text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Cill an Dísirt. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cill an Dísirt. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 378 duine i sráidbhaile gCill an Dísirt sa bhliain 2011.
82
Cill Chaoi. Baile in Éirinn is ea Cill Chaoi. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
43
Cill Mhichíl (An Clár). Sráidbhaile in Éirinn is ea Cill Mhichíl. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
53
An Chríoch. Sráidbhaile in Éirinn is ea An Chríoch. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
45
Cill Rois. Baile in Éirinn is ea Cill Rois. Tá an baile suite ar chósta thiar na tíre i gContae an Chláir.
42
Cill na Móna. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cill na Móna. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
49
Cora Chaitlín. Baile in Éirinn is ea Cora Chaitlín. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir, idir Luimneach agus Inis. Bhí cónaí ar 1,773 duine i gCora Chaitlín sa bhliain 2011, shíos aon duine amháin ó 1,174 duine sa mbliain 2006.
107
Cora Finne. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cora Finne. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí 689 duine ina gcónaí i gCora Finne sa bhliain 2011.
71
Cuar an Chláir. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cuar an Chláir. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir, i ngar do Chill Rois.
57
Cuinche. Sráidbhaile in Éirinn is ea Cuinche. Tá an baile suite in iarthar na tíre in oirdheisceart Chontae an Chláir. Bhí cónaí ar 935 duine i gCuinche sa bhliain 2011.
72
Droichead Abhann Ó gCearnaigh. Sráidbhaile in Éirinn is ea Droichead Abhann Ó gCearnaigh. Tá an baile suite i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 2,507 duine i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh lá an daonáireamh 2011. lol
100
Droichead an Chláir. Sráidbhaile in Éirinn is ea Droichead an Chláir. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Tá an baile ainmnithe tar éis an Caisleán an Chláir. Seasann sé ar oileán sa chuid inseolta cúinge Abhainn na Fhorghais. Sa bhliain 1590 ainmníodh Contae an Chláir tar éis an caisleán, áit a bhí i suíomh straitéiseach. Is Mainistir an Chláir é, paróiste sa Deoise Chaitliceach Rómhánach Chill Dá Lua. Is é iománaíochta an spórt imeartha is mó atá le fáil i nDroichead an Chláir.
211
Droichead Uí Bhriain. Sráidbhaile in Éirinn is ea Droichead Uí Bhriain (Béarla: "O'Brien's Bridge" nó "O'Briensbridge" ). Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
74
An Dún Beag. Sráidbhaile in Éirinn is ea An Dún Beag (nó Doonbeg). Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 272 duine sa sráidbhaile Dún Beag sa bhliain 2011. Trump. Ar an 11 Feabhra 2014, cheannaigh Donald Trump cúrsa gailf in aice le Dún Beag, "Trump International Golf Links". Ar an 12 Bealtaine 2014, bhí fáilte mhór roimh an uasal Donald Trump nuair a thug sé cuairt ar chontae an Chláir.
168
Eidhneach. Is sráidbhaile in Éirinn í Eidhneach. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. I 2011 bhí cónaí ar 204 duine i sráidbhaile Eidhní.
72
An Fhiacail. Baile fearainn in Éirinn is ea An Fhiacail. Tá an Fhiacail suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 113 dhuine san Fhiacail sa mbliain 2011. Bhí Gaeilge ag 53.6% don daonra ag an am.
96
An Geata Bán. Sráidbhaile in Éirinn is ea An Geata Bán. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 176 dhuine sa Gheata Bán sa bhliain 2011.
73
Lios Ceannúir. Sráidbhaile in Éirinn is ea Lios Ceannúir (nó Lios ua Concobhair). Tá an baile suite ar chósta thiar na tíre i gContae an Chláir. Tá sé lonnaithe ar bhóthar an R478 idir an Leachtagus Dúlainn. Sa chéad leath den fhichiú haois bhí sé i nGaeltacht an Chláir. Tá Aillte an Mhothair 5km (trí mhíle) siar ón sráidbhaile. Rugadh John Philip Holland sa cheantar. Bhí cónaí ar 129 duine i shráidbhaile Lios Ceannúir sa bhliain 2011.
184
Lios Uí Chathasaigh. Sráidbhaile in Éirinn is ea Lios Uí Chathasaigh (Béarla: "Lissycasey "). Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
65
Míleac, Contae an Chláir. Sráidbhaile in Éirinn is ea Míleac. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir, i ngar do Chathair Luimnigh.
64
Mullach. Sráidbhaile in Éirinn is ea Mullach. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 229 duine ann sa bhliain 2006 agus 680 duine sa cheantar ar fad.
74
An Scairbh. Baile in Éirinn is ea an Scairbh. Tá an baile suite in oirthear na tíre i gContae an Chláir. Bhí cónaí ar 816 duine i Scairbh sa bhliain 2011.
67
Tuaim Gréine. Sráidbhaile in Éirinn is ea Tuaim Gréine. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir.
47
Tuath Ó gConaíle. Sráidbhaile in Éirinn is ea Tuath Ó gConaíle. Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir idir An Scairbh agus Cill Dalua. Tá daonra thart ar 600 sa bhaile - de réir torthaí daonáirimh 2006.
99
Kampala. Cathair in Uganda is ea Kampala. Príomhchathair na tíre atá ann. Bhí daonra 1,208,544 ag Kampala sa bhliain 2002.
50
An Bháinseach. Baile is ea an Bháinseach in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann.
40
Buiríos Uí Chéin. Baile is ea Buiríos Uí Chéin in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann.
46
Cill Náile, Contae Thiobraid Árann. Baile is ea Cill Náile in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann.
45
Cloch Shiurdáin. Sráidbhaile is ea Cloch Shiurdáin ("Cloughjordan" as Béarla) in Éirinn. Tá sé suite i gContae Thiobraid Árann, ar comhfhad ó An tAonach, Ros Cré agus Biorra. Níl sé i bhfad ón abhainn is faide in Éirinn, An tSionainn, nó Loch Deirgeirt. Is chuid de barúntacht Urumhain Íochtarach é agus is é Maigh Drithne a pharóiste dlí. Ba as Cloch Shiurdáin, ó dhúchas é Tomás Mac Donnchadha, an file agus tírghráthóir.
179
Dúrlas Éile. Baile is ea Dúrlas Éile nó Durlas go hoifigiúil (Béarla: "Thurles") in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann. Tá daonra 8,000 ann. Tá Staid Semple suite sa bhaile. Tá Ardeaglais Chaitliceach ann freisin. Tá séipéal eile ar Bhóthar na Naomh. Tá ceithre mheánscoil, leabharlann phoiblí, ionad siopadóireachta, stáisiún traenach, páirc phoiblí, linn snámha, agus áiseanna eile i nDúrlas. Tá campas Phádraig Naofa de Choláiste Mhuire gan Smál sa bhaile, áit ina mbíonn cúrsaí múinteoireachta á dteagasc. Tá campas de chuid Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne ann freisin. Tá Cearnóg na Saoirse lonnaithe i lár an bhaile. Is i nDurlas Éile a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, i gcruinniú a reáchtáladh in Óstán Hayes i gCearnóg na Saoirse.
336
Fiodh Ard. Baile mór i gContae Thiobraid Árainn is ea Fiodh Ard (an "choill ard") (Béarla: "Fethard"), agus é suite ar an nGlais Álainn. Tagann fuaimniú an ainm i mBéarla ó /fið ard/ na seanGhaeilge. Tá os cionn 1,300 duine ina gcónaí ann. B’ábhar suntais Fiodh Ard riamh mar cheann de na bailte daingnithe margaidh a bunaíodh le linn Éadbhard I. Tá na ballaí cúig throigh is fiche ar airde agus tá an chuid is mó díobh ar marthain fós, murab ionann is bailte móra eile dá leithéid in Éirinn. Tá clú na gcapall ar an gceantar: ní beag an t-iomrá atá ar Ghraí na Cúile Móire, agus tá a lán stáblaí rásaíochta ann. Stair. Timpeall na bliana 1200 is dócha gur roghnaigh tiarna Normannach – Uilliam III de Braose, an 11ú tiarna d’Abergavenny sa Bhreatain Bheag – cnoc Fhiodh Ard mar áit a mbunófaí baile mór. Bhí teampall agus reilig ann, agus bhí tábhacht ar leith leis an margadh, ó bhí rath an bhaile mhóir ag brath chomh mór sin ar an gcuradóireacht a bhí ar siúl ina thimpeall. Tugadh cairt buirgéise d’Fhiodh Ard, rud a bhronn pribhléidí áirithe ar na buirgéisigh – cíosanna socraithe, a gcúirt féin agus fíneálacha socraithe ach amháin sna cásanna ba thromchúiseacha. Meastar gur tháinig cuid mhaith den phobal anoir ó Shasana nó ón mBreatain Bheag. Chaill Uilleam de Braose Fiodh Ard sa bhliain 1208 toisc é a bheith in aighneas leis an Rí Eoin, agus sa bhliain 1215 bronnadh an baile mór ar ardeaspag Chaiseal. Ba leis an ardeaspagóideacht é anuas go dtí an 16ú haois. Bhí teacht isteacht ag dul don Eaglais ó na tailte, agus bhronn Uilleam ar Ospidéal Naomh Eoin Baiste i mBaile Átha Cliath é. (Níor bhuan an socrú é, mar thug Ab an Ospidéil an teacht isteach úd ar ais do na hardeaspaig go luath sa 14ú haois.) Bhí rath ar Fhiodh Ard sa 13ú haois; bhí síoda, iasc mara, salann, gual, tairní, adhmad agus pucáin fhíona á ndíol ann. Ní raibh an ceantar amuigh saor ó chontúirt; bhí ropairí ann, agus i lár na haoise ba ghá coillte a leagan in aice leis an mbaile mór toisc gur creachadh agus gur maraíodh roinnt ceannaithe. I dtús an 14ú bhunaigh na hAgaistínigh mainistir lasmuigh den bhaile mór. I dtreo dheireadh an 13ú haois bhí Éire ag éirí suaite, agus ba léir go raibh gá le múradh. Sa bhliain 1292 cheadaigh an Rí do na buirgéisigh balla a thógáil le hairgead a gearradh ar feadh seacht mbliana ar earraí a díoladh sa bhaile mór. Sa bhliain 1375 ceadaíodh deontas eile, agus luadh ballaí cloiche, rud a thabharfadh le tuiscint gur bhallaí adhmaid agus cré a bhí ann roimhe sin. Sa 15ú haois ceadaíodh dhá dheontas mhúrtha eile ar a laghad, agus múradh talamh breise lastuaidh agus laistiar den seanbhaile mór: bhí Fiodh Ard ag méadú. Comhartha eile ar an méadú sin ba ea na tithe a bhí á dtógáil taobh amuigh de na ballaí, agus bhí tábhacht le Fiodh Ard mar ionad riaracháin: sa chuid dheiridh den 15ú haois bhíodh Iarlaí Dheasmhumhan i láthair ag cúirteanna Fhiodh Ard agus ag foilsiú reachtanna ann. Sa bhliain 1552 fuair sé cairt ríoga ó Éadbhard VI a cheadaigh do na húdaráis déileáil le cúrsaí dlí gan chur isteach ón taobh amuigh, pribhléid ar dhíol siad aisti le cíos bliantúil aon mharc déag. An 17ú hAois. D’éirigh leis an gcorparáid cairt ríoga eile a fháil sa bhliain 1608, a bhuíochas sin ar an Ridire John Everard, mórán. Dream suntasach i ngnóthaí Fhiodh Ard ba ea muintir Everard chomh luath leis an 15ú haois, agus rinne John Everard móid dílseachta d’Eilís I, cé gur Chaitliceach é. Bhí lé ag an mBainríon leis, agus fuarthas cairt dá bharr; méadaíodh an Chorparáid, agus bronnadh breis pribhléidí le tráchtáil a chur chun cinn. Ordaíodh go dtógfaí halla tionóil, agus sa bhliain 1612 cheadaigh Séamas I dhá theach dídine a thógáil, ceann do mhná agus ceann eile d’fhir. Bhí tithe nua cónaithe á dtógáil agus méadaíodh an fhaiche mhargaidh. Sa 17ú haois thosaigh na cogaí arís. Ghéill Fiodh Ard do Mhurchadh Ó Briain, Tiarna Inse Uí Chuinn, a bhí ag troid ar son Pharlaimint Shasana, agus ghéill arís do Chromail trí bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1650. Bhí Cromail ar an mbealach chun Cill Chainnigh, agus scríobh sé chun Spícéir Dháil Shasana faoi Fhiodh Ard, "as having a very good wall with round and square bulwarks, after the old manner of fortification". Bhí a chuid saighdiúirí ar stáisiún sa Mhainistir Agaistíneach. An Nua-Aois. San 18ú haois bhí Fiodh Ard ag dul chun raice, agus deir Leabhair na Corparáide go raibh simléirí contúirteacha ag sé dhuine is caoga sa bhliain 1718. Ba é réiteach an scéil sa 19ú haois na iarsmaí a leagan in áit iad a dheisiú, rud a d’fhág bearna mhór in oidhreacht na háite. Chaill an Mhainistir Agaistíneach an túr thiar sa bhliain 1835, agus níl ach aon gheata amháin fágtha i mballaí an bhaile mhóir. Cúrsaí Teanga. Tá Fiodh Ard suite sa Trian Meánach in oirdheisceart an chontae, barúnacht a n-áiríodh 9,167 duine (26.4% den phobal) mar chainteoirí Gaeilge sa bhliain 1851, cé nach dóichí scéal ná gur fomheastachán an méid sin - níor dheacair 5% a chur leis ar a laghad. Daichead bliain ina dhiaidh sin, i ndaonáireamh na bliana 1891, áiríodh 1,258 duine (7.9% den phobal) mar chainteoirí Gaeilge. Dá fhad siar a rachfá is ea is treise a bheadh an teanga, agus níl aon amhras ná go mbíodh an teanga á labhairt i mbailte móra Chúige Mumhan sna meánaoiseanna agus chomh déanach leis an 19ú haois. I lár an 18ú haois chloisfeá idir Bhéarla agus Ghaeilge á labhairt i bhFiodh Ard, agus mhéadódh ar an méid Gaeilge lá margaidh nó aonaigh nuair a thiocfadh muintir na tuaithe isteach ag díol agus ag ceannach. Is dócha go raibh roinnt cainteoirí dúchais le fáil fós sa cheantar i dtús an 20ú haois. Canúint de Ghaeilge na nDéise a bhíodh á labhairt ann, ach tá sí marbh anois. Caisleán Chill Teimhneáin. Bhí baint ag Buitléaraigh Dhún Búinne le Caisleán Chill Teimhneáin beagnach ó thús, de réir na dtaifead atá le fáil. Sa bhliain 1353 phós Peadar, an dara tiarna, Caitríona, iníon le John de Bermingham, a bhí ina thiarna ar Chill Teimhneáin. Sa 15ú haois bhí Buitléaraigh dhifriúla ag éileamh na háite, agus deirtear gur shocraigh Iarla Urmhumhan sa bhliain 1420 gur cheart an t-aighneas a réiteach le comhrac beirte idir Éamonn Dhún Búinne (an 5ú Barún), agus Éamonn de Buitléir eile - mac le hAb Chill Mhaighneann. B'fhada an comhrac é ach maraíodh an Barún agus fuair Buitléaraigh Chill Mhaighneann an caisleán. Tríocha bliain ina dhiaidh sin, le cúnamh dlí agus óir, shealbhaigh Buitléaraigh Dhún Búinne arís é, agus ba leo é anuas go dtí an 17ú haois. Shealbhaigh daoine eile ar shála a chéile é ina dhiaidh sin, agus is le húinéir príobháideach anois é. Is cosúil gur tógadh an caisleán ar an ngnáthbhealach ar dtús - daingean simplí agus bábhún ina thimpeall. De réir a chéile cuireadh leis, agus anois is mó go mór é ná mar a bheadh sé ceithre chéad bliain ó shin. Murab ionann is formhór chaisleáin na tíre, is áit chónaithe fós é. Caisleán Chnoc an Choiligh. Éamonn mac Shéamais de Buitléir, Barún Dhún Búinne agus tiarna Chaisleáin Chill Teimhneáin, a thóg an chéad chaisleán ag Cnoc an Choiligh timpeall na bliana 1465 dá dhara mac Peadar. Bhí na Buitléaraigh úd i dteann a réime i gContae Thiobraid Árann idir na blianta 1448 agus 1517. Maraíodh Peadar sa bhliain 1502, agus sa bhliain 1536 thug a mhac Piaras cuid de thailte Chnoc an Choiligh uaidh d’Iarla Urmhumhan agus do Thomás Buitléar. Nuair a treascraíodh Iarla Dheasmhumhan sa bhliain 1592 treascraíodh na Buitléaraigh freisin, agus chaill siad an caisleán agus na tailte a bhain leis. Chuaigh Cnoc an Choiligh ó dhuine go duine ina dhiaidh sin, agus is le húinéir príobháideach inniu é. Tá an caisleán gan díon, ach is maith an bhail atá air mar sin féin. Tá sé ar an mbeagán caisleán in Éirinn a bhfuil bábhún fós acu.
3,181
Ros Cré. Baile is ea Ros Cré in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann. Gnó. Tá mórán ollmhargadh sa bhaile cosúil le Tesco, SuperValu, Spar agus an siopa as An Ghearmáin, Lidl. Tá Dunnes Stores nua sa bhaile agus is siopa an-mhór é. Tá dhá óstáin sa bhaile- Damer Court agus Racket Hall ar an N7. Tá go leor bialanna sa bhaile cosúil le bialanna Síneach, bialann Iodálach agus McDonalds.
164
An Teampall Mór. Baile is ea an Teampall Mór in Éirinn. Tá an baile suite i gcontae Thiobraid Árann Thuaidh.
43
Tiobraid Árann (baile). Baile is ea Tiobraid Árann in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann. Stair. Bhunaigh na Lochlannaigh socraíocht ar oileán i dtús. Ag deireadh an dara haois déag thóg an Rí Normannach, Séan, caisleáin ann, ach níl rian an chaisleáin le feiscint anois. Dún Sasanach a bhí i dTiobrad Árainn. Bhí suas le 10,000 saighdiúirí ann i rith an Céad Cogadh Domhanda, agus úsáidtear é chun saighdiúirí nua a thraenáil don chogadh sa Fhrainc.
194
Teiteanas. Galar is ea teiteanas (nó ‘glas fiacla’) as a dtagann freangaí pianmhara matán, trithí agus deacracht anála. Galar de bharr ionfhabhtú leis an mbaictéar "Clostridium tetani", is ea é, a bhíonn i láthair san ithir, agus putóg an duine is ainmhithe eile. Téann an teiteanas i bhfeidhm ar na néarmhatáin agus a d'fhéadfadh cur isteach ar an anáil. Is minic leis a bheith marfach. Cúiseanna. Frídíní san ithir agus in aoileach a théann isteach sa cholainn trí ghearradh oscailte nó dó is cúis leis. Faightear na baictéir is cúis le teiteanas san ithir go coitianta. Mar sin, cuireann an teiteanas isteach go príomha ar fheirmeoirí is garraíodóirí. Tá an néartocsain teitataomain (sa Bhéarla: "tetanospasmin"), táirgthe ag an bhaictéar "Clostridium tetani", freagrach as príomh-airíonna an ghalair, sé sin an ríog dhoshrianta. Téann an t-ionfhabhtú isteach sa cholainn trí ghortú sa chraiceann de bharr taime nó sceilpe. Táirgeann na baictéir tocsain a chuireann isteach ar na néarchealla luadracha is corda an dromlaigh, agus cuireann tús le trithí is ríoga na matán. Leigheas. Téann teiteanas i bhfeidhm ar an néarchóras agus tig leis an duine a mharú. "Is fearr cosc ná leigheas", agus vacsaíniú a fháil. Is féidir an galar a sheachaint trí vacsaíníu gníomhach. Déantar cóireáil air le frith-thocsain is peinicillin. Baintear feidhm as séiream ina bhfuil na hantasubstaintí cuí chun cosaint a thabhairt i gcoinne galar sainiúil, cosúil le teiteanas. Stair. Baictéareolaí ab ea Emil Adolf von Behring sa 19ú haois agus d'fhionn sé antatocsainí don teiteanas (is an diftéire).
624
Sealad Holaicéineach. Sealad geolaíoch is ea an Holaicéineach, a thosaigh 11,700 bliain ó shin, agus atá fós ar siúl. Tá an Holaicéineach san Tréimhse Cheathartha, agus tháinig sé tar éis an tSealaid Phléisticéinigh. Is tréimhse idiroighreach é. Tagann a ainm ó na focail Gréigise ὅλος (holos, "go hiomlán nó ar fad") agus καινός (kainos, "nua"), a chiallaíonn "go hiomlán úrnua". Aithnítear é, leis an tréimhse the reatha, ar a dtugtar Croineolaíocht iseatópach, agus is féidir é a mheas mar thréimhse idiroidhreach san Oighearaois reatha, bunaithe ar an fhianaise sin. Cuimsíonn an Sealad Holaicéineach freisin fás agus tionchar na speiceas daonna fud fad an domhain, lena n-áirítear a stair scríofa, forbairt na sibhialtachtaí móra, agus an trasdul suntasach foriomlán i dtreo an tsaoil uirbigh. Táthar den tuairim go mbíonn tionchar an-tábhachtach ag an duine ar Dhomhan na linne seo, agus a chuid éiceachórais, agus ar éabhlóid na speiceas, lena n-áirítear fianaise litisféarach, nó níos déanaí fianaise atmaisféireach ar thionchair an duine. Mar gheall ar seo, beartaíodh go sonrach téarma nua, an Sealad Antrapoicéineach, agus úsáidtear é go neamhfhoirmiúil le haghaidh an chuid is déanaí den stair nua-aimseartha agus an tionchair shuntasaigh daonna ón Réabhlóid Neoiliteach (thart ar 12,000 bliain roimhe seo)
530
Diaibéiteas. Is siondróm meitibileachta neamhordúil é diaibéiteas (nó Diabetes mellitus), a chuireann isteach ar tháirgeadh insline sa phaincréas nó feidhmiú na hinsline sna fíocháin ar fud na colainne. Hormón is ea inslin a chabhraíonn le meitibiliú an tsiúcra glúcós sna fíocháin. Tá dhá chineál diaibéitis ann: Cúiseanna. De ghnáth is de thoradh cúiseanna oidhreachtúila agus timpeallachta ag gníomhú i gcomhar lena chéile a éiríonn na leibhéil glúcóis (siúcra) san fhuil ró-ard (hipirglicéimea). Tarlaíonn seo toisc nach bhfuil dóthain insline ann nó toisc go bhfuil an inslin olltáirgthe easnamhach i mbealach éigin. De ghnáth bíonn leibhéil ard siúcra san fhuil in éineacht le leibhéil ard colaistéaróil san fhuil agus de réir a chéile, d’fhéadfadh dianfhadhbanna a bheith ann dá bharr. Mar sin féin is féidir smacht a chur ar an diaibéiteas. Cineál 1 - Diaibéiteas Inslinspleách. I ndiaibéiteas chineál 1, bíonn uireasa phríomhúil i dtáirgeadh na hinsline mar gheall ar dhamáiste uath-imdhíonachta don phaincréas. Tarlaíonn Cineál 1 de ghnáth sula sroichtear 35 bliana d’aois. Claonadh go dtarlaíonn sé seo nuair a bhíonn duine ina pháiste, agus bíonn gá le hinstealltaí rialta insline chun na leibhéil siúcra sa bhfuil a rialú. Chuige sin bíonn ar an diaibéiteach a chuid fola a thástáil go rialta — suas le 8 n-uair sa lá, b'fhéidir-chun a chinntiú nach bhfuil an leibhéal sin ró-íseal ná ró-ard. Faoi láthair, bíonn an tástáil bunaithe ar bhraon fola a ghlacadh ón méar, nós a bhíonn pianmhar go leor, agus ar an ábhar sin bíonn leisce ar pháistí go háirithe an fhuil a thástáil sách minic. De ghnáth bíonn comharthaí éagsúla i gceist agus tugtar aird leighis dó go mear. Ní dhéanann an cineál diaibéitis seo inslin, dá bhrí sin, tá sé riachtanach instealladh insline a thabhairt uair amháin ar a laghad in aghaidh an lae. Cineál 2 - Diaibéisteas neamh-inslinspleách. I ndiaibéiteas Cinaál II, is amhlaidh nach mbaineann na fíocháin úsáid as an siúcra. Tarlaíonn sé seo do dhaoine fásta den chuid is mó, i ndiaidh 40 bliain d’aois de ghnáth. Is féidir é a bhainistiú le cothú cúramach is drugaí chun an leibhéal siúcra sa bhfuil a choimeád faoi stiúir. Uaireanta is gá instealltaí a úsáid. Baineann sé le bheith róthrom agus / nó le stair diaibéitis sa teaghlach. De ghnáth ó thaobh cóir leighis níl gá le hinstealltaí insline ach tá cailliúint meáchain de dhíth agus tá gá le haiste bia ar leith a leanúint (gan mórán siúcra ná saille ach le carbaihiodráití neamh-mhínphróiseáilte éagsúla a chuidíonn leis an inslin oibriú go héifeachtúil sa chorp). Uaireanta ní leor cailliúint meáchain agus bíonn táibléid de dhíth chun cuidiú ionas go n-oibreoidh inslin an duine níos fearr. "Diabetes insipidus". Tá neamhord eile, a dtugtar "diabetes insipidus" air, ina dtáirgtear toirt mhór fuail chaolaithe, neamhsp1eách ar an méid uisce a ionghabhtar. Tarlaíonn sé seo de bhrí nach dtálann an fhaireog phiotútach dóthain hormóin antafhualaigh nó go bhfuil cúinsí i réim a laghdaíonn íogaireacht na nduán do ghníomhaíocht an hormóin seo (uireasa potaisiam, mar shampla). Mar thoradh, ní athionsúnn na duáin uisce agus ní thiubhaíonn an fual. Bíonn íota ar dhuine agus díhiodráitiú muna féidir leis iontógáil rialta uisce a fháil. Eipidéimeolaíocht. Tá an neamhord coitianta go leor agus tá ag méadú ar líon na gcásanna san Oirthear. Is i measc na mbocht is forleithne an easláinte. Sláinte. Is trúig bháis an diaibéiteas go minic i dtíortha forbartha, agus cúis mhíchumais freisin. Má bhíonn an leibhéal ard siúcra ainsealach, déanann sé sin damáiste do na súile, na néaróga, na duáin is na fuileadáin, agus tarlaíonn daille, neamhoird néarapatacha, cliseadh na nduán, artairiscléaróis, taomanna croí is stróic. Claonadh ag duine ionfhabhtaithe miocrorgánach a tholgadh go héasca. Is féidir aimhréidh mar iad a sheachaint ach an leibhéal siúcra sa bhfuil a rialú. Is práinneach agus is féidir é sin a dhéanamh.
1,598
Galair agus ionfhabhtaithe ghnéas-tarchurtha. Raon galar ionfhabhtaíoch a tharchuirtear de ghnáth trí thadhall gnéasach, ach uaireanta ar bhealaí eile, is ea galair veinéireacha nó ionfhabhtaithe ghnéas-tarchurtha. Ina measc tá Trais-seoladh. Is é atá sna galair ghnéas-tarchurtha (GGT) ná ionfhabhtú a spréitear ó dhuine go duine trí chaidreamh collaí. Baictéir, víris, agus orgánaigh micreascópacha atá san fhuil, sa tseamhan, i sreabháin na colainne, nó a lonnaíonn sa réimse púbasach is cúis leis na GGT. Ach amháin i gcás SEIF, is féidir cóir leighis a dhéanamh ar thromlach na GGT, chomh luath agus a dhéantar fáthmheas orthu. Is tábhachtach an rud é cóir leighis a fháil go luath mar is féidir leis na GGT buandochar trom a dhéanamh. Uaireanta eascraíonn riochtaí mar ionfhabhtú peilbheach ainsealach, riochtaí urchóideacha, neamhthorthúlacht, toircheas eachtópach, agus ionfhabhtú ar linbh nuabheirthe ó GGT gan chóireáil. Rangú agus téarmeolaíocht. Go dtí na 1990idí, bhí aithne fhorleathan air GGT mar ghalair véinéireacha: sa Laidin is é 'Veneris' an tuiseal ginideach an fhocail 'Venus' (Gaeilge 'Véineas'), bandia an ghrá a bhí ag na Rómhánaigh. Bhí frása 'galar sóisialta' úsáidte freisin mar sofhriotal. B'iad na hoifigí sláinte poiblí a thóg isteach an téarma 'ionfhabhtú gnéastarchurtha' (nó IGT) i dtosach. Stair. Go dtí go raibh fáil ag an phobal ar chógais ghnásúla, de ghnáth bhí na galair agus ionfhabhtaithe ghnéastarchurtha doleigheasta, agus ní raibh i gceist i gcóir leighis ach fuascailt na siomptóm. Ba é an "London Lock Hospital" an chéad ospidéal deonach, a bunaíodh sa bhliain 1746, le haghaidh na galair seo a rialú agus a scriosadh
692
Conradh Versailles. Conradh síochána idirnáisíunta ba ea Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince, cothrom cúig bliana ón lá a d'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire, ceann de na heachtraí ba mhó a chuir tús leis. Cé gur chuir an sos cogaidh (a bhí sínithe ar an 11 Samhain 1918) stad leis an troid féin, lean an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh sé mhí ag Comhdháil Síochána Pháras sular ghlacadh leis. Coinníollacha. Gearradh coinníollacha diana ar an nGearmáin, éilimh mhíréasúnta, a bhain dá sealúchas tíre agus dá críochtheorainneacha. • D’admhaigh an Ghearmáin gurbh iadsan ba ciontaí as an Chéad Chogadh Domhain. an Chéad Chogadh Domhanda. • Bhí ar an Ghearmáin cúiteamh cogaidh a íoc chuig tíortha eile, buaiteoirí an Chogaidh; d'éiligh siad 132 bhilliún marg óir (Reichsmark ag an am), suim ollmhór agus neamhréalaíoch amach is amach. Ní raibh na hacmhainní ag an Ghearmáin ar chor ar bith chun freastal ar an éileamh. • Rinneadh an Ghearmáin féin níos lú. • Ní bheadh aon aerfhórsa ag an Ghearmáin agus ní bheadh ach arm / cabhlach beag acu. Fadhbanna. An Rúís. Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint, níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles. Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún (roimh 1934). Iodáil. Níor tugadh mórán aird ar an Iodáil. Éire. Níor ligeadh Rialtas Sealadach na hÉireann isteach sa Chomhdháil. Conradh na Náisiún. Bunaíodh Conradh na Náisiún ach ní raibh an Conradh éifeachtach ach ar éigean. Dí-armáil uilechoitinn. Ag comhdháil síochána Pháras agus na comhghuaillithe ag socrú Chonradh Versailles i 1919 shocraigh siad go dí-armálfaí gach tír. In ainneoin na socruithe seo ba í an Ghearmáin an t-aon tír amháin a chomhlíon an téarma seo den chonradh. Na Naitsithe. Bhí gá le Conradh Versailles, a raibh fuath ag na Gearmánaigh air, a chealú ar fad. Bhain Hitler agus na Naitsithe tairbhe i gcónaí as an fhuath a bhí ag muintir na Gearmáine ar an Chonradh. Cháin bolscaireacht na Naitsithe an Conradh agus gheall Hitler é a fhreaschur (.i. deireadh a chur leis) nuair a bheadh an chumhacht sa Ghearmáin aige. Ba mhian le Hitler na téarmaí míleata i gConradh Versailles, a chuir teorainn le harm na Gearmáine, a chur ar ceal. Ghnóthaigh na geallúintí seo cuid mhór tacaíochta do Hitler agus do na Naitsithe. Mar shampla, sliocht as an Chlár 25 Pointe na Naitsitheː"Éilímid go mbeidh na Gearmánaigh uilig aontaithe i nGearmáin Mhór amháin a bheidh bunaithe ar an cheart ar fhéintreorú náisiúnta. Éilímid comhionannas do mhuintir na Gearmáine agus iad ag plé le náisiúin eile agus deireadh a chur le conarthaí síochána Versailles agus Saint Germain. Éilímid talamh agus críocha (coilíneachtaí) lenár ndaoine a chothú agus a lonnú iontu."Agus shampla eile, Hitler ag scríobh faoi thionchar Chonradh Versailles ar mhuintir na Gearmáine ina leabhar Mein Kampf.ː'Tá an Conradh greanta agus dóite isteach in intinn agus i gcroí mhuintir na Gearmáine. Mothóidh 60 milliún duine lasracha na feirge agus na náire ina n-anam. Ansin scairtfidh na daoine as béal a chéile: “Beidh airm againn in athuair”.'Fiú amháin i bhFeabhra 1933 bhí Hitler ag insint don arm go mbeadh deireadh le Conradh Versailles agus go mbeadh atharmáil mar phríomhthosaíocht acu. Ach ag an am céanna, sa bhliain 1933, d’ordaigh Hitler do thoscairí na Gearmáine a áitiú ar na tíortha eile a bhí i láthair gur chóir dóibh eiseamláir na Gearmáine a leanúint agus díarmáil a dhéanamh. Nuair a dhiúltaigh an Fhrainc glacadh leis seo tharraing Hitler an Ghearmáin amach as an chomhdháil agus as Conradh na Náisiún chomh maith. In Eanáir 1935 bhí pobalbhreith ann lena shocrú cé a bhí chun an tSáir (ceantar sa Ghearmáin a baineadh díobh i ndiaidh Chonradh Versailles) a reáchtáil. Ba é seo an chéad bhua suntasach ina pholasaí eachtrach ag Hitler mar vótáil 90% de na daoine i bhfabhar dul ar ais faoi smacht na Gearmáine.
1,645
Studs Terkel. Iriseoir clúiteach Meiriceánach ab ea Louis "Studs" Terkel (16 Bealtaine 1912 – 31 Deireadh Fómhair, 2008) a bhí ina aisteoir, ina staraí, agus ina chraoltóir ar feadh na mblianta fada i Siceagó. Bhí suim ar leith aige i stair béil SAM agus stairsheanchas an náisiúin. Bhain sé clú amach ar son a chuid agallamh le gnáthmhuintir na tíre. Bhí sé in ann an scéal aonair a shuíomh mar chuid de scéal an phobail i gcoitinne agus a chur in iúl le stíl phaiteanta, shimplí. Cheil an tsimplíocht sin cé chomh snasta is a bhí. Gníomhaí ar son chearta an duine ab é chomh maith agus bhí cáil ar a sheasamh neamhbhalbh ar son cearta daonna.
256
Bulla- agus béarmhargadh. <ns>0</ns> <revision> <parentid>833141</parentid> <timestamp>2018-04-19T09:22:17Z</timestamp> <contributor> <username>Escarbot</username> </contributor> <minor /> <comment>wikidata interwiki</comment> <model>wikitext</model> <format>text/x-wiki</format> Tugtar bullamhargadh agus béarmhargadh ar an dá chineál treocht ar an stocmhalartán nó ar an margadh. Bullamhargadh. Is é is bullamhargadh ann ná margadh ina bhfuil na praghsanna ag dul in airde. "Bulla" a thugtar ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbullamhargadh. I nGaeilge na Gaeltachta, déarfaí freisin go bhfuil "fuadach ar an margadh". Níl stádas oifigiúil ag an leagan seo, áfach. Chloisfeá ar aonach an bheostoic é, sna laethanta a bhí. Ar an stocmhalartán, bíonn an bullamhargadh ann nuair a bhíonn na hinfheisteoirí dóchasach as an todhchaí agus iad ag súil le tuilleadh ardú ar na praghsanna. Mar sin, bíonn siad ag iarraidh scaireanna a cheannach le go bhféadfaidís iad a dhíol níos daoire níos déanaí, sin nó airgead a shaothrú ar na díbhinní. Béarmhargadh. Is éard is béarmhargadh ann ná margadh ina bhfuil praghsanna na scaireanna nó na dtráchtearraí ag titim. Tugtar "béar" ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbéarmhargadh. Téarma Béarla is ea an focal sin "béarmhargadh" a haistríodh focal ar fhocal go Gaeilge. "Aonach briosc" an téarma dúchasach, ach dealraíonn sé nach bhfuair na téarmadóirí an leagan seo sách soiléir le stádas oifigiúil a bhronnadh air. Téarma traidisiúnta de chuid na n-aontaí beostoic é. Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu. Léim an chait mhairbh. Má thagann feabhas beag gearrshaolach ar na praghsanna i ndiaidh dóibh titim fhada a chur díobh, tabharfaidh na hanailiseoirí stocmhalartáin léim an chait mhairbh air, más é an tuairim atá acu nach leor é le deireadh a chur leis an mbéarmhargadh. Tá an leagan cainte seo bunaithe ar an meafar "go léimfeadh an cat marbh féin dá dtitfeadh sé ó airde mhór anuas."
977
Kaspar Capparoni. Aisteoir Iodálach is ea Gaspare "Kaspar" Capparoni (rugadh 1 Lúnasa, 1964 san Róimh).
47
Martin Weinek. Is aisteoir agus fear gnó é Martin Weinek. Saolaíodh é sa bhliain 1964 i Leoben san Ostair. Bhain sé cáil amach sa tsraith theilifíse "Inspector Rex".
61
Sum (An Mhongóil). Is éard is sum (Mongóilis: сум, «saighead») ann ná dara leibhéal roinn riarcháin sa Mhongóil. Roinnfear na hAimags i sum (315 acu). Go ginearálta riarann gach sum réigiún 4,200 cm² le thart ar 5,000 daoine, pobal fáin den chuid is mó. Roinnfear gach sum arís i "bags". De ghnáth níl na bags seo úsáideach ach le haghaidh chlainn fanaí a chuir i ngrúpa agus ní bhíonn daonra buan iontu. Go hoifigiúil agus uaireanta ar léirsceáil, bíonn ainm difriúil ag lár an sum ón sum é féin. Go praicticiúl, áfach, tugann gach duine an ainm céanna, fiú na daoine áitiúla, ainm an sum ar lár an sum.
248
Sóifia. Is í Sóifia (Bulgáiris: София) príomhchathair Phoblacht na Bulgáire. Is í an chathair is mó freisin í le daonra 1,395,568. Tá sí suite in iarthar na tíre, ag bun an Sliabh Vitosha, agus is í craoílár riartha, cultúir, eacnamaíochta, agus oideachais na tíre í. Tá an chathair an-sean, téann stair na cathrach (Serdica-Sredets-Sofia) chomh siar agus 7000 bliain; tá lonnaíocht réamhstairiúil tochailte i lár na cathrach in aice an pháláis ríoga chomh maith agus in áiteanna níos faide amach Slatina agus Obelia. Tá na ballaí caomhnaithe ón 7ú haois RC, nuair a bhunaigh na Tráicigh an chathair in aice an fhuaráin thábhachtaigh atá fós ag obair inniu.
275
Norðurland vestra. Ceann de réigiúin na hÍoslainne is ea Norðurland vestra agus leathantas 12,737cm² aici. Tá sé suite sa tuaisceart. Is é Sauðárkrókur an chathair is mó atá sa réigiún agus 3,000 daoine ann.
84
Springfield, Illinois. Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Springfield. Príomhchathair Illinois is ea Springfield. Bhí daonra 116,482 ag an gcathair sa bhliain 2006.
59
Scarlett Johansson. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Scarlett I. Johansson (a rugadh ar an 22 Samhain 1984 i Nua-Eabhrac).
44
Novosibirsk. Is é Novosibirsk (Rúisis: "Новосибирск") príomhchathair chúige Novosibirsk agus is é an tríú cathair is mó sa Rúis. Is é an chathair is mó sa tSibéir agus is é croílár riaracháin Ceantar Cónaidhme na Sibéire, tá sé suite in iardheisceart na cónaidhme. Bunaíodh an chathair sa bhliain 1893 mar shuíomh a thrasnódh droichead an Iarnróid Thras-Sibéaraigh an abhainn mhór Ob. Tugadh Novonikolayevsk air do Naomh Niocláis, ainm céanna den sár ag an am, Niocláis II, ab ea é. D'oscail an droichead sa bhliain 1897. Bhí an áit níos tábhachtaí fós nuair a chríochnaíodh Iarnród Turcastáin-Sibéarach a chruthaigh bealach idir Novosibirsk agus Lár na hÁise agus Muir Chaisp.
281
Michelle Obama. Is dlíodóir Meiriceánach í Michelle Obama (rugadh "Michelle LaVaughn Robinson" ar an 17 Eanáir, 1964 i Chicago, Illinois) atá pósta le iar-uachtarán na tíre Barack Obama. Bhain sí céim amach in Ollscoil Princeton agus Harvard Law School, sular ghlac sí post ina cathair dúchais leis an gcomhlacht Sidley Austin, áit ar bhuail sí lena fear céile. Tá beirt chailíní acu; Malia Ann agus Natasha (Sasha, a tugtar uirthi).
148
An Fheothanach. Paróiste agus baile fearainn i gCorca Dhuibhne í an Fheothanach . Tá an Fheothanach suite ag bun Chnoc Bréanainn thart ar 11 ciliméadar siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúis i nGaeltacht Chontae Chiarraí. Paróiste Mórdhach a ghlaothar ar an bparóiste go háitiúl. Síneann paróiste Mórdhach ó Chnoc Bréanainn go Trá na Feothanaí agus ó Binn Bhaile Reo go Mám an Lochaigh. Tá beagnach 500 duine ag maireachtaint i bParóiste Mórdhach. Tá an paróiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus tá an Ghaoluinn fós mar theanga an phobail ann. An sráidbhaile. Tá an sráidbhaile suite ar chrosaire an L5005 leis an L12052, L5007 agus L12234 agus sroicheann an trácht trí an lonnaíocht buaic phointe i rith séasúr an tsamhraidh. D’fhorbair an sráidbhaile mar Chlochán siar ó acomhal an bhóthair L5005 leis an L5007, ach níl mórán de fágtha. Déimeagrafaic. Tá an chuid is mó den bparóiste suite laistigh de thoghcheantar Chill Chuáin. Bhí cónaí ar 434 duine i dtoghcheantar Chill Chuáin sa bhliain 2016 agus is dócha go raibh beagnach 500 duine ag maireachtaint i bParóiste Mórdhach ina iomláine. Bhí Gaelainn ag 86.5% de dhaonra an toghcheantar sa bhliain 2016 agus labhair 72.8% den ndaonra an Ghaoluinn go laethúil. Ach an oiread leis na paróistí eile laistiar den nDaingean is í an Ghaoluinn teanga an phobail sa cheantar, ach tá go leor stróinséirí ag bogadh isteach dtín gceantar agus Béarla á labhairt ag formhór acu. Is í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta is mó i gCill Chuáin. Feidhmeanna agus Áiseanna. Tá scoil, halla agus dhá phub sa pharóiste. Tá Scoil Naomh Eirc ag freastal ar mhuintir Pharóiste Mórdhach le blianta fada anois agus tá cáil ar an scoil toisc go bhfuil féith na drámaíochta go smior ann. Tá Halla na Feothanaí suite trasna an bhóthair ón scoil. Is i Halla na Feothanaí a léiríonn Aisteoirí Bhréanainn a gcuid drámaí. Bíonn go leor ceolchoirmeacha ar siúl sa halla chomh maith. Is iad na tithe tábhairne 'An Cúinne' agus 'An Bóthar' an dá theach tábhairne sa pharóiste. Níl aon séipéal sa pharóiste ach tá ceann ar an gCarraig i bParóiste na Cille agus is ar an séipéal sin a bíonn muintir an pharóiste ag triall ar an aifreann .Tá cé in aice láimhe ag Duinín. Oidhreacht. Tá stair suimiúl ag an bparóiste. Tá dún i mBaile na bhFionnúrach ar a ghlaotar 'Cathair na bhFionnúrach'. Tá Túr Baile Dháith ag barra Ceann Bhaile Dháith, ba leis na Sasanaigh an túr fadó. Deirtear gur sheol Naomh Breandán ó Cuas a' Bhodaigh in iarthuaisceart an pharóiste agus é ag triall ar Mheircea. Oidhreacht Nádúrtha. Tá ceantair Áiseanna Príomha agus Tánaisteacha Speisialta suite siar ón bhFeothanach. Tá ceantar mór bogaigh giolcacha mórdtimpeall ar Abha na Feothanaí atá gan chosaint faoi láthair.
1,111
Réabhlóid Bolivarach. Gluaiseacht shóisialta agus próiseas polaitiúil Veiniséalach is ea an Réabhlóid Bolivarach, nó Revolución Bolivariana i Spáinnis. Is é Simón Bolívar, ceannaire sa troid ar son neamhspleáchais Mheiriceá Laidinigh ón Spáinn, mar inspioráid don Réabhlóid Bolivarach seo cé go gcuirtear craiceann sóisialach ar a chuid smaointe. Is é cuspóir na Réabhlóide Bolivaraí réimeas sóisialach a chur ar siúl i Veiniséala agus i dtíortha eile i Meiriceá Laidineach. Cuireadh tús leis an tionscadal polaitiúil seo sa bhliain 1998 nuair a tháinig Hugo Chávez chun cumhachta mar uachtarán ar an tír úd.
241
Na Meirvínsigh. Mhair tréimhse na Meirvínseach ón 5ú haois go dtí an 8ú haois AD, an chéad tréimhse staire in iarthar na hEorpa tar éis mheath impireacht na Róimhe. Is iad ba ríthe ar thailte na Fraince agus na Beilge, mar aon le cuid de thailte na hIsiltíre, na Gearmáine, agus na hEilvéise. Is é Clóbhis (Clovis, AD 466-511) an chéad duine díobh a baisteadh ina Chríostaí. Stair. B'é an chéad ionadaí stairiúil de chuid na Meirvínseach ná Childéric I (c. 440– c. 481), mac Mhéró agus athair Chlóbhis. Bhí sé mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí. B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge, bunaithe ar na bhfearainn a bhfuair sé ó na Rómánaigh mar "fhoederatus". Clóbhis. Tháinig Clóbhis i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 B'é Clóbhis, de dheasca feachtas míleata, a mhéadaigh i ndáiríre Ríocht na bhFranc (Laidin "regnum francorum") ar dtús san oirthear, i dtailte na nAlmánach. Chloígh Clóbhis na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu. Ansin ghabh sé an Acatáin san iardheisceart (a bhí i lámha na Viseagotach). Tháinig  triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach. Sochaí. Faoi aimsir na Meirvínseach, bhí críocha agus tuatha Críostaí ann laistigh de limistéar na ríochta agus na heaglaise, agus bhí críocha agus tuatha páganacha ann a bhí laistigh agus lasmuigh den limistéar sin. Leis an ríocht a neartú, agus teorainn na ríochta a dhaingniú agus a bhrú soir, bhí an Chríostaíocht le teagasc do na tuatha págánacha sin. Is manaigh as Éirinn, as an mBreatain agus as an mBriotáin a rinne cuid mhaith den teagasc sin. Meath. Bhí craobhacha an teaghlaigh ríoga in adharca lena chéile go minic. Nuair a bhí réimeas na Meirvínsigh ag teacht chun deiridh san ochtú haois, diaidh ar ndiaidh ní raibh fágtha ag an rí ach cumhachtaí deasghnátha. Cuireadh deireadh ar fad le ríshliocht na Meirvínsigh sa bhliain 751; d'éirigh coup d’état de chuid Pépin Gearr, a bhris an tsean-ríshliocht Meirvínseach. Baineadh an rí Childéric III den choróin agus bunaíodh ríshliocht na gCairilínseach.
961
Méró. De réir finscéil, b'é Méró (411-457) (Laidin: "Meroveus" nó "Merovius"; Fraincis: "Mérovée" Gearmáinis Merovech) bunaitheoir ríshliocht Meirvínseach na bhFranc Sailíneach, treibh a bhain ardcheannas amach i measc na bhFranc níos déanaí ar aghaidh. Is í an chiall atá leis an bhfocal 'Marwig' sa tsean Ghearmáinis ná 'troid (wi-g) iomráiteach (ma-ri)'. Cuir seo i gcomparáid le "mare" (Gaeilge: cáiliúil) agus "vecht" (Gaeilge: troid), san Ollainnis nua-aimseartha. Thug an chéad ríshliocht ríoga de chuid na bhFranc "Meirvínsigh" ("sliocht Mhéró") orthu féin. Is beag an t-eolais ata ar fáil mar gheall air ina dhiaidh sin i stair na bhFranc. D'ainmhígh Gregorius Turonensis é, ach uair amháin, mar athair Childéric I agus ag an am céanna ag cur amhras ar a shliocht ó Chlodio. Admháiltear sa lá atá inniu ann go bhfaigheann an míniú seo a fhoirmiú i bhfinscéal arna dtuairisciú ag Frédégaire. Idirshuigh sé ar thagairt Ghregorius, ag rá gurb é Méró mac an bhanríon, bean Chlodio; ach go raibh a athair ina dhia-farraige, bistea Neptuni. Níl aon fhianaise stairiúla eile ann gur mhair Méró riamh. Tá roinnt taighdeoirí den tuairim go raibh Méró ina dhia nó ina leath-dhia ag na bhFrainc roimh iad a bheith iompaithe ina gCríostaithe. Bhí sé molta go dtagraíonn Méró d'abhainn "Merwede" na hOllainne, sa lá atá inniu ann atá mar chuid den deilt "Réin-Meus-Scheldt" ach go stairiúil a bhí ina phríomh fhochuideachta na Réine, sa cheantar ina raibh, de réir na staraithe Rómhánach, áit chónaithe na bhFranc Sailíneachan ann uair amháin. Tugann teoiric eile le fios gur finscéal é seouilig a chruthaíodh chun stair mhiotaseolaíoch a thabhairt mar thacaíocht do riail na bhFranc in Iarthar na hEorpa.
707
Comhrialtas. Is ionann comhrialtas agus dhá pháirtí nó ghrúpa pholaitiúla ag teacht le chéile i bparlaimint chun móraimh rialtais a chruthú. Is minic go dtarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil sé de chumas ag páirtí nó grúpa ar bith móramh a bhaint amach leo féin. Is modh rialtais coitianta é seo i gcuid mhaith de thíortha daonlathacha an domhain. Comhrialtais in Éirinn. Cruthaíodh an chéad chomhrialtas in Éirinn nuair a tháinig scata páirtithe éagsúla le chéile chun Fianna Fáil a chur as cumhacht i 1948, rud a mhair ar feadh trí bliana. Ó tháinig Fianna Fáil i gcumhacht an chéad uair leo féin i 1933, ba iad an t-aon pháirtí a bhí in ann móramh rialtais a chruthú sa Dáil gan comhrialtas a chruthú. Bhí sé ina phrionsabal acu gan dul i gcomhrialtas, ach bhí orthu an riail sin a chaitheamh i dtraipisí sa bhliain 1989 agus Cathal Ó hEochaidh mar cheannaire acu, nuair ab é rogha an dá dhíogha acu glacadh le dul i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach nó cumhacht a chailleadh. Bhí gach uile rialtas i bPoblacht na hÉireann ina chomhrialtas ó shin i leith.
438
Caipitleachas. Is córas eacnamúil é an caipitleachas nó rachmasaíocht a mbíonn's cosaint faoi dhlí ar réadmhaoin phríobháideach.
54
Báidín Fheilimí. Is seanamhrán ó Chontae Dhún na nGall é Báidín Fheilimí, agus is é is ábhar don amhrán ná an dóigh ar briseadh bád beag in Oileán Thoraí. Liricí i nGaeilge. (curfá) (curfá) (curfá) Liricí i mBéarla. (curfá) (curfá) (curfá)
117
Miriam Makeba. B'amhránaí iomráiteach í Miriam Makeba, nó Mama Afrika, a rugadh in Johannesburg san Afraic Theas ar an 4 Márta 1932 agus a fuair bás ar an 10 Samhain 2008. Chan sí amhráin a raibh meascán iontu den snagcheol agus de cheol traidisiúnta a tíre dúchais. Saol. Sháraigh Makeba  go leor dúshlán le linn a saol. Ar a gannchuid agus í óg, buailte agus tréigthe, tháinig ailse bhrollaigh uirthi agus ansin ailse cheirbheacs. Bronnadh Gradam Grammy uirthi sa bhliain 1966. Fuair Makeba bás de thoradh taom croí ar an 10 Samhain 2008 tar éis ceolchoirme in Castel Volturno na hIodáile.
235
Na Viseagotaigh. Bhí na Viseagotaigh (Laidin: "Visigothi, Wisigothi, Vesi, Visi, Wesi," nó "Wisi") agus na hOstrogotaigh an dá ghrúpa den treibh Ghotach in oirthear na Gearmáine. Le chéile is iad seo na treibheanna a chuir isteach ar Impireacht na Róimhe i rith Tréimhse an Imirce (300-700). Throid na Viseagotaigh in aghaidh na Rómhánach i rith an 4ú haois, agus sa bhliain 410 d'ionsaigh siad an Róimh faoin Rí Alaric. Faoi dheireadh lonnaigh siad i ndeisceart an Ghaill mar foederati na Róimhe. Thit siad amach leo agus bhunaigh siad a ríocht féin leis an bpríomhchathair i Toulouse. Go mall, shín siad a réim amach i dtreo na Spáinne, ag fáil réidh leis na Vandail. Sa bhliain 507 ag Cath Vouillé, bhris na Francaigh, faoin Rí Clóbhis I iad. Tar éis é sin ní raibh ach Septimania acu i ndeisceart na Fraince agus bhí a ríocht teorannaithe ag an Spáinn, bhris siad an cúige Biosantánach Spania agus Ríocht Suebeach an Ghailís agus bhí an leithinis iomlán tógtha acu. Timpeall na bliana 589, thiontaigh na Viseagotaigh, faoi Rí Reccared I, ón Chríostaíocht Airiasach, go dtí an creideamh Nícé. Tá foinsí stairiúla na tréimhse scáinte. Sa bhliain 711 nó 712 bhris fórsaí Arabacha agus Beirbeireacha airm Viseagotacha ag Cath Guadalete agus cailleadh ceannairí tábhachtacha, ina measc Rí Roderick na Viseagotach. Ina dhiaidh sin, agus de bharr Ionradh na Moslamach, thit an ríocht as a chéile, tá staraí fós ag plé chúiseanna na titime. Lean féiniúlacht Ghotach ar aghaidh i ndiaidh titim na Ríochta, go háirithe i Ríocht Asturias agus an Marca Hispanica, ach d'imigh na Viseagotaigh mar threibh as. Tá a lán fágtha ina dhiaidh ag na Viseagotaigh, ina measc eaglaisí agus cathracha móra (an t-aon grúpa a thóg cathair nua tar éis na Rómhánaigh agus roimh na Cairilínsigh. An oidhreacht is fearr a d'fhág siad ina dhiaidh ná an córas dlí, an Liber iudiciorum, a raibh mar bhunús don modh dlí go dtí deireadh na meánaoiseanna.
779
An Impireacht Naofa Rómhánach. Stát i lár na hEorpa ba ea an Impireacht Naofa Rómhánach (Gearmáinis: "Heiliges Römisches Reich" (HRR), Laidin: "Sacrum Romanum Imperium" (SRI)), a mhair ó 962 go 1806. Ba é Otto Mór an chéad Impire agus ba é Proinsias II an tImpire deireanach. "Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh" a thugtaí uirthi go hofigiúil (Gearmáinis: "Heiliges Römisches Reich Deutscher Nation", Laidin: "Sacrum Romanum Imperium Nationis Germanicæ") ón 16ú haois go dtí gur tháinig deireadh léi san ochtú céad déag. I mbuaic a réime bhí Ríocht na Gearmáine, Ríocht na hIodáile agus Ríocht na Burgúine faoi smacht na himpireachta. Is ionann na críocha seo agus an Ghearmáin (ach amháin deisceart Schleswig), an Ostair (ach amháin Burgenland), Lichtinstéin, an Eilvéis, an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg, Poblacht na Seice, an tSlóivéin (ach amháin Prekmurje) chomh maith le cuid mhaith den Fhrainc (Artois, Alsace, Franche-Comté, Savoie agus Lorraine), den Iodáil (an Lombaird, Piodmant, Emilia-Romagna, an Tuscáin, agus Alto Adige-an Tioróil Theas go mór mhór), agus den Pholainn (an tSiléis, Pomerania, agus Neumark go mór mhór). De ghnáth, ní bhíodh smacht iomlán ag an impire ar na céadta, prionsachtaí, diúcachtaí, contaetha agus cathracha saora go léir san impireacht. In ainneoin an ainm ní leis an Róimh ach le lár na hEorpa a bhaineann an Impireacht Naofa Rómhánach. Mar sin féin, cé go raibh an Impireacht fós comhdhéanta go teoiriciúil faoin 15ú haois de thrí mhórbhloc - an Iodáil, an Ghearmáin agus an Bhuirgéis - go praiticiúil, bhí na naisc idir na bloic seo chomh neamhshuntasach nár fhan ach Ríocht na Gearmáine. Mar shampla, rinneadh beagnach gach ceann de chríocha na hIodáile ina gcuid d'oidhreacht dynastach Habsburg atá sainmhínithe go cúng. hIodáile go léir. mar shampla tá críocha mar chuid de phátrúnacht neamhshoiléir an teaghlaigh Hapsburgaigh, nach raibh ceangailte leis an Impireacht. Níor tháinig aon athrú suntasach ar theorainneacha seachtracha na hImpireachta ó Shíocháin Westphalia ar aghaidh- a d’admhaigh eisiamh na hEilvéise agus Thuaisceart na hÍsiltíre, agus cosantóir na Fraince i leith na hAlsáise - go díscaoileadh na hImpireachta. Faoin am sin, ní raibh inti ach críocha ina labhraíodh Gearmáinis, móide Ríocht na Boihéime. Ag deireadh Chogaí Napoléon sa bhliainn 1815, cuireadh an chuid is mó d’Impireacht Naofa na Róimhe san áireamh i gCónaidhm na Gearmáine. An 25 Nollaig 800, chorónaigh an Pápa Leo III an rí na bhFranc Séarlas Mór mar Impire, ag athbheochan an teidil in Iarthar na hEorpa, níos mó ná trí chéad bliain tar éis titim na himpireachta Rómhánaigh Iartharaigh roimhe seo i 476. Lean an teideal sa teaghlach Cairilínseach go dtí 888 agus ó 896 go 899, agus ina dhiaidh sin bhí coimhlint ghéar ann don teideal i measc rialtóirí na hIodáile i sraith cogaí sibhialta go dtí go bhfuair an t-éilitheoir deireanach Iodálach, Berengar I, bás i 924. Athbheodh an teideal arís i 962 nuair a corónaíodh Otto I, Rí na Gearmáine, mar impire, ar an dóigh chéanna mar chomharba ar Shéarlas Mór agus sa tslí seoladh an Impireacht ar aghaidh ar feadh breis agus ocht gcéad bliain eile. Tagraíonn roinnt staraithe do chorónú Shéarlas Mór mar bhunús na hImpireachta, agus is fearr le staraithe eile corónú Otto I mar thús. Aontaíonn scoláirí go ginearálta, áfach, maidir le héabhlóid sna hinstitiúidí agus sna prionsabail atá san impireacht, ag cur síos ar bhonn tuisceana de réir a chéile ar an teideal agus an ról impiriúil. Níor úsáideadh an téarma cruinn "An Impireacht Naofa Rómhánach" go dtí an 13ú haois, sular tagraíodh go ginearálta don impireacht mar "universum regnum" ("an ríocht ar fad", seachas na ríochtaí réigiúnacha), "imperium christianum" ("An Impireacht Chríostaí") , nó "Romanum imperium" ("An Impireacht Rómhánach"), ach bhí dlisteanacht an Impire i gcónaí ag brath ar an choincheap "translatio imperii", go raibh cumhacht uachtarach aige a fuarthas mar oidhreacht ó impirí na Sean-Róimhe. Go traidisiúnta bhí oifig ríoraíoch na hImpireachta Naofa Rómánaigh tofa trí na dtoghthóirí (Laidin:"Princeps Elector"), gur Gearmánaigh den chuid is mó iad, na huaisle is ardchéimiúla san Impireacht; thoghfaidís duine dá gcomhpháirtithe féin “Rí na Rómhánach” (Laidin "Rex Romanorum"; Gearmáinis:"König der Römer") mar impire ag an bPápa, cé gur cuireadh deireadh le nósanna na gcorónuithe pápacha sa 16ú haois. Níor ghnóthaigh an impireacht riamh méid an aontaithe pholaitiúil mar a bunaíodh thiar sa Fhrainc, agus í ag teacht ina monarcacht roghnach díláraithe, teoranta ina raibh na céadta fo-aonad: ríochtaí, prionsachtaí, diúcachtaí, contaetha, prionsaí-easpagóideachtaí, Saorchathracha Impiriúla, agus fearann eile. Bhí cumhacht an impire teoranta, agus cé gur vasáilligh iad na prionsaí, tiarnaí, easpaig, agus cathracha éagsúla na hImpireachta a raibh a ndílseacht ag an impire dóibh, bhí méid pribhléidí acu freisin a thug neamhspleáchas "de facto" dóibh laistigh dá gcríocha. Díscaoil an tImpire Proinsias II (Gearmáinis:"Franz II") an impireacht an 6 Lúnasa 1806 tar éis don Impire Napoléon Bonaparte Cónaidhm na Réine a chruthú an mhí roimhe sin. Teideal. Roimh 1157, níor tugadh ach Impireacht na Róimhe ar an ríocht. Úsáideadh an téarma sacrum ("naofa", sa chiall "coisricthe") i dtaca le hImpireacht Rómhánach san Mheánaois ag tosú i 1157 faoi Fheardorcha I Barbarossa ("Impireacht Naofa"): cuireadh an téarma leis chun uaillmhian Fheardorcha ceannas a bheith aige ar an Iodáil agus an Phápacht. Tá an fhoirm "Impireacht Naofa Rómhánach" dearbhaithe ó 1254 ar aghaidh.
2,219
The Burial at Thebes. Is dráma é The Burial at Thebes a scríobh an scríbhneoir clúiteach Éireannach Seamus Heaney, bunaithe ar an tragóid Ghréagach a chum Sofaicléas sa chúigiú céad roimh Chríost. Plota. Faigheann Antagana, iníon Oedipus, amach gur mharaigh a beirt deartháireacha a chéile ag troid i gcoinne a chéile i gcogadh. Ligeann Creon rí Thebes duine dóibh a adhlacadh de réir deasghnátha na h-ama agus caitear amach an duine eile gan adhlacadh mar fhealltóir. Téann Antigone a bhfuil geallta le mac Creon, Haemon, glan ina gcoinne agus tar éis di an dearthár náirithe a adhlacadh cuirtear faoi ghlas i bpluais í le bás a fháil. Faoin am a thagann athrú intinne ar Creon tá lámh curtha aici ina bás fhéin. Faigheann a mhaicín mhánla, Haemon agus a bhean chéile Eurydice básanna tubaisteacha freisin ag deireadh na tragóide chlasaiceach seo.
334
Rote Armee Fraktion. Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i Rote-Armee-Fraktion ("Faicsean an Airm Dheirg"), nó "Drong Baader-Meinhof" mar ba mhinic a thugtaí uirthi sna nuachtáin) a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ón bhliain 1970 go dtí an bhliain 1998. B'iad Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Ulrike Meinhof, Horst Mahler agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i Meiriceá Theas, go háirithe na "Tupamaros" in Uragua. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata. Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná "Rote-Armee-Fraktion" nó "RAF", ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba thábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach. Chuir Baader agus Ensslin lámh ina mbásanna féin i bPríosún Stammheim i Stuttgart sa bhliain 1977, bliain amháin i ndiaidh Meinhof. Tháinig Horst Mahler slán, agus chuaigh sé le radacachas na heite deise agus leis an Nua-Naitsíochas ina dhiaidh sin. Sa bhliain 2008, scannánaigh an stiúrthóir Gearmánach Uli Edel scéal na droinge faoin teideal "Der Baader-Meinhof-Komplex" ("Coimpléasc Baader agus Meinhof"). Bhunaigh sé an scannán ar leabhar leis an iriseoir Gearmánach Stefan Aust. Cúlra. Sna seascaidí, tháinig glúin óg ar an bhfód sa Ghearmáin Thiar a bhí an-chriticiúil ar iompraíocht na n-aithreacha agus na máithreacha i ré an Naitsíochais. Fuair na daoine óga locht ar an gcaipitleachas, ar an saol buirgéiseach agus ar an daonlathas parlaiminteach féin. Faoi thionchar na n-agóidí in aghaidh chogadh Vítneam agus na ngluaiseachtaí radacacha eile sna Stáit Aontaithe, d'éirigh cuid den tsochaí an-mhíshásta leis na polasaithe Meiriceánacha. Bhí na mic léinn ag agóidíocht sna sráideanna ar fud na hEorpa. San am seo, bhí an Ghearmáin á rialú ag an gComhrialtas Mór nó an "Grosse Koalition", comhrialtas na nDaonlathach Sóisialta (an eite chlé) agus na nDaonlathach Críostaí (na coimeádaigh), ionas nach raibh freasúra clé ar bith sa pharlaimint nó an "Bundestag" (Dáil na Cónaidhme). Mar sin, thug radacaigh óga na n-ollscoileanna "Ausserparlamentarische Opposition" (APO) nó an Freasúra Easphairliminteach orthu féin. I ndeireadh na seascaidí, áfach, thit an Freasúra Easphairliminteach as a chéile. Chinn cuid de na radacaigh óga triail a bhaint as an bpolaitíocht pharlaiminteach, dhaonlathach mar sin féin, agus iad ag áitiú go raibh sé incheaptha an tsochaí a athrú ar dhóigh shíochánta, nuair a shealbhódh na radacaigh forais an stáit is na sochaí - "Marsch durch die Institutionen" nó an Mháirseáil tríd na Forais a thug siad ar an bpolasaí seo. Iad siúd a bhí ag iarraidh an mháirseáil seo a chur díobh, chuaigh cuid mhór acu sna Daonlathaigh Shóisialta agus iad ag iarraidh a gcuid smaointeachais féin a scaipeadh sa pháirtí. Maidir leis na radacaigh dholeigheasta nár chreid a dhath sna forais dhaonlathacha, bhí cuid áirithe acu le dul le sceimhlitheoireacht. Bhí siad den bharúil gur chóir cath a chur ar na "himpiriúlaithe Meiriceánacha" in Iarthar na hEorpa féin, agus go raibh an spairn lann agus an ghleic armtha riachtanach leis na cuspóirí a bhaint amach. Bhí cuid mhór den eite chlé sásta tuiscint agus bá a léiriú do Dhrong Baader-Meinhof, i dtús a réime ar a laghad, agus chualathas a lán intleachtóirí clúiteacha ag cosaint na droinge os comhair an tsaoil mhóir. Na sceimhlitheoirí a bhí páirteach in oibreacha uafáis na droinge, is féidir iad a dhealú ina dtrí ghlúin nach raibh mórán caidrimh eatarthu. Bhain Baader, Ensslin, Meinhof agus Mahler leis an gcéad ghlúin. Nuair a cuireadh an dlí orthu i bpríosún Stammheim, b'iad lucht na dara glúine a bhí amuigh ag sceimhlitheoireacht. Bhí na glúine difriúil go leor le chéile ó thaobh na hidé-eolaíochta agus na heagraíochta de. Mar sin féin, róshimpliúchán a bheadh ann dá ndéarfaí gur trí dhrong éagsúla a bhí iontu. Grúpa beag ab ea na sceimhlitheoirí seo. Is éard a deir teoiric na radacach clé go bhfuil meitheal tosaigh de dhíth leis an gcéad lasair a chur i mbarrach na réabhlóide, ach is í an tuiscint a bhí ag drong Baader-Meinhof orthu féin go raibh tuilleadh daoine de dhíth leis an obair cheannródaíochta sin a dhéanamh, agus nach raibh iontu féin ach cuid den mheitheal tosaigh. Nuair a bhí an drong gníomhach, bhí 60-80 duine ag glacadh páirte sa sceimhlitheoireacht féin. Thairis sin, creidtear go raibh thart ar 300 duine ag tacú leo. Ní raibh mórán ratha ar fheachtas míleata na droinge i ndiaidh an iomláin. An dáimh agus an luiteamas a bhí ag cuid d'intleachtóirí na tíre leo ar dtús, ní raibh sé i bhfad ag tréigean, agus an grúpa ag marú daoine agus ag pléascadh buamaí. Mharaigh siad 34 duine, agus gortaíodh cuid mhór eile. Thairis sin, fuair 20 duine de na sceimhlitheoirí féin bás i machaire an áir. I ndiaidh Fhómhar na bliana 1977 - "der deutsche Herbst", nó "Fómhar na Gearmáine" - d'achtaigh Feisirí an "Bundestag" a lán reachtanna nua éigeandála a chúngaigh ar chearta sibhialta na saoránach Gearmánach go leor, ach ba chuma leis an gcuid is mó de na Gearmánaigh faoi sin, nó san am, bhí siad chomh dubh dóite de na sceimhlitheoirí is go raibh siad sásta tuilleadh cumhachtaí a bhronnadh ar na húdaráis faoi chroí mhór mhaith. Na hImeachtaí. An Réamhscéal. Is féidir an chéad spreagadh do chruthú na droinge a aithint sa dóigh ar mharaigh póilín darbh ainm Karl-Heinz Kurras an mac léinn Benno Ohnesorg ar an 2 Meitheamh 1967, nuair a bhí na mic léinn ag agóidíocht in aghaidh Reza Pahlavi, Impire na hIaráine, agus é díreach ar cuairt sa Ghearmáin. D'fhéach na húdaráis le Kurras a chosaint ar an dlí, rud a chuir tuilleadh luais faoin dóigh a raibh gluaiseacht na mac léinn ag dul chun radacachais. Bhain cuid de na mic léinn deireadh súile de dhaonlathas na Gearmáine, agus thosaigh siad ag síleadh gur chóir an córas rialtais a chur de dhroim an domhain le lámh láidir. B'as measc na radacach seo a tháinig sceimhlitheoirí an RAF chomh maith le grúpaí cogúla eile, ar nós "Bewegung des Zweiten Juni" ("Gluaiseacht an Dara Lá de Mhí an Mheithimh"), "Die Revolutionären Zellen" ("Na Cillíní Réabhlóideacha"), agus "Die Rote Zora" ("Zora Dhearg"). Ní raibh na radacaigh óga sásta daoine a mharú ar mhaithe leis an réabhlóid go fóill, ach bhí siad barúlach gur chóir loitiméireacht a dhéanamh mar agóid pholaitiúil. Mar sin, chuir Gudrun Ensslin, Andreas Baader, Thorwald Proll agus Horst Söhnlein dhá mhórionad siopadóireachta trí thine i bhFrankfurt ar an 2 Aibreán 1968. Bhain siad úsáid as maidhmitheoirí ama a bhí socraithe ar na buamaí dóiteáin a adhaint in am marbh na hoíche, ionas nach mbeadh aon duine i ndainséar. Ní dhearnadh dochar ar bith d'aon duine ach an oiread, ach rinne an cleas seo an-léirscrios sna hionaid siopadóireachta. Agóid in aghaidh an chogaidh i Vítneam a bhí ann, agus na buamaí dóiteáin ceaptha mar chineál aithris shiombalach ar na buamaí napailme a bhí in úsáid ag na Meiriceánaigh i Vítneam. Cibé scéal é, ní raibh na póilíní i bhfad ag teacht ar lorg na gciontóirí, agus rugadh orthu ar an 4 Aibreán. Ghearr an breitheamh trí bliana braighdeanais do gach duine acu as an gcoirloscadh seo, ach ansin, d'achomharc siad in aghaidh na breithe. Fágadh cead a gcos acu ar dtús, ach nuair a d'eitigh an chúirt is airde an t-achomharc, chuaigh Ensslin agus Baader ar a seachnadh ó na húdaráis. In éineacht le Horst Mahler, an dlíodóir a bhí á gcosaint, chinn siad ar chromadh ar threallchogaíocht chathartha ar nós na d"Tupamaros" in Uragua. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh leis na póilíní Baader a cheapadh agus a chaitheamh i dtóin phríosúin. An Chéad Ghlúin. Níor thosaigh an drong ag cur fíor-threallchogaíochta ach ar an 14 Bealtaine 1970, nuair a scaoileadh Baader saor as an bpríosún le lámh láidir. Bhí Ulrike Meinhof le leabhar taighde a scríobh, - a dúirt sí, - agus theastaigh uaithi agallamh a chur ar Baader in áras na hInstitiúide. San am seo, iriseoir measúil a bhí i Meinhof i gcónaí, agus na húdaráis breá sásta comhoibriú léi. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, rinne na sceimhlitheoirí ruathar ar an Institiúid agus bhain siad amach saoirse do Baader le lámh láidir. Gortaíodh Georg Linke, duine d'oibrithe na hInstitiúide, go dona, nuair a scaoil duine de na sceimhlitheoirí urchar leis. Ag an ócáid seo, d'éalaigh Meinhof ó láithreán na n-imeachtaí, in éineacht leis na sceimhlitheoirí, agus d'fhág sí slán ag an saol dlíthiúil. Tugadh Baader go dtí an "Deutsche Zentralinstitut für Soziale Fragen" nó Lár-Institiúid na Gearmáine um Thaighde na nImthoscaí Sóisialta - fondúireacht neamhspleách taighde i mBeirlín a bunaíodh i ndeireadh na naoú haoise déag. Ar an 5 Meitheamh 1970, d'fhoilsigh iris na n-ainrialaithe i mBeirlín, "Agit 883", forógra na droinge faoin teideal "Die Rote Armee aufbauen!" ("An tArm Dearg le hearcú!"). Chaith Ensslin, Baader, Mahler, Meinhof, Peter Homann, Brigitte Asdonk agus timpeall is dáréag eile an chuid ba mhó de shamhradh na bliana 1970 san Iordáin le hoiliúint an treallchogaí a fháil ó na Palaistínigh. Ar dtús, ní raibh an drong ag marú daoine, ach ag robáil bancanna agus ag goid gluaisteán le bheith in ann saol a chaitheamh ar chúla téarmaí. Mar shampla, robáladh trí bhanc ar an 29 Meán Fómhair 1970, agus seisear daoine déag ag glacadh páirte sna ruathair seo. Tháinig na robálaithe i seilbh breis is 209,000 marg Gearmánach. De réir mar a thuairiscigh an iris úd Der Spiegel ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh Faicsean an Airm Dheirg ciontach ach in dhá cheann den trí robáil seo, nó b'iad na hainrialaithe ó Ghluaiseacht an Dara Meitheamh a rinne an tríú ceann. Ar an 9 Deireadh Fómhair 1970 rug na póilíní ar Horst Mahler, Irene Goergens, Ingrid Schubert, Brigitte Asdonk, agus Monika Berberich, agus iad go léir páirteach sna robálacha, de réir mar a chreid na póilíní. I Mí Aibreáin 1971, chuir an drong an doiciméad straitéise "Das Konzept Stadtguerilla" ("An Treallchogaíocht sa Chathair mar Choincheap") os comhair an tsaoil mhóir. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí barántas ar an drong ar fud na Cónaidhme go léir. B'iad Baader, Ensslin, Meinhof, Holger Meins agus Jan-Carl Raspe lucht ceannais na chéad ghlúine. Bhí na póilíní ag éirí neirbhíseach, nó bhí sé fógartha sa doiciméad go raibh na sceimhlitheoirí dírithe ar urchair a scaoileadh le haon chonstábla a d'fhéachfadh le breith orthu. Ar an 15 Iúil 1971, goineadh Petra Schelm go héag, nuair a bhí sí ag cur in aghaidh na bpóilíní agus iad ag iarraidh í a cheapadh. Ar an 22 Deireadh Fómhair, maraíodh an póilín Norbert Schmid, agus dhá mhí ina dhiaidh sin, póilín eile darbh ainm Herbert Schoner. Ar an 1 Márta 1972, mharaigh na póilíní Herbert Epple, ábhar ceardaí a bhí ag tiomáint gluaisteáin ar meisce. Ní raibh baint dá laghad aige leis an drong, ach nuair a rinne sé iarrachtaí teacht slán ó na póilíní a bhí ag féachaint le breith air, shíl siadsan gur sceimhlitheoir a bhí ann. I ndiaidh do na póilíní tóir fhada a chur ar Epple, loisc duine acu fo-mheaisínghunna leis, ionas go bhfuair an buachaill bás ar an toirt. Sa bhliain 1972, thosaigh an drong ag buamáil bunáiteanna míleata de chuid na Meiriceánach sa Ghearmáin, chomh maith le foirgnimh de chuid an stáit Ghearmánaigh. Mharaigh cúig pheitrealbhuama ceithrear daoine sa bhliain sin, agus gortaíodh breis is tríocha. Ar an 11 Bealtaine 1972, bhuamáil an drong an "Terrace Club" in aice le bunáit mhíleata de chuid na Meiriceánach, ionas go bhfuair an Leifteanant-Choirnéal Paul A. Bloomqvist bás, agus gortaíodh triúr daoine déag eile. I mí Iúil 1972, d'éirigh leis na póilíní lucht ceannais na chéad ghlúine a chimiú - Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Jan-Carl Raspe, Ulrike Meinhof, Holger Meins agus Gerhard Müller. Sa phríosún dóibh, thosaigh na sceimhlitheoirí ag éileamh stádas an chime cogaidh, agus chuaigh siad ar stailc ocrais le béim a chur ar an éileamh seo. Fuair duine acu, Holger Meins, bás ar an 9 Samhain 1974, nuair a bhí sé tar éis a chuid putóg a chur ó mhaith leis na stailceanna ocrais. D'éirigh leis na cimí, áfach, súil na radacach clé ar fud na Gearmáine a tharraingt orthu féin leis na stailceanna sin. Nuair a thosaigh an phróis dlí, tháirg dlíodóirí mór le rá iad a chosaint, dlíodóirí a raibh dáimh acu leis an eite chlé. Tháinig an fealsamh Francach Jean-Paul Sartre féin ar cuairt chuig Baader, Meinhof agus Ensslin le dul chun réasúin leo. I ndiaidh na teagmhála, áfach, labhair sé go dímheasúil faoi Baader i gcomhrá príobháideach. Chuaigh an dlí ar na sceimhlitheoirí i mBealtaine 1975, agus na breithiúna, na cúisitheoirí agus na cosantóirí ag teacht le chéile sa phríosún ina raibh na cúisithe á gcoinneáil - Stammheim in aice le Stuttgart. (Inniu, tugtar Foras Peannaideach Stuttgart, nó "Justizvollzugsanstalt Stuttgart", ar an áit.) Ar an 29 Samhain 1975, gearradh príosúnacht ocht mbliana do Meinhof. I Mí Aibreáin 1977, daoradh Baader agus Ensslin chun príosúnachta lena saol. Ar an 9 Bealtaine 1976, fuair na séiléirí rompu Meinhof ina cillín féin agus í marbh, nó bhí sí tar éis í féin a chrochadh. Féinmharú a bhí ann, de réir an choiste oifigiúil. An Dara Glúin. Nuair a fuair lucht na chéad ghlúine iad féin i mbraighdeanas, tháinig glúin úr ina n-áit. Cuid mhór de lucht na dara glúine, bhí baint acu leis an "Sozialistisches Patientenkollektiv", nó Comhar Sóisialach na nOthar. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain 1970 i measc othair i gclinic síciatrach i Heidelberg, agus ar dtús, bhí sí ceaptha mar chineál "féinteiripe" nó "comhartheiripe", is é sin, bhí na hothair le sláinte a bhaint amach as a stuaim féin agus iad ag cur le chéile. Mic léinn ab ea na "hothair Shóisialacha" seo, agus iad faoi thionchar an fhaisin chomhaimseartha intleachtúil. Bhí ról tábhachtach ag Siegfried Haag agus Klaus Croissant i bhforbairt na dara glúine fosta. Dlíodóirí a bhí iontu agus iad ag cosaint lucht na chéad ghlúine. Ina dhiaidh sin, chuaigh siad ar a seachnadh, agus iad ag earcú tuilleadh daoine don drong. Ar an 27 Feabhra 1975, trí lá roimh thoghchán na bhfeisirí ar dháil (nó "Abgeordnetenhaus") Bheirlín Thiar, d'fhuadaigh Gluaiseacht an Dara Lá de Mhí an Mheithimh fear darbh ainm Peter Lorenz, a bhí ina bhoc mhór sa pháirtí choimeádach. D'éiligh na fuadaitheoirí go scaoilfí le roinnt sceimhlitheoirí a bhí faoi ghlas, agus mar sin, fuair roinnt bhall de chuid an RAF féin a saoirse ar ais. Na sceimhlitheoirí a saoradh ar an dóigh seo, tugadh ar an eitleán go dtí Daon-Phoblacht Éimín Theas, agus ansin, bhí na fuadaitheoirí sásta cead a gcos a ligean le Lorenz. Ina dhiaidh sin, áfach, chrom na cimí scaoilte ar an sceimhlitheoireacht in athuair, agus chinn lucht rialtais na Gearmáine gan tabhairt isteach don chineál seo dúmhálaíochta a thuilleadh. Ina dhiaidh seo, áfach, dhírigh an dara glúin ar shaoirse a bhaint amach do lucht na chéad ghlúine thar aon rud eile. Ar an 24 Aibreán 1975, ghabh na sceimhlitheoirí ambasáid na Gearmáine i Stócólm. Bhí seisear sceimhlitheoirí ag coinneáil cuid den ambasáid faoi smacht agus ag éileamh saoirse do Baader, Ensslin agus an chuid eile den Chéad Ghlúin. Mharaigh siad beirt taidhleoirí Gearmánacha, agus sa deireadh, phléasc buama dá gcuid de thimpiste, ionas go ndeachaigh an ambasáid go léir trí thine. Fuair beirt sceimhlitheoirí bás sa dóiteán - Ulrich Wessel agus Siegfried Hausner - ach d'éirigh leis na gialla teitheadh leo. Rugadh ar na sceimhlitheoirí eile, mar atá, Hanna Krabbe, Karl-Heinz Dellwo, Lutz Taufer, agus Bernhard Rössner. B'é an dlíodóir Siegfried Haag a d'earcaigh na sceimhlitheoirí seo, ach ní raibh sé féin páirteach sa ruathar. Ar an 30 Samhain 1976, ghabh na póilíní Haag, agus tháinig siad ar a lán doiciméad aige - pleananna le haghaidh na ruathar a bhí le déanamh sa bhliain a bhí chugainn. Ni raibh na póilíní in ann, áfach, ciall a bhaint as na cáipéisí seo in am, nó bhí siad scríofa i dteanga chódaithe. Thairis sin, tháinig ceannasaí nua i gcomharbas ar Haag, bean a raibh na húdaráis díreach i ndiaidh scaoileadh saor léi - Brigitte Mohnhaupt. "Fómhair na Gearmáine", 1977. Tréimhse fhoréigneach agus fulangacht ab ea Fómhar na Gearmáine, mar a thugtar uirthi (Gearmáinis: "Der" "Deutscher Herbst"), ó 7 Aibreán 1977 go dtí 18 Deireadh Fómhair 1977. Shroich feachtas na sceimhlitheoirí, an Rote Armee Fraktion, barr a ghéaradais le linn "Fhómhar na Gearmáine", is é sin, Fómhar na bliana 1977. 1978. Ar an 11 Bealtaine 1978, rug na póilíní Iúgslavacha ar Brigitte Mohnhaupt, Peter-Jürgen Boock, Sieglinde Hofmann agus Rolf Clemens Wagner i Zagreb. Thairg an Iúgslaiv iad a eiseachadadh go dtí an Ghearmáin, dá mbeadh an rialtas Gearmánach sásta ochtar Crótach a bhí ar a seachnadh ó na húdaráis Iúgslavacha sa Ghearmáin a chimiú agus a thabhairt don Iúgslaiv in éiric na sceimhlitheoirí. Ní raibh an Ghearmáin sásta na Crótaigh a fhágáil faoi luí na bíse ag an Iúgslaiv Chumannach, agus mar sin, cheadaigh na hIúgslavaigh do na sceimhlitheoirí aghaidh a thabhairt ar Éimín Theas. Ar an 25 Meitheamh 1979, rinne an RAF iarracht Alexander Haig, ardcheannasaí na dtrúpaí Meiriceánacha san Eoraip (agus ina dhiaidh sin, Aire Gnóthaí Eachtracha, nó "Secretary of State", nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe), a mharú le buama. Chuir siad ábhar pléasctha i bpíobán a bhí ag rith faoin tsráid i gcóngar le Ceanncheathrú ECAT i gCasteau sa Bheilg, agus nuair a bhí a ghluaisteán pearsanta ag tabhairt Haig go dtí an Cheanncheathrú, mhaidhm na sceimhlitheoirí an buama faoin tsráid. Tháinig Haig slán as an iarraidh mharfa. Ach rinneadh mangarae dá ghluaisteán. Sna blianta 1978-1982, bhí iarsmaí na sceimhlitheoirí ar a seachnadh sa Mheánoirthear nó sa Ghearmáin féin. An Tríú Glúin. Mar a fuair Údarás Cosanta an Bhunreachta, nó an "Verfassungsschutz", amach, bhí timpeall ar fiche óglach armtha agus 250 cúlaistín nó tacadóir gníomhach sa tríú glúin den drong. Rinne an ghlúin seo a lán ruathar sabaitéireachta agus mharaigh siad boic mhóra de chuid an tsaoil pholaitiúil nó eacnamúil. D'fhoilsigh an drong doiciméad clár oibre i Mí Bealtaine 1982, an "Mai-Papier", nó Doiciméad na Bealtaine, agus iad ag fógairt ansin go raibh siad le bun-choincheap na droinge a athrú. Ní raibh siad ag iarraidh saoirse a bhaint amach le lámh láidir do lucht na chéad ghlúine, ach ag pleanáil gníomhartha sceimhle go mionchruinn agus ag dul i gcomhar leis na dronga sceimhlitheoireachta eile san Eoraip, ar nós an "Action Directe" ("An Gníomh Díreach") sa Fhrainc, na "Brigate Rosse" ("Na Briogáidí Dearga) san Iodáil agus na "Cellules Communistes Combattantes" ("Na Cealla Cathacha Cumannacha") sa Bheilg. Níl mórán ar eolas faoi na daoine a bhí páirteach in obair na tríú glúine. Níos mó ná duine as gach beirt, níl a fhios ag údaráis dlí na Gearmáine cérbh iad féin nó cad iad na hainmneacha a bhí orthu. Iad siúd a bhfuil a n-ainmneacha ag na húdaráis, ní raibh ach Wolfgang Grams agus Birgit Hogefeld i gceannas ar an drong, de réir dealraimh. Maidir leis na dúnmharuithe a rinne an drong sna blianta 1985-1993, níl a fhios ag na húdaráis ach ainm aon duine acu siúd a bhí páirteach. Murab ionann agus sna seachtóidí, ní raibh radacaigh eile na heite clé sásta cuidiú ná comhoibriú leis na sceimhlitheoirí a thuilleadh. Ar an 1 Feabhra 1985 lámhachadh Ernst Zimmermann, bainisteoir an chomhlachta armála úd MTU, istigh ina theach féin. Ní heol cérbh iad a rinne é. Ar an 8 Lúnasa 1985 mharaigh Birgit Hogefeld agus Eva Haule saighdiúir Meiriceánach darbh ainm Edward Pimental. Ghoid siad a chárta aitheantais uaidh, agus baineadh leas as an gcárta ina dhiaidh sin leis an aerbhunáit Mheiriceánach úd "Rhein-Main Air Base" in aice le haerfort Frankfurt a insíothlú agus a bhuamáil. Bhí an Action Directe agus Rote Armee Fraktion ag comhoibriú le chéile leis an ruathar seo a dhéanamh. Fuair saighdiúir amháin agus sibhialach amháin bás sa phléasc, agus gortaíodh aon duine dhéag. Ina dhiaidh sin, d'eisigh na sceimhlitheoirí litir admhála a raibh suaitheantais an dá dhrong uirthi. Lochtaigh na cléradacaigh dúnmharú Pimental go fíochmhar, ós rud é nach raibh ann ach gnáthshaighdiúir a maraíodh ar an t-aon chúis amháin go raibh a chárta aitheantais ag teastáil ó na sceimhlitheoirí. Níos déanaí, d'admhaigh na sceimhlitheoirí féin gur botún polaitiúil a bhí ann. Ar an 9 Meitheamh 1986 fuair bainisteoir an chomhlachta Siemens bás in éineacht le tiománaí a ghluaisteáin, Eckhard Groppler. Pléasc bhuama a mharaigh iad, agus ina dhiaidh sin ghlac "Cománlach Mara Cagol", cománlach sceimhlitheoireachta de chuid RAF, freagracht as an mbuamáil. Creidtear go raibh lámh ag Horst Ludwig Meyer sa ghníomh seo. Maraíodh Meyer sa bhliain 1999 san Ostair, nuair a d'éirigh ina throid lámhaigh idir é agus na póilíní áitiúla. Ar an 10 Deireadh Fómhair 1986 mharaigh beirt daoine aineoil Gerold von Braunmühl, taidhleoir de chuid Roinn Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine in Ippendorf, Bonn, é, áit a raibh cónaí air. Ar an 30 Samhain 1989 scaoileadh urchar marfach le hAlfred Herrhausen, bainisteoir an Bhainc Ghearmánaigh ("Deutsche Bank"). Baincéir as an ngnáth a bhí ann, mar Herrhausen, nó bhí féith intleachtóra ann agus é sásta cluas thuisceanach a thabhairt do radacaigh chlé féin. Bhí suim aige i bhfadhbanna na dtíortha bochta freisin, agus é buartha faoin dóigh a raibh a lán tíortha tearcfhorbartha báite i bhfiacha. Sa bhliain 1990 thairg an tAire Dlí agus Cirt Klaus Kinkel na sceimhlitheoirí i bpríosúin na Gearmáine a scaoileadh saor, ar acht is go n-éireodh an chuid ghníomhach den ghluaiseacht as na hionsaithe. Níor thángthas ar aon chomhthuiscint phoiblí faoi sin, ach sa bhliain 1991 bhí RAF sásta "fairsingiú na gníomhaíochta a chur ar ceal" mar a dúirt siad féin. Inniu, is eol dúinn go raibh na sceimhlitheoirí idir dhá chomhairle faoin tairiscint seo. Bhí Brigitte Mohnhaupt orthu siúd a dhiúltaigh, theastaigh ó sceimhlitheoirí eile ar nós Karl-Heinz Dellwo agus Lutz Taufer glacadh leis an tairiscint. Ar an 1 Aibreán 1991 maraíodh Detlev Karsten Rohwedder, a bhí i gceannas ar an "Treuhandanstalt", nó údarás príobhádaithe na maoine poiblí a thit leis an nGearmáin aontaithe ó Dhaonphoblacht na Gearmáine, is é sin, an stát cumannach in oirthear na Gearmáine. Ní raibh na húdaráis in ann a shocrú sa chás seo féin cérbh iad na ciontóirí. Deich mbliana ní ba deireanaí, thug anailís an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh i ruainne gruaige a fuarthas in áit an ghnímh, - thug an anailís sin le tuiscint gur le Wolfgang Grams an ruainne gruaige. Fuarthas locht ar thoradh na hanailíse seo, áfach. Istoíche idir an 26 agus an 27 Márta 1993 buamáladh Peannadlann Weiterstadt le breis is 200 kg ábhair phléasctha. Cuireadh trí fhoirgneamh lóistín agus an foirgneamh riaracháin de dhroim an domhain, agus rinne an mhórphléasc damáiste don chuid eile den pheannadlann a chlúdaíonn trí chiliméadar cearnacha. Ní bhfuair aon duine bás, nó ní raibh an peannadlann ach á tógáil san am sin. Ar an 27 Meitheamh 1993 gabhadh Birgit Hogefeld agus Wolfgang Grams i mBad Kleinen. Tháinig an fheadhain speisialta úd Grenzschutzgruppe 9 (GSG 9) i láthair le cabhrú leis na gnáthphóilíní. D'éirigh leis na póilíní Hogefeld a chimiú go néata, ach d'éirigh ina chogadh dearg idir Grams agus lucht a ghabhála, agus ba é ba toradh don scéal gur maraíodh Grams agus duine de na póilíní speisialta, fear darbh ainm Michael Newrzella. I ndiaidh na n-imeachtaí, d'éirigh an tAire Gnóthaí Inmheánacha Rudolf Seiters as. Sa bhliain 1992 tháinig an teoiric ar an bhfód nach raibh an "tríú glúin" ann ar aon nós, ach gurbh iad na seirbhísí rúnda a rinne gníomhartha sceimhlitheoireachta na glúine sin le brú a chur ar an tsochaí agus ar na polaiteoirí tuilleadh maoiniú a thabhairt do na seirbhísí sin. Ba iad an triúr iriseoirí úd Gerhard Wisnewski, Wolfgang Landgraeber agus Ekkehard Sieker a chuir an teoiric seo faoi bhráid an tsaoil mhóir, ar dtús ar an gclár nuachta agus tráchtaireachta úd "Monitor" ar an tseirbhís chraolacháin ARD, agus ina dhiaidh sin, faoi chlúdach leabhair. Is é an dearcadh a bhí ag an gcuid ba mhó de na tráchtairí - ar nós an t-eolaí polaitiúil Alexander Strassner as Ollscoil Regensburg - nach raibh ann ach gnáth-theoiric chomhcheilge nár chóir an iomarca creidiúna a thabhairt di, a fhad is nach raibh fianaise ann.
9,818
Leitir Mealláin. Oileán beag is ea Leitir Mealláin ar chósta thiar na hÉireann i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá an t-oileán suite sa Ghaeltacht timpeall 36 míle ó chathair na Gaillimhe i Loch Lurgan agus thart ar 14 míle ón gCeathrú Rua. Ceann de thrí oileán is ea Leitir Mealláin i nGarmna, agus tá na hoileáin eile, Tír an Fhia agus Leitir Móir, suite ar an taobh thoir de. Ciallaíonn "Leitir" 'taobh cnoic'. Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth. Ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar an mbliain 1840. Bhí thart ar 1700 acra agus 77 teach ar an oileán ag an am. Tá Leitir Mealláin suite i gcróilár Ghaeltacht Chonamar agus tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ann. I ndaonáireamh 2016 dúirt 93.8% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.3% den ndaonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.
360
Gary Doherty. Bhí Gary Doherty ina pheileadóir. Rugadh é ar 31 Eanáir 1980 i gCarn Domhnach, Contae Dhún na nGall. Imreoir sacair ard a bhí ann agus é 6'1" ar airde. D'imir sé le Wycombe Wanderers, i Sraith Sacair 2. Tugtar "the Doc" agus "the Ginger Pele" air. Thosaigh Gary Doherty ag imirt go gairmiúil le Luton Town sa bhliain 1997. D'imir sé 84 cluiche i dtrí shéasúr leo. Cheannaigh Tottenham Hotspurs é ar €1 milliún i mí Márta 2000. D'imir sé go maith an séasúr sin, ach an bhliain ina dhiaidh sin níor éirigh leis chomh maith sin. Bhris sé a chos sa chluiche in aghaidh "Torquay" i Meán Fómhair. Tháinig sé ar ais an bhliain sin, ach ní raibh sé ag imirt mar a bhíodh. Ag Tottenham, shocraigh Gary Doherty isteach mar chosantóir. D'imir sé an-mhaith i dtús sa bhliain 2004. Áfach bhris sé a chos. Díoltar Gary Doherty go "Norwich City". Éire. D'imir sé go hiondúil d'Éirinn mar buailteoir. Thosaigh Doherty ag imirt d'Éirinn i gcluiche in aghaidh an Ghréig sa bhliain 2000.
402
Na Briogáidí Idirnáisiúnta. Bhí Na Briogáidí Idirnáisiúnta mar aonaid míleata poblachtánach a throid i Cogadh Cathartha na Spáinne. Bhunaigh óglaigh ó thíortha difriúla, gan baint ag stáit ar bith, iad agus taisteal siad go dtí an Spáinn le tacaíocht a thabhairt do Dara Poblacht na Spáinne agus a chuid fórsaí sa Cogadh Cathartha ó 1936 go dtí an bhliain 1939. Bhí thart ar 32,000 daoine ó 53 náisiún i measc na briogáidí seo. Throid siad i gcoinne fórsaí Náisiúnacha na Spáinne a d'éirigh amach faoi cheannas an Ginearál Francisco Franco le cabhair ón Ghearmáin agus an Iodáil.
234
Mo Mowlam. Ba pholaiteoir Briotanach í Marjorie "Mo" Mowlam Ph.D (18 Meán Fómhair 1949 - 19 Lúnasa 2005). Bhí sí ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus chaith sí tréimhse ina Aire Stáit i dTuaisceart na hÉireann idir 1997 agus 1999. Bhí Mo Mowlam ina hAire Stáit sa Tuaisceart nuair a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Saol. 1987-1998. Bhí ainm in airde aici go forleathan mar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a raibh gean uirthi ón dream "New Labour" sa Ríocht Aontaithe. Bhíodh aithne uirthi mar dhuine a bhí cliste, léannta agus tarraingteach. Bhí sí in ann labhairt go díreach agus go neamhbhalbh ar chúrsaí. 1999. Bhí seanchairdeas idir aire eile, Peter Mandelson agus Mo Mowlam. Sa bhliain 1999, gheall Mandelson go ndéanfadh sé idirbheartaíocht ar a son nuair a tuairiscíodh go raibh rún ag Tony Blair í a bhogadh go cúram eile. Ina áit sin, bhronn an Príomh-Aire an cúram ar Mhandelson féin. Ní nach ionadh, bhí Mo ar mire leis agus chuir sí ina leith go raibh sé ag iarraidh a post a ghoid uaithi. Cuirfidh sé iontas ar a lán, b’fhéidir, gur scríobh Mandelson – fear a bhfuil cáil Machivelliach air – ina dhiaidh sin chuig Blair ag impí air Mo a fhágáil san áit ina raibh sí. Mhaígh Blair, áfach, nach raibh muinín ag na hAontachtóirí inti agus gur beag meas a bhí ag an phobal náisiúnach uirthi a thuilleadh. Bás. D'éag sí ar an 19 Lúnasa 2005. Bhuail siad urchóideach í sa bhliain 1997, ach cheil sí an fhírinne ag an am. Níos déanaí, thuill sí meas mar gheall ar a troid in aghaidh ailse inchinne.
628
Baile Brigín. Is baile i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, é Baile Brigín. Tá an baile cósta seo suite 32 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath i gceantar riaracháin Chontae Fhine Gall. Daonra. Tháinig fás as cuimse ar an daonra ag tús na 21ú haois toisc go raibh méadú tobann ar éileamh ar thithíocht i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mhéadaigh an daonra Uirbeach ó 6,731 i 2006  go dtí 8,114 i 2016, agus mhéadaigh daonra na Tuaithe ó 9,615 i 2006 go dtí 16,479 i 2016. Tá daonra 24,611 i mBaile Brigín ach tá daonra lonnaíocht 21,722 sa daonáireamh na hÉireann 2016. Stair na háite. An tréimhse neoiliteach. Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta roimh tógadh eastát tithíochta in aice le Lána na Gráige. Tháinig siad ar fhianaise lonnaíochta ón ré Neoiliteach. d'aimsigh siad fothrach ó theach Neoiliteach. Seo an áit a bhféadfadh na chéad fheirmeoirí a bheith ina gcónaí sa cheantar 5000 bliain ó shin. Rinneadh an teach as plancanna adhmaid agus bhí sé sé mhéadar ar leithead. Ré na meánaoise. Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois. Bhí clann Barnwell ina gcónaí sa chaisleán seo sa bhliain 1567. Bhí gairdíní, ocht dtionóntán, úllord agus páirc ann. D'ionsaigh arm Oliver Cromwell an caisleán le linn Chogadh na hAon Bhliain Déag i rith na 1640dí. Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta sa pháirc in aice leis an gcaisleán agus aimsíodh caor gunna mór a bhain leis an ionsaí, is dócha. 18ú haois. Sa tréimhse seo, ba shráidbhaile iascaireachta é Baile Brigín. Thug an tiarna talún áitiúil George Hamilton tionscadail déantúsaíochta éadaigh chuig Baile Brigín. Thóg sé monarchana agus d’fheabhsaigh sé an calafort. Críochnaíodh an ché sa bhliain 1763. 19ú haois. Ba bhaile cuain agus margadh é faoin 19ú haois. Sa tréimhse seo bhí an daonra 3,016 i mbarúntacht Baile an Ridire Thoir, áit atá Baile Brigín. Bhí margadh ar siúl gach Luan agus bhí aonach eallach ar siúl i mí Aibreáin agus mí Meán Fómhair sa bhaile. Tógadh teach margadh sa bhliain 1811 chun áit cinnte a thabhairt do na margaidh sin. Imeachtaí staire. Tharla cath meánaoiseach i mBaile Brigín sa bhliain 1329. Champaigh Liam III Oráiste i mBaile Brigín tar éis Cath na Bóinne i mhí Iúil 1690. Tharla Creach Bhaile Brigín ar an 21ú Meán Fómhair 1920. D’ionsaigh na Dúchrónaigh Baile Brigín agus dhó siad ceithre theach is caoga, monarchan éadaí agus osánachta, agus ceithre theach tábhairne. Mharaíodar beirt fear áitiúil, Séamus Ó Laighléis agus Seán Mac Giobúin ar Shráid an Droichid. Níorbh mór Baile Brigín a atógáil i ndiaidh na Creiche tar éis an léirscrios a rinneadh air. Tíreolaíocht. Téann abhann na Breicíne trí lár an bhaile. Is as an abhainn bheag seo a thagann ainm an bhaile. Tagann ainm na haibhinne ón mbreac donn atá le fáil inti, mar is é brí 'breicín' ná breac beag. Suíomh agus taisteal. Tá an baile cósta seo suite 20 km ó Dhroichead Átha agus 30 km ó chathair Baile Átha Cliath.  Tá an baile lonnaithe in aice leis an mótarbhealach M1, a théann ó Bhaile Átha Cliath chuig Béal Feirste. Níl sé ach 23km ó Aerfort Baile Átha Cliath. Tá córas iompar poiblí an-mhaith ann sa bhaile le go leor modhanna iompair.  Cuirtear seirbhísí bus ar fáil trí ‘Bus Átha Cliath' (a théann chuig na Sceirí, Ros Eo, Lusca, agus Sord Cholmcille), ‘Bus Eireann’ (a théann chuig Droichead Átha, Baile Iúliáin, Baile an Ridire, na Cúig Bóthar, Sord Cholmcille, agus Aerfort BÁC), agus ‘Local Link’ (a théann chuig Cros Mhic Giollagáin, Steach Maoilín, Baile Mhic Gormáin, an Aill, Baile Bachaille, an tSeanbhaile, Baile Ghabhra, agus Cill Dhéagláin). Cuirtear seirbhísí traein chuig BÁC, Droichead Átha, Dún Dealgan, Iúr Chinn Trá, agus Brí Chualann ar fáil i mBaile Brigín tríd an stáisiún traenach. stáisiún traenach. Turasóireacht. Áiseanna poiblí. Tá go leor áiseanna sa bhaile a thaitníonn le turasóirí agus an muintir áitiúil maraon. Tá cúig thráigh ghainimh suite i mBaile Brigín. Seo iad ó thuaidh go dheas: Trá Chnoc na gCoin, Trá Bhrí Mór, an Trá Tosaigh, an Trá Cúil agus Trá Choill Samhadh. Meallann na trátha neart turasóirí lae gach uile samhradh, mar tá radhairc áille uathu ar na Beanna Boirche, na Sceirí, agus ar Mhuir Éireann. Is é an trá leis an rochtain is áisiúla an trá tosaigh toisc go bhfuil an stáisiún traenach suite cúig nóiméad uaidh. Bíonn margadh iascaireachta agus talmhaíochta ar siúl gach Aoine i mBaile Brigín. Tá Club Gailf Bhaile Brigín suite leath-bhealach idir an baile agus Baile an Ridire, gar don M1. Bunaíodh an club gailf i 1945. Athchóiríodh an cúrsa gailf i 2009 le gnéithe nua ar nós guaiseacha uisce dúshlánacha, bánóga níos leithne agus tí-bhoscaí nua. Tá diméin Ard Choille suite idir Bhaile Brigín agus na Sceirí. Ba eastát chlann Hamilton-Taylor é ó 1738, agus tugadh don stáit é i 1982. Is páirc poiblí é inniu agus tagann formhór na dturasóirí ar thuras lae. Tá caisleán ón 18ú haois ann, le caifé, stiúidiónna ealaíne agus gairdíní luibhe, toradh, glasra, bláth, agus rós. Is meascán de chluain agus coill é an fearann máguaird, le binsí, láthair béile, agus clós súgartha. Tá carrchlós suite ag taobh theas na diméine agus is féidir Bus Átha Cliath 33 a thógáil ón séipéal Caitliceach i mBaile Brigín. Maidir le siopadóireacht, tá siopaí ar fud na príomhshráide, agus tá ionaid siopadóireachta Millfield agus Castlemill, a dtógadh i 2011, gar don M1, ann chomh maith. Lóistín. Tá óstán amháin sa bhaile, an ‘Bracken Court’. Is féidir páirceáil ar an láthair saor in aisce d’aíonna. Oideachas. Na naíonra. Naíonraí?. Na bunscoileanna. Tá go leor bunscoileanna i mBaile Brigín. Na meánscoileanna. Tá cúpla meánscoileanna i mBaile Brigín Spórt. Rugbaí. Tá Club Peile Rugbaí suite i mBaile Brigín agus imríonn an club i roinn 2B i Léig na Laighean. Bunaíodh an club ar dtús i 1925. Bhunaigh an club Corn na mBailte Cúige sa chomórtas Laighean do chlubanna Cúige i 1928. Ní raibh mórán suime sa rugbaí i rith lár na dtríochaidí. Ansin bunaíodh Club Rugbaí Dealbhana lonnaithe i  mBaile Brigín i lár na gcaogaidí. Athlonnaigh an club Rugbaí go nDroichead Átha. Sa bhliain1967 bhunaigh Brendan Griffin club rugbaí do dhaoine óga sa bhaile. Bunaithe foireann rugbaí do dhaoine fásta sa bhliain 1975. Ba é Felim White an chéad chaptaen ar an gclub. Sna 1990idí, bunaithe foireann na mná ach ag an am seo ní raibh a lán foirne mná ann agus ansin tháinig deireadh leis an bhfoireann. Athbhunaíodh an fhoireann sa bhliain 2014. Sacar. Bunaíodh club peile Baile Brigín sa bhliain 1998. Is club mór é le os cionn tríocha foireann ann. Cumann Lúthchleas Gael. Bunaíodh Cumann Uí Dhuibhir sa bhliain 1918 agus tá sé lonnaithe i Lána na Gráige. Imríodh an céad cluiche i mBaile Uí Ghormáin. Tá níos mó ná 700 ball ann. Imrítear cluichí i bpáirce Brí Mhór. Reiligiúin. Tá Eaglais Chaitliceach Rómhánach tiomnaithe do naoimh Peadar agus Pól suite ai mBaile Brigín. Tógadh an séipéal mór sa bhliain 1842. Is sampla den ailtireacht Ghotach atá ann.
2,826
Gabriel Byrne. Aisteoir Éireannach a bhfuil cáil bainte amach aige go hidirnáisiúnta é Gabriel James Byrne (12 Bealtaine 1950 a rugadh é). Tá sé ina chónaí i Nua-Eabhrac i láthair na huaire. Is cainteoir líofa Gaeilge é agus bíonn iarrachtaí ar siúl aige go minic chun an teanga a chur chun cinn go poiblí agus sna meáin chumarsáide. Óige. Rugadh Gabriel Byrne i nDroimneach i mBaile Átha Cliath, do Dan Byrne, a bhí ina chúipéir agus d'Eileen Byrne, a bhí ina banaltra. Fuair sé a oideachas in Ardscoil Éanna, Cromghlinn agus chaith sé tamall i gcliarscoil nuair a bhí sé an-óg, ach d'éirigh sé aisti tar éis tamaill agus a chreideamh iomlán caillte aige. D'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé tréimhsí i bpostanna éagsúla, go dtí gur chinn sé ar fhreastal ar an ollscoil. Bhain sé céim amach sa teangeolaíocht agus sa tseandálaíocht i UCD, áit ar éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge chomh maith. A shaol gairmiúil. D'oibrigh Byrne sa seandálaíocht nuair a d'fhág sé UCD ach choinnigh sé a ghrá don teanga. Scríobh sé an chéad dráma teilifíse, Draíocht, do TG4, stáisiún teilifíse na Gaeilge nuair a thosaigh sé ag craoladh in 1996. Sular thosaigh sé a ghairm mar aisteoir bhí neart postanna éagsúla ina measc: seandálaí, cócaire, trodaí tairbh agus muinteoir Spáinise. Thosaigh sé ag aisteoireacht agus é 29 agus chuir sé tús lena ghairm ar stáitse le Focus Theatre agus le Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag aisteoireacht leis an Royal ag Byrnesan agus an Royal National Theatre i Londain. Bhain Byrne cáil amach sa tsraith deireanach don chlár teilifíse The Riordans in Éirinn as a d'eascair an clár Bracken. Bhí Byrne sa phríomhpháirt. An chéad ról scannánaíochta a bhí aige ná mar King Uther Pendragon sa scannán King Arthur a léirigh John Boorman i 1981. I láthair na huaire tá Byrne i ról Dr. Paul Weston, teirpeoir i sraith seachtainiúil mór le rá HBO In Treatment. Thug an New York Times "latest Dr. McDreamy" na teilifíse air dá ról agus bhuaigh sé an gradam Golden Globe don aisteoir ab fhearr i sraith theilifíse i 2008. Ghnóthaigh sé a chéad ainmniúchán Emmy (an príomhaisteoir ab fhearr i sraith theilifíse) chomh maith an bhliain chéanna.(B'é Byran Cranston as Breaking Bad a bhuaigh) D'fhill sé ar an amharclannaíocht i 2008, ghlac sé ról King Arthur i Camelot le ceolfhoireann Nua-Eabhrac ón 7 Bealtaine go dtí an 10 Bealtaine, ról a ghlac mórlaochra na haisteoireachta, Richard Burton agus Richard Harris leis cheana.
948
Siondróm Aagenaes. Is galar é an Siondróm Aagenaes arb é is promhthréith ann hipeapláise ó bhroinn na soithí limfe. Is cúis leis limféidéime na gcos agus colastáis athfhillteach na naonachta. Is féidir leis an ngalar seo éirí níos measa agus dul ar aghaidh gur chúis leis ciorróis heipiteach agus heipitíteas ollcheallach, maille le fhiobróis sna conairí iompracha. Tá a chúis ghéiniteach anaithnid, ach tá sé faighte le hoidhreacht go huathshómach aonarach agus suíonn an ghéin i gcrómasóm 15q. Bíonn aimhrialtacht ghinearálaithe limfeach mar ghné choitianta an reachta, agus is féidir go bhfuil bunús na mácháile limfegéiniteach (Béarla: lymphangiogenetic)
261
Dlí Avogadro. Is éard is Dlí Avogadro ann (dá ngairtear uaireanta hipitéis Avogadro nó Prionsabal Avogadro) ná gásdlí turgnamhach, a deir; "Bíonn an líon céanna móilíní ag toirteanna comhionanna de gháis sna tosca teochta agus brú céanna. I gcás maise ar leith de ghás idéalach, bíonn toirt agus méid (móil) an gháis comhréireach go díreach, má tá an teocht agus an brú tairiseach". Ainmnítear an dlí i ndiaidh Amedeo Avogadro a thug an hipitéis, in 1812, go bhfuil an líon céanna móilíní in dhá shampla áirithe de ghás idéalach, den toirt chéanna agus ag an teocht agus an brú céanna. Mar shampla, tá an líon céanna móilíní i méideanna comhionanna de hidrigin mhóilíneach agus nítrigin nuair a bhíonn siad ag an teocht agus an brú céanna, agus leanann siad iompraíocht an gháis idéalaigh. Go praiticiúil, léiríonn fíorgháis dialltaí beaga ón iompar idéalach agus ní sheasannch an dlí ach a bheag nó a mhór, ach is garmheastachán úsáideach é fós d’eolaithe. Sainmhíniú matamaiticiúil. Is féidir an dlí a scríobh mar: nó i gcás gurb é Déantar cur síos sa dlí seo, faoin riocht céanna teochta agus brú, go bhfuil an líon céanna móilíní i méideanna comhionanna de gach gás. Chun an tsubstaint chéanna a chur i gcomparáid faoi dhá shraith coinníollacha éagsúla, is féidir cur síos úsáideach a dhéanamh ar an dhlí mar seo a leanas: Taispeánann an chothromóid, de réir mar a mhéadaíonn líon na mól gáis, go méadaíonn méid an gháis i gcomhréir freisin. Ar an gcaoi chéanna, má laghdaítear líon na mól gáis, ansin laghdaíonn an toirt freisin. Dá bhrí sin, tá líon na móilíní nó na n-adamh i méid sonrach de ghás idéalach neamhspleách ar a méid nó ar mhais mholarach an gháis. Díorthú ón dlí gáis idéalach. Leanann díorthú dhlí Avogadro go díreach ó dhlí an gháis idéalaigh, .i. i gcás gurb é " R " an gástairiseach, is é " T " an teocht i gCeilbhiní, agus is é " P " an brú (i bpascail). Ag réiteach do " V / n ", faighimid mar sin Déan comparáid idir sin agus atá tairiseach do bhrú seasta agus teocht sheasta. Is féidir foirmliú coibhéiseach den ghásdhlí idéalach a scríobh trí úsáide a bhaint as tairiseach Boltzmann " k " B , mar i gcás gurb é " N " líon na gcáithníní sa ghás, agus go bhfuil an cóimheas " R " thar " k " B cothrom leis an tairiseach Avogadro. San fhoirm seo, i gcás gur tairiseach é " V " / " N " tá Má ghlactar le "T" agus "P" ag teocht agus brú caighdeánach (TBC), ansin tá "k"′ = 1/"n"0, áit a bhfuil "n"0 an tairiseach Loschmidt.
1,006
Cogadh an Dá Rí. B'é Cogadh an Dá Rí an cogadh a fearadh idir Séamus II Shasana agus Liam III Shasana ó 1689 go 1691. Ba Chaitliceach é Séamas agus mar sin ní raibh uaisle Shasana sásta glacadh leis mar rí. B'fhearr leo Liam, prionsa Ollannach. Bhí ar Shéamas teitheadh ó Shasana agus tháinig Liam go dtí an tír sin. Fearadh cuid den chogadh in Éirinn, agus bualadh fórsaí Shéamais, mar shampla i gCath na Bóinne agus i gCath Eachroma.
174
Mitch Mitchell. Ba dhrumadóir Sasanach é John "Mitch" Mitchell (9 Iúil, 1947 – 12 Samhain, 2008). Bhain sé cáil amach mar bhall den bhanna The Jimi Hendrix Experience, racghrúpa Jimi Hendrix, idir 1966 agus 1970. Drumadóir tréitheach a bhí ann, a mheasc rac-cheol agus snagcheol le chéile ina chuid drumadóireachta chun saghas ceoil nua a chruthú, ceol cumaisc (Béarla: "fusion") a tugtar air. Cailleadh Mitchell de bharr chúiseanna nádúrtha i bPortland, Oregon, cúig lá tar éis chamchuairt a chríochnú i Meiriceá.
195
Ros Neamhlach. Trá-bhaile agus ceantar in Éirinn is ea Ros Neamhlach. Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall. Is as Ros Neamhlach é Mícheál Ó Cléirigh, duine a scríobh Annála na gCeithre Máistrí. Trá Ros Neamhlach. Tá brat gorm ag trá Ros Neamhlach, as is é ceann do na Trá is deise sa tír. Tá cumann surf ann ag an trá, agus is minic a feictear comórtas ar an trá mar gheall ar na tonntracha a tagann isteach ón muir Atlantach. Mainistir Proinsiasach. Tá stair thart ar 500 bliain ag na Proisiasach i Tír Chonaill, Oscail an Mainistir nua san bliain 1952. Tá músaem ar an ionad freisin. Ord Oráisteach. Is é Ros Neamhlach suíomh an t-aon mórshiúl Ord Oráisteach san Poblacht. Ní bíonn trioblóid ag an mórshiúl seo.
294
Loch Lao. Loch mór idirthaoideach is ea Loch Lao, ag béal Abhainn an Lagáin in oirthear Chúige Uladh. Ag a cheann tá cathair agus calafort Bhéal Feirste, a shuíonn ag béal Abhainn an Lagáin. Osclaíonn an loch isteach i Muir nIocht Thuaidh agus nascann sé Béal Feirste le Muir Éireann. Is réimse fada, leathan agus domhain uisce é Loch Lao, agus é beagnach saor ó thaoidí láidre. Tá sraith réileán láibe agus murlach sa chuid istigh den loch. Tá an loch seachtrach teoranta do chladaí carraigeacha den chuid is mó le roinnt bánna beaga gainimh. Is é teorainn sheachtrach an locha ná an líne a cheanglaíonn Pointe Orlock agus An Cionn Dubh. Is iad Beannchar ar an gcladach theas (Contae an Dúin) agus Carraig Fhearghais ar an gcladach thuaidh (Contae Aontroma) na príomhbhailte cósta. I measc na lonnaíochtaí cósta eile tá Ard Mhic Nasca, Cuan Héilin (nó Cuan Bhaile na gCrot) , Inis Glas agus An Cionn Bán.
353
Roger Garland. Ba é Roger Garland (1933 a rugadh é) an chéad Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais. Toghadh é in Olltoghchán 1989 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas agus chaill sé a shuíochán in Olltoghchán 1992. Cé gur theip air a bheith atofa san olltoghchán sin, d'éirigh le Trevor Sargent a bheith tofa i mBaile Átha Cliath Thuaidh ag an am céanna, rud a chiallaigh gur choinnigh an páirtí a n-ionadaíocht sa Dáil.
168
Harald zur Hausen. Is lia Gearmánach é Harald zur Hausen (rugadh 11 Márta 1936, d'éag 29 Bealtaine 2023) a bhain an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 2008. Saol agus Saothar. Rugadh é in Gelsenkirchen sa Ghearmáin, agus d'fhreastail sé ar meánscoil ("Gymnasium") Vechta sular rinne sé staidéar ar leigheas i mBonn, Hamburg agus Düsseldorf. Tar éis tamaill mar chúntóir leighis sa Ghearmáin bhog sé go Philadelphia, SAM áit ar chaith sé roinnt bliana sular fhill sé ar Ollscoil Würzburg mar ollamh i 1969. Sa bhliain 1977 bhog sé go Ollscoil Freiburg, mar ar rinne sé chuir síos ar an baint idir HPV6 agus faithne na pite. Sa bhliain 1983 rinne sé an fionnachtain mhór go raibh dlúthbhaint idir HPV 16 agus 18 agus Ailse Muineál na Broinne. De bharr seo is ea a bhronnadh an Duais Nobel air sa bhliain 2008. Lig an fionnachtain seo do thaighdeoirí an vacsaín in aghaidh ailse muineál na broinne a fhorbairt. Roinn sé an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Luc Montagnier agus Francoise Barré-Sinoussi a rinne fionnachtain ar an víreas atá taobh thiar de SEIF.
414
Dún Geanainn. Baile i gContae Thír Eoghain is ea Dún Geanainn ("Dungannon" as Béarla). Is é an tríú baile is mó sa chontae (tar éis na hÓmaí agus an tSratha Báin) agus bhí daonra 11,139 ina gcónaí ann de réir dhaonáireamh 2001. Bhí dlúthbhaint stairiúil idir an baile seo agus muintir Uí Néill ó bhí dún nó caisleán acu ansin ar feadh na mblianta fada go dtí aimsir Aodha Uí Néill.
165
Clann na Poblachta. Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Clann na Poblachta. Stair an pháirtí. Bhunaigh gníomhaithe poblachtaigh Seán Mac Giolla Bhríde "(Béarla: Seán MacBride)", Nollaig Hartnett, Seán Mac Uighilín "(Béarla:Jack McQuillan)" agus Micheál Ó Ceallaigh an páirtí sa bhliain 1946. Ba é Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Thacaigh a lán daoine a bhí míshásta le Fianna Fáil leis an gClann agus d'fhás an páirtí go tapaigh. Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain 1947. Ghair De Valera olltoghchán go luath sa bhliain 1948 chun cur isteach ar fhás an pháirtí nua. Fuair Clann na Poblachta 13.2% de na vótaí san olltoghchán agus 10 suíochán sa Dáil. Bunaíodh an chéad rialtas idirpháirtí tar éis an olltoghcháin. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí an Lucht Oibre Náisiúnta, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le chéile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Ba é Seán A Mac Coisdealbha Taoiseach an rialtais nua mar níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh le ceannaire Fhine Gael, Risteard Ó Maolchatha. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh Nollaig de Brún mar Aire Sláinte. D'fhág Éire an Comhlathas Briotanach sa bhliain 1949. D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain 1951 nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Mac Giolla Bhríde le de Brún. Tháinig meath ar an bpáirtí tar éis na conspóide agus ní bhfuair an páirtí ach 4.1% de na vótaí agus 2 shuíochan sa Dáil sa chéad olltoghchán eile (níos déanaí sa bhliain 1951). Toghadh de Brún mar Theachta Dála neamhspleách. Ghlac Clann na Poblachta páirt i dtoghcháin suas go dtí 1965 ach bhí an páirtí i gcónaí i bhfad níos laige na mar a bhí sé ar dtús. Olltoghcháin (1948-1965). Torthaí Chlann na Poblachta in olltoghcháin
819
Reial Club Deportiu Espanyol de Barcelona. Is club spóirt Spáinneach é Reial Club Deportiu Espanyol de Barcelona a imríonn i mBarcelona, tá clú agus cáil ag a fhoireann pheile. Imríonn sé sa staid Cornellá-El Prat. Cé go bhfuil níos mó cáil ag Barcelona, is é an séú foireann is ráthúla sa tír. Tá iomaíocht fiachmhaire idir an Espanyol agus Barcelona. Tá nasc idir an fhoireann seo agus náisiúnachas na Spáinne. Go stairiúil bhí lucht leanúna níos saibhre (go traidisiúnta ó bruchbhaile Sarrià) le níos mó meas acu ar údaráis lárnach na Spáinne i gcomparáid le FC Barcelona, foireann a bhfuil gaol láidir le náisiúnachas An Chatalóin.
244
Inis Oírr. Tugtar Inis Oírr, Inis Oirthir nó Inis Thiar go minic ar an oileán is lú de chuid Oileán Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gcuan na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Tá Inis Meáin agus Inis Mór suite ar an taobh thiar d'Inis Oírr. Stair. Is é Naomh Caomhán éarlamh an oileáin. Ba dheartháir leis é Naomh Caoimhin, bunaitheoir Ghleann Dá Loch. Cé go dtugtar "Inis Oírr" ar an oileán go hoifigiúil, bhíodh ainm oifigiúil eile, "Inis Oirthir", air roimhe sin, agus tugtar "Inis Thiar" air go traidisiúnta. An t-oileán sa lá atá inniu ann. Tá timpeall 300 duine ina gcónaí ar an oileán faoi láthair, agus tá sé suite i nGaeltacht Chonnacht. Tagann eathar ann ó Ros an Mhíl i gConamara agus ó Dhúlainn i gContae an Chláir, chomh maith leis na hoileáin eile. Baineann tábhacht mhór leis an turasóireacht ar an oileán. Chomh maith le sin, tagann go leor daoine ann agus iad ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú. An Ghaeilge ar Inis Oírr. Tá An Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Oírr. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.7% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.1% den ndaonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá. Bhí scata teanga á labhairt i dtithe Inis Oírr sa bhliain 2016 nuair a deineadh an daonáireamh deireanach. Bhí An Liotuáinis mar theanga an bhaile ag cúigear(5), bhí An Fhraincis sa bhaile ag ceathrar(4) agus bhí An Pholainnis sa bhaile ag triúr(3). Siúlóid Inis Oírr. Tógann an tsiúlóid seo idir 3½ agus 4 uaire an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile. Cnoc Raithní. Níor thángthas ar an séadchomhartha seo nó go raibh feiceáil air i ndiaidh stoirme sa bhliain 1885. Tá sé ann ó aimsir na Cré-umhaoise, 1500 R.C., agus dar leis na saineolaithe, tógadh mar charn adhlactha é. De réir an tseanchais ba iad na Firboilg an chéad dream a raibh cónaí orthu ar an oileán tar éis dóibh teitheadh ann le n-éalú ó lucht ionsaithe. Teampall Chaomháin. Bhí Caomhán ina dheisceabal le Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as. Feictear dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise ar am mbealach isteach sa reilig. Tá Leaba Chaomháin le feiceáil sa reilig freisin. An Plassey. Sa bhliain 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh gach éinne a bhí ar bord. Níos faide amach tá teach solais atá 37m ar airde le feiceáil. Oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Scairteann a sholas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche. Cill na Seacht nIníon. Is fothrach de mhainistir taobh istigh de dhún beag cloiche í Cill na Seacht nIníon. Tá altóir agus cloch a bhfuil crios greanta isteach inti le feiceáil anseo. Caisleán Uí Bhriain. Is caisleán trí stóir é seo a thóg na Brianaigh a bhí in úinéireacht an oileáin go dtí an bhliain 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Fhormna, dún a thóg daoine an oileáin sa Chlochaois. Tobar Éanna. Deirtear go raibh cónaí ar Naomh Éanna i gclochán coirceogach in aice láimhe agus is mór an t-ómós atá ag na hoileánaigh don tobar seo. De réir an tseanchais, is deachomhair é má éiríonn leat eascann a fheiceáil sa tobar. Cill Ghobnait. Tógadh an séipéilín beag seo san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne, go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar mhórthír na hÉireann.
1,454
Pat Gilroy. Is iar-pheileadóir Gaelach agus iarbhainisteoir Chontae Bhaile Átha Cliath é Pat Gilroy (rugadh 16 Lúnasa, Baile Átha Cliath). Bhí iarbhainisteoir Mickey Whelan, Paul Nugent agus Paddy O'Donoghue ag obair leis mar roghnaitheoirí i 2011. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann mar bhainisteoir le Baile Átha Cliath in éadan Chiarraí i 2011 ag Páirc an Chrócaigh. Bhuaigh Pat craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath i 1995 mar fhear ionaid. Bhain sé Craobh na hÉireann na gClubanna i 2008, Craobh Laighean na gClubanna agus Craobh Bhaile Átha Cliath i 2007 le St Vincents CLG. D'imir a dhaid, Jackie Gilroy, le Baile Átha Cliath chomh maith. Bhuaigh sé craobh Laighean le Baile Átha Cliath i 1992, 1993, 1994 agus arís i 1995.
286
Alexander Hleb. Is imreoir sacair Belarúsach é Aliaksandr Paŭlavič Hleb, nó "Alexander Hleb" as Béarla. Faoi láthair imríonn sé do fhoireann sacair Barcelona agus do fhoireann náisiúnta na Belarúise. B'fhearr leis ag imirt sa lár ag ionsaí nó sa "poill" taobh thiar desna ionsaithe ach uaireanta imríonn sé ar an taobh dheis sa lár.
133
Abakan. Is é Abakan (Rúisis: Абака́н; Cacáisis: Ағбан) príomhchathair Phoblacht na Cacáise. Tá an chathair suite i ndeisceart na Sibéire.
63
Ailéin de Diúc. Is polaiteoir Éireannach é Ailéin de Diúc (Béarla: "Alan Dukes") a rugadh ar an 20 Aibreán 1945. Is iarcheannaire Fhine Gael é agus iar-Theachta Dála do Chill Dara agus do Chill Dara Theas. Tús a shaoil. Rugadh de Diúc i nDroimneach. Ba é státseirbhíseach sinsear ó Chontae Chiarraí a athair. Rugadh a mháthair gar do Bhéal an Átha i gContae Mhaigh Eo. Fuair sé a chuid scolaíochta ag Coláiste Mhuire (Scoil na mBráithre Críostaí) i gCearnóg Parnell. Tairgeadh roinnt scoláireachtaí dó agus é ag fágáil na scoile, scólaireacht Gaeilge ina measc. Lean a shuim sa Ghaeilge ar fad a shaol agus cloistear go rialta é ar chláir Gaeilge. Roimh na polaitíochta. Fuair sé post mar eacnamaí le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an "'IFA") sa bhliain 1969. Chuaigh Éire isteach sa Comhmhargadh sa bhliain 1973 agus bhog de Diúc go dtí An Bhruiséil mar chuid de thoscaireacht an IFA. Chaith sé tamall ag obair mar cheann foirne an Choimisinéara Eorpach ó Éirinn, Risteard de Búrca. An Pholaitaíocht. Sheas de Diúc mar iarrthóir de Pháirtí Fhine Gael i ndáilcheantar na Mumhan sa bhliain 1979 ach níor éirigh leis. Bhí tacaíocht láidir aige ón lucht feirmeoireachta go dtí gur tháinig ceannaire na bhfeirmeoirí, T.J. Maher, isteach sa rás. Toghadh Maher. Sheas sé ar son Fhine Gael in olltoghchán na bliana 1981 i ndáilcheantar Chill Dara. Toghadh é agus ceapadh é mar Aire Talmhaíochta ar a chéad lá sa Dáil. Ba é Gearóid Mac Gearailt an Taoiseach nua a thug an ceapachán dó. Níor mhair an rialtas (comhrialtas idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre) ach go dtí mí Feabhra 1982. Chaill an rialtas vóta buiséid sa Dáil tar éis cánach bhreisluacha a chur ar bhróga páistí. Bhí olltoghchán eile níos déanaí sa bhliain 1982 agus bhunaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre comhrialtas nua. Ceapadh de Diúc mar Aire Airgeadais. Bhí saothar crua aige mar Aire Airgeadais. Bhí fiacha troma ar an stát agus bhí ráta ard dífhostaíochta agus ráta ard eisimirce. Bhí easaontas idir pháirtithe an rialtais ar an slí cheart chun dul i ngleic le fadhbanna na tíre. D'éirigh Páirtí an Lucht Oibre as an rialtas sa bhliain 1986 agus ceapadh de Diúc mar Aire Cirt. Ceannaire Fhine Gael. Chaill Fine Gael 20 suíochán in olltoghchán na bliana 1987 agus d'éirigh Gearóid MacGearailt as mar cheannaire. Toghadh de Diúc mar chomharba do MhacGearailt. Bhí Seán de Briotún agus Peadar de Barra san iomaíocht freisin. Ba é Cathal Ó hEochaidh, ceannaire Fhianna Fáil, Taoiseach ag an am seo. I rith feachtais toghchánaíochta roimh an olltoghcháin, gheall Fianna Fáil go gcaithfidís siad níos mó airgid agus d'ionsaigh siad go géar na gearraithe siar a bhí ar bun ag Fine Gael. Ach, tar éis an olltoghcháin, d'athraigh siad a bport agus thosaigh siad leis a ngearraithe siar féin. In óráid a thug sé i dTamhlacht ar an 2 Meán Fómhair 1987, d'fhógair de Diúc an Stráitéis Tamhlachta. Thacódh Fine Gael leis an rialtas dá mbeadh siad ag cur polasaithe Fhine Gael i gcrích. Ba rud nua i bpolaitíocht na tíre an polasaí seo. Tugadh deis don rialtas dul i ngleic le fadhbanna bhuiséadacha na tíre. Ba é an straitéis ba chúis le rathú gheilleagar an stáit sna 1990í. Níor bhain de Diúc mórán tairbhe as, áfach. Ghair Ó hEochaidh olltoghchán sa bhliain 1989 agus ní bhfuair Fine Gael ach 5 shuíochán sa bhreis. D'fhan Ó hEochaidh mar Thaoiseach i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach. Toghchán Uachtaránachta 1990. Bhí míshástacht i bhFine Gael tar éis olltoghcháin 1989. Cheap roinnt Teachtaí Dála go raibh gá de cheannaire nua. Thug toradh an toghcháin uachtaránaigh sa bhliain 1990 deis dóibh. Chríochnaigh iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie, sa tríú áit, an toradh is measa riamh ag iarrthóir ón bpáirtí. Bhí ar de Diúc éirí as mar cheannaire go luath i ndiaidh an tubaiste agus tháinig Seán de Briotún i gcomharbacht air. Rialtas an Bhogha. Ba cúlbhinseoir é de Diúc tar éis an chennaireacht a chaiiiúnt ach d'fhill sé go dtí an Bínse Tosaigh sa bhliain 1992. Rinneadh iarracht an cheannaireacht a bhaint de de Briotún sa bhliain 1994. Ghlac de Diúc páirt san iarracht agus bhí air filleadh go na cúlbhinsí. Ceapadh de Briotún mar Thaoiseach "Rialtas an Bhogha" (comhrialtas idir Fhine Gael, Pháirtí an Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé) ach níor tugadh aireacht do de Diúc. Ceapadh mar Aire é arís i mí Nollag 1996 sa Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ach níor aththoghadh an rialtas in olltoghchán na bliana 1997. Ceapadh de Diúc mar chathaoirleach Ghluaiseacht Eorpach na hÉireann. Mar child dá dhualgaisí sa phost seo, thug sé comhairle do thíortha oirthear na hEorpa a bhí ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach. Thacaigh sé le Micheál Ó Nuanáin agus é ag iarraidh ceannaireacht an pháirtí a bhuachaint sa bhliain 2001. D'éirigh leis an Nuanánach. Tar éis na Polaitaíochta. Chaill de Diúc in olltoghchán na bliana 2002. Chaill Fine Gael 21 den 54 shuíochán a bhí ag an bpáirtí roimh an olltoghcháin. Dúirt roinnt tráchtairí áitiúla nach raibh sé ag tabhairt a dhóthain aire dá dháilcheantar agus go raibh sé níos tógtha le ceisteanna Eorpacha agus ceisteanna na tíre. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2002. Ceapadh mar phríomhstiúrthóir "Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha". Tá sé gníomhach fós i bhFine Gael agus is Leas-Uachtarán an pháirtí é. Cheap an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineacháin, é mar stiúrthóir ar leasa an phobail ar Bhanc Angla-Éireannach i Mí na Nollag 2008. Saol Pearsanta. Tá de Diúc ina chónaí i mbaile Chill Dara ón mbliain 1981. Is polaiteoir áitiúil í a bhean, Fionnuala. Tá beirt iníonacha acu.
2,251
Baile Lifín. Baile in Éirinn is ea Baile Lifín. Tá an baile suite in oirthuaisceart Chontae Dhún na nGall, ar leithinis Inis Eoghain. Sa bhliain 2016, bhí 426 dhuine ina gcónaí ins an bhaile.
78
Baile na nGallóglach. Is baile é Baile na nGallóglach (Béarla: "Milford") atá suite i dTuaisceart Chontae Dhún na nGall.  Is iad Ráth Mealtain, Cill Mhic Réanáin, Ráth Maoláin agus An Cheathrú Chaol na bailte atá lonnaithe i limistéar Bhaile na nGallóglach. Tá an baile suite ag ceann na Maoile Rua, loch mara a scoilteann Leithinis Fhánada ó Iarthuaisceart Dhún na nGall. Tá dhá loch fionnuisce suite in aice leis an bhaile fosta, Loch Fearna agus Loch Caol. Is anseo atá ceanncheathrú an nuachtáin áitiúil "The Tirconaill Tribune". Bunaíodh an baile san ochtó haois déag, agus b’iad baill de theaghlach Climéis a bhunaigh é. Stair agus suíomhanna stairiúla. Tá an baile ainmnithe i ndiaidh na nGallóglach, saighdiúrí turastail den scoth. Tharla cath idir na hÉireannaigh (ar chuidigh na Gallóglaigh leofa) agus na Sasanaigh ar chnoc i gCoil an Chratlaigh ar imeall an bhaile. Is é seo an áit as a n-eascraíonn an logainm ‘Baile na nGallóglach' Plandáil Uladh agus an t-aonach. Le linn Phlandáil Uladh leithdháileadh an bhaile agus an dúiche máguaird ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1713, thart ar céad bliain i ndiaidh na Plandála, scríobh muintir na háite litir chuig Coláiste na Tríonóide ag iarraidh cead a fháil aonach a eagrú i mBaile na nGallóglach. B'é Coláiste na Tríonóide a tharraing an chéad léarscáil bheacht den cheantar, i 1715. Bhíodh lá an aonaigh ar siúl ar an tríú lá fichead de gach mí. Eagraíodh aonach fostaithe i Mí na Bealtaine agus Mí Dheireadh Fómhair. Bhí an aonach ar cehann de na haontaí is fearr i nDún na nGall, go háirithe le heallach agus eacha a cheannach agus a dhíol. Thaistilíodh daoine ó na bailte in aice láimhe go Baile na nGallóglach do Lá an Aonaigh. Mar sin féin, faoi na 1960idí bhí na haontaí ag dul in éag agus sa bhliain 1967 fosclaíodh an margadh beostoic i mBaile na nGallóglach. Tharla an tAonach deireanach i mí na Bealtaine sa bhliain 1972. Teach na mbocht. Mar gheall ar Dhlí na mBocht, a ritheadh sa bhliain 1834, bunaíodh tithe na mBocht ar fud na tíre. D’fhoscail an teach na mbocht i mBaile na nGallóglach ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1846 le linn an Ghorta Mhóir. Ní raibh aon rogha ag na daoine bochta ach dul chun cónaí i dteach na mbocht. Scaraítí fir, mná, buachaillí agus cailíní go dian agus choinnítí i mbloic éagsúla i dteacht na mbocht iad. Scaraítí lánúineacha pósta fiú, agus ní bhíodh cead acu a bpáistí a fheiceáil ach ar feadh tamall gearr gach lá. B'éigean do gach duine obair de chineál éigin a dhéanamh. An bácús, an muileann arbhair agus an muileann plúir. I rith na fichiú haoise b'iad Bácús Bhaile na nGallóglach agus an muileann plúir na hionaid tionscail ba mhó ar bhruach na Maoile Rua. D’fhoscail an bácús sa bhliain 1964, agus ina dhiaidh sin d’fhoscail an muileann plúir sa bhliain 1937. Díoltaí arán agus plúir astu ar fud na tíre. Ar an drochuair, scriosadh an muileann arbhair go hiomlán i dtine ar an seachtú lá is fiche de Eanáir. Ar an dea-uair, ní raibh aon duine sa mhuileann ag an am seo. Tá gach ceann de na gnóthaí seo dúnta inniu. Inniu. In ainneoin cailleadh na ngnólachtaí seo, agus laghdú na turasóireachta, tá Baile na nGallóglach faoi bhláth. Is é an baile tairsí é d'Fhánaid, Na Dunaibh agus Ráth Maoláin. Soláthraíonn an bhaile dhá meánscoileanna do na bailte agus na sráidbhailte san úich mháguaird. Áiseanna. Tá go leor áiseanna i mBaile na nGallóglach ar nós áiseanna oideachais, ionad sláinte, stáisiún na nGardaí, leabharlann, stáisiún dóiteáin, eagláis, trí siopaí grósaera, gruagaire, siopa búistéara, bialanna, caiféanna, óstán, tréidlia, siopa poitigéara, siopa leictreach, siopa crua-earraí, trí tithe tábhairne agus go leor áiseanna spóirt ar nós halla spóirt, cúirt leadóige, ceithre páirceanna peile (páirc traenáil, páirc sacair, páirc peil Ghaelach agus páirc uile-aimsire). Oideachas. Tá bunscoil amháin i mBaile Na nGallóglach inniu - Scoil Mhuire. Tá dhá meánscoil ann - Pobalscoil Loreto agus Coláiste na Maoile Rua. Is scoileanna measctha iad. Chomh maith tá ionad oideachais do dhaoine fásta ann. Tá leabharlann sa bhaile fosta. Tá sé suite ag bun an bhaile. Tá go leor seirbhísí ar fáil do pháistí, neacha léinn agus daoine fásta sa leabharlann. Iompar. Ritheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, agus Na Dúnaibh, trí Ráth Mealtain, Creamhghort, an Gleann, agus Carraig Airt. I dteanna air siúd, oibríonn John McGinley Coach Travel seirbhís idir Baile na nGallóglach agus Leitir Ceanainn fá choinne daoine atá ag iarraidh ceangal lena seirbhís chóiste go Baile Átha Cliath. Turasóireacht. ‘The Mulroy Woods’ is ainm don t-óstán i mBaile na nGallóglach. Is ón Mhaoil Rua ("Béarla: Mulroy Bay)" a thagann ainm an t-óstán. Tá an t-óstán suite in áit álainn ar imeall an bhaile. Bíonn go leor turasóirí ag tarraingt ar Bhaile na nGallóglach mar tá sé suite in aice na farraige, na dtránna agus na gcéanna. Tá ceithre thrá in aice le Baile na nGallóglach - Port an tSalainn, Ráth Maoláin, Na Dúnaibh agus An Trá Mhór. Vótáladh trá Phort an tSalainn an dara trá is áille ar domhan. Seirbhísí reiligiúnda. Tá trí eaglais i mBaile na nGallóglach inniu - Eaglais Naomh Peadar, an Eaglais Phreispitéireach agus Eaglais Naomh Bríde. Tá ceann amháin de na heaglaisí suite ar Bhóthar Chill Mhic Réanáin ar imeall an bhaile. Tá Eaglais Naomh Peadar suite ag bun na príomhshráide agus tá Eaglais Naomh Bríde suite in áit álainn ar a dtugtar An Gabhlán, ar imeall an bhaile. Spórt. Bunaíodh an chéad fhoireann peil Ghaelach sa bhliain 1963. Mulroy Gaels an t-ainm a bhí ar an fhoireann. I ndiaidh 1983 rinneadh athrú ar an ainm go dtí CLG Bhaile na nGallóglach. Trí bhaile atá san fhoireann, Baile na nGallóglach, Ráth Maoláin agus Ráth Mealtain. Bhuaigh siad craobh an chontae sa bhliain 1990. Sacar. Is é sacar ceann de na spóirt is luaithe a imríodh sa bhaile le foirne ag dul siar go dtí 1920. Milford Celtic an t-ainm a bhí ar an fhoireann sacair ag an am. Rinneadh athrú ar an ainm go dtí Milford United go luath sna hochtóidí go dtí an lá atá inniu ann.
2,504
An Baile Nua. Baile in Éirinn is ea An Baile Nua ("Newtowncunningham" as Béarla). Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall. Sa bhliain 2016, bhí 1,080 duine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:
115
Bealach Féich. Baile in Éirinn is ea Bealach Féich. Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall, agus é cois Abhann na Finne. Taobh eile den abhainn tá Srath an Urláir, agus lena chéile tugtar 'An Cúpla' (nó "The Twin Towns" as Béarla) ar an dá bhaile. Idir an dá bhaile, bhí 4,852 dhuine ina gcónaí sa bhliain 2016, an uimhir chéanna go díreach mar a bhí sa bhliain 2011.
165
An Bhroclais. Baile in Éirinn is ea An Bhroclais. Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall.
47
Bun an Phobail. Baile in Éirinn is ea Bun an Phobail. Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall, ar leithinis Inis Eoghain agus ar bhruach thiar Loch Feabhail. Sa bhliain 2016, bhí 1,480 duine ina gcónaí sa bhaile. Déantar achoimre ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:
127
Bun Dobhráin. Baile in Éirinn is ea Bun Dobhráin ("Bundoran" i mBéarla), atá suite i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. Turasóireacht. Tá clú leitheadach ar Bhun Dobhráin de bharr na dtonnta arda agus dá bhrí sin, tá earnáil surfála mhór sa bhaile. Tagann na mílte daoine ó achan chearn den domhan le triail a bhaint as na tonnta agus tá clú ar an mbaile de bharr na gcasinoanna freisin. Stair. Ar an 8 Lúnasa 1980, chuaigh an t-ostán “Central Hotel” i mBun Dobhráin trí thine. Maraíodh cúigear duine fásta agus cúigear leanbh. Bhí sé ar cheann de na tubaistí  ba mheasa in Éirinn sa 20ú haois, sé mhí roimh an tine i gClub an Stardust.
255
Bun na hAbhann, Contae Dhún na nGall. Baile in Éirinn is ea Bun na hAbhann (Béarla: "Burnfoot"). Tá an baile suite in iarthuaisceart na tíre i gContae Dhún na nGall.
68
Seán Mac Giollarnáth. Scríbhneoir agus fear béaloidis a bhí i Seán Mac Giollarnáth (1880 – 29 Eanáir 1970). Ba é an breitheamh sna Cúirteanna Dúiche i gConamara lena chois sin. I gCoill an Bhógaigh i bparóiste Chluain Chaoin i gceantar Bhéal Átha na Slua a rugadh Seán Mac Giollarnáth ar an 13ú Meán Fómhair, 1880. Breac-Ghaeltacht a bhí sa gceantar sin ag an am. Ní raibh Gaeilge ag muintir Sheáin Mhic Ghiollarnáth ach bhí cailín aimsire as Ros Muc ag obair sa teach. Ba bheag Béarla a bhí aici siúd agus is ar an gcaoi sin a fuair Mac Giollarnáth eolas ar an nGaeilge, i dtosach. Fuair Seán Mac Giollarnáth post sa Státsheirbhís i Londain agus é ina fhear óg agus is ansin, i bpríomhchathair na Breataine, a chuir sé aithne ar leithéidí Phádraic Uí Chonaire agus Mhicheál Breathnach. Bhí Mac Giollarnáth bainteach le Conradh na Gaeilge i Londain agus ghlac sé móid Bhráithreachas na Poblachta ansin freisin. Ach ní raibh sé gníomhach nuair a tharla an tÉirí Amach i 1916. Chuaigh Seán Mac Giollarnáth leis an iriseoireacht ar bhonn lánaimseartha nuair a d’fhill sé abhaile go hÉirinn i 1908. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris ""An Connachtach" agus, ina dhiaidh sin arís, bhí sé ina Leas-Eagarthóir ar an "gClaidheamh Solais", nuachtán an Phiarsaigh. Ach bhí aidhmeanna eile ina cheann aige seachas an scríbhneoireacht agus na scéalta; thosaigh Seán Mac Giollarnáth ag déanamh staidéir ar an dlí. Bhain sé a cháilíochtaí sa dlí amach i 1920, tráth a raibh sé dhá scór bliain d’aois. Ceapadh é ina Bhreitheamh ar na Cúirteanna Dúiche in iarthar na Gaillimhe i 1925, stádas a bhí aige ar feadh 25 bliain. Ba sa tréimhse sin a chur sé a láimh dháiríre i gcúrsaí béaloidis. Ba i 1941 a cuireadh leabhar Mhic Giollarnáth "Annála Beaga as Iorras Aithneach" i gcló den chéad uair. Seoid í an leabhar seo ar bhealaí go leor- glór mhuintir na linne sin ag trácht ar an saol a bhí ag an nglúin a tháinig rompu agus níos faide siar. Tá sé ráite go bhfuair Mac Giollarnáth go leor den eolas agus den bhéaloideas de bharr na gairme a bhí aige – fear riartha an dlí i ndúichí Chonamara. Ach d’fhill sé ar a dhúiche féin ar imeall thoir an chontae freisin agus i 1949 foilsíodh a shaothar, "Mo Dhúthaigh Féin"". Ba sa mbliain dár gcionn – 1950 – a chríochnaigh Seán Mac Giollarnáth a thréimhse mar Bhreitheamh sna Cúirteanna Dúiche in aois a dheich mbliana agus trí scóir. Ach níor chuir sin deireadh lena chuid oibre sna Cúirteanna mar lean sé ar aghaidh ag obair mar dhlíodóir. Choinnigh sé leis an mbéaloideas freisin agus thug Ollscoil na hÉireann Céim Oinigh LL.D. do as an obair sin i 1959. Rinne Seán Mac Giollarnáth cuimse oibre ag cur na mbailiúchán béaloidis i dtoll a chéile, ach, ar ndóigh, tá an-aitheantas ag dul freisin do na daoine a thug na scéalta agus an t-eolas sin dó. Bhí cuimse acu thart sa gceantar seo. Bhí Seán Mac Giollarnáth pósta le Tríona Ní Fhearáin agus bhí triúr mac acu. Fuair sé saol fada freisin. Bhí sé deich mbliana le cois na cheithre scóir nuair a bhásaigh sé i 1970. Tá scéalta agus eolas faoi shaol Iorras Aithneach agus Chonamara a bheadh imithe uainn anois, curtha ar pháipéar ag Seán Mac Giollarnáth – fear dlí agus fear béaloidis den scoth.
1,290
Tonnfhad. San fhisic séard is tonnfhad ann ná an fad idir aonaid athfhilteach tonn forleata ag minicíocht áirithe. Úsáidtear an litir Gréagach lambda (λ), le cur síos a dhéanamh air. Samplaí de rudaí bainteach le tonnta ná solas, tonn uisce, agus tonn fuaime. Ag úsáid an foirmle matamaitice tá tonnfhad = luas toinne / minicíocht: Mar sin, tá gaol comhréireach inbhéartach idir tonnfhad agus minichíocht, ciallaíonn sin go bhfuil an tonnfhad beag nuair atá an minichíocht ard, leis an luas chéanna ciallaíonn minichíocht ísle go bhfuil an tonnfhad níos faide.
225
Oileán Mhic Dara. Tá Oileán Mhic Dara suite trí chiliméadar amach ó Cheann Mhása, thart ar cúig chiliméadar siar ó shráidbhaile Charna, Contae na Gaillimhe - amuigh san Aigéan Atlantach. Tugtar "Cruach na Cara" mar ainm eile ar an oileán freisin. Cruach mar gheall ar an gcruth atá air - agus cara (cora) - tá cosán déanta de charraigeacha ag gabháil trasna go hOileán Muirleach. Dé réir na seandálaithe, tá Teampall Mhic Dara, an t-aireagal atá suite in oirthear an oileáin in onóir do Mhac Dara, ar cheann de na foirgnimh oidhreachta is sine agus is tábhachtaí atá in Éirinn. Ceann de na sonraí is suimiúla atá ag baint leis is ea go bhfuil an díon déanta de chlocha agus go bhfuil sé sách géar. Síltear, mar gheall air seo, gur tógadh an teampall sa 6ú haois. Is léir gur naomh den 6ú haois é Mac Dara agus ó thaobh na staire de níl mórán eolais le fáil faoi ach is cinnte go raibh sé ina phátrún ag pobal Mhaírois agus ag na hiascairí áitiúla i gConamara Theas. Béaloideas. Sa bhéaloideas, tá dhá scéal spéisiúla a bhaineann le Mac Dara. Sa bhliain 1684 sa leabhar "West or H. iar Connaught" le Ó Flaitheartaigh, tá trácht ar bháid ag taisteal idir Oileán Máisean agus Oileán Mhic Dara. Scríobhadh go ligeadh na báid síos a gcuid seolta trí huaire i dtreo an oileáin ar fhaitíos go leanfadh aon mhí-ádh iad. Leantar leis an traidisiún seo i gcónaí agus tá sé láidir go fóill i measc an phobail sa lá atá inniu ann. Tá sliocht eile in "Hardimans History of Galway" a dhearbhaíonn gur sloinne é Mac Dara (rud a bhí neamhchoitianta i liosta na Naomh) agus gur thuig na bádóirí go raibh "sionnach" mar ainm ar an naomh agus nár ghlac siad leis seo mar gheall ar phiseog a deir má fheictear sionnach, giorria, nó coinín nó fiú amháin má chloistear a leithéid d'ainm agus tú ag dul amach ag iascaireacht - nach bhfuil maith ar bith duit dul amach. Ach cuireadh ceist faoin stair seo agus athraítear litriú (agus míniú) an ainm go "síothnach" agus i 1971 rinneadh Mac Dara a athchoisricean mar naomh agus phátrún na mbádóirí. Traidisiúin. Sa bhliain 1975 rinne Oifig na nOibreacha Poiblí deisiúchán mór ar an teampall agus thug an Rialtas aitheantas dó mar leacht náisiúnta. Ina dhiaidh sin sna hochtóidí d'úsáid An Post pictiúr den teampall ar stampa cuimhneacháin. Leis na cianta bíonn ceiliúradh ann lá an phátrúin - 16 Iúil - le hoilithreacht go dtí an t-oileán. Bíonn an tAifreann á léamh ann agus bíonn geallta bád agus rásaí lúthchleasa ann um thráthnóna. Téann na céadta amach ar na báid iascaireachta ó Cheann Mhása agus is iontach an radharc ar lá breá bheith ag freastal ar an Aifreann in oirthear an oileáin agus ag breathnú amach ar an armáid de bháid agus an ciúnas thart i ngach uile áit. Camchuairt. Is thíos faoin séipéal ag Aill na hIomlachta a chuireas na báid daoine nó ainmhithe i dtír ar an oileán. Ciallaíonn iomlacht iompar thar uisce. Tá tobar beannaithe atá tirim ó thuaidh den séipéal agus Ballaí an Díthreabhaigh - fothrach botháin cloiche - in aice leis. Ó thuaidh, tá an cósta níos airde, an Aill Bhuí a thugtar air. Tá scoilt dhomhain san aill - an Fhuaigh Bheag a thugtar air seo (fuaigh = scoilt). An Sceird Bheag a thugtar ar an bpointe is faide ó thuaidh ar an oileán; an Poll Gorm a thugtar ar an gcuan beag ar an gcósta thuaidh, ansin an Fhuaigh Mhór agus ansin Poll an Gheamaire. An Geamaire a thugtar ar an gcladach anseo. Ar chósta thiar theas an oileáin tá bloc mór cloiche a dtugtar Mullán na bhFathach air. Tá creathnach bhreá le fáil ar an gcósta taobh thiar den mhullán. An Leag Dheirg a thugtar ar an gcuid seo den chósta agus fuair sé a ainm ó dhath dearg na creathnaí nuair a nochtas sí aníos tríd an taoide trá. Deirtear má bhaineann tú creathnach anseo lá breá go mbrisfidh an aimsir.
1,487
Fínis. Is oileán é Fínis atá suite ceathrú míle amach ó chósta Roisín na Mainiach, agus ar féidir siúl amach an trá chuige nuair a bhíonn an taoide amuigh nó dul isteach ann i gcurach. Iomaire íseal talún atá ann agus é ag síneadh siar ó dheas, é míle agus ceathrú ar fad agus ceathrú míle ar leithead. Is ón bhfocal "fiodh", a chiallaíonn coill, agus "inis", a chiallaíonn oileán, a tháinig an t-ainm Fínis. Sna 1890idí, roinn Bord na gCeantar Cúng an t-oileán ina gharranta fada caola agus tógadh claíocha fada trasna an oileáin. Faoi láthair tá na garranta nochta síos go cloch beagnach, agus tá an gaineamh carntha suas in aghaidh na gclaíocha. Níl le feiceáil ach barr na gclaíocha ag gobadh aníos as dumhcha fada gainimh agus gleannta caola clochacha eatarthu.
309
Micheál Ó Nuanáin. Is polaiteoir Éireannach agus iarcheannaire de chuid Fhine Gael é Micheál Ó Nuanáin (Béarla: "Michael Noonan") a rugadh ar 21 Bealtaine 1943. Is Teachta Dála é do dháilcheantar Luimnigh Thoir. Ceapadh mar aire é i rialtas Ghearóid Mac Gearailt agus i rialtas Shéain de Briotún. Rugadh Ó Nuanáin i gcathair Luimnigh agus fuair sé a chuid scolaíochta go háitiúil. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mhúin sé i "Crescent College" i Luimneach. Toghadh mar chomhairleoir contae é sa bhliain 1974. Toghadh mar Theachta Dála é in olltoghchán na bliana 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán as sin amach. Ceapadh é mar Aire Cirt sa bhliain 1982. Mar aire, chuir sé scéal faoin gcúléisteacht teileafóin mídhleathach a bhí ar siúl ag rialtas Chathail Uí Eochaidh os comhair an phobail. Ceapadh é mar Aire Tionscail, Tráchtála agus Trádála sa bhliain 1986. Tugadh cúraimí na Roinne Fuinnimh dó tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre an rialtas a fhágáil. Bhí Fine Gael sa fhreasúra ó 1987 go dtí 1994. Bhí Ó Nuanáin ar an mbinse tosaigh i gcónaí, mar urlabhraí Airgeadais agus mar urlabhraí Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ina dhiaidh sin. Bunaíodh an comhrialtas bogha ceatha sa bhliain 1994 sin agus ceapadh Ó Nuanáin mar Aire Sláinte. Bhí conspóid maidir le táirgí fola galracha ann agus é ina Aire Sláinte. Tholg roinnt daoine heipitíteas tar éis dóibh fuilaistrithe a fháil. Ba í Seirbhís Fuilaistriúchán na hÉireann a bhí freagrach as an bhfuil agus lean siad ag soláthar fola nuair a bhí a fhios acu go raibh seans ann gur fuil ghalrach a bhí inti. Cáineadh Ó Nuanáin mar gheall ar an tslí a bhí an Roinn Sláinte ag déileáil leis na hothair a bhí ag lorg cúitimh ón stát. Bhí air leithscéal a ghabháil sa Dáil le muintir mná amháin a fuair bás díreach tar éis cúitimh a fháil. Bhí Fine Gael ar ais sa fhreasúra tar éis olltoghcháin na bliana 1997. Ceapadh Ó Nuanáin mar urlabhraí airgeadais. Ghlac páirtí parlaiminte Fhine Gael le rún mímhuiníne a thug Ó Nuanáin agus a chomhghleacaí, Jim Mitchell, isteach i gcoinne ceannaire an pháirtí, Seán de Briotún, sa bhliain 2001. Thogh an páirtí Ó Nuanáin mar chomharba ar de Briotún. Bhí toradh tubaisteach ag Fine Gael in olltoghchán 2002. Níor bhuaigh an páirtí ach 31 shuíochán i gcomparáid le 54 a bhí acu roimh an toghchán. D'éirigh Ó Nuanáin as mar cheannaire an pháirtí ar an lá céanna. Atoghadh é in olltoghchán 2007. Athcheapadh é mar urlabhraí airgeadais Fhine Gael sa bhliain 2010 tar éis teip ar iarracht Richard Bruton ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh. Ceapadh mar Aire Airgeadais é tar éis olltoghchán 2011 i gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tá Ó Nuanáin ag seasamh san Olltoghchán 2016. Phós sé Florence Knightley, bunmhúinteoir ó Chaisleán na Mainge, Ciarraí sa bhliain 1969. Bhí triúr mac agus beirt iníon acu. Labhair Ó Nuanáin ar chlár teilifíse RTÉ sa bhliain 2010 faoina bhean a bhí ag fulaingt le galar Alzheimer. Fuair a bhean, Florence, bás ar an 23ú Feabhra, 2012 le niúmóine. I mí Bhealtaine 2017, d'fhógair sé go mbeadh sé ag dul ar scor ag an gcéad olltoghchán eile.
1,294
Conor McPherson. Drámadóir agus stiúrthóir Éireannach is ea Conor McPherson (6 Lúnasa 1971 a rugadh é). Cúlra agus Óige. Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar an mBéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thosaigh sé ag scríobh agus ag stiúradh drámaí. Bhain sé máistreacht amach san fhealsúnacht sa bhliain 1993, in éineacht lena bhunchéim.
168
Cuasár. Is éard is cuasár nó réad cuasairéaltach ann (d'fhéadfá "réad réaltchosúil" a thabhairt air freisin) ná réad réalteolaíoch a aithnítear sa teileascóp mar phonc (cosúil le réalta), agus é faoi dheargaistriú láidir. Is é is brí leis an deargaistriú ná an dóigh a n-aistrítear na línte speictreacha i dtreo an deirg faoi thionchar iarmhairt Doppler. Is é an chiall is gnách a bhaint as an scéal ná go bhfuil na cuasáir ag druidim uainn go gasta agus iad suite i bhfad bhfad uainn.
190
Críochdheighilt na hÉireann. Ba é críochdheighilt na hÉireann an próiseas trína roinn Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Éire ina dhá chuid féinrialaithe: Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann. Achtaíodh é ar 3 Bealtaine 1921 faoin Acht um Rialtas na hÉireann (1920). Ar an 6 Nollaig 1922, gaireadh Saorstát den oileán go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na Sé Contaetha in oirthear Uladh as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar Éire inniu. Téarmeolaíocht. Is gnách le pobal Aontachtach an Tuaiscirt "Ulaidh" nó "Ulster" a thabhairt ar an stáitín. Tá cúige traidisiúnta Uladh níos mó ná an stáitín sin, nó tá naoi gcontae ann: Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán, Fear Manach, Tír Eoghain, Doire, Ard Mhacha, an Dún, agus Aontroim. Inniu, is cuid den Phoblacht iad an chéad trí cinn acu, agus an chuid eile acu suite i stáitín an Tuaiscirt. Cuid den Ríocht Aontaithe é stáitín an Tuaiscirt, ach is stát neamhspleách í Poblacht na hÉireann. Rialtas Dúchais. I ndiaidh na bliana 1910, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go mbainfeadh na hÉireannaigh amach an Rialtas Dúchais, nó bhí Páirtí Parlaiminteach na hÉireann dingthe isteach idir dhá pháirtí móra na Parlaiminte i Westminster, agus na Liobrálaigh ag brath ar thacaíocht na nÉireannach leis an tromlach a choinneáil. B'é an Rialtas Dúchais an praghas a chaithfidís a íoc as an tacaíocht sin. Bhí na hAontachtóirí - Protastúnaigh a bhformhór, agus cónaí ar an gcuid ba mhó acu i gCúige Uladh - ag cur i gcoinne an Rialtas Dúchais chomh maith le neamhspleáchas iomlán na hÉireann, ó bhí eagla orthu nach bhfágfaí stádas ar bith acu i dtír a bheadh faoi chois na hEaglaise Caitlicí. Sa bhliain 1912, shínigh na hAontachtóirí, faoi cheannas Edward Carson, forógra poiblí - Cúnant Uladh - agus iad ag tabhairt an leabhair go ndiúltóidís amach is amach don Rialtas Dúchais dá bhféachfaí lena leithéid a chur i bhfeidhm ar Chúige Uladh. Le beart a chur le briathar in am an ghátair, bhunaigh siad fórsa paraimíleata - Fórsa Óglaigh Uladh - agus d'iompórtáil siad airm thine ón nGearmáin ar chúla téarmaí. (Rinne lucht Éirí Amach na Cásca an cleas céanna roinnt bhlianta ina dhiaidh sin.) Na hÓglaigh. Mar fhreagra ar Óglaigh Uladh, chuir na Náisiúntóirí ar fud na hÉireann eagraíocht mhíleata dá gcuid féin ar bun - is é sin, Óglaigh na hÉireann, a bhí meáite ar an Rialtas Dúchais a chinntiú d'Éirinn i ndiaidh an chogaidh, sa chás is go rachadh Londain siar ar a gealltanas faoi thionchar na nAontachtóirí, agus an dearcadh dáigh dochomhairleach a bhí acu siúd. De réir a chéile, áfach, d'insíothlaigh Bráithreachas na Poblachta na hÓglaigh. Rúnchumann réabhlóideach ab ea an Bráithreachas, agus é dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Náisiúntóirí radacacha ab ea baill an Bhráithreachais, cosúil le Pádraig Mac Piarais. Ó bhí dhá eagraíocht pharaimíleata - Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann - ag druileáil agus ag máirseáil timpeall go hoscailte, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an tír, ach nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, cuiread an ghéarchéim ar fionraí. Chuaigh an Rialtas Dúchais ar leabhar an dlí, ach má chuaigh féin, ní raibh sé le dul i bhfeidhm ach i ndiaidh an chogaidh. Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a d'éirigh na Náisiúntóirí amach um Cháisc na bliana 1916 i mBaile Átha Cliath. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i bpríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais. Tháinig torthaí na forbartha seo chun solais sna holltoghcháin i Mí na Nollag 1918, nuair a bhain Sinn Féin - páirtí na scarúnaithe - amach tromlach na suíochán parlaiminte in Éirinn. Ní dheachaigh Feisirí Shinn Féin go Westminster riamh. Ina áit sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath le parlaimint ar leith a bhunú d'Éirinn, parlaimint ar thug siad Dáil Éireann uirthi. Is é an rud a bhí déanta acu ansin ná slán a fhágáil ag an Ríocht Aontaithe go deo, cé nach bhfuair siad aitheantas aon tíre dá neamhspleáchas go fóill. San am céanna, thosaigh Óglaigh na hÉireann, a ghlac leis gurbh iad féin arm na tíre úrbhunaithe, - thosaigh siad ag cur cogaidh ar na fórsaí Gallda in Éirinn. Rinneadh an chéad ionsaí in Eanáir 1919 ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann, agus maraíodh beirt saighdiúirí dubha Caitliceacha a bhí ag seoladh coinsíneacht geiligníte. Acht um Rialtas na hÉireann (1920). Sa bhliain 1920, bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus fórsaí armtha na Breataine Móire. Ansin, reachtaigh na Sasanaigh an tAcht um Rialtas na hÉireann (Government of Ireland Act). B'é an tAcht seo a dheighil Éire ina dhá dlínse, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann. Dearbhaíodh an chríochdheighilt in athuair sa Chonradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Chuir an Conradh deireadh leis an treallchogaíocht agus chruthaigh sé Saorstát Éireann, stát a bhí beagnach neamhspleách, ar an taobh theas den teorainn. Thug an Conradh aitheantas don scoilt a dhealaigh na hAontachtóirí Protastúnacha, arbh in Ultaibh ba mó a bhí cónaí orthu, agus iad ag roghnú na Breataine Móire thar neamhspleáchas na hÉireann, ó na Náisiúntóirí Caitliceacha, arbh fhearr leo stát neamhspleách dá gcuid féin a bheith acu. Cé gur choinnigh Tuaisceart Éireann an nasc leis an Ríocht Aontaithe, fuair sé féinrialtas áirithe chomh maith, agus bunaíodh parlaimint ar leith don stáitín. Níorbh iad na hAontachtóirí féin a d'éiligh a leithéid. Go bunúsach, bhí feisirí fadfhulangacha na Parlaiminte i Westminster ag iarraidh freagra forásach flaithiúil a thabhairt ar cheist na hÉireann - gach gné den cheist seo a raibh siad dubh dóite di le fada an lá. Bhí na hAontachtóirí sásta a gcuid féin a dhéanamh den chóras nua féinrialtais. Stát dlíthiúil daonlathach ab ea stáitín an Tuaiscirt, a d'áitigh siad, agus mar sin, d'fhanfadh sé taobh istigh den Ríocht Aontaithe, ó b'é sin ba mhian le tromlach a mhuintire. Maidir leis na náisiúntóirí Éireannacha, áfach, shíl siad gur críochdheighilt mhídhlíthiúil a bhí ann, nach raibh ag teacht le toil an tromlaigh uile-Éireannaigh. Bhí siadsan inbharúla nach raibh an stáitín dlisteanach ná daonlathach - b'é a dtuairim-san nach raibh ann ach stát saorga a bhí ceaptha le haghaidh na bProtastúnach amháin. Nuair a scaradh an Tuaisceart ón gcuid eile den oileán, bhí duine as an triúr den daonra ansin ina náisiúntóir. Dhiúltaigh na Caitlicigh don stáitín, díreach mar a dhiúltaigh na Protastúnaigh d'aon chineál neamhspleáchas d'Éirinn rompu. B'é seo ba chúis leis na Trioblóidí: níor éirigh leis na hAontachtóirí an pobal Caitliceach a chló leis an stát nua, agus ní raibh na Náisiúntóirí sásta éirí as aisling na hÉireann athaontaithe. Foréigean. Tháinig Tuaisceart Éireann ar an bhfód nuair a bhí cogadh á chur ar fud na hÉireann. Fuair 557 daoine bás de dheasca an fhoréigin pholaitiúil sna blianta 1920-22, le linn Chogadh na Saoirse agus go gairid ina dhiaidh. As an iomlán seo, bhí 303 daoine ina gCaitlicigh (cuid acu ina nÓglaigh freisin), agus 172 ina bProtastúnaigh. Saighdiúirí dubha nó dearga a bhí i mbeirt dhaoine is ceithre scór acu. I mBéal Feirste a thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha amach, nó maraíodh 452 dhaoine ansin, 267 daoine acu ina gCaitlicigh. Sa chuid eile den oileán, b'iad na hÓglaigh ó thaobh amháin de agus an dá chineál saighdiúirí ón taobh eile de a bhí ag cur catha ar a chéile. B'é an chuma a bhí ar na cúrsaí sa Tuaisceart ná go raibh na dreamanna Dílseacha agus an fórsa póilíní cúnta a dtugtaí na B-Speisialtaigh air ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh le díoltas a agairt ar an bpobal iomlán as a raibh déanta ag na hÓglaigh. Is é an chiall a bhain na Náisiúntóirí as seo ná gur pogram a bhí ann, is é sin, go raibh géarleanúint á déanamh orthu ar chúiseanna seicteacha amháin. Sa bhliain 1920, mar shampla, mharaigh na hÓglaigh Cigire Ceantair de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, fear dar shloinne Swanzy, taobh amuigh de theampall Protastúnach i Lios na gCearrbhach. Ansin, d'imir na Dílseoirí díoltas ar phobal Caitliceach na háite ar fad, nó chuir siad cuid mhór den cheantar Chaitliceach trí thine. Mar sin féin, cé go raibh i bhfad ní ba mhó Caitlicigh thíos leis na gníomhartha uafáis (58 % acu siúd a fuair bás, cé nach raibh ach triúr as gach deichniúr de mhuintir na háite ina gCaitlicigh), rinne lucht an dá thaobh coireanna den chineál sin. Is léir go raibh muintir an Deiscirt féin an-mhíshásta leis an íde a fuair a gcomhreiligiúnaigh thuaidh, agus mar sin, thosaigh siad ag baghcatáil tráchtearraí an Tuaiscirt. Daoine de cheannairí an tSaorstáit úrbhunaithe, Mícheál Ó Coileáin ina measc, fiú, - bhí siad inbharúla gur chóir ionsaí míleata a thabhairt faoin Tuaisceart. Stopadh na pleananna seo, áfach, nuair a d'éirigh ina chogadh dearg idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh, agus idir an dá linn, bhí sé de sheal ag Aontachtóirí an Tuaiscirt córas láidir stáit a chur ar bun is a bhuanú ina stáitín. De thoradh Chogadh Cathartha na hÉireann, áfach, tháinig an tIRA ar an bhfód. Is éard a bhí i gceist leis an IRA ná scoilteán de shean-Óglaigh na hÉireann: dornán de náisiúnaithe dochomhairleacha a bhí meáite ar an dá stát in Oileán na hÉireann a chur de dhroim an tsaoil le Poblacht na mblianta 1919-1921 a athbhunú. 1925 ar aghaidh. Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh Coimisiún na Teorann cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór. San am sin, thug an Saorstát aitheantas "de facto" don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud. Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm in Éirinn a raibh an-lámh ag Éamon de Valera ina dhréachtú. In Alt a Dó agus in Alt a Trí sa bhunreacht seo a socraíodh gurbh ionann Éire, mar stát, agus oileán na hÉireann. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur aithin an bunreacht teorainneacha na bliana 1922 go sealadach, go dtí go n-athaontófaí an tír.
4,365