text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Bliain bhisigh. Is éard is Bliain Bhisigh ann na bliain ina mbíonn lá sa bhreis sa bhliain. Bíonn 366 sa bhliain agus 29 i mí Feabhra. Tarlaíonn bliain bhisigh gach ceithre bliana. Féilire. Bíonn 365 lá i mbliain de ghnáth, mar tógann sé an méid sin ama ar an domhan dul timpeall na gréine. Ach ní théann an domhan timpeall na gréine i 365 lá go díreach. Dá bharr sin, cuirimid lá breise le bliain gach ceithre bliana – sin an rud is cúis le bliain bhisigh. Aon bhliain is féidir a roinnt ar a ceathair mar shampla, 2024, is blianta bisigh iad sin. Is bliain bhisigh í bliain an chéid más féidir í a roinnt ar 400. Rímː. “30 lá a thugann siad leo Samhain, Aibreán agus na Meithimh teo. Lá sa bhreis ag gach mí eile ach an Feabhra thiar ar deireadh. Gan aige ach ocht lá is fiche, Naoi lá is fiche i mbliain bhisigh.” Nósanna. Ceann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain bhisigh ná go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear í a phósadh. Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide.
413
An Tocáiris. Teanga Ind-Eorpach í an Tocáiris, nó, le bheith beacht, dhá theanga a bhfuil gaol dlúth acu le chéile agus a bhíodh á labhairt i lár na hÁise, in Imchuach Tarin, áit a bhfuil réigiún féinrialaitheach Xinjiang in Iarthar na Síne inniu. Ba é Marc Aurel Stein, taiscéalaí Ungárach a bhain amach saoránacht na Ríochta Aontaithe, an chéad duine a tháinig trasna ar iarsmaí na Tocáirise, agus é ag déanamh taistil i bhFásach Taklamakan i dtús na fichiú haoise. An dá chineál Tocáirise atá ann, is gnách Tocáiris A agus Tocáiris B a thabhairt orthu. (Tá, fiú, an tríú cineál Tocáirise ann, mar atá, Tocáiris C, ach níl téacsanna ná doiciméid sa teanga sin ann - is í an t-aon fhianaise atá fágtha ná ainmneacha agus focail iasachta i dteangacha eile.) An litríocht atá fágtha againn sa chéad teanga acu, níl ann go bunúsach ach aistriúcháin ar scríbhinní reiligiúnacha Búdaíocha. An dara teanga acu, áfach, nó Tocáiris B, tá a lán ábhair shaolta scríofa inti: comhfhreagras idir na mainistreacha Búdaíocha, pasanna do na carbháin, agus dán grá amháin, mar shampla. Cé go bhfuil an dá chineál Tocáirise dlúthghaolmhar le chéile, tá siad chomh difriúil nach raibh siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, de réir dhealraimh. Is é an tátal a bhain na teangeolaithe as an iomlán gur féidir gur leagan seanársa den teanga a bhí i gceist le Tocáiris A, teanga naofa a bhí á saothrú ag lucht léinn na mainistreach, agus gurbh í Tocáiris B an teanga a bhí á labhairt mar theanga bheo san am. Níl na saineolaithe go léir ar aon fhocal faoin teoiric seo, áfach.
634
Antóin Ó Dálaigh. Is iarimreoir iomána é Antóin Ó Dálaigh (Béarla: "Anthony Daly") a rugadh sa bhliain 1970 i nDroichead an Chláir, Contae an Chláir, atá ag obair anois ina bhainisteoir ar fhoireann idirchontae iománaíochta Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach sa bhainisteoireacht don chéad uair le foireann idirchontae an Chláir, agus chaith sé trí bliana idir 2003 agus 2006 i gceannas orthu. Ina dhiaidh sin, ghlac sé post i gContae Chiarraí leis an gclub Cill Mhaoile. Ina ghairmréim mar iománaí idirchontae, d'imir sé leis a chlub Droichead an Chláir i gContae an Chláir agus le foireann sinsir an Chláir idir na blianta 1990 agus 2000. Tá Craobh na hÉireann buaite aige faoi dhó, agus roghnaíodh é mar dhuine de Sárimreoirí na Bliana sna blianta 1994, 1995 agus 1998. Bíonn sé le feiceáil uaireanta mar shaineolaí ar an gclár spóirt Éireannach The Sunday Game.
355
Alan Moore. Is scríbhneoir Sasanach é Alan Moore (rugadh ar an 18ú Samhain 1953 i Northampton) a bhfuil a cháil is mó bunaithe ar a chuid oibre i leith caimicí agus úrscéalta grafacha, ina n-áireamh "Watchmen", "V for Vendetta" agus "From Hell".
93
Caisleán na Finne. Is sráidbhaile é Caisleán na Finne (Béarla: "Castlefin") atá suite i gContae Dhún na nGall, Éire.
51
Carn Domhnach. Is baile é Carn Domhnach (Béarla: "Carndonagh") atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Sa bhliain 2016, bhí 2,471 dhuine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:
106
Carraig Airt. Is sráidbhaile í Carraig Airt (Béarla: "Carrigart") atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ag bun leithinis Ros Goill, agus í ar an bhóthar R245 idir Leitir Ceanainn agus An Chraoslach. Sa bhliain 2016, bhí 222 dhuine ina gcónaí sa bhaile. An baile. Cuireann an baile seirbhísí ar fáil fá choinne ceantar mór máguaird, ina n-áireamh sin ollmhargadh, trína bhfuil seirbhísí baincéireachta ar fáil; Oifig an Phoist; ionad sláinte; agus beairic de chuid na nGardaí a oibrítear go páirt-aimseartha. Tá páirc phoiblí sa bhaile fosta, agus í ar an chósta taobh thiar de na tithe atá ar an phríomhshráid. Angela Ní Ghallchóir a dhear an bhaile, agus cheiliúr an baile a chomóradh céad bliain cúpla bliain ó shin, cé go bhfuil daonra daonna san áit i bhfad roimhe sin. Baile agus ceantar móra talmhaíochta atá inti agus ina ceantar máguaird, agus tábhacht ag an talmhaíocht agus ag an turasóireacht chomh maith i ngeilleagar an bhaile. Maraon leis an chuid is mó de chósta Dhún na nGall, tá cuid mhór tithe saoire sa bhaile, go háirithe de chuid daoine as Tuaisceart Éireann. Iompar. Ritheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Na Dúnaibh, Carraig Airt, agus Leitir Ceanainn, tríd An Ghleann, Creamhghort, Baile na nGallóglach agus Ráth Mealtain. Tábla daonra. Déantar cur síos ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:
564
An Carraigín. Is sráidbhaile é An Carraigín (Béarla: "Carrigans") atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann.
52
An Cheathrú Chaol (Dún na nGall). Is sráidbhaile é An Cheathrú Chaol (Béarla: "Kerrykeel" nó, níos annaimhe, "Carrowkeel") atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Sa bhliain 2016, bhí 355 nduine ina gcónaí sa bhaile. Déantar achoimre ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos: Iompar. Ritheann an bus 300, arna hoibriú ag TFI Local Link, seacht lá sa tseachtain idir Leitir Ceanainn, an Cheathrú Chaol, agus Teach Solais Fhánada, trí Ráth Mealtain, Ráth Maoláin, Port an tSalainn agus Baile Láir.
223
Cill Charthaigh. Is sráidbhaile í Cill Charthaigh (Béarla: "Kilcar") atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sé an-chóngarach le Sliabh Liag, ceann de na haillte mara is airde san Eoraip. Sa bhliain 2016, bhí 258 nduine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:
142
Cill Mhic Réanáin. Is sráidbhaile í Cill Mhic Réanáin (Béarla: "Kilmacrenan") atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ar bhóthar N56, an príomhbhealach idir Iarthuaisceart Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn, baile is mó an chontae. Tá barúntacht Chill Mhic Réanáin ainmnithe ar a son. Tá Cill Mhic Réanáin i ngar le Carraig Dhún, carraig ar choróntaí ríoga Thír Chonaill uirthi idir na blianta 1200 agus 1603. Ritheann Abhainn na Leannaine trí thaobh theas an bhaile, agus Abhainn an Lorgaigh trína thaobh thuaidh.
223
Cionn Caslach. Is sráidbhaile é Cionn Caslach nó Ceann Caslach (Béarla: "Kincasslagh") atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tagann an ceoltóir cáiliúil Daniel O'Donnell agus a dheirfiúr Margo ón mbaile.
97
Cluain Maine. Is sráidbhaile í Cluain Maine (Béarla: "Clonmany") atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann.
52
Conmhaigh. Is sráidbhaile é Conmhaigh (Béarla: "Convoy") atá suite i nDún na nGall, Poblacht na hÉireann.
49
An Craoslach. Is sráidbhaile é an Craoslach () atá suite i nDún na nGall, Poblacht na hÉireann. Sa bhliain 2011, bhí 393 nduine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos: Pléasc. Ar an 7ú Deireadh Fómhair 2022, tharla pléasc ar an gCraoslach inar maraíodh deichniúr agus gortaíodh go leor daoine eile. Scriosadh cuid de bhloc árasán agus stáisiún peitril in aice láimhe.
179
Rob Kearney. Is imreoir rugbaí é Rob Kearney (Rugadh 26 Márta, 1986). As Contae Lú dó. Faoi láthair imríonn sé mar lánchúlaí agus mar thrícheathrúnach cliatháin le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Cúige Laighean agus foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann. Agus é óg, d'imir sé le Coláiste Clongowes Wood. Ba pheileadóir maith é Kearney freisin agus d'imir sé le foireann mionúr Lú. Agus é ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhuaigh sé Corn Mhic Ghorthraigh le foireann faoi 20 an choláiste. D'imir Kearney le foirne faoi aois an chúige sular imir sé leis an bhfoireann sinsir sa bhliain 2005. D'aimsigh sé trí úd ina chéad chluiche leo, in aghaidh Pharma as an Iodáil. D'imir Kearney le foirne faoi aois agus A na hÉireann sular imir se leis an bhfoireann sinsir. Fuair sé dhá úd i gComórtas na Sé Náisiún sa bhliain 2008.
349
Dia. Sna reiligiúin aondiachais, is é Dia an neach osnádúrtha a chuir tús leis an saol agus leis an domhan. Glactar leis go bhfuil sé uilechumhachtach uilefheasach, is é sin, gur féidir leis súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil go léir, a rogha cuma a chur orthu agus a rogha cor a chur i do chinniúint. Glactar leis freisin go raibh sé ann roimh thús na cruinne agus gurb eisean is foinse do gach moráltacht.
170
Cibearphunc. Seánra de chuid an fhicsin eolaíochta is ea cibearphunc nó punc cibirnitice (Béarla: ""). Fuair an seánra a ainm ón bpunc-rac (an cineál rac-cheoil a bhí á sheinm ag Sex Pistols agus grúpaí ceoil a bhí cosúil leo) agus ón gcibirnitic. Ba é an scríbhneoir Meiriceánach Bruce Bethke a cheap an focal féin, nó chum sé gearrscéal faoin teideal sin "Cyberpunk" sa bhliain 1984. Scéalta duairce is ea na scéalta a bhaineann leis an gcibearphunc. Go tipiciúil, tugann siad cur síos ar shochaí atá ag titim as a chéile cé go bhfuil ardteicneolaíocht agus ríomhairí ar fud na háite. Bíonn na himeachtaí suite i dtimpeallacht chathartha, agus go tipiciúil, bíonn na gnólachtaí móra tar éis seilbh a ghlacadh ar an tsochaí go léir — is minic nach bhfuil a dhath fágtha den stát. Bíonn na daoine ag tógáil drugaí, agus na ríomhairí chomh fite fuaite leis an saol is nach mbíonn sé furasta an duine a aithint thar an líonra ríomhaireachta. Is é an t-úrscéal úd "Neuromancer" le William Gibson ón mbliain 1984 a chuir tús leis an bpunc cibirnitice i ndáiríre. Is féidir a rá, áfach, go raibh tionchar nach beag ag an litríocht dhiostóipeach, cosúil le "1984" le George Orwell nó "Brave New World" le hAldous Huxley ar an seánra go léir.
484
An tArm Dearg. Tagraíonn an téarma Gaeilge An tArm Dearg do dhá rud:
28
Eric Idle. Is aisteoir, scríbhneoir, amhránaí agus fuirseoir Sasanach é Eric Idle. Bhain sé clú agus cáil amach mar bhall d'fhoireann "Monty Python". Saol roimh Python. Rugadh Idle i gContae Durham, Sasana ar an 29ú Márta 1943, mac Nora Barron (Sanderson) agus Ernest Idle. Fuair Ernest bás ar an 24ú Nollaig 1945. Nuair a bhí Idle seacht mbliana d'aois, thosaigh sé ag freastal ar Royal Wolverhampton School mar scoláire cónaithe. Tar éis a thréimhse i Royal Wolverhampton, chuaigh Idle go dtí Pembroke College, Cambridge University, áit a rinne sé staidéar ar an mBéarla. Thug Uachtarán Cambridge Footlights cuireadh dó a bheith páirteach san eagraíocht. D'éirigh sé ina Uachtarán féin i 1965. D'obair sé ar an gclár grinn "Do Not Adjust Your Set" sa tréimhse 1965-67 le Michael Palin agus Terry Jones. Bhí Terry Gilliam ag obair ar an gclár freisin.
301
Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Amhrán Éireannach leis an gceoltóir Proinsias Ó Maonaigh is ea Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Scríobh Ó Maonaigh an t-amhrán faoina bhaile dúchais, Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Naisc sheachtracha. "Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair" ar "IrishSongs.com
123
An tUltach. B'é An tUltach iris oifigiúil Chomhaltais Uladh. Bunaíodh an iris sa bhliain 1924. B'é "An tUltach" an iris is sine atá ann as Gaeilge ag bpointe amháin. Foilsíodh an t-eagrán deiridh de An tUltach mí Aibreáin sa bhliain 2018. Scéim cham chun airgead a shaothrú atá ar shuíomh idirlín na hirise i láthair na huaire (2020). Is féidir síntiús a ghlacadh léi inniu ach níl an cartlann ar fáil. Ach bhí deontas thart ar £30,000 faighte ag na feidhmeannaigh leis an saibhreas millteanach atá carntha thar chéad bliain a chur ar fáil go digiteach don phobal. Stair. Bunaíodh An tUltach sa mbliain 1924 agus foilsíodh ar bhonn míosúil é ó shin. Bhí sé ar cheann de na hirisí is rathúla i saol na Gaeilge agus cé is moite de An Timire ba í an iris is faide i gcló. Bhí maoiniú rialta á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge go dtí go ndearnadh athstruchtúrú ar an múnla maoinithe d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2013. Ba ag brath ar airgead ó fhoinsí éagsúla a bhí An tUltach ó 2013 go dtí 2018..., Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Conradh na Gaeilge, ranna rialtais Thuaidh agus Theas, fógróirí agus síntiúsóirí ina measc.
470
Seán Caomhánach. Is peileadóir é Seán Caomhánach nó Seán Cavanagh mar a thugtar air as Béarla. As Contae Thír Eoghain dó agus imríonn sé le foireann an chontae. Thosaigh sé ag imirt le foireann na sinsir i gCraobh na hÉireann sa bhliain 2002, agus anois tá trí Chraobh agus ceithre Ghradam All-Star buaite aige.
125
Peadar Ó Ceannubháin. Is iar-pheileadóir Éireannach é Peadar Ó Ceannubháin, nó "Peter Canavan" mar atá aithne air as Béarla, a rugadh ar an 9 Aibreán na bliana 1971 i nGlencull, Contae Thír Eoghain. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann le foireann an chontae sna blianta 2003 agus 2005, agus bronandh sé ghradam All-Star air.
130
March of the Penguins. Scannán faisnéise ón bhliain 2005 is ea March of the Penguins (Fraincis La Marche de l'empereur).
40
Bruce Almighty. Scannán ón bhliain 2003 is ea Bruce Almighty.
20
Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events. Scannán ón bhliain 2004 is ea Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events.
38
Ficsean eolaíochta. Seánra ficsin is ea an ficsean eolaíochta (nó an "finsceolaíocht" uaireanta) a dhéanann tuairimíocht ar an todhchaí agus ar na forbairtí ardteicneolaíochta a bheidh i ndán dúinn. Tá ráchairt mhór inniu ar an bhficsean eolaíochta ina lán meán éagsúil cosúil le leabhair, seónna teilifíse, scannáin, ríomhchluichí, amharclannaíocht agus araile. Ní féidir i gcónaí an ficsean eolaíochta a aithint thar sheánraí eile den chineál ficsin ar a dtugtar ficsean tuairimeach air, cosúil leis an litríocht fantaisíochta agus an litríocht uafáis. Is é an phríomhdhifríocht idir an ficsean eolaíochta agus an litríocht fantaisíochta go mbíonn craiceann inchreidte éigin ar imeachtaí an fhicsin eolaíochta agus é bunaithe ar an eolaíocht agus ar na dlíthe nádúrtha, nó ar a laghad, go mbíonn na himeachtaí éadóchúla ag brath ar ghléasra ardteicneolaíochta a bhfuil cuma réasúnta inchreidte air de réir shaoltaithí an léitheora. Bíonn na scríbhneoirí ag iarraidh cur síos a thabhairt ar an saol difriúil a bheadh ann dá mbeadh na haireagáin ardteicneolaíochta ann i ndáiríre agus ar na difríochtaí idir ár sochaí féin agus an tsochaí a bheadh ann ansin. Ansin atá cuid mhór den draíocht a chuireann an ficsean eolaíochta ar an léitheoir, agus bíonn idéanna spéisiúla den chineál sin níos tábhachtaí, go minic, ná an charachtracht agus an phlotáil. Sin é an tuige go dtugtar "litríocht na n-idéanna" ar an bhficsean eolaíochta chomh maith. Ar na saintréithe seo is minic a aithnítear an ficsean eolaíochta: Sainmhíniú an Fhicsin Eolaíochta. Níl sé furasta sainmhíniú ceart a fháil ar an rud is "ficsean eolaíochta" ann, go háirithe le taobhshúil ar na fosheánraí agus na téamaí ilghnéitheacha a bhaineann leis. Mar a dúirt Damon Knight, eagarthóir agus scríbhneoir, "is é an ficsean eolaíochta an rud a dtugaimid ficsean eolaíochta air nuair a phointeálaimid méar air". Tá an blas céanna ar fhocail Mark C. Glassy, nó dúirt seisean go bhfuil sainmhíniú an fhicsin eolaíochta cosúil le sainmhíniú na pornagrafaíochta: níl a fhios agat céard é féin, ach nuair a gheobhaidh tú súil air, aithneoidh tú ar an toirt é. Ba é tuairim Vladimir Nabokov, dá mbeimis ag cloí lenár gcuid sainmhínithe go dian, nach mbeadh de rogha againn ach "The Tempest", an dráma le William Shakespeare, a chur san áireamh mar fhicsean eolaíochta freisin. Dúirt Robert A. Heinlein, duine de scríbhneoirí clasaiceacha an fhicsin eolaíochta, gurb é sainmhíniú gairid áisiúil a chuimsíonn an chuid is mó den tseánra ná: tuairimíocht réadúil ar imeachtaí incheaptha na todhchaí atá bunaithe ar eolas cruinn ar an saol mar atá sé agus mar a bhí sé, chomh maith le diantuiscint ar an nádúr agus ar thábhacht an mhodha eolaíochtúil. Ba dhóigh le Rod Serling ná gurb í an litríocht fantaisíochta an cineál litríochta a chuireann craiceann inchreidteachta ar an rud dodhéanta, agus gurb é an ficsean eolaíochta an cineál litríochta a chuireann craiceann indéantachta ar an rud dochreidte. Is é an tátal a bhain Lester del Rey as iomlán na ráiméise seo ná go bhfuil sé ag dul rite leis an duine is mó a ghránn an ficsean eolaíochta sainmhíniú ceart a thabhairt air, agus gurb é an chúis leis ná nach bhfuil teorainneacha soiléire timpeall ar limistéar an fhicsin eolaíochta. Maidir leis an ngiorrúchán "sci-fi", ba é Forrest J. Ackerman in Ollscoil Chathair Los Angeles (UCLA) an chéad duine a bhain úsáid as. De réir mar a chuaigh an ficsean eolaíochta chun leitheadúlachta ar fud an phopchultúir, thosaigh na scríbhneoirí agus lucht a leanúna ag tabhairt "sci-fi" ar na scannáin agus na leabhair "olltáirgthe" nach raibh uaillmhian ealaíonta ag baint leo, le hiad a choinneáil scartha ón rud ar thug siad féin ficsean eolaíochta air. Is ar éigean atá gá againn leis an idirdhealú seo sa Ghaeilge, áfach. Stair. Réamhstair. Níl sé as cosán a rá go bhfuil an ficsean eolaíochta chomh sean le traidisiún domhanda na litríochta agus na scéalaíochta féin, nó is féidir eilimintí den fhicsean eolaíochta a aithint i seanscéalta. Samplaí iad "Taketori monogatari" nó "Scéal an fhir a bhí ag gearradh bambú" (seanscéal Seapánach a breacadh síos an chéad uair sa 10ú haois AD), scéalta áirithe sa bhailiúchán "Míle Oíche agus Oíche", "Theologus Autodidactus" ("An Diagaire Féinteagasctha" - sin é an teideal a bhaist na haistritheoirí Laidine ar an úrscéal Araibise a scríobh Ibn al-Nafis timpeall na bliana 1270), agus "Voyage de la Terre à la Lune" agus "Des états de la Lune et du Soleil" le Cyrano de Bergerac, a mhair sa 17ú haois. Le teacht Aois na hAigne, cumadh na chéad scéalta a raibh fíor-bhlas an fhicsin eolaíochta orthu, cosúil le "Gulliver's Travels" le Jonathan Swift, "Micromégas" le Voltaire agus "Somnium" leis an réalteolaí Johannes Kepler. Bhí an réalteolaí Carl Sagan agus an scríbhneoir ficsin eolaíochta Isaac Asimov den bharúil gurbh é Somnium an chéad scéal ficsin eolaíochta a scríobhadh riamh. Is é is ábhar leis ná turas go dtí an Ghealach agus an chuma atá ar an Domhan i súile an bhreathnóra ar an nGealach. An Naoú hAois Déag. Thosaigh an ficsean eolaíochta ag síolrú i ndáiríre sa 19ú haois. Ar dtús, chuir Mary Shelley ar pár na húrscéalta "Frankenstein" agus "The Last Man"; ina dhiaidh sin, scríobh Edgar Allan Poe scéal faoi thuras go dtí an Ghealach. Tháinig scéalta eile den chineál chéanna i gcló ar feadh na naoú haoise déag. De réir is mar a bhí teicneolaíochtaí nua ag teacht ar an bhfód - an leictreachas, an sreangscéal, an traein agus araile - thosaigh scríbhneoirí ag cur spéise sa tionchar a d'fhéadfadh na teicneolaíochtaí seo agus na haireagáin a thiocfadh ina ndiaidh a imirt ar an tsochaí. Mar sin, scríobh Jules Verne agus H.G.Wells na chéad saothair fhicsin eolaíochta ar chuir an saol mór spéis iontu. Cineál ficsin eolaíochta atá i gceist le "Flatland" le hEdwin Abbott Abbott ón mbliain 1884. Nóibhille, nó "a romance of many dimensions" mar a dúirt an t-údar féin, atá ann, agus í ag tabhairt suas ar an gcuairt a dtugann an liathróid ar dhomhan na bhfoirmeacha déthoiseacha, "Flatland". Castar cearnóg ar an liathróid ansin, agus ansin, caithfidh an liathróid a mhíniú don chearnóg céard is airde ann. Olaf Stapledon. I ndeireadh na naoú haoise déag, bhítí ag tabhairt "rómánsaí eolaíocha" ar an bhficsean eolaíochta, téarma a mhair in úsáid in áiteanna san fhichiú haois féin. Sin é an t-ainm a bhí ag Olaf Stapledon ar a chuid saothar. Fealsamh Sasanach a bhí ann nach raibh eolach ar fhochultúr an fhicsin eolaíochta, nó scríobh sé a chuid saothar ficsin le hidéanna fealsúnacha a shoiléiriú. Bhí an-tionchar aige ar an bhficsean eolaíochta i ngan fhios dó féin. Saothair thábhachtacha leis is ea na húrscéalta "Star Maker" agus "Last and First Men". Ré Órga an tSeánra. Go luath san fhichiú haois, bhí an-ról ag na hirisí garrfhicsin i bhforbairt na nua-ghlúine de scríbhneoirí ficsin eolaíochta sna Stáit Aontaithe. Bhunaigh Hugo Gernsback an chéad iris garrfhicsin i Meiriceá nach bhfoilseodh ach scéalta ficsin eolaíochta, mar atá, "Amazing Stories", sa bhliain 1926. Sna 1930idí, chuaigh John W. Campbell Jr. i gceannas ar an iris úd "Astounding Science Fiction" (inniu: "Analog Science Fiction and Fact"), agus rinne sé príomhláthair foilsitheoireachta di do scríbhneoirí óga ficsin eolaíochta. Tháinig scoil iomlán scríbhneoirí ar an bhfód i Nua-Eabhrac agus iad ag scríobh don "Astounding", agus glactar leo inniu mar chlasaicigh de chuid an tseánra: Isaac Asimov, Damon Knight, James Blish, agus Frederik Pohl, mar shampla. Scríbhneoirí tábhachtacha eile ón linn seo ab ea Arthur C. Clarke, Alfred Elton van Vogt, Robert Anson Heinlein agus an Polannach Stanisław Lem. Creidtear gur chuir Campbell tús le Ré Órga an fhicsin eolaíochta tríd an obair a rinne sé ag foilsiú saothair ó scríbhneoirí a linne. Go tipiciúil, bhí scríbhneoirí na tréimhse seo ag adhradh chumhacht na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus ag nochtadh léargais nua do na léitheoirí. Bhí an bhéim ar an dul chun cinn agus ar an todhchaí shoilseach, agus ní raibh mórán daoine ag déanamh a mharana go fóill ar dheachú an dul chun cinn seo, ar nós truailliú na timpeallachta, mar shampla. I nDiaidh na Ré Órga. Níor tháinig athrú air seo ach de réir a chéile, go háirithe nuair a bunaíodh irisí nua. Sa bhliain 1950, chuir Horace Leonard Gold tús le stíl nua i bhficsean eolaíochta nuair a bhunaigh sé an "Galaxy". Bhí sé den tuairim gur chóir tuilleadh béime a chur ar idéanna úra faoi thodhchaí na sochaí agus faoin tionchar a mbeadh ag an teicneolaíocht ar an tsochaí, seachas ar iontais na teicneolaíochta féin. Sa bhliain 1961, gortaíodh Gold i dtimpiste tráchta, agus tháinig Frederik Pohl i gcomharbas air mar eagarthóir. Bhí spéis mhór ag Pohl féin i dtodhchaí na sochaí in aois na hardteicneolaíochta, rud atá le haithint ar shaothair cosúil leis an úrscéal úd "The Space Merchants" a scríobh sé in éineacht le Cyril M. Kornbluth. Teacht na Toinne Nua. Sna 1950idí, bhí tréithe an fhicsin eolaíochta le haithint ar chorrleabhar dár tháinig ó pheann scríbhneoirí an "Beat generation", go háirithe William S. Burroughs. Sna 1960idí agus sna 1970idí, chuaigh scríbhneoirí ar nós Frank Herbert, Samuel R. Delany, Roger Zelazny, agus Harlan Ellison ar lorg téamaí nua. Ba é "Dune" le Frank Herbert an chéad mhór-úrscéal i stair an fhicsin eolaíochta a rinne plé cuimsitheach ar théamaí éiceolaíochta. Thairis sin, chardáil sé baint an reiligiúin leis an bpolaitíocht agus téamaí socheolaíocha eile san úrscéal seo agus sna cinn a scríobh sé ina dhiaidh sin faoi na carachtair chéanna. Maidir le Samuel R. Delany, bhí ceisteanna teanga, miotaseolaíochta, cuimhne agus aireachtála tábhachtach ina chuid scríbhneoireachta, agus níos déanaí, tharraing sé chuige an chollaíocht freisin mar théama. Cuireadh ina leith, fiú, go raibh blas na pornagrafaíochta le mothú ar a shaothar dheireanach, rud nár shéan sé féin. Scríbhneoir bisiúil a bhí i Roger Zelazny, agus é ag scríobh faoi dhéithe nó faoi dhaoine a fuair amach go raibh siad ag iompú ina ndéithe. Ina chuid scéalta, chuir sé an diagacht in aice leis an daonnacht agus mheasc sé an draíocht tríd an réadúlacht, agus é ag baint leasa as an teannas idir an dá rud. I ndeireadh na seascaidí, tháinig Tonn Nua an Fhicsin Eolaíochta ar an bhfód sa Bhreatain Mhór. Bhí tionchar láidir ag an Marxachas agus ag radacachas clé na linne ar an ngluaiseacht seo, agus iad ag lochtú fhicsean eolaíochta "frithghníomhach" na Ré Órga, go háirithe le taobhshúil ar dhearcadh coimeádach John W. Campbell ar chúrsaí polaitíochta. Scríbhneoirí de chuid na Toinne Nua iad Michael Moorcock agus Brian Aldiss, mar shampla. Is gnách scríbhneoirí áirithe Meiriceánacha a aicmiú sa Tonn Nua freisin, Harlan Ellison mar shampla. Mar aisfhreagra ar an Tonn Nua, d'fhéach na scríbhneoirí coimeádacha le traidisiúin an tseánra a athbheochan, agus an t-eagarthóir Lester del Rey ar tús cadhnaíochta san iarracht seo. Sna seachtóidí, chuir David Niven agus Poul Anderson sracadh nua san fhicsean crua-eolaíochta, is é sin, sa chineál ficsin eolaíochta a chuir béim ar an bhfíor-eolaíocht mar chuid den scéalaíocht. Is é an t-úrscéal úd "Ringworld" an ceann is tábhachtaí le Niven. San am chéanna, bhí Ursula Le Guin ag déanamh a marana féin ar cheisteanna socheolaíochta agus antraipeolaíochta. Ursula Le Guin. Áirítear Le Guin ar cheannródaithe an fhicsin "bog-eolaíochta". Bhí a hathair féin, Theodore Kroeber, ina antraipeolaí cháiliúil sna Stáit Aontaithe, agus is féidir a rá gurbh eisean a bhunaigh an disciplín go léir i saol acadúil na Stát. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil scríbhneoireacht a iníne ar maos le téamaí antraipeolaíochta. Tá an chuid is mó dá saothar suite i bhfráma na hÉacúiméine, cineál feidearálacht idir-réaltach. San úrscéal "The Left Hand of Darkness", tagann ambasadóir ón Éacúiméin go dtí Gethen, nó Pláinéad an Gheimhridh, le caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun idir an pláinéad seo agus an Éacúiméin, ach baineann an pláinéad geit mhór chultúrtha as, ós rud é go bhfuil muintir an phláinéid déghnéasach ó thaobh an choirp de - is é sin, is féidir le gach duine clann a choimpeart nó clann a iompar, agus is ábhar iontais agus uafáis dóibh duine a chaitheann iomlán a shaoil ina bhean nó ina fhear. An chuid is mó den am, áfach, fanann muintir Gethen saor ó chollaíocht, agus ní thagann fonn craicinn orthu ach le linn na dárach, nó "kemmer", mar a thugtar uirthi i gceann de theangacha an phláinéid. San úrscéal "The Dispossessed", arís, tugtar cur síos ar shaol Shevek, agus cónaí air ar Anarres, gealach atá ag timpeallú Urras, pláinéad mór saibhir. Níor tugadh Anarres chun míntíreachais ach le déanaí, nuair a shealbhaigh seict Shóisialach, lucht leanúna Odo, í le caoinchead na náisiún ar Urras, nó bhí deifir orthu fáil réitithe de na radacaigh dhainséaracha. Anois, áfach, chuir muintir Urras suim thar cuimse i saothar eolaíoch Shevek, an fisiceoir is mó le rá ar Anarres, agus fuair sé cuireadh seal a chaitheamh i gceann d'ollscoileanna A-Io, an stát is saibhre ar Urras. Na hOchtóidí agus na Nóchaidí. Teacht an Phunc Cibirnitice. Sna hochtóidí, tháinig an punc cibirnitice. Thréig an sruth seo an saoldearcadh dóchasach, an soirbhíochas ba dual don tseánra, agus ba é William Gibson an scríbhneoir a chuir tús leis i ndáiríre. Sruth diostóipeach é an punc cibirnitice agus é ag plé leis an meath a thagann ar an gcultúr agus ar an tsochaí faoi thionchar na teicneolaíochta. Mar sin, bíonn domhan an phunc cibirnitice ar maos le drugaí, coiriúlacht, agus fadhbanna dofhuascailte eile. De réir is mar a bhí teicneolaíochtaí nua ag éirí coitianta, tháinig téamaí nua chun tosaigh san fhicsean eolaíochta, cosúil leis an Idirlíon agus an tionchar a bheadh aige ar an saol feasta; ceisteanna comhshaoil agus éiceolaíochta; an bhith-theicneolaíocht agus an nanaitheicneolaíocht. Rinne Neal Stephenson trácht cuimsitheach ar na téamaí seo ina úrscéal "The Diamond Age". Bláthú an Cheoldráma Spáis. Ón taobh eile de, tháinig bláth úr ar an gceoldráma spáis sna blianta i ndiaidh an "Star Wars". D'éirigh go seoigh le C.J.Cherryh an fosheánra seo a athbheochan leis na húrscéalta a scríobh sé faoi theagmháil na gcultúr agus na sibhialtachtaí amuigh sa spás. Faoi thionchar an Réaltaistir, chuaigh an sraithscéal úd "Babylon 5" ar an teilifís. Ba léir go raibh sé ag déanamh aithrise ar "Deep Space Nine" ar go leor bealaí, agus na himeachtaí lonnaithe ar stáisiún mór millteanach spáis ina raibh na ciníocha éagsúla ó cheithre chearn na hollchruinne ag teacht le chéile, ach is é an breithiúnas a tugadh ar an sraithscéal go fairsing go raibh sé ag plé na dtéamaí céanna ar dhóigh i bhfad níos aibí. Sa litríocht, ba í Lois McMaster Bujold ab fhearr a bhain leas as foirmlí inste an cheoldráma spáis thraidisiúnta. Bhreac sí síos sraith fhada úrscéalta greannmhara faoi Miles Vorkosigan, stumpa beag fir a thagann chun saoil ar Barrayar, pláinéad cogúil míleata. Laoch neamhghnách é sa timpeallacht seo, agus caithfidh sé a bheith i muinín a dheisbhéalaí le teacht slán as na heachtraí a ngabhann sé tríothu sa bhaile is i gcéin. Is iomaí cineál pláinéad a fheiceann sé i rith na n-eachtraí: Jackson's Whole, agus na maifianna is na corparáidí móra gnó ina sheilbh; Beta Colony, pláinéad dúchais a mháthar, agus é sibhialta liobrálach; Cetaganda, sean-namhaid Barrayar, lena chuid biteicneolaíochta agus ionramhála géinití. An tSingilteacht Teicneolaíochta. Coincheap tábhachtach i bhficsean eolaíochta na linne í an tsingilteacht teicneolaíochta freisin. Sa réaltfhisic, tagraíonn an focal mór sin "singilteacht" don tsingilteacht imtharraingthe, nó lárphointe an dúphoill a aomann gach rud isteach chuige. Ba é an scríbhneoir Vernor Vinge a thug isteach an téarma sin "singilteacht teicneolaíochta", cé go mbíonn ceisteanna cosúla á bplé i bhfoirm éigin le fada. Is é an tuiscint atá aige féin ar an scéal ná go dtiocfaidh an chéad mheaisín osdaonna - ríomhaire nó inchinn leictreach a sháraíonn intleacht an duine dhaonna - ar an bhfód i gceann tamaill bhig, agus go mbeidh sé ar an aireagán deireanach a rithfidh leis an duine, nó ón am sin i leith, beidh na meaisíní á bhforbairt agus á dtógáil as a stuaim féin, beag beann ar an daonnaí - beidh ré an duine thart ansin. Nuálacha. Cé go ndearna an ficsean eolaíochta lochtú ar na teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus ar a dtionchar ar an tsochaí go minic, is féidir dó treoir a dhéanamh do na heolaithe agus do na hinnealtóirí agus cabhrú le forbairt na teicneolaíochta. Mar shampla, ba é an scríbhneoir Robert A. Heinlein a bhreac síos bunsmaoineamh na leapa uisce an chéad uair riamh i scéal ficsin eolaíochta a chum sé nuair a bhí sé ag éileamh le pianta droma in ospidéal. Is gnách dearcadh ar Arthur C. Clarke mar fhíor-chéadcheapadóir na satailíte teileachumarsáide. Fo-sheánraí. Ficsean crua-eolaíochta. Tugtar "ficsean crua-eolaíochta" ar an gcineál ficsin eolaíochta a chuireann béim ar leith ar chruinneas na heolaíochta agus na matamaitice. Cuid mhór de na scríbhneoirí a bhí ag plé leis an bhfo-sheánra seo, bhí siad ina n-eolaithe nó ina matamaiticeoirí oilte, iad féin. Tháinig an tuar faoina lán tairngreachtaí a rinne scríbhneoirí den chineál seo, ach is minic nár tháinig a gcuid smaointí isteach fíor, freisin. Réaltfhisiceoir é Gregory Benford, mar shampla, agus tá Geoffrey A. Landis ina innealtóir agus ina fhisiceoir. Matamaiticeoirí iad Vernor Vinge agus Rudy Rucker. Scríbhneoirí ficsin chrua-eolaíochta eile iad Hal Clement, Greg Bear, Larry Niven, Robert J. Sawyer, Stephen Baxter, Alastair Reynolds, Peter F. Hamilton, agus Greg Egan.
6,892
Charlotte's Web (scannán 1973). Scannán de chuid Hanna-Barbera is ea Charlotte's Web (Gréasán Charlotte) (1973), atá bunaithe ar an leabhar le E. B. White. An seicheamh scannán, , eisíodh i fhíseáin ina dhiaidh i Márta 2003.
89
Teletubbies. Clár teilifíse do leanaí de chuid an BBC is ea Teletubbies. Is iad "Tinky Winky", "Dipsy", "Laa-Laa" agus "Po" príomh-charachtair na sraithe. Craoladh an tsraith sna blianta 1997–2001 as Béarla, agus tiontaíodh an clár go teangacha éagsúla eile chomh maith, lena n-áirítear an Ghaeilge. Thosaigh sraith nua Teletubbies ag craoladh ar an 9 Samhain, 2015.
153
Paz Vega. Is ban-aisteoir Spáinneach í Paz Campos Trigo nó Paz Vega mar is fearr aithne uirthi. Rugadh í ar 2 Eanáir 1976 in Sevilla na Spáinne. Beathaisnéis. Rugadh Vega i Sevilla, Andalucía, Spáinn, agus tógann sí a hainm stáitse óna seanmháthair. D'fhreastail sí ar an scoil stáitse "Centro Andaluz de Teatro". Saol pearsanta. Is é Orson Salazar a fear céile.
138
Final Fantasy. Is saincheadúnas é Final Fantasy (ファイナルファンタジー, Fainaru Fantajī), gnó comhchruinnithe i gcluichí físeáin agus scannáin.
56
Albert Speer. Ba ailtire agus ball de Páirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine é Albert Speer (a rugadh i Mannheim ar an 19 Márta 1905 agus a fuair bás i Londain ar 1 Meán Fómhair 1981). Saol. Chuala Speer óráid ó Adolf Hitler i Mí Eanáir 1931, agus chuaigh sé isteach sa NSDAP. I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina bhall den réimeas barbartha Naitsíoch. Ar an 8 Feabhra 1942, ceapadh Speer ina Aire Cogaidh. Tháinig méadú ar an táirgiúlacht de bharr. I dtriall Nürnberg, gearradh fiche bliain ar Speer, fiche bliain a chaith sé sa phríosún Spandau i mBeirlín. Scríobh Speer dhá leabhair i Spandau, "Inside the Third Reich" agus "Spandau Diaries". Bhí Speer buartha faoin trioblóid a tharraing sé, agus bhí aiféala air, is cosúil. Scaoileadh amach as an bpríosún é ar an 1 Deireadh Fómhair 1966. Fuair Speer bás de bharr stróc i Londain sa bhliain 1981. Bhí sé lena ghrá geal, bean óg, in óstán i Londain . agus a bhean a raibh sé pósta uirthi le 40 bliain fós ina cónaí i Heidelberg.
403
Whitney Houston. B'amhránaí popcheoil í Whitney Elizabeth Houston (9 Lúnasa 1963, Newark, New Jersey, Stáit Aontaithe Mheiriceá - 11 Feabhra 2012, Beverly Hills, California). Bhí clú is cáil ar a guth láidir. Is é "I Will Always Love" ceann de na hamhráin is rathúla a bhí ag Whitney, a bhí sa scannán "The Bodyguard" (1992). Saol. Phós sí Bobby Brown ar an 18 Iúil 1992. Bliain ina dhiaidh sin, tháinig a hiníon, Bobbi Kristina Houston Brown, ar an saol. Fuair Whitney agus Bobby colscaradh sa bhliain 2006. D'éag Houston ar an 11 Feabhra 2012, in aois 50 di. Thóg sí ródháileog drugaí (cócaon) agus thángthas ar a corp i dtobán folctha sa Beverly Hilton. Ghnóthaigh Houston saibhreas as cuimse, agus bhí "saol an liomó bháin" aici mar a déarfá. Ach fós féin bhí sí chomh tugtha sin do na drugaí go raibh uirthi cuairt a thabhairt ar na ceantair ba shuaraí agus ba bhoichte chun a handúil a shásamh. Gabhadh í fiú sa bhliain 2000 agus le linn na 2000idí, chaill sí guaim agus tharraing sí fiacha troma uirthi féin. Sa bhliain 2015, fuair a leanbh aonair anbhás ar an gcaoi chéanna ; thóg Bobbi Kristina Brown ródháileog drugaí agus thángthas uirthi i dtobán folctha ina bhaile féin. Fuair sí bás roimh am, 22 bliain d'aois, ar 26 Iúil 2015 Féiniúlacht. Faoin am a raibh cáil dhomhanda bainte amach ag Houston mar amhránaí bhí tromlach dá comhghormaigh ann nach dtrasnódh an bóthar chun ceoilchoirm léi a fheiceáil. Cuireadh i leith Houston gur thug sí droim láimhe lena muintir féin. Ní raibh an ceol a chan sí 'gorm' go leor, dar leo. Mar sin níor thuill sí meas an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe. Fiú agus í ag tosú ar bhóthar an cheoil, bhíodh na djanna, go háirithe na gormaigh, ag fonóid fúithi. Rinneadar mugadh magadh di agus de réir mar a chuaigh sí in airde réime is ea is mó a chuir siad ina leith go raibh sí tar éis a hanam a dhíol, an dubh a chur ina gheal uirthi féin, nach eiseamláir do ghormaigh óga in aon chor a bhí inti, go raibh a fréamhacha stoite aici, agus a pobal féin á thréigean aici.
796
Mariah Carey. Is ceoltóir pop í Mariah Carey (27 Márta, 1969, Huntington, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe). Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar an nguth láidir cumhachtach atá aici. D'éirigh go maith léi ina tír féin agus i dtíortha eile ar fud an domhain le linn na 1990idí agus í faoi chúram Tommy Matola (a phós Mariah 1993-97), stiúrthóir Columbia Records. Ainmníodh Carey mar an ban-cheoltóir is mó na mílaoise ag na World Music Awards i 2000. Ach tháinig meath ar rath Mhariah i ndiaidh 2000, nuair a theip ar albam agus scannán s'aici "Glitter". Ach, d'éirigh go maith le ceirnín s'aici "The Emancipation of Mimi" sa bhliain 2005 agus chuir sé tús le ré úr i saol Carey. Gradaim agus ainmniúcháin. Tá 217 gradam buaite ag Carey. Tá 377 ainmniúchán faighte aici. Saol pearsanta. In 2015, thosaigh Carey ag dul ar an mbilliúnóir Astrálach James Packer agus, ar 21 Eanáir 2016, d'fhógair sí go raibh siad fostaithe. Faoi Dheireadh Fómhair, áfach, bhí an rannpháirtíocht curtha ar ceal acu. I mí Dheireadh Fómhair 2016, thosaigh sí ag comhrá leis an gcóragrafóir Meiriceánach Bryan Tanaka.
441
Janet Jackson. Is ceoltóir pop í Janet Damita Jo Jackson (16 Bealtaine, 1966, Gary, Indiana, na Stáit Aontaithe). Thuill Janet clú mar bhall den teaghlach ceolmhar fíor-cháiliúil, na Jacksons, lena deartháir Michael Jackson. Tá níos mó ná 100 milliún ceirnín díolta aici le linn 20 bliain. Rugadh a "céad" duine clainne do Jackson ar an 3 Eanáir 2017 agus í 50 d'aois ag an am.
143
Mary Black. Is amhránaí as Baile Átha Cliath í Mary Black (rugadh 22 Bealtaine 1955). Saol pearsanta. Tá Mary pósta le Joe O'Reilly, de chuid Dara Records, agus tá beirt mhac acu (Conor agus Danny) chomh maith le hiníon (Róisín). Tá Danny ina bhall de The Coronas, banna rac-cheoil Éireannach. Téann Róisín ar an ardán faoin ainm Róisín O. Tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath, ach caitheann siad cuid mhór ama i gContae Chiarraí.
167
Celine Dion. Is amhránaí pop í Céline Marie Claudette Dion (30 Márta, 1968, Charlemagne, Quebec, Ceanada). Tá clú agus cáil ar a guth láidir cumhachtach. Bhuaigh sí Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1988, leis an amhrán 'Ne Partez Pas Sans Moi'. Seans maith gurb é "My Heart Will Go On" an t-amhrán is cáiliúla agus is rathúla a d'eisigh Dion riamh. Bhain sí Oscar mar gheall ar a páirt sa scannán "Titanic" (1997). Canann Celine i mBéarla agus i bhFraincis.
196
Britney Spears. Is amhránaí popcheol í Britney Jean Spears, a rugadh ar 2 Nollaig 1977 in McComb, Mississippi, agus a tógadh in Kentwood, Louisiana, sna Stáit Aontaithe. Ba bhreitheamh í ar an "The X Factor" sa bhliain 2012. Tá iomrá ar Britney ar fud na cruinne agus tá spéis mhór ag na meáin cumarsáide ina saol pearsanta. Phós sí dhá uair, le Jason Alexander agus Kevin Federline. Dhíol sí thar 100 milliún albaim agus 90 milliún singli, 9 gcinn a bhain stádas cnagshingil amach. Gradaim agus ainmniúcháin. Tá 103 gradam buaite ag Spears. Tá 260 ainmniúchán faighte aici.
216
Dolly Parton. Is ea amhránaí, cumadóir ceoil agus aisteoir Dolly Rebecca Parton (19 Eanáir 1946, in Sevierville, Tennessee, Stáit Aontaithe).
53
Gradam Grammy. Is duaiseanna iad na Gradaim Grammy a bhronnann Acadamh Náisiúnta na nEalaíon Taifeadta agus Eolaíochta, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar cheoltóirí gach bliain, mar gheall ar éachtaí ceoil na bliana sin. Is cosúil le Gradam Oscar, ach amháin do cheoltóirí in áit d'aisteoirí. Is é an Grammy an gradam ceoil is clúití sa domhan. Bíonn ócáid na nGrammy ar siúl gach bliain i Los Angeles sna Stáit Aontaithe. Nasc seachtrach. Suíomh oifigiúil
180
Dolores Keane. Is ceoltóir Éireannach í Dolores Keane (a rugadh 26 Meán Fómhair, 1953 i gCathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe), a bhfuil clú agus cáil tuillte aici mar shár-amhránaí Éireannach. Glactar leis gurb é leagain Keane d'amhráin ar nós "Galway Bay" agus "Caledonia", na leagain is fearr atá ann. Thosaigh sí ag ceol leis an ngrúpa De Dannan sna 1970idí agus d'oibrigh sí go minic lena fear céile John Faulkner, ach scair siad i 1988. D'éirigh go maith léi mar cheoltóir aonarach freisin.
197
Maighread Ní Dhomhnaill. Is ceoltóir Éireannach Maighread Ní Dhomhnaill (a rugadh i gCeannanas, Co. na Mí), a bhfuil clú agus cáil tuillte aici mar sháramhránaí amhrán Éireannach, go háirithe amhráin i nGaeilge. Fuair sí a stór amhrán óna haintín nuair a chaith sí a cuid samhraidh i Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall. Bhí sí sa ghrúpa ceannródach Skara Brae lena deirfiúr Tríona agus a deartháir Mícheál Ó Domhnaill. D'éirigh go maith léi mar cheoltóir aonarach freisin. Tá sí pósta ar Stiúrthóir-Ginearálta RTÉ, Cathal Goan. Thosaigh si ar thionscadal nua, "T with the Maggies" sa bhliain 2010.
257
Diana Ross. Is ea ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Diana Ross (26 Márta, 1944, Detroit, Michigan, na Stáit Aontaithe) (ainm baiste: "Diane Ernestine Earle Ross"). Tháinig clú agus cáil uirthi leis an ngrúpa Motown, na Supremes. Tá 12 duais Grammy bainte aici, fuair sí ainmniúcháin Oscar agus tá 100 milliúin ceirnín díolta aici. Nasc. Suíomh oifigiúil
141
Barbra Streisand. Is ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Barbra Joan Streisand (24 Aibreán, 1942, Brooklyn, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe). Dar le RIAA, is í Streisand duine de na ceoltóirí is rathúla ar an domhan, le níos mó ná 150 milliúin albaim díolta aici. Tá Tony, Grammy, Emmy agus Oscar bainte aici, éacht a tharlaíonn go h-an annamh. Thosaigh sí a réim trí bheith ag canadh i gclubanna oíche agus amharclanna Broadway go luath sna seascaidí. Tar éis di bheith ina haoi ar roinnt clár teilifíse, shínigh sí le Columbia Records, agus foilsíodh an chéad albam uaithi, 'The Barbara Streisand Album' (Albam Barbara Streisand) i 1963. Bhuaigh an t-albam dhá Ghradam Grammy, Grammy na Bliana san áireamh. Ag deireadh na seascaidí, agus í faoi lánréim mar amhránaí, bhog sí i dtreo na scannánaíochta. Bhí sí ina réalt sa scannán Funny Girls, a bhí gáir mór leis, agus bhuaigh sí Gradam an Acadaimh dá ról ann. Le scaoileadh 'Yentl' (1983) tharla sé gurb í an chéad bhean chun scannán ó stiúideo mór a scríobh, a dhéanamh, a stiúriú agus a bheith ina príomhaisteoir ann. I measc a duaiseanna éagsúla tá dhá Ghradam Acadaimh, deich nGradam Grammy, cúig Ghradam Emmy, ceithre Ghradam Peabody, Bonn na Saoirse agus naoi Golden Globes. Saol. Luathshaol. Rugadh í i mBrooklyn i Nua-Eabhrac ar an 24 Aibreán 1942, iníon Diana agus Emanuel Streisand. Ba soprano í a máthair ina hóige féin agus smaoinigh sí ar ghairm bheatha mar soprano ach thosaigh sí ag obair mar rúnaí scoile. Ba mhúinteoir meánscoile é a hathair sa scoil chéanna, agus b'shin an áit ar chas siad ar a chéile. Ba Ghiúdaigh iad an bheirt acu. B'as an Pholainn clann a máthar, agus b'as Impíreacht na Rúise clann a athair, ina raibh a seanathair ina cantor. I 1943, nuair nach raibh sí ach aon bhliain d'aois, fuair a hathair bás de bharr thaom apaipléise agus é 34 bliana d'aois. D'fhulaing a clann faoin mbochtaineacht dá thoradh sin agus iad ag streachailt go mór lena gcuid billí. Thosaigh sí a cuid oideachais i Yeshiva (Scoil Ghíudach) i mBrooklyn nuair a bhí sí cúig bliana d'aois. D'fhreastail sí ar Public School 89 agus Erasmus High School ina dhiaidh sin, áit ar chan sí sa chóir le dalta eile, Neil Diamond. Chríochnaigh sí ar scoil agus í sé bliana déag d'aois agus go haicearrach ina dhiaidh sin, thosaigh ag obair mar amhránaí i gclub oíche.
912
Aretha Franklin. Ceoltóir pop agus gaspail ab ea Aretha Louise Franklin (25 Márta 1942 – 16 Lúnasa 2018). 'Queen of Soul' an leasainm a bhí ar an amhránaí seo a rugadh i Memphis, Stát Tennessee ach a tógadh i gcathair Detroit.. Bhain sí cáil dhomhanda amach di féin de bharr a guth láidir. Áirítear gur dhíol sí breis is 75 milliún ceirnín go domhanda, agus ba mhinic í ina príomh aoí ag ceolchoirmeacha freisin. Ba díol ionspioráide í féin agus a cuid amhránaíochta dóibh siúd i ngluaiseachtaí cearta síbhialta chomh maith le cearta na mban sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile. Chan sí ag an searmanas faoinar insealbhaíodh Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá i 2009. Bhí 21 Grammy bainte aici agus—dar le "Rolling Stone Magazine"—ba í an t-amhránaí ab fhearr ar domhan í tráth.
303
Charlotte's Web. Úrscéal do pháistí de chuid E. B. White is ea Charlotte's Web (Gréasán Charlotte) a foilsíodh sa bhliain 1952.
47
The Fox and the Hound. Scannán beochana Meiriceánach de chuid Disney ón bhliain 1981 is ea The Fox and the Hound ("An Sionnach agus an Madra"). Ted Berman, Richard Rich, agus Art Stevens ab ea na stiúrthóirí. Ba é an 24ú scannán beochana fada ó Disney. Tá sé bunaithe ar an úrscéal den ainm céanna le Daniel P. Mannix. Ghlac Kurt Russell, Mickey Rooney, Jack Albertson, Pearl Bailey, Pat Buttram, Sandy Duncan, Richard Bakalyan, Paul Winchell, Jeanette Nolan, John Fiedler, John McIntire, Keith Coogan, agus Corey Feldman páirt ann. Tháinig an scannán leantach, "The Fox and the Hound 2", amach sa bhliain 2006.
206
Tindersticks. Is banna rac-cheoil as Nottingham i Sasana é Tindersticks. Is é sainmharcanna an bhanna ná an fuaim atá acu a bhainneann úsáid as an ceolfhoireann, an snagcheol agus ceol "soul", chomh maith le guth domhain Stuart A. Staples. Baineann Tindersticks úsáid as an giotár leictreach, cosúil le an-chuid grúpaí eile, ach chomh maith le sin, baineann siad úsáid as a lán uirlisí eile cosúil leis an pianó Rhodes, an glockenspiel, an vibraphone, an veidhlín, an trumpa, an trombón, an cláirnéid, an basún agus an orgán Hammond. Tá cáil bainte amach ag an banna sa Ríocht Aontaithe agus sa Mhór-Roinn, ach ní raibh tionchar láidir acu riamh ar an cuilithe. Stair. Bunaíodh an banna i 1991 tar éis Staples, Boulter, Fraser, Macauley agus Hinchliffe bheith i ngrúpa cheoil eile – na "Asphalt Ribbons". D’aistrigh siad an t-ainm go Tindersticks nuair a d’fhionn Stuart A. Staples bosca lasáin Gearmánach ar trá Gréagach. Thosaigh siad ag taifeadadh demo i 1992, agus fuaireadar conradh le Tippy Toe Records a chuir amach an céad singil, ""Patchwork", sa bhliain chéanna. Le albaim uimhreacha a haon agus a dó, bhunaigh an banna fuaim ann féin a mholadh go ginearálta ag na criticeoirí. Go háirithe, fuaireadar fáiltiú go leith agus iad ag seinnt beo le téada breise agus, ó am go ham, le ceolfhoireann iomlán (Mar shampla, an albam beo "Bloomsbury Theatre 12.3.95""). Dhein Staples ceol aonair i 2005 agus ceapadh go raibh deireadh le Tindersticks ach, i 2006, sheinn siad ceolchoirm amháin sa Barbican Centre i Londain. An uair sin, sheinn siad an dara halbam ina h-iomláine. An bhliain ina dhiaidh sin, tháinig Staples, Boulter agus Fraser le chéile agus chaith siad tréimhse ag scríobh ceol i stiúideo i Limousin san Fhrainc. Tháinig albam eile as an seisiún sin – “The Hungry Saw” – le dáta scaoilte i Aibreán 2008 ag Beggars Banquet. Fuaimriain. Chomh maith le seacht albaim stiúideo, tá dhá fuaimriain léirithe ag Tindersticks do scannáin dírithe ag an stiúrthóir Francach, Claire Denis – “Nenette et Boni” (1996) agus “Trouble Every Day” (2001 le Vincent Gallo agus Béatrice Dalle).
783
Bus Éireann. Is comhlacht stáit Éireannach é Bus Éireann a sholáthraíonn na seirbhísí bhus in Éirinn, ach amháin na línte i mBaile Átha Cliath atá á rith ag Bus Átha Cliath. Is é Busáras i mBaile Átha Cliath lár-stáisiún an chomhlachta. Bunaíodh an comhlacht mar fhochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann sa bhliain 1987. Cuireann Bus Éireann cúrsaí náisiúnta, áitiúla, idirchathracha agus scoile ar fáil timpeall na tíre - sa Phoblacht agus sa Tuaisceart. Gréasán. Tá gréasán mór ag Bus Éireann sa tír. Mar shampla, is é cúrsa #1 an cúrsa idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus is é #12 an cúrsa idir BÁC agus Luimneach. Freisin, bíonn seirbhísí oíche agus go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionna, Aerfort Cnoc Mhuire srl. Bíonn na busanna ar an bóthar go minic agus tá na táillí saghas saor. Mar seo, is cineál iompar coitianta é an bus sa tír.
354
Encyclopedia Dramatica. Is láithreán gréasáin agus vicí é Encyclopædia Dramatica ar an idirlíon. Doiciméadaíonn an suíomh gach sórt drámaí idirlíon agus "lulz". "In lulz we Trust" a mhana.
77
Colm Ó Ruairc. Fear spóirt agus láithreoir teilifíse Éireannach is ea Colm Ó Ruairc (Béarla: "Colm O'Rourke"; rugadh in Achadh an Mheasa, Contae Liatroma é ar an 31 Lúnasa 1957). Bhí gairmréim rathúil aige mar pheileadóir le foireann idirchontae na Mí ar feadh scór bliain idir 1975 agus 1995. Nuair a d'éirigh sé as imirt sa bhliain 1995, bhí dhá bhonn buaite aige i gCraobh na hÉireann, cúig bhonn i gCraobh Laighean agus trí ghradam Sárimreoir. Is múinteoir scoile é, agus bíonn sé le feiceáil mar aoi agus tráchtaire ar an gclár spóirt The Sunday Game.
233
Seosamh Ó Cuana. Is iarimreoir iomána mór le rá é Seosamh Ó Cuana (Béarla: "Joe Cooney") a bhain cáil agus rath amach ina thosaí le foireann idirchontae na Gaillimhe agus a chlub Na Sáirséalaigh. Maítear go bhfuil sé ar dhuine de na hiománaithe ab fhearr riamh i stair iománaíochta na Gaillimhe.
125
Seán Bán Breathnach. Láithreoir raidió agus teilifíse is ea Seán Bán Breathnach, nó SBB mar atá aithne air chomh maith, a chraolann don chuid is mó trí mheán na Gaeilge. As Indreabhán i gContae na Gaillimhe dó, bíonn sé le cloisteáil agus le feiceáil ar na stáisiúin RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus TG4. Gairm. Is ag casadh ceirníní ar an gclár "Popseó na Máirte" ar Radio Éireann a thosaigh Seán Bán ar an gcéad lá d’Aibreán 1969. Ní raibh sé ach naoi mbliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag cur a chéad chlár teilifíse "Imeall" i láthair, clár ceoil dátheangach. Agus bhí sé le feiceáil don chéad uair ar an scáileán mór i 1975 leis an dráma "Caoineadh Airt Uí Laoire" (Bob Quinn) sa phríomhról mar Art Ó Laoire. Idir 1976 agus 1982, chuir sé "SBB ina Shuí" i láthair ar an teilifís le Gráinne Uí Maitiú ("Gráinne Gleoite"). Tá níos mó aithne air sa lá inniu mar tráchtaire agus aoi ar chláir spóirt, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 ach go háirithe. is mó aithne atá air don chraoltóireacht spóirt. Ba é agus Mártan Ó Ciardha a thosaigh an clár "Spórt an tSathairn" ar Raidió na Gaeltachta sna 1980idí. Sa bhliain 2021, bhí gradam saoil ag Cumann Lúthchleas Gael bronnta ar an gcraoltóir, mar chuid de Ghradaim MacNamee 2020, gradaim chumarsáide na heagraíochta.
530
Sir y Fflint. Contae de chuid na Breataine Bige is ea Sir y Fflint nó Flintshire. Bhí 154,400 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2011.
52
Máire Bhuí Ní Laoghaire. File Éireannach ab ea Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774–1849?). Saol. Rugadh í i dTúirín na nÉan, Uibh Laoghaire, i ngar d'Inse Geimhleach i gContae Chorcaí, agus is ann a chaith sí a saol le linn a hóige. Timpeall ar an mbliain 1792, phós sí Séamus de Búrca as an Sciobairín. Bhí cónaí orthu i ngar do Chéim an Fhia. Bhí Art Ó Laoghaire agus Donnachadh Dall Ó Laoghaire gaolta léi. Cuireadh san uaigh í sa reilig in Inse Geimhleach. Filíocht agus amhránaíocht. Bhí Máire Bhuí neamhliteartha ach mhair a dánta agus a hamhráin sa bhéaloideas, cosúil le filí eile ag an am sin, mar shampla Antoine Ó Raifteiri. Scríobh sí "Cath Chéim an Fhia".
288
Germaine Greer. Scoláire, iriseoir agus scríbhneoir feimineach is ea Germaine Greer. Rugadh í ar 29 Eanáir 1939 san Astráil.
51
Trealamh fréamhrochtana. Is éard atá i gceist le trealamh fréamhrochtana (Béarla: "root access kit" nó "rootkit") ná bogearra (ríomhchlár) mailíseach atá ceaptha go sainiúil le truailliú an chórais a choinneáil faoi cheilt. An duine a bhfuil cearta an riarthóra aige sa chóras, deirtear, i dtéarmaíocht an chórais úd UNIX, go bhfuil "fréamhrochtain" aige. An trealamh fréamhrochtana, arís, is ríomhchlár é a bhfuil an cineál sin rochtain aige ar an gcóras i ngan fhios do na húsáideoirí dlíthiúla, agus é in inmhe dochar agus damáiste a dhéanamh dá réir.
235
Seosamh Ó Cainín. Is iománaí é Seosamh Ó Cainín, nó Joe Canning mar a thugtar air i mBéarla. As Port Omna i gContae na Gaillimhe dó agus imríonn sé mar thosaí leis CLG Port Omna agus d'imríodh sé le foireann CLG Chontae na Gaillimhe. Thosaigh sé ag imirt le sinsir na Gaillimhe sa bhliain 2008 i rith an tsraithchomórtais iománaíochta agus bhí sé ina imreoir tábhachtach dóibh ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ceaptar go bhfuil sé ar dhuine de na hiománaithe ab fhearr riamh agus is máistir i mbun a cheirde é nuair a bhíonn sé faoi lán seoil i bPáirc an Chrócaigh. Bhuaigh Seosamh boinn Uile Éirinn ag leibhéal mionúir, faoi-21 agus sinsir le Gaillimh agus chomh maith leis sin, tá sé ina bhuaiteoir ar Chraobh Laighean agus ar an tSraith Iomána Náisiúnta. Ag leibhéal na gclub, bhuaigh sé 5 chraobh contae agus bhí sé ina bhuaiteoir ar 4 Chraobh Shinsear Iomána Club na hÉireann leis an mbua is déanaí sa bhliain 2014 in aghaidh Raonaithe Stua Laighean. Chomh maith leis na boinn a bhuaigh sé lena fhoireann, tá roinnt gradam pearsanta faighte ag Ó Cainín as ucht a chuid éachtaí aonair. Ba é “Imreoir Óg na Bliana” ina chéad séasúr ag imirt sa chraobhchomórtas in 2008. Tá 4 ghradam "All Star" aige agus bhuaigh sé “Imreoir na Bliana” in 2017. Bhí sé san áireamh ar Fhoireann na hAoise agus ar an bhfoireann is fearr i nGaillimh le caoga bliain anuas. Scéal a bheatha. Teaghlach. Rugadh Seosamh Ó Cainín i bPort Omna i 1988 go tuismitheoirí Seán agus Josephine. Tá traidisiún mór iománaíochta ina theaghlach go háirithe maidir le Port Omna. D’imir a uncail Frank Ó Cainín trí bliana mionúir sna seascaidí agus bhí sé ar fhoireann sinsir iománaíochta na Gaillimhe freisin. Is deartháir le Séamus, Frank, Davy, , Ivan agus Deirdre é. D'éirigh le gach duine de na siblíní sin dul ar aghaidh chun bonn Uile-Éireann a bhuachan ag leibhéal club nó idirchontae i gcúrsaí iománaíochta nó camógaíochta. D'imir Ollie d'iománaithe sinsearacha na Gaillimhe agus bhí sé ina chaptaen orthu agus bhuaigh sé ceithre ghradam "All Star", agus d'imir Deirdre d'fhoireann camógaíochta an chontae freisin. Gan dabht, tháinig grá iománaíochta óna theaghlach. Briseann an dúchas trí shúile an chait, mar a deir an seanchas. Saol lasmuigh den spóirt. D'fhreastail Seosamh ar an scoil áitiúil: Scoil Mhuire Gortanumera. Tar éis a thréimhse ansin, d'imigh sé ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar ghnó agus ar mhargaíocht ag Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Oibríonn Seosamh i gcúrsaí caidrimh poiblí agus gnó ag an am seo, ag obair le Camille Thai, agus is ambasadóir branda é do . Chomh maith leis sin, i mí Meán Fómhair 2010, ceapadh Seosamh mar Ambasadóir do . Thaistil sé thar lear leis an gcarthanas seo ar thuras go Aleppo sa tSiria. Saol mar Imreoir. Club. Imríonn Seosamh le Port Omna agus glactar leo mar cheann de na clubanna iomána is láidre a bhí ann ó thús an C.L.G. Thosaigh Seosamh amach lena chlub go hóg agus d'imir sé leo gach leibhéal faoi aois. D'imir sé leis an bhfoireann sinsir den chéad uair i gCraobh an Chontae in 2004. Bhí sé cúig bliana déag d'aois. D'imir sé mar lántosaí sa chúinne i gcoinne Béal Átha na Rí sa chraobh an bhliain sin. Faraor chaill sé 0-15 i gcoinne 0-13. In 2005, bhain Port Omna craobh an chontae amach don tríú huair as a chéile. Bhí Seosamh anois ag imirt sa chraobh don dara huair. D'aimsigh Seosamh 1-11 sa chluiche seo, a chabhraigh go mór le Port Omna an bua a fháil, 3-21 in aghaidh 3-12. Ba é seo an dara huair riamh don chlub craobh an chontae a bhuachan agus an chéad uair do Sheosamh bonn órga an chontae a bhaint amach. Roimh dheireadh na bliana, bhí bonn bainte amach aige dó féin chomh maith agus é mar phríomhscórálaí ag Port Omna nuair a bhuadar ar Ceithre Bhóthar 2-22 i gcoinne 0-6 i gCraobh Chonnacht. Bhí ról lárnach ag Seosamh chomh maith nuair a bhuaigh a chlub Craobh na hÉireann i gcoinne Baile Nua an tSeanna Droma ar an 17ú Márta 2006. D'aimsigh Seosamh 1-6, bhuaigh sé an gradam “Laoch an Chluiche” agus an scór deiridh a bhí ann ná 2-8 i gcoinne 1-6. An bhliain dár gcionn, chaill Port Omna i gcoinne Baile Locha Ríach i gcraobh an chontae, in ainneoin iarrachtaí Uí Chainín a d'aimsigh seacht gcinn de phointí. D'éirigh le Port Omna cúrsaí a chasadh timpeall arís i 2007, nuair a bhuaigh Seosamh craobh an chontae don dara huair, agus leanadar ar aghaidh chun Craobh Chonnacht a bhaint amach freisin. Bhí Ó Cainín ag imirt mar lántosaí ar chlé nuair a d'imir sé ina thríú craobh an chontae as a chéile. D'aimsigh sé 3-4 agus bua mór ag a chlub i gcoinne Chinn Mhara, 6-12 in aghaidh 0-11. Ar an 18ú Samhna nuair a bhuaigh Port Omna ar Séamus Stíofán Mhaigh Eo, d'aimsigh Seosamh 0-5 mar chuid den bhua a bhí acu 6-23 le 0-07. Ba é seo an chraobh deireanach sa chontae san iomáint ag grád na sinsir. I gCraobh na hÉireann i bPáirc An Chrócaigh an freasúra a bhí rompu an uair seo ná Biorra, an fhoireann club ba rathúla a bhí ann riamh. Ar Lá 'le Pádraig os comhair an tslua agus an lucht féachana idirnáisiúnta, d'aimsigh Seosamh 0-10, 8 bpointí ó phocanna saora, ceann amháin a bhí píosa maith níos faide amach ná céad méadar, agus pointe amháin ó phoc sleasa. Le séideadh na feadóige deiridh, bhí an dara bonn Uile Éirinn buaite ag Seosamh, agus bhí sé mar phríomhscórálaí an chomórtais an uair seo le 1-24 aimsithe aige. Ar an dara lá de mhí na Samhna 2008, bhuaigh Seosamh a thríú craobh contae nuair a chaill Gort Inse Guairesa chraobh. 1-18 i gcoinne 2-7. Bhain Port Omna Craobh na hÉireann amach arís, an uair seo bhí mar fheasúra acu. Bhí bua gan mórán stró acu 2-24 i gcoinne 1-8 agus bhí an lámh in uachtar ag Seosamh agus Port Omna don tríú huair. Bhí tionchar mór ag Seosamh ar an gcluiche agus d'aimsigh sé 9 bpointí agus é ag imirt mar lántosaí. Nuair a bhuaigh Port Omna ar Bhaile Locha Ríach i gcraobh an chontae ar 15ú Samhna 2009, d'aimsigh Seosamh 1-10 ó phocanna saora. Lean Port Omna ar aghaidh agus bhaineadar Craobh na hÉireann amach arís. Bhí deis iontach acu iad féin a dhaingniú sna leabhair staire, ní raibh trí chraobh club as a chéile buaite ag aon fhoireann riamh. D'aimsigh Seosamh 10 bpointí ach ní raibh an lá leo an uair seo agus bhí an bua ag Seamróga Bhaile Éill 1-19 i gcoinne 0-17. Ar an 28ú Deireadh Fómhair 2013, bhuaigh Seosamh craobh an chontae don chúigiú huair. Um a dtaca seo bhí sé ag imirt mar leath-thosaí ar chlé. Bhuaigh Port Omna le scór 3-12 i gcoinne 0-14 in aghaidh Baile Locha Ríach. D'aimsigh Seosamh 1-5. Bhaineadar Craobh na hÉireann amach arís agus ar Lá 'le Pádraig 2014 chuir Seosamh bonn uile Éirinn eile ina phóca, an uair seo d'aimsigh sé 10 bpointí. Bhuaigh Port Omna ar 0-19 i gcoinne 0-11. Ar an 14ú Nollag, d'aimsigh Seosamh 0-06 nuair a chaill sé féin agus a chlub i gcoinne Gort i gcraobh an chontae na bliana sin. Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. I 2007 bhí Seosamh mar bhall d'fhoireann na hinstitiúide don chéad uair. Bhuaigh sé Corn Mhic Ghiobúin leo nuair a bhfuaireadar an ceann is fearr ar Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh sa chraobh 2-15 le 0-13. Bhí sé mar aidhim ag L.I.T an corn a bhuachaint dhá uair as a chéile i 2008 agus thuilleadar áit amach dóibh féin sa chraobh in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Port Láirge. Cé gur éirigh le Ó Cainín éacht a dhéanamh agus 1-16 a aimsiú, níor éírigh leo an bó a chuir thar abhann. Cé nár bhuaigh Seosamh ach craobh amháin amach agus é ag imirt ag an tríú leibhéal, ainmníodh mar sin féin é ar Fhoireann an Chéid don Chorn Mhic Ghiobúin I 2012. Ainmníodh mar lán tosach é. Ag Imirt lena Chontae. Mionúir agus Faoi 21. D'imir Seosamh le Gaillimh don chéad uair agus é ag imirt leis na mionúir. Ní raibh sé ach cúig bliana déag d'aois nuair a d'imir sé leo i Mí Lúnasa 2004. D'aimsigh sé 1-1 agus bhí an bua aige ar Chorcaigh, sa leathchraobh, 2-15 le 1-13. Sa chraobh le Cill Chainnigh, níor aimsigh sé ach cúilín amháin agus bhí có-scór ann ag deireadh an lae ar an 12ú Meán Fómhair. D'éirigh le Gaillimh teacht tríd san athimirt tar éis dianchoimhlint le scór 0-16 in aghaidh 1-12 agus dá bharr seo bhí Craobh na hÉireann Faoi 18 buaite ag Seosamh don chéad uair. Ar an 11ú Meán Fómhair 2005 bhí Seosamh ag imirt mar lan tosaí sa chúinne agus é ar ais i gcraobh na hÉireann arís. Ba é an príomhscórálaí dá chontae é, ag aimsiú 1-3 dó féin mar chuid den scór iomlán 3-12 in aghaidh 0-17 a d'aimsigh Luimneach. Ceapadh Seosamh ina chaptaen don chraobh 2006, agus bhí Gaillimh ag iarraidh an tríú craobh as a chéile a bhuachaint. Ní raibh Craobh na hÉireann buaite ag éinne trí uaire as a chéile ón uair gur bhain Jimmy Doyle sin amach i 1957. Chríochnaigh Gaillimh sa dara háit ar an lá seo, bhí an bua ag Tiobraid Árann orthu 2-18 in aghaidh 2-07. D'aimsigh Seosamh 0-5. D'fhógair Ó Cainín níos déanaí go raibh sé de cheart agus de chumas ag an bhfoireann taispeántas níos  fearr ná sin a thabhairt sa chluiche sin. Ar an 19ú lá Lughnasa, agus é fós ina bhall den fhoireann mionúir, tháinig Seosamh chun párce leis an bhfoireann faoi 21 don chéad uair. Tháinig sé chun páirce mar fhear ionaid i gcoinne Chill Chainnigh agus léirigh sé a chuid scileanna ar fad ag aimsiú 2-4. Chaill Gaillimh Leathchraobh na hÉireann an lá sin, 1-24 le 2-12. Bhí uimhir a 14 ar a dhroim aige nuair a d'imir Seosamh i gCraobh na hÉireann Faoi 21 ar an 8ú lá Meán Fómhair 2008. Bhuaigh Gaillimh ar Bhaile Átha Cliath an lá sin 5-11 le 0-12 agus d'aimsigh Seosamh 0-3. Níor bhuaigh Seosamh Craobh na hÉireann ag an leibhéal faoi 21 ach uair amháin. Sna bliannta a bhí fágtha aige ag imirt faoi 21 chaill Gaillimh sa leathchraobh faoi dhó. Bhí Seosamh ina chaptaen I 2009 nuair a d'imir sé ina fheachtas deireanach faoi 21. Sinsear. Bhí clú agus cáil ar Sheosamh tar éis dó a chud cumais ag nochtú don saol iománaíochta agus é ag imirt faoi aois. Bhí súil ag an bpobal go mbeadh e ag imirt le foireann shinsear a chontae go luath. Tugadh cuireadh dó imirt le Sinsear na Gaillimhe i 2006, agus iad i gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Cill Chainnigh. Bheartaigh sé díriú ar an ról a bhí aige mar chaptaen ar an bhfoireann mionúir. Chaill na sinsear an cluiche seo, agus mar gheall ar seo fuair bainisteoir na foirne, Conor Hayes bata agus bóthar ón bpost sin. Arís i 2007 beartaigh Seosamh gan dul ag imirt leis an bhfoireann shinsear, ach bhí daoine ag glacadh leis go mbeadh sé mar chuid den fhoireann i 2008, a bhí anois faoi stiúir . Thug Ó Cainín tús áite dá chlub go luath i 2008 ach tar éis do Phort Omna an beart a dhéanamh ar Lá 'le Pádraig ghlac sé le háit ar an bpainéal chomh maith le neart imreoirí eile óna chlub féin. Ar an 13ú Aibreáin 2008 d'imir sé a chéad chluiche ag grád na sinsear le Gaillimh. Chaill Gaillimh i gcoinne Corcaigh an lá áirithe sin 2-22 le 0-24 ach bhí ábhair dóchais ann agus Seosamh ag aimsiú 0-4 le poc sleasa amháin san áireamh. Ar an 20ú lá Aibreáin agus é mar lán tosach ar chlé d'aimsigh Ó Cainín 1-6 i gCraobh na Sraithe. Bhuaigh Tiobraid Árann orthu le scór 3-18 in aghaidh 3-16. Ar an 28ú lá Meithimh na bliana sin tháinig Seosamh chun páirce sa chraobhchomórtas don chéad uair. D'aimsigh sé 2-6 agus Gaillimh ag tabhairt léasadh do Aontroim, 6-21 le 1-10. Bhuaigh sé All Star agus an gradam “Imreoir Óg na Bliana i 2008. I gCraobhchomórtas na hÉireann i 2009 ba é Seosamh an príomhscórálaí le 3-46. Bhuaigh sé gradam Allstar eile dó féin, mar lán tosach. Ar an dara lá Bealtaine, 2010 bhí Seosamh arís mar lán tosach agus chruinnigh sé 1-5 dó féin nuair a chaill Gaillimh i gcoinne Corcaigh sa Chraobh Sraithe 2-22 in aghaidh 1-17. Ar an 4ú lá Iúil d'imir Ó Cainín i gCraobh Laighean don chéad uair. Bhí an lámh in uachtar ag Cill Chainnigh orthu le scór 1-19 in aghaidh 1-12. Ag deireadh na bliana sin bhí Seosamh mar phríomhscórálaí a chontae arís. Bhí sé san iomaíocht le haghaidh Allstar eile chomh maith. I 2011 ní raibh feachtas ró-iontach ag Gaillimh sa tsraith nó sa chraobh, ach ag deireadh na dála, ainmníodh Seosamh ar an ngearrliosta le haghaidh na hAllstars arís. Ar an 8ú lá Iúil 2012 d'aimsigh Seosamh 1-10 nuair a bhuaigh Gaillimh ar Chill Chainnigh I gCraobh Laighean le scór 2-21 in aghaidh 2-12. Ní raibh sé seo déanta ag Gaillimh riamh roimhe seo. Bronnadh an gradam “Laoch an Chluiche” air chomh maith. Cill Chainnigh a bhí rompu i gCraobh na hÉireann na bliana sin freisin, agus bhí có-scór ann sa chraobh ar an 7ú lá Meán Fómhair. Chuir Ó Cainín puc saor thar an trasnán go déanach sa chluiche le deis eile a thabhairt don Ghaillimh. San áth-imirt bhí fonn díoltais ar na Cait, in ainneoin iarrachtaí Uí Chainín a d'aimsigh 9 bpointí chaill Gaillimh 3-22 in aghaidh 3-11 rud a chinntigh go raibh greim go fóill ag Cill Chainnigh ar an gcorn. Bhuaigh Seosamh gradam Allstar eile ag deireadh na séasúra. Ar an 7ú Iúil chaill Gaillimh in aghaidh Baile Átha Cliath 2-25 i gcoinne 2-13 i gCraobh Laighean. D'aimsigh Seosamh 1-7. Caithfear a admháil nach raibh feachtas ró-iontach ag Seosamh le linn 2013, agus theip air fiú áit a bhaint amach ar an ngearrliosta do na hAllstars. I 2014 bhí Seosamh mar chaptaen ar an bhfoireann agus shroicheadar Craobh Laighean, in aghaidh Cill Chainnigh. Beidh cuimhne go deo ar an gcúl a d'aimsigh sé an lá sin. Le 33 nóiméad imithe ar an gclog agus é casta timpeall an treo mícheart tháinig an sliotar ina threo. Rug sé ar an liathróid le lámh amháin, a chorp chéanna féin ag casadh agus de scaoil sé iarracht chumhachtach thar . Chaill Gaillimh 1-23 in aghaidh 2-17. Sa chraobh ar an 6ú lá Meán Fómhair chailleadar arís in aghaidh Chill Chainnigh. 1-22 in aghaidh 1-18 an scór deiridh  a bhí eatarthu. D'aimsigh Seosamh 1-8. Sa chomórtas ar fad d'aimsigh sé 5-55, rud a d'fhág mar phríomhscórálaí arís é.Ar an tríú lá Iúil d'aimsigh Seosamh 0-6 nuair a bhuaigh Cill Chainnigh orthu 1-26 in aghaidh 0-22. I Mí Lúnasa, nuair a bhí rás na Gaillimhe rite sa chomórtas, d'imigh Seosamh faoin scian chun gortú ar mhatán ina chos a shocrú. D'fhill Seosamh ón ngortú seo ar an 19ú Feabhra 2017. Tháinig sé chun páirce mar fhear ionaid sa dara leath i gcoinne Loch Gormáin. D'aimsigh sé cúl ó phuc éirice ach chaill Gaillimh 3-13 in aghaidh 1-21. Lean Gaillimh ar aghaidh agus bhuadar an sraithchomórtas sin, le bua acu ar Thiobraid Árann sa chraobh 3-21 in aghaidh 0-14. D'aimsigh Seosamh 9 bpointí. Bhain Gaillimh áit amach i gCraobh Laighean agus bhuadar é seo, i gcoinne Loch Gormáin. Le taispeántas eile den scoth d'aimsigh Ó Cainín 10 bpointí agus chríochnaigh cúrsaí 0-26 in aghaidh 2-17. Lean Gaillimh ar aghaidh agus bhaineadar Craobh na hÉireann amach. Bhí uair na cinniúna buailte leo! Port Láirge a bhí mar fhreasúra acu sa chraobh agus an dá chontae ag iarraidh deireadh a chur leis an ngorta a bhí acu le fada an lá anuas. Bhí an lá le Gaillimh, 0-26 in aghaidh 2-17 agus chabhraigh Seosamh go mór lena chontae an chéad chraobh a bhuachaint le 29 bliain. Bhuaigh sé gradam Allstar agus an gradam mór le rá, “Imreoir na Bliana”. Thug bainisteoir na Gaillimhe le fios i Mí na Samhna 2017 go raibh Ó Cainín ag teacht ar ais chuige féin tar éis dó dul faoin scian arís. D'fhill sé ar an traenáil in Earrach na bliana 2018, ach níor éirigh leis imirt sna cluichí luath sraithe agus bhí tionchur diúltach ag a chuid gortaithe air don tséasúr ar fad. D'éirigh leis 0-6 a aimsiú sa chó-scór a bhí ag an nGaillimh le Cill Chainnigh i gCraobh Laighean. Seachtain tar éis seo d'aimsigh sé 0-10 agus bua ag an nGailleamh 1-28 in aghaidh 3-15. Bhí Seosamh roghnaithe mar leaththosaí sa lár nuair a bhí siad féin agus Luimneamh ag bualadh lena chéile sa leathchraobh. Bhí iarracht ag Ó Cainín in am breise chun an cluiche a chothromú. Theip air, bhí a iarracht róghairid. Bhuaigh Seosamh Allstar eile i 2018. Ainmníodh mar leaththosaí sa lár é. Ar an 19ú Márta 2019 d'fhulaing Seosamh drochghortú dá bhléin. Bhí gá le hoibréad eile, choimeád sé seo ar an taobhlíne é ar feah tréimhse fhada. D'fhill sé ar an bpáirc imeartha i Meitheamh na bliana sin. Chaill Gaillimh in aghaidh Bhaile Átha Cliath sna babhtaí luatha de chraobh chomórtas Laighean, rud a chuir deireadh le feachtas na bliana sin.
6,780
814.
3
Robert Frost. File Meiriceánach ab ea Robert Lee Frost (26 Márta, 1874 – 29 Eanáir, 1963). Bhain sé clú agus cáil amach i rith a shaoil agus bhuaigh sé 4 Duais Pulitzer.
65
Béarlachas. I gcúrsaí Gaeilge go háirithe, tugtar Béarlachas ar thionchar an Bhéarla ar an nGaeilge (nó ar aon teanga eile), go háirithe nuair atáthar ag tabhairt le fios nach bhfuil fáilte roimh an gcineál sin tionchair. Dar le Ní Ghallchobhair (2014) in "Ar dTéarmaí Féin" "Baineann Béarlachas le comhréir, ní le focail...Níl aon bhaint ag an bhfeiniméan seo le hiasachtaí...ní chuireann iasachtaí isteach ar chomhréir. Baineann Béarlachas le structhúir Bhéarla a iompar isteach sa Ghaeilge " (177). Stair na Teagmhála Béarla-Gaeilge. Is deacair na hiasachtaí Béarla is sine sa Ghaeilge a aithint thar na hiasachtaí Angla-Normainnise - is é sin, na focail a tháinig isteach ón leagan Sasanach den Fhraincis Normannach. Go bunúsach, thosaigh na Normannaigh ag sealbhú na hÉireann réasúnta gairid i ndiaidh dóibh Sasana a fhorghabháil, agus iad ag labhairt Fraincise i gcónaí. Mar sin, chuaigh na céadta iasachtaí den chineál seo in úsáid sa dá theanga - idir Mheán-Bhéarla agus Nua-Ghaeilge Mhoch - faoin am céanna, agus is minic nach féidir a rá, cé acu a fuarthas focal áirithe tríd an mBéarla nó go díreach ón bhFraincis. Na focail iasachta a d'éirigh coitianta sa Ghaeilge san am seo, is minic a bhain siad le cúrsaí dlí nó riaracháin, cosúil le "barántas", "baille", "constábla", "cúirt", "contae", "cuntas", "giúistís", "páiste" (is ionann é, ó thús, agus péiste, is é sin, cineál giolla nó buachaill freastail), "plé" (focal atá gaolmhar le "plea" an Bhéarla), "prionsa", "searbhónta", "sclábhaí". Bhain iasachtaí eile ón tréimhse seo leis an ailtireacht agus leis an tógáil: "túr", "boghta", "casúr". Fuair an chogaíocht féin culaith nua sa Ghaeilge: "captaen", "móta", "príosún". Bhí iasachtaí eile ann agus iad ag roinnt leis an bhfaisean agus le cineálacha nua bia: "bagún", "biotáille", "clóca", "cóta", "dinéar", "féasta", "gúna", "mála", "péarla", "spíosra", "oinniún". (McManus, lch. 442) Maidir le sliocht an Bhéarla ar chomhréir na Gaeilge - ar an dul a bhíonn ar an teanga agus ar an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile - is é tuairim Williams (Williams, lgh. 465-466) gurb i dtús na seachtú haoise déag a tháinig an tionchar sin chun solais sa teanga scríofa i ndáiríre. Luann sé samplaí mar "tá an ghrian suas" ("the sun is up", in áit "tá an ghrian thuas", mar shampla - "thuas" ab fhearr a rá le "up" an Bhéarla a aistriú go Gaeilge nuair nach bhfuiltear ag tagairt don ghluaiseacht). Is dóigh le Williams gur tháinig an teilgean cainte "tá mé den tuairim/tá mé den bharúil go..." ("I am of the opinion that...") chun saoil faoi thionchar an Bhéarla. An té ar mhaith leis gan dul i dtuilleamaí leaganacha den chineál seo ina chuid Gaeilge, seanbhunaithe is uile mar atá siad, is féidir leis úsáid a bhaint as na teilgeanacha dúchasacha "is dóigh liom go...", "tá mé barúlach go...", nó "tá mé inbharúla go...". Is féidir teacht ar an bhfocal "opinion" féin sa Ghaeilge - is mar "oipineon" nó mar "oipiniún" a litrítear é - ach spéisiúil go leor, is beag úsáid a bhaintear as inniu taobh amuigh de na foclóirí. (Tá sé i bhfad níos coitianta sa Bhreatnais, ar ndóigh - "piniwn" an litriú Breatnaise.) Luann Williams freisin an leagan "muinín a chur i nduine" mar shampla den Bhéarlachas a bhí le fáil sa teanga sular thosaigh an meath ag teacht ar úsáid choitianta na Gaeilge i sochaí na hÉireann. Tháinig sé ar an leagan "nach cóir muinín ar bith a chur iontu" ("no confidence ought to be placed in them" sa bhuntéacs) sa leagan Gaeilge den Teagasc Críostaí le hA. Ó Duinnshléibhe a chuaigh i gcló sa bhliain 1848. As rud a bhíonn a mhuinín ag an duine sa Ghaeilge, de ghnáth, mar a deir Williams féin, agus b'fhearr leagan cosúil le "nach cóir muinín a bheith ag aon duine astu" leis an sliocht faoi chaibidil a aistriú, is dócha. Bíonn na daoine in umar an éadóchais inniu i leith an Bhéarlachais, ach ní mór cuimhne a choinneáil air gurb iomaí cineál Béarlachais a chuaigh in éag nó nach ndeachaigh i ngnáthúsáid sa teanga scríofa riamh, fiú ag scríbhneoirí Gaeilge na Galltachta. Bíonn an teilgean cainte "iompar amach" (cf. "carry out" an Bhéarla) ar fáil sa chiall "comhlíonadh, cur i gcrich" ag Seán Bán Mac Meanman in áiteanna, ach is ar éigean a d'fheicfeá é in iriseoireacht Gaeilge ár linne féin. Mar a dúirt Seán Ó Curraoin: "Cuid de na hiasachtaí ón mBéarla tá siad chomh fada sa teanga go ndearnadh focal nua astu ach tá cuid acu imithe as an teanga arís mar nach dteastaíonn siad níos mó. Sampla de sin is ea "loan money". Is é an focal a tháinig as an dá fhocal sin "lúmannaí". Ní úsáidtear an focal seo níos mó cé go bhfuil sé ag na seandaoine." (Ó Curraoin lch. 43) Samplaí den Bhéarlachas. Focail Iasachta. Is léir gur féidir úsáid a bhaint as pé focal Béarla i ngnáthchaint na Gaeilge inniu, ós rud é nach bhfuil teacht ar chainteoir Gaeilge - cainteoir dúchais nó foghlaimeoir - nach mbeadh Béarla éigin aige chomh maith. Scéal eile ar fad go bhfuil glacadh coitianta sna canúintí lena lán focal Béarla nach bhfeictear sa teanga scríofa ná i bhfoclóir Uí Dhónaill ar aon nós. (Ní mór a chuimhneamh nach raibh Niall Ó Dónaill róthormasach ar na focail iasachta ón mBéarla, má bhí siad seanghreamaithe i nGaeilge na Gaeltachta.) Comhréir. Chonaiceamar cheana féin gurb "as" rud nó duine is minicí a bhíonn muinin agat i nGaeilge, ach go bhfuilimid tosaithe ag "cur" muiníne "i" ndaoine faoi thionchar an Bhéarla. Is dócha freisin gurb é an Béarla is cúis leis an úsáid ghníomhach a bhaint as an rangabháil. Go bunúsach, rangabháil chéasta is ea an rangabháil (an aidiacht bhriathartha) sa Ghaeilge, - is é sin, má deirimid "tá X caite", is éard atá i gceist againn ná go bhfuiltear tar éis X a chaitheamh. Is minic, áfach, a úsáidtear an rangabháil sa chiall ghníomhach inniu. Má deirimid "tá X críochnaithe", mar shampla, beidh tuilleadh comhthéacs de dhíth le fáil amach cé acu a críochnaíodh X, nó an ea gurbh é X a rinne an críochnú. Má deirimid "tá Seán críochnaithe", is féidir linn a bheith ag rá go bhfuil Seán tar éis a chuid oibre a chríochnú, ach is féidir linn freisin a bheith ag rá go bhfuil Seán "críochnaithe" ar fad ag na buachaillí dána a d'ionsaigh é le greidimíní a thabhairt dó. Go traidisiúnta, ní raibh ach an dara ciall leis an rangabháil: mar sin, b'fhearr "tá an obair críochnaithe aige" a rá, seachas "tá sé críochnaithe ag obair". I nGaeilge na Mumhan is minicí a úsáidtear an rangabháil sa chiall ghníomhach: uaireanta, d'fheicfeá, fiú, "tá sé fágtha an baile" in áit "tá an baile fágtha aige". Mar chuid den chomhréir is fearr lomaistriúcháin áirithe ón mBéarla a phlé: Foirmeacha Gramadaí. Fuair an Ghaeilge an iarmhír gramadaí úd "-s" ar iasacht ón mBéarla, iarmhír iolra na n-ainmfhocal. Ní thugtar aitheantas dó sa teanga scríofa, ach bíonn sé réasúnta coitianta ag focail iasachta ón mBéarla, go háirithe má tá níos mó ná aon siolla amháin acu: "mótars" (in áit "mótair"), mar shampla. Tabhair faoi deara freisin an fhoirm iolra iasachta úd "leads" (< "lads" an Bhéarla - "leaideanna" an leagan oifigiúil). Uaireanta, áfach, feictear foirmeacha iolra cosúil le "gadaíos", "céilíos", go háirithe i gcanúintí ina bhfuil an -th- idir gutaí ar lár, ionas nach féidir an fhoirm uatha ("gadaí, céilí") a aithint thar an bhfoirm iolra ("gadaithe, céilithe") ar an bhfuaimniú. I gcaint na bpáistí, cuirtear an -s seo le hiolraí dúchasacha uaireanta (Ó Siadhail lch. 163). Seachaint an Bhéarlachais. An té atá ag iarraidh Béarlachas a sheachaint, ba chóir dó thar aon rud eile bheith chomh heolach agus is féidir ar an teanga thraidisiúnta, ar na bailiúcháin bhéaloidis agus ar litriocht na scríbhneoirí Gaeltachta. Is minic a bhíonn daoine nach bhfuil ach breaceolas acu ar an nGaeilge ag lochtú mhuintir na Gaeltachta as a bheith ag úsáid focail Bhéarla agus iad seanbhunaithe sa chanúint. San am céanna, is minic a bhíonn beachtairí den chineál seo ag cur na teanga as a riocht trí struchtúir Bhéarla a chur i bhfeidhm uirthi. Nuair atáthar ag trácht ar fhocail Bhéarla sa Ghaeilge, is léir gur chóir don chainteoir mhaith gan úsáid a bhaint as nua-iasachtaí, go háirithe mura féidir iad a chur in oiriúint do chóras fuaimeanna agus litrithe na teanga. Ón taobh eile de, níl sé ciallmhar locht a fháil ar fhocail atá sa teanga ó laethanta na Normannach anuas, agus caithfidh an foghlaimeoir dúthrachtach staidéar a dhéanamh ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge leis na seaniasachtaí a aithint agus a úsáid. Scéal ar leith iad focail ar nós "nóisean". Más iasacht réasúnta nua atá ann, tá ciall ar leith leis sa Ghaeilge: an buachaill a bhfuil nóisean aige do ghirseach, tá cineál teasghrá tugtha aige di. Thairis sin, is féidir "nóisean" a thabhairt ar smaoineamh neamhphraiticiúil nó míréasúnta. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil ciall an fhocail beagáinín difriúil sa dá theanga. An duine atá ag iarraidh "Béarlachas" a sheachaint, ar chóir dó an focal a sheachaint scun scan, ós rud é gur focal iasachta ón mBéarla é, nó an mbeadh sé níos tábhachtaí taobhshúil a choinneáil ar an gciall a bhíonn leis an bhfocal sa chaint thraidisiúnta, gan an focal a chaitheamh i dtraipisí ar fad ar fad? Sa bhliain 1957, foilsíodh an leabhar úd "Lorg an Bhéarla" le Seán Mac Maoláin, agus é ar fáil ar an Idirlíon inniu . Cháin Mac Maoláin an tuiscint mhícheart a bhí ag cuid de na foghlaimeoirí ar cheart na Gaeilge, agus rinne sé iarracht leigheas na faidhbe a thabhairt. Cainteoir dúchais a bhí ann féin agus tuiscint aige ar an teangeolaíocht. Seo thíos cuid de na pointí a bhí aige: Úsáid na hAimsire Gnáthláithrí. Ní ceart úsáid a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach ("-ann, -íonn") ar lorg "nuair" má úsáidtear an aimsir fháistineach sa phríomhchlásal. Caithfear an aimsir fháistineach a úsáid san fhochlásal fosta. As Béarla, deirtear: "When Johnny comes home, we will be happy." Aistrítear an méid seo go Gaeilge mar seo: "Beidh lúcháir" - nó "áthas", nó "rímhéad" - "orainn nuair a thiocfaidh Seáinín abhaile." (Ar lorg "nuair", is féidir úsáid a bhaint as an bhfoirm "thiocfas" freisin, ar ndóigh, ach ní thugann an Caighdeán aitheantas don fhoirm sin, cé go bhfuil sí coitianta sna canúintí thiar agus thuaidh.) Scéal eile ar fad é go bhfuil sé ceart an aimsir ghnáthláithreach a úsáid ar lorg "má": "Má thagann Seáinín abhaile, beidh lúcháir orainn." Bhí Mac Maoláin barúlach freisin nár chóir ach an aimsir láithreach fhoshuiteach a úsáid ar lorg "mura" in abairtí cosúil le "Mura dtaga" (nó "mura dtara, mura dtige" i gcanúintí áirithe - coinnigh cuimhne air freisin gurb ionann iad "mura", "mara" agus "muna" ó thaobh na céille agus na húsáide de) "an bus roimh a trí a chlog, ní thiocfaidh sí ar aon nós." Inniu, áfach, dealraíonn sé go bhfuil glacadh forleathan leis an aimsir ghnáthláithreach ar lorg "mura", toisc go bhfuil an aimsir láithreach fhoshuiteach ag dul in éag, agus na daoine aineolach uirthi agus ar a ceartúsáid. Is dócha gur fearr an aimsir fháistineach a úsáid anseo freisin, an té nach bhfuil in ann modh foshuiteach na haimsire láithrí a úsáid, ó nár fhoghlaim sé ar scoil é: "Mura dtiocfaidh an bus roimh a trí a chlog, ní thiocfaidh sí ar aon nós." Aimsir "ghnáth"láithreach atá ann, is é sin, foirm atá dírithe ar chur síos a thabhairt ar rudaí a bhíonn ag titim amach de ghnáth, ó am go ham. Mar sin, bhí Mac Maoláin míshásta leis an dóigh a mbítí ag baint úsáide as an aimsir seo "i dtuairiscí ar éagasc tíre", mar a dúirt sé féin, is é sin, i dtuairiscí tíreolaíochta, cosúil leis an gceann seo: "Éiríonn an sliabh seo go dtí airde dhá mhíle troigh." Is é an trácht a rinne sé ar a leithéid ná gur féidir gur éirigh an sliabh a airde sin "uair éigin anallód", ach go bhfuil an sliabh socair suaimhneach inniu, agus gur chóir na focail a roghnú dá réir sin: ""Tá" an sliabh seo dhá mhíle troigh ar airde". Úsáid na hAimsire Caite. Ní hionann aimsir chaite na Gaeilge agus aimsir chaite an Bhéarla, nó tá blas láidir na foirfeachta ar aimsir chaite na Gaeilge, agus is minic a fhreagraíonn sí d'aimsir fhoirfe an Bhéarla - is é sin, is féidir d'fhoirmeacha cosúil le "fuair", "chuaigh", "chonaic" agus araile a bheith ag déanamh gnó na leaganacha Béarla úd "has found/got", "has gone", "has seen" agus araile. Ón taobh eile de, is minic a úsáidtear leagan cosúil le "did" nó "came" sa Bhéarla nuair ab oiriúnaí "bhí...ag déanamh", "bhí...ag teacht" a rá as Gaeilge. Thug Mac Maoláin an abairt shamplach úd "Rory was listening to the noise that came from the opposite side of the glen." Is é an chéad aistriúchán a rithfeadh leis an gcainteoir neamhdhúchais, - dar le Mac Maoláin, - ná "Bhí Ruairí ag éisteacht leis an torann a tháinig ón taobh thall den ghleann." Bheadh a leithéid d'abairt cineál mínádúrtha, arsa Mac Maoláin, nó má "tháinig" an torann, tháinig sé cheana, agus ní raibh tuilleadh ag teacht ná le cloisteáil. Mar sin, ba dóigh le Mac Maoláin, ba chóir a scríobh: "Bhí Ruairí ag éisteacht leis an torann a bhí ag teacht ón taobh thall den ghleann." Má "bhí" tuilleadh den torann "ag teacht" i gcónaí, bhí Ruairí in ann é a chloisteáil. Ar ndóigh, bheadh sé ceart a rá: "Chuala Ruairí an torann a tháinig ón taobh thall den ghleann." Úsáid na hAimsire Fáistiní. Má tá "Is féidir" ann, is ceart an aimsir fháistineach a úsáid ar a lorg. Má tá "B'fhéidir" ann, is fearr an modh coinníollach a úsáid ar a lorg: Béarlachas i dTeangacha Eile. Inniu, tá an Béarla chun tosaigh ar na teangacha eile go léir mar theanga dhomhanda, agus é á shaothrú agus á fhoghlaim ar fud na cruinne. Mar sin, is deacair teacht ar theanga inniu nach bhfuil Béarlachas éigin le haithint uirthi.
5,549
An Zazaicis. Teanga Iaránach is ea an Zazaicis (nó "Dimli"), atá á labhairt san Anatóil, an Tuirc, ag timpeall dhá mhilliún duine.
55
Charlotte's Web (idirdhealán). Úrscéal de chuid E. B. White ón bhliain 1952 is ea Charlotte's Web. Is féidir leis baint freisin le:
48
Rochtain. Is é is brí leis an téarma rochtain ná teacht nó fáil a bheith agat ar chóras ríomhaireachta, ar chomhaid, ar shonraí nó eile. Athleagan canúnach den bhriathar "sroich/sroicheadh" is ea an briathar "rochtaigh/rochtain". Is é an téarma a úsáidtear le "access" an Bhéarla a aistriú go Gaeilge. B'fhearr, áfach, gan an iomarca úsáide a bhaint as taobh amuigh den ríomhaireacht, ós rud é gur focal mór léannta é i nGaeilge an lae inniu nach gcluinfeá i gcaint bheo na Gaeltachta.
207
Seán Heuston. Réabhlóidí Éireannach agus ball de Fianna Éireann ab ea Seán Mac Aodha nó Seán Heuston as Béarla (21 Feabhra, 1891 - 8 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach maidir le bunú na bhFianna agus ba gearr go raibh sé ina oifigeach agus ag mealladh tuilleadh fear. Cuireadh chun báis é i gPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916. Ní raibh sé ach 25 bliana d'aois ag an am. Saol. Rugadh Heuston ar 21 Feabhra 1891 ag 24 Shráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath, mac le John Heuston, cléireach, agus le Maria McDonald. Fuair sé oideachas go dtí an an grád idirmheánach ó na Bráithre Críostaí ar Scoileanna O'’Connell ar Shráid Richmond Thuaidh. Luimneach. Agus é seacht mbliana déag d’aois (1908), chuaigh sé isteach sa Great Southern and Western Railway Company mar chléireach. Bhí sé lonnaithe i Luimneach ar feadh sé bliana, áit a raibh sé gníomhach mar mhaor le Fianna Éireann. Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann, an club gasógaíochta a rinne Bulmer Hobson agus an Chuntaois Markievicz, i mí Lúnasa 1909. D’eagraigh sé brainse an-ghníomhach i Luimneach, ag a raibh ballraíocht de 250 buachaill sa deireadh thiar thall. Chaith sé an chuid is mó den am saor a bhí aige san eagraíocht: ag múineadh Gaeilge agus stair, ag déanamh druileanna, ag máirseáil agus chabhraigh sé le baill íoc as a gcuid éidí. Ar ais i mBÁC, 1913-1916. Aistríodh go Baile Átha Cliath é ag an GSWR in 1913 agus cuireadh chuig oifig an bhainisteoir tráchtála ag stáisiún traenach Kingsbridge é (stáisiún Heuston atá air anois). Sna blianta 1913-1916, bhí Heuston, páirteach in oideachas na mbuachaillí i Scoil Éanna agus d’eagraigh siad druileáil agus cleachtadh le muscaedaíocht. Lean sé leis a chuid oibre le Fianna Éireann, áit ar chas sé le Con Colbert agus Liam Mellows, an bheirt acu feiceálach san eagraíocht. Tugadh ceannas ar bhrainse dó ar an taobh ó thuaidh den chathair, lonnaithe in Hardwick Hall. Tugadh ardú céime dó mar leas-cheannfort de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath agus rinneadh stiúrthóir traenála de freisin. D’earcaigh Colbert agus Pádraig Mac Piarais é chun traenáil a thabhairt do na mic léinn ar Scoil Éanna i ndruileáil agus muscaedaíocht. Ar ócáid na hairm a theacht i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil 1914, stiúir sé fórsa Fhianna a thug seachadadh gunnaí ar ais go Baile Átha Cliath go sábháilte ar chairt. Chuaigh Heuston le hÓglaigh na hÉireann go gairid i ndiaidh a bhunaithe i mí na Samhna 1913. Rinneadh captaen de sa deireadh thiar thall ar an 1ú Cathlán de chuid Ned Daly. D’'oibrigh sé go crua leis a chomplacht, ag eagrú máirseálacha agus inlíochtaí, ag cothú meon dúthrachta agus comrádaíochta, agus ag soláthar airm agus trealaimh trí cheannach agus úsáid á bhaint aige as gach meán a raibh ar láimh aige. Eirí Amach. Ar Luan Cásca tugadh ceannas ar an Institiúid Déiríochta dó, foirgneamh ar an taobh ó dheas ó Abhainn na Life, laistiar de na Cheithre Cúirteanna, mar a raibh Daly agus an 1ú Cathlán lonnaithe. Is é an chúram a bhí ar Heuston ná an bealach idir an Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin ní ba dhéanaí, agus anois ina Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus na Ceithre Cúirteanna ar feadh roinnt uaireanta sa chaoi is go mbeadh am go leor ag Daly agus a raibh fágtha den 1ú Briogáid socrú isteach. Mar a tharla, sheas Heuston agus a chomplacht de 30 fear an fód ar feadh níos mó ná dhá lá. Agus iad timpeallaithe agus gan cúis dóchais acu, ghéill Heuston ar an Chéadaoin. Bású. Cuireadh Seán Heuston os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Coinníodh é i nDún Richmond sular tugadh go Príosún Chill Mhaighneann é. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Bealtaine 1916 agus é cúig déag is fiche bliain d'’aois. B'’é an fear is óige dóibh siúd a cuireadh chun báis. Níor phós sé roimh a bhás. D'’fhág sé a mháthair agus a dheartháir Michael ina dhiaidh, a bhí ina mhac léinn ar an Dominican Priory i dTamhlacht agus é ag dul le sagartacht. Cuimhneachán. I 1966, ainmníodh Stáisiúin Heuston i mBaile Átha Cliath ina chuimhne.
1,573
Donna Summer. Amhránaí iomráiteach ó na 1970idí go dtí na 2010idí ba ea Donna Summer. Thuill sí an leasainm The Queen of Disco mar gheall ar a cuid ceoil. Bhí aithne forleathan uirthi mar gheall ar a cuid ceoil dioscó, a raibh rath air sna 1970idí. Bhí amhráin mór le rá aici, ar nós "Hot Stuff", "I Feel Love" agus "On the Radio". Saol. Rugadh ar an 31 Nollaig, 1948, Boston, Massachusetts, na Stáit Aontaithe í agus baisteadh "LaDonna Adrian Gaines" uirthi. Ailse scamhóg ba thrúig bháis do Summer i bhFlorida ar an 17ú Bealtaine 2012. Bhí sí trom ar an tobac sna blianta tosaigh.
219
Gloria Estefan. Is ceoltóir pop as Miami, Florida sna Stáit Aontaithe í Gloria Estefan (a rugadh in Havana, Cúba ar an 1 Meán Fómhair, 1957). Tá 90 milliúin ceirníní díolta aici ó lár na 1970í agus tá 7 nGrammy bainte aici. Nasc seachtrach. GloriaEstefan.com
108
Domhnach Mór (Contae Chorcaí). Baile fearainn agus paróiste i gContae Chorcaí is ea Domhnach Mór.
38
Charlotte's Web (scannán 2006). Scannán is ea Charlotte's Web ón bhliain 2006, atá bunaithe ar an leabhar le E.B. White.
45
Il Milione. Sé Il Milione (nó "Leabhar Mharco Polo", nó an "Eachtra") an teideal ar leabhar a scríobh Marco Polo faoina chuid eachtraíochta san oirthear, san Áis (sa tSín go háirithe). Rinne sé an taisteal in éineacht lena athair agus a dheartháir siúd idir 1271 agus 1295. De réir an leabhair, bhí cumhacht nach beag ag an údar i gcúirt Kublai Khan. Scríobhadh an leabhar i gceithre i saghas breac-Laidine agus i bhFraincis bhunúsach. Bhreac Rustichello da Pisa an sliocht i bhFraincis síos agus an bheirt díbh faoi ghlas le chéile. Níl cóip den bhunleagan le fáil anois ach braitheann scoláirí ar roinnt aistriúchán a gceaptar a bhfuil botúin iontu. Ainmníodh an leabhar as sloinne Marco Polo, Emilione. Ach táthar ann a deireann gur de bharr an mhiliúin cur i ngcéill a chuirtear i leith an údair a ainmníodh é. Cibé, ba é ceann de na leabhair ar a raibh an tóir is mó air i rith na meánaoiseanna, go háirithe sa cheathrú haois déag.
368
Domhnach Mór. Tá níos mó ná baile amháin ann leis an ainm Domhnach Mór:
30
Spice Girls. Is banna popcheoil as Sasana iad na Spice Girls a bunaíodh sa bhliain 1994. Ba iad Victoria Beckham ("Posh Spice"), Melanie Brown ("Scary Spice"), Emma Bunton ("Baby Spice"), Melanie Chisholm ("Sporty Spice"), agus Geri Halliwell ("Ginger Spice"). D'éirí go ana-mhaith leo sna 1990í agus tháinig tús le ré "Girl Power" agus "Spice-mania", cosúil le "Beatlemania" a tháinig leis na Beatles. Dar leis an BBC, b'iad an banna ceoil le cailíní amháin is mó a bhí ariamh ann cé nár d'eisigh siad ach trí n-albaim. Chuaigh a céad singil darbh ainm "Wannabe" go barr na cairteanna i 31 tír agus tá thart ar 6 milliún cóipeanna de díolta. D'fhág Geri Halliwell i 1998 agus tháinig deireadh leis an ghrúpa gan mhoill ina dhiaidh sin, ach tháinig siad uilig le chéile arís i 2008 fá choinne camchuairt domhanda. Nasc sheactrach. Suíomh oifigiúil
319
Seánra ceoil. Is éard is seánra ceoil ann ná an rang nó catagóir ina gcuirtear ceol áirithe. Ar nós rac-cheol, popcheol nó snagcheol. Baineann eagraíochtaí ar nós Acadamh Náisiúnta na hEalaíona Taifeadta agus Eolaíochta sna Stáit Aontaithe úsáid as seánraí ceoil le duaiseanna Grammy a thabhairt do ceoltóirí áirithe a bhfuil fuaim áirithe acu.
138
Lipéad ceoil. San earnáil ceoil, is trádmharc é lipéad ceoil a bhfuil baint aige le margaíocht a dhéanamh ar ceirníní ceoil nó físeáin ceoil. Lipéadaí is mó inniu. Glaoitear an "Ceathair Mór" orthu ("The big four" as Béarla). Idir na ceithre comhlachtaí tá timpeall 70% do margadh an domhain acu. Lipéadaí neamhspleácha. Glaoitear Lipéad neamhspleách ar na lipéid nach bhfuil bainteach leis an g"Ceathair Mór" . Is ba cúis leis na lipéadaí neamhspleách ná na deacrachtaí a raibh ag bannaí ceoil (agus ceoltóirí srl) chun conradh a fháil, .
229
Destiny's Child. Popghrúpa Meiriceánach é Destiny's Child. D'éirigh go maith leo le linn na 1990í, ach go háirithe sna 2000í nuair a bhí Beyoncé, Kelly agus Michelle ina mbaill de. Tá 50 milliúin ceirníní díolta acu agus dar leis na World Music Awards, b'iad an grúpa ceoil le mná amháin is mó ar domhan.
114
TLC. Is grúpa pop agus hip-hap as na Stáit Aontaithe é TLC, a bhfuil clú domhanda bainte amach acu agus beagnach 45 milliúin ceirníní díolta acu agus 4 Grammy faighte acu. Fuair Lopes bás i dtaisme chairr sa bhliain 2002 agus níor eisigh siad ach albam amháin ina dhiaidh sin, mar atá, "3D". Nasc seachtrach. TLC ag "MTV.com
135
Beyoncé Knowles. Is ceoltóir pop agus R&G, scríbhneoir amhrán agus ban-aisteoir í Beyoncé Giselle Knowles (a rugadh in Houston, Texas, SAM ar an 4 Meán Fómhair, 1981). Tháinig rath uirthi leis an ngrúpa ceoil Destiny's Child. Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid scileanna scríbhneoireachta amhráin agus thuill sí meas de bharr an tallann ilghnéitheach atá aici. Phós sí amhránaí eile, Jay-Z, i 2008. Tá iníon (Blue Ivy) agus cúpla (Rumi agus Sir) acu. Gradaim agus ainmniúcháin. Tá 306 gradaim buaite ag Beyoncé. Tá 852 ainmniúchán faighte aici. Camchuairteanna. Príomh-Chamchuairteanna Comhpríómh-Chamchuairtenna Séonna Rialta
260
Father Goose. Scannán is ea Father Goose ón bhliain 1964.
20
Stevie Wonder. Is ceoltóir pop agus RnB Meiriceánach é Stevie Wonder a rugadh ar an 13 Bealtaine 1950 i Saginaw, Michigan.
46
Fraimis. Galar teochriosach is ea an fhraimis a aithnítear ar athlasadh an chraicinn agus na cnámha. Is é is cúis leis ná an baictéar spireacaetach úd "Treponema pallidum pertenue", agus é dlúthghaolmhar leis an spireacaet is cúis leis an tsifilis (an ghallbholgach, an bholgach Fhrancach). Bíonn an fhraimis le fáil i réigiúin fhliucha thrópaiceacha, ar nós na hAigéine, na hAfraice, na hÁise agus Mheiriceá Theas.
173
Bille Uí Bhrolcháin. , D'fhoilsigh urlabhraí Gaeilge Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO), Doiminic Ó Brolcháin, Ball Thionóil Thuaisceart Éireann , Bille Chun An Ghaeilge Agus An Béarla A Bhunú Mar Theangacha Oifigiúla Thuaisceart Éireann, i dTionól Stormont, ar an 20 Samhain 2008. D'admhaigh Ó Brolcháin go raibh gach seans ann nach nglacfadh an Tionól ó thuaidh leis an mbille, ach dúirt gur shíl sé go spreagfadh an beart díospóireacht agus go bhféadfaí an bille a chur os comhair Pharlaimint na Ríochta Aontaithe in Westminster, dá ndiúltófaí dó in Stormont. Is ceann de bhunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh comhionannas do chearta cultúir agus cothroime gradaim ann idir an dá phobal. Mar sin, ní hionann Tuaisceart Éireann agus aon cheantar sa Bhreatain Mhór. Tá socruithe bunreachtúla eisceachtúla i bhfeidhm sa Tuaisceart, go háirithe iad sin a bhaineann le hinathraitheacht an rialtais cheannasaigh (an Rialtas Briotanach). . "Tá cumhacht an Rialtais a bhfuil dlínse aige sa dúiche atá i gceist bunaithe ar ‘lánurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cultúir, saoirse ón leithcheal do gach uile shaoránach, cothroime gradaim agus déileáil go coir comhionann le féiniúlacht, aetas agus toilmhianta an dá phobal’ – sin a deir Comhaontú Aoine an Chéasta. Chiallódh sé sin, i mo thuairim, go mba d’Acht Teanga ó Westminster 'Gaeilge agus Béarla' a aithint mar theangacha oifigiúla do Thuaisceart Éireann, agus bunphrionsabail eile a leagan síos."
608
Bruno Schulz. Scríbhneoir agus ealaíontóir Polannach de phór Ghiúdach ab ea Bruno Schulz. Rugadh in Drohobycz (inniu, Drohobych san Úcráin) é ar an 12 Iúil 1892. Mharaigh na Naitsithe é sa chathair chéanna ar an 19 Samhain 1942. Ba iad an dá bhailiúchán gearrscéalta úd a thabhaigh a chlú dó, agus a lán teangacha curtha orthu. Is minic a chuirtear i gcomparáid le saothar Franz Kafka iad.
165
Sergiusz Piasecki. Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea Sergiusz Piasecki (Bealarúisis: "Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki", a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar an 12 Meán Fómhair 1964 i Londain. Saol. Bhí Piasecki ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorann, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach Rúisis agus canúint Bealarúisise nuair a bhí sé óg. Bhí Piasecki ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách. Saothar. Thuill an chéad úrscéal foilsithe, "Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy" ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh. I rith bhlianta an chogaidh, bhí Piasecki ag cuidiú le "Armia Krajowa" ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na Naitsithe. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais. Bhí acmhainn mhaith grinn ann,  greann dorcha Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh Piasecki dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach - i rith an chogaidh, mar atá, "Człowiek przemieniony w wilka" ("An Duine i gConriocht") agus "Dla honoru Organizacji" ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraor, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
859
Witold Gombrowicz. Scríbhneoir nua-aimseartha ón bPolainn ab ea Witold Marian Gombrowicz. Rugadh i Małoszyce in aice le hOpatów é ar an 4 Lúnasa 1904, agus shíothlaigh sé i Vence san Fhrainc ar an 24 Iúil 1969, sa teach céanna, "Villa Robemond" inar cailleadh an scríbhneoir Sasanach D.H. Lawrence naoi mbliana déag is fiche roimhe sin. Chuir údarás na Polainne cosc iomlán ar a shaothar litríochta. Saol. Rinne Gombrowicz staidéar ar an dlí i Vársá. Chuaigh sé i mbun pinn, agus d'fhoilsigh sé an chéad bhailiúchán gearrscéalta sa bhliain 1933. Cúig bliana ina dhiaidh sin, tháinig an chéad úrscéal i gcló - "Ferdydurke". Scéal meafarach a bhí ann, agus Gombrowicz ag tabhairt leideanna áirithe faoi homaighnéasacht an scríbhneora - i dtús an úrscéil, caithfidh laoch an úrscéil, Józio, filleadh ar an meánscoil, toisc nach bhfuil sé pósta go fóill, cé gur shlánaigh sé tríocha bliain d'aois cheana féin. Go gairid roimh ionsaí na dtrúpaí Gearmánacha ar an bPolainn sa bhliain 1939, chuaigh Gombrowicz ar bhord loinge a thug go dtí an Airgintín é. B'éigean dó fanacht thall ansin, agus ba mhinic a bhí sé ar an mblár fholamh i rith bhlianta an chogaidh. D'fhoghlaim sé Spáinnis agus d'fhoilsigh sé leagan Spáinnise den úrscéal úd "Ferdydurke", a d'aistrigh sé féin le cuidiú ó chairde áitiúla. Chaith Gombrowicz tréimhsí fada i bPáras. Sa bhliain 1950, d'éirigh leis teacht i dteagmháil le "Kultura", iris na bPolannach i bPáras, agus bhí Jerzy Giedroyc, eagarthóir "Kultura", sásta saothair le Gombrowicz a chur i gcló. Sa bhliain 1953, d'fhoilsigh Giedroyc úrscéal nua le Gombrowicz, "Trans-Atlantyk", a thug cur síos fantaisíochta ar thuras an scríbhneora go dtí an Airgintín sa bhliain 1939. Sna seascaidí, d'fhoilsigh Gombrowicz cúpla úrscéal eile, go háirithe "Pornografia" ("Pornagrafaíocht"). Níl pornagrafaíocht ar bith i gceist leis an gceann seo - níl ann go bunúsach ach cineál scéinséir a bhfuil a imeachtaí ag titim amach sa Pholainn le linn an Dara Cogadh Domhanda - cé nach raibh cur amach ar bith ag Gombrowicz ar an saol a bhí ag na Polannaigh sa tír san am sin. Déghnéasach ba ea Gombrowicz b'fhéidir. Bhuail sé le Rita Labrosse sa bhliain 1963 agus pósadh iad ar 21 Nollaig 1968. Sna blianta 1953-1969, scríobh Gombrowicz dialann i stíl liteartha, agus foilsíodh an dialann (nó "Dziennik") seo faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis. Bhí asma agus so-ghabháltacht i leith galair riospráide ag cur as dó agus d"éag sé ar 24 Iúil 1969, in aois 64 dó.
1,032
Aragorn. Carachtar tábhachtach i dTiarna na bhFáinní, úrscéal J. R. R. Tolkien, is ea Aragorn, mac Aratħorn. Ba iad Aratħorn agus Gilraen a thuismitheoirí, agus rugadh ar an 1 Márta 2931 den Tríú hAois é. Duine d'Fhánaithe an Tuaiscirt ("Rangers of the North") ab ea é, agus mar sin, ba de shliocht mhuintir Númenór é. Fuair Arathorn, athair Aragorn, bás agus é ag cur catha ar na hOirc, nuair nach raibh Aragorn ach dhá bhliain d'aois. Ina dhiaidh sin, tugadh go Gleann na Scoilte é, agus ba tiarna Ghleann na Scoilte é, Elrond, seanchaí mór na nEalbh, a thóg é. Is é an t-ainm a bhí air i dtinteán Elrond ná "Estel", a chiallaíonn "Dóchas". Nuair a tháinig sé i mbun a mhéide sa bhliain 2951, áfach, chuir Elrond ar an eolas é faoina oidhreacht. Thit Aragorn i ngrá le hArwen Undómiel, iníon Elrond, faoin am seo. Ar dtús, áfach, chuaigh sé i gceannas ar na "Dúnedain", is é sin, ar Fhánaithe an Tuaiscirt, nó bhí Arathorn ina thaoiseach orthu roimhe seo. Sa bhliain 2965, fuair sé an chéad aithne ar Gandalf, an draoi, agus d'éirigh sé mór leis. D'iarr Gandalf ar a chara súil a choinneáil ar na Hobaid sa tSír agus iad a chosaint ar na hOirc agus ar na neachanna dainséaracha eile. Sna blianta 2957-2980, bhí Aragorn ag taisteal ar fud an Mheán-Domhain, agus chaith sé seal sna saighdiúirí i Rochainn agus i nGondor. Is é an t-ainm a bhí air in arm na Rochann ná "Tħorongil", nó Iolar na Réalta. Sa bhliain 2980, ghlac sé páirt sa chogadh a chuir Gondor ar na foghlaithe mara in Umbar. I ndiaidh an chogaidh sin, thug sé a aghaidh soir. Sa bhliain chéanna, chuaigh sé ar cuairt go Lórien, áit ar casadh Arwen air arís. Ba ansin a thug siad gealladh pósta dá chéile, agus thoiligh Arwen bás a fháil ar nós na ndaoine daonna. Ní cheadódh Elrond, athair Arwen, don lánúin pósadh sula mbeadh Aragorn ina Rí ar Gondor agus ar Arnor araon. Roimh thús na n-imeachtaí san úrscéal, thug Aragorn cuairt ar Moria, seanáitreabh na nAbhac, agus ar Harad, an Deisceart, "áit a bhfuil na réaltaí féin coimhthíoch", ach níor mhínigh Tolkien go cruinn, cén t-am a tharla na turasanna seo. Maidir le Tiarna na bhFáinní féin, sa chéad imleabhar, "Fellowship of the Ring", is túisce a chastar Aragorn orainn. Chuaigh Fródó agus a chairde, Sam Gamgee, Merry Brandybuck agus Pippin Took, go Brae ("Bree") ar dtús, is é sin, coilíneacht Hobadach taobh amuigh den tSír ("Shire"). Bhí Aragorn seacht mbliana is ceithre scór d'aois san am, ach b'ionann sin agus é a bheith i mbarr a mhaitheasa, ós rud é gur duine de shliocht fhadsaolach Númenór a bhí ann. Fuair sé ordú ó Gandalf aithne a fháil ar na Hobaid agus iad a chosaint ar an mbealach go Rivendell. Buaileadh na Hobaid air Tigh Chapaillín na Pocléime, teach tábhairne áitiúil arbh é Barliman Butterbur a úinéir. I dtús báire, bhí siad drochamhrasach ina leith, ach nuair a tháinig chun solais go raibh sé mór le Gandalf, cheadaigh siad dó iad a thionlacan go Rivendell. Bhí na Marcaigh Dhubha ("Nazgûl"), searbhóntaí an Tiarna Dhuibh, Sauron, sna sálaí acu cheana féin, ach le cuidiú Aragorn, bhain siad amach Rivendell. Nuair a bhí siad i nGleann na Scoilte, chuaigh ionadaithe ó na hEilbh, na Daoine agus na hAbhaic i ndáil chomhairle le chéile ansin, agus tháinig siad ar an gcinneadh an Fáinne a chur go Sliabh na Cinniúna in éineacht. Bhí Aragorn ar dhuine acu siúd a ghlac orthu féin Fródó a thionlacan go Mordor, chomh maith le Merry, Pippin, Sam Gamgee, Boromir ó Gondor, an tAbhac Gimli, an tEalbh Legolas, agus ar ndóigh, Gandal. I Rivendell, gaibhníodh claíomh nua as smionagar an tseanchlaímh úd Narsil, agus fuair Aragorn an claíomh úrdhéanta seo, ar ar bhaist sé an t-ainm Andûril, Bladhaire an Iarthair. Ba le hElendil, rí ársa na n"Dúnedain", an claíomh sin Narsil ar dtús, agus mar sin, shiombalaigh athghaibhniú an chlaímh an ról a bhí ag Aragorn in imeachtaí an úrscéil, nuair a d'athbhunaigh sé ríocht chlann Elendil. Nuair a bhí an tionlacan ag dul trí phoill mhianaigh Moria, tháinig searbhóntaí Sauron anuas orthu. Bhí siad in ann troid a chur ar a son a fhad is nach raibh ach Oirc i gceist, ach nuair a fuair siad Balrog - cineál spiorad tine - rompu, bhí droch-chuma ar an scéal ar fad. D'éirigh le Gandalf an Balrog a chloí, ach cailleadh sa teagmháil é, mar a chonacthas d'Aragorn agus do lucht eile an tionlacain. Ina dhiaidh sin, tháinig scaipeadh i lucht an tionlacain, nuair a d'ionsaigh na hOirc iad. Fuair Boromir bás sa teagmháil sin. I dtús báire, bhí Boromir faoi dhraíocht ag an bhFáinne, agus thug sé iarracht é a sciobadh ó Fródó le go bhféadfadh sé a úsáid féin a bhaint as. Ansin, áfach, tháinig na hOirc, agus d'íobair Boromir é féin leis na hobaid a chosaint, ó bhí náire air as an dóigh ar shantaigh sé an Fáinne roimhe sin. Nuair a d'éalaigh Fródó agus Sam leo, chaill Aragorn gach radharc orthu. Maidir le Merry agus Pippin, bhí siadsan fuadaithe ag na hOirc, agus chrom Aragorn ar iad a lorg in éineacht leis an Abhac Gimli agus leis an Ealbh Legolas. Nuair a bhí an triúr acu ag leanúint na nOrc, casadh buíon de mharcaigh Rochannacha orthu. D'iompaigh sé amach go raibh na Rochannaigh tar éis cath mór a chur ar bhuíon d'Oirc, agus d'éirigh Aragorn buartha gurbh fhéidir gur mharaigh na Rochannaigh iad gan iad a aithint thar na hOirc. Mar sin féin, i ndiaidh iarsmaí na troda a iniúchadh, fuair Aragorn dóchas arís go raibh Merry agus Pippin beo beathaíoch go fóill, agus chuaigh seisean, Legolas agus Gimli ag cuardach Choill Fangorn in aice le Bearnas na Rochann. Níor tháinig siad ar na hobaid ansin, ach fuair siad rompu Gandalf, a bhí faoi ghairm chun beo arís le cabhrú sa chogadh a bhí le cur ar Sauron. D'inis Gandalf dóibh go raibh Merry agus Pippin slán sábháilte, ó bhí Crannfhéasóg, an fathach crannchosúil - an tEinteach - a bhí i gceannas ar an gcoill go léir, ag tabhairt faire don bheirt hobad. Chuaigh an ceathrar acu go hEdoras, áit a raibh cúirt Tħéoden, rí na Rochann. Bhí Tħéoden faoi gheasa ag Saruman, agus spiaire de chuid an draoi chéanna, Gríma "Teanga na Péiste", tar éis an-chumhacht a bhaint amach sa chúirt. D'éirigh le hAragorn, áfach, Tħéoden a chur ar bhealach a leasa arís. Ansin, chuaigh Aragorn agus Théoden chun cogaidh in éineacht le sluaite armtha na Rochann chun Saruman agus a chuid Orc a chloí. Nuair a tháinig siad a fhad leis an Daingean Iarainn (Béarla: "Isengard"), an daingean ina raibh cónaí ar Saruman, bhí an áit treascartha cheana féin, agus Merry is Pippin ag caitheamh píopa ar a socairshuaimhneas amuigh ar an tairseach. Is é rud go raibh na hEintigh dubh dóite den dóigh a mbíodh na hOirc ag leagan agus ag dó crann agus ag déanamh damáiste do Choill Fangorn, agus idir an dá linn, d'éirigh siad féin amach in aghaidh Saruman agus shealbhaigh siad a bhunáit. Nuair a thosaigh an cogadh idir Gondor agus sluaite Sauron, thug Aragorn a aghaidh ar Chosáin na Marbh. San áit seo a bhí cónaí ar Fhir Mharbha Dúnharg. Bhí na fir seo fágtha ina dtaibhsí i ndiaidh dóibh an mionn a bhriseadh a thug siad d'Isildur, duine de shinsir Aragorn, ach ó bhí Aragorn ina oidhre ar Isildur, bhí sé in ann gairm chogaidh a chur ar na marbháin.
2,875
Gertrude Stein. Scoláire, bailitheoir ealaíne agus scríbhneoir Meiriceánach ba ea Gertrude Stein. Rugadh í ar an 3 Feabhra 1874 i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach chaith sí an chuid is mó dá saol sa Fhrainc.
81
Príomhach. Tá príomhach (Laidin: príomh, sa chéad áit) ionadaitheach d'ord sna mamaigh plainteacha. De réir rangaithe fíliginitigh na linne seo, baineann na príomhaigh le na Euarchontoglires. Roinntear na príomhaigh, go traidisiúnta, ina dhá ghrúpaí, sé sin na strepsirrhiniens agus na haplorrhiniens, sé sin, rannóg na moncaithe, ina bhfuil an géineas Homo (nó an duine) agus na Hominidae (nó homainidí). Saintréithe. Dealraíonn ainm na bPríomhach sa deichiú eagrán den leabhar 'Systema Naturae', le Carl von Linné, obair mhór a rinne iarracht ar na speicis beo a rangú de réir a bhfogasachtí fiseolaíocha. De réir Linné, áirítear an duine agus speicis d'ainmhithe eile sna Príomhaigh. Go beacht, tá sé roinnte i gceithre speiceas: Homo, Simia (moncaithe), Lemur, agus Vespertilio (sciatháin leathair). Níos déanaí ar aghaidh, rinneadh athbhreithniúchán ar rangú Linné, agus anois níl na sciatháin leathair istigh ann níos mó, ach tá an t-ainm príomhach fágtha. De ghnáth, is é príomhthréith na bpríomhach ná an saol foraoise, ingne láimhe agus ladhracha, inniúlacht ar ghreamú le ordóga freasúracha, ardcheannasach na céadfa radhairce (an radharc steiréascópach) ar chéadfa an bholaidh a bhíonn ina chóras céadfach ceannasach i dtromlach na mamach. Cuirtear ar aghaidh go bhfuil intinn níos forbartha ag na príomhaigh, ná mórchuid na mamach eile, ach níl cruthúnas ann go bhfuil seo fíor i gcás ollteaghlaigh na Hominoidea. Athraíonn méid na bpríomhach ó 13 cm (léamar luchach, Microcebus murinus) agus 175 cm, agus an mhais ó 100 g go 275 kg (goraille,Gorilla gorilla). Gnáthóg agus Dáileadh. Mórchuid na bpríomhach is i gcrainn a bhíonn cónaí orthu. Bíonn cuid de na speiceas ina n-ainmhithe páirt-talún, mar atá na babúin agus na Moncaithe Patas, agus tá roinnt speiceas ina n-ainmhithe lán-talún, mar atá na Gelada agus an Duine.
756
Stevie Nicks. Is ceoltóir rac í Stevie Nicks (a rugadh ar an 26 Bealtaine, 1948 mar Stephanie Lynn Nicks) as na Stáit Aontaithe a bhfuil clú agus cáil uirthi mar bhall den ghrúpa Fleetwood Mac agus mar cheoltóir aonarach. Tá iomrá uirthi freisin de bharr a cuid scileanna scríbhneoireachta amhráin, mar shampla amhráin chlasaiceacha "Dreams", "Landslide" agus "The Edge of Seventeen".
144
Fleetwood Mac. Rac-bhanna Briotanach/Meiriceánach ab ea Fleetwood Mac a tháinig le chéile sa bhliain 1967 agus bhí an-rath orthu suas go dtí 2003, le níos mó ná 100 milliúin ceirníní díolta acu idir an dá linn. Insealbhaíodh iad isteach san Rock and Roll Hall of Fame i 1998.
109
Jennifer Lopez. Is ceoltóir, ban-aisteoir agus rinceoir Meiriceánach í Jennifer Affleck (a rugadh ar an 24 Iúil, 1969 mar Jennifer Lynn Lopez). Tugtar J.Lo uirthi mar leasainm.
62
Bing Crosby. Amhránaí agus aisteoir Meiriceánach ab ea Harry Lillis "Bing" Crosby (3 Bealtaine 1903 - 14 Deireadh Fómhair 1977). Bhí an-cháil agus rath air i Hollywood mar aisteoir agus mar cheoltóir. Áirítear ar dhuine de shiamsóirí is mó le rá san aois deireanach, ar aon chéim leis na Beatles, Elvis Presley agus Frank Sinatra. Bhain sé cuid mhór duaiseanna, mar shampla Oscar, agus ba eisean an t-aon duine a bhfuil trí réalt aige ar Hollywood Walk of Fame i Los Angeles. Tuigtear go bhfuil an singil "White Christmas", ar an singil is mó díolta ariamh. Bhí an oiread sin clú agus móréilimh ar Crosby i lár na 20ú haoise, gur dúirt suirbhé go raibh níos mó meas ar Crosby ná bhí ar an Pápa Pius XII ag an am. D’imir sé gailf ag La Moraleja, Maidrid ar 14 Deireadh Fómhair 1977, agus thit se fuar marbh de thoradh drochthaom croí
302
Jodie Foster. Is ban-aisteoir, stiúrthóir agus léiritheoir scannáin Meiriceánach í Jodie Foster (a rugadh ar an 19 Samhain, 1962 i Los Angeles, California).
58
Meryl Streep. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Meryl Streep (a rugadh ar an 22 Meitheamh, 1949).
38
Caoimhín Ó hIfearnáin. Peileadóir agus bainisteoir Éireannach ab ea Caoimhín Ó hIfearnáin (Béarla: "Kevin Heffernan", a rugadh ar an 20 Lúnasa 1929 i mBaile Átha Cliath agus a d'éag ar an 25 Eanáir 2013). D'imir sé peil Ghaelach le foireann sinsir idirchontae Bhaile Átha Cliath sna 1940idí agus na 1950idí. Nuair a d'éirigh sé as an imirt, chaith sé tréimhse rathúil ina bhainisteoir ar imreoirí Bhaile Átha Cliath le linn na 1970idí agus na 1980idí. Thugtaí "Heffo's Army" ar fhoireann Bhaile Átha Cliath agus é i gceannas orthu. Moltar Heffernan mar dhuine de na peileadóirí agus bainisteoirí is fearr a bhí ann riamh, rud a thuill áit dó ar Fhoireann Pheile na Mílaoise. Chuir éachtaí Heffo borradh mór nua faoi chúrsaí peile i mBaile Átha Cliath, tráth ina raibh na cluichí iasachta ag fáil an láimh in uachtar sa phríomhchathair. Bhí dlúthbhaint aige lena chumann áitiúil Naomh Uinseann i Marino. Ghnóthaigh sé cúig bhonn déag sa pheil agus sé bhonn san iomáint ag leibhéal an chontae.
426
Gearóid Mac Cuinneagáin. Duine spóirt Éireannach is ea Gearóid Mac Cuinneagáin (rugadh é i mí Lúnasa 1961 i gCorcaigh), a bhí ina iománaí le foireann idirchontae Chorcaí idir na blianta 1981 agus 1998. Deirtear go bhfuil sé ar an cúl báire is fearr a tháinig as an gcontae riamh, agus bhí sé roghnaithe ar Fhoireann Chorcaí an Chéid. Tá gach duais iomána buaite ag Mac Cuinneagáin, agus bronnadh gradam All-Star air trí bliana as a chéile idir 1984 agus 1986. D’imir sé caoga cluichí as a chéile sa chraobh le foireann Chorcaí, curiarracht a mhaireann sa chontae fós. Buntáiste amháin a bhí aige mar chúl báire ná go raibh poc an-láidir aige, rud a bhain an comórtas Poc Fada dó seacht mbliana as a chéile idir 1984 agus 1990.
300
Gdańsk. Is cathair í Gdańsk (Gearmáinis: "Danzig", Laidin: "Gedania, Dantiscum") sa Pholainn. Is í an port farraige príomha aige agus príomhchathair an Chúige Phomaeraigh ("województwo pomorskie"). Go stairiúil is í an chathair is mó sa réigiún Caisiúibiach. Tá an chathair suite ar dheisceart Bhá Gdańsk (ar an Muir Bhailt), ar bhéal abhainn Motława. Le daonra 458,053 (2006), is í an chathair is mó sa réigiún Pomerania i dtuaisceart na Polainne. Chomh maith leis an tábhacht farraige tá tábhacht tionsclaíoch aige freisin. Go stairiúil bhí sé tábhachtach freisin mar áit thógála bád agus bhí sé mar bhaill den Chonradh Hainseatach. Bhunú an Ghluaiseacht Dlúthpháirtíoch (an-tábhachtach i léith deireadh an ré cumannach sa tír) san áit faoin gceannaire pholaitiúil Gdańsk, Lech Wałęsa. Rugadh Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk, ann freisin.
341
Mícheál Ó Mulláin. Réabhlóidí Éireannach agus sóisialaí ab ea Micheál Ó Mealláin nó Michael Mallin (1 Nollaig 1874 – 8 Bealtaine 1916) a ghlac páirt gníomhach in Éirí Amach 1916. Ba é Leascheannasaí Arm Cathartha na hÉireann é faoi James Connolly. Ar nós Connolly, bhí Mallin é féin in Arm na Breataine nuair a bhí sé óg. Saol. Tús a shaoil. Rugadh Ó Mulláin sna Saoirsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath., Ba é Micheál an duine ba shine de sheisear clainne a tháinig slán ó naíonacht; fuair cúigear eile bás agus iad ina leanaí. Ní raibh seo as an ghnáth in aon chor ag an am. Cé go raibh bá ag a mháthair don phoblachtachas, bhí cuid den teaghlach báite i gcultúr míleata Shasana. Mí amháin roimh a chúigiú breithlá déag, liostáil sé leis na Royal Scots Fusiliers mar dhrumadóir. Chaith sé beagnach 14 bliain in arm Shasana, cuid mhaith de san India. 1902. Tháinig Micheál abhaile ag deireadh 1902. Fuair sé post mar fhíodóir poiplín ag Atkinson & Co agus chuaigh sé le Ceardchumann na bhFíodóirí Síoda sa chathair. Chuaigh a thaithí ansin go mór i bhfeidhm air. Roimh i bhfad bhí sé ina oifigeach ar cheardchumainn na bhfíodóirí síoda agus ansin ina rúnaí ar an cheardchumann. 1913. In Earrach 1913 chuaigh na hoibrithe i monarcha Atkinson ar stailc agus bhí Micheál i gcroílár imeachtaí. Bhí bua acu sa deireadh ach níorbh fhada gur éirigh Micheál as a phost sa mhonarcha agus sa cheardchumann. Chuaigh sé ansin leis an ITGWU.Roimh i bhfad bhí sé i mbun oibre leis an Arm Cathartha na hÉireann. Rinneadh príomh-oifigeach traenála de agus faoi dheireadh 1914 d’ainmnigh Séamus Ó Conghaile é mar cheann foirne. Mar aon leis an Chonghaileach, scríobh Ó Mealláin sraith alt don Workers’ Republic ag deireadh 1915 ar chúrsaí míleata, a chuir béim ar chogaíocht neamhrialta. Thug le fios dá lucht léite gurbh fhéidir le baicle bheag trodairí an lámh in uachtar a fháil ar fhórsa láidir ar nós arm Shasana. 1916. I rith an Éirí Amach, bhí Ó Mulláin mar leas cheannasaí faoi Séamas Ó Conghaile agus i gceannas ar an ngrúpa saighdiúirí ag Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, leis an gCúntaois Markiewicz mar leascheannaire. Ghéill sé ar an Domhnach, 30 Aibreán 1916 nuair a fuair sé an t-ordú ón gCongailleach. Cuireadh chun báis é ar an 8ú lá de Bealtaine i bPríosún Chill Mhaighneann.
921
Jóhanna Sigurðardóttir. Polaiteoir Íoslannach is ea Jóhanna Sigurðardóttir. Rugadh í i Réicivíc i mí Dheireadh Fómhair 1942. Tháinig sí i gcomharbas ar an bpríomh-aire Geir Haarde sa bhliain 2009, nuair a thit a rialtas mar gheall ar an dochar a rinne géarchéim airgeadais agus eacnamaíochta don tír. Is í Jóhanna an chéad cheannaire rialtais aerach (go hoscailte) sa Nua-aois.
161
Herman Van Rompuy. Is polaiteoir Beilgeach Pléimeannach é Herman Van Rompuy (). Rugadh Van Rompuy in Etterbeek, i ngar don Bhruiséil. Is ball den Christen-Democratisch en Vlaams (CD&V) é. Tháinig sé i gcomharbas ar Yves Leterme mar phríomh-aire na Beilge i Mí na Nollag 2008. Roghnaigh na ceannairí Eorpacha Van Rompuy mar chéad Uachtarán buan Comhairle na hEorpa sa bhliain 2009. Gairm agus oideachas. B'eacnamaí ag Banc Náisiúnta na Beilge é, chuir sé tús lena ghairmréim pholaitiúil in 1973 mar Leas-Uachtarán náisiúnta ar chomhairle ógra a pháirtí. Tá céim ag Herman Van Rompuy san fhealsúnacht agus máistreacht aige san eacnamaíocht fheidhmeach ó Ollscoil Leuven (KU Leuven). Gníomhréim pholaitiúil. Priomh-aire. D'iarr an rí air rialtas a chur le chéile ar an 28 Mí na Nollag cé go raibh drogall ar Van Rompuy bheith ina phríomh-aire. Ghlac sé mionn oifige dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 30 Mí na Nollag. Uachtarán Comhairle na hEorpa. Ag cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu sa Bhruiséil an 19 Samhain 2009, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh d'aon toil Herman Van Rompuy a cheapadh ina chéad Uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach.
485