (1991–1995). Is as ceantar mhór ceoil traidisiúnta Dillon. Ó bhí sí ina pháiste scoile bhíodh sí ag ceol go minic. D'fhoghlaim sí amhráin áitiúla ó mhúinteoirí agus ag ceardlann amhránaíochta a bhíodh ar siúil sa bhaile. Tig léi fosta an fhidil agus réimse feadóige a sheinm. Agus í 14 bliain d'aois bhuaigh sé duais amhránaíochta Éireann Uile ag Fleadh Cheoil na hÉireann. In 1991 ghlac sé páirt i ngrúpa ceoil áitiúil, "Óige", lena chairde scoile Murrough agus Ruadhraí Ó Catháin. Rinne an ghrúpa dhá chéirnín agus Cara mar ceoltóir acu. Rinne siad fosta cúpla camchuairt a dhéanamh in Éirinn, Albain, Sasain agus san Eoraip. Sa tréimhse seo cheol Cara le léithidí De Dannan, Phil Coulter agus Altan. D'fhág Cara in ghrúpa i ndiaidh cuireadh a fháil chun páirt Kate Rusby a ghlacadh ins an grúpa "Equation". Ráth (1995–2000). D'fhág Cara Equation le baill eile den ghrúpa, Sam Lakeman (a bheadh mar fear céile aici sa todhchaí) de dheasca "difríochtaí ceolmhar". Bhí aitheantas ar an bheirt mar "Polar Star". Rinneadh cúpla albam a tháiféadadh in San Francisco, ach sa deireadh ní rinne Warner Music Group iad a fhoilsiú. Sa bhliain 2000 réitigh Dillon agus Lakeman nach raibh siad dul bheith ábalta an toradh cheart a thabhairt don chomhlacht agus scaoil siad a gcuid naisc leis an gcomhlacht ceoil. Sa bliain céanna, shínigh an bheirt conradh le Rough Trade Records. Rough Trade Records (2001–2007). Thaifead Cara a chéad albam ins The Firs, teach tuismitheoirí Lakeman. Rinneadh cuid de a thaifeadadh i gContae Dún na nGall, Éireann. Rinne Lakeman an albam a léiriú agus rinne John Reynolds (Sinéad O'Connor, Damien Dempsey) é a mheascadh. Bá ábhar traidisiúnta an mhór-chuid den cheol. Foilsíodh an albam ar 16 Iúil 2001, agus gairm criticiúil aige. Chríochnaigh Dillon agus Lakeman 2002 le hard-meon agus iad pósta i mí na Nollag. In 2003 tháinig "Sweet Liberty" amach. Bhí sé fiú níos mó ná a halbam dheireanach. D'imigh Cara go dtí An tSeapáin chun ardú céime a thabhairt don albam. Chomh maith, thaisteal sí le ceoltóirí eile a bhí páirteach i WOMAD. D'imigh an chúpla isteach sa stiúideo in 2004 chun an tríú a thaifeadadh. Tháinig "After The Morning" amach ar 27 Feabhra 2006. Ghlac an Czech Philharmonic Orchestra, Martin Simpson, Mairtín O'Connor, Cathal Hayden agus Paul Brady páirt ar an dhlúthdhiosca. Charcoal Records - 2008. In Eanáir 2008, rinne Cara agus á ghrúpa ceoil DVD, "The Redcastle Sessions", in Dún na nGall. Tháinig a chéad albam eile amach in Eanáir 2009, "Hill of Thieves" ar lipéad Dillon féin, Charcoal Records. Eile. In 2006, cheol Dillon agus Iarla Ó Lionáird "Mo Ghile Mear" ós comhar 500 milliún duine ar fud na cruinne d'oscailt an Ryder Cup in Éirinn. Teaghlach. Rugadh dhá mac (cúpla) Dillon agus Lakeman, Noah agus Colm Lakeman ar 17 Samhain 2006.
1,178
Móta agus bábhún. Is daingean an-simplí Normannach é móta agus bábhún. Tógadh iad san bhFrainc, san Bhreatain agus in Éirinn san aonú haois agus san dóú haois déag, mar go raibh siad a bheag nó a mhór saor agus tapa le tógáil. D'fhéadfaí feidhm a bhaint astu mar dhúnchla cosanta nó áit dídine. Foirgníocht. Is tulach nó cnocán ard cré é móta (nó "motte" sa bhFraincis) agus is minic a bhaintí feidhm as mullóg nádúrtha nó as sean-ráth. Thógtí daingean déanta as adhmaid nó clocha. Bhaintí cré ón díog, tochailte timpeall ar an mhóta ag bun an tulaigh nó timpeall ar an daingean go léir. Bheadh an dromchla lasmuigh den mhóta clúdaithe le chré nó daingnithe le hadhmaid tacaíochta. Is féidir go mbeadh dhá mhóta ag na daingin is mó, mar atá i gCaisleán Lewes. Bheadh sonnach adhmaid ar an chuid is mó de na caisleáin bhunaidh agus túr faire adhmaid i lár baill acu.
353
Harry Potter and the Prisoner of Azkaban (scannán). Is scannán é Harry Potter and the Prisoner of Azkaban atá bunaithe ar an leabhar le J. K. Rowling a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é Alfonso Cuarón stiúrthóir an scannáin, agus Daniel Radcliffe a ghlac páirt Harry. Tháinig an scannán ar an scáileán ar an 31ú lá de Mhí na Bealtaine sa bhliain 2004.
130
Harry Potter and the Order of the Phoenix (scannán). Is scannán é Harry Potter and the Order of the Phoenix atá bunaithe ar an leabhar le J. K. Rowling a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é David Yates stiúrthóir an scannáin, agus Daniel Radcliffe a ghlac páirt Harry.
86
Tilda Swinton. Is ban-aisteoir Albanach í Katherine Matilda "Tilda" Swinton (5 Samhain 1960 a rugadh í).
36
Ben Barnes (aisteoir). Is aisteoir Sasanach é Benjamin "Ben" Barnes (20 Lúnasa 1981 a rugadh é).
34
Claire Danes. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Claire Catherine Danes (12 Aibreán 1979 a rugadh í).
34
Charlie Cox. Is aisteoir Sasanach é Charlie Thomas Cox (21 Nollaig 1982 a rugadh é).
28
X-Men (scannán). Is scannán sárlaoich Meiriceánach é X-Men ón bhliain 2008. Bunaíodh ar na charachtair "X-men" é.
49
Zoolander. Scannán Meiriceánach ón bhliain 2001 is ea Zoolander.
27
Casanova (scannán). Scannán is ea Casanova (2005).
20
10 Things I Hate About You. Scannán grinn do dhéagóirí is ea 10 Things I Hate About You (1999). Tá sé bunaithe go garbh ar an dráma Shakespeare The Taming of the Shrew.
56
The Imaginarium of Doctor Parnassus. Scannán is ea The Imaginarium of Doctor Parnassus (2009).
31
The Brothers Grimm (scannán). Scannán is ea Brothers Grimm (2005).
20
A Knight's Tale (scannán). Scannán is ea A Knight's Tale (2001).
23
Michael Caine. Rugadh an t-aisteoir Michael Caine (Maurice Joeseph Micklewhite) i Londain in 1933. Is aisteoir mór le rá é Caine a bhfuil blás ‘Cockney’ ar leith ar a chuid cainte. Tá níos mó ná 160 scannán déanta aige le linn a ghairm fhada agus áirítear é mar réalta de chuid an chultúir Shasanaigh. Bronnadh roinnt mhaith gradam air, dhá ghradam Oscar san áireamh. Bhain sé clú agus cáil amach agus é ag glacadh príomhpháirteanna i scannáin éagsúla, leithéidí "Zulu", "The Ipcress File", "The Italian Job" agus "Battle of Britain". Fuair sé dhá ainmniúchán mar ‘an tAisteoir Tacaíochta Is Fearr’ le haghaidh na scannán "Hannah and Her Sisters" agus "The Cidar House Rules". Ghlac sé ról i scannáin eile a ainmníodh do ghradam Oscar: "Alfie, Sleuth, Educating Rita" agus "The Quiet American". Tá clú air as a chuid léiriúchán i scannáin Christopher Nolan chomh maith. Bhí sé páirteach ina chuid scannán "The Batman Triolgy", "Inceptation" agus "Dunkirk". I mí Dheireadh Fómhair 2023, fógraíodh go mbeadh Caine ag dul ar scor agus é 90 bliain d’aois. Tús a Shaoil. Rinne sé a chéad dráma riamh agus é deich mbliana d’aois sa scoil. Ghlac sé páirt ‘Athair na nDeirfiúracha Gránna’ sa leagan den dráma Luaithríona. Nuair a tháinig sé ar stáitse, ní raibh an zip ar a bhríste dúnta aige agus thosaigh an lucht féachana ag gáire faoi. Spreag an taithí rud éigin ann agus thosaigh sé ag dul sa tóir ar ghairm bheatha leis an aisteoireacht ón uair sin. In 1952, gaireadh é chun seirbhís mhíleata a dhéanamh agus bhí sé ar fiannas le linn an chogaidh sa Chóiré. Bhí taithí uafásach aige agus é san arm - ba gheall lena bhás aige é. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar a shaol agus scríobh sé ina bheathaisnéis "The Elephant to Hollywood" go bhfuil sé ag maireachtáil ó nóiméad go nóiméad san am i láthair ón uair sin i leith. Athrú Ainm. Thosaigh Caine ag obair i gcúrsaí drámaíochta in 1953. D’úsáid sé an t-ainm Michael White ar an gcéad dul síos ach dúradh leis go raibh aisteoir eile darbh ainm Michael White ann agus nach bhféadfaí an t-ainm a úsáid faoi dhó agus bhí air ainm nua a chruthú láithreach. Bhí Caine ag caint lena ghníomhaire ó bhosca teileafóin ar Leicester Square agus é ag breathnú thart ag iarraidh inspioráid a aimsiú chun ainm difriúil a phiocadh. Thug sé faoi deara go raibh fógra pictiúrlainne le feiceáil don scannán "The Caine Mutiny". Shocraigh sé ar an sloinne Caine agus Michael Caine a tugadh air ó shin i leith. Saol Pearsanta. Phós Caine aisteoir eile, Shakira Baksh, in 1973 agus tá iníon amháin acu. In 2016 d’athraigh Caine a ainm ó Micklewhite go Caine go dlíthiúil. Bhíodh fadhbanna i gcónaí aige agus é ag dul trí rialú pasanna. Dúirt sé go gcuireadh sé go leor ama amú agus é ag míniú cén fáth a raibh Micklewhite scríofa ar a phas agus clú agus cáil air mar fhear darb ainm Caine. Tá dhá leabhar cuimhní cinn scríofa ag Caine, "What’s it All About" agus "The Elephant to Hollywood", agus leabhar aisteoireachta bunaithe ar cheardlann aisteoireachta a thug sé dar teideal "Acting in Film: An Actor’s Take on Moviemaking". Foilseofar an scéinséir "Deadly Game", leabhar nua leis, i mí na Samhna 2023.
1,226
Morgan Freeman. Is aisteoir Meiriceánach é Morgan Porterfield Freeman, Jr. (1 Iúil 1937 a rugadh é). Beathaisnéis. Rugadh Morgan i Memphis, Tennessee. Glantóir ab ea a mháthair, Mayme Edna (née Revere) agus gruaigeoir ab ea a athair, Morgan Porterfield Freeman, Sr. Thosaigh sé sna scannáin le "Who Says I Can't Ride a Rainbow?" sa bhliain 1971. Saol Pearsanta. Bhí Morgan pósta le Jeanette Adair Bradshaw ó 22 Deireadh Fómhair 1967 go dtí 1979. I ndiaidh sin phós sé Myrna Colley-Lee ar an 16 Meitheamh, 1984. Tá beirt mhac agus beirt iníon aige.
202
Maggie Gyllenhaal. Ban-aisteoir Meiriceánach is ea Margaret Ruth “Maggie” Gyllenhaal (16 Samhain 1977 a rugadh í).
44
Gary Oldman. Aisteoir Sasanach is ea Gary Leonard Oldman (rugadh 21 Márta, 1958).
30
Aaron Eckhart. Aisteoir Meiriceánach is ea Aaron Edward Eckhart (ar 12 Márta 1968 a rugadh é).
34
Hans Zimmer. Is cumadóir ceoil Gearmánach é Hans Florian Zimmer (rugadh 12 Meán Fómhair 1957 i Frankfurt am Main).
37
Kung Fu Panda. Scannán is ea Kung Fu Panda (2008).
19
Frost/Nixon (scannán). Scannán is ea Frost/Nixon (2008).
22
The Simpsons Movie. Scannán is ea The Simpsons Movie (2007) atá bunaithe ar an tsraith theilifíse den ainm céanna, "The Simpsons".
41
The Da Vinci Code (scannán). Scannán is ea The Da Vinci Code (2006).
23
The Holiday. Scannán is ea The Holiday (2006).
15
The Lion King. Scannán de chuid Disney ón bhliain 1994 is ea The Lion King (An Rí Leon). Ghlac Matthew Broderick, Jeremy Irons, James Earl Jones, Jonathan Taylor Thomas, Nathan Lane, Ernie Sabella, Moira Kelly, Robert Guillaume, Rowan Atkinson, Whoopi Goldberg, Cheech Marin, agus Jim Cummings páirt ann. Tá roinnt scannán agus táirgí eile bunaithe ar "The Lion King", mar shampla "", scannán leantach, agus "The Lion King 1½", scannán réamhscéil. Eisíodh an dá cheann seo mar fhíseáin ((i mí Dheireadh Fómhair 1998 agus i mí Feabhra 2004, faoi seach). Ba é "The Lion King" an scannán is mó a thug airgead isteach sa bhliain 1994. Rinne Walt Disney Studios leagan nua den scannán sa bhliain 2016. Bhí na hamhráin uile sa scannán nua freisin. Scéal agus carachtair. Insíonn an scannán scéal dúinn faoi leon óg, Simba (an focal ar "leon" sa Svaihílis), atá ina chónaí san Afraic. Mac le rí, Mustafa, agus banríon é Simba, agus tá sé seo le bheith ina rí chomh maith ar bhás a athar. Amharclann. Chomh maith leis an scannán, is féidir dul chun "The Lion King" a fheiceáil ar an ardán i Londain agus Nua-Eabhrac.
407
Madagascar (scannán 2005). Scannán beochana Meiriceánach is ea Madagascar (2005).
29
10 Items or Less (scannán). Scannán Meiriceánach is ea 10 Items or Less (2006).
29
Lucky Number Slevin. Scannán is ea Lucky Number Slevin (2006).
22
Josh Hartnett. Is aisteoir Meiriceánach é Joshua Daniel Hartnett (21 Iúil 1978 a rugadh é).
32
Wanted (scannán 2008). Scannán is ea Wanted (2008).
21
Jude Law. Is aisteoir Sasanach é Jude Law a rugadh ar 29 Nollaig 1972 in Lewisham, Londain Theas. Tharraing sé aird idirnáisiúnta air féin lena ról in "The Talented Mr. Ripley", a stiúir Anthony Minghella sa bhliain (1999). Bronnadh Gradam BAFTA i gComhair an Aisteora Is Fearr i Ról Taca air as an obair sin agus ainmníodh é do ghradam an Acadaimh agus do ghradam Golden Globe freisin. Fuair sé gradaim ón Acadamh, Golden Globe agus British Academy as a ról in "Cold Mountain" (2003), scannán eipiciúil cogaidh de chuid Minghella.
190
Wilde (scannán). Scannán is ea Wilde (1997).
18
King Kong (scannán 2005). Scannán is ea King Kong (2005).
22
Orange County (scannán). Scannán Meiriceánach is ea Orange County a eisíodh ar 11 Eanáir 2002. Baineann sé le saol na ndaoine óga cois farraige i gContae Orange i gCalifornia, contae sách rachmasach. Tá fear óg, Shaun Bruder (Colin Hanks) ag éirí fáil réidh leis an saol sin agus dul le saol scríbhneoireachta acadúla. Sa deireadh fanann sé i gContae Orange chun saol surfála agus scríbhneoireachta araon a chleachtadh.
153
Breakfast on Pluto (scannán). Scannán is ea Breakfast on Pluto (2005).
22
Michelle Pfeiffer. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Michelle Marie Pfeiffer (29 Aibreán 1958 a rugadh í).
35
Hairspray (scannán 2007). Scannán is ea Hairspray (2007).
24
John Travolta. Is aisteoir Meiriceánach é John Joseph Travolta (a rugadh ar 18 Feabhra 1954). Tháinig clú agu cáil air go háirithe nuair a ghlac sé páirt sa scannán "Grease", in éineacht le Olivia Newton-John.
75