text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Belle and Sebastian. Is banna ceoil Albanach iad Belle and Sebastian, a bunaíodh i nGlaschú i mí Eanáir na bliana 1996. Tagann ainm an bhanna ó Belle et Sébastien, leabhar do pháistí scríofa ag an údar Francach Cécile Aubry. Cuitear an banna i gcomparáid go minic le grúpaí neamhspleácha ar nós The Smiths, nó grúpaí ón tseánra rac clasaiceach ar nós Love, Bob Dylan agus Nick Drake.
138
Stuart Murdoch. Ceoltóir Albanach é Stuart Lee Murdoch (a rugadh ar an 25 Lúnasa 1968 in Clarkston, gar do Glaschú, Albain), atá ina amhránaí agus cumadóir sa bhanna Belle and Sebastian. Chaith sé a óige turas gearr ó áit bhreithe Robert Burns in Allmhaigh, Inbhir Àir sular bhog sé go dtí Glaschú chun freastal ar an ollscoil. Is é Murdoch a scríobhann an chuid is mó de rianta an bhanna. Seinneann sé an giotár, an pianó agus an méarchlár.
157
Pulsár. Is é rud is pulsár ann na réalta neodrón an-mhaighnéadaithe a bhíonn ag imrothlú go tapa agus ligeann sé as radaíocht leictreamaighnéadach bhíogach. Tugtar faoi deara go bhfuil peiriaid na mbíog idir 1.4 milleasoicind go 8.5 soicind. Ní féidir an radaíocht a bhreithniú ach amháin nuair atá an leictreonléas bíogach dírithe ar an Domhan. Bíonn cosúlacht idir an tslí a dtagann radaíocht bhíogach ón bpulsár agus an tslí a scaipeann bíog sholais amach as teach solais. Glaoitear ‘iarmhairt an tí sholais’ ar an chineál radaíocht bhíogach a ligeann pulsár amach. Toisc go mbíonn neodrónréaltaí dlúthstruchtúrach, bíonn imrothlú na réad, agus dá bhrí sin eatraimh na bpeiriad, an-rialta.
282
Sabhal Mòr Ostaig. Coláiste is ea Sabhal Mòr Ostaig atá suite san Oileán Sciathánach in Albain agus atá ag teagasc trí mheán na Gàidhlige suas go dtí leibhéal iarchéime. Tá thart fá 100 mac léinn lánaimseartha ar láithreán na Colaiste. Tá cuid acu ag déanamh dianchúrsa Gàidhlige ar feadh bliana amháin. Leanann cuid acu ar aghaidh bliana eile, nó ar feadh trí nó ceithre bliana chun céim BA nó céim onóracha a bhaint amach. Tá cúrsa practiciúil ar na meáin ann fosta, le dlúthbhaint leis an teilifís Ghàidhlige. Déanann an Coláiste an-chuid cianfhoghlama fosta. Tá "An Cùrsa Inntrigidh " ann do thosnaitheoirí na Gàidhlig, le rang gutháin uair a chloig gach seachtain. Ach is féidir leanúint ar aghaidh go dtí céim nó céim onóracha tríd an cianfhoghlama. Agus fiú amháin ag leibhéal níos airde tá MSc ann i "Cultar Dùchasach agus Eachdraidh na Gàidhealtachd" (Cultúr Dúchasach agus Stair na Garbhchríche), agus tá roinnt mac léinn PhD ann chomh maith. Cuireann an Coláiste cúrsaí seachtaine ar fáil ag am na Cásca agus i rith an tsamhraidh: cúrsaí ceoil traidisiúnta agus cúrsaí Gàidhlige agus cúrsaí eile. Bíonn cúrsa Gàidhlig ann uair nó dó gach bliana go sonraithe do dhaoine atá líofa cheana i nGaeilge na hÉireann. Stair. Bunaíodh an Coláiste sna 1970í ar "Ostaig Farm Square" le fiontraí áitiúil, Sir Iain Noble a bhí báúil don Ghàidhlig. Ar dtús ní raibh ann ach leabharlann agus corra chúrsa goirid, ach thosaigh cúrsaí HND dhà-bhliadhna sa bhliain 1983 le ochtnar de mhac léinn lánaimseartha. Daoine. Bhí an file gaelach aithnidiúil, Somhairle MacGill-Eain, i measc na comhaltaí boird luaithe.
654
Radaíocht. San fhisic, is éard is radaíocht ann ná astú nó tarchur fuinnimh i bhfoirm tonnta nó cáithníní trí spás nó trí mheán ábhair. Cuirtear na cineálacha seo san áireamh: Is minic a dhéantar rangú ar chineál radaíochta mar "ianaíoch" nó "neamhianaíoch", ag brath ar fhuinneamh na gcáithníní radaithe. Iompraíonn radaíocht ianaíoch níos mó ná 10 eV, ar leor é chun adaimh agus móilíní a ianú agus naisc cheimiceacha a bhriseadh. Is idirdhealú tábhachtach é seo mar gheall ar an difríocht mhór sa mhéid dochair a dhéantar d'orgánaigh bheo. Foinse choitianta na radaíochta ianaíche is ea ábhair radaighníomhacha a astaíonn radaíocht α, β, nó γ. I measc na bhfoinsí eile tá x-ghathanna ó scrúduithe radagrafaíochta, agus muóin, méisóin, posatróin, neodróin agus cáithníní eile a tháirgtear nuair a dhéanann gathanna cosmacha idirghníomhú le hatmaisféar an Domhain.
360
Bambi II. Scannán de chuid Disney is ea Bambi II a seoladh (mar fhíseán) sa bhliain 2006. Leanann sé ar aghaidh le scéal "Bambi" (1942).
55
The Fox and the Hound 2. Scannán beochana de chuid Disney is ea The Fox and the Hound 2 a seoladh (mar fhíseán) sa bhliain 2006. Leanann sé ar aghaidh le scéal "The Fox and the Hound" (1981).
72
An Rúisínis Phanónach. Teanga Shlavach is ea an Rúisínis Phanónach ("bačvan'ska ruska bešeda/бачваньска руска бешеда") a labhraítear in áiteanna sa Vóvaidín agus in oirthear na Cróite. Tá stádas oifigiúil aici sa Vóvaidín. Tháinig Rúisínigh na Vóvaidíne ó oirthear na Slóvaice san ochtú haois déag, agus cé go bhfuil an chuid is mó de na teangeolaithe barúlach gur teanga Shlavach Oirthearach atá ann, nó fiú canúint Úcráinise, bhí na canúintí Rúisíneacha go leor chomh mór faoi thionchar na Slóvaicise agus go bhfuil teangeolaithe easaontacha ann a cheapann go bhfuil siad níos cóngaraí don tSlaivis Iartharach (an tSlóvaicis agus an Pholainnis mar shampla). Na hiarrachtaí a rinneadh i dtíortha éagsúla leis an Rúisínis a chaighdeánú, áfach, tharla siad beag beann ar a chéile, agus ní féidir a rá go mbeadh comhtheanga scríofa ag na Rúisínigh go léir. Maidir leis an Rúisínis Phanónach, fuair sí caighdeán scríofa i dtús na seachtóidí. Tá an caighdeán sin bunaithe go hiomlán ar chaint na ndaoine i sráidbhailte Rúisíneacha na Vóvaidíne. Úsáidtear an aibítir Choireallach, maille le cúpla litir bhreise atá le fáil in aibítir na hÚcráinise freisin (Ґ ґ, Ї ї, Є є), ach cé go bhfuil aibítir an dá theanga sách cosúil le chéile, ní hionann í. Tá an Rúisínis Phanónach ó dhúchas ag fiche míle duine, agus is é Ruski Kerestur lárionad cultúrtha na Rúisíneach sa tSeirbia. Tá cónaí ar chúig mhíle duine i Ruski Kerestur, agus is Rúisínigh iad a bhformhór. Tá an teanga á staidéar agus á taighde in Ollscoil Novi Sad, agus freastalaíonn stáisiún raidió Novi Sad ar lucht labhartha na Rúisínise chomh maith leis na mionlaigh éagsúla eile sa Vóvaidín.
691
Andy Warhol. Péintéir agus scannánóir Meiriceánach ba ea Andrew Warhola (6 Lúnasa 1928 – 22 Feabhra 1987), nó Andy Warhol mar is fearr aithne air, agus duine de na healaíontóirí is mó aitheanta san fhichiú haois. Bhí sé ar dhuine de na healaíontóirí ba thábhachtaí sa ghluaiseacht ar a dtugtar pop-ealaín, agus thuill sé cáil dhomhanda mar úrscéalaí, léiritheoir ceoil agus scannánóir avant-garde. Saothar. D’fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh. Le linn a shaoil, bhain sé úsáid as íomhánna coitianta nó faiseanta ina chuid oibre. Sa bhliain 1961 thóg Warhol canna anraith Campbell’s agus rinne sé íocón ealaíne as. Rinee sé an rud céanna a dhéanamh do Absolut in 1985. Ba é Warhol an duine a thosaigh an tsraith ealaíne do Absolut i 1985 (bhí sampla de seo le feiceáil sa taispeántas "Absolut Classics", a bhí i nDánlann an Rubicon ar Fhaichne Stiabhna, Baile Átha Cliath in 2001). De réir dealraimh, thit sé i ngrá leis an chuma a bhí ar an bhuidéal vodca agus spreag sé seo go mór é. Tá na portráidí "Marilyn Monroe" agus "Elizabeth Taylor" chomh haitheanta céanna le carachtar i “mórphictiúr” ar bith eile ar nós *Lus na gréine" le Van Gogh. Thuig Warhol gur íomhá íocónach a bhí i Sliabh Veasúiv agus rinne sé féin sraith bunaithe ar an bholcán chlúiteach seo. Tá a chuid ealaíne coincheapúil; dá bharr sin, tá cosúlachtaí idir Warhol é féin agus ealaíontóirí eile ar nós Francesco Clemente, Cy Twombly agus Joseph Beuys. Bhí an-suim ag Warhol i gcúrsaí faisin; léirigh sé gur féidir leis an dá réimse – an ealaín agus an faisean - oibriú go dlúth agus go tairbheach lena chéile. Saol. Rugadh agus tógadh Warhol i Pittsburgh, Pennsylvania. Tomhaltóir agus bailitheoir doshásaithe earraí ab ea Andy Warhol. Bhailigh sé earraí de gach sórt – idir bheag agus mhór, álainn agus aisteach, luachmhar agus leibideach – i rith a shaoil. Chum síceolaithe an téarma “"cnuasaitheoir  neamhshrianta"” le cur síos a dhéanamh ar dhaoine atá éisealach, críochnúil agus rianúil. Dúirt Warhol féin gur spreag Tennessee Williams é mar go raibh claonadh aigesean gach rud a choinneáil i dtaisce i gcófraí. Théadh Warhol amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta. I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán "Art Deco" agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo. Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu. Bás. Fuair Warhol bás ag dul faoi scian in ospidéal i Nua-Eabhrac sa bhliain 1987, agus in aois 58 bliain dó. Chuaigh gach píosa "bric-a-brac" agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra sa Warhol Museum in Pittsburgh, áit a bhfuil na boscaí á gcoimeád inniu. Tá 611 bosca san iomlán sa bhailiúchán, "taisceadáin todhchaí" cuid acu dar le Warhol. I measc rudaí eile, choinnigh Warhol bia a bhí inmhíolaithe le ciaróga nuair a osclaíodh na boscaí. Agus baineadh preab eile as cartlannaí an Warhol Museum nuair a tháinig sé ar chos daonna i mbosca amháin agus í seargtha. Tionchar. Ba Warhol a chum an coincheap "15 nóiméad de cháil"—go bhfuil gach duine in ann a bheith cáiliúil ar feadh tamaill ghearr, sula mbogann aird na ndaoine ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile.
1,465
James Marsden. Is aisteoir Meiriceánach é James Paul Marsden (18 Meán Fómhair 1973 a rugadh é).
34
Baile an Fheirtéaraigh. Sráidbhaile in Éirinn is ea An Buailtín nó Baile an Fheirtéaraigh. Tá sé suite in iardheisceart na tíre, in iarthar Chorca Dhubihne i nGaeltacht Chontae Chiarraí. Ainm. Tugtar "Baile an Fheirtéaraigh" air in ómós do na Feirtéaraigh, Gael-Normannaigh a chuir fúthu in Ard na Caithne agus na meánaoiseanna ag druidim chun deiridh. Tá clú agus cáil ar an bhfile Piaras Feiritéar fós. Scríobh sé an dán "Leig díot t’airm, a mhacoimh mná". Chuir na Gaill Feiritéar chun báis go fealltach i gCill Airne sa bhliain 1653. Tá an t-ainm "An Buailtín" níos sine agus usáídtear sa cheantar é fós. Suíomh. Tá an sráidbhaile suite i ngar do Chruach Mhárthain (cnoc gar do Chuan Ard na Caithne) i gCorca Dhuibhne, ar an mbóthar réigiúnach R559. Is féidir taistil timpeall iarthair na leithinse ar an mbóthar seo. Tá tús agus deireadh an bhóthair suite i mbaile an Daingin. Tá Baile an Fheirtéaraigh, ar an R559, Cuaird Cheann Sléibhe, agus is é seo an lonnaíocht is mó taobh thiar de bhaile an Daingin, atá thart ar 10 ciliméadar uaidh. Tá an Buailtín suite ag bun Chruach Mhárthain, agus éiríonn an tír oscailte agus íseal ar thaobh na farraige den bhóthar ar an taobh ó thuaidh. Ar feadh na mbealaí isteach go dtí an baile is iomaí radharc breá atá le fáil ar Chuan Ard na Caithne, ar an Triúr Deirféaracha thoir, agus ar Cheann Sibéal thiar. An baile. Ionad seirbhísí don cheantar tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile, agus is stad tábhachtach do thurasóirí é ar Chuaird Cheann Sléibhe. Tá réimse leathan d'áiseanna agus de sheirbhísí ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh. Is le linn shéasúr na turasóireachta amháin atá cuid mhaith de na seirbhísí agus na háiseanna agus na seirbhísí seo ar oscailt, áfach. Tá tithe tábhairne ann sa sráidbhaile; (mar shampla Tigh Uí Chatháin, Tigh Uí Mhurchú, Tigh an tSaorsaigh) agus óstán amháin, Óstán Cheann Sibéal. Tá naíonra, bunscoil (Scoil an Fheirtéaraigh), séipéal (Naomh Uinseann), iarsmalann (Músaem Chorca Dhuibhne), caifé agus siopa ceardaíochta agus stáisiún na ngardaí ann freisin, chomh maith le hoifigí forbartha logánta atá pobalbhunaithe (Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo - ceann d’fhochomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne). Tá roinnt tithe lóistín (Leaba is Bricfeasta) agus forbairtí tithe saoire i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa cheantar máguaird. Tá an t-aon siopa ar an sráidbhaile suite tamall siar an bóthar ón sráidbhaile. Is iomaí scoláire a thagann go dtí an sráidbhaile le linn an tsamhraidh chun freastal ar chúrsaí Gaeilge ag an mbunscoil. Tá tigh ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh sa sráidbhaile dá mhic léinn. Dún Chíomháin is ainm dó agus tá sé suite taobh ó thuaidh de Bhaile an Fheirtéaraigh. Is féidir carranna a pháirceáil os comhair na scoile, agus ar dhá thaobh na sráide. Faoi láthair tá soláthar maith soir siar do choisithe ar an taobh thuaidh agus ar an taobh theas de Bhaile an Fheirtéaraigh. Daonra agus staid na Gaoluinne sa cheantar. Tá paróiste an Fheirtéaraigh déanta suas de thoghroinn Dún Urlann agus toghroinn Márthain, Bhí beagnach 750 duine ag maireachtaint i bparóiste an Fheirtéaraigh sa bhliain 2016. Is í an Ghaoluinn príomhtheanga an pharóiste ach tá go leor Béarla á labhairt ag stróinséirí atá tar éis bogadh isteach dtín gceantar. Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil Gaoluinn ag 83.5% de mhuintir an pharóiste agus go labhraíonn 68.4% den ndaonra an Ghaoluinn go laethúil. Ba í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta ar leith ba mhó i dToghranna Ceantair Dhún Urlainn agus i Márthain tráth, ach anois fágann tionscal na déantúsaíochta an talmhaíocht sa dara háit. I rith shéasúr na turasóireachta bíonn earnálacha na turasóireachta agus na seirbhísí ina bhfoinse thábhachtach fostaíochta freisin. Bailte Fearainn an Pharóiste. Seo thíos liosta de bhailte fearainn paróiste an Fheirtéaraigh(toghroinn Dún Urlann+toghroinn Márthain) Stair. Tá Dún an Óir suite idir An Buailtín agus Cuan Ard na Caithne. Dún ceann tíre a tógadh i rith na hIarannaoise is ea é. Is ann a tharla Ár Ard na Caithne le linn léigir Ard na Caithne. Rinne fórsáí Arthur Grey sléacht ar na hIodálaigh agus na Spáinnigh a tháinig go Cúige Mumhan chun páirt a ghlacadh sa dara hÉirí Amach i nDeasumhain, a bhí ar siúl ag an am sin faoi cheannas Shéamais Mhic Mhuiris Mhic Gearailt. D’fhás Baile an Fheirtéaraigh go líneach soir-siar ar feadh an R559. Tá sráid-dreach láidir thaitneamhach i gcroí Bhaile an Fheirtéaraigh ar an taobh thiar, ach baineann carachtar níos scaipthe leis an mbealach isteach sa sráidbhaile ón taobh thoir. Is léir gur mhéadaigh an tithíocht Rialtais Áitiúil a tugadh le déanaí an sráid-dreach ar an taobh thoir, ach blas bruachbhailteach atá ar an bhforbairt tithíochta ag Na Cluainte le déanaí. Tá forbairt ribíneach tar éis tarlú ar feadh na mbóithre isteach chun Bhaile an Fheirtéaraigh, agus ar an taobh ó dheas den bhóthar i dtreo Dhún Chaoin don chuid is mó. Tá roinnt forbartha tar éis tarlú ar an mbóthar go Baile an Fhianaig, thar an séipéal, ach tá sé i gceist go mbeadh srian le tuilleadh forbartha ar feadh an bhóthair seo, mar gheall ar leithead agus ailíniú an bhóthair, agus mar gheall ar airde na dtailte san áit seo. Timpeallacht Nádúrtha. Tá Limistéar ainmnithe Oidhreachta Náisiúnta ar an taobh thuaidh agus taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh. Is é atá san LON seo ná Dumhcha agus Riasca Chuan Ard na Caithne. Oidhreacht Seandálaíochta. Tá an sráidbhaile suite i gceantar ina bhfuil saibhreas seandálaíochta, agus deirtear go bhfuil an Buailtín lonnaithe sa mhíle cearnach is saibhre oidhreachta Críostaí in Éirinn. Tá séadchomhartha taifeadtha, Ke042 088, ann, uaimh thalún ag an nGort Mór. Rásaí Bhéal Bán. Bíonn na rásaí seo ar siúl ar an tráigh i ngar do Bhaile an Fheirtéaraigh i mí na Bealtaine.
2,379
CLG Na Seamróga Baile Héil. Is club CLG é Na Seamróga Baile Héil (Béarla: "Ballyhale Shamrocks") atá suite sa pharóiste Baile Héil, i gContae Chill Chainnigh. Club iomána atá ann don chuid is mó, agus tá na Seamróga ar cheann de na foirne is rathúla sa chontae agus i gCraobh na hÉireann. Bunaíodh an club sa bhliain 1972, nuair a d'aontaigh na sean-chlubanna ó Bhaile Héil, Cnoc an Tóchair agus Cnoc Maoláin le chéile.
170
The Fox and the Hound (úrscéal). Úrscéal de chuid Daniel P. Mannix is ea The Fox and the Hound a foilsíodh sa bhliain 1967.
47
Talking Heads. Ba bhanna rac-cheoil as Meiriceá é Talking Heads a tháinig le chéile i 1974 i Nua-Eabhrac agus ar éag i 1991. Bhí David Byrne, Chris Frantz, Tina Weymouth agus Jerry Harrison ina bhaill den ghrúpa ach baineadh úsáid go minic as ceoltóirí breise ar albaim nó ar an mbóthar. Bhí stíl ann féin ag an banna a bhailigh eilimintí rac-phunc, avant-garde, popcheoil, func, ceol domhanda agus rac-art le chéile. Ba é David Byrne a chum formhór d’aschur an ghrúpa agus a bhain úsáid as liricí spadhrúil agus dothuigthe. Tuairiscíonn an criticeoir Stephen Thomas Erlewine Talking Heads mar cheann dos na grúpaí cheoil is fearr sna 80í. Sa bhliain 2002, toghadh an banna mar bhall dá “The Rock and Roll Hall of Fame.” I 2003, bhí trí albaim acu ar an “Rolling Stone” liosta dos na 500 albaim is fearr riamh. Meastar an scannán cheolchoirme “Stop Making Sense” (1983) ón ghrúpa mar shampla den chéad scoth den chineál sin. Stair. 1974-1977: An tosach. Bhuail Byrne, Frantz agus Weymouth le chéile agus iad ag freastal ar scoil na dearthóireachta i Rhode Island. Sabhliain sin – 1974 - bhunaigh Byrne and Frantz grúpa cheoil - "The Artistics". Bhí Weymouth ag dul amach le Frantz (phós siad i 1977) agus thabharadh sí síob don bhanna ó am go ham. Laistigh de bhliain, bhí deireadh leis na Artistics agus bhog an triúr go Nua-Eabhrac. Toisc nach raibh Byrne nó Frantz in ann seinnteoir a aimsiú don dordghiotár, thug Frantz misneach do Weymouth é a fhoghlaim. Sheinn siad mar "Talking Heads" don chéad uair riamh agus iad ag oscailt do “The Ramones” ag an ionad cheoil cáiliúil – CBGBs - ar an 8 Meitheamh, 1975. I 1976, thugadar cuireadh do Jerry Harrison, a bhí ina bhall do bhanna Jonathan Richman - The Modern Lovers. D’éirigh go maith leo ón am seo amach agus fuaireadar lucht leanúna agus conradh ó Sire Records i 1977. An bhliain chéanna, i Feabhra, chuir Talking Heads amach an chéad singil: "Love → Building on Fire". Cuireadh amach an chéad albam - Talking Heads: 77 – go luath i ndiaidh é sin. 1978-1982: Le Brian Eno. Leis an dara halbam, “More Songs About Buildings and Food” (1978), thosaigh an banna ag obair leis an léiritheoir Sasanach, Brian Eno, a bhí ina bhall de Roxy Music, agus a léirigh albaim do David Bowie agus Robert Fripp. Bhí stíl neamhghnách riamh ag Eno a d’oir an meon ealaíonta a bhí ag na Heads agus, as bheith ag obair leis, fuaireadar an muinín dul i dtreoracha eile lena gceol. Cé go raibh hit acu le "Psycho Killer" ón chéad albam, tharraing siad iúl ginearálta leis an Al Green ‘cover’ "Take Me to the River" ón dara halbam. Lean an turgnamh ar aghaidh i 1979 le “Fear of Music”, a bhí dorcha go leor le stíl rac iar-phunc. Ón albam sin, tháinig an singil "Life During Wartime" leis an frása cáiliúil: "This ain't no party, this ain't no disco." I 1980, tháinig albam eile “Remain in Light”, a d’iompair tionchar mór ón Afraic – ag an am bhí Eno an tógtha le ceol “Afro-Beat” ó Fela Kuti ón Nigéir. Chun an ceol polairithimeach seo a sheinn beo, bhain an grúpa úsáid as níos mó ceoltóirí – is féidir an socrú seo a fheiceáil sa scannán “Stop Making Sense”. Le linn an tréimhse seo, chruthaigh Weymouth agus Frantz grúpa eile, “The Tom Tom Club”, agus dhein Harrison ceirnín aonair – iad go léir curtha amach ag Sire Records. B’é "Once in a Lifetime" an chéad singil ó “Remain in Light”. Ba bheag an iarmhairt a bhí aige sna Stáit Aontaithe ag an am, ach ba hit é sa Ríocht Aontaithe. Chomh maith le sin, tá biseach tagtha ar an clú atá ag an amhrán le himeacht ama de bharr an físeán spreagtha a bhí aige. Tar éis ceithre albaim a chur amach faoi cheann ceithre bliana, thóg an banna sos. D’fhan siad trí bliana go dtí an chéad ceann eile ach, san idir linn, lean Frantz agus Weymouth ar aghaidh ag taifeadhadh leis an Tom Tom Club. D’éirigh le Sire chomh maith albam beo a chur amach - “The Name of This Band Is Talking Heads” (1982). 1983-1991: Tar éis Eno. Cuireadh “Speaking in Tongues” amach i 1983 agus b’é rath tráchtála don ghrúpa a bhain amach a gcéad Top 10 hit i Meiriceá - "Burning Down the House". Ba chúis amháin leis an rath seo ná an físeán sonraíoch a bhí le feiceáil ar MTV gan stad gan staonadh. Bhuail na Heads an bóthar leis an albam agus chruthaigh an stiúrthóir Jonathan Demme “Stop Making Sense”, scannán beo den turas a spreag albam beo leis an ainm céanna. B’é an turas “Speaking in Tongues” an ceann deireanach don ghrúpa. Ach mar sin féin, bhí trí albam stiúideo fágtha acu. Tháinig “Little Creatures” i 1985 (leis na hits "And She Was" agus "Road to Nowhere"), “True Stories” (1986: fuaimriain do choiméide a chum Byrne), agus “Naked” (1988). Bhí stíl pop/rac Meiriceánach ag “Little Creatures” agus “True Stories”, ach chuaigh “Naked” ar ais go dtí na polairithimí Afracacha agus a bhí ar “Remain in Light”. Níor tháinig fógra oifigiúil go dtí 1991 go raibh críochnaithe leis an banna. Sa bhliain chéanna, chuireadar amach an singil "Sax and Violins," a bhí le cloisteáil ar fuaimriain “Until the End of the World” le Wim Wenders. 1992-inniu. In ainneoin nach raibh suim ag David Byrne in albam eile, tháinig an triúr eile le chéile i 1996 faoin ainm “The Heads” don albam “No Talking, Just Head”. An uair sin, bhaineadar úsáid as amhránaithe éagsúla cosúil le Debbie Harry, Michael Hutchence agus Shaun Ryder. Athaontú. Sheinn an ceathrar le chéile arís ar 18 Máirt, 2002 nuair a thoghadh iad go dtí an “Rock and Roll Hall of Fame”, ach ní dócha go rachaidh siad ar turas arís. Dúirt Byrne go raibh an-chuid drochfhola eatarthu uair dá raibh, agus go raibh an-difríocht eatarthu chomh maith maidir leis an ceol.
2,071
Géisill. Baile beag in Éirinn is ea Géisill. Tá an baile suite i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean.
46
Ród. Baile beag in Éirinn is ea Ród. Tá an baile suite i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean, 12 ciliméadar ó Éadan Doire i Móin Alúine. Imríonn go leor daoine sa cheantar peil. Imrítear liathróid láimhe agus sacar ann freisin.
97
Críonchoill. Baile beag in Éirinn is ea Críonchoill. Tá an baile suite i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean i ngar do Bhiorra.
57
Baile Mhic Ádaim. Sráidbhaile in Éirinn is ea Baile Mhic Ádaim. Tá an baile suite i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean, ar an mbóthar réigiúnach R421 20 ciliméadar ó Thulach Mhór agus sé chiliméadar ó Cheann Eitigh.
95
Cionn Eitigh. Baile beag is ea Cionn Eitigh i gContae Uíbh Fhailí in Éirinn. Tá sé suite i ngar do Bhiorra ar na bóithre réigiúnacha R440 agus R421.
64
Black Francis. Is cumadóir agus amhránaí Meiriceánach é Black Francis, nó Charles Michael Kittridge Thompson IV mar a bhaisteadh é, a rugadh ar an 6 Aibreán 1965 i mBostún, Massachusetts. Tháinig cáil air don chéad uair mar cheannaire ar an mbanna rac malartach Pixies, banna réasúnta beag a d'fhág a rian ar rac-cheol an lae inniu, agus ansin mar cheoltóir aonair faoin ainm Frank Black ón bhliain 1993 ar aghaidh. Tar éis dhá cheirnín leis an lipéad 4AD, d'fhág sé iad agus bhunaigh sé banna taca ar a thug sé Frank Black and the Catholics. Tá sé fós ag cumadh agus ag scaoileadh ceoil nua, agus thaisteal sé ar fud an domhain leis na Pixies arís idir 2004 agus 2007. Tá an-mheas tuillte ag ceol Black Francis, agus luaigh ceoltóirí mór le rá eile é mar thionchar mór orthu ar a gcuid ceoil, mar shampla Kurt Cobain agus Thom Yorke.
306
Caitríona Aragón. Bhí Caitríona Aragón (16 Nollaig 1485 – 7 Eanáir 1536); (Spáinnis "Infanta Catalina de Aragón y Castilla") mar Bhanríon Shasana agus chéad bhean chéile Anraí VIII, bhú sí mar Bhanphrionsa na Breataine Bige toisc go raibh sé pósta le hArthur, Prionsa na Breataine Bige, roimhe sin. Bhí sí mar Infanta Castille agus Aragón freisin. Ba Máire I Shasana í a iníon.
155
Ré an Uafáis. Tugtar Ré an Uafáis, nó go simplí an tUafás, (5 Meán Fómhair 1793 – 28 Iúil 1794) ar na laethanta ba mheasa de Réabhlóid na Fraince, ina bhris foréigean amach idir na dá fhaicsean Gioróndach agus Seacaibíneach. Ré fuilteach a bhí ann, ina chuireadh na mílte daoine chun báis, daoine ar a dtugtaí "naimhde na réabhlóide". Meastar inniu gur mharaíodh idir 20,000 agus 40,000 duine le linn na tréimhse. An grúpa a bhí freagrach as ná Coiste na Slándála Poiblí, faoin ceannaire Maximilien Robespierre. Bhí an gilitín ("an Rásúr Náisiúnta", mar a bhítí ag tabhairt air) ina shiombail mhór ar Ré an Uafáis, agus i measc na daoine ba cháiliúla a daoradh chun aghaidh a thabhairt air ná Marie-Antoinette, Philippe Égalité, Madame Roland agus Antoine Lavoisier.
316
Keith Fahey. Imreoir sacair Éireannach is ea Keith Fahey (a rugadh ar an 15 Eanáir, 1983) atá ag imirt faoi láthair le Birmingham City F.C.. Roimhe sin, d'imir sé le St Patrick's Athletic go dtí an bhliain 2009.
76
Stair na Rúise. Is é is brí le stair na Rúise ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Rúise fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.
73
The Irish News. Is páipéar nuachta é The Irish News atá bunaithe i mBéal Feirste. Tá léargas náisiúnach measartha ag an páipéar. Tá príomh-fhócas aige ar nuacht in Uladh ach tá sé ar fáil i bhformhór na hÉireann. Stair. Is é "The Irish News" an t-aon nuachtán laethúil atá bunaithe i dTuaisceart Éireann atá faoi úinéireacht neamhspleách. Ba é sin cás an nuachtáin ó bunaíodh é ar an 15 Lúnasa 1891 mar nuachtán frith-Pharnell. Timpeall 1968, agus i rith na Trioblóidí tháinig méadú mór ar imshruthú The Irish News, go háirithe i rith aimsir an imtheorannaithe gan triail. I mí an Mheithimh 1982, tháinig an páipéar faoi stiúradh iomlán chlann Mhic Giolla Phádraig, úinéirí an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Is é an páipéar is mó léite i dTuaisceart Éireann é "The Irish News". Tá cáil air fosta mar gheall ar a thuairisciú leathan ar na Cluichí Gaelacha. Fás níos Deireanaí. Tá "The Irish News" ina pháirt den ghrúpa cumarsáide "Northern Media Group". Is leis an teaghlach céanna sé stáisiún raidió i gCúige Uladh: Five FM, Six FM, Seven FM, Q97.2, Q101.2 agus Q102.9. Tá baint ag an ghrúpa "Northern Media Group" leis an chomhlacht úr nuachta, River Media, atá ag fás go gasta.
467
Christopher Nolan (scríbhneoir). Ba scríbhneoir, file agus péintéir Éireannach é Christopher Nolan (6 Meán Fómhair 1965 - 20 Feabhra 2009). Bhain an Nuallánach ardcháil amach, ar an 19 Eanáir 1988, in aois 21 dó, nuair a bhronn an duais litríochta "Whitbread" ("Costa" inniu) ar "Under the Eye of the Clock", cuimhní a hóige agus leabhar dírbheathaisnéiseach dá chuid. Bhuail sé amach na hiomaitheoirí eile ar an lá sin : Seamus Heaney, Ian McEwan, agus Richard Ellmann. Bhí pairilis cheirbreach air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa. Óige. Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa Mhuileann gCearr, i gContae na hIarmhí, ach bhog sé go Baile Átha Cliath dá oideachas. Agus Nolan ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar Choláiste na Tríonóide. Saol agus Saothar. Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh Nolan in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'Aosdána i 1998. Bhronn Cumann Scríbhneoirí na Náisiún Aontaithe Bonn Feabhais ar an Nuallánach. Bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1991. Bás. Fuair an Nuallánach bás gan choinne tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar 20 Feabhra 2009, in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath. Sheas cnámh éisc ina scornach.
672
Santiago de Cúba. Cathair i gcúige den ainm céanna i gCúba is ea Santiago de Cuba, agus í ar an dara cathair is mó sa tíre. Bhunaigh an "conquistador" Spáinneach Diego Velázquez de Cuéllar í sa bhliain 1515. Ba é Hernán Cortés an chéad mhéara. Ba í príomhchathair Chúba í agus ba chuici a tugadh na chéad sclábhaithe Afraiceacha sa tír. Tá Santiago de Cuba suite in oirdheisceart na tíre, agus is calafort tábhachtach í ar Mhuir Chairib. Tá sléibhte an Sierra Madre lonnaithe mórthimpeall na cathrach.
185
Santiago de los Caballeros. Is í Santiago de los Treinta Caballeros, lena hainm iomlán a thabhairt di, príomhchathair chúige Santiago sa Phoblacht Doiminiceach, agus tá sí suite 115km siar ó thuaidh ó phríomhchathair na tíre Santo Domingo. Bhunaigh Críostóir Colóim dún Santiago sa bhliain 1495. Tá talamh an-torthúil sa réigiún agus eacnamaíocht na cathrach bunaithe ar an talmhaíocht. Timpeall leathmhilliún duine a chónaíonn sa chathair anois.
166
Hustle (clár teilifíse). Clár teilifíse Sasanach is ea Hustle.
26
Bambi, A Life in the Woods. Úrscéal do pháistí de chuid Felix Saltex is ea Bambi, A Life in the Woods a foilsíodh sa bhliain 1923.
48
Pleanáil teanga. Is éard is pleanáil teanga ann ná iarracht eagraithe atá meáite ar fhadhbanna praiticiúla in úsáid na teanga a fhuascailt, ceart na teanga a shainaithint is a shainmhíniú agus an teanga féin a chur chun cinn sa tsochaí. Cé gur minic a shíltear gur smaoineamh nua í an phleanáil teanga, seanchleachtadh is ea é, nó nuair nach raibh acadaimh ná forais teanga (cosúil le hAcadamh na Fraince nó le KOTUS san Fhionlainn, mar shampla), bhí na ríthe agus na himpirí ag féachaint lena dtuiscint féin ar an teanga agus ar úsáid na teanga a chur i bhfeidhm ar an tsochaí. Bhí filí agus scríbhneoirí i mbun pleanáil teanga freisin ina lán áiteanna. Nuair a bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart. Sin é an tuige go dtugtar Ceart na bhFilí (nó "Ceart na bhFileadh", i nGaeilge na linne) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh" sa 17ú haois. Is féidir a rá freisin go raibh "pleanáil teanga" in aghaidh na Gaeilge idir lámhaibh ag an stát Gallda ar feadh i bhfad. Ba é Einar Haugen - teangeolaí clúiteach Meiriceánach de phór na hIorua - a cheap an téarma sin "pleanáil teanga", nuair a bhí sé ag tagairt don pholasaí teanga san Iorua. Deir cuid mhaith daoine nach féidir teanga a phleanáil ná tionchar a imirt ar a fás nádúrtha - gurb ionann é go bunúsach agus bagairt ar an ngaoth. Sin é an tuiscint a bhíonn ag a lán i saol an Bhéarla, agus iad barúlach nach ndearnadh pleanáil ar bith ar a dteanga féin riamh. Is amhlaidh, áfach, gur pleanáil teanga de chineál éigin a bhí i gceist le foclóirí Samuel Johnson agus Noah Webster, agus go ndeachaigh moltaí úsáide an dá fhoclóir seo go mór mór i bhfeidhm ar chleachtadh scríofa an Bhéarla, ionas go raibh meas an chaighdeáin ag a lán orthu. Pleanáil teanga i dtíortha éagsúla. Pleanálaithe tábhachtacha teanga i dtíortha eile ab ea iad, mar shampla, Kemal Atatürk, Ivar Aasen, Vuk Stefanović Karadžić agus Johannes Aavik. Pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais. Go bunúsach, aithnítear dhá chineál pleanáil teanga, is é sin, pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais. Tugtar "pleanáil an chorpus" ar phleanáil na teanga freisin, ós rud é gurb é "corpus" nó corp na teanga féin - an foclóir agus úsáid na gramadaí - atá i gceist ansin. Pleanáil na Teanga Féin. Ag déanamh trácht ar phleanáil na teanga féin dúinn, is féidir linn tagairt a dhéanamh do théamaí ar nós an córas scríbhneoireachta (an cineál aibítir a úsáidtear leis an teanga a bhreacadh síos, chomh maith leis an gceartlitriú), sainmhíniú rialacha na gramadaí, ceisteanna na ceartúsáide agus soláthar na dtéarmaí dúchasacha a chuirfidh ar chumas na gcainteoirí cúrsaí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta a chardáil trí mheán a dteanga féin gan dul i dtuilleamaí téarmaí tacair ná in iasachtaí aon oíche ó mhórtheanga éigin. Maidir le caighdeánú na gramadaí, díríonn sé go ginearálta ar dhébhríocht a sheachaint agus ar an gcomhréiteach is fearr a aithint idir na canúintí difriúla - nó, má tá canúint ar leith á húsáid go forleathan i gcumarsáid na gcainteoirí ó cheantair éagsúla, rialacha gramadaí na canúna seo a leagan síos agus a chur ar fáil do na proifisiúnaithe teanga, cosúil le múinteoirí agus le scríbhneoirí.
1,337
Malcolm X. Ministir Moslamach Meiriceánach-Afracach agus gníomhaí ar son chearta daonna ab ea Malcolm X nó El-Hajj Malik El-Shabazz (19 Bealtaine, 1925 – 21 Feabhra, 1965), a rugadh leis an ainm Malcolm Little. Bhí Malcolm X i lár an aonaigh sa ghluaiseacht ar son chearta daonna na nGormach ach bhí seisean go daingean diongbháilte den tuairim nár bhainfí cearta daonna amach riamh gan dul i muinin an láimh láidir. Cé go raibh meas mór tuillte ag bealach síochánta Martin Luther King, ní raibh meas madra ag Malcolm air. Saolaíodh Malcolm Little in Omaha, Nebraska. Ina dhéagóir dó, chaith sé na blianta i dteach altrama amháin nó eile, tar éis bhás a athar agus neamhshláinte a mháthar. Feallmharú. Dúnmharaíodh Malcolm X tar éis anbhuain ag cruinniú polaitiúil sa bhliain 1965. Ar an 11 Márta 1966, cúisíodh triúr fear maidir le dúnmharú Malcolm X.
319
Radaíocht infridhearg. Tugtar radaíocht infridhearg ar radaíocht leictreamaighnéadach a bhfuil a tonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe agus níos lú ná tonnfhad na micreathonnta. Sroicheann tonnfhad na radaíochta infridheirge ó 780 nm go 1 mm (is é sin, 1,000,000 nm, nó 1,000 μm). Aithnítear trí chineál radaíochta infridheirge, is é sin, Tá an radaíocht neas-infridhearg ábhairín níos faide tonn ná an solas dearg, agus maidir leis an radaíocht chian-infridhearg, tá sí ag críochantacht leis an radaíocht teiriheirts. Go ginearálta, síleann na daoine gurb ionann an radaíocht theirmeach (an radaíocht teasa) agus an radaíocht infridhearg, toisc go n-aithníonn corp an duine an radaíocht infridhearg mar theas. Le fírinne, níl ann ach cuid den radaíocht theirmeach. Tá na héin in ann an radaíocht infridhearg a fheiceáil mar a bheadh gnáthsholas ann. Ba é an fisiceoir clúiteach Sasanach Isaac Newton an chéad duine a thuig go raibh a leithéid de rud ann agus an radaíocht infridhearg. Baintear úsáid fhorleathan as an infridhearg i gceamaraí oíche, spéaclaí oíche, i ndéshúiligh oíche agus in íomháú infridhearg. Tugann an cineál seo gléasra "súile dorchadais" don duine, nó claochlaíonn an gléas an radaíocht infridhearg go solas infheicthe, ionas go n-aithneoidh an duine ábalta an teas atá ag teacht as na neachanna beo agus as rudaí teo eile.
545
John Wyndham. Scríbhneoir Sasanach ab ea John Wyndham Parkes Lucas Beynon Harris (10 Iúil 1903 - 11 Márta 1969). Is é an t-ainm cleite is minicí a chleachtaíodh sé ná John Wyndham, cé go n-úsáideadh sé leaganacha gearrtha eile dá fhíor-ainm freisin, ar nós "John Beynon" nó "Lucas Parkes". Sa chuid ba mhó a tháinig óna pheann, bhíodh sé ag plé olltubaistí domhanda agus an dóigh a dtiocfadh an cine daonna chuige féin arís i ndiaidh na tubaiste. Saol. Mac dlíodóra ó Warwickshire a bhí ann, agus i ndiaidh dó freastal ar scoileanna éagsúla, go háirithe Scoil Bedales i Hampshire, thug sé aghaidh ar an saol agus bhain sé triail as gairmeacha difriúla beatha. Chaith sé tamall ag feirmeoireacht, tamall ag staidéar dlí, agus tamall ag obair do ghnólacht fógraíochta, ach ní raibh mórán ratha ar na hiarrachtaí seo, tríd is tríd. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ag cinsireacht ar dtús, ach ansin, chuaigh sé sna saighdiúirí. I ndiaidh an chogaidh, chrom sé ar an scríbhneoireacht arís, agus é ag iarraidh stíl nua a thabhairt isteach san fhicsean eolaíochta, stíl chiúin intleachtúil a bhí bun os cionn ar fad leis an gceoldráma spáis agus leis na cathanna móra spáis nár thaitin le Wyndham. Ba é "The Day of the Triffids" an chéad úrscéal a scríobh sé sa stíl seo, agus thabhaigh sé an-chlú dó. Sa bhliain 1963, phós sé bean darbh ainm Grace Wilson a raibh aithne aige uirthi le fiche éigin bliain anuas. Le fírinne bhí saol pósta á chleachtadh acu le fada, ach níor phós siad roimhe sin, ar eagla go gcaillfeadh Grace a post mar mhúinteoir, toisc nach raibh sé ceadaithe do mhná pósta fanacht ag obair ina múinteoirí san am ar casadh ar a chéile iad. Chuaigh siad ina gcónaí i bPetersfield i gContae Hampshire, in aice le Scoil Bedales, an ceann ab fhearr le Wyndham de na scoileanna ar fad ar fhreastail sé orthu ina bhrín óg dó. I bPetersfield a shíothlaigh sé sa bhliain 1969. San am sin, bhí a chuid luathshaothar ó na hirisí Meiriceánacha á gcur in athchló, agus foilsíodh cuid áirithe dá chuid scríbhinní an chéad uair i ndiaidh a bháis. Saothar. Bhí sé ag scríobh scéalta agus á bhfoilsiú ar irisí Meiriceánacha roimh an gcogadh féin, ach is i ndiaidh an chogaidh a tháinig an chuid is clúití dá shaothar ar pár, go háirithe na húrscéalta "The Day of the Triffids" (1951), "The Kraken Wakes" (1953), "The Chrysalids" (1955), "The Midwich Cuckoos" (1957), "Trouble with Lichen" (1960), "Chocky" (1968) agus "Web" (foilseachán iarbháis, 1979). Bíonn imeachtaí a chuid leabhar suite i saol na Ríochta Aontaithe sna caogaidí, agus iad ag taispeáint saol ciúin idileach á stróiceadh as a chéile ag olltubaiste a bhaineann don domhan go léir. Is minic a bhíonn áiteanna so-aitheanta sna scéalta, agus craiceann maith fírinne ar na himeachtaí is éadóchúla amuigh toisc go bhfuil an timpeallacht chomh hinchreidte. Seo cleas inste a chuireann i gcuimhne, abair, "Cogadh na Reann" le H.G.Wells. "The Day of the Triffids". Sa leabhar "The Day of the Triffids", tá an cine daonna ag brath ar na "trifidí", sórt plandaí géin-ionramháilte a bhfuil nimh iontu agus iad in ann pairilis a chur ar an duine agus é a dhíleá is a ithe. Tálann na trifidí ola úsáideach, agus slí bheatha thábhachtach is ea feirmeoireacht na dtrifidí ar fud an domhain. Go tobann, buaileann cith dreigí an Domhan, agus fágann solas aisteach na ndreigí an cine daonna ar fad gan radharc súl, amach ón dornán nach bhfaca na dreigí. Nuair nach bhfuil aon duine ag tabhairt aire do na trifidí a thuilleadh, tá deis acu éalú leo as na feirmeacha agus na daoine a ionsaí. Feirmeoir trifidí é Bill Mason, laoch an úrscéil, agus é ina luí san ospidéal i dtús an scéil agus é tar éis radharc a shúl a chailleadh go sealadach tar éis ionsaí a rinne trifid amháin air roimhe sin. Mar sin ní fhaca sé a dhath de na dreigí, agus dá réir sin níor chaill sé a radharc go buan, mar a tharla dóibh siúd a bhreathnaigh ar na dreigí. Fágtar an saol ar fad ina chíor thuathail agus na trifidí ag déanamh ionsaithe ar na daoine dalla, ach san am chéanna tá grúpaí éagsúla ag iarraidh inneall éigin a chur ar an tsochaí arís. I ndeireadh an scéil caithfidh Bill agus an teaghlach atá curtha ar bun aige i ndiaidh na tubaiste éalú go hInis Iocht le teacht slán ón dream míleatach atá ag sealbhú na mórthíre. Scannánaíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1962. Bhí léiriú teilifíse de le feiceáil ar an mBBC sa bhliain 1981 don chéad uair. Sa bhliain 2001, d'fhoilsigh an scríbhneoir Simon Clark an t-úrscéal leantach "The Night of the Triffids", ag tabhairt cur síos ar fhorbairt an tsaoil i ndiaidh imeachtaí an bhunleabhair de réir a shamhlaíochta féin. "The Kraken Wakes". Is é an "kraken" a luaitear i dteideal an leabhair ná arrachtach farraige an bhéaloidis Lochlannaigh - "kraken" sa leagan "bokmål" den Ioruais, "krakjen" sa leagan "nynorsk" - ach is meafar é an t-arrachtach seo don bhagairt atá ann. I dtús báire tá caora tine, ar spásbháid naimhdeacha iad, ag titim anuas ón spéir, ach má tá, níl siad ag ionsaí an chine dhaonna go díreach - tá siad ag dul i dtóin phoill. Is é an tátal a bhaineann na heolaithe as seo gur tháinig na neacha eachtardhomhanda seo ó phláinéad éigin a bhfuil an t-aerbhrú i bhfad níos mó air ná ar an Domhan, agus nach dtig leo maireachtáil ach amháin ar ghrinneall na mara. Is é is toradh don ionsaí seo ná cogadh dearg idir an cine daonna agus na neacha eachtardhomhanda, agus an dara dream acu ag iarraidh an leac oighir timpeall ar dhá phol an Domhain a leá le súil is go rachaidh an t-uisce thar an gcine daonna ar fad. "The Chrysalids". Tá imeachtaí an úrscéil seo suite sa ré i ndiaidh olltubaiste dhomhanda éigin titim amach, is féidir gur cogadh núicléach a bhí i gceist. Na daoine atá fágtha ina mbeatha, creideann siad gurbh é Dia a ghearr pionós millteanach don chine dhaonna as a gcuid peacaí, nó tá saoldearcadh na n-iarmharán seo bunaithe ar chreideamh bhunúsach Chríostaí. Creideann siad go bhfuil sé géar-riachtanach cloí go dlúth leis an "normáltacht" agus daoine eisceachtúla a chur chun báis nó a dhíbirt. Na "criosáilídigh" nó "chrysalids" a luaitear i dteideal an leabhair is daoine eisceachtúla den chineál sin iad, nó tá siad in ann intinn na ndaoine eile a léamh. Caithfidh siad an bua seo a choinneáil ceilte ón bpobal, ar eagla an phionóis. "The Midwich Cuckoos". Is é is ábhar don leabhar seo ná an rud ar a dtugtar xéinigineas - is é sin iompar na clainne iasachta. Is é an sráidbhaile ídileach úd Midwich i Sasana is stáitse do na himeachtaí. Lá amháin tá Midwich timpeallaithe ag balla dofheicthe nach gceadaíonn d'aon duine cuairt a thabhairt ar an áit, agus tá muintir an tsráidbhaile ina gcodladh ar fad. An lá arna mhárach tá an balla imithe agus na daoine ina ndúiseacht arís, ach anois tá gach bean i Midwih ag iompar clainne. Páistí eachtardhomhanda atá i gceist, agus cnuasintinn acu: an rud a fhoghlaimeoidh duine amháin acu, beidh sé foghlamtha ag an gcuid eile acu ar an toirt. Tá na páistí i bhfad níos láidre ná na daoine daoinna ó thaobh na hintinne de ar bhealaí eile fós, agus níl suim ná suaiméid acu in aon chineál cómhaireachtáil shíochánta: tá siad meáite ar an gcine daonna a chur de dhroim an domhain nuair a thiocfaidh siad i gcrann. Scannánaíodh "The Midwich Cuckoos" cúpla uair faoin teideal "The Village of the Damned". "The Trouble with Lichen". An duilleascar a luaitear i dteideal an leabhair is é an druagántacht atá ann ná go bhfuil sé in ann cúpla oiread eile a chur le fad saoil an duine. An ceimiceoir óg mná atá in ann an tsubstaint is cúis leis an druagántacht seo a aonrú tá sí ag iarraidh na mná a dhéanamh níos cumhachtaí na na fir tríd an leigheas a thál orthu faoi choim, agus parlús áilleachta á reáchtáil aici leis an gcógas a dháileadh "Chocky". Chocky an t-ainm atá ar chara shamhlaitheach Mhaitiú, buachaill dhá bhliain déag d'aois. I dtús an scéil tá athair Mhaitiú buartha faoina mhac toisc go bhfuil sé inbharúla nár chóir do stócach chomh sean le Maitiú cara samhlaitheach a bheith aige. De réir a chéile, áfach, tagann sé chun solais nárbh é Maitiú féin a cheap Chocky: is neach eachtardhomhanda é Chocky a bhfuil intinn an bhuachalla insíothlaithe aige, agus é ag baint leasa as an malrach le heolas a bhailiú faoi nósanna na ndaoine chun téisclim a dhéanamh le haghaidh ionsaí ar an Domhan. De réir a chéile, áfach, tá croí Chocky ag téamh le Maitiú, rud nach bhfuil ceadaithe dó. "Web". Foilseachán iarbháis é an t-úrscéal seo, rud atá le haithint air, nó dealraíonn sé nach bhfuil an scéal ach sceitseáilte, agus dá mairfeadh Wyndham beo, is dócha go gcuirfeadh sé tuilleadh "feola" ar chnámha an scéil seo. Mar sin féin, leabhar sách críochnaithe é "Web" agus is féidir sult léitheoireachta a bhaint as. Mar is léir ó theideal an leabhair, is iad na damháin alla atá ag bagairt ar an gcine daonna sa leabhar áirithe seo. Arnold Delgrange atá ar fhear inste an scéil. Fuair a bhean is a chlann bás i dtimpiste, agus tá sé ag iarraidh goimh na tubaiste seo a leigheas. Cosúil le dream mór daoine sa chruachás chéanna tugann sé a aghaidh ar Tanakuatua, oileán i nDeisceart an Aigéin Chiúin, áit a bhfuiltear ag iarraidh coilíneacht útóipeach a thógáil. Tagann sé chun solais, áfach, go bhfuil an t-oileán sealbhaithe ag damháin alla atá in ann comhoibriú le chéile agus iad ag déanamh sealgaireachta. Ar ndóigh tá bagairt mhillteanach sna damháin alla seo do na coilínitheoirí. Tugann an t-údar le fios gur toradh iad na damháin alla do na tástálacha núicléacha a rinneadh ar an oileán roimhe sin, agus i ndeireadh an scéil faightear amach nach bhfuil na damháin alla sásta fanacht sa bhaile ar an oileán agus gur féidir go bhfuil contúirt iontu don chine dhaonna go léir.
3,793
Dumbo (leabhar). Úrscéal do pháistí de chuid Helen Aberson agus Harold Perl is ea Dumbo a foilsíodh sa bhliain 1939.
44
Úrscéal stairiúil. Is éard is úrscéal stairiúil ann ná úrscéal a bhfuil a imeachtaí suite i dtréimhse áirithe staire, agus an scríbhneoir ag iarraidh saol agus meon na tréimhse sin a athchruthú ar leathanaigh an leabhair. Is féidir don úrscéal stairiúil fíorcharachtair na tréimhse seo a lua nó carachtair fhicseanúla a chur ag caidreamh le fíorcharachtair na tréimhse. Cúlra. Walter Scott. Is minic a deirtear gurbh é Walter Scott a chuir tús leis an seánra seo, ach scríobhadh leabhair ar féidir úrscéalta stairiúla a thabhairt orthu i gcultúir eile seachas an cultúr Iartharach i bhfad roimh lá Scott. Sampla de seo is ea "Rómáns na dTrí Ríochtaí", le Luo Guanzhong, a bhreac síos an scéal sa cheathrú haois déag. Áirítear an "Rómáns" seo ar ceann de "Cheithre Úrscéalta Clasaiceacha na Síne". Cé nárbh é Scott a chéadcheap an t-úrscéal stairiúil, is léir gur chuir sé an-chor i bhforbairt an tseánra. Dúirt an léirmheastóir Georg Lukács gurbh é Scott an chéad duine a thuig nach maisíocht amháin a bhí i gceist leis an suíomh stairiúil, ach gur chóir don scríbhneoir taighde agus aithris a dhéanamh ar atmaisféar iomlán na tréimhse. Ba é "Waverley, or 'tis Sixty Years Since" (1814) an chéad úrscéal sa stíl seo a tháinig i gcló ó Scott, agus d'éirigh sé coitianta "Waverley novels" a thabhairt ar a chuid úrscéalta stairiúla. I saothair ar nós "Waverley" nó "Rob Roy" roghnaigh Scott lárcharachtar a tháinig go nádúrtha i dteagmháil le daoine ó aicmí agus grúpaí sóisialta éagsúla, rud a chuir ar chumas an scríbhneora cur síos cuimsitheach a thabhairt ar atmaisféar na tréimhse. Nuair a d'fhoilsigh sé "Ivanhoe", chuir na daoine suim nua i stair na Meánaoise faoi thionchar an úrscéil. Úrscéal Stairiúil i dTíortha Éagsúla. Tháinig scríbhneoirí eile sna sálaí ag Scott. Scríobh Aleksandr Pushkin, file náisiúnta na Rúise, a úrscéal stairiúil féin, "Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka" ("Iníon an Chaptaein"), mar iarracht mheabhrach aithris a dhéanamh ar stíl úrscéalaíochta Scott, ach ansin d'éirigh le Lev Tolstoy máistreacht an tseánra a bhaint amach leis an mórúrscéal eipiceach "Война и мир/Voyna i mir" ("Cogadh agus Síocháin"). San Fhionlainn, bhreac Zachris Topelius síos "Fältskärns berättelser" ("Scéalta an Mháinlia Airm"), úrscéal i bhfoirm sraithe a thug cur síos ar chora cinniúna mhuintir Bertelsköld in imeachtaí staire na Sualainne thar na glúnta. As Sualainnis a scríobh Topelius an t-úrscéal, ach bhí an-bhaint ag na scéalta leis an bhFionlainn. San fhichiú haois, bhain Fionlannach eile, Mika Waltari, amach clú domhanda lena chuid úrscéalta faoin Éigipteach Sinuhe ("Sinuhe egyptiläinen" - "Sinuhe, an tÉigipteach"), faoi fhear óg ón bhFionlainn sa Mheánaois agus é ag taisteal ar fud ríochtaí móra na linne ("Mikael Karvajalka" agus "Mikael Hakim"), faoi thús na Críostaíochta sa tsean-Róimh ("Valtakunnan salaisuus" - "Rún na Ríochta" - agus "Ihmiskunnan viholliset" - "Naimhde an Chine Dhaonna"), faoi theagmháil na Críostaíochta agus Ioslam ("Johannes Angelos") agus faoi na hÉatrúscaigh ("Turms kuolematon" - "Turms Neamhbhásmhar"). Sa Pholainn, ba é Henryk Sienkiewicz máistir an tseánra, nó bhain sé amach Duais Nobel na Litríochta leis an úrscéal "Quo Vadis", a chaitheann súil ar chruachás na gCríostaithe i ré na ngéarleanúintí sa tsean-Róimh. San Iodáil, glactar leis gurbh é "I Promessi Sposi", úrscéal stairiúil le hAlessandro Manzoni, a chuir tús leis an úrscéalaíocht nua-aimseartha ar fad sa tír sin. Úrscéal stairiúil i nGaeilge. "Niamh" leis an Athair Peadar. Glactar leis gurbh é "Niamh" leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal stairiúil sa teanga. Bhí an leabhar ina chnámh spairne idir an Athair Peadar agus Conradh na Gaeilge, nó nuair a d'fhéach sé le bloghanna as an úrscéal nó sceitsí a raibh baint acu leis an úrscéal a fhoilsiú ar An Claidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge, ní raibh sé sásta leis an sceanairt a rinne na heagarthóirí ar a chuid scríbhinní. Sa deireadh chuaigh sé i muinín "The Irish Book Company" leis an úrscéal a fhoilsiú. Bhí Norma Borthwick agus Maighréad Ní Raghallaigh, bunaitheoirí an tí foilsitheoireachta seo, fonnmhar chun "Niamh" a chur i gcló ar choinníollacha an scríbhneora, agus sa deireadh tháinig an t-úrscéal i bprionta sa bhliain 1907. Is é is ábhar don úrscéal ná cath Chluain Tairbh agus tréimhse na hargana agus na foghla a bhíodh na Lochlannaigh ag déanamh ar Éirinn. Tharraing an tAthair Peadar ar "Chogadh Gaedhel re Gallaibh" agus ar an aistriúchán Béarla a rinne George Webbe Dasent ar "Njáls Saga" le haghaidh an chúlra stairiúil, ach mar a d'iompaigh an scéal amach, cé go ndearna an tAthair Peadar a dhícheall leis an stair seo a insint i "gcaint na ndaoine", ní raibh sé in ann é féin a shaoradh ó bhráca na bhfoinsí, agus chuaigh an t-úrscéal chun leadráin. Ag tabhairt óráidí tura teagascúla uathu a bhíonn na carachtair, agus níor éirigh leis an scríbhneoir carachtair bheo bhíogúla a chruthú ná a bhforbairt a léiriú. "Cormac Ua Conaill" leis an Duinníneach. Ba é an tAthair Pádraig Ua Duinnín, fear eagair an fhoclóra, a scríobh "Cormac Ua Conaill", úrscéal gairid stairiúil agus é suite in Éirinn faoi dheireadh na séú haoise déag. Ach oiread leis an Athair Peadar ní chuireann an Duinníneach an bhéim is cuí ar charachtracht na laochra, agus is cuma nó vaits leis faoi chuspóirí na naimhde, Laochra gan on gan cháim iad na laochra, agus bithiúnaigh chruthanta gan mhaith iad lucht leanúna na Banríona. Téann an scríbhneoir i muinín comhtharlúintí agus "deus ex machina" le haghaidh plotála is nach bhfágann sé craiceann inchreidte ar bith ar an scéal. Ní raibh teanga an Duinnínigh chomh líofa foirfe leis an gcanúint Mhuimhneach lenar tógadh an tAthair Peadar, nó cé nach raibh caill ar a stór focal, níor thuig sé chomh tábhachtach is a bhí an chomhréir, is é sin, dul ceart nádúrtha na bhfocal. "Brian Óg" le Sean-Phádraig Ó Conaire. Bhain Sean-Phádraig Ó Conaire triail as an seánra seo freisin, nó d'fhoilsigh sé an sraithscéal úd "Brian Óg" sna blianta 1922-1923, agus tháinig an scéal i bprionta faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1926. Úrscéal beag eachtránaíochta atá ann, agus is é Brian Óg ainm an laoich: fear óg cróga agus é chomh maith ag beartú an chlaímh ar son na hÉireann agus ag tógáil léinn i gColáiste na nGael i Liospóin. Scéal sceitimíniúil luathghluaiste é Brian Óg, ach is é an breithiúnas a thug Breandán Delap air ina leabhar faoi úrscéalta stairiúla na Gaeilge go bhfuil aithne na drochphlotála ar an leabhar seo freisin, agus na himeachtaí is na comhtharlúintí ag fabhrú don laoch go héadóchúil in áiteanna. "Buaidh na Treise" le Mícheál Ó Gríobhtha. Is deacair a rá an úrscéal stairiúil i gciall chúng an téarma é an t-úrscéal seo a tháinig i gcló sa bhliain 1928. Tá na himeachtaí suite i dtréimhse anallód nach furasta a shocrú in aon áit ar leith ar amlíne na staire. Is féidir gurbh iad na 1830idí nó na 1840idí atá i gceist. Go bunúsach, coimhlint idir beirt deartháireacha atá ann, fear atá ina thiarna talún agus é ag seasamh do na Gaill, an duine eile ina thionónta, agus é ag seasamh do na Gaeil. Is é an breithiúnas a thugann Delap ar an leabhar go gcuireann na "babhtaí iomrascála" leadrán ar an léitheoir, agus go bhfuil críoch an scéil dochreidte. Deir Alan Titley gur úrscéal siombalach é ach go bhfuil an siombalachas sin róshoiléir. Deir Delap fosta go raibh an Gúm ag iarraidh san am ábhar léitheoireachta Gaeilge a sholáthar faoi dheifir agus go ndeachaigh a lán cainteoirí dúchais i mbun pinn nach raibh mórán céille acu do cheird an scríbhneora. Ba toradh nádúrtha don driopás seo "Buaidh na Treise". "Eoghan Ruadh Ó Néill" le Seosamh Mac Grianna. Áirítear leabhair inbhreathnaitheacha Sheosaimh Mhic Grianna ar chlasaicigh nua-aimseartha na Gaeilge, ach ní bhíonn an meas céanna ag na léitheoirí ná ag na léirmheastóirí ar a úrscéal stairiúil "Eoghan Ruadh Ó Néill". Iarracht cheannródaíoch a bhí ann spléachadh liteartha a thabhairt do shaol Eoghain Rua, ach mar a éiríonn do na ceannródaithe uaireanta, theip ar Sheosamh go dona. Rinne an scríbhneoir taighde agus staidéar cuimsitheach ar imeachtaí agus ar chultúr na linne a bhí faoi chaibidil aige, ach ní raibh sé in ann litríocht chruthaitheach a fháscadh as an mianach seo. A mhalair ar fad fuair an t-amhábhar an ceann is fearr air. Mar sin, is éard atá sa leabhar ná "athinsint lom ar fhíricí na staire". Tháinig an leabhar i gcló an chéad uair sa bhliain 1932. Dealraíonn sé go ndearna an Gúm cinsireacht ar an leabhar, nó ar a laghad bhí Seosamh ag gearán ina dhiaidh sin nach raibh an Gúm sásta tiomnú an úrscéil a chlóchur mar a bhí sé scríofa aige. "Bun an Dá Abhann" le Seán Ó Ciarghusa. Is éard atá in "Bun an Dá Abhann" ná úrscéal pobail agus é suite i dtréimhse stairiúil - mar a deir Delap, tá an leabhar cosúil le "Peig", ach amháin gur "Peig" le plota úrscéil é. Cinnte déanann an leabhar trácht ar Chogadh na Talún, díreach cosúil le "Peig" féin. Chuir Titley an t-úrscéal seo i gcomparáid le "Knocknagow" le Charles J. Kickham. Is ionann laige "Pheig" agus laige "Bhun an Dá Abhann", is é sin, bíonn an scríbhneoir ag déanamh an iomarca plé ar chúrsaí feirmeoireachta agus curadóireachta agus fiú ag cíoradh chúrsaí grá na ndaoine óga nuair nach ndéanann sé ach moilliú ar imeachtaí an phríomhphlota. Ón taobh eile de, tá súil ghéar ag an údar ar struchtúr sóisialta an tsráidbhaile agus é in ann anailís chiallmhar a dhéanamh ar bhaint na n-aicmí éagsúla leis an scéal. "Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire" le Seán Ó Ruadháin. Úrscéal pobail eile a bhfuil beagáinín staire measctha tríd é "Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire" le Seán Ó Ruadháin. Aistritheoir cumasach a bhí sa Ruadhánach a chuir Gaeilge ar "David Copperfield" le Charles Dickens agus ar chúpla clasaiceach Béarla eile. Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a bhí ó dhúchas ag an scríbhneoir seo. Tá imeachtaí an scéil suite in Iorras, Maigh Eo. Tugann an t-úrscéal léargas cuimsitheach ar imeachtaí na staire ó Chogadh na Talún go Cogadh na Saoirse, agus is léir gur bhain an t-údar an-leas as an eolas a bhí aige ar stair an cheantair, go háirithe ar an dóigh ar tháinig cúrsaí polaitíochta agus náisiúnachais isteach agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomláin, áfach, níl sna mionsonraí staire ach cúlra don scéal agus don phlota. Foilsíodh "Pádhraic Mháire Bhán" an chéad uair sa bhliain 1932. Chuir an Gúm eagrán nua ar fáil sa bhliain 1994. "Iolar agus Sionnach" le Seán Mac Maoláin. Sa bhliain 1938 tháinig an t-úrscéal stairiúil "Iolar agus Sionnach" ó pheann Sheáin Mhic Mhaoláin. Ba de shliocht cainteoirí dúchais ó Ghleannta Aontroma an scríbhneoir, ach ba le Béarla a tógadh é, cé gur éirigh leis Gaeilge Uladh a fhoghlaim go paiteanta - le fírinne rinne sé staidéar ar an gcanúint in Ó Méith, agus bhí blas chanúintí Oirthear Uladh ar a chuid Gaeilge. Rinne sé cion fir ag cur na teanga chun cinn in eagraíochtaí Gaeilge, ina mhúinteoir agus ina eagarthóir liteartha. Ba é "Iolar agus Sionnach" an t-aon úrscéal staire a scríobh sé, agus is dócha go bhfuair sé inspioráid ó na haistriúcháin a rinne sé, nó nuair a chuaigh sé i mbun pinn bhí "Scéal fá Dhá Chathair" le Charles Dickens agus "Imeacht an Iolair" ("The Flight of the Eagle") le Standish O'Grady. Theastaigh ón nGúm go bhfoghlaimeodh na scríbhneoirí scileanna a gceirde ag aistriú leabhar ó Bhéarla go Gaeilge, ach is é tuairim Delap ná gur fhoghlaim Mac Maoláin drochnósanna scríbhneoireachta ó na saothair ar chuir sé Gaeilge orthu, cé gur éirigh leis cuid de laigí suntasacha shaothar an Ghrádaigh a sheachaint ina úrscéal féin. Cuireann rómánsúlacht sheanaimseartha na stíle isteach ar léitheoir an lae inniu, chomh maith leis an seoibhineachas fireann i leith na mban agus an fíor-Chaitliceachas ba dual don tréimhse, ach tríd is tríd is iad laigí an leabhair laigí na linne, agus is féidir a lán a mholadh sa leabhar freisin, go háirithe stíl nádúrtha sholéite an scríbhneora, plota simplí sothuigthe an leabhair agus na himeachtaí gasta. Lón léitheoireachta maith a bhí ann do na cainteoirí dúchais féin nuair a foilsíodh é, agus é níos cosúla le saothar Scott ná aon leabhar eile a scríobhadh as Gaeilge. Bhí léirmheastóirí eile ní ba bhoirbe ina gcuid focal ag tabhairt breithiúnais ar leabhar seo Mhic Mhaoláin. Tagraíonn Titley do thuairim Mháirtín Uí Chadhain, a bhí barúlach nár chóir "Iolar agus Sionnach" a léamh ach mar rabhadh faoin dóigh mhícheart le húrscéal a scríobh, agus Titley admhálach gur dheacair gan géilleadh don méid sin, "tamall den chosán" ar a laghad. D'aithin Titley an chosúlacht le saothar Scott freisin, agus é ag tabhairt le fios gur chóra "Iolar agus Sionnach" a léamh mar úrscéal rómánsach stairiúil, seachas mar úrscéal stairiúil sa chiall chúng. "An Bealach chun an Bhearnais" le Tarlach Ó hUid. Sa bhliain 1949 foilsíodh úrscéal stairiúil le Tarlach Ó hUid faoin teideal "An Bealach chun an Bhearnais". Is féidir a lán imeachtaí stairiúla a aithint sa leabhar, ach i ndiaidh an iomláin níl iontu den chuid is mó ach cúlra nó maisiú don scéal. Fear gorm é an laoch, sliocht sleachta na nÉireannach a ruaigeadh go dtí Iamáice in aimsir Chromail, agus é ag dréim le filleadh go fód dúchais a shinsear. Iarracht uaillmhianach a bhí ann mar sin, ach níor éirigh le hÓ hUid ach go lagmheasartha, ó bhí an iomarca téamaí agus tarlúintí stairiúla mar amhábhar aige, agus iad á gcur os comhair an léitheora ar bhealach rótheagascach . Scéal eile ar fad áfach go raibh teachtaireacht láidir in aghaidh an chiníochais á reic ag an scríbhneoir, nó theastaigh uaidh, mar Éireannach, a dhlúthpháirtíocht leis an gcine gorm a chur in iúl. "Tairngreacht Mhiseoige" le Séamus "Máire" Ó Grianna. D'fhoilsigh Séamus "Máire" Ó Grianna an t-úrscéal "Tairngreacht Mhiseoige" sa bhliain 1958, agus is é an breithiúnas a thug Breandán Delap ar an leabhar gurbh é an ceann ab fhearr de na húrscéalta stairiúla Gaeilge dár tháinig i gcló sna caogaidí. Is é an t-ábhar molta is mó a d'aithin Delap ar an leabhar ná go raibh Máire in ann an mianach stairiúil agus an mianach béaloideasúil - "Tairngreacht Mhiseoige" arbh ionann í go bunúsach agus tairngreacht Choilm Chille - a cheangal dá chéile go sciliúil agus úrscéal iomlán a fháscadh astu. Ní raibh mórán measa ag Máire riamh ar an tsochaí a d'fhorbair in Éirinn i ndiaidh do na Saorstátairí bua a bhreith i gCogadh na gCarad, agus mar sin ba nós leis carachtair a chruthú lena chuid idéal Poblachtánach a ionchollú agus a phearsanú, agus is féidir a leithéidí sin a aithint sa leabhar seo freisin. Is é Cogadh na Saoirse an eachtra staire atá i gcroílár an úrscéil seo, agus tugann an scríbhneoir le fios nach dtiocfadh sárú ná cómhaith laochra an chogaidh sin chun saoil choíche. Saothar Eoghain Uí Thuairisc. Glactar leis go coitianta gurbh é Eoghan Ó Tuairisc máistir an úrscéil stairiúil i litríocht na Gaeilge, nó is clasaicigh inniu iad an dá leabhar sa seánra seo a tháinig óna pheann: "L'Attaque" a chaitheann súil ar Bhliain na bhFrancach 1798 i Maigh Eo, agus "Dé Luain", a chardálann Éirí Amach na Cásca. "L'Attaque". Scríobh Eoghan Ó Tuairisc an t-úrscéal seo i rith cheithre mhí sa bhliain 1961, agus nuair a tháinig an leabhar i gcló, thabhaigh sí clú, ardmholadh agus duaiseanna - Duais an Chlub Leabhar chomh maith le Gradam an Oireachtais - don scríbhneoir. Ón taobh eile de, bhí cúpla léirmheastóir míshásta le gnéithe áirithe de stíl an úrscéil. Chuir siad i leith an scríbhneora nach raibh sé in ann Béarlachas míchuí a sheachaint ná comhrá nádúrtha Gaeilge a scríobh, agus lochtaigh siad róshaibhreas na meafar freisin. Ina dhiaidh sin is uile is beag duine a bhí in ann a shéanadh gur saothar tábhachtach a bhí ann Chaith Ó Tuairisc tréimhse fhada ag déanamh staidéir ar litríocht mhiotasúil na Gaeilge, agus is féidir tionchar na litríochta sin a aithint ar struchtúr an tsaothair. Cinnte tá atmaisféar an mhiotais ar chuid mhór den leabhar, agus is féidir a rá go bhfágann laochra an úrscéil slán ag an ngnáthshaol le bás a fháil ar son an mhiotais. Cosúil leis na laochra ag Séamus Ó Grianna, caithfidh Máirtín Dubh Caomhánach, príomhcharachtar "L'Attaque", rogha a dhéanamh idir an dá Róisín, nó - mar a deirtear i leabhar Uí Thuairisc - idir an dá Shadhbh: a bhean chéile atá díreach ag iompar clainne, agus spéirbhean mhiotasúil na hÉireann. Chuir Ó Tuairisc féin béim ar dhiminsiún miotasúil an úrscéil stairiúil i gcomhfhreagras príobháideach a bhain leis an leabhar. Maidir le tionchar na mórshaothar idirnáisiúnta litríochta ar "L'Attaque", bhí Ó Tuairisc go mór faoi dhraíocht ag réalachas an chanbháis leathain i "Война и мир/Voyna i mir" ("Cogadh agus Síocháin"), mórúrscéal Leo Tolstoy faoin gcogadh a chuir Napoléon Bonaparte ar an Rúis. Mar a dúirt Titley: "Is é bua faoi leith" L'Attaque "[...] go gcloisimid trup agus trustal na saighdiúirí, go mbraithimid fliuchras na hoíche is an tsléibhe, go scuabtar chun siúil san eachtraíocht sinn, ach go dtugann fileatacht agus macallaí na hinste le fios i gcónaí dúinn go bhfuil níos mó ar siúl ná mar is féidir leis na focail loma a iompar ná a chur in iúl". Is é an cineál seo réalachais a dhéanann saothar éifeachtach de "L'Attaque", agus is dócha gurbh ó Tolstoy a d'fhoghlaim Ó Tuairisc é thar aon údar eile. Cosúil le Tolstoy, ba iarshaighdiúir é Ó Tuairisc féin, nó chaith sé téarma ina oifigeach i bhfórsaí armtha na hÉireann i Ré na Práinne. Leis an ngnáthshaighdiúir a bhí a bhá, rud a chuidigh leis a chomhionannú a dhéanamh le meon Mháirtín Dhuibh Chaomhánaigh. Cuid den réalachas sa leabhar é chomh soiléir is atá sé don léitheoir agus don scríbhneoir araon nach bhfuil an ginearál réabhlóideach Francach agus an chosmhuintir Éireannach ar aon tuairim faoi chuspóirí an chogaidh. An chuid is mó de na hÉireannaigh, is é an seicteachas agus an frith-Phrotastúnachas, fiú, atá á spreagadh. Níl mórán measa ag an nGinearál Humbert ar na scológa Éireannacha nach dtuigeann cad is réabhlóid ann ar aon nós: "Chuir siad péasúin La Vendée i gcuimhne dó, an dream dalba a thug cúl le rath na haoise nua agus a mhair ina dtailte iargúlta ar an sean-nós aineolach, dearcadh amach na meán-aoiseanna acu, creideamh Rómhánach na sagart agus piseoga págánacha na seanbhan ina meascán mearaí trína chéile mar pholaitíocht acu ag cothú éirí amach na speal is na sluaistí [...]" Tagairt é seo don éirí amach i La Vendée i Lár-Iarthar na Fraince sa bhliain 1793. Bhí Humbert ar dhuine acu siúd a bhí ag cur na ceannairce frithréabhlóidí seo faoi chois, agus is cúis iontais dó an paradacsa go mbeadh seisean ag tacú le leithéidí na gceannairceoirí ó La Vendée in Éirinn anois. "Dé Luain". Sa bhliain 1966 a tháinig an dara húrscéal stairiúil le hEoghan Ó Tuairisc i gcló - "Dé Luain". Bhí Éirí Amach na Cásca á cheiliúradh sa bhliain chéanna, ó d'imigh leathchéad bliain i ndiaidh na n-imeachtaí. Bhí Ó Tuairisc meáite ar "leac chuimhneacháin" a thógáil do lucht an Éirí Amach, ach san am chéanna bhí sé ag iarraidh úrscéal uaillmhianach nua-aimseartha a chumadh, agus chuaigh sé i dtuilleamaí na teicníochta insinte is mó a shamhlaítear le James Joyce, is é sin, sruth an chomhfheasa. Bhí a lán réamhthaighde agus mioneolais de dhíth leis an leabhar a ullmhú. Bhí an t-údar faoi strus trom agus é ag scríobh a shaothair, nó theastaigh uaid é a chríochnú le go bhféadfaí é a fhoilsiú i mbliain cheiliúrtha an leathchéid. Sa bhliain 1965 fuair Úna, bean chéile Uí Thuairisc, bás gan choinne, rud a d'fhág an scríbhneoir faoi mhéala go dona, ionas nach raibh sé in ann breith ar an bpeann ar feadh i bhfad. Ghlac sé scíth fhada ón scríbhneoireacht, agus ansin chríochnaigh sé an leabhar faoi dheifir. Mar sin, níor éirigh leis caoi cheart a chur ar a shaothar, agus fágadh fabhtach go leor é. Go bunúsach, is pearsana stairiúla iad na carachtair go léir san úrscéal. D'fhéadfá a rá gur scéalaíocht fíricbhunaithe, nó fíricsean (Béarla: "faction"), a bhí ann. Sna seascaidí, bhí an fíricsean ag éirí faiseanta i dtíortha an Bhéarla, agus bhí cáil ar "In Cold Blood" ("As Fuil Fhuar") le Truman Capote, leabhar a chaith súil an úrscéalaí ar dhúnmharú an fheirmeora Herbert Cutter agus a theaghlaigh i Holcomb, Kansas, sa bhliain 1959. Saothar ceannródaíoch fíricsin a bhí i gceist le "In Cold Blood", agus é bunaithe ar an eolas a bhailigh Capote ó na daoine áitiúla a bhí faoi agallamh aige agus ag a chara Harper Lee. Tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 1966, agus ní fhéadfadh sé tionchar a imirt ar an dóigh ar "Dé Luain", áfach. Scéal eile é gur luaigh Ó Tuairisc féin tionchar scríbhneora eile ar féidir ceannródaí fíricsin a thabhairt air, mar atá, Cornelius Ryan. Iriseoir ó Bhaile Átha Cliath a bhí sa Rianach seo a chuaigh ag obair don áisínteacht nuachta cháiliúil úd Reuters agus a bhreac síos trí leabhar fíricsin faoin Dara Cogadh Domhanda: "The Longest Day" ("An Lá is Faide"), a foilsíodh sa bhliain 1959 agus a thug cur síos ar ionradh na gComhghuaillithe ar an Normainn ("Lá D" nó "D-Day") sa bhliain 1944; "The Last Battle" ("An Cath Deireanach") a tháinig i gcló sa bhliain 1966 agus a rinne trácht ar ghabháil Bheirlín i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda; agus "One Bridge Too Far" ("Droichead Amháin thar an Riachtanas") ón mbliain 1974, faoin dóigh a ndeachaigh ionradh na gComhghuaillithe i bhfostú san Ísiltír i Meán Fómhair 1944, ionas go raibh na Gearmánaigh in ann an cath a bhriseadh orthu timpeall ar chathair Arnhem. Nuair a bhí Ó Tuairisc ag obair ar "Dé Luain", bhí an chéad cheann den trí leabhar seo i gcló cheana, agus áiméar aige é a léamh agus a mheas sular chrom sé ar a shaothar féin a scríobh.
8,783
Aksel Sandemose. Scríbhneoir Ioruach de phór na Danmhairge a bhí in Aksel Sandemose (fíorainm: Axel Nielsen) a saolaíodh i Nykøbing-Mors sa Danmhairg ar an 19 Márta 1899 agus a shíothlaigh i gCóbanhávan ar an 6 Lúnasa 1965. Is é an leabhar is clúití dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal "En flyktning krysser sitt spor" ("Teifeach ag trasnú a riain féin"), inar leag sé síos "Dlí Jante", dlí na cúngaigeantachta i gcathair bheag. Jante an t-ainm a bhaist sé ar a chathair dhúchais san úrscéal. Saol. B'as Sandermosen san Iorua do mháthair an scríbhneora, agus leagan den logainm sin é an sloinne a ghlac sé air. D'athraigh sé sloinne sa bhliain 1921. Chaith sé an chuid ba mhó de na fichidí ina mhairnéalach. Sa bhliain 1930, shocraigh sé síos i Nesodden in aice le hOslo. Nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Iorua, ghlac sé páirt sa chath in éadan na nGearmánach agus chuaigh sé ar a theitheadh go dtí an tSualainn. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé chun na hIorua agus chuaigh sé ina chónaí go Kjørkelvik i Risør. Chaith sé deich mbliana ansin. Ach d'fhág sé an áit nuair a fuair a bhean chéile agus mac leis bás. D'éag Sandemose féin sa bhliain 1965 i gCóbanhávan. Ioruais. Cé gur sa Danmhairg a tháinig sé chun saoil agus a fuair sé bás, glactar leis gur scríbhneoir Ioruach a bhí ann go bunúsach. Scríobh sé an chuid ba mhó dá shaothar sa leagan den Ioruais ar a dtugtar "Riksmål", is é sin, an leagan is cóngaraí don Danmhairgis. San am chéanna, bhí meas mór aige ar an litríocht Ioruach go léir, an chuid san áireamh a bhí scríofa i "Nynorsk".
641
Dlí Jante. Is éard is Dlí Jante (Ioruais agus Danmhairgis: "Janteloven", Sualainnis: "Jantelagen") ann ná "dlí neamhscríofa" na bpobal beag cúngaigeanta mar a chuir an scríbhneoir Danmhargach-Ioruach Aksel Sandemose i bhfocail é ina úrscéal "En flyktning krysser sitt spor". Is gnách "Dlí Jante" a thuiscint mar chuid de chultúr Chríoch Lochlann, ach is féidir an chiall a bhaint as gur cuid de nádúr an duine ar fud an domhain é cloí le Dlí Jante. Is é "Jante" an t-ainm a bhaist Sandemose ar a chathair dhúchais féin, Nykøbing-Mors, san úrscéal. Inniu, úsáidtear an téarma sin "dlí Jante" mar théarma socheolaíochta idirnáisiúnta. Dlí Jante. Dlí Jante: An duine nach gcloíonn leis na rialacha seo, gearrfar pionós dó de réir an aonú mír déag, is é sin:
307
Seosamh Ó Longáin. Bhí Seosamh Ó Longáin (1817-1880) ar na scríobhaithe gairmiúla deireanacha Gaeilge. Deartháir le Peadar Ó Longáin, scríobhaí suntasach eile, ba ea é, agus ba é a n-athair Mícheál Óg Ó Longáin, scríobhaí agus file iomráiteach. Bhain na deartháireacha leis an tríú glúin de threabhchas scríobhaithe ó Chontae Chorcaí, dream a sholáthair an t-uafás lámhscríbhinní, go háirithe sa 19ú haois. Rinne Seosamh féin os cionn céad lámhscríbhinní, agus tugadh beirt acu ("An Táin" agus "Brisleach Mhór Mhuighe Muirtheimhne") chomh fada leis an Astráil. Bhí lámh dheas shoiléir aige. Ba dheacair teacht ar leabhair Ghaeilge le linn Uí Longáin ach bhí éileamh ar ábhar na lámhscríbhinní (dánta, stair agus seanscéalta) i gceantair na Gaeilge. Léifí iad os ard i lúb chruinnithe, nó d'iarrfadh daoine deisiúla (sagairt, feirmeoirí láidre, corrdhuine uasal) ar scríobhaí lámhscríbhinní a chóipeáil dóibh. Nuair a cailleadh an Longánach bhí ré an scríobhaithe thart, agus ba ghearr go dtosódh ré na clódóireachta sa Ghaeilge.
454
École nationale de l'aviation civile. Ollscoil aeraspáis sa Fhrainc is ea École nationale de l'aviation civile, a bhfuil aithne níos fearr uirthi ar fud an domhain faoina acrainm ENAC. Bunaíodh í sa bhliain 1949 i Toulouse, Midi-Pyrénées. Ó Eanáir na bliana 2011, is é ENAC an scoil aerloingseoireachta is mó san Eoraip.
126
Lucht oibre. Téarma a úsáidtear sna heolaíochtaí sóisialta is ea an lucht oibre agus i gnáth comhrá chun cur síos a dhéanamh orthu siúd a mbíonn fostaithe i bpoist na n-íosaicmí (mar atá tomhaiste de réir scileanna, oideachais agus ioncaim ísle), go minic chun úsáitear an téarma do dhaoine a mbíonn dífhostaíthe nó a mbíonn ar ioncaim faoi an mheán. Faightear an lucht oibre den chuid is mó i ngeilleagair tionsclaithe agus i gceantair uirbeacha na ngeilleagar neamhthionsclaithe.
195
Saisfhuinneog. Is cineál fuinneoige í an tsaisfhuinneog nó an tsaisfhuinneog chrochta atá déanta de phainéil nó "saiseanna" sochorraithe amháin nó níos mó a dhéanann fráma a choinníonn pánaí gloine le muntaine caola.
86
San Antonio, Texas. Cathair i ndeisceart láir Texas i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea San Antonio. Príomhbhaile chontae Bexar atá ann agus é suite ar ar an abhann San Antonio. Sa bhliain 2010, bhí 1,330,000 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 2.2 milliún i mórcheantar na cathrach. Stair. Bhunaigh fórsa míleata Spáinneach "presidio" (garastún) agus misean san áit ar 1 Bealtaine 1718. Baile Beag Indiach a bhí ann cheana. Lonnaigh grúpa teaghlach ó na hOileáin Chanáracha i San Antonio sa bhliain 1731. Sa bhliain 1836 a tharla léigear an Alamo (misean Spáinneach a bhí ina dhúnfort faoin am sin), príomheachtra i stair Texas.
248
Morgan Jageurs. Saor leachtanna agus gníomhaí ar son dhúchas na hÉireann san Astráil ba ea Morgan Peter Jageurs (1862-1932). Bhí sé ar na daoine ba mhó a d’fhág a rian ar shaol na nGael-Astrálach lena linn. Rugadh é i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí ("King’s County"), an t-aon mhac amháin a bhí ag Peter Jageurs, saor leachtanna, agus Mary (Casey). Tháinig an teaghlach chun Queensland na hAstráile sa bhliain 1865, chun Sydney sa bhliain 1868 agus chun Melbourne dhá bhliain ina dhiaidh sin. Fuair Morgan a chuid scolaíochta ag Scoil Naomh Bríd in Fitzroy agus ag Coláiste na mBráithre Críostaí in Melbourne Thoir, scoil ar bhain sé an príomhdhuais amach le duine eile. Cuireadh é ina phrintíseach lena lán ceirdeanna agus sna blianta 1883-84 chuaigh sé ar Scoil Ealaíne an Ghailearaí Náisiúnta in Melbourne. Shiúil sé an Eoraip sula ndeachaigh sé i gcomhar lena athair in Jageurs & Son, dealbhadóirí leachtanna, ceannaithe marmair agus eibhir, i mBóthar Sydney, Parkville. Dhíol siad mórán earraí eaglaiseacha chomh maith. Ar 17 Feabhra 1892 phós sé Bridget Maria Bartley in Ardeaglais Naomh Pádraig, áit a raibh sé ina bhuachaill altóra tráth. Bhí dúil mhór ag Jageurs sa Ghaeilge agus ina chuid litríochta, agus i gcluichí, in ealaín agus i gceol na hÉireann. Lena chois sin, bhí lámh aige ina lán cúiseanna Éireannacha. Sa bhliain 1881 rinneadh ball de choiste chraobh Victoria Chonradh na Talún de agus d’oibrigh sé go díograiseach mar rúnaí ann. Bhí sé dlúthpháirteach le Joseph Winter agus leis an Dochtúir Nioclás Ó Domhnaill i bhfeachtas Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí sé mór lena lán ceannairí Éireannacha – [Michael Davitt (feachtasóir)|[Mícheál Dáibhéad]] (arbh é athair baiste an mhic ba shine aige é), John Dillon agus na deartháireacha Mhic Réamainn. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Chlub Cheiltigh in Melbourne agus d’áitigh sé ar na cumainn Cheilteacha dul i gcomhar le chéile. B’fhíor-Chaitliceach é Jageurs a bhíodh ar a dhícheall ag obair ar son Chumainn na bhFear Óg Caitliceach. Ba é Uachtarán Chumann Naomh Pádraig é idir 1899 agus 1900. D’fhoilsigh sé a lán alt ar na páipéir Chaitliceacha agus ba thréan an conspóidí é. Le linn Chogadh na hAfraice Theas bhí sé ina bhall den "Peace, Humanity and Arbitration Society of Victoria". Ba mhór an crá croí dó Seachtain na Cásca agus ar lean í. Sa bhliain 1916 rinneadh Uachtarán Chonradh Aontaithe na hÉireann de mar chomharba Uí Dhomhnaill agus é ag cosaint Sheáin Mhic Réamainn agus an pháirtí bhunreachtúil ar Shinn Féin, ach ba shaothar in aisce é. Mar sin féin, rinneadh é a chúiseamh de réir an "War Precautions Act" as agóid a dhéanamh ar son cead cainte do bhaill Shinn Féin, as cúis an Ridire Ruairí Mac Easmainn a agairt agus as coireanna eile. Maraíodh an mac ba shine aige sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí Jageurs an-sásta le conradh Éireannach na bliana 1922 ach faoin am sin bhí sé bréan de chúrsaí polaitíochta. Mar sin féin, chreid sé riamh i spioradáltacht mhuintir na hÉireann agus sa neamhshuim a bhí ag a bhformhór sa tsaint. Fuair sé bás ar 28 Aibreán 1932 i mBrighton agus cuireadh é in Mór-Reilig Melbourne. D’fhág sé a bhean chéile, triúr iníon agus mac ina dhiaidh. Naisc. Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil
1,263
Dreapadóireacht. Is éard is dreapadóireachta ann ná gníomhaíocht ina bhaintear úsáid as lámha agus nó cosa an duine (nó go deimhin aon chuid eile de chuid an choirp) chun dul in aghaidh réada chlaonaird. Déantar é mar spórt (teacht ar áit dorochtana, nó dá taitneamh féin) agus go gairmiúil, mar chuid de ghníomhaíochtaí amhail cothabháil struchtúir, nó le linn oibríochtaí míleata.
160
An Eilvéis Shacsanach. Is limistéar sléibhtiúil dreapadóireachta agus páirc náisiúnta í an Eilvéis Shacsanach ar fud ghleann na hEilbe soir ó dheas de Dresden, sa Sacsain, an Ghearmáin. Tá Sléibhte Gaineamhchloiche na hEilbe comhdhéanta as an Eilvéis Bhoihéamach i bPoblacht na Seice in éineacht leis an Eilvéis Shacsanach. Tá roinnt 1000 binn dreapadóireachta san Eilvéis Shacsanach amháin, chomh maith le roinnt log. Bíonn tóir ag muintir na háite ar an gceantar agus ag dreapadóirí idirnáisiúnta araon. Tugtar "Eilvéis" ar an gceantar seo mar gheall ar na sléibhte agus áilleacht na radharcanna. Is é Sächsische Schweiz-Osterzgebirge ceantar riaracháin na dúich. Is sainchomhartha-aitheanta é an dún 'Königstein'.
296
Ríocht na Sacsaine. Bhí Ríocht na Sacsaine, a mhair idir 1806 agus 1918, ina chomhalta neamhspleách de roinnt cónaidhmeanna stairiúla sa tréimhse le linn agus ina dhiaidh aimsir Napoléon sa Ghearmáin. Ó 1871, bhí sé mar chuid den Impireacht Ghearmánach. Déanadh saor-stát saor as i ré Phoblacht Weimar (Gearmáinis: "Weimarer Republik") sa bhliain 1918 tar éis dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda agus tar éis gur éirí an rí Friedrich August III na Sacsaine as an ríchathaoir. Bá í cathair Dresden a príomhchathair, agus is é a comharba ná stát nua-aimseartha 'Saorstáit na Sacsaine' (Gearmáinis: "Der Freistaat Sachsen").
245
Crochtóireacht. Is éard is crochtóireacht ann ná foirm de thionacht talún agus táirgeadh bia ar scála beag atá sainiúil do Ghaeltacht na hAlban, Oileáin na hAlban, agus d'Oileán Mhanann. Laistigh de bhailecheantair na gcrochtóireacht, bíonn crochtaí aonara lonnaithe ar an dtalamh is fearr, agus roinntear an ceantar mór talúna sléibhe nó an innilt sléibhe a bhíonn ar dhroch-chaighdeán de ghnáth ar chrochtóirí na mbailecheantar le haghaidh féaraigh.
181
Cath Jengland. Troideadh Cath Jengland (ar a dtugtar freisin Jengland-Beslé, Beslé, nó Grand Fougeray) ar an 22 Lúnasa 851, idir arm Francach Shéarlais Mhaoil agus arm Briotánach Erispoe, Diúc na Briotáine. Bhain na Briotánaigh an bua amach, agus as sin síníodh Conradh Angers i Meán Fómhair 851, a chinntigh neamhspleáchas na Briotáine.
132
Séarlas Maol. Bhí Séarlas Maol (13 Meitheamh 823 - 6 Deireadh Fómhair 877) ina Impire Naofa Rómhánach (875-877, mar Séarlas II) agus ina rí na bhFranc Thiar (840-877, mar Séarlas II, leis na teorainneacha dá thalamh sainithe ag Conradh Verdun, 843), agus ba é an mac is óige ag Lughaidh Cráifeach agus a dhara bhean chéile Judith é.
135
851.
3
Louis Cráifeach. Ba Rí na hAcatáine é Louis Cráifeach (778-20 Meitheamh 840), ar a dtugtar freisin Louis na Diagachta nó Louis le Pieux ón bhliain 781 ar aghaidh. Ba 'Rí na bhFranc' é freisin, agus comh-Impire (mar Louis I) mar aon lena athair Séarlas Mór ("Charlemagne"), ón bhliain 813. Ba é an t-aonú mac fásta amháin é a mhair de thoradh ar an phósadh idir Shéarlas Mór agus Hildegard, agus mar sin ceapadh ina rialtóir aonair ar na bhFranc é tar éis bás a ​​athar sa bhliain 814, post a bhí aige go dtí a bháis, ach amháin ar feadh na tréimhse 833-34, le linn dó bheith díshealbhaithe. Le linn a réimeas san Acatáin, bhí de dhualgas teorainn thiar theas na himpireachta a chosaint. Fuair sé an ceann is fearr ar na Moslamaigh i mBarcelonasa bhliain 801 agus mhaígh sé go raibh údarás na bhFranc i bhfeidhm thar Pamplona agus ar mhuintir Thír na mBascach ó dheas ó na Piréiní sa bhliain 812. Mar impire bhí a mhic fhásta, Lothair, Pépin, agus Lughaidh, sa san áireamh san rialtas agus rinne sé iarracht a ríocht a roinnt go cuí eatarthu. Bhí é an chéad deich mbliana dá réimeas ina chomhartha le roinnt tragóidí agus údar náire, go háirithe an chóireáil bhréige a rinne a nia Bearnard na hIodáile, a ndearna Louis féin leorghníomh poiblí ina chion.
500
Diúc na hAcatáine. Rialaigh Diúc na hAcatáine (Ocsatáinis: "Duc d'Aquitània", Fraincis: "Duc d'Aquitaine") an réigiún stairiúil Gallia Aquitania (gan a bheith mheascadh leis an Acatáin sa lá atá inniu ann) faoi ardcheannas na bhFranc, na Sasanach agus níos déanaí rithe na Fraince. Mar stáit chomharbacha de chuid Ríocht na Viseagotach (418-721), fuair an Acatáin agus Languedoc (Toulouse) an Dlí Visigothic agus an Dlí Rómhánach trí oidhreach, a thug le chéile, deis do mhná níos mó cearta a bheith acu ná ag mná a bhí comhaimseartha leo, go dtí an 20ú haois.
231
An Acatáin. Is iar-réigiún na Fraince í an Acatáin.
24
Dlí Rómhánach. Is éard is an dlí Rómhánach ann ná córas dlí na Róimhe ársa, agus na forbairtí dlíthiúla a tharla roimh an seachtú haois AD - nuair a ghlac an stát Rómhánach-Biosántach an Gréigis mar theanga an rialtais. D'fhorbair dhlí-eolaíocht na Rómhánaigh that tréimhse níos mó ná míle bliain - ó Dlí an Dáréag Tábla (Laidin: "Leges Duodecim Tabularum"): (ca. 439 RC) chuig an Corpus Juris Civilis (AD 528-35) coimisiúnaithe ag an Impire Iustinianus I. Bhí an dlí Rómhánach seo, Cód Iúistín, éifeachtach san Impireacht Bhiosántach (331-1453), agus freisin bhí sé mar bhonn do chleachtas dlí i roinn na hEorpa, agus san leis an Aetóip chomh maith, agus ins na hiar-choilíneachtaí de chuid náisiúin na hEorpa, lena n-áirítear Meiriceá Laidineach.
316
Calgary. Cathair i gcúige Alberta, Ceanada is ea Calgary. Tá Calgary suite i ndeisceart an chúige i measc cnoc íseal agus fásach féir, 89 ciliméadar nó mar sin taobh thoir de raonta tosaigh na Sléibhte Creagacha. Sa bhliain 2006, bhí 1,096,833 duine ina gcónaí sa chathair féin agus é ar an tríú cathair is mó i gCeanada. Sa bhliain chéanna, bhí 1,214,839 duine i mórcheantar Chalgary, rud a fhágann gurb í Calgary an cúigiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír. Geilleagar. Tá geilleagar Chalgary bunaithe ar an ola agus ar an ngás nádúrtha, ar an talmhaíocht agus ar an turasóireacht. Bíonn an Calgary Stampede, "rodeo" agus aonach mór, ann gach bliain i mí Iúil ón bhliain 1912 anuas. Tá Calgary 294 ciliméadar ó dheas ó Edmonton, príomhchathair an chúige. “Bealach [Corridor] Calgary-Edmonton” a thugtar ar an tsraith bhailte beaga idir an dá chathair. Bíonn Calgary rangaithe go hard ar shuirbhéanna a bhaineann le cáilíocht na beatha. Mar shampla, sa bhliain 2007 chuir an iris "Forbes" Calgary sa chéad áit ar a liosta s'acusan de na cathracha is glaine ar Domhan. Stair. Sa chathair Calgary féin, tá muid ar thalamh treibhe na Stoney Nakoda. Tá trí threibh dhifriúla taobh istigh den Stoney Nakoda; Chiniki, Bearspaw agus Wesley. Leoga, is é ‘Moh’kinsstis’ an fíorainm atá ar Calgary, sa teanga Blackfoot. Fort Brisebois a thugtaí ar an áit ar feadh tamall, ach sa bhliain 1876 d’ainmnigh an Coirnéal James MacLeod Fort Calgary é i ndiaidh Calgary (Gàidhlig: Calgarraidh) i Muile, in Albain. Tionóladh na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh den chéad uair riamh i gCeanada, in Calgary, sa bhliain 1988.
603
Califeacht na nAbasach. Ba í Califeacht na nAbasach nó, níos simplí, na hAbasaigh (), an tríú Califeacht Ioslamach. Cailifí de chuid an ríora Abasach a bhí iontu, agus thóg siad a gcuid phríomhchathair i mBagdad, tar éis na cailifí Umayyadacha a bheith treascartha acu, i ngach áit ach amháin sa réigiún Al Andalus.
126
Mícheál Óg Ó Longáin. File agus scríobhaí ba ea Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837). Fáisceadh é as treabhchas léannta i gCarraige na bhFear i gContae Chorcaí, agus scríobh sé neart dánta agus lámhscríbhinní. Ceithre bliana d'aois a bhí an file nuair a cailleadh Mícheál mac Peadair, a athair, agus bhí sé ocht mbliana nuair a cailleadh a mháthair. Chaith Mícheál Óg seal ina bhuachaill bó agus chuaigh ar scoil arís in aois a ocht bliana déag. Bhí sé ina theachtaire ag na hÉireannaigh Aontaithe le linn éirí amach na bliana 1798, agus murab ionann is formhór fhilí Seacaibíteacha Chúige Mumhan bhí lé aige leis an bpoblachtachas. Bhí díomá air toisc nár éirigh Cúige Mumhan go léir amach. Phós sé sa bhliain 1800 agus mhair a chúram go beo bocht tamall. Idir na blianta 1802 agus 1807 bhí sé ina chónaí i dtuaisceart Chiarraí agus in oirthear Luimnigh. Sa bhliain 1814 fuair sé obair mar mhúinteoir agus scríobhaí ó Sheán Ó Murchú, Easpag Chorcaí. Tá timpeall céad is caoga lámhscríbhinn dá chuid le fáil fós, litríocht a linne i gcuid acu agus seanábhar i gcuid eile nach bhfuil teacht air in aon áit eile. Bhí a chlann mac, Peadar, Pól agus Seosamh, ina scríobhaithe freisin, agus fuair sé bás ar ghabháltas aon acra déag a bhí ag Pól ar an gCnoc Buí i gCarraig na bhFear. Tá grá tíre an fhile agus cuid dá shearbhas le haithint ar an sliocht seo as "Do chuala scéal": Foinsí. Ó Donnchadha, Rónán: "Mícheál Óg Ó Longáin, file". Baile Átha Cliath: Coiscéim 1994. Ó Conchúir, Breandán: "Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850". Baile Átha Cliath: Clóchomhar 1982. Naisc Sheachtracha. "The Oxford Companion to Irish Literature": Mícheál Óg Ó Longáin.
677
Carraig na bhFear. Sráidbhaile i gContae Chorcaí in Éirinn is ea Carraig na bhFear. Bhí 1,182 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006 - de réir an daonáirimh a rinneadh sa bhliain seo.
74
Ard-Chúirt (Tuaisceart Éireann). I dTuaisceart Éireann, riartar ceartais sibhialta den chuid is mó tríd na Cúirteanna Contae agus an Ard-Chúirt. Déileáileann Cúirteanna Contae le cásanna de luach níos lú tábhacht, substaint, agus castacht, cé go láimhseálann an Ard-Chúirt cásanna a bhíonn níos substaintiúla nó níos casta. Má thosaítear cás san Ard-Chúirt a bheadh oiriúnach chun trialach sna Cúirteanna Chontae, féadfaidh an Ard-Chúirt an cás a aistriú chuig Cúirt Chontae. Mar an gcéanna, d'fhéadfadh cás iomchuí a chur as na Cúirte Contae chun na hArd-Chúirte. Suíonn an Ard-Chúirt de ghnáth ag na Cúirteanna Breithiúnais Ríoga i mBéal Feirste. Tá sí comhdhéanta den Tiarna Príomh-Bhreitheamh (arb é an tUachtarán), trí Giúistís Tiarna Achomhairc agus deich mbreitheamh íochtarach. Tá trí Rannán san Ard-Chúirt, agus láimhseáileann gach Rannán obair a bhíonn éagsúil óna chéile;
363
Seán Ó Seachnasaigh. Polaiteoir treallúsach Gael-Astrálach in Victoria na hAstráile sa 19ú haois ba ea an Ridire Seán Ó Seachnasaigh (1818-1883) (Béarla: "John O'Shanassy"). Mac le Seán Ó Seachnasaigh, suirbhéir, agus le Máiréad (née Dwyer) ba ea é, agus rugadh é i mBaile na hAbha in aice le Dúrlas Éile, Contae Thiobraid Árann. Cailleadh a athair sa bhliain 1831, rud a chuir deireadh lena chuid oideachais, agus cuireadh é ina phrintíseach le fear a bhí ina éadaitheoir agus ina cheannaí biotáille. Tháinig rath air san Astráil agus é faoi anáil Dhónail Uí Chonaill i gcúrsaí polaitíochta. Ar nós an Chonallaigh, bhí rún aige leasú srianta a chur i bhfeidhm agus an radachas a sheachaint. D’fhág sé a rian go soiléir ar shaol a linne, agus tá fianaise ann go raibh suim aige sa Ghaeilge. Polaiteoir Astrálach. Sa bhliain 1839 phós sé Máiréad Mac Domhnaill ó Dhúrlas Éile agus thug siad a n-aghaidh ar an Astráil. D’oscail siad siopa éadaigh in Melbourne agus toghadh an Seachnasach mar bhall de Chomhairle Melbourne sa bhliain 1846, rud a chuir tús lena shaol polaitiúil. Sa bhliain 1851 toghadh é mar bhall de Theach Uachtarach na Parlaiminte, agus thug sé le taispeáint go raibh baint aige leis an liobrálachas. Mhol sé go dtabharfaí cearta polaitiúla do na mianadóirí a tháinig thar tír isteach ina mílte de bharr an ruathair óir a bhí ar siúl i gcaogaidí an 19ú haois, agus bhí sé chun srian a chur le cumhacht lucht na dtailte móra. Rinneadh céad aire Victoria de sa bhliain 1857 agus arís sa bhliain 1858. Fuair sé an post céanna arís sa bhliain 1861 agus é éirí níos coimeádaí i gcónaí. Mar sin féin, rith a rialtas Acht a ligfeadh tailte stáit ("Crown lands") a sholáthar d’fheirmeoirí beaga, cé nár éirigh go rómhaith leis, agus tugadh cúrsaí pá agus ardú céime sa státseirbhís chun rialtachta. Bhí a rialtas ar son maoiniú a thabhairt do scoileanna aon aicme (agus scoileanna Caitliceacha san áireamh) ach theip ar an Seachnasaigh é seo a chur i gcrích. Ba é cheannaire an Fhreasúra é ina dhiaidh sin agus éifeacht leis, ach níor bhain sé post an chéad aire amach arís. Thug sé a óráid mhór dheireanach sa bhliain 1882 agus é á rá gur chóir do na hÉireannaigh iad féin a iompar mar Astrálaigh sa tír nua. Theip air suíochán a fháil sa bhliain 1883. Cailleadh é ar 5 Bealtaine 1883. Mhair a bhean chéile (a cailleadh ar 13 Iúil 1887), beirt mhac agus triúr iníon ina dhiaidh. Fuair mac eile bás roimhe. Maoin, onóracha agus leas an phobail. Bhí an Seachnasach ar bhunaitheoirí Chumann Naomh Pádraig, agus bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh cúnamh rialtais do scoileanna Caitliceacha. Bhí sé ar iontaobhaithe na Leabharlainne Poiblí chomh maith. Bhí rath air i gcúrsaí gnó agus lámh aige i gcumainn tógála agus sa Bhanc Coilíneach. Is iomaí réimse grásaeireachta a bhí aige ar feadh na mblianta agus d’éirigh sé an-saibhir. Chuaigh sé thar lear sa bhliain 1866 agus rinne an Pápa Pius IX Ridire d’Ord Naomh Gréagóir de de bharr a raibh déanta aige ar son oideachas Caitliceach. Sa bhliain 1867 bhí an Rúnaí Stáit i láthair ag fleá a bhí ann le hurraim don Seachnasach i Londain. Bronnadh ridireacht air tamall ina dhiaidh sin. Lámhscríbhinn. Bhí dúil sna leabhair ag an Seachnasach, cé gur fhág an díobháil oiliúna a rian air. Bhí bailiúchán leabhar aige agus thug Matthew, mac leis, é seo do Leabharlann Phoiblí Melbourne sa bhliain 1888. Bhí lámhscríbhinn Ghaeilge ann ar mheascra dánta de chuid an 17ú haois, an 18ú haois agus na fiannaíochta í, agus atá le fail i Leabharlann Stáit Victoria anois. B’fhéidir gur tháinig sí i seilbh an tSeachnasaigh ó leabharlann mhór Edward Hayes, leabharbhách Éireannach, a díoladh in Melbourne sa bhliain 1864 agus a raibh roinnt lámhscríbhinní Gaeilge inti. Is dócha go raibh Gaeilge ag an Seachnasach agus é á thógáil i ndeisceart Thiobraid Árann sa chéad chuid den 19ú haois. Níl a fhios, áfach, an raibh léamh na teanga aige.
1,580
Dínaitsíú. Tionscnamh chun fáil réidh le haon iarsmaí d'idé-eolaíocht na Naitsithe i sochaí, i gcultúr, i bpreas, in eacnamaíocht, agus i mbreithiúna na hIar-Ghearmáine agus na hOstaire ba ea dínaitsíú (Gearmáinis: "Entnazifizierung"). Rinneadh é go sonrach trí na daoine a bhí ina Naitsithe a bhaint ó phoist a raibh tionchar acu agus trí dheireadh a chur leis na heagraíochtaí a bhain leis na Naitsithe. Seoladh an clár dínaitsíthe tar éis dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus neartaíodh é tar éis Chomhaontú Potsdam.
214
Mícheál Ó Siadhail. Is fear léinn agus file Éireannach é Mícheál Ó Siadhail a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 12 Nollaig 1947. Scríobh sé an téacsleabhar tábhachtach Gaeilge úd "Learning Irish", agus é bunaithe ar Ghaeilge Chonamara. Thairis sin, d’fhoilsigh sé an leabhar "Modern Irish: Grammatical Structure and Dialectal Variation", tráchtas ceannródaíoch ar an nGaeilge a thugann léargas cuimsitheach ar struchtúr na gcanúintí go léir. I ndiaidh a sheal a chaitheamh i mbun taighde ar an nGaeilge, áfach, chuaigh sé le filíocht Béarla, rud a thabhaigh roinnt mhaith duaiseanna liteartha dó in imeacht na mblianta. Sa bhliain 1970 phós sé Bríd Ní Chearbhaill, arbh as Gaoth Dobhair, Gaeltacht Thír Chonaill, di. Chaith Bríd na blianta fada ina múinteoir i mBaile Átha Cliath, ach ansin b’éigean di éirí as nuair a buaileadh breoite le galar Parkinson í.
328
An tIompú Deiseal. Sráidbhaile i gContae Fhear Manach é an tIompú Deiseal, nó "an tIompó Deiseal", mar a litreofaí i nGaeilge Uladh é. "Tempo" an t-ainm Béarla, ach ar ndóigh níl baint ar bith ag an logainm le coincheap an "tempo" sa cheoltóireacht. Tá an sráidbhaile suite chois Shliabh Bruachair, i ndlínse Chomhairle Cheantair Fhear Manach. Bhí 533 duine ina gcónaí san áit sa bhliain 2001. Is í an eachtra stairiúil is mó a shamhlaítear leis an Iompú Deiseal ná an ruathar a rinne Óglaigh na hÉireann ar bheairic na saighdiúirí dubha ar an 25 Deireadh Fómhair 1920.
236
Feidhm (matamaitic). Sa mhatamaitic, comhthiomsaíonn feidhm cainníocht amháin, "argóint" na feidhme, ar a dtugtar "an t-ionchur", le cainníocht eile, "luach" na feidhme, ar a dtugtar freisin "an t-aschur". Sannann feidhm aschur díreach ar cheann amháin do gach ionchur. Deirtear f(x) nó "F de X." D'fhéadfadh an argóint agus an luach bheith ina réaduimhreacha, ach is féidir leo freisin bheith ina n-eilimintí ó aon tacar ar leith. Is sampla simplí d'fheidhm é f(x) = 2x, áit a seasann an x d'aon réaduimhir. Comhthiomsán gach réaduimhir le réaduimhir dhá uair chomh mór leis. Mar sin, mar shampla, tá 5 comhthiomsaithe le 10, scríofa f(5) = 10. Tabhair faoi deara i gcomhair na feidhme seo gur tacar de réaduimhreacha é an fearann, agus is sraith de réaduimhreacha é an raon chomh maith; níl an dá thacar comhionann. Nodaireacht. Is é Leibnitz, sa bhliain 1673, a thug dúinn an focal "feidhm" ("function" as Béarla).
383
Dunnstown, Victoria. Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Dunnstown. Tá sé suite i Sír Moorabool in aice le Ballarat agus tá foraois ina chóngar. Bhíodh gasraí de na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí ann, agus ina dhiaidh sin d'fhág na hÉireannaigh a rian air. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2011, bhí 262 duine ina gcónaí i nDunnstown agus sa cheantar máguaird. Níor de shliocht Bundúchasach aon duine acu. Stair. Bhain timpeall 5,500 Éireannach Port Phillip amach idir na blianta 1846 agus 1851. Thaitin Dunnstown lena lán acu toisc go raibh sé i ngar do Bhallarat agus go raibh fáil ar obair, go háirithe nuair a tháinig an bóthar iarainn sna 1870í. Chomh maith leis sin, bhí Dunnstown in aice leis an mbóthar idir Ballarat agus Melbourne. Bhí talamh á dhíol ina mhíreanna beaga ann, rud eile a mheall na hÉireannaigh. Ar dtús bhí an ceantar go léir faoi chrainn. Bhí dhá mhuileann sábhadóireachta in aice le Dunnstown i gcaogaidí an 19ú haois, iad ag soláthar adhmaid do na mianadóirí óir timpeall Ballarat, agus búistéirí agus siopaí ann chun freastal ar na hoibrithe foraoise. Dhún na muilinn sna seascaidí agus cuid mhaith den talamh glanta acu, rud a chuaigh ar sochar don fheirmeoireacht agus an ithir chomh méith sin. Sholáthraíodh na feirmeoirí eorna don drioglann nó gur dhún sí. Ní raibh cruithneacht oiriúnach don cheantar ach d'éirigh thar barr leis na prátaí de bharr na báistí, na hithreach bolcánaí agus fhionnuartas na háite. Tá seanmhianach caoilín le fáil timpeall 500 méadar soir ón sráidbhaile. Is furasta d'eibhear na háite mionbhruar a dhéanamh de bharr a bhfuil d'iathchloch ann, agus de sin a thagann an caoilín. Rinneadh "Éire bheag" den cheantar agus na hÉireannaigh ag maireachtáil ar scáth a chéile ann. Bhí Gaeilge ag cuid mhór de na seandaoine. Bhí na nósanna céanna agus an creideamh céanna ag na hÉireannaigh uile, agus de réir a chéile d'fhág na Sasanaigh agus hAlbannaigh an ceantar. Tógadh scoil Chaitlicigh ann a raibh Siúracha Naomh Iósaf ag múineadh inti, agus iad ag freastal ar sheandaoine agus ar dhaoine tinne chomh maith. Tá an scoil ann fós. D'oscail oifig an phoist ar 21 Samhain 1864, agus i gceann tamaill cuireadh malartán guthán ar bun inti. Dhún sí sa bhliain 1980. Sliabh Warrenheip. Seanbholcánach atá os cionn Dunnstown is ea Sliabh Warrenheip, agus ciallaíonn an t-ainm "cleití éimiú". Na Wathaurong, pobal Bundúchasach na háite, a thug an t-ainm sin air agus iad ag cuimhneamh ar a raibh de raithneach ann. Tá sé 741 méadar faoi gcuairt agus 170 méadar ar airde. Bhí an bolcán beo idir 50,000 agus 100,000 bliain ó shin, agus ritheadh an laibhe ó dheas. D'fhág sí timpeall cúig sraith basailt ina diaidh agus gach ceann acu idir deich méadar agus fiche méadar ar dhoimhne. Bhíodh Sliabh Warrenheip faoi chrainn ar fad nó gur leagadh cuid mhaith acu i lár an 19ú haois le haghaidh mianach, tithe agus páipéir. Nuair a tháinig deireadh leis an lománaíocht d'fhas na crainn arís, agus is dócha go bhfuil a oiread crann anois ann is a bhí riamh. Tá Kryal Castle, cóip de chaisleán meánaoiseach, le fáil faoi bhun an tsléibhe. Tá tarraingt turasóirí ar an áit, agus tá giústáil, siamsa agus aíocht le fáil ann. An drioglann. Cuireadh an drioglann ar bun sa bhliain 1862. Ba le R. Dunn í agus as-san a ainmníodh an ceantar. Bhí an drioglann 299 troigh ar fad agus sé bhothán ina aice léi don scór fear a bhí ar fostú ann. Bhí a lán feirmeoirí ag obair go páirtaimseartha ann agus iad ag déanamh sealaíochta chun cúpla punt sa bhreis a thuilleamh. Tháinig meath éigin ar an ngnó agus sa bhliain 1878 cheannaigh Henry Brind é. Idir na blianta 1864 agus 1927 bhí uisce beatha, rum, branda, biotáille Ghinéive agus pórtfhíon den scoth á ndéanamh ann. Chuireadh an drioglann eorna chun drioglainne eile in Corio, in aice le Geelong. Sa bhliain 1927 d'aistrigh an gnó go léir go dtí Corio, agus níl sa tseandrioglann anois ach teach fásaigh. Teach Mór Chill Airne. Teach galánta trí hurlár is ea "Kilarney Mansion" agus é tógtha ag an toicí Thomas O'Loughlin sa bhliain 1853. Athmhianadóir ba ea an Lochlannach, agus fuair sé slám maith airgid óna uncail Máirtín Mór le hoidhreacht. Bhí an Lochlannach ina Chaitliceach díograiseach, agus thug sé airgead mór don Eaglais chun scoil agus séipéal a thógáil. Rinne an Pápa cunta de de bharr a fhéile, agus luaití go coitianta leis mar "Count O'Loughlin". Spórt. Tá foireann peile ag Dunnstown agus í páirteach sa Central Highlands Football League.
1,771
Carál Ní Chuilín. Is polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin í Carál Ní Chuilín, atá lonnaithe sa Lóistín Nua, i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig sí i gcomharbas ar Nelson McCausland mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTionól Stormont sa bhliain 2011. Beathaisnéis. Rugadh Carál Ní Chuilín sa Lóistín Nua i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Gearradh príosún naoi mbliana uirthi sa bhliain 1989 as a bheith páirteach i bplean chun baill den RUC a mharú le tréanphléascáin, as bhallraíocht den IRA agus as pléascáin a bheith ina seilbh aici. Chaith sí ceithre bliana faoi ghlas sular scaoileadh saor í. Ar theacht amach ón phríosún di, bhain sí céim bhaitsiléara amach i Staidéar Sóisialta agus lean sí uirthi ina dhiaidh sin chun céim mháistir a dhéanamh sa bhainistíocht. I gcaitheamh a gairm bheatha go dtí seo, bhí sí ina comhordaitheoir ar an eagraíocht "Tar Anall", a dhéanann freastal ar theaghlaigh agus ar iarchimí poblachtanacha, agus ina comhchathaoirleach ar Bhord Comhpháirtíochta Bhéal Feirste Thuaidh. Anuas air sin, is í Carál Ní Chuilín príomhaoire Shinn Féin i dTionól Stormont. Toghadh í ina comhairleoir cathrach do cheantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste sa bhliain 2005 agus d'fhan sí sa phost sin ar feadh dhá bhliain. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí mar Chomhalta den Tionól Reachtach don toghcheantar Béal Feirste Thuaidh. Sa bhliain 2011, i ndiaidh di bheith tofa mar CTR den dara huair as a chéile, ceapadh í mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Tréimhse mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Tharraing an tAire Ní Chuilín aird na meán nuair a d'fhreastail sí ar chluiche sacair fhoireann Thuaisceart Éireann i bPáirc Windsor, rud nach ndearna ball sinsearach den pháirtí riamh go dtí sin. Chomh maith leis sin, mhol sí iarrachtaí Chumann Sacair na hÉireann dul i ngleic le seicteachas, ag rá go raibh tréaniarracht ar bun ag na húdaráis leis an fhadhb sin a laghdú. Líofa 2015. Tá suim ar leith ag Carál Ní Chuilín sa Ghaeilge, cé nach bhfuil an teanga ar a toil aici agus sheol sí an feachtas "Líofa 2015" i mí Mheán Fómhair na bliana 2011. Is é is cuspóir le "Líofa 2015" ná daoine san earnáil poiblí ó thuaidh a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim, agus le líofacht na Gaeilge a bhaint amach faoin spriocdháta sa bhliain 2015. Tá an feachtas dírithe go mórmhór ar bhaill de na seirbhísí slándála agus ar réalta spóirt agus tá sé ráite ag Carál Ní Chuilín go bhfuil sí ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine nár chóir go mbeadh fochialla polaitiúla ag baint le teanga ar bith, an Ghaeilge san áireamh. Tuairiscíodh ar lá seolta an fheachtais, is é sin an 5. Meán Fómhair 2015, go raibh tuairim is 150 ball de Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, an Leasardchonstábla Judith Gillespie ina measc, i ndiaidh glacadh le dúshlán an Aire Ní Chuilín le líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015. Chuir roinnt polaiteoirí aontachtacha, cosúil le Basil McCrea, fear de bhoic mhóra an UUP, fáilte roimh an tionscnamh fosta.
1,225
Loch Asaint. Loch fionnuisce sa Chataibh, Comhairle na Gàidhealtachd, i dtuaisceart na hAlban is ea Loch Asaint. Tá Loch an Inbhir cúpla míle siar ó dheas ó Loch Asaint.
66
A’ Chuinneag. Is sliabh í A’ Chuinneag (Gaeilge na hÉireann; "An chuinnéog nó an ballán bleán") i gCataibh i gComhairle na Gàidhealtachd, Albain. I ndáiríre, is raon sléibhe é le sraith beann fud fad a chírín Y-chruthach.
98
Buninyong, Victoria. Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Buninyong. Tá sé suite ar Mhór-Bhóthar Lár na Tíre (Midland Highway), taobh theas de Bhallarat, ar an mbealach go dtí Geelong. Is ann a fógraíodh an chéad bhaile intíre san Astráil. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 3,085 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 0.6% díobh. Roimh theacht na nEorpach bhí gasraí de na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí ann, agus óna gcanúint a thagann an t-ainm. Deirtear gurb í an chiall atá leis "fear atá ar shlat a dhroma agus a ghlúine tógtha" agus tagairt déanta ann do chruth Shliabh Buninyong. Thug na chéad Eorpaigh "Bunnenyong" air, ainm a simplíodh ina dhiaidh sin. Stair. Tháinig na hEorpaigh sa bhliain 1837, nuair a rinne na deartháireacha Thomas agus Somerville Learmonth agus daoine eile an ceantar a thaiscéaladh. Faoin mbliain 1839 bhí lonnaíocht thréadach déanta ann. Osclaíodh oifig an phoist ar 1 Eanáir 1845. Ré an óir. Tháinig Thomas Hiscock, gabha na háite, ar ór trí chiliméadar siar ón mbaile sa bhliain 1851, in áit a dtugtar Hiscocks fós uirthi. I ndáiríre, bhí daoine ag teacht ar ór sna daichidí féin. Is dócha go raibh lucht na dtréad ag ceilt an scéil ar eagla go ndéanfadh an rialtas an t-ór a choigistiú toisc go bhfuarthas ar thalamh corónach (i.e. talamh stáit) é. Thosaigh ruathar óir, rud a lig do Henry Joseph Desoza teacht chun tosaigh. Ba dhaonchara é a d'éirigh saibhir le hamhantraíocht agus trí thalamh agus gléasra a sholáthar ar léas do lucht mianadóireachta. Fuair Desoza a chuid gustail ó ríochíosanna seachas ó scaireanna. Sa bhliain 1883 bronnadh coróin óir air, agus ina dhiaidh sin thugtaí "Rí Óir Buninyong" air. Faoin mbliain 1871 bhí 2,281 duine ina gcónaí i mBuninyong agus fiche teach tábhairne ann. Bhí sráideanna leathana ann agus súil le fás, ach lagaigh an mhianadóireacht agus níor fágadh ach áit feirmeoireachta. Iarnród. Osclaíodh iarnród ó Bhallarat sa bhliain 1889, agus cuireadh bailchríoch ar an stáisiún sa bhliain 1890. Ritheadh an traein ó Stáisiún Ballarat agus í ag seasamh ag Stáisiún Ballarat Thoir, Stáisiún Eureka, Taobhlach Levy, an Stáisiún Ceanadach, Stáisiún Shliabh Clear, Taobhlach Reid, Taobhlach Shliabh Helen agus Stáisiún Buninyong. Thugtaí "The Bunny" ar an iarnród seo, ach stad sé de phaisinéirí a iompar i ndeireadh na dtríochaidí agus d'earraí a iompar sa bhliain 1947. Foirgnimh. Tá a lán tithe galánta le feiceáil a tógadh i ré an óir. Séipéal. Tá a lán seaneaglaisí i mBuninyong, agus is é Séipéal Caitliceach Naomh Peadar agus Naomh Pól (a dtugtaí Teampall Naomh Nioclás air) an ceann is sine, ó leagadh an bhunchloch sa bhliain 1853. Is cosúil go raibh an chéad scoil Chaitliceach le fáil anseo ón mbliain 1851, agus gur anseo freisin a thionóladh an pobal. Leabharlann. Tógadh an foirgneamh seo timpeall na bliana 1859 mar bhronntanas ó Robert Allan, tionsclaí agus daonchara. Ba leis-sean an láithreán cúig acra, agus bhí an foirgneamh le bheith ina leabharlann agus ina "Mechanics Institute" (institiúid staidéir). Bheadh árasán agus siopa ann freisin. Foirgneamh adhmaid é ach is cuid suntais é an dealramh cloiche atá ar an éadan. Níor baineadh feidhm as an leabharlann tar éis an Chéad Chogadh Domhanda (1914-18) agus b'áit chónaithe nó siopa ceardaíochta í ó am go chéile. Bhí sí ag dul chun raice go dtí an bhliain 1980, nuair a cuireadh í ar Chlár Oidhreachta Victoria. Anois tá iontaobhas ina feidhil. Cúirt Phóilíneachta. Foirgneamh gaineamhchloiche é seo. Cuireadh campa póilíneachta ar bun anseo sa bhliain 1850 chun an t-órcheantar a riar, agus tógadh an Chúirt sa bhliain 1858. Níor tréigeadh í go dtí an bhliain 1888 nuair a cuireadh Teach Cúirte nua ar fáil i Sráid Learmonth. Thosaigh Cumann Staire Buninyong agus a Cheantair ag cur caoi ar an tsean-Chúirt sa bhliain 1995. Sliabh Buninyong. Bolcán spíonta is ea Sliabh Buninyong agus é 745 méadar ar airde os cionn leathantas mór an Mhachaire Iartharaigh. Bhain seachtar fear bán tairbhe as sa bhliain 1837 chun radharc a fháil ar an tír thiar agus thiar thuaidh. Cuireadh 217 acra i leataobh mar pháirc phoiblí sa bhliain 1866 agus tógadh bóthar suas go dtí barr an tsléibhe sa bhliain 1926. Bhí tarraingt daoine ar an sliabh ar feadh an 19ú haois, agus áiseanna radhairc agus picnice á soláthar dá réir. Tá an obair sin ar siúl i gcónaí, agus rinneadh iarracht sa bhliain 1983 ar chrainn a chur ar aghaidh lom thuaidh an tsléibhe, ach theip uirthi. Reilig Buninyong. Chuir muintir Learmonth fúthu sa cheantar sa bhliain 1838 agus cuireadh a lán daoine sa tseanreilig. Bhí an reilig nua ann faoin mbliain 1849 agus í roinnte ina gceithre rannóg chreidmheacha. Bhí timpeall 10,000 duine i mBuninyong i dtréimhse an óir agus ba mhinic mná ag fáil bháis i luí seoil agus fir á marú i dtimpistí mianadóireachta nó ag fáil bháis de ghalar scamhóige. D'fhaigheadh timpeall céad duine bás gach bliain. Le himeacht aimsire laghdaigh an daonra, ach tá an reilig in úsáid i gcónaí. Luibhghairdíní Buninyong. Tá Luibhghairdíní Buninyong ar na cinn is sine sa Stát. Cuireadh talamh i leataobh sa bhliain 1859 do na gairdíní, agus taispeánann plean de chuid na bliana 1861 cosáin, droichid, clathacha agus áit a bhféadfaí áiseanna folctha a sholáthar. Bhí tionchar ag na Gearmánaigh ar na gairdíní: sa bhliain 1872 ceapadh Conrad Fegbeitel mar Chaomhnóir na nGairdíní agus mar Mhaor na bhFolcadán, agus fuarthas plandaí agus crainn ó chaomhnóir cáiliúil Luibhghairdíní Melbourne, Ferdinand Von Mueller. Fuarthas cabhair ó chaomhnóirí Luibhghairdíní Ballarat agus Geelong, ón bPlandlann Stáit in Creswick agus ó phlandlannaithe áitiúla. Thagadh na sluaite ó Bhallarat ar an traein chun cuairt a thabhairt ar na gairdíní, ach cuireadh deireadh leis sin sa bhliain 1847 nuair a baineadh an t-iarnród aníos.
2,365
Baile Ghrífín. Is bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath in Éirinn é Baile Ghrífín (Béarla: "Balgriffin" ). Tá an cumann CLG Inis Fáil lonnaithe ann.
65
Canasp. </small>Sliabh in iarthuaisceart na hAlban is ea Canasp. Tá sé suite i bparóiste Asaint, i gCataibh, Comhairle na Gàidhealtachd, 25 ciliméadar ó thuaidh d'Ulapul. Sroicheann an sliabh airde de 847 méadar (2,779 troigh) agus cáilíonn sé mar 'Corbett' agus 'Marilyn'. Tá ainm an chnoic díorthaithe ón Sean-Lochlannais agus is í an bhrí atá leis ná "Sliabh Bán".
157
An Teallach. Is sliabh é An Teallach atá suite ar an taobh thiar theas den bhaile 'Acha dá Dómhnaill', Comhairle na Gàidhealtachd, Albain agus os cionn Loch Bhraoin Beag, i gceantar a nglaoitear air go minic an leasainm "an fásach mór". Tá an sliabh comhdhéanta, den chuid is mó, de ghaineamhchloch Toirbheartanach. Cosúil leis na beanna timpeall Toirbheartan ("as ar ainmníodh an charraig"), bíonn leicne sraithe scoilte le clasáin ghéara agus ar a bharr tá an cíormhullach géar creagach Sgùrr Fiona.
198
Wallace, Victoria. Baile beag in Victoria san Astráil is ea Wallace. Tá sé suite i Sír Moorabool naoi gciliméadar is nócha ó thuaidh ón bpríomhchathair Melbourne. Tá Abhainn an Moorabool Thiar in aice leis agus tá feirmeacha ina thimpeall. Bhíodh na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí anseo, agus tá déantúsáin dá gcuid le fáil in áiteanna fós. Bunaíodh Wallace sna 1880í agus d’oscail Oifig an Phoist ar 22 February 1885. In Wallace a rugadh Edmond Hogan, polaiteoir arbh é Céad Aire Victoria é dhá uair sna 1920í. Féach freisin. Toohey, Jack: "On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts". Ballarat 2005.
255
Fionn Bheinn. Is sliabh Albanach é Fionn Bheinn atá suite ó dheas de Loch Fannich in iarthuaisceart na nGarbhchríoch, Comhairle na Gàidhealtachd. Tá sé 933 m ar airde agus tá sé liostaithe mar 'Munro'. Tá taobh na láimhe deise den sliabh ina fhána éadomhain, réidh agus féarmhar. Tá a éadan tuaisceartach níos géire agus meastar go bhfuil sé níos suntasaí.
146
A' Mhaighdean. Is sliabh é A' Mhaighdean agus tá sé ar cheann de na munroanna is dorochtana i gComhairle na Gàidhealtachd, i dtuaisceart na hAlban. Tá sé 8 míle ó thuaidh de Cheann Loch Iúbh ach tá sé níos éasca teacht air ó Pholl Iùbh, ag tógáil an bhóthair phríobháidigh thoir theas ("do choisithe & rothaithe amháin") go dtí Ceannasair. Treoraíonn dea-rian ansin thú chuig an chabhsa idir an Loch Fionn agus an Loch Dubh. Lean an cosán soir go thart ar leibhéal 1000 troigh agus trasnaigh Allt Bruthach an Esain chun droim iarthuaisceart an tsléibhe a bhaint amach.
223
Meall a' Chrasgaidh. Is sliabh Albanach é Meall a' Chrasgaidh (Gaeilge na hÉireann: "Meall an Thrasnaithe") atá lonnaithe sa ghrúpa sléibhte Am Frìth Fanaich, 21 ciliméadar soir ó dheas ó Ulapul, Comhairle na Gàidhealtachd. Forbhreathnú. Tá an sliabh suite go lárnach laistigh den bh'Frìth Fanaich i nGaeltacht na hAlban agus tá sé ar cheann de na sléibhte is inrochtana sa cheantar, leis na bóithre A832 agus A835 díreach ó thuaidh uaidh. Luíonn sé ar dhroim thuaidh-theas, maille leis an dá Bheinn Rothaich eile, Sgùrr nan Clach Geala agus Sgùrr nan Each, agus is minic a dhreaptar iad go léir ag an am céanna.
250
Sgùrr nan Clach Geala. Is sliabh Albanach é Sgùrr nan Clach Geala atá suite 28 ciliméadar ó dheas-soir ó dheas ón Ulapul i ndúiche Ros agus Cromba, Sgíre Comhairle na Gàidhealtachd. Tá sé ar cheann de na deich 'Binn Rothach' atá lonnaithe sa ghrúpa sléibhte ar a dtugtar na Fanniche.
116
Ulapul. Is calafort é Ulapul atá suite i gComhairle na Gàidhealtachd, i dtuaisceart na hAlban. Téann bád farantóireachta idir Ulapul agus Steórnabhagh i Leòdhas. Bhí cónaí ar 1,541 duine in Ulapul sa bhliain 2011 thuas ó 1,308 duine sa bhliain 2001. Ag am an daonáirimh sa bhliain 2011, bhí Gaeilge na hAlban ag 11.8% den daonra agus bhí Albainis ag 17.1% den daonra.
163
Nanjing. Cathair mhór i lár oirthear na Síne is ea Nanjing (Sínis: "Nánjīng", 南京). "Príomhchathair an deiscirt" an chiall atá leis an ainm, i gcontrárthacht le Béising (Sínis: Beijīng, 北京), a chiallaíonn "príomhchathair an tuaiscirt". Tá sí suite giota thuas deilt an Yangzi, an abhainn is mó sa tSín. Tá áit sách thábhachtach ag an gcathair i stair na Síne. Bhí Nanjing ina príomhchathair ar an tír ar feadh tamaill sa chéad leath den 20ú haois. Tá Nanjing ina príomhchathair ar chúige Jiangsu faoi láthair. Tá stádas fochúige ag an gcathair (ní hionann le roinnt cathracha móra eile sa tír atá neamhspleách ar chúige ar bith.) Tá breis is 8 milliún duine ina gcónaí i maoracht Nanjing. Stair na Cathrach. Tá Nanjing ar na cathracha is sine i ndeisceart na Síne. De réir traidisiúin, bhunaigh Fu Chai, tiarna ar an tír Wu, baile darbh ainm Yecheng san áit sa bhliain 495 r.Ch. Tógadh agus scriosadh roinnt bailte agus cathracha ann ina dhiaidh sin. Le linn na tréimhse Thuaidh-Theas (220-589) rinneadh príomhchathair an Deiscirt de Nanjing. Scriosadh an chathair nuair a d’athaontaigh an ríshliocht Sui an tír. Atógadh í faoin ríshliocht Tang agus í ina príomhchathair arís (937). Le himeacht ama, d’éirigh sí ina lárionad tábhachtach do dhéantús na dteicstílí. Baineadh úsáid as an ainm "Nanjing" den chéad uair sa bhliain 1368, nuair a bhunaigh an ríshliocht Ming a bpríomhchathair ann. Thóg 200,000 oibrithe na ballaí móra atá inniu ann. Is iad na ballaí cathrach is faide ar Domhan dá maireann. Meastar gurbh í an chathair ba mhó ar Domhan sna blianta 1358-1425. Fuarthas 487,000 duine i Nanjing sa bhliain 1400. Ba sa chathair seo a bhí an t-aimiréal agus taiscéalaí clúiteach Zheng He lonnaithe. Sa bhliain 1421 d'aistrigh an tríú impire Ming an phríomhchathair go Béising. Le linn an Chéad Chogadh Óipiam sa 19ú haois rinne saighdiúirí na Breataine Móire ionraic ar Nanjing. Cuireadh deireadh leis an gcogadh úd le Conradh Nanjing. Bhí Nanjing ina príomhchathair ag na reibiliúnaigh le linn an éirí amach Taiping sna 1860idí. Fuair breis agus 100,000 duine bás ann nuair a chuir fórsaí an impire faoi chois iad sa bhliain 1864. Chuir an Kuomintang (KMT), an páirtí poblachtánach sa tír, a bpríomhchathair ar bun i Nanjing sa bhliain 1927. Deich mbliana ina dhiaidh sin, ar 13 Nollaig 1937, thóg na Seapánaigh seilbh ar an gcathair. Bhí na saighdiúirí Seapánacha faoi stiúradh an phrionsa Asaka. Chomh luath agus a rinne siad a mbealach isteach i Nanjing, thosaigh siad ar ár mór a dhéanamh ar mhuintir na cathrach agus ar na mílte saighdiúirí Síneacha a bhí mar phríosúnaigh acu. Tá líon na n-íobartach faoi chaibidil. 300,000 an meastachán atá glactha go hoifigiúil ag rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne faoi láthair. "Éigniú Nanjing" a thugtar ar ar tharla. Bhí Nanjing ina príomhchathair náisiúnta arís faoin KMT sa bhliain 1946 agus ina dhiaidh sin go dtí go gairid roimh theacht Dhaon-Arm na Saoirse (arm na gcumannach) ar 23 Aibreán 1949. Cultúr. Bhí Nanjing ar "na ceithre phríomhchathair" thraidisiúnta sa tSín, agus mar sin tarraingíodh éirim na tíre chuig an gcathair go minic. Bhí clú ar na filí i Nanjing faoi na ríshleachta Tang agus Song. Ina dhiaidh sin, faoi na ríshleachta Ming agus Qing, tionóladh na scrúduithe oifigiúla sa chuid sin den tír ann. Tá roinnt amharclann agus compántas aisteoirí i Nanjing, cineálacha difriúla "kunqu" (an ceoldráma Síneach) san áireamh. Tá Gailearaí Ealaíne Jiangsu suite sa chathair. Tá Leabharlann Nanjing ar an tríú leabharlann is mó sa tSín agus breis is 7 milliún imleabhar ann. Tá ceantar traidisiúnta siamsaíochta suite timpeall Abhainn Qinhuai. Leanann cuid traidisiún oíche ansin go dtí an lá inniu, idir mhargaidh agus sheoladh na habhann i mbáid bheaga. Geilleagar. Lárionad mór tionscal d'iliomad cineálacha a bhí i Nanjing ar feadh na gcéadta blianta; bhí clú faoi leith ar dhéantús na dteicstílí agus ar bhualadh an airgid. Chomh maith le bheith ina príomhchathair, bhain buntáistí iompair le suíomh na cathrach in abhantrach an Yangzi. Nuair a tháinig Páirtí Cummanach na Síne i gcúmhacht, rinneadh tréaniarracht leis an tionscal trom a fhorbairt, mar atá, peitreaceimiceáin, leictreonaic, carranna, giniúint cúmhachta, iarann agus cruach. Tháinig rath ar gheilleagar Nanjing ón mbliain 1980 i leith agus na tionscail seo ina mbunchloch sa gheilleagar i gcónaí.
1,763
Blackwood, Victoria. Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Blackwood agus é suite ar bhruach Abhainn Lerderderg, naoi gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. I Sír Moorabool atá sé, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 235 duine ina gcónaí ann. Rugadh ocht nduine is fiche thar lear. Bhí Gearmáinis mar theanga theaghlaigh ag triúr agus Polainnis mar theanga theaghlaigh ag triúr eile. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh sin tíre roimh theacht na nEorpach, ach de réir an daonáirimh ní raibh aon duine ann ar de shliocht Bundúchasach é sa bhliain 2006. Stair. Fuarthas ór chomh luath leis an mbliain 1851, ach níor thosaigh an ruathar go dtí an bhliain 1855, agus nuair a bhí sé i mbuaic a réime bhí timpeall 13,000 mianadóir ann. Mianadóireacht ghlárach a bhí ar siúl, ach faoi dheireadh na bliana 1856 bhí formhór na mianadóirí imithe, agus bhí a bhfuíoll ag obair ar ghrinneall an Lerderderg le boscaí sruthlaithe, caideil agus rothaí uisce. Idir Eorpaigh agus Shínigh a bhí i mbun an tsruthlaithe ar dtús, ach i gceann tamaill d'éirigh na Sínigh i bhfad níos líonmhaire. Ar éigean a bhí mianadóirí Eorpacha páirteach i mianadóireacht ghlárach faoi na seachtóidí. Faoin am sin bhí dhá shráidbhaile curtha ar bun sa cheantar. Rinneadh suirbhéireacht ar cheann acu (Golden Point) agus leagadh amach mar Blackwood é. Bhí mórán inneall beag meilte ann, a bhformhór á n-oibriú le huisce agus cuid bheag le gal. Chuireadh easpa uisce isteach go mór ar mhianadóirí agus triomach ann, go háirithe idir na blianta 1865 agus 1867. Bhí cuid mhór amhóir cruinnithe ag na mianadóirí, agus nuair a tháinig an t-uisce arís tháinig infheistíocht ina theannta. Thug comhlachtaí gustalacha poiblí faoin obair ach ní raibh rath orthu, agus ba iad na comharchumainn bheaga a choinnigh an dé sa mhianadóireacht. Tháinig neart inti sna seachtóidí timpeall Barrys Reef ach d'imigh sin. Faoi thús an fichiú haois ní raibh ann ach scata sirtheoirí ar mhinic deontas rialtais faighte acu. D'éirigh le cuid acu roinnt mhaith óir a bhaint as an tsíog Yankee sa bhliain 1918, ach b'in deireadh an scéil. Oifig an Phoist. D’oscail Oifig an Phoist ar 22 Meán Fómhair 1855 agus thugtaí Mount Blackwood uirthi go dtí an bhliain 1921. An ceantar. Tá Sliabh Blackwood, bolcán spíonta, os cionn an cheantair, agus is furasta Páirc Stáit Lerderderg agus an Wombat State Forest a bhaint amach. Tá tobar mianraí ann chomh maith. Sa sráidbhaile féin tá seanbhótháin mianadóirí a tógadh i seascaidí an 19ú haois. Féach freisin. Flett, J., "The History of Gold Discovery in Victoria", Poppet Head Press, Melbourne, 1976
1,054
Bungaree, Victoria. Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Bungaree agus é suite 103 ciliméadar soir ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 559 duine ina gcónaí ann, agus ba Bhundúchasaigh 0.5% díobh. Ó ainm ceann fine Bundúchasach a tháinig an t-ainm, b'fhéidir. Roimh theacht na nEorpach bhí na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí sa cheantar. Fuarthas ór in aice le Ballarat sa bhliain 1851, agus ba é sin ba mhó a tharraing daoine chun an réigiúin. Ar dtús bhain cuid de bhaile Bungaree le Sír Bungaree agus cuid eile le Sír Buninyong. Roimhe sin thugtaí Badger Hill nó Clarktown ar an gceantar. Fógraíodh Sír Bungaree ar 17 Eanáir 1871, agus sa bhliain 1994 nascadh cuid den tSír le Comhairle Chathrach Ballarat agus cuid eile le Sír Moorabool. Na hÉireannaigh. Lonnaigh a lán Éireannach sa cheantar, cuid acu ina bhfeirmeoirí agus cuid eile i mbun lománaíochta. Ní fhanadh an dara dream i bhfad san áit chéanna ach iad ar lorg oibre de réir mar a scriosadh na foraoisí. B’Éireannaigh iad 90% de na trí fheirmeoir is daichead a bhí le fáil sa cheantar sa bhliain 1891. Thagadh feirmeoirí, oibrithe foraoiseachta agus sclábhaithe le chéile Lá Fhéile Stiofáin in Bungaree agus sa bhliain 1885 bhí 4,000 duine ann, ag baint aoibhnis as an iománaíocht, na rásaí agus an tarraingt téide. Bhí Gaeilge fós i mbéal na seandaoine ag an am agus canúint Chontae an Chláir acu go minic. Oifig an Phoist. D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Lúnasa 1863. Scolaíocht phoiblí. Na nAnglacánaigh ba thúisce a thóg scoil ann sa 19ú haois agus an oiread sin páistí ann nach raibh deis scolaíochta acu. Osclaíodh scoil sa bhliain 1867 ("Common School No. 944") agus cúig dhalta is tríocha ag dul ann. Faoin mbliain 1877 b’éigean scoil nua chloiche a thógáil, ach bhíodh uimhir na ndaltaí síos agus suas toisc go raibh scoil Chaitliceach ann faoin am sin. Dúnadh an tseanscoil phoiblí sa bhliain 1924 agus scoil bhrící tógtha ina háit, agus bhí prátaí á gcur ar stór ann nó gur tháinig an Bungaree & District Historical Society ina seilbh. Bhí scoileanna poiblí sa cheantair máguaird á ndúnadh sna nóchaidí, rud a lig do scoil Bungaree méadú. Baineadh feidhm as seomraí inaistrithe, agus seomra san áireamh a d'úsáid na lúthchleasaithe in Olympic Village in Sydney sa bhliain 2000. Féach freisin. Houghton, Norm, "Timber and Gold : a history of the sawmills and tramways of the Wombat Forest 1855-1940". Melbourne: Light Railway Research Society of Australia, 1980. Clark, Ian D. agus Heydon, Toby, "Dictionary of Aboriginal Placenames in Victoria". Victorian Aboriginal Corporation for Languages, 2002. Toohey, Jack: "On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts". Ballarat 2005.
1,069
Vung Tau. Is cathair í Vung Tau i Vítneam. Príomhchathair Chúige Ba Ria-Vung Tau is ea í. Tá breis is 278,188 duine ina gcónaí sa chathair.
60
Beinn Rothaich. Is éard is Beinn Rothaich ann ná sliabh atá os cionn 3,000 troigh (914.4 m). Ba é an Tiarna Eóghain Mac an Rothaich (Béarla: "Sir Hugh Munro",(1856-1919), an 4ú Bairnéad Lindertis a chuir an chéad liosta de na cnoic den sórt sin le chéile, ar a dtugtar 'Táblaí an Rothaich' nó 'Munro's Tables', sa bhliain 1891. Is éard is Barr Rothach ann ná sliabh atá os cionn 3,000 troigh, nach bhfuil aitheanta mar shliabh ar leith. De réir an leasaithe ar na táblaí a bhí déanta sa bhliain 2009, agus a d'fhoilsigh 'Club Sléibhteoireachta na hAlban' (Béarla: " Scottish Mountaineering Club") tá 283 Binn Rothach agus 227 Barr Rothach ann. Is í Beinn Nibheis an bhinn Rothach is iomráití, agus an sliabh is airde sna hOileáin Bhriotanacha, le 1,344 méadar (4,409 tr.) in airde Aithníonn dreapadóirí Beanna Rothacha mar shléibhte dúshlánacha, go háirithe sa Gheimhreadh, nuair a bhíonn líon mór básanna a dtuairisciú gach bliain. Mar sin féin, tá cleachtas coitianta i measc dreapadóirí agus siúlóirí na sléibhte, sé sin "Munro bagging", agus an aidhm a bhíonn leis ná gach ceann de na Beanna Rothacha atá liostaithe a dhreapadh. Sa bhliain 2009, tuairiscíodh go raibh níos mó ná 4,000 duine a d'éirigh leo an éacht sin a bhaint amach. Ba é Hamish Brown an chéad duine a dhreap na beanna uilig i mbabhta leanúnach amháin sa bhliain 1974. Is é Stephen Pyke a shealbhaíonn an churiarracht don bhabhta is tapúla leanúnach, sa bhliain 2010, faoi bhun 40 lá.
575
Ballan, Victoria. Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Ballan (fuaimnítear ‘/bəˈlæn/’) agus é 78 ciliméadar siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Tá sé suite in aice le hAbhainn an Werribee, agus is é lárionad riaracháin Shír Moorabool é.. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006, bhí 1,807 duine ina gcónaí ann. I rith ruathar óir Victoria i gcaogaidí an 19ú haois sheasadh na cóistí ann ar a mbealach chun órcheantair Ballarat. Faoi láthair sholáthraíonn sé seirbhísí d’fheirmeoirí an cheantair agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a théann ag obair in Melbourne. Stair. Bundúchasaigh agus Eorpaigh. Bhí Ballan suite i limistéar na Wathaurong, pobal a bhí roinnte ina lán treabhchas. Thug na chéad Eorpaigh cuntas ar a gcuid rincí agus clampar, agus bhaintí feidhm as leaganacha de na seanlogainmneacha, ar nós Myrniong agus Berembroke. Sa bhliain 1838 a tháinig na “Over Straiters,” lonnaitheoirí a tháinig thar Chaolas Bass anall ó Van Diemen’s Land (an Tasmáin) tar éis gur chuir John Batman agus John Fawkner fúthu ag Bá Phort Phillip sa bhliain 1835. Thug an dream nua a dtréada leo suas an Moorabool chun Ballan agus áiteanna eile. De réir mar a tháinig níos mó lonnaitheoirí, ghéaraigh an t-achrann idir Eorpaigh agus Bundúchasaigh. Ba é Robert von Seiglitz an chéad Eorpach a chuir faoi in Ballan, agus ba dhóigh leis nach raibh ceart ag na Bundúchasaigh ar an tír murar dheargaigh siad an talamh nó go raibh ainmhithe ar féarach acu. Rinne an lámh láidir, an t-ól agus na galracha an-díobháil don Wathaurong, mar a rinne milleadh an fhiadhúlra. Faoi sheascaidí an 19ú haois bhí a bhfuílleach scaipthe, cé nár dhearmad a sliocht an bhaint a bhí acu lena gceantair shinseartha. Is Bundúchasaigh iad 0.6% den phobal áitiúil faoi láthair, de réir dhaonáireamh na bliana 2006. Timpeallacht. Thosaigh Eorpaigh ag cur fúthu sa cheantar sa bhliain 1838. Fuair siad rompu tír faoi chrainn agus gan mórán scrobarnaí ann. Bhí cangurúnna agus lucha léimneacha ann, ainmhithe a d’imigh in éag ann i lár na haoise de dheasca seilge agus scrios gnáthóige. Bhí bandacúit agus dhá speiceas de chait dhúchasacha coitianta go maith anuas go dtí na seachtóidí, agus d’imigh siad sa tslí chéanna. D’imigh an chrotach, an colúr agus a lán pearóidí. Bhí an oiread sin diongónna ann go seilgeadh T.H. Pyke, duine de sheanfhundúirí Ballan, ar fud na háite iad le conairt a bhíodh aige d’aon ghnó chuige. D’fhág na hEorpaigh a rian ar an bhfásra freisin. D’aithin cuid de na seanfhundúirí áilleacht an cheantair. Bhí caolacháin agus silíní fiáine ann, agus an iliomad bláthanna ildathacha. Na caoirigh agus na beithígh a mhill iad. An t-ór. Phlódaigh mianadóirí isteach sa limistéar tar éis go bhfuarthas ór ann sa bhliain 1851. Bhíodh an sluaite ag gabháil trí Bhallan, agus sa tréimhse sin a tógadh Óstán Ballan. Sheasadh na cóistí ann agus iad ag déanamh ar Bhallarat, áit na n-órcheantar mór. Cuireadh siopaí ar bun ann agus mhéadaigh an áit dá réir. D’oscail Oifig an Phoist sa bhliain 1853. Forais. Bunaíodh Bunscoil Ballan sa bhliain 1855. Bhí dhá dhalta is tríocha cláraithe ann – seacht gcailín déag agus cúig bhuachaill déag. Idir na blianta 1864 agus 1873 bhí 434 dalta ina n-iomláine ann, agus sa bhliain 1873 dúirt Walter Scott, an príomhoide, go raibh an oiread sin daltaí nua ag teacht gur dheacair slí a fháil dóibh. An bhliain dár gcionn d’aistrigh an scoil go dtí foirgneamh nua. Ní hé go dtagadh gach dalta go rialta a bhí cláraithe ann, ó bhí meánfhreastal 162 dalta sa bhliain 1873 as clárú iomlán 301. Mar sin féin, b’éigean an tríú seomra a chur leis an scoil. Tá an scoil fós ann, murab ionann is a lán bunscoileanna i gceantair eile. Tógadh an chéad Mechanics' Institute in Ballan sa bhliain 1861, agus tógadh an ceann atá anois ann ar láithreán a ceannaíodh sa bhliain 1881, cé gur cuireadh éadan nua leis sa bhliain 1922. Tá leabharlann agus halla ann. Osclaíodh Teampall Preisbiteireach Naomh Pól in Ballan i Mí Iúil 1866. Tá sé ar na teampaill is áille in Victoria. Iompar. Gluaisteáin is mó a iompraíonn daoine in Ballan. Ní fada ón Mótarbhealach Thiar é agus is furasta dul go dtí Melbourne thoir agus go dtí Ballarat thiar. Is é Sean-Bhóthar Melbourne (Sean-Shráid Inglis) an bóthar is cóngaraí isteach, agus is mór an cóngar freisin é Bóthar Geelong-Ballan. Stáisiún do phaisinéirí amháin is ea Stáisiún Iarnróid Ballan agus é suite ar iarnród Ballarat. Traenacha de chuid VLine a fhreastlaíonn air. Tógann sé idir 55 agus 59 nóiméad Stáisiún Chros an Deiscirt a bhaint amach in Melbourne, idir 20 agus 25 nóiméad Ballarat a bhaint amach, agus is féidir dul chomh fada le hiarnród Ararat nó le Maryborough. Seasann busanna de chuid VLine in Ballan agus iad ag gabháil ó Bhallarat go Melbourne, agus téann busanna tointeála ó Oifig an Phoist go dtí Aerfort Tullamarine.. I rith na seachtaine téann Ballan Bus Lines chun Daylesford.. Féilte agus radhairc. Bíonn Railí Gléasra agus Feithiclí Seanré ar siúl i Mí Feabhra, agus iomrá leis an Tarraingt Tarracóirí. Bíonn Féile Fómhair ar siúl i ndeireadh Mhí Mhárta. Tá tobar mianraí in Ballan, agus laisteas den bhaile tá Páirc Náisiúnta Ardán Brisbane agus Páirc Foraoise You Yangs. Féach freisin. Edwards, Paul: ‘I can't quite place it...,’ "Royal Auto", RACV], Imleabhar 77, eagrán 2, Márta 2009, lgh 40–41.
2,128
Basil McCrea. Is Comhalta den Tionól Reachtach de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh é Basil McCrea, a sheasann i dtoghcheantar Ghleann an Lagáin, i gContae Aontroma. Rugadh é ar an 13 Samhain 1959 i mbaile Dhún na nGall agus fuair sé a chuid oideachais in Acadamh Ríoga Bhéal Feirste agus in Ollscoil Bhirmingham. Sa bhliain 2010, chuaigh sé san iomaíocht in aghaidh Tom Elliott le ceannaireacht an pháirtí a bhaint amach, ach níor éirigh leis. Is é an tuairim choitianta, sna meáin chumarsáide ach go háirithe, ná go mbaineann Basil McCrea le eite chlé an pháirtí. D'fhreastail Basil McCrea ar sheoladh an fheachtais "Líofa 2015" i Meán Fómhair na bliana 2011 agus dúirt ag an ócáid go raibh sé ag iarraidh tuiscint níos fearr ar ról na bProtastúnach a stair na Gaeilge a chur chun cinn. Cé nach bhfuil sé de rún aige féin páirt a ghlacadh sa tionscnamh, chuir sé fáilte roimhe is ghuigh gach rath air.
350
Wolfsburg. Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é Wolfsburg, a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceanncheathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logainm a bhí air ó cuireadh ar bun é go dtí an bhliain 1945 ná "Stadt des KdF-Wagens bei Fallersleben" ainm a dhéanann tagairt don fáth ar cuireadh ar bun é an chéad lá riamh, sa bhliain 1938, is é sin ná ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe mhonarchana nua Volkswagen, a bhí ag obair ar na chéad Volkswagen (“Gluaisteáin an Phobail”). Ba é "KdF-Wagen" bunainm an Volkswagen Käfer (“ciaróg”). Tá Wolfsburg suite in oirthear na Sacsaine Íochtaraí, in aice leis an teorainn stáit a dhéanann é a dheighilt ón Sascsain-Anhalt. B’ionann an teorainn seo agus an teorainn pholaitiúil a bhí idir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Dhaonphoblacht na Gearmáine sna blianta 1949-1990. Sa lá inniu, tá breis is 122,000 duine ina gcónaí san ait seo agus is é Wolfsburg an cúigiú cathair is mó sa Sacsain Íochtarach, i ndiaidh Hannover, Braunschweig, Oldenburg agus Osnabrück. Is minic a bhíonn Wolfsburg i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta mar gheall ar rath an chumann sacair áitiúil, VfL Wolfsburg, a bhuaigh Craobhchomórtas Sacair na Gearmáine sa bhliain 2009.
476
PJ Harvey. Ceoltóir, amhránaí-cumadóir agus ealaíontóir Sasanach í Polly Jean Harvey (rugadh í ar 9 Deireadh Fómhair 1969). Giotáraí agus amhránaí í agus seinneann sí freisin réimse leathan uirlisí, ina measc; pianó, orgán, dord giotár, sacsafón, agus an uathchláirseach. Ó 1992, tá albaim stiúideo éagsúla scaoilte aici, an ceann is cáiliúla "Rid of Me" (1993), "To Bring You My Love" (1995), "Stories from the City, Stories from the Sea" (2000) agus "Let England Shake" (2011). Bronnadh gradaim éagsúla cheoil uirthi, amhail an Mercury Prize faoi dhó; an t-aon ealaíontóir amháin a bhuaigh an gradam faoi dhó; agus "Outstanding Contribution To Music" ag na NME Awards. Albaim. Albam stiúideo Albam tiomsaithe Albam i gcomhpháirt le John Parish
284
Mount Egerton, Victoria. Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Mount Egerton. Tá sé le fáil i Sír Moorabool, seacht gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Seanbhaile mianadóireachta é, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 215 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 1.9% díobh. Tá talamh cothrom ar thaobh amháin de Mount Egerton agus talamh crochta ar an taobh eile. Tá cuid mhaith foraoise timpeall na háite fós. Stair. Bhíodh na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí anseo, agus lonnaigh Eorpagh san áit nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1853 ag an All Nations Gully. Lean an mhianadóireacht tar éis an chéad ruathar agus ór á bhaint as síog ghrianchloiche le mionán. Tá an gléasra meilte agus roinnt iarsmaí eile le feiceáil fós. Thit an seanmhianach ar a chéile i bhfichidí an fichiú haois agus tá log mór le feiceáil ann. D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Feabhra 1856 agus dhún sa bhliain 1993. Bhí banc ann freisin agus robáil Captain Moonlite, ceithearnach coille iomráiteach, é sa bhliain 1869, coir a chuir tús lena shlí bheatha mar bhithiúnach. Bhíodh séipéal beag adhmaid ann do Chaitlicigh agus é in úsáid anuas go dtí an chuid dheireanach den fichiú haois. D’oscail an bhunscoil ar 6 Samhain 1877 agus tá sí ar oscailt i gcónaí. Tá seanreilig ann, cé gur beag ainm Éireannach atá le feiceáil ar na leaca uaighe. Féach freisin. Baxter, James G.: "Mount of Gold". Mount Egerton Primary School 1977. Toohey, Jack: "On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts". Ballarat 2005.
639
Gordon, Victoria. Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Gordon agus é timpeall tríocha ciliméadar soir ó Bhallarat. Tá sé nócha ciliméadar siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Bhíodh ór á bhaint ann. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006, bhí 977 duine ina gcónaí ann agus ba de shliocht Bundúchasach 0.5% díobh. Rugadh 152 duine (15.6%) thar sáile. Timpeallacht. Tá Gordon suite ar spoir de chuid ghleann Abhainn Paddock. Ceantar coillteach a bhí ann nuair a thosaigh Eorpaigh ag cur fúthu sa limistéar sa bhliain 1838. Bhíodh a lán ainmhithe agus éan le fáil sa cheantar. Tá cuid mhaith díobh imithe in éag anois de bharr seilge nó scrios gnáthóige, mar atá cangarúnna, lucha léimneacha, bandacúit, cait dhúchasacha, crotaigh, colúir agus pearóidí áirithe. Bhí diongónna coitianta i lár an 19ú haois ach díothaíodh iad. Tá speicis choitianta le feiceáil fós ann, áfach, agus tá an t-iolar dingearrach ("Aquila audax") féin ann. Ina eangach atá Gordon leagtha amach. Tá an limistéar tráchtála le fáil ar Main Street, áit a bhfuil teach tábhairne, siopa, oifig an phoist, agus cúpla foirgneamh oidhreachta leithéidí Eaglais Naomh Pádraig agus seanbhainc. Tá foraois dhúchasach agus plandálacha péine le fáil ar an taobh thuaidh agus an taobh thiar den bhaile beag. Stair. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhíodh ina gcónaí sa cheantar, agus tháinig na chéad Eorpaigh sa bhliain 1838 chun réimsí caorach a bhunú. Ba le George Gordon réimse caorach Burrambeta, stráice talún a bhí laistiar de réimse Ballan agus Abhainn an Moorabool Thoir ina teorainn le cuid de. Tháinig rath air le linn órthóraíocht na 1850í in Victoria toisc é a bheith suite i ngabhal na mbóthar a bhí ag dul go dtí All Nation’s Gully agus Mount Egerton. Thángthas ar ór sa cheantar sa bhliain 1853 agus timpeall Gordon féin faoin mbliain 1858, agus bhí mianadóirí ag obair ann ar feadh scór blianta. Níorbh fhearrde na Wathaurong teacht na nEorpach de dheasca na díobhála a rinne an t-ól, galracha nua agus an troid, agus deirtear gur cuireadh cuid acu sa tseanreilig nuair a mharaigh mianadóirí iad. Osclaíodh Oifig an Phoist sa bhliain 1858 mar "Gordon's" agus tugadh Gordon PO uirthi sa bhliain 1887. Lonnaigh mórán Éireannach sa cheantar sa 19ú haois, daoine ó Chontae an Chláir agus ó áiteanna eile, agus thug siad an Ghaeilge isteach leo. B'Éireannaigh iad na sagairt pharóiste sa 20ú haois féin. I mbuaic a ratha bhí bancanna, siopaí agus suas le hocht dteach tábhairne ann. Níl ann anois ach aon teach tábhairne amháin, an Gordon Hotel. Bhíodh an Farmers' Arms Hotel, teach adhmaid, san áit chéanna agus é i seilbh Ambrose Delaney anuas go dtí a bhás sa bhliain 1884. Ba lena mhuintir ina dhiaidh sin é anuas go dtí an bhliain 1928 nó thart air sin. Tógadh teach nua brící san áit sa bhliain 1936 agus tógadh an Gordon General Store le hadhmad an tseantí. Tháinig deireadh leis an mianadóireacht sa bhliain 1910 agus thosaigh Gordon ag meathlú. Osclaíodh stáisiún iarnróid Gordon sa bhliain 1879. Dúnadh é sa bhliain 1981.. Iompar. Téann Mórbhóthar an Iarthair thar Gordon agus é ina nasc idir Melbourne agus Ballarat. Tá Sean-Bhóthar Melbourne ann fós mar bhealach eile go dtí Ballarat siar agus go dtí Ballan soir. Níl de sheirbhís iompair phoiblí ann ach bus a théann go dtí Ballarat agus Ballan. Ní bhíonn an tseirbhís ar fáil ach uair sa mhaidin agus uair sa tráthnóna. Teampaill agus scoileanna. Tá dhá bhunscoil ann: scoil phoiblí agus scoil Chaitliceach. Siúracha Naomh Iósaf a stiúradh an dara ceann. Tá séipéal mór gormchloiche (Séipéal Naomh Pádraig) laistiar de Ghordon ag cúinne Bóthar Carey agus Sean-Bhóthar Melbourne. Tógadh é ar thalamh a chuir feirmeoir áitiúil ar fáil chuige agus tá teach galánta sagairt ag baint leis. In Gordon féin tá teampall brící Anglacánach nach mbíonn seirbhisí ar siúl ann a thuilleadh. Reiligí. Tá dhá reilig ann, seancheann nach bhfuil comhartha uirthi agus í tamall siar ón Gordon Hotel, agus ceann a cuireadh ar bun níos déanaí ar leiceann cnoic soir ón sráidbhaile. Tá neart leaca uaighe sa dara ceann a thugann léargas ar na seanfhundúirí. Féach freisin. Sayers, C.; Darbyshire, John. "Old Gold & Mining Towns of Australia". Rigby Publishers 1975 "Gordon, Mt Egerton & Ballan Advertiser", 7 Eanáir 1882 - 13 Eanáir 1921 (i gcartlann Leabharlann Stáit Victoria).
1,703
Eitneolaíocht. Is éard atá san eitneolaíocht (ó ἔθνος, "ethnos" na Gréigise a chiallaíonn "daoine, náisiún, cine") ná craobh den antraipeolaíocht a déanann comparáid agus anailís ar an mbunús, ndáileadh, dteicneolaíocht, reiligiún, dteanga, agus ar struchtúr sóisialta na rannáin eitneacha, ciníocha, agus / nó náisiúnta den chine daonnana. Eitneocheolaíocht is í an baint idir ceol agus eitneolaíocht
169
A' Bheinn Mheanbh. Sliabh sna Trosaichean is ea A' Bheinn Mheanbh (Gaeilge na hÉireann: "An Bheann Mheanbh nó Bheag"). Tá dá mhullach aici, atá ina luí beagnach 2 chiliméadar siar ó dheas de Loch Ceiteirein.
92
Buaf chána. Tá an buaf chána ("Bufo marinus") le fáil ó dhúchas i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas, ach tugadh isteach ina lán oileán san Aigéine agus i Muir Chairib í. Baineann sé le "Rhinella", foghéineas den ghéineas "Bufo". Síolraíonn sí go flúirseach: beirtear sceathrach aonchuail agus na mílte ubh inti. Ní bhíonn easpa bia uirthi: itear chuile shórt, idir bheo agus mharbh. D'fhéadfadh an ghnáthbhuaf chána a bheith cúig cheintiméadar ar fad agus í i mbun a méide. Bhí meáchan 2.65 cileagram sa cheann ba mhó a taifeadadh agus é 38 ceintiméadar ar fad. Tá dúil ina béile ag an mbuaf seo agus dá bhrí sin tugadh isteach ina lán áiteanna í chun péistí díobhálacha a scrios. Tagann a gnáthainm ón gciaróg chána ("Dermolepida albohirtum"). Tá faireoga nimhe sa bhuaf chána, agus is mór an baol í, mar sin, d'aon ainmhí a d'íosfadh í. Dá bhrí sin meastar gur ainmhí díobhálach í agus speiceas ionrach i gcuid mhaith de na háiteanna a bhfuil sí le fáil. Tacsanomaíocht. Bhí an bhuaf chána i measc na speiceas ar thug Linnaeus cuntas orthu in "Systema Naturae" (1735). Bhain sé an aidiacht "marinus" ó léaráid leis an míoleolaí Ollannach Albertus Seba, fear a chreid go raibh an bhuaf ina cónaí ar tír agus san uisce. San Astráil ní furasta an bhuaf chána a aithint thar fhroganna móra dúchasacha de na géinis "Limnodynastes", "Cyclorana" and "Mixophyes". Is féidir na froganna úd a aithint toisc nach bhfuil faireoga móra paróitideacha acu agus nach bhfuil iomaire idir an polláire agus an tsúil acu. Uaireanta ní aithnítear an bhuaf chána thar Fhrog Mhór na n-Uachaisí ("Heleioporus australiacus") toisc go bhfuil toirt iontu araon agus cuma fhaithneach orthu; ach tá imreasc ingearánach ag an bhfrog agus inteachán airgeata (seachas órga). Is féidir buafa óga agus speicis den ghéineas "Uperoleia" a thógáil in ábhraíocht a chéile, ach is féidir buafa fásta a aithint toisc nach bhfuil dath geal ar an mbléin ná ar na ceathrúna. Sna Stáit Aontaithe tá cosúlacht mhór idir an bhuaf chána agus a lán speicis eile. Is furasta í a thógáil in ábhraíocht na buaife deisceartaí ("Bufo terrestris"), ceann a bhfuil dhá mheall os comhair na bhfaireog paróitideach aige. Cuntas. Tá an-toirt sa bhuaf chána agus is mó go mór an bhuaf bhaineann ná an bhuaf fhireann. Is minic na cinn is mó le fáil in áiteanna nach bhfuil an oiread sin buaf ann. Is féidir leo maireachtáil idir deich mbliana agus cúig bliana déag agus tig leo maireachtáil i bhfad níos faide i ngéibheann – chomh fada le cúig bliana is tríocha. Tá craiceann na buaife cána tirim agus faithneach. Tá iomairí air os cionn na súl agus iad ag síneadh síos an smut.. Is féidir le buafa a bheith liath, i leith an bhuí, ruadhonn nó ar dhath na holóige, agus gréasa éagsúla orthu. Tá faireog mhór pharóitideach ar chúl gach súile. Tá imrisc chothroma sna súile agus tá dath an óir ar na hinteacháin. Níl na méara tosaigh scamallach murab ionann bun mhéara na gcos. Is lú go mór an bhuaf óg ná an bhuaf fhásta, craiceann mín dorcha uirthi de ghnáth agus imir rua ann uaireanta. Ní mór iad faireoga paróitideacha na buaife óige, agus dá bhrí sin is annamh méid mór nimhe iontu. Bíonn na torbáin dubh agus beag, iad ag cloí le grinneall agus claonadh acu chun imeacht ina scuainí. Bíonn siad idir 10 mm agus 25 mm ar fad. Éiceolaíocht agus iompar. Tá an bhuaf chána le fail ar fhéarach agus i gcoillte, agus is breá léi áiteanna ar fhág daoine a rian orthu, ar nós claiseanna agus gairdíní. Beireann sí idir 8,000 agus 25,000 ubh d’aon iarraidh, agus iad ina sreanga fada glóthaí san uisce. De ghnáth tagann na torbáin as an ubh i gceann ocht n-uaire is daichead. Déantar buaifíní de na torbáin i gceann idir dhá lá dhéag agus seasca lá. Fásann na buaifíní go tapa, rud is gá dóibh agus iad gan an chosaint atá ag buafa fásta. Meastar nach dtagann slán ach timpeall 0.5% de na buafa óga. I réigiúin thrópaiceacha síolraíonn an bhuaf chána ar feadh na bliana, ach i limistéir fhothrópaiceacha ní shíolraíonn sí ach i rith tréimhse níos teo mar an séasúr fliuch. Tig leis an mbuaf teacht slán agus neart uisce caillte aici, rud a chuidíonn léi maireachtáil lasmuigh de na réigiúin thrópaiceacha. Bia. Dealraíonn sé gur leis na súile is mó a aimsíonn an bhuaf chána a creach, ach gur féidir léi freisin feidhm a bhaint as an mboladh chuige.. Itear creimirí beaga, reiptílí, débheathaigh eile, éin, inveirteabraigh, plandaí, bia madra agus bruscar. Slogtar an chreach ina hiomláine.
1,793
Beinn a' Chóinnich. Sliabh Albanach is ea Beinn a' Chóinnich, (Gaeilge na hÉireann; "sliabh caonaigh" ) atá 11 ciliméadar siar ó thuaidh ó Craoibh. Tá sé 931 m (3,054 tr) ar airde agus, dá bhrí sin, tá sé liostaithe mar Bhinn Rothach.
102
A' Bhuidheanach Bheag. Sliabh Albanach atá suite ar an taobh thoir de Bhealach Druim Uachdair is ea A' Bhuidheanach Bheag (Gaeilge na hÉireann: "Áit bhuí"), thart ar 24 km siar siar ó thuaidh ó Bhlár Athall. Tá an sliabh ar dhá thaobh na teorann idir limistéir Sgìre Comhairle na Gàidhealtachd agus an chomhairle Peairt agus Ceann Rois), áit ina bhfuil barr a' tsleibhe suite.
157
A' Chràileag. Tá ceannbhalla iartharach Ghleann na Cíche comhdhéanta de na sléibhte A' Chràileag agus Mullach Fraoch-choire. Tá an chuid is mó den Chràileag treoshuite i dtreo 'ó thuaidh siar ó thuaidh', agus fánaí leathana féaracha de chuid a dromanna deisceartacha agus oirthearacha le feiceáil ó Loch Cluanaidh. Go deimhin, tá droim cuarachchaol ar mhullach an tsléibhe a lúbann i dtreo an oirthir go dtí Bealach Choire a' Chait, a nascann chuig Sgurr nan Conbhairean) agus chuig Stob Coire na Cralaig (a nascann le Mullach Fraoch-Choire).
211
Comhar Teoranta. Teach foilsitheoireachta Gaeilge Éireannach is ea Comhar Teoranta a chuireann an iris liteartha "Comhar" agus leabhair i gcló. Tá Comhar lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
70
A' Mharconaich. Is sliabh Albanach é A' Mharconaich (Gaeilge na hÉireann: "Áit an chapaill nó an mhairc") atá suite 29 km siar siar ó thuaidh de Bhlár Athall, i limistéar Chomhairle na Gàidhealtachd. Is cuid den ghrúpa sléibhte é a luíonn siar ón mbóthar A9 in aice le Bhealach Druim Uachdairan agus dá réir sin tugtar Beanntach Dhruim Uachdairan orthu (Béarla: Drumochter Hills.). Tá an slaibh díreach taobh istigh de Pháirc Náisiúnta a' Mhonaidh Ruaidh, cé nach chuid den Monadh Ruadhna é.
200
Faisean. Téarma ginearálta le haghaidh na stíle nó an chleachtais reatha, go háirithe in éadaí, i mbróga nó in oiriúintí, is ea faisean. Tagraíonn an téarma d'aon treocht atá ann faoi láthair i gcuma agus i ngléasadh suas an duine.
95
Hu Jintao. Ba é Hu Jintao (Pinyin: Hú Jǐntāo; rugadh 21 Nollaig 1942) Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne. Bhí na teidil Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Síne (2002–2012), Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne (2003-2013), agus Cathaoirleach Choimisiún Ceannais Míleata (2004–2013) aige. Tháinig sé i gcomharbas ar Jiang Zemin mar ard-cheannaire na ceannaireachta ceathrú glúin de Pháirtí Cumannach na Síne. Xi Jinping a tháinig i gcomharbas ar Hu Jintao. Is é Jixi Xian (Contae Jixi), i gCúige Anhui, baile traidisiúnta a shinsir. Rugadh Hu Jintao i dTaizhou, i gCúige Jiangsu. D'fhás sé aníos ansin agus rinne sé a chuid ardscolaíochta ann. D'aistrigh a mhuintir go Jiangyan, i Jiangsu, i ré a sheanathar. Ba as Taixian, i Jiangsu, a mháthair. Ceannaí tae ab ea a athair. Múinteoir scoile a bhí ina mháthair. Fuair sise bás nuair a bhí Hu Jintao seacht mbliana d'aois.
372