text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Jiang Zemin. Is "Croí den tríú glúin" de cheannairí Pháirtí Cumannach na Síne é Jiang Zemin (Rugadh ar 17 Lúnasa, 1926 - 30 Samhain 2022), ag fónamh mar Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Síne ó 1989 go 2002, mar Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne ó 1993 go 2003, agus mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Ceannais Míleata 1989-2004.
147
Páirtí Cumannach na Síne. Is é Páirtí Cumannach na Síne (PCS), an páirtí polaitíochta a bhunaigh agus a rialaíonn Daon-Phoblacht na Síne. Cé go bhfuil sé ann go hainmniúil taobh leis an bhFronta Aontaithe go hiarbhír, is é an PSC an t-aonú pháirtí amháin sa tSín, ag cothabháil rialtas aonadach. Rathaíonn bunreacht an PCS cumhacht dlíthiúil an Pháirtí Chumannaigh.
158
Ospidéal an Mater Misercordiae. Ospidéal oiliúna i mBaile Átha Cliath na hÉireann é Ospidéal an Mater Misercordiae nó "An Mater" go minic (Béarla: "Mater Misericordiae University Hospital" ("the Mater" agus "MMUH" go minic) (Is ionann "Mater Misercordiae" agus "máthair na trócaire" sa Laidin) a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann atá lonnaithe ar Shráid Eccles agus clúdaíonn an t-ospidéal roinnt sainréimsí éagsúla. Tá an t-ospidéal nasctha le COBÁC mar ospidéal oiliúna. Tá ospidéal poiblí agus ospidéal príobháideach ann. Litríocht. Is in uimhir a 7 Sráid Eccles atá cónaí ar Leopold Bloom, carachtar de chuid James Joyce ón leabhar Ulysses. Tá an foirgneamh sin lonnaithe i measc fhoirgnimh an ospidéil.
313
An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais. Ospidéal máithreachais i mBaile Átha Cliath na hÉireann é An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais. Tá sé nasctha le COBÁC. Tá sé lonnaithe ar Sráid Holais i lár na cathrach i mBÁC a 2. Tagann thart fá 10,000 leanbh ar an saol ann chuile bhliain. Cuirtear cúram cuimsitheach ard-caighdeánach do mhná torach agus linbh nua beirthe ar fáil ann. Anuas ar sin tá rannóigí paiteolaíochta agus raideolaíochta nua-aimsire acu. Bhí na dochtúirí Peter Boylan, Declan Keane agus Mike Robson mar mháistreacha air ó 1991 i leith. Ansin bhí an chéad mháistir baineann ar ospidéal máithreachais Rhona Mahony i bhfeidhil. Chríochnaigh sí a téarma ag deireadh na bliana 2018. Thosaigh Shane Higgins mar mháistir ar an gcéad lá de mhí Eanáir 2019.
308
An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc. Ospidéal i mBaile Átha Cliath na hÉireann é An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc atá lonnaithe i nDomhnach Broc. Bunaíodh an t-ospidéal sa bhliain 1743. Cuireann sé seirbhís ar fáil do sheanóirí, go háirithe. Tá sé nasctha le COBÁC.
118
Ospidéal Ginearálta Thulach Mhór. Ospidéal ginearálta oiliúna in Uíbh Fhailí na hÉireann é Ospidéal Ginearálta Thulach Mhór ("An t-Ospidéal Réigiúnach Lár-Tíre" uaireanta) a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann atá lonnaithe ar Shráid Eccles agus clúdaíonn an t-ospidéal roinnt sainréimsí éagsúla. Tá 1000 daoine ag obair san ospidéal agus in oifigí FSS. Is iad Timpiste & Éigeandáil, Ainéistéitic, Cairdeolaíocht, Míochaine Ghinearálta, Máinliacht Ghinearálta, Gínéiceolaíocht, Cnáimhseachas, Ainéistéise Péidiatraic, Péidiatraic agus Paiteolaíocht na speisialtachtaí atá san ospidéal.
276
Ospidéal Naomh Micheál. Ospidéal oiliúna i mBaile Átha Cliath na hÉireann é Ospidéal Naomh Micheál a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann atá lonnaithe i nDún Laoghaire agus clúdaíonn an t-ospidéal roinnt sainréimsí éagsúla. Tá an t-ospidéal nasctha le COBÁC mar ospidéal oiliúna.
147
Elaine, Victoria. Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Elaine agus é suite in aice Mhórbhóthar na Lárcheantar (Midland Highway) idir Ballarat agus Geelong. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 677 duine ina gcónaí in Elaine agus ina thimpeall. Labhraíodh 638 duine Béarla sa bhaile, agus bhí lucht labhartha teangacha eile mar a leanas: Gearmáinis 7, Ollainnis 5, Seicis 5, Polainnis 4. Cuid de sheanchríocha na Wathaurong, pobal Bundúchasach an réigiúin, is ea Elaine, agus sa bhliain 2006 ba de shliocht Bundúchasach 1.6% den phobal áitiúil. Tá feirmeacha caorach timpeall an tsráidbhaile ar an machaire mór. Baineann Elaine le Cúige na mBrúchtanna Nua ("Newer Volcanics Province"), réigiún atá ag síneadh ó Melbourne siar go dtí Portland. Níorbh fhada formhór na mbolcán beo, ach líon an laibhe na gleannta. Níl aon bholcáin bheo le fáil sa réigiún le timpeall fiche míle bliain. Sheasadh traein phaisinéirí ag Elaine tar éis gur osclaíodh an t-iarnród Geelong-Ballarat sa bhliain 1862, ach inniu níl ann ach traenacha earraí agus arbhair. D'oscail Oifig an Phoist ann ar 1 Márta 1859 mar Mount Doran agus tugadh Elaine uirthi sa bhliain 1872. Ar 14 Aibreán 1873 osclaíodh Oifig Poist Stáisiún Iarnróid Elaine. Sa bhliain 1877 tugadh Elaine ar an oifig úd agus tugadh Mount Doran arís ar an tseanoifig. Mainistir. Tá mainistir Cheartchreidmheach Sheirbiach in aice le hElaine a bhfuil cúigear manach agus beirt bhan rialta ann. Tá neart íocón ann agus iarsmaí naofa, agus íocón de Mhuire san áireamh a luaitear míorúiltí leis. Táthar ag brath ar na ballaí a mhaisiú le freascónna. Bíonn tarraingt daoine ar an áit as gach cearn laethanta féile.
655
951 Gaspra. Is astaróideach den chineál-S é 951 Gaspra a fhithiseann go han-dlúth le himeall inmheánach an phríomh-chreasa astaróidigh. Ba é an chéad astaróideach riamh a raibh dlúth-teagmháil déanta leis, nuair a thug an spásárthaí Galileo cuairt air, agus é ar a bhealach chuig Iúpatar an 29 Deireadh Fómhair 1991.
132
Ceantar na soilse dearga. Is éard is ceantar na soilse dearga (nó ball striapachais uaireanta) ann ná limistéar uirbeach ina bhfuil comhchruinniú de ghnóthaí striapachais agus ghnéasdírithe, ar nós siopaí gnéis, nochtchlubanna, amharclanna do dhaoine fásta, is araile. Eascraíonn an téarma as na lampaí dearga a d'úsáidtí mar chomharthaí drúthlainne, agus atá in úsáid go dtí an lá atá inniu ann.
157
Barrys Reef, Victoria. Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Barrys Reef. Mianadóirí óir a bhunaigh é, agus thugtaí Bayup air. Níl aon staitisticí ag baint leis i ndaonáireamh Astrálach na bliana 2006. Stair. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh sin tíre roimh theacht na nEorpach, ach bhí siad ruaigthe, is dócha, faoi sheascaidí an 19ú haois, agus an-díobháil déanta ag an ól, ag galracha nua agus ag an lámh láidir dóibh. Thosaigh ruathar óir sa cheantar sa bhliain 1855. Mianadóireacht ghlárach a bhí ar siúl ar dtús, agus timpeall 4,000 mianadóir le fáil ann, idir Eorpaigh agus Shínigh. Sé theach tábhairne a bhí ann tráth. I gceann tamaill thosaigh daoine ag obair ar shíoga grianchloiche. Rinneadh suirbhéireacht ar cheann acu (Trewhella nó Barry's) agus dá bhrí sin bunaíodh Bayup, áit ar tugadh Barrys Reef uirthi ina dhiaidh sin. Lagaigh an mhianadóireacht sa chuid is mó den cheantar de réir a chéile, ach faoin mbliain 1874 bhí sráidbhaile mór in aice mhianaigh Barrys Reef agus bhí mórán fear ar fostú ag an Sultan Company. Ach tháinig meath ar an gcomhlacht seo féin: bhí mianadóirí ag imeacht, bhí comhlachtaí eile ag díol a gcuid gléasra, agus dhún an Sultan Company go tobann, rud a d'fhág mórán gan obair. Sa bhliain 1879 tháinig tuile thréan anuas an Lerderderg, ag crochadh léi rothaí uisce agus rudaí eile agus ag déanamh dochair do na droichid. Tháinig feabhas éigin ar an scéal sna hochtóidí, ach lagaigh cúrsaí arís agus scaip na mianadóirí in éineacht lena dteaghlaigh. Féach freisin. Flett, J., "The History of Gold Discovery in Victoria", Poppet Head Press, Melbourne, 1976
640
Hipir-réalachas (péinteáil). Is éard is hipirréalachas ann ná seánra de phéintéireacht agus dealbhóireacht garchosúil le grianghraf ardtaifigh, ard-réiteach. Meastar gur forás ar an bhfótairéalachas é an hipirréalachas toisc na modhanna a úsáidtear le haghaidh na bpictiúr nó na ndealbh a chruthú. Úsáidtear an téarma go príomha mar thagairt don ghluaiseacht ealaíne neamhspleách agus stíl ealaíne sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip a forbraíodh ón na 2000í luatha.
192
Harper Lee. Scríbhneoir Meiriceánach í Harper Lee (fíorainm: "Nelle Harper Lee") a rugadh i Monroeville, Alabama ar an 28 Aibreán 1926. Bhásaigh sí ar an 19 Feabhra 2016. Ní raibh ach aon leabhar amháin foilsithe aici, is é sin, an t-úrscéal "To Kill a Mockingbird", a thabhaigh Duais Pulitzer di sa bhliain 1961. Ciníochas i nDeisceart na Stát Aontaithe is ábhar don scéal. Chuidigh Lee lena seanchara Truman Capote agus é ag bailiú eolais le haghaidh a úrscéil fhíricbhunaithe "In Cold Blood".
193
Ultimate. Is spórt foirne a imrítear le diosca eitilte (nó "frisbee") é Ultimate (nó sárfhriosbaí). Chruthaigh grúpa mac léinn in Ardscoil Columbia i Maplewood, Nua-Gheirsí an spórt sa bhliain 1968. Cé gur spórt traidisiúnta é ó thaobh riachtanas lúthchleasaíochta, níl sé cosúil le spóirt eile toisc nach bhfuil réiteoirí ann go ginearálta, fiú ag na leibhéil iomaíochta is airde. Ina ionad sin, braitheann Ultimate ar chothrom na Féinne agus cóimheas idir na himreoirí, coincheap bunúsach ar thug seanfhondúirí an spóirt "The Spirit of the Game" air. Scóráiltear pointí tríd an diosca a chur ar aghaidh chuig comhimreoirí i gcrios deiridh na foirne eile. Rialacha bunúsacha eile ná nach féidir le himreoir céimeanna a thabhairt agus an diosca ina sheilbh, agus tarlaíonn aistriú seilbhe tar éis pas a bhuaileann an talamh, a théann as an imirt, nó a sciobann an fhoireann eile. Is trádmharc cláraithe de chuid an chomhlachta Wham-O é an téarma "Frisbee", agus dá bhrí sin seachnaítear an t-ainm “Ultimate Frisbee” (agus fiú “sárfhriosbaí” i nGaeilge), cé go bhfuil sé fós in úsáid choitianta neamhfhoirmeálta. Ultimate in Éirinn. Tá an spórt ag fás go tapa in Éirinn, leis na mílte duine á imirt timpeall na tíre. Bhain foireann náisiúnta sinsear na mban Craobhchomórtas na hEorpa sa bhliain 2019, agus eagraíodh fáiltiú don fhoireann ina dhiaidh sin in Áras an Uachtaráin leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn. Tá foireann lán-Ghaeilge amháin in Éirinn, darb ainm “Plámás”.
608
Millbrook, Victoria. Ceantar tuaithe in Victoria na hAstráile is ea Millbrook agus é nócha ciliméadar soir ó thuaidh de Melbourne. Thugtaí "Moorabool" air ach athraíodh é toisc go raibh an t-ainm céanna ar cheantar in aice le Geelong. Roghnaíodh an t-ainm "Millbrook" toisc gur thóg Matthew Butterly muileann plúir ar bhruach abhainn an Moorabool Thiar Tá an seanbhóthar mór idir Melbourne agus Ballarat ag rith tríd, bóthar a thugadh na mianadóirí go dtí órcheantar Ballarat sna 1850í. Talamh droimneach atá ann, é measartha crannach fós agus an Moorabool Thiar, abhainn chaol, ag rith tríd. Is é an áit is airde sa cheantar an Cnoc Dubh ("Black Hill"). D'fhág na hÉireannaigh lorg ar leith ar an gceantar. De réir dhaonáireamh na bliana 2011 bhí 359 duine ina gcónaí ann (seachas 550 sa bhliain 2006). Stair. An stair chéanna, mórán, atá ag Millbrook agus ag na ceantair máguaird, Ballan, Wallace agus Gordon. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh tíre sin nuair a cuireadh réimsí caorach ar bun sa limistéar sa bhliain 1838. Chuaigh mórán Bundúchasach ag obair ar na réimsí sin, ach rinne galracha nua, ól agus achrann dochar mór dóibh agus tháinig scaipeadh orthu sa dara leath den 19ú haois. Tá a gcuid déantúsán le fáil ann fós, ach níl aon duine dá sliocht ina chónaí sa cheantar anois. Bhí fiadhúlra dúchasach flúirseach go leor ag an am ar fud an limistéir a mbaineann Millbrook leis, agus tá cuid de (ar nós kóálanna, pasam agus paraicítí) le fáil ann fós. Ar theacht na nEorpach d'imigh cuid eile in éag de dheasca seilge agus scrios gnáthóige. Orthu sin bhí cangurúnna, lucha léimneacha, diongónna, bandacúit, cait dhúchasacha, crotacha, colúir agus a lán pearóidí. Fuair a lán feirmeoirí beaga (roghnóirí talún no "selectors") gabháltais sa cheantar de bharr Acht Talún Duffy in 1862, reachtaíocht a lig dóibh talamh Corónach a cheannach ar £1 an t-acra. Tá ithir mhéith bholcánach ar fud an cheantair agus í an-oiriúnach do phrátaí agus d'arbhar. Na hÉireannaigh. Lonnaigh a lán Éireannach sa cheantar de bharr Acht Talún Duffy agus sna ceantair máguaird. B’as Contae an Chláir do chuid acu agus as deisceart Thiobraid Árann do chuid eile, agus ní dóichí rud ná go raibh Gaeilge go leor acu. Ar na daoine úd bhí Muintir Riain, Muintir Shúilleabháin, Muintir Mhig Uiginn agus teaghlaigh eile. Bhí baint ag an nGaeilge le stair an cheantair fiú sa fichiú haois maidir le caomhnú leabhar agus saothrú liteartha. Iarnród. Tá seaniarnród Ballarat ag rith tríd an gceantar, cé gur dúnadh an stáisiún áitiúil agus ceithre cinn is tríocha eile ar 4 Deireadh Fómhair 1981 mar chuid d'amchlár nua do phaisinéirí tuaithe. Bhaintí feidhm mhór as an seantaobhlach maidir le barraí agus beithígh. Tógadh iarnród nua idir Melbourne agus Ballarat a raibh cuid de ag rith trí Millbrook, agus thosaigh seirbhís mhórluais ar 22 Nollaig 2005. Oifig an phoist. Athraíodh ainm na hoifige poist ó Moorabool Creek PO go Millbrook PO ar 1 Lúnasa 1879, agus dúnadh an oifig ar 31 Iúil 1985. Níor bunaíodh sráidbhaile riamh in Millbrook mar a tharla in áiteanna eile. Féach freisin. ÁÁ
1,218
Balliang, Victoria. Ceantar in Victoria na hAstráile is ea Balliang agus é suite in oirdheisceart Shír Moorabool, 54 ciliméadar ó Melbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 233 duine ina gcónaí ann. Rugadh ceithre dhuine dhéag acu i Sasana, naonúr sa Nua-Shéalainn, triúr san Fhidsí, triúr sa tSlóivéin agus triúr san Ostair. Ní raibh aon Bhundúchasaigh ina gcónaí ann, cé gurbh iad na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ann roimh theacht na nEorpach. Ainmníodh an áit as teach in Geelong ar le Foster Fyans, coimisinéir tailte corónach, é. Deirtear gur ainmníodh an teach as Balliang (Ballyang), Bundúchasach a bhí ar fostú ag Fyans. Osclaíodh oifig poist ann ar 23 Bealtaine 1908 agus dhún sí sa bhliain 1968. Féach freisin. "Balliang: 90 years of settlement 1908-1998". Balliang, Victoria: Back to Balliang Committee 1998.
338
Chester Bennington. Ba cheoltóir agus aisteoir Meiriceánach é Chester Bennington a rugadh ar 20 Márta 1976 in Phoenix, Arizona. Bhí sé ina bhall de Linkin Park ó 2000 amach. Tharraing an banna clú idirnáisiúnta orthu féin lena chéad albam, "Hybrid Theory," sa bhliain 2000. Saol. D'fhreastail Bennington ar Greenway High School agus chónaigh sé i gCalifornia. Chuir Bennington lámh ina bhás féin ar 20 Iúil 2017, in aois 41 dó. Thángthas an bhean tí air agus é crochta ina sheomra leaba. Pósta dhá uair, bhí seisear clainne aige (aon leanbh amháin uchtaithe) le triúr ban.
223
Mike Shinoda. Is ceoltóir agus ealaíontóir Meiriceánach é Mike Kenji "Mike" Shinoda (a rugadh 11 Feabhra 1977). Is ball den bhanna ceoil Linkin Park é. Rugadh agus tógadh é in Agoura Hills, California, fo-bhaile de chuid Los Angeles. Is de shliocht Sheapánach é ar thaobh a athar. Rinne Shinoda staidéar ar an dearadh agus ar an léiriú ag an Art Center College of Design i Pasadena. D'oibrigh sé mar ríomhdhearthóir léirithe agus is ealaíontóir go fóill é. Déanann Shinoda agus Joe Hahn, ball eile de Linkin Park, an obair ealaíne ar fad don bhanna ceoil sin.
198
Donald Duck. Carachtar ficseanúil is ea Donald Duck, a cruthaíodh sa bhliain 1934. Caitheann sé éadaí seoltóra agus cuachóige dearg nó dubh. Stair. Chonacthas é ar an teilifís don chéad uair i "The Wise Little Hen" sa bhliain 1934. Tréithe. Tá Donald Duck an-leisciúil. Is iomaí na línte mhaithe ag Donald, mar shampla "cad é an tuairim mhór " agus " Oh buachaill, oh buachaill, oh buachaill " Tá uncail Donald an ceanndána ach tá sé i bhfeidhm freisin.
170
Green Day. Is banna ceoil Meiriceánach é Green Day. Tháinig an banna le chéile sa bhliain 1987. Tá triúr duine sa bhanna; an giotáraí agus an t-amhránaí Billie Joe Armstrong, an dordóir Mike Dirnt, agus an drumadóir Tre Cool. Ba bhall den bhanna é John Kiffmeyer, ach d'fhág sé an banna sa bhliain 1990 roimh taifeadadh an dara albaim acu "Kerplunk". Green Day ar a dtugtar ar dtús mar "Sweet Children. "Scaoileadh a chéad albam (1039 Smoothed Out Slappy Hours) i 1990. An t-albam "Kerplunk" luath ina dhiaidh sin i 1992, Agus i 1994 tháinig "Dookie". Bhí Dookie an bhanna rath is mó ag an bpointe sin, le amhráin ar nós Longview, Basket Case, agus When I Come Around. Faoi dheireadh, bheadh ​​an banna a fháil Laochra idirnáisiúnta le albam mar shampla "American Idiot" agus "21st Century Breakdown." Leanann an banna a imirt inniu, agus tá scaoileadh le déanaí 3 albam ainmnithe "Uno!" "Dos!" agus "Tre!" Chomh maith le albam taispeána ar a dtugtar "Demolicious".
363
Simon Cowell. Is léiritheoir ceoil agus pearsa theilifíse é Simon Phillip Cowell a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair, 1959. Ba bhreitheamh é ar an gclár teilifíse "The X-Factor" a chuir sé tús leis sa bhliain 2004. Tá cónaí air in Beverly Hills, California, faoi láthair. Tá clú air as an mbealach borb a gcuireann sé locht ar na hiomaitheoirí ar "The X-Factor". Óige Simon Cowell. Rugadh Cowell in Lambeth, i Londain Shasana agus tógadh é in Elstree, Hertfordshire. Bhíodh a mháthair, Julie Brett (née Josie Dalglish), ina damhsóir bailé, agus feidhmeannach i dtionscal an cheoil ab ea a athair, Eric Selig Phillip Cowell, Sr. (1918–1999). Bhí lámh aige seo le forbairt gníomhaireachtaí eastáit chomh maith. Ba de shliocht Sasanach a mháthair agus de shliocht Polannach a athair. Críostaithe iad muintir a mháthar agus ba Ghiúdaigh iad formhór a shinsear Pholannach, cé nár labhair athair Simon lena chlann faoi ariamh. Tá deatháir níos óige ag Simon Cowell, chomh maith le triúr leasdeartháireacha agus leasdeirfiúr amháin. D'fhreastail Cowell agus a dheartháir ar Radlett Preparatory School agus ar Dover College, scoil neamhspleách. D'imigh sé i ndiaidh na scrúdaithe leibhéil O a dhéanamh. Rinne sé staidéar ar an mBéarla agus ar an litríocht agus bhain sé GCE amach in socheolaíocht. Bhain sé GCE eile in socheolaíocht in Windsor Technical College. In aois a sheacht mbliana déag bhí sé ag siúl amach le Paula Hamilton, mainicín. Ghlac Cowell roinnt post ag scamhadh geatairí do dhaoine—mar theachtaire le linn déanamh an scannáin úd de chuid Stanley Kubrick, "The Shining", mar shampla—ach níor réitigh sé go maith lena chuid comhghleacaithe agus maor. Sa deireadh d'éirigh lena athair post a fháil dó i seomra an phoist ag EMI Music Publishing, mar a raibh a athair ina fheidhmeannach ag an am.
677
David de Gea. Is imreoir sacair é David de Gea Quintana (rugadh 7 Samhain 1990 i Maidrid sa Spáinn). Cúl báire atá ann, agus é ag imirt faoi láthair le Manchester United. Thosaigh sé ag imirt nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois. Imríonn sé d'fhoireann náisiúnta na Spáinne. D'fhag sé Manchester United i samhradh na bliana 2023.
129
Jack Wilshere. Is imreoir sacair é Jack Andrew Garry Wilshere (rugadh 1 Eanáir 1992). As Stevenage é. Sa bhliain 2016, bhí sé ag imirt mar imreoir lár páirce le Bournemouth, ar iasacht ó West Ham United F.C.. D'imir Wilshere an chéad am le Arsenal F.C. i 2008 in aghaidh Blackburn Rovers. Chaith sé uimhir a 19 sa chluiche sin. Shínigh sé conradh gairmiúil le Arsenal F.C. i mí Eanáir 2009. Chuaigh sé ar iasacht go dtí Bolton Wanderers in Eanáir 2010. D'imir Wilshere a chéad chluiche le Sasana i Lúnasa 2010. Bhuaigh sé "PFA Young Player of the Year" 2010-11. 2018 sign West Ham United F.C..
220
Liam Lawrence. Is imreoir sacair é Liam Lawrence (a rugadh ar an 13 Nollaig 1981), atá ag imirt faoi láthair le PAOK sa Ghréig, agus le foireann idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann. Rugadh Liam Lawrence i Retford, Nottinghamshire sa bhliain 1981. Thosaigh sé ag imirt peile nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois leis an bhfoireann Babworth Rovers agus thosaigh sé ag imirt le Mansfield sa bhliain 1996. Fuair sé a chéad chúl idirnáisiúnta nuair a bhí Éirinn ag imirt in aghaidh na hAfraice Theas. Sa bhliain 1999 thosaigh sé ag imirt leis an bhfoireann Mansfield. Agus é ag imirt le Mansfield tháinig sé os comhair súile Sunderland. Sa bhliain 2004 bhog sé go Sunderland agus Mick McCarthy ina bhainisteoir ar an gclub. Ní raibh sé róshásta ann, áfach, mar sin chuaigh sé go dtí Stoke City. Bhí sé ann ar feadh trí bliana agus sa samhradh 2010 chuaigh sé ar aghaidh go dtí Portsmouth. Thit Portsmouth as a chéile de bharr fadhbanna airgeadais agus bhog sé ar iasacht go Cardiff City. Sa bhliain 2012 bhog sé go dtí PAOK chun imirt sa tsraith Gréagach.
376
Carmelo Anthony. Cispheileadóir is ea Carmelo Kiyan Anthony ("Melo" uaireanta) a rugadh i Nua-Eabhrac SAM sa bhliain 1984. Rugadh é ar an 29 Bealtaine 1984, sna "Red Hook Projects" in Brooklyn. Is duine gorm é (athair Portó Ríceach aige). Tá "Melo" air mar leasainm. Chuaigh sé go dtí Baltimore nuair a bhí sé ocht mbliana d'aois. Fuair a athair bás nuair a bhí Anthony dhá bhliain d'aois. D'fhreastail sé ar Ollscoil Syracuse agus d'imir sé cispheil leis an bhfoireann Orangemen. Ag tosnú ar an 29 Deireadh Fómhar 2003, d'imir sé cispheil leis na Denver Nuggets (NBA Draft). D'imir sé leis na Denver Nuggets ar feadh ocht mbliana. Sa bhliain 2011, chuaigh sé leis na New York Knicks. Tar tréimhsí ag imirt le foirne in Oklahoma agus Texas, thosaigh sé ag imirt leis na Portland Trail Blazers sa bhliain 2019. Bhain sé bonn cré-umha amach sna Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 2004, agus bonn óir le foireann SAM sna blianta 2008, 2012 agus 2016. Saol pearsanta. Phós sé Alani "La La" Vasquez sa bhliain 2003. Tá cónaí orthu in Portland, Oregon.
391
Jonathan Sexton. Imreoir rugbaí Éireannach is ea Jonathan Sexton a rugadh ar 11 Iúil 1985 i mBaile Átha Cliath. Imríonn sé le Cúige Laighean agus foireann na hÉirinn. Is mac dearthár é le Willie Sexton, iarimreoir le foireann rugbaí Chúige Mumhan agus na hÉireann.
100
Leon Ó Broin. Ba státseirbhíseach agus údar é Leon Ó Broin (10 Samhain 1902 – 26 Feabhra 1990) a d'aistrigh an leabhar clúiteach de chuid H. G. Wells, "Cogadh na Reann" sa bhliain 1935. Tháinig "An Oíche úd i mBeithil - dráma aoin mhíre" óna pheann sa bhliain 1949 agus "Comhcheilg sa Chaisleán" sa bhliain 1963. Scríobh sé freisin "An Maidíneach" sa bhliain 1971 faoi Risteard Roibeard Ó Maidín a mhair idir 1798-1886 agus a scríobh stair na nÉireannach Aontaithe.
203
Anraí Foghlaera. Diúc na Sacsaine ab ea Anraí I nó Anraí I ( nó "Heinrich der Finkler"; ) ó 912 agus Rí na bhFranc Thoir ó 919 go dtí a bhás sa bhliain 936. Mar an chéad rí neamh-Fhrancach ar an Fhranc Thoir, bhunaigh sé an ríshliocht Ottonach, agus meastar go ginearálta gurb é bunaitheoir an stát meánaoiseach Gearmánach (Latin: "regnum Teutonicorum"), ar a dtugtar an Fhrainc Thoir go dtí sin. Sealgóir díograiseach é, fuair sé an buafhocal "An Foghlaeir", toisc go líomhnaítear go raibh sé ag feistiú a chomhla-éan nuair a tháinig teachtairí a chur in iúl dó go raibh sé le bheith ina rí. Saolaíodh é mar bhall de líne uasal Ludolfinger, diúc na Sacsaine. Fuair a athair Otto I na Sacsaine bás sa bhliain 912 agus tháinig Anraí I i gcomharbacht air. Sheol an diúc nua éirí amach i gcoinne rí na Sacsaine den Fhrainc Thoir, Conrad I na Gearmáine, faoi chearta tailte i nDiúcacht Thúraingeach. Tháinig siad le chéile i 915 agus ar leaba a bháis sa bhliain 918, mhol Conrad Anraí mar an chéad rí eile, ag cur san áireamh gurb é an diúc an t-aon duine a d’fhéadfadh an ríocht a choinneáil le chéile in aghaidh ceannaircí inmheánacha agus ruathair seachtracha mhuintir na Maigiarach. Toghadh Anraí agus rinneadh rí de sa bhliain 919. Chuaigh sé ar aghaidh chun na ndiúc ceannairceach na Baváire agus na Suáibe a shárú, ag daingniú a riail. Trí chogaíocht rathúil agus pósadh ríoraíoch, fuair Anraí Lotharingia mar vasáilleach i 925. Murab ionann agus a réamhtheachtaithe Cairilínseacha, níor fhéach Anraí le monarcacht láraithe a chruthú, ag rialú trí comhdhiúcachtaí cónaidhmithe féinrialaitheacha ina ionad sin. Thóg Anraí córas fairsing daingniúcháin agus marcshluaite troma soghluaiste ar fud na Gearmáine chun bagairt na Maigiarach a neodrú agus sa bhliain 933 chloígh sé iad ag Cath Riade, cath a fearadh cois na habhann Unstrut, ag cur deireadh le hionsaithe na Maigiarach ar feadh an chéad 21 bliain eile agus as a dtáinig braistint náisiúntacht de chuid na Gearmáine. Leathnaigh Anraí mórcheannas na Gearmáine go mór san Eoraip nuair a fuair sé an ceann is fearr ar a gcéilí comhraicbhain na Slavaigh sa bhliain 929 ag Cath Lenzen feadh abhainn na hElbe, trí iallach a chur ar Diúc Wenceslaus I na Boihéime (Gearmáinis:"Wenzel von Böhmen"), trí ionradh ar Dhiúcacht na Boihéime sa bhliain chéanna, agus trí ríochtaí na Danmhairge i Schleswig a chur faoi smacht sa bhliain 934. D'admhaigh na ríthe Rudolph na Fraince Thiar agus Rudolph II na Burgúine Uachtaraí stádas ceannasach Anraí ó thuaidh de na hAlpa, a ghlac le háit tánaisteacht mar chomhghuaillithe sa bhliain 935. Phleanáil Anraí turas chun na Róimhe lena chorónú ina impire ag an Pápa, ach chuir a bhás cosc air. Chuir Anraí cosc ar thobchliseadh na cumhachta ríoga, mar a tharla san Fhranc Thiar, agus d’fhág sé ríocht i bhfad níos láidre dá chomharba Otto I. Cuireadh é i Mainistir Quedlinburg, a bhunaigh a bhean chéile Matilda ina onóir. Cogaí i gcoinne na Slavach. Le linn an tsosa leis na Maigiaraigh, chuir Anraí na Slavaigh Iartharacha (Polainnis: "Słowianie połabscy") faoi smacht, a bhí ina gcónaí ar a theorainneacha thoir. I ngeimhreadh na bliana 928 mháirseáil sé i gcoinne na treibheacha Slavacha Hawelanacha (Polainnis: "Hawelanie") agus ghabh sé a bpríomhchathair, Brandenburg. Ansin rinne sé ionradh ar thailte na nGlomicineach (Polainnis: "Glomici") ar lár na hElbe, agus seilbh a ghabháil ar an phríomhchathair Gana (Jahna) tar éis léigear, agus bhí daingean (an Albrechtsburg níos déanaí) tógtha aige ag Meissen. Sa bhliain 929, le cabhair ó hArnulf na Baváire, chuaigh Anraí isteach i nDiúcacht na Boihéime agus chuir sé iallach ar an Diúc Wenceslaus I cíos bliantúil a íoc don rí.
1,453
Diúcacht na Sacsaine. Ba cheantair treibhe nó "Stammesherzogtum" í Diúcacht mheánaoiseach Chairilínseach na Sacsaine ón Luath Mheánaois, a chlúdaíonn an chuid is mó de Thuaisceart na Gearmáine. Chlúdaigh sí achar na stát Gearmánach nua-aimseartha Bremen, Hamburg, An tSacsain Íochtarach, Tuaisceart na Réine agus an Viostfáil, agus an tSacsain-Anhalt agus an chuid is mó de Schleswig-Holstein. Bhí an fearann Mecklenburg-Vorpommern i seilbh Dhiúc Heinrich an Leon.
177
Liosta monarcaí na Gearmáine. Liostaíonn an t-airteagal seo monarcaí na Gearmáine, iad siúd a rialaigh na críocha i Lár na hEorpa ina labhraítí an Ghearmáinis ó chruthú Ríocht na nOir-Fhrancach (Ríocht Lughaidh) sa bhliain 843 go dtí deireadh Impireacht na Gearmáine sa bhliain 1918. Áiríonn sé freisin cinnirí Chónaidhmeanna éagsúla na Gearmáine tar éis titim na hImpireachta Naofa Rómhánaí, sa bhliain 1806. Tá an caidreamh idir an teideal "rí" agus "impire" sa cheantar ar a dtugtar an Ghearmáin sa lá atá inniu ann díreach chomh casta le stair agus struchtúr na hImpireachta Naofa Rómhánaí í féin. Bhí Ríocht na Gearmáine ann roimh Impireacht na Gearmáine. An Ríocht Oir-Fhrancach, An Impireacht Naofa Rómhánach 843-1806. Clúdaíonn an rannóg seo an Ríocht Oir-Fhrancach, an chuid thoir den Impireacht Fhrancach de dheasca chrích dheighilt na hImpireachta a chuireadh i bhfeidhm faoi théarmaí Chonradh Verdun sa bhliain 843. Níos déanaí, thugtaí Ríocht na Gearmáine, a bhí ina phríomhchuid (agus ansin ina chuid aonair) den Impireacht Naofa Rómhánach (an Náisiúin Gearmánach). Bhí Ríocht na Gearmáine comhdhéanta ní hamháin as na críoch na Gearmáine sa la atá inniu ann, ach freisin as críocha na hOstaire, na hEilvéise, Phoblacht na Seice, na Slóivéine, agus na dTíortha faoi Thoinn, chomh maith le codanna den Fhrainc, den Iodáil agus den Pholainn Ríthe. Liostáiltear impirí i gcló trom agus bíonn ríthe comhraic, antai-ríthe, agus leasríthe sóisearacha i gcló "iodálach".
600
Armóin. Orgán beag lena gcastar nótaí ceoil is ea an armóin. Ciallaíonn an focal "armóin" gléasadh nó cóiriú taitneamhach ar nótaí ceoil freisin ach sa chás seo, táimid ag caint faoin uirlis cheoil a fheictear sa ghrianghraf taobh leis an alt seo. Is uirlis ghaoithe atá san armóin ina n-úsáidtear giolcacha a bhogann go saor leis an bhfuaim a dhéanamh. Tá méarchlár agus gaireas séidte inti. D'fhéadfaí "armóineadóir" a thabhairt ar an duine a sheinneann an armóin, is dócha. Tá bunús na harmóine le fáil san uirlis le giolcacha saora a chruthaigh Grenié (fear ón bhFrainc) ag tús an 19ú haois. B'éard a bhí aige ná uirlis bunaithe ar phíopaí orgáin le giolcacha saora a bhí curtha ar ghaireas séidte a bhí á smachtú ag brú athraitheach gaoithe. Murab ionann agus na giolcacha a bhíonn ag bualadh in orgán píopa, is féidir leis na giolcacha saora airde fuaime athraitheach thonnchreatha a láimhseáil agus réimse leathan airde ceoil ó phianissimo go fortissimo a léiriú de bharr an bhealaigh ina gcritheann siad agus é seo ar fad gan athrú suntasach sa ghléasadh. Ba é an Francach Alexandre-François Debain a chéadcheap an armóin i ndáiríre, í bunaithe ar uirlis Ghrenié agus fuair sé paitinn di i 1842. B'iad Jakob Alexandre (1804-1876) agus a mhac Edouard (1824-1888) i bpáirt le Victor Mustel a thug an uirlis chun foirfeachta.
534
Baile na Coille (Contae Chill Mhantáin). Baile in Éirinn is ea Baile na Coille i gContae Chill Mhantáin.
40
Baile na Coille (Contae Laoise). Baile in Éirinn is ea Baile na Coille i gContae Laoise ar an mBóthar Réigiúnach 432 idir Mainistir Laoise, Béal Átha Ragad agus Caisleán an Chomair, Contae Chill Chainnigh. Spórt. Is iad CLG Baile na Coille agus CLG Na Spince na foirne Cumann Lúthchleas Gael áitiúla. Na Sainchomharthaí. Tá leacht croise an-fheiceálach tógtha i bpríomhchearnóg an bhaile. Is leacht cuimhneacháin don Éirí Amach i 1798 é. Tógadh sa mbliain 1898 é. Tá sé inscríofa leis na hainmneacha Mac Cumascaigh, Mac Eochagáin, Mac Fhíobhuí, Ó Crionáin, Ó Faogáin agus Ó Sionnaigh.
248
Lughaidh Gearmánach. Ba gharmhac Shéarlas Mhóir é Lughaidh Gearmánach, (ar a dtugtar freisin Lughaidh II nó Lughaidh an Bavárach), agus freisin ba é an tríú mac den Impire Lughaidh Cráifeach é agus a chéad bhean, Ermengarde. Bronnadh an t-ainmniú 'Germanicus' air go gairid i ndiaidh a bháis toisc go raibh an chuid is mó dá chríoch suite san tsean Germania. Ceapadh é ina Rí na Baváire sa bhliain 817, ag leanúint cleachtais Shéarlas Mhóir, ríocht áitiúil a bhronnadh ar bhall den teaghlach agus ansin bheadh an té a bhí nuacheaptha aige mar cheann dá chuid leifteanaint agus gobharnóirí áitiúla. Nuair a dheighil Lughaidh Cráifeach, athair s'aige, ag deireadh a réimis sa bhliain 843, cheap sé é ina Rí na Ríochta Oir-Fhrancach, réigiún a bhí suite ar dhá thaobh na hEilbe, ón Iútlainn anoir aneas tríd Thüringer Wald (Gaeilge: "an Fhoraois Thúraingeach") isteach chun na Baváire mar atá inniu ann, ó Chonradh Verdun sa bhliain 843 go dtí lá a bháis.
387
Baile na Coille (Alba). Baile in Comhairle na Gàidhealtachd, Albain is ea Baile na Coille i gContae Chataibh in aice le Loch Brora.
51
Lughaidh Óg. An dara duine is sine de na trí mac de chuid Lughaidh Gearmánach agus Hemma ba ea Lughaidh Óg nó Lughaidh III. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar Rí na Sacsaine ar 28 Lúnasa 876 agus ar a dheartháir scothaosta Carloman mar Rí na Baváire sa bhliain 880 ar aghaidh. Fuair ​​sé bás sa bhliain 882 agus tháinig Séarlas Ramhar a dheartháir níos óige, i gcorbacht ar a chuid críocha go léir, a chuimsigh an chuid is mó den Ríocht Oir-Fhrancach. Ba é Séarlas Ramhar Rí na hIodáile agus an tImpire cheana féin.
206
Imshuí. Is éard is imshuí ann ná iarracht chun bia, soláthairtí, ábhair chogaidh nó cumarsáidí ó limistéar áirithe a ghearradh, cibé acu i bpáirt nó go hiomlán. Níor chóir imshuí a mheascadh le lánchosc nó smachtbhannaí, mar gur bacainní dlíthiúla ar thrádáil iad, agus tá sé éagsúil ó léigear sa mhéid is go mbíonn imshuí dírithe de ghnáth ar thír nó réigiún iomlán, seachas ar dhaingean nó chathair.
170
Briseadh an Droma Mhóir. Tugtar Briseadh an Droma Mhóir mar ainm ar cath a troideadh le linn Chogadh an Dá Rí in Éirinn ar an 14 Márta, 1689. Troideadh an cath idir trúpaí Seacaibíteacha faoi Richard Hamilton agus na hUilliamaítigh (nó Clann Bhullaí). Bheadh ​​an chuid is mó de na trúpaí Seacaibíteacha ina gCaitlicigh, agus Protastúnaigh a bheadh sna hUilliamaítigh. Bhí an comhrac ar siúl in aice leis an Droim Mór, Contae an Dúin Ruaigeadh na nUilliamaíteach agus na Seacaibítigh ag fáil an lámh in uachtar in oirthear Uladh a bhí mar thoradh sealadach air. De réir dealraibh, níor chuir na hUilliamaítigh friotaíocht mhór ar bun in aghaidh na Seacaibíteach agus níor bhfada go raibh orthu teitheadh.
281
Minecraft. Is Minecraft cluiche go bunúsach déanta as bloic, agus na tírdhreacha agus an chuid is mó de na cuspóirí comhdhéanta díobh, agus a ligeann dóibh a chur as oifig agus athlonnú in áiteanna eile ar fhoirgnimh a chruthú, cruachta iad. Chomh maith leis na meicnic mianadóireachta agus bailiú acmhainní le haghaidh tógála, tá meascán in-chluiche de mharthanas agus taiscéalaíochta ann. Is é atá ag imirt Minecraft é a úsáid mar uirlis chruthaitheach. Níl aon bhealach ar bith a bhuachan i Minecraft, ós rud é nach bhfuil aon spriocanna riachtanacha ann agus plota drámatúil a chaithfear a leanúint. Caitheann lucht an chuid is mó dá gcuid ama ach mianaigh agus bloic thógála d'ábhar fíorúil, dá bhrí sin ainm an chluiche. Nuair a bheidh imreoirí a bailíodh agus tógadh fardal leordhóthanach d'acmhainní, úsáideann siad na gceannach fíorúil chun tithe agus tírdhreacha a dhearadh, is minic a thógáil gach cineál na struchtúr bloc. Chomh maith leis sin a dhíol níos mó ná 1 milliún cóipeanna ar 12 Eanáir, 2011, go gairid tar éis an leagan Beta den chluiche a scaoileadh. Cé go bhfuil sé fós sa leagan Béite tá níos mó ná aon mhíle déag taifid bainte amach aige, agus díolachán beagnach trí mhilliún. Ar 15 Meán Fómhair 2014, d'fhógair Microsoft ceannach an chluiche (chomh maith leis an gcuideachta léiriúcháin Mojang) ar feadh $ 2.5 billiún. Ar an 2 Meitheamh, chuir 2016 100 milliún díolachán, rud a chiallaíonn sé an dara cluiche is díolmhaí ar an bpláinéad. Cineál cluichí. Is féidir Minecraft a imirt i mód "multiplayer" nó "single player" i dtrí leagan: Criative, i gcás ina bhfuil acmhainní neamhtheoranta, gan aon chontúirt agus is féidir le duine eitilt go saor; Survival, i gcás inar gá do na himreoirí acmhainní a bhailiú, míreanna a chruthú agus leibhéil a fháil, agus i gcás ina bhfeiceann arrachtaigh contúirteach san oíche; Hardcore, cosúil le maireachtáil, ach i gcás nach bhfuil ach saol amháin ann don imreoir.
772
Nestlé. Nestle mana: bia go deas, dea go deas. Bunaitheoir: Henri Nestlé Bunaithe: Vevey, Switzerland sa bhliain 1867 Tá an chuideachta Nestle bia is mó sa domhan. Tá sé suite sa Vevey, Switzerland.Dhéanann siad bia babóg,caife, baine, arbhair, uisce, uachtar reoite, bia peataí agus iógart. ta an seacláid go maith agus tá siad mar sin go bhfuil táirgí eile. D'fhás an chuideachta mór le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus arís tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus athraigh siad ó díreach ag díol táirgí bainne. Inniu, oibríonn an chuideachta i 86 tír ar fud an domhain, agus fostaíonn os cionn 280,000 duine. Táirgí:. Nestlé Tá roinnt 6,000 brandaí, lena n-áirítear caife (Nescafé, Nespresso, etc), uisce i mbuidéil (Buxton, Perrier, etc), milkshakes agus deochanna eile (Nesquik, Milo, Carnation, etc), seacláid (Bó Finne Bar, Tar éis ocht, agus go leor eile), uachtar reoite (Häagen-Dazs, mBó Skinny, etc), gránaigh bhricfeasta (Cheerios, cnaipíní Órga, Shreddies, etc), bianna naíonán (lena n-áirítear táirgí Gerber anois), blastanas, anraithí agus anlainn (Maggi, Buitoni, etc), bianna reoite agus cuisnithe (Findus, ealaín Lean, etc), milseogra (táirgí Rowntree, Caramac, táirgí Wonka, etc), agus bia peataí (Winalot, Felix, etc).
512
Nicki Minaj. Is ceoltóir í Nicki Minaj a rugadh faoin ainm Onika Tanya Maraj ar 8 Nollaig, 1982. Rugadh ar Oileán na Tríonóide í, ach tógadh i Queens, Nua-Eabhrac í. Gradaim agus ainmniúcháin. Tá 97 gradam buaite ag Minaj. Tá 402 ainmniúchán faighte aici.
111
Dev. Is amhránaí í Dev as California, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rugadh í ar 2 Iúil, 1989. Scaoil sí amhrán den chéad uair i mí Nollaig 2009 "Fireball". Dev é sínithe go Universal Republic Records i 2010. An Tús. Rugadh Devin Star Tailes i California ar an 2 Iúil, 1989 le Lisa agus Riki Tailes. Tá sí dhá deirfiúracha níos óige ar a dtugtar Siarra Sol agus Maezee Lua. Céimnithe sí scoile agus staidéar ar Stair agus Béarla in Ollscoil. Bhuail sí ansin a táirgeoirí An Cataracs. An Cataracs a tháirgtear beagnach gach ceann de cheol Dev ar. Follasú agus Céad Albam. Chonaic An Cataracs Dev ar an Myspace. Rinne Dev agus An Cataracs "The Night the Sun Came Up" i Costa Rica i 2011. Scaoileadh sí ar an albam i Meán Fómhair 2011. Um Thoirchis. Ar an 7 Meán Fómhair, 2011, dúirt Dev ar an twitter go raibh sí ag iompar clainne. Freisin, Dúirt Dev go raibh a leanbh ina Cailín. Is í a paistí Daidí Jimmy (A Fiancé). Láithreán Gréasáin. Is é suíomh gréasáin Dev ar a dtugtar "Dev Is Hot" (devishot.com). Bhí sé a chruthú i 2010.
407
Stephen Hendry. Imreoir snúcair gairmiúil is ea Stephen Gordon Hendry a rugadh 13 Eanáir, 1969 in Albain. Sa bhliain 1990, bhí sé an duine is óige a bhuaigh craobh an domhain; bhí 21 bliain d'aois aige. Gairm. Blianta amaitéarach. Thosaigh Hendry ag imirt snúcair i 1981, in aois 12. Blianta gairmiúla Luath (1986-1988). Bhí sé sa Mercantile Credit Classic Domhain curadh agus uimhir a haon (1989-1999). Bhuaigh sé an UK Championship, Dubai Classic, Asian Open, Scottish Masters, Wembley Masters, agus a chéad Craobh an Domhain. C Sa bhliain 1994, bronnadh MBE air.
220
Steve Davis. Iar-imreoir snúcair gairmiúil is ea Steve Davis, a tháinig ar an saol ar an 22 Lúnasa, 1957 i bPlumstead, baile i ndeisceart Londan. Bhuaigh sé an Craobh Domhanda sna blianta 1981, 1983, 1984, 1987, 1988 agus 1989. Phioc sé suas a chleathóg snúcair nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois. Thosaigh sé ag imirt ag an gclub snúcair Lucania. Bhuail sé le Barry Hearn nuair a bhí sé 18 mbliana d'aois. D'iompaigh sé gairmiúil sa bhliain 1978. Smachtaigh Steve Davis snúcair sna 1980idí, cathain a bhuaigh sé an Craobh UK i 1984, 1985, 1986 agus 1987 agus Craobh Domhanda i 1981, 1983, 1984, 1987, 1988 agus 1989. Tháinig sé sa ochtú háit ar an tríú sraith déag "I'm a Celebrity...Get Me Out of Here!" sa bhliain 2013.
307
Twitter. Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Bhaist Elon Musk 'X' ar an aip sa bhliain 2023, "an aip a dhéanann gach rud" dá réir seisean. Ach is deacair sean-nós a bhriseadh agus tá 'Twitter' i mbéal an phobail fós. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 280 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar "tvuíteanna", "giolcanna" nó "tweets" as Béarla. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil nó tvuít, déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín". Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California. Stair. Ar dtús, bhí Twitter á úsáid ag fostaithe na cuideachta Odeo, go dtí gur osclaíodh an lán-leagan poiblí ar an 15 Iúil, 2006. Bunaíodh Twitter mar chuideachta ina aonar i mí Aibreáin 2007. D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 "tweet" ann gach lá tar éis na féile. Ar an 14 Meán Fómhair, 2010, d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach. Sa bhliain 2022, bhí tairiscint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Ba é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter ag an am tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus SpaceX go ndíghlasfadh sé acmhainneacht na cuideachta dá mbeadh sé ina úinéir agus go gcuirfeadh sé béim ar shaoirse cainte a chur chun cinn ar an suíomh. Leasuithe de chuid Musk. Cheannaigh Elon Musk Twitter ar 27 Deireadh Fómhair 2022. Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún. Ar 3/4 Samhain 2022, cuireadh ríomhphost chuig oibrithe áirithe timpeall a domhain inar cuireadh in iúl dóibh go raibh iomarcaíocht i ndán dóibh. Bhí sé i gceist ag Twitter 50% dá bhfórsa oibre a chiorrú ar fud an domhain, agus chaill Twitter leath a fhoirne i gcúpla lá. Cuireadh glasáil amach i bhfeidhm bhí oifigí an chomhlachta dúnta go sealadach agus ní raibh cead ag oibrithe dul isteach iontu. Bhí thart ar 500 duine fostaithe ag Twitter ag an am i mBaile Átha Cliath. Ar 16 Samhain, scaip Musk ríomhphost - agus fógra deiridh - ar fhostaithe, inar cuireadh ceist orthu an mbeidís sásta glacadh le coinníollacha nua, nó nach mbeadh. Theastaigh uaidh grúpa dígeanta fostaithe a chothú. Bhí oifigí Twitter dúnta idir 18-21 Samhain mar bhí faitíos ar bhainisteoirí go gcuirfidh fostaithe míshásta an comhlacht ó rath. Scannal Elonjet agus cosc ar iriseoirí agus iomaitheoirí. I mí na Nollag 2022, cuireadh toirmeasc ar chuntais áirithe (nó ar fionraí) agus ar naisc chuig ardáin meáin shóisialta eile, mar shmapls Mastodon, Facebook agus Instagram. Laistigh de 24 uair an chloig d'aisiompaigh an tUasal Musk an cinneadh. Éirí as. I mí na Samhna 2022, tugadh le fios ag Musk go raibh sé i gceist aige duine eile a aimsiú chun an gnólacht a threorú. D'eagraigh sé pobalbhreith faoi ar 20 Nollaig 2022. Agus tar éis do 58% den 17 milliún vótálaí glaoch a chur ar imeacht Musk, sheol sé giolc : 'Mar a deirtear, bí cúramach faoin rud atá uait..' An ré X. Bhí Twitter úsáideach ar feadh i bhfad mar fhoinse nuachta agus mar ghléas chun teacht ar ábhar fiúntach den uile chineál. Ach ó chuaigh Elon Musk i gceannas ar X/Twitter sa bhliain 2022, tugadh deis as cuimse do dhaoine nach bhfuil aon mheas acu ar an bhfírinne agus ar mian leo bréaga a inseacht, fearg a threisiú agus fuath a chothú. Ó thosaigh Musk ag díbirt daoine iontaofa ón suíomh, tá X á neartú aige mar fhoinse mífhaisnéise, feirge agus seafóide. Teastaíonn bearna a fhágáil idir go leor scéalta a chloistear agus iad a fhoilsiú – is é sin más fiú iad a fhoilsiú in aon chor. Déanann iriseoirí an jab sin, ach níl iriseoireacht le fáil ar Twitter níos mó. Foclaíocht. Bíonn daoine ag "giolcaireacht", ag "giolcadh" nó ag "tvuíteáil" ar an suíomh (ón bhfocal Béarla "tweeting"). Chomh maith, tugtar "tvuíteanna" nó "giolcanna" ar na teachtaireachtaí aonaracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla "tweet(s)". Haischlibeanna. Ar an 24 Lúnasa 2007, seoladh an chéad ghiolc ar Twitter a raibh ‘haischlib’ ann. Ba é Chris Messina a sheol an chéad haischlib. Ba éard a bhí i haischlibeanna i dtús aimsire ná bealach le giolcacha a rangú de réir téama ar Twitter. Scaip an coincheap ó Twitter go hardáin eile ar na meáin shóisialta. Sa bhliain 2017, seoltar os cionn 125,000,000 haischlib ar Twitter amháin in aghaidh an lae. An Ghaeilge ar Twitter. Thart ar 10,000 tvuít sa mhí a bhí á seoladh i nGaeilge in 2014. Bhí sin ardaithe sa bhliain go 40,000 sa bhliain 2022. Tháinig Tuairisc ar an bhfód sa bhliain 2014, rud a mhéadaigh an méid Gaeilge ar líne go suntasach ó shin. Bhí an figiúr seo ag an bpointe is airde riamh ag tús na bliana 2020, tráth a raibh beagnach 1,200,000 focal Gaeilge á scríobh ar líne gach mí. D'fhág go leor cainteoirí Gaeilge an suíomh sa bhliain 2022/2023 nuair a ghlac Elon Musk seilbh ar an ardán. Ní raibh an API ar Twitter le fáil saor in aisce níos mó agus cuireadh stop le chuala.me. Chuaigh roinnt daoine chuig Mastadon agus bhí borradh beag faoi phobal na Gaeilge ar Bluesky de chuid Jack Dorsey. Na haischlib is mó úsáid. Seo thíos na deich haischlib is mó úsáid ó thús ama ar ghiolcacha Gaeilge ar feadh 2008-2017, de réir eolais atá faighte ón Ollamh Kevin Scannell: 1.       #gaeilge 2.       #TG4 3.       #GAA 4.       #ireland 5.       #aimsir 6.       #clg 7.       #GE16 8.      #Gaeltacht 9.      #RnaR 10.    AchtAnois
2,412
Ralph Lauren. Is dearthóir faisin Meiriceánach é Ralph Lauren.
21
Lewis Hamilton. Tiománaí Foirmle a hAon ó Shasana is ea Lewis Carl Davidson Hamilton, a rugadh ar 7 Eanáir 1985 i Stevenage, Hertfordshire. Thosaigh Lewis ag tiomáint nuair a bhí sé ina pháiste agus é gan ach sé bliana d'aois. Chuaigh Lewis san fhoireann tiomána McLaren sa bhliain 2007. Bhuaigh Lewis craobh dhomhanda na dtiománaithe sa bhliain 2008, agus tá cáil ar leith air toisc gurbh é an chéad duine gorm a bhí sa chomórtas seo. Saol Pearsanta. Scar a thuismitheoirí sa bhliain 1987, agus gan ach dhá bhliain slánaithe ag Lewis. Is é an tiománaí carr rásaíochta Nicolas Hamilton a leathdheartháir athartha. Bhí Lewis i gcaidreamh leis an amhránaí Nicole Scherzinger ó 2007 go dtí 2015 . Is veigeán é Hamilton. Stair Rasaíochta. 2007-2013 - McLaren I 2007, tháinig Hamilton chuig F1 ag tiomáint do McLaren, le Fernando Alonso mar a chomhthiománaí. Chríochnaigh sé a chéad séasúr sa dara háit. Bhain sé a chéad chraobh domhanda amach i 2008. Bhí Heikki Kovalainen mar a chomhthiománaí i 2008-2009. Ó 2009 go dtí deireadh a ama i McLaren, bhí sé ag rásaíocht in éineacht curadh domhanda 2009 Jenson Button 2014-2024 - Mercedes Ag toiseacht i 2014 go dtí an lá inniu, tiomanann Hamilton leis an bhfoireann Mercedes. Leo, bhain sé 6 chraobh domhanda amach leo, dhá cheann (2014, 2015) le Nico Rosberg mar a chomhthiománaí, agus ceithre cinn eile (2017, 2018, 2019, 2020) le Valterri Bottas mar a chomhthiománaí. Ó 2022 ar aghaidh, bíonn Hamilton ag tiomáint in éineacht le George Russell. 2025- Ferrari Ar an 1d de mhí Feabhra, fógraíodh Mercedes go bhfágfaidh Hamilton ag deireadh an tséasúir 2024, le Ferrari ag fógairt go mbeidh sé ag tiomáint dóibh ó 2025 ar aghaidh ar chonradh ilbhliantúil.
657
Two Door Cinema Club. Is banna rac-cheoil é Two Door Cinema Club. Is as Tuaisceart na hÉireann dóibh.Tá triúr sa ghrúpa - Sam Halliday, Alex Trimble agus Kevin Baird. Stair. Bhuail Trimble agus Halliday le chéile ar dtús nuair bhi siad ag freastal ar scoil ghramadaí. Bhuail siad le Baird nuair a bhí siad amuigh le cairde. Thosaigh an banna amach le ceathrar ball faoin ainm "LifeWithoutRory", ach d'athraigh siad an t-ainm go Two Door Cinema Club nuair a d'fhág an drumadóir, Patrick Thompson, i 2007. Shocraigh siad gan glacadh le tairiscintí ar áiteanna olscoille mar gheall ar an oiread spéise a bhí curtha sa mbanna. Chuir siad EP amach i 2009 dar teideal "Four Words to Stand On". Seoladh a gcéad albam "Tourist History" i 2010 agus eisíodh na singil "Something Good Can Work", "I Can Talk" agus "Undercover Martyn" uaidh. Ghóthaigh "Tourist history" albam na bliana ag an Choice Music Prize in Éirinn. D'eisigh siad a dara halbam "Beacon" i 2012. D'eisigh siad EP darbh ainm  "Changing of the Seasons" i 2013. D'eisigh siad a tríú halbam "Gameshow" i 2016. Ceolchoirmeacha. Tá Two Door Cinema Club tar éis seinm mar bhanna tacaíochta ag ceolchoirmeacha do na bannaí autoKratz, Delphic, Foals, Phoenix agus Metronomy. Sheinn siad freisin ag na féiltí Oxegen, Electric Picnic agus Sziget.
467
Eazy-E. Rapcheoltóir cáiliúil ba ea Eazy-E, nó Eric Lynn Wright, (7 Meán Fómhair 1964 - 26 Márta 1995). Ba as Compton i Los Angeles é agus thuill sé clú mar cheoltóir i lár na 1990idí. D'fhág sé an scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois. Bhunaigh sé Ruthless Records. Ar an 26 Márta, 1997 fuair sé bás ón SEIF.
129
IPod. Is raon de sheinnteoirí ceoil iniompartha de chuid na cuideachta, Apple é iPod. Ceol Is é a bhí as an iPod trí cluasáin a breiseán tú isteach measc na ngnéithe eile cluichí, pictiúir féachana, agus an úsáid a bhaint as an idirlíon. Scaoileadh an iPod chéad uair sa bhliain 2001. Tá cineálacha éagsúla de na feiste, lena n-áirítear an "Classic", "Nano", "Shuffle​​", agus "Touch". Is é an ceann is costasaí na Touch, a eisíodh i 2007, chomh maith le gléas den chineál céanna, an iPhone. Amhráin go minic atá ar an iPod thagann ó iTunes, ach amháin i gcás an siopa leat amhrán a cheannach.
231
Bell X1 (banna). Grúpa rac-cheoil is ea Bell X1 a bunaíodh i gCill Dara in Éirinn. Is iad Paul Noonan, David Geraghty agus Dominic Philips baill an ghrúpa faoi láthair. Stair an ghrúpa. Bunaíodh an banna ceoil Bell X1 i gCill Droichid, Co. Chill Dara sa bhliain 1999. Bhíodh na ceoltóirí Paul Noonan, David Geraghty, Brian Crosby agus Dominic Philips mar bhaill den bhanna ceoil Juniper mar aon le Damien Rice roimhe sin. Nuair a d’fhág Rice, chruthaigh na baill eile an banna nua Bell X1. Roghnaíodar an t-ainm Bell X1 in ómós don mBell X-1, an chéad eitleán a bhris an fuaimbhac. Tá Paul Noonan ina phríomhamhránaí agus seinneann sé an giotár. Tá David Geraghty ar an bpríomhghiotár, Brian Cosby ar an ngiotár agus ar an méarchlár agus Dominic Philips ar an dordghiotár. Go dtí seo, tá 6 albam eisithe acu ón mbliain 2000 go dtí 2013. Is iad sin Neither Am I (2000), Music in Mouth (2003), Flock (2005), Blue Lights on the Runway (2009), Bloodless Coup (2011), Field Recordings (2012) agus Chop Chop (2013). Níor éirigh go rómhaith le Neither Am I. Níor eisíodh é lasmuigh d’Éirinn. In ainneoin sin, d’éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus thosaigh líon na leantóirí a bhí acu ag fás. Bhí níos mó ratha orthu leis an dara halbam, Music in Mouth in Éirinn agus sa Bhreatain. Tugadh an-aitheantas don dhá phríomhshingil “Tongue” agus “Eve, The Apple of my Eye”. Ba dhul chun cinn dochreidte é eisiúint an tríú halbaim Flock. Shroich sé uimhir a haon ar chairt na n-albam in Éirinn. Bhí clú agus cáil air agus bhí an-rath ag Bell X1 leis na singlí “Bigger Than Me”, “Rocky Took A Lover” agus “Flame”. D’éirigh lena gcéad albam eile, “Blue Lights on the Runway” an chéad áit a bhaint amach ar chairt na n-albam in Éirinn freisin. Tháinig an singil is cáiliúla go dtí seo ón albam sin. Is é sin “The Great Defector”. Bhain an t-amhrán sin amach an tríú áit i gcáirt na hÉireann agus bhí sé mar bhall den liosta de na deich príomh-amhrán i Meiriceá ag an am sin. D’eisigh Bell X1 an t-albam “Bloodless Coup” sa bhliain 2011 agus d’eagraíodar ceolchoirm san Amharclann Olympia i mBaile Átha Cliath l’airgead a bhailiú don ionad lae Capuchin. Bunaíodh an ionad lae sin le tacaíocht a thabhairt do na ‘bochtáin nua’ a bhí a líon a méadú le linn an chliste eacnamaíochta. Cloistear tagairt don chultúr nua dúshlánach sin i gcuid mhaith de liricí Bell X1. Nuair a eisíodh an t-albam is déanaí, “Chop Chop”, bhrúigh sé an banna ceoil Kodaline ón gcéad áit ar chairt albam na hÉireann len é a thógáil don tríú huair. Is banna ceoil é Bell X1 a bhfuil meascán mór de stíleanna ceoil acu ach tá liricí tarraingteacha, suimiúla, éirimiúla agus beo bríomhar fite fuaite síos tríd na n-amhráin acu. Tá aitheantas bainte amach acu ní amháin in Éirinn ach thar lear chomh maith. Chruthaíodar dlúth-chaidreamh le cultúr na Gaeilge in Éirinn nuair a d’aistríodh an t-amhrán “Flame” go dtí “Bladhm” don dlúthdhiosca Ceol 07, a taifeadadh do Sheachtain na Gaeilge 2007. Ó shin ar aghaidh, tá cúpla amhrán eile uathu aistrithe go Gaeilge, “Seasamh Fóid” (Built to Last) don dlúthdhiosca RíRá agus “Eve” (Eve, the Apple of my Eye), aistrithe agus seinnte ag Mo Hat Mo Geansaí. Leis an albam nua “Chop Chop” ag dul ó neart go neart agus ceolchoirm mhór na Nollag san Amharclann Olympia fós le teacht ag Bell X1, níl a shéanadh air ach go mbeidh a thuilleadh rath ós comhair Bell X1 san athbhliain.
1,329
Carloman na Baváire. An mac is sine de Lughaidh Gearmánach, Rí na Ríochta Oir-Fhrancach, agus Hemma a bhanríon ba ea Carloman (Gearmáinis:" Karlmann") (830 – 29 Deireadh Fómhair 880). Ba Rí na Baváire é ón bhliain 876 agus den Iodáil ón bhliain 877 go dtí gur ghabh éagumas buan é sa bhliain 879 agus fuair sé bás sa bhliain 880.
133
Parwan, Victoria. Ceantar tuaithe in Victoria na hAstráile is ea Parwan. Tá an chuid is mó de le fáil laistigh de Shír Moorabool, agus baineann an chuid eile le Sír Melton. Stair. Tá ceangal idir stair Parwan, Melton agus Bacchus Marsh agus iad sa chrích ag a chéile. Tá Parwan suite ar an Machaire Thiar, réigiún a bhain leis na Wathaurong, pobal Bundúchasach, roimh theacht na nEorpach. Chruinníodh na Kurung-jang-balluk, fothreibh de na Wathaurong, ag Bacchus Marsh le haghaidh rincí, ach bhí a líon laghdaithe go mór faoi sheascaidí an 19ú haois. Tháinig na chéad Eorpaigh i dtríochaidí an 19ú haois, agus cuireadh réimsí móra caorach ar bun. Bhí os cionn 440,000 heicteár ag Simon Staughton, grásaeir a tháinig sa bhliain 1841. Tháinig bualadh mór ar bhóthar Ballarat nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1851, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an limistéar máguaird. Cuireadh fíonlann bheag ar bun in Parwan sa bhliain 2004 in aice le Taiscumar Melton. D'oscail stáisiún Parwan ar iarnród Ararat sa bhliain 1886 agus dúnadh é in ochtóidí an fichiú haois. D'oscail Oifig Poist Stáisiún Parwan ar 1 Meán Fómhair 1886. Tugadh Parwan uirthi sa bhliain 1914 agus dúnadh í sa bhliain 1962. Parwan Valley. Tá Gleann Parwan idir Raon Brisbane Ranges (ardán íseal), Páirc Stáit Mhám Werribee agus sléibhte na You Yangs. Bhí feirmeoireacht ar siúl ann ó ochtóidí an 19ú haois amach, ach d'éirigh an talamh an-salanda de dheasca dróchshaothrú, agus anois tá cuid den chreimeadh talún is measa in Victoria le feiceáil ann. Faoin mbliain 1948 measadh go raibh laghdú 20% tagtha ar thoilleadh ar Thaiscumar Melton de dheasca a raibh de ghlár ann. Roimh theacht na nEorpach bhí an áit faoi chrainn ghuma agus faoi fhéar dúchasach. Leagadh na crainn chun breis féaraigh a chur ar fáil, agus mhill beithígh, caoirigh agus coiníní an áit le ró-innilt. Tháinig méadú ar an méid maidhmeanna sléibhe agus thosaigh an "tollánú" - uisce ag dul faoi thalamh de bharr creimidh nó trí fhréamhacha feoite, agus poill á ndéanamh thíos dá bharr, rud a thaitin leis na coiníní. Cheannaigh an Rialtas an Gleann go héigeantach agus tá an talamh á athchóiriú. Tá Droim na hEilifinte Báine i lár an Ghleanna, agus tá poirt rite ar gach taobh de bharr ísliú urlár an Ghleanna tar éis oibriú bolcánach. Is ann atá neada iolar dingeireaballach, agus siorradh suas ann de bharr na leicne crochta. Tá dhá abhainn sa Ghleann, Abhainn Parwan thiar agus Abhainn an Fhoinse thoir.
973
Nas. Is ceoltóir rap agus aisteoir Meiriceánach é Nas (Nasir bin Olu Dara Jones) a rugadh ar an 13 Meán Fómhair, 1973. Is é duine de na rapadóirí is tábhachtaí i saol an hip-hop. Tá sé rangaithe ag uimhir a cúig ag MTV agus é ar an liosta de na MCS Greatest (Rappers) riamh. Is é Illmatic an teideal a bhí ar a chéad albam, a eisíodh sa bhliain 1994 ag Taifead Columbia. Bhain sé clú agus cáil amach. Bhí Nas ina bhall den ghrúpa hip-hop 'The Firm'. Sheoladar albam amháin sa bhliain 1997. Luathshaol. D'fhás sé aníos sna Tionscadail Queensbridge i Ríona, Nua-Eabhrac. Is é Olu Dara a athair, ceoltóir snagcheoil den chine gorm ó Mississippi. Bhí an ceoltóir Willy Graham mar chomharsan aige agus tionchar mór aige air.
276
Crystal Castles. Is banna ceoil as Toronto, Ontario, Ceanada é Crystal Castles. Is iad Alice Glass (canadh) agus Ethan Kath (léiritheoir) baill an ghrúpa. Bunaíodh Crystal Castles sa bhliain 2006. Bhí a gcéad albam ar NME’s "Top 100 Greatest Albums of the Decade" ag uimhir a tríocha naoi. Stair. Bhuail Ethan Kath le Alice Glass nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. D’iarr sé uirthi na liricí a thaifeach dó ar amhráin a raibh scríofa aige. Sé mhí níos déanaí, chuir Kath amhráin críochnaithe ar an idirlíon, mar aon le "Alice Practice". I 2005, tharraing amhráin mar "Magic Spells", "Untrust Us", and "Alice Practice" cáiliúil ar an idirlíon. Tar éis tamaill, fuair Ethan Kath tairgeanna ó lipéadanna ceoil. Bhí iontas ar Alice Glass mar chaill sí teagmhála le Ethan Kath agus ní raibh fhios aici faoin beithsine "Alice Practice". Sheol siad "Alice Practice" i 2006. Céád Albam. I 2008 sheol Crystal Castles a céad albam leis an teideal "Crystal Castles. Sheol siad é tríd "Lies Records" agus bhí sé ar NME's "Top 100 Greatest Albums of the Decade" ag tríocha naoi. Dara Albam. Bhí an dara halbam ag Crystal Castles (i dteideal ruda Crystal Castles freisin) seoltar i 2010. Léirigh Ethan Kath an albam in a lán áiteanna difriúil. Mar sheampla léirigh sé é i séipéal sa Íoslann, i cabán i Ontario agus i garáiste i Detroit, Michigan. Bhí an amhráin "Not in Love" léirithe le Robert Smith ó "The Cure". Turais Cheoil. Sheinn Crystal Castles seónna i Meiricea, sa Astráil, san Eoraip agus sa tSeapáin. I 2009 sheinn Crystal Castles a lán féilte mar aon le Oxegen in Éirinn, All Point i New Jersey, agus CoachellaValley and Music Festival in Indio, California.
576
Arnulf de Carinthia. Rí Cairilínseachna Oir-Fhrancach ba ea Arnulf de Carinthia (Gearmáinis:"Arnulf von Kärnten") ón bhliain 887, Rí na hIodáile faoi dhíospóid ón bhliain 894 agus Impire Naofa Rómhánach faoi dhíospóid ón bhliain 896 go dtí aimsir a bháis.
108
Lal Lal, Victoria. Baile beag in Victoria na hAstráile is ea Lal Lal. Tá sé le fáil in aice le hiarnród Geelong-Ballarat. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 677 duine ann agus ba de shliocht Bundúchasach naonúr acu. Bhí a lán teangacha nár Bhéarla iad á labhairt sa bhaile: Gearmáinis (6), Máltais (5), Ollainnis (5), Iodáilis (5) agus Polainnis (4). Stair. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa cheantar ar dtús. Rinne teacht na nEorpach díobháil mhór dóibh. Chaill siad a slí mhaireachtála agus ní raibh cosaint acu ar armáin na strainséirí, ar ghalracha nua ná ar an ól. Tá teallaigh dá gcuid le feiceáil sa cheantar fós. Sa bhliain 1840 chuir na hUaisle Blackney agus Airey réimse caorach ar bun ar thug siad Lal Lal ("uisce") air. Cheannaigh Peter Inglis é sa bhliain 1845, agus cheannaigh a nia Arthur Fisken arís é an bhliain chéanna. D'fhág ruathar óir a rian ar an limistéar sa bhliain 1851, agus thosaigh siad ag baint amhiarainn sa bhliain 1854. Sa bhliain 1857 tháinig siad ar ghual donn agus ar chaoilín. Chuirtí an caoilín chun Sasana chun poirceallán a dhéanamh, agus tá sé á bhaint ann fós. Sa bhliain 1862 osclaíodh stáisiún iarnróid agus cuma ghalánta air, agus sa bhliain 1875 tógadh craobhlíne chomh fada leis an ráschúrsa, áit a mbíodh tarraingt mhór daoine uirthi. Bhí rásaí ar siúl ann anuas go dtí an Dara Cogadh Domhanda, agus sa bhliain 1937 tharla an cruinniú is mó dá raibh ann ag aon rásaí tuaithe capall - 32,000 duine. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1863 agus dúnadh í sa bhliain 1969. Easanna Lal Lal. De bharr oibriú bolcánach a rinneadh na heasanna, agus ghnáthaíodh na Wathaurong iad. Tá idir dhamhnú eibhir agus dhamhnú basaltach ann. Loch a bhí ann ar dtús agus creimeachán ba chúis leis an sruth. Tá sé sin ag rith síos go dtí an Moorabool agus linnte an-domhain ann. Naisc sheachtracha. Eolas do thurasóirí Suíomh an cheantair
774
Jonathan Ross. Is léiritheoir teilifíse agus raidió agus aisteoir Sasanach é Jonathan Ross. Rugádh é sa bhliain 1960 in St Pancras, Londain. Phós sé Jane Goldman i 1988. Tá dhá iníonacha agus mac amhá aige. Scríobh sé "Why Do I Say These Things?" i 2008. Chuaigh sé go Norlington School for Boys. Ros Mhic Thriúin is eol do chuid guth sainiúil. Thosaigh sé a ghairm beatha mar thaighdeoir ar chláir teilifíse.
148
Linkin Park. Is banna rac-cheoil Meiriceánach é Linkin Park a cuireadh ar bun in Agoura Hills, California sa bhliain 1996. Tharraing an banna clú idirnáisiúnta orthu féin leis an chéad albam acu, "Hybrid Theory".
76
Georges St-Pierre. Is trodaí as Ceanada sna healaíona comhraic measctha é Georges St-Pierre (Fuaimniú Fraincise: [ʒɔʁʒ sɛ̃ pjɛʁ]; rugadh é ar an 19 Bealtaine, 1981), "GSP" a thugtar air go minic. Ba é a bhí mar churadh sa mharcmheáchan sa UFC sa bhliain 2011. Is as Saint Isidore, Quebec,Ceanada dó.
127
Top Gear. Is clár teilifíse Briotanach faoi ghluaisteáin agus tiomáint é Top Gear. Céadléiríodh "Top Gear" sa bhliain 1997 agus bhí Jeremy Clarkson, Richard Hammond agus James May ag cur an chláir. Freisin tá tiománaí ann darbh ainm an "Stig". Gach seachtain tá 350 milliún duine timpeall an domhain ag breathnú ar an gclár. Is é an stiúrthóir ná Brien Klein.
134
LeBron James. Is imreoir cispheile Meiriceánach é LeBron Raymone James, a rugadh ar an 30 Nollaig 1984 in Akron, Ohio, 6'8" (2.03 m) ar airde agus 250 punt (113 kg) ann. Imríonn sé a chuid cispheile proifisiúnta do na Los Angeles Lakers. "King James" agus "LBJ" na leasainmneacha atá air. Ón mbliain 2009, an chéad bhliain a roghnaíodh é mar "Imreoir Is Fearr (MVP)" de chuid an NBA, áirítear James mar an t-imreoir is fearr sa spórt. Ar an meánscoil in Ohio dó, baisteadh "Mr.Basketball" air. Sa bhliain 2003, cuireadh é ag imirt leis na Cleveland Cavaliers. Sa tréimhse 2010–2014 d'imir sé don Miami Heat, ach d'fhógair sé i mí Iúil, 2014 go mbeadh sé filleadh go Cleveland, agus i mí Iúil, 2018 thosaigh sé ag imirt do na Los Angeles Lakers.
288
Harold Wilson. Polaiteoir Briotanach ab ea Arthur Harold Wilson, (11 Márta 1916-24 Bealtaine 1995), a rugadh Wilson i Huddersfield, do James Herbert Wilson agus Ethel Wilson. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ba ea é idir 1964 agus 1970, agus arís idir 1974 agus 1976. Bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre idir 1963 agus 1976. Bás. Sna 1970idí, bhí Wilson ag fulaingt leis an ngalar Alzheimer (sna caogaidí a bhí sé ag an am). Bhíodh sé ag ól, fiú roimh dhíospóireachtaí móra parlaiminte. Síorchaiteoir ba ea é chomh maith. D’éag sé ar an 24 Bealtaine 1995. Bhuail ailse na drólainne é chomh maith le galar Alzheimer srl.
249
Lila Downs. Amhránaí agus cumadóir amhrán Meicsiceach is ea Ana Lila Downs Sanchez (19 Meán Fómhair, 1968 a rugadh í). Canann sí as Spáinnis agus as Béarla. Breith. Rugadh Downs ar an 19 Meán Fómhair 1968 i Oaxaca, Meicsiceo. Is iad Anita Sanchez agus Allen Downs a tuismitheoirí. Ceol. Chuidigh feidmeannach de chuid EMI léi conradh a fháil. Seoladh an chéad albam uaithi "Ofrenda" sa bhliain 1994. Níor éirigh go maith leis an albam seo, agus níor éirigh go maith leis an dara halbam, "Trzos", ach oiread. Rinneadh aisteoir teilifíse di ansin. D'fhill sí ar an gceol sa bhliain 1996 leis an albam "La Sandunga" agus ba é an t-albam sin a thuill cáil di. Tá breis is 500,000 albam díolta aici anois.
275
Emmanuel Frimpong. Peileadóir Gánach is ea Emmanuel Yaw Frimpong (a rugadh ar 10 Eanáir 1992). Imreoir lár na páirce atá ann. Thosaigh sé ag imirt don chumann peile Arsenal. Sa bhliain 2014 thosaigh sé ag imirt sa Rúis, ar dtús le Ufa F. C., ansin le Arsenal Tula. Cé go raibh sé ina imreoir d’fhoireann náisiúnta sacair i Sasana agus é ina fhear óg, gheall sé é féin do Ghána as seo amach. Rugadh Frimpong i Kumasi, Gána, ach bhog sé chun Tottenham nuair a bhí sé óg, agus fuair Arsenal ansin é. D’fhreastail sé ar Gladstone Community School gur imigh sé chun a aird a dhíriú go lánaimseartha ar an sacar ag Acadamh Óige Arsenal.
238
Pálás Westminster. Is ionad cruinnithe tithe na Parlaiminte sa Ríocht Aontaithe é Pálás Westminster. Tá Teach na dTiarnaí agus Teach na dTeachtaí lonnaithe ann. Glaotar go neamhfhoirmeálta 'Tithe na Parlaiminte' air chomh maith.
83
Spásaire. Is duine atá oilte a thaisteal i spásárthach é spásaire.
27
Ocrasachas. Is gluaiseacht litríochta é Ocras-achas (Béarla: "Hungryalism") i litríocht na Beangailise (as an n"Glúin Ocrasach" nó an "Hungry generation" a ainmnítear é). Sa bhliain 1961 a tosaíodh uirthi ag Malay Roy Choudhury i gCalcúta na India.
103
Lughaidh Leanbh. Ba é Lughaidh IV., an Leanbh. (Gearmáinis: "Ludwig IV., das Kind" ) (893 - 20/24 Meán Fómhair 911) an t-aonú mhac dlisteanaigh a bhí ag an Impire Arnulf i gCarinthia leis a bhean chéile, Ota, ball den Ríshliocht Cairilínseach. Rugadh é i bhFrankfurt am Main is dócha. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar rí, tar éis bhás a ​​athar sa bhliain 899, nuair a bhí sé 6 bliana d'aois.
165
Bonn. Tá níos mó ná ciall nó brí amháin ann leis an bhfocal bonn. Roghnaigh an ceann atá uait ón liosta seo thíos:
48
Conrad I na Gearmáine. Ba é Conrad I (Gearmáinis:" Konrad"; c. 881-23 Nollaig 918), ar a dtugtar 'Óg', Diúc na Francóine ón bhliain 906 agus Rí na Gearmáine ó 911 go dtí 918, agus an t-aonú rí den ríshliocht na gConradach. Cé nár úsáid Conrad riamh an teideal rex Teutonicorum ("rí na nGearmánach") ná rex Romanorum ("rí na Rómhánach"), ba é an chéad rí Oir-Fhrancach é a bhí tofa ag rialtóirí na dtreabh-diúcachtaí (Gearmáinis: "Stammesherzogtum"), mar chomharba ar an rialtóir Cairilínseach deireanach Lughaidh an Leanbh. D'eascair an Impireacht Naofa Rómhánach as Ríocht na Gearmáine s'aigesan, le chorónú an Impire Otto I sa bhliain 962.
261
Arnulf, Diúc na Baváire. Ba é Arnulf, Diúc na Baváire (a bhfuair bás 14 Iúil 937), ar a dtugtar an tOlc (Gearmáinis: "der Schlimme"), Diúc na Baváire ón bhliain 907 go dtí a bhás. Bhí sé ina bhall de ríshliocht na Luitpoldach (Gearmáinis: "Luitpoldinger").
107
Fuiliú ionchráiniach. Is éard is fuiliú ionchráiniach ann ná rith fola nó fuiliú, laistigh den bhlaosc. Cúiseanna. Tarlaíonn fuiliú ionchráiniach nuair a réabtar nó nuair a sceitear fuileadán laistigh den bhlaosc. Is féidir é bheith ina thoradh ar thráma fisiciúil (mar a tharlaíonn i ngortú cloiginn) nó cúiseanna neamhtrámacha (mar a tharlaíonn i stróc fuilreatha) mar shampla i mbolgach nó i n-ainéaras réabtha. Is féidir le teiripe antaithéacht, chomh maith le mí-ord théachtadh fola nó téachtapaite an riosca go dtarlófaí fuiliú ionchráiniach a mhéadú.
219
Chris Paterson. Is imreoir rugbaí é Chris Douglas Paterson a rugadh ar an triochadú lá de mhí Márta, sa bhliain 1978, i nDún Éideann. Tá sé 40 bliain d'aois. D'imigh sé le haghaidh Ghlaschú agus Dhún Éideann. Bhí sé ag freastail ag an Galasheil Academy. Is é a leasainm ná 'Mossy'. Meáchann sé 80 kg. Ag imirt le haghaidh na hAlban agus Dhún Éideann, d'imir sé a chéad chluiche le haghaidh na hAlban i gcoinne na Spáinne sa bhliain 1999. Tosaíonn sé ar feadh Albain anois. Ón bhliain 2003, scóráil sé 1860 poínte le haghaidh Alban agus Glaschú. Níor imir sé a lán cluichí le haghaidh Glaschú. Sheinn sé an Cluíchí is mó le haghaidh na hAlban. Imir sé lánchúlaí. Scóráil sé 1050 phointe le haghaidh Dhún Éideann. Bhí sé ar an géad duine chun imirt 100 uair le haghaidh na hAlban. Chaill siad an chluiche sin leid an Bhreatain Bheag. Bhuaigh sé i gcoinne na hAfraice Theas sna blianta atá 2002 agus 2008. Ba sheaimpíní domhanda iad sa bhliana 2008. Staitisticí: Thosaigh sé 95 cluichí le haghaidh na hAlban. Dionadaigh sé do dhaoine eile 13 ám. Scóráil sé 803 phointe. Bhuaigh sé 43 cluiche agus chaill sé 64 cluiche. Scóráil sé 43 pionóis. Scóráil sé 90 athcóirithe. Tá sé ar cheann de na kickers sprioc is fearr sa domhain. Bhí sé an imreoir cáiliúil cearca fraoigh na bliana sa bhliana 2004-2005. Sa bhliain 2011, tharraing sé siar d'fhoireann na hAlban.
562
Samuel Ameobi. Imreoir sacair is ea Samuel "Sammy" Ameobi a rugadh ar an chéad lá de mhí Bealtaine, 1992 i Newcastle upon Tyne i Sasana.
50
Eric Cartman. Carachtar ficseanúil is ea Eric Theodore Cartman sa tsraith theilifíse Mheiriceánach beoite "South Park". Tá sé guthaithe ag Trey Parker. Bhí sé ar an gclár den chéad uair san eipeasóid "Cartman Gets an Anal Probe". Duine de cheithre phríomhcharachtar ar an gclár (is iad Stan Marsh, Kyle Broflovski agus Kenny McCormick na trí phríomhcharachtar eile). Chonacthas é ar an teilifís den chéad uair nuair a craoladh "South Park" den chéad uair ar 13 Lúnasa 1997.
170
An Fhleadh Cheoil. Is cineál féile ceoil an Fhleadh Cheoil ("Fleá Cheoil" uaireanta). Ritheann Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) féilte éagsúla bliantúla de cheol, damhsa, amhránaíocht traidisiúnta agus Gaeilge ar a dtugtar ‘’’an Fleadh Cheoil’’’ - “Féile (nó féasta) ceoil”. Clúdaíonn an Fleadh féilte a tharlaíonn ag leibhéil áitiúla, cúigeacha agus uile-Éireann. Eagar na gComórtas. Bíonn iomaitheoirí de gach aois i láthair ag an bhFleadh ó gach cearn den domhan. Eagraítear na comórtais i gceithre cinn d’aoisghrúpaí (faoi 12, 12-15, 15-18 agus Sinsearach) agus áirítear orthu formhór na n-uirlisí traidisiúnta (an fidil, an fhliúit, an phíb uillinn, an bainseó, an bosca ceoil, srl.). Bíonn comórtais amhránaíochta ann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, agus comórtais do ghrúpaí ceoil (bannaí píbe agus céilí, díséid agus tríréid, etc.) Bíonn ar iomaitheoirí ó réigiúin a mbíonn babhtaí cáiliúcháin acu cáiliú ag leibhéal réigiúnach sula sroicheann siad an babhta uile Éireann. In Éirinn, mar shampla, caithfidh ceoltóirí bua a fháil i bhFleadh an Chontae agus i bhFleadh an chúige chun dul ar aghaidh chuig an babhta deireadh ag an bhFleadh Uile-Éireann. Seinneann na hiomaitheoirí os comhair moltóir nó moltóirí i ngach babhta. Sár-cheoltóirí agus saineolaithe sa cheol traidisiúnta atá sna moltóirí. Glacann na moltóirí nótaí cúramacha i dtaobh gach iomaitheora a chuirtear ar fáil dó nó di i ndiaidh an bhabhta. Bíonn an seomra lán go béal le cairde, teaghlach agus lucht tacaíochta. Fógraíonn an moltóir na torthaí ag deireadh an chomórtais agus is minic a thugann siad leid nó dhó i dtaobh an rud a bhí á lorg acu ón iomaitheoir. Sceideal. Fógraítear an t-ionad don bhFleadh Uile-Éireann bliantúil i Meán Fómhair na bliana roimhe. Meallann an Fhleadh na mílte de lucht ceoil gach bliain. Dar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann “Is deacair fuinneamh na hócáide seo a chur i bhfocail; níor mhór duit a bheith i láthair go bhfeicfeá seisiúin cheoil faoi lánseoil i ngach pub agus óstán agus fiú ar chúinní sráide!”. Glacann suas le 12,000 ceoltóir agus oirfideach páirt sa bhFleadh agus bíonn tuairim is 200,000 de lucht éisteachta ann. Bíonn an-tóir ar dhuaiseanna na Fleadh ach thairis sin is cineál fuinneog í an Fhleadh a thaispeánann cultúr na hÉireann don domhan mór. Blianta. 2011. Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 ceiliúrtha sa Chabhán, ar feadh Lúnasa 2011. Tá na buaicpóintí fós le feiceáil ar RTÉ. 2012. Tá Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán, ar siúl ón 14 go dtí an 22 Lúnasa 2012. 'Cabhán na nIontas' mar a deirtear i gcontae an Chabháin. Is é 2012 ""Bliain na Gaeilge an Chomhaltais". Mar sin, tá Seachtain na Gaeilge, le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar siúl ag an am céanna. Is cuid dhílis den Fhleadh Cheoil an clár imeachtaí Gaeilge seo anois trína spreagtar daoine de gach aoisghrúpa chun nithe a dhéanamh trí Ghaeilge. I measc na n-imeachtaí tá scéalta Gaeilge do leanaí, tráth na gceist boird, ranganna ceol rap trí Ghaeilge, léachtaí, turas oidhreachta agus staire agus céilí mór nach ceart a chailleadh. "Is breá linn urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag an bhFleadh Cheoil arís i mbliana," a dúirt Éamonn Ó hArgáin. "Is é atá i gceist le Seachtain na Gaeilge taitneamh a bhaint as an gcuid is fearr den ealaín trí Ghaeilge agus tá na himeachtaí ar fad fite fuaite leis an réimse ilghnéitheach imeachtaí cultúir a bhíonn ar fáil ag an bhFleadh."" 2013. Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire Cholm Chille. Is é an chéad uair Fleadh Cheoil na hÉireann suite i dTuaisceart Éireann. Cuirfidh an ceiliúradh ar Éireannachas Dhoire, mar is ‘UK City of Culture’ Doire sa bhliain 2013 chomh maith le mórchathair cultúrtha de chuid na hÉireann.
1,549
Líomanáid Dhearg. Is éard atá sa líomanáid dhearg ná deoch mhilis le dath dearg a dhéantar in Éirinn ach go háirithe. Is éard atá sa líomanáid de ghnáth ná deoch a dhéantar le sú líomóidí agus siúcra. Is deoch "mianraí" í nó deoch bhog gan alcól más maith leat, atá i gceist leis, cé go bhfuil nós Éireannach ann an líomanáid dhearg a mheascadh le huisce beatha sa tábhairne nó sa bhaile, fiú.
157
Rodrigo y Gabriela. Giotáraithe clasaiceacha agus ceoltóirí is ea Rodrigo Y Gabriella. Rugadh i Meicsiceo iad, ach tá siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, Éire. Bhain siad cáil áirithe amach tar éis dóibh seinm ar shráideanna agus i dtithe tábhairne ar fud na hÉireann. Is feoilséantóirí iad.
117
Cinsireacht sa Ghearmáin Thoir. Mar aon le mórán tíortha a bhí comhcheangailte leis an Aontas Sóivéadach roimh thitim bhalla Bheirlín, bhí córas leathan cinsireachta i bhfeidhm ag rialtas Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine fad is a bhí sí ar marthain ó 1949 go 1990. Forálacha Bhunreacht na Gearmáine Thoir. Níor foráladh i leagan bunaidh bhunreacht na Gearmáine Thoir ó 1949 go ndéanfaí cinsireacht ar an bpreas, ach ráthaíodh in airteagal 9, alt 2 nach ndéanfar cinsireacht ar na meáin. Baineadh an fhoráil seo nuair a athcheartaíodh an doiciméad sa bhliain 1968, agus leathnaíodh an fhoráil chun bheith airteagal nua - airteagal 27. D'fhreagair an t-airteagal seo do nua-aoisiú na dteicneolaíochtaí: D'ainneoin na ráthaíochta seo, tharla cinsireacht oifigiúil agus neamhoifigiúil le linn stair Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, cé gur tháinig maolú ar an gcinsireacht seo faoi dheireadh an réimis. Os rud é gur stát aonpháirtí a bhí faoi cheannas agus faoi threoir an SED i ndáiríre a bhí i gceist le Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, bhí saoirse an phreasa agus na dtionscal clódóireachta eile faoi réir thoil an pháirtí cheannasaigh agus an réimis agus faoi réir mhianta idé-eolaíochta na ndaoine a bhí i gceannas. Cé gur cosúil go dtéann sé seo in aghaidh na bhforálacha thuas, os rud é gur chóir go raibh an léiriú ag luí leis an bhfrása "de réir phrionsabail an bhunreachta", bhí an rialtas in ann feidhm a bhaint as saincheisteanna ar nós slándáil náisiúnta, cuibheas poiblí, agus saincheisteanna eile lenar bhain an dlí náisiúnta d'fhonn cinsireacht a chur i bhfeidhm. Cur i ngníomh. Chuir an rialtas smacht ar gach foilseachán sna meáin, ar na healaíona agus ar chultúr. D'fhonn a chinntiú go raibh córas na cinsireachta iomlán, b'éigean d'ábhar foilseachán dul faoi chéimeanna difriúla cinsireachta. Dhá chéim a bhí ann ná an chinsireacht sheachtrach agus inmheánach (cinsireacht de chuid an rialtais agus de chuid pháirtí an SED). Cinsireacht sheachtrach. Is é a bhí i gceist leis an gcinsireacht sheachtrach ná an réamhchinsireacht a rinneadh ar chuideachtaí foilsitheoireachta. Rinne an cinsire anailísiú ar an lámhscríbhinn faoi threoir na hidé-eolaíochta sóisialaí agus ansin mhol sé athruithe don údar más gá. Ina dhiaidh sin, rinne coiste na cuideachta foilsitheoireachta anailísiú ar an saothar iomlán arís le haghaidh idé-eolaíochtaí a bhí contrártha le hidé-eolaíocht reatha an rialtais. Cinsireacht Rialtais. Rinne agus mhaoirsigh dhá eagraíocht rialtais an chinsireacht seo. Ceannoifig maidir le Cinsireacht na Litríochta (Hauptverwaltung Verlage und Buchhandel, HV) agus an Biúró um Chóipcheart (Büro für Urheberrechte) ab iad teidil na n-eagraíochtaí seo. Rinne an HV cinntí maidir le méid na cinsireachta agus maidir leis an mbealach inar foilsíodh agus margaíodh an saothar. Thug an Biúró um Chóipcheart breithmheas ar an saothar, agus ansin chinn sé má raibh cead ann an leabhar nó foilseachán eile a fhoilsiú i dtíortha iasachta agus i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, nó i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine amháin. Cinsireacht ag an bPáirtí SED. Bhí an chinsireacht seo ann i ngach sraith de Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Chuir an chinsireacht seo isteach ar gach gnó agus eagraíocht. Bhí baill pháirtí i ngach eagraíocht agus bhí príomhphoist acu (m.sh. i gcomhchoiste na n-údar). Uaireanta rinne an Politbüro cinsireacht go díreach, go háirithe mura raibh an saothar ag luí le hidé-eolaíocht an lae. Cinsireacht ar ealaíon agus cultúr. Bhí gach foilsitheoir, mar aon le gach ionad poiblí agus taispeántas ealaíne agus cultúir, faoi réir cinsireachta. Roimh úrscéal a fhoilsiú nó dráma a léiriú, bhí orthu dul faoi bhráid na gcinsirí chun athbhreithniú a dhéanamh orthu. Ábhair choiscthe. Toirmisceadh go docht ábhair a measaíodh gur dhochar don réimeas, nó d'idé-eolaíochtaí cumannacha i gcoitinne iad. Chuimsigh sainmhíniú na nithe a d'fhéadfadh a bheith dochrach roinnt catagóirí éagsúla. Níor glacadh le cáineadh ar chumannachas ar chor ar bith. Chuimsigh é seo aon cháineadh ar chumannachas i gcoitinne, mar aon le pléití ar réimis reatha Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Aontais Shóivéadaigh, agus de ghnáth ar stáit eile a bhí comhcheangailte leis an Aontas Sóivéadach. Bhí pléití ar ghníomhaíochtaí agus modhanna an Stasi san áireamh, leis. Ar an gcuma chéanna, níor ceadaíodh idéanna a raibh claonadh acu le caipitleachas nó le faisisteachas, idé-eolaíochtaí a measadh mar an dá namhaid don chumannachas. Níor ceadaíodh aon idé a spreag frithbheartaíocht don rialtas, ar nós diúltú coinsiasach, a phlé. Rinneadh cinsireacht ar léirithe diúltacha Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, leis. Áiríodh leis seo cáintí agus gearáin maidir leis an gcaighdeán maireachtála agus oideachais sa tír mar aon le haird a tharraingt ar thruailliú agus ar fhadhbanna eile an chórais thionsclaíoch. Ní raibh Republikflucht (sin le rá Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine a theitheadh chun dul go dtí an Gearmáin Thiar nó tíortha eile) nó pléití maidir le Balla Bheirlín, le bheith léirithe ar chor ar bith. Sa deireadh, d'fhorghníomhaigh an rialtas caighdeáin dhochta chuibhis. Seachnaíodh ábhair "gháirsiúla" ar nós homaighnéasachais agus pornagrafaíochta. Ar an gcuma chéanna, bhí léirithe de Ghearmánaigh Thoir mar "neamhshibhialaithe", trí fhíorfhoréigean nó fíorchiontóireacht, nó an moladh go raibh fadhbanna ar nós alcólachais nó dúlagair ag Gearmánaigh Thoir le bheith eisiata. I dteannta le cinsireacht a dhéanamh ar ábhair, choimeád an rialtas an ceart aige féin chun foilseachán nó taispeántas éigean a dhícheadú ar bhonn foirme. Urchoisceadh aon rud nár measadh gur fhoirm "iomchuí" a bhí ann. Chuimsigh foirmeacha agus teicnící dícheadaithe filíocht saorvéarsaíochta; monalóg inmheánach agus sruth comhfheasa; seafóid nó avant-garde; agus ealaín theibí.
2,319
Hidetoshi Nakata. Iar-imreoir sacair de chuid na Seapáine é Hidetoshi Nakata (中 田 英 寿 sa tSeapáinis) (rugadh é ar an 22 Eanáir, 1977 i Kofu). Bhí sé mar imreoir lár na páirce le roinnt clubanna san Eoraip chomh maith, agus le Bell Mare Hiratsuka ina thír dhúchais. Thuill a chuid imeartha clú agus cáil dó mar cheann de na himreoirí is fearr sa tSeapáin. Ba é Nakata an t-aon duine Seapáineach a roghnaigh FIFA dá ngrádú den 125 peileadóir ab fhearr riamh, sa bhliain 2004, agus vótáileadh mar Imreoir na Bliana san Áise é sna blianta 1997 agus 1998. Bhuaigh Nakata an Serie A le MAR Roma sa bhliain 2001 agus an bhliain ina diaidh an Coppa Italia le Parma FC.
262
Brazzaville. Is é Brazzaville príomhchathair Phoblacht an Chongó. Tá an chathair suite ar bhruach Abhainn an Chongó san Afraic.
52
An Pháirc Thiar. Is ceantar gnó i ndeisceart Bhaile Átha Cliath í An Pháirc Thiar (Béarla: "Park West, Dublin").
44
Raghnallach. Is ceantar cónaitheach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Raghnallach (Béarla: "Ranelagh"). Tá sé lonnaithe i mBÁC a 6.
59
Ráth Cúil, Baile Átha Cliath. Is sráidbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Ráth Cúil (Béarla: "Rathcoole"). Dar le daonáireamh 2016, bhí 4,351 duine ina gcónaí ann.
81
Ráth Garbh. Is bruachbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Ráth Garbh (Béarla: "Rathgar") atá lonnaithe thart faoi 3 chiliméadar ó dheas ón gcathair. Ceantar cónaitheach atá ann go príomha a bhfuil nasc ar leith aige le pobal Giúdach na cathrach.
105
Ráth Miontáin. Is ceantar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Ráth Miontáin (Béarla: "Jobstown"). In iarthar Thamhlachta a shamhlaítear anois é.
62
Rialto. Is bruachbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Rialto (Béarla: "Rialto" ). Tá sé suite feadh cuid den Chanáil Ríoga atá tréigthe anois agus a shíníonn siar chomh fada le Sráid San Séamas. Téann an Líne Dhearg den Luas siar trí Rialto ar sheanbhealach na canála.
112
Sruth na gCloch. Is bruachbhaile beag i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Sruth na gCloch (Béarla: "Rockbrook" ).
46
Na Saoirsí. Is ceantar lárchathrach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath iad na Saoirsí (nó "na Libirtí" uaireanta; Béarla: "The Liberties"). Bhí ról lárnach ag an gceantar i saol cultúrtha, tionsclaíoch agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath ó na meánaoiseanna anuas. Shíl daoine de bhunadh na Saoirsí riamh anall gurb iad féin croí agus anam mhuintir Bhaile Átha Cliath. Ba ann a forbraíodh an chathair breis is 1,000 bliain ó shin, agus is ann atá cuid de na sráideanna is sine i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh choncas na nAngla-Normannach ar Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, bronnadh neamhspleáchas ar réimsí talún taobh amuigh de bhallaí na cathrach, 'saoirse' ó dhlíthe na cathrach i bhfocail eile. Ina measc sin, bhí Saoirse Chúirt San Tomás agus Dhún Uabhair agus Saoirse Naomh Sepulchre. Le himeacht ama, bhaintí úsáid as an téarma 'Na Saoirsí' chun tagairt a dhéanamh do chuid mhór de dheisceart lár na cathrach. Stair Mheánaoiseach. Diaidh ar ndiaidh forbraíodh Baile Átha Cliath ó lonnaíocht a bhunaigh na Lochlannaigh sa 10ú haois. Thóg rí na hÉireann, Muirchertach Ua Briain, rí a raibh Baile Átha Cliath faoina smacht go dtí an bhliain 1115, ballaí cloiche in áit na múrtha cré a thóg na Lochlannaigh, rud a d'fhág go raibh trí oiread an réimse talún faoina smacht. Ach fiú amháin nuair nach raibh cosaint ar bith ann, d'ionsaigh na hAngla-Normannaigh an chathair sa bhliain 1170, agus maraíodh formhór na ndaoine a bhí ag cur fúthu sa chathair. Threisigh na hAngla-Normannaigh a mbonn cumhachta trí bhallaí na cathrach a fheabhsú agus a leathnú. Aimsíodh na codanna laga agus rinneadh iad a neartú agus tógadh ballaí nua. Ainneoin nach bhfuil ach dhá chuid de na ballaí cathrach fós le feiceáil os cionn talún (in aice le Margadh an Arbhair, agus ag Sráid na gCócairí díreach ó thuaidh de Gheata San Audoen), aimsíodh codanna de na ballaí le linn tochailtí a rinneadh le déanaí ag suímh amhail Halla na Cathrach, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Sráid Sheamlas an Éisc. Grúdaireacht, fíodóireacht agus Éirí Amach. Ba iad na hÚgónaigh a chuir dlús faoi thionscal bisiúil teicstílí anseo, áit a bhí breac le grúdlanna agus drioglanna tráth. Gabhadh an t-uaslathaí réabhlóideach, an Tiarna Edward Fitzgerald, ag 151 Sráid Thomáis, cúpla lá roimh an éirí amach 1798, éirí amach nach raibh ach teip i ndán dó. Sa bhliain 1803, crochadh ceannaire elle de chuid na nÉireannach Aontaithe,Robert Emmet, lasmuigh d'Eaglais San Caitríona nuair a theip ar an dara héirí amach.
986
An Seanbhábhún (Tamhlacht). Is ceantar i dTamhlacht i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é An Seanbhábhún (Béarla: "Oldbawn" nó "Old Bawn" uaireanta).
60
Séipéal Iosóid. Bruachbhaile de chuid chathair Bhaile Áth Cliath é Séipéal Iosóid atá suite i ngleann coillteach na Life, in aice leis Na Ceapóga Sú Talún agus Páirc an Fhionnuisce. Tá Séipéal Iosóid faoi choimirce Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Suíomh agus rochtain. Ba é Séipéal Iosóid cuid de bharúntacht Chaisleán. Is é an bharúntacht ceann de “seacht go leith” ina bhfuil Contae Bhaile Átha Cliath atá suite. Síneann sé ó Chabrach go Bhlainséir (ó soir go siar), agus ó Fhionnghlas go Séipéal Iosóid (ó thuaidh go deas). Stair. Is é bunús Séipéal Iosóid an-sean agus an-doiléir. Tá fianaise ann go bhfuil Socrú Neoiliteach idir an iomaire ó dheas den Pháirc an Fhionnuisce agus an Life. Chomh maith leis sin tá roinnt tulacha adhlactha ó thuaidh den tsráidbhaile. Le h-úsaid aerfótagrafaíocht is féidir linn lonnaíochtaí meánaoiseacha a fheicheáil i gcomharsanacht an tsráidbhaile nua-aimseartha. Chomh maith leis na hiarsmaí seandálaíochta, léiríonn sanasaíocht an tsráidbhaile comhlachais le Banphrionsa Iseult / Isolde ó finscéal "Arthurian na Tristan agus Isolde" - Dúrtha gurb é an tsráidbhaile a fuarathas an t-ainm ón séipéal choisric ina onóir. Sonraíonn an taifead stairiúil bunú mhainéar Aodh Tyrrell i ndiaidh an t-ionradh Angla-Normannach sa bhliain 1169. Sa bhliain 1177 ba é Tyrell, Barúntacht na Caisleán Cnucha, a bhronn na tailte Chill Mhaighneann ar Phrióireacht na Naomh Eoin, Iarúsailéim (Knights Hospitallers). Ba é an deontas na táilte “Páirc an Fhionnuisce agus Séipéal Iosóid”. Tar éis Díscaoileadh na Mainistreacha, d'fhill na tailte don Choróin. Ón am sin, baineadh úsáid astu mar “Suíochán Ríoga.” D'oibrigh sé go rathúil le haghaidh páirc fianna iata a chruthú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1662. Tógadh an 'Teach Rí', Cónaí Ríoga a bheadh le húsáid mar áit chónaithe baile an Fhear Ionaid an Rí. Baineadh usáis as, mar áit chónaithe ríoga in Éirinn go dtí an céad-lár ocht déag. Cuireadh an Lodge Viceregal i gcrích i bPáirc an Fhionnuisce. Sa bhliain 1671, socraíodh Colonel Richard Lawrence roinnt Úgónaigh sa tsráidbhaile agus é ar intinn tionscal línéadaigh a bhunú (le roinnt rath). Níos déanaí, d'fhan an Rí Liam ann le linn na "Cogaí Dá Rí" in Éirinn. Cosúil leis an lá atá inniu ann bhí Séipéal Iosóid sráidbhaile rathúla le hatmaisféar tuaithe, gar do lár Bhaile Átha Cliath. Stair eaglasta. Sa 19ú haois, bhí an paróiste Caitliceach Rómhánach de Bhaile Bhlainséir comhdhéanta de talamh atá anois an ceantar poist Dublin 15. I ndiaidh “scíthe na Péindlíthe”, bhí sé indéanta do na leanúna Caitlicí machnamh a dhéanamh maidir le heaglaisí breise a thógáil agus stoc reatha na bhfoirgneamh reiligiúnach a dheisiú. Tógadh Eaglais Naomh Bríd Baile Bhlainséir sa bhliain 1837 ar shuíomh eaglais níos luaithe, circa 1731. Is é an Séipéal Mháthair de 12 eaglaisí eile comhdhéanta as an pharóiste i rith na 156 blianta a leanas. Ina measc seo bhí an séipéal Breith na Maighdine Beannaithe Muire. Scartha an paróiste ó Bhlainséir sa bhliain 1883. Bunuíodh an chuid thoir den pharóiste nua as an Séipéal Iosóid sa bhliain 1953 mar paróiste Bhóthar na hUaimhe Mhuire Cabhair na Críostaithe. Riarachán. I dtoghcháin rialtais áitiúil is é Séipéal Iosóid cuid den Bharda Bhaile Formaid-Dhroimeanaigh. Maidir leis an toghchán áitiúla deiridh sa bhliain 2019, is iad na hionadaithe tofa áitiúla ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná: Maidir le hEaglais na hÉireann, is é an séipéal Naomh Labhrás, lena túr clog-14ú haois, ar cheann de dhá eaglais atá reachtainne sa lá atá inniu ann mar chuid de pharóiste Chroimghlinne. Áiseanna. I measc na foirgnimh suimiúil atá sa tsráidbhaile is é an séipéal Naomh Labhrás (Eaglais na hÉireann) lena túr clog meánaoiseach. Bhí an scríbhneoir Joseph Sheridan Le Fanu ina chónaí i dteach Seoirseach ar an choirnéal lána pháirc. Tá sean bheairic RIC athchóirithe ar an bPríomhshráid.  Tá sé níos luaithe ná an Chonstáblacht sean. Bhí sé mar bheairic airm ó fhlaitheas William agus Mary. Is é Féile Pobal Shéipéal Iosóid atá ar siúl gach bliain idir an 1ú agus an 2ú Domhnach i mí Iúil. Bhí sé ar siúl den chéad uair sa bhliain 1994 agus tá an fhéile tar éis a bheith ar cheann de na buaicphointí an tsamhraidh. Tá an fhéile á reáchtáil ag oibrithe deonacha agus maoinithe den chuid is mó ag urraitheoirí gnó áitiúil. Tá an sráidbhaile áit an úrscéal Le Fanu "The House by the Churchyard" agus gearrscéal James Joyce's "A Painful Case" ins an "Dubliners". Is é an leagan le haghaidh Humphrey Chimpden Earwicker, a bhean chéile Anna Livia Plurabelle, agus a gcuid teaghlach Shaun, Shem agus Issy, san obair mhór deiridh, "Finnegans Wake".
1,899
Teach na Giúise. Is bruachbhaile i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath é Teach na Giúise (Béarla: "Firhouse"). Oideachas. Osclaíodh Gaelscoil sa cheantar, Gaelscoil na Giúise, i dtreo Bhaile Cuilinn, i mí Meán Fómhair 2013. Tá Scoil Carmel ann (bunscoil náisiúnta) mar aon le Scoil Treasa (bunscoil eile), agus tá meánscoil ann chomh maith, Coláiste Chill na nIníon. Nascanna seachtracha. Suíomh Ghaelscoil na Giúise
168
Teach Sagard. Is bruachbhaile i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath é Teach Sagard (Béarla: "Saggart").
42
An Teampall Geal, Baile Átha Cliath. Is bruachbhaile i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath é An Teampall Geal (Béarla: "Whitechurch").
53
Tír an Iúir. Is bruachbhaile é Tír an Iúir (Béarla: "Terenure ") i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an mbaile cónaithe is mó i mBaile Átha Cliath. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. Fuair Hugo Barnwell Tír an Iúir ón Rí Seán i 1215. Bhí "Hugo" agus a theaghleach ina gcónaí ann go dtí 1652, nuair a cailleann siad na tailte. Fuair Cromail Tír an Iúir agus na tailte sa bhliain 1654, agus léas sé iad go Maorsháirsint Eliott. Ag an am sin, bhí caisleán amháin ann, muileann amháin, agus sé tithe chomh maith i dTír An Iúir ina hiomláine. Bhí thart ar fiche daoine ina gcónaí ann, bhí daonra iontach beag i dTír in Iúir fadó. Bhí Tír an Iúir agus Camaigh ceangailte le chéile blianta ó shin, bhí an dá háiteanna nó baile ferainne le chéile mar áit chéanna amháin. Sa bhliain 1671, cheannaigh duine as an "arm Chromail" na tailte, le haghaidh £4000. Thionóil sé an caisleán go dtí teach tithe móra millteacha agus bhí siad ina ina chónaí ann go dtí 1789, nuair a dhíolter sé mórán de na tailte do "Abraham Wilkinson". Tháinig muintir Shaw, clann mhór (as William Shaw), clann a bhí ag troid i measc na gCath na Bóinne, go dtí Baile Átha Cliath agus leás siad Teach Tír an Iúir i 1785. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thóg "Shaw" cuid nua den teach, an chuid atá os comhair den Coláiste Tír an Iúir sa lá atá inniu ann. Tá an teach mór eile ar thaobh an bothair i Bushy Park. Thóg "Arthur Bushe" an teach sin timpeall an bhliain 1700. Tugtar "Teach Bushe" ar an chéad ainm ar an teach ar dtús agus bhí an teach mór roinnt tríd na glúnta i rith na mblianta. Cheannaigh John Hobson an teach sa bhliain 1722 agus d'athrigh sé an t-ainm chuig Bushy Park. Tar éis sin, sa bhliain 1791 cheannaigh "Abraham Wilkisnon" Bushy Park, agus bhí an chuid is mó den Tír an Iúr go ginearálta aige ag an am chomh maith. Thóg sé an áit go hiomlán, chomh maith le £10,000 do María, an iníon amháin a bhí aige. Bhí sí pósta le "Robert Shaw Jnr." Fuair a hathair bhás agus fuair "Robert Shaw" an teach mar chuid den oidhreacht, i 1796. Dhíol sé é sa bhliain 1806 le Fredrick Bourne, fear gnó saibhir a bhí ann. Bhí na Bournes ina gcónaí ann i dteach Thír an Iúir go dtí 1857 agus an an am sin bhí lán speís ar an áit ón phobal, bhí caill mhór ag an eastát maidir leis na radharcanna nádúrtha alainn, plandáil na bhforais agus na dtithe gloine. Ina theanta sin, bhí na tailte agus na pairceanna oscailte agus ar fáil le gach duine ag an deireadh seactaine. Sa bhliain 1860, cheanaigh an t"Ord Carmelite" an mhoin, agus d'oscail siad é mar mheánscoil lán buachaillí, agus d'éirigh siad eaglais suas freisin i 1958. Ainmneacha. Tagann an logainm “Tír an Iúir” ó na focail “tír” agus “iúr” (cineál crainn). Athraíodh an t-ainm i rith na mblianta. Is ea "Tír an Iubair" an chéad ainm a bhí ar an ceantar. Bhí Crois Thír an Iúir T"erenure Cross" (Vaughan's Corner) an teirminéal blianta ó shin le haghaidh na tramanna agus tá sé luaite i Ulysses ó James Joyce (caibidil 7, "Aeolus") Ainmneacha Stairiúla an Cheantair (https://www.logainm.ie/ga/55993) Baile Fearainn. Tabhair daoine stairiúil Tír an Iúir ó ghlúin go glúin. Is bruachbhaile thiar-theas de chuid Bhaile Átha Cliath é Tír an Iúir, timpeall sé chiliméadar ó lár na cathrach. Tá Tír an Iúir ag críochantacht leis na mbailte eile Cromghlinn agus Ráth Garbh san oirthear, Droimeanach, Ráth Maonais agus Crois Araild sa tuaisceart, na Glaschnoic, Gort an Ime sa deisceart agus, Camaigh agus teach Mealóg san iarthar. Bruachbhaile lánfásta atá ann, ina bhfuil tithíocht sraithe príobháideach don chuid is mó. Tá an tionscal éadrom atá ann dírithe ar "Terenure Cross", in iarthar an bhaile. Áiteanna timpeall Thír an Iúir: Bhí daonra 3,741 ann sa bhliain 2016, dar leis Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann. Daoine Cáiliúla. Rugadh an t-údar James Joyce i "Cearnóg Brighton", i Rath Garbh, áit atá in aice le Tír in Iúir agus rugadh a mháthair (Mary Jane) 90 méadar ón séipéal i gCrois Thír an Iúir i 1859. Rugadh lán aisteirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí ann i dTíir in Iúir cosúil le Donal McCann, Máirtín Ó Direáin agus Dave Allen. Rugadh dhá grúpa ceoil mhór ann freisin; Republic of Loose agus The Coronas. Chuaigh The Coronas go dtí Coláiste Tír an Iúir agus seinneann siad a lán de na cuid amhrán atá acu as Gaeilge. Chuir siad béim mhór ar an nGaeilge tríd an ceoil. Is iad "Heroes or Ghosts" agus "Eist a Ghrá" na amhrán níos coitianta a seinneann siad tríd an leagan Gaeilge. Oideachas. Tá a lán scoileanna i dTír an Iúir, le haghaidh páistí óga agus cúrsaí don daoine fásta freisin. Tá béim mhór ar an nGaeilge i beagnach gach scoil i dTír an Iúir agus bíonn an cathaoirleach ("Dáithí Mac Eochaidh") agus an runaí ("Mícheál Mac Gabhann") den Cumann na mBunscoil ag obaír i St Pius X Boys National School. Crois Thír an Iúir. Bíonn iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn an t-am ar fad i dTír an Iúir. Tá a lán siopaí, pubanna, bialanna agus caifé suite i Crois Thír an Iúir agus tabhair siad spreagadh don Gaeilge mar theanga agus mar mheán cumarsáide. Bíonn "Gaelbrathach" ag obair le na scoileanna i dTír in Iúir chun teanga a aimsiú i measc na ndaltaí. Bíonn "Maidin Caife" ar fáil ar an gCeadaoin gach seachatin. Tá sé mar aidhm ag na Maidineacha Caife deis a thabhairt do dhaoine bualadh le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu agus an Ghaeilge a labhairt i suíomh nádúrtha. Beidh maidin caife ar siúl in Bistro 6, 90 Bóthar Thír an Iúir Thuaidh, BÁC 6W ó 11 ar aghaidh.
2,275
Chris Christie. Gobharnóir New Jersey sna Stáit Aontaithe ab ea Christopher James “Chris” Christie (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1962 i Newark, New Jersey). Ba é an 55ú gobharnóir é i stair an stáit úd. Toghadh é i Samhain na bliana 2009. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Tháinig sé i gcomharbas ar Jon Corzine, an 54ú gobharnóir agus ball den Pháirtí Daonlathach. Sular toghadh mar ghobharnóir é, d’oibrigh Christie mar Aturnae na Stát Aontaithe do Dhúiche New Jersey. Ar 16 Eanáir tháinig Doug Phillips den Pháirtí Daonalathach i gcomharbacht air mar ghobharnóir. Is de shliocht measctha Éireannach Sicileach é Christie. Tógadh i Livingston, fo-bhaile compordach siar ó Newark é. Bhain sé céimeanna amach ó Ardscoil Livingston, Ollscoil Delaware (Baitsiléir Ealaíne san eolaíocht pholaitiúil, 1984) agus Scoil Dlí Ollscoil Seton Hall (Juris Doctor, 1987). Glaodh chun Barra New Jersey é sa bhliain 1987 agus chun Barra Chúirt Dhúiche na Stát Aontaithe sa bhliain chéanna. Sa bhliain 1986, phós Christie Mary Pat Foster, a casadh air nuair a bhí siad ina mic léinn ag Ollscoil Delaware. Chuaigh sí seo leis an infheistíocht bhaincéireachta agus í ag obair don ghnólacht Wall Street úd Cantor Fitzgerald. D’éirigh sí as an bpost sin i ndiaidh ionsaithe 9/11 (chaill Cantor Fitzgerald níos mó dá chuid fostaithe sna hionsaithe úd ná aon chomhlacht eile.) Tá ceathrar páistí acu. I Mendham Township, New Jersey atá siad ina gcónaí, in áit Drumthwacket, teach oifigiúil an ghobharnóra i bPrinceton. Tá tuairimí coimeádacha ag Chris Christie, agus lena chois sin modh oibre diongbháilte agus bealach cainte atá borb dar lena lán. Lochtaíonn sé an ionsaitheacht sa pholaitíocht, áfach. Tá Christie ag tarraingt éisteacht nach beag chuige féin ó cheann ceann na tíre le tamall anuas agus bhí iomrá leis mar iarrthóir Poblachtach d'uachtaránacht na tíre. Ar 11 Deireadh Fómhair 2011, thug Christie tacaíocht do Mitt Romney sa rás don uachtaránacht. Bhí sé gníomhach i bhfeachtas Donald Trump sa bhliain 2016 agus é seo ar lorg uachtaránacht na tíre.
746
Gluais de théarmaí seoltóireachta. Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus le báid. Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlainnis agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht. Tá tagairt déanta in "Adamnani Vita S. Columbae" (“Beatha Cholm Cille”), saothar Laidine de chuid an 7ú haois, do “longa fada” a bhí déanta d'adhmad giúise agus d'adhmad darach agus do choití agus do churacha a thug adhmad chun Oileán Í chun soithí a thógáil. Nuair a chuir na Lochlannaigh fúthu in Éirinn sa 9ú haois bhunaigh siad bailte móra ar an gcósta agus lean siad orthu ag déanamh a gcuid long féin. I measc na bhfocal a thug na Lochlannaigh don Ghaeilge tá ancaire <"akkeri", scód <"skaut" agus stiúir <"stýri". Bhí trádáil mhara ar siúl ag na hÉireannaigh ar feadh na meánaoiseanna agus longa ag dul siar is aniar idir Éire, Sasana agus áiteanna eile: faoin 15ú haois bhí ceannaithe i mBriostó agus in Chester ag trádáil le Port Láirge, Loch Garman, Cionn Sáile, Corcaigh agus Baile Átha Cliath. Bhí iascaireacht mhara ar siúl timpeall chósta na hÉireann riamh agus tá úsáid éigin á baint as an bpúcán agus as an gcurach fós. Théadh báid Éireannacha chomh fada le Talamh an Éisc. Bhíodh Éireannaigh ina mairnéalaigh ar longa Sasanacha agus Meiriceánacha, agus admhaíodh i ndeireadh an 18ú haois go raibh na táinte acu le fáil i gCabhlach na Breataine. Ón stair seo a d’eascair na téarmaí seoltóireachta atá le fáil thíos. Trá agus farraige. Bristeach "fir1", gu: bristigh, iol: bristeacha nó bristí – tonnta móra coipthe a bhriseann ar an gcósta. "Breakers". Cé "bain4" – ardán adhmaid nó caladh cuain a shíneann amach san fharraige mar áit díluchtaithe agus feistithe ag báid nó ag longa. "Quay, wharf, pier, jetty". Caladh "fir1" – áit chun teacht i dtír. "Landing place". Clagfharraige "bain4" – farraige atá corraithe nó coipthe. "Lumpy, choppy sea". Lag "fir1" trá – an leibhéal taoide is ísle. "Low tide". Lamairne "bain4" – cé bheag, caladh beag. "Jetty, landing". Lán "fir1" trá – an leibhéal taoide is airde. "High tide". Maoltaoide "fir4" – uisce ciúin den saghas a bhíonn ann nuair a chasann an taoide agus lag trá ann. "Slack water". Mórtas "fir1" farraige – tonnta a bhfuil oibriú mór iontu; farraige shuaite nó bhainte. "Swell". Taoide "fir4" – ardú agus ísliú na farraige de bharr tharraingt na gealaí agus na gréine. De ghnáth bíonn dhá lán mara agus dhá lag trá ann gach lá gealaí. "Tide". Cabhail. Adharc "bain2" an gheaifil – ladhar i sáil an gheaifil a ligeann dó siúd greim a fháil ar an gcrann. "Jaw". Barr – tairne a bhualadh isteach ón taobh amuigh de chlár agus a bharr a bhualadh ar ais ar an taobh istigh. "Clinch/clench". Barrchaidhp "bain2" – clúdach adhmaid os cionn na gunaile a chlúdaíonn na strácaí uachtair, an fráma agus na maidí ceangail/rungála. "Capping". Bíoma "fir4" rungála – clár a théann ar fhad na deice go dtí haiste, etc.. "Carling". Buinne "fir4" – maide a nascann na heasnacha feadh an stráca uachtair. "Wale", "inwale". Bulcaid – spiara i gcabhail soithigh. "Bulkhead". Bun "fir1" baill – an ceann tosaigh den chíle. "Forefoot". Caipín "fir4" na stiúrach – barr an phosta stiúrach. "Rudderhead". Calc – siúnta a shéalú le hócam agus pic leáite. "Caulk". Ceannphláta "fir4" an chrainn íochtair – pláta iarainn atá ceangailte de bharr crainn íochtair agus méara (cróbhloic) nasctha leis chun rigín an chrainn uachtair agus barra na scriútaí meáneasnacha a dhaingniú. "Futtock plate". Ceap "fir1" ancaire – clár adhmaid a iompraíonn ancaire lasmuigh den ghualainn. "Cat". Ceap "fir1" treo – bonn láidir a bhfuil bun an chrainn suite air. "Mast step". Ceivil "bain2" – bíoma a ghobann thar taobh amach mar áit feistithe. "Cavil". Cíle "bain3" – bíoma fada ar a fhad faoi bhun soithigh agus maidí ceangailte de. "Keel". Cílbhanna "fir4" – bíoma ar a fhad os cionn na cíle lena daingniú. "Keelson". Clár "fir1" boinn – "féach" clár scriútaí. Clár "fir1" ancaire – clár fána ar chúl na croiche ancaire. D’iompraíodh sé bosa na seanancairí. "Billboard". Clár "fir1" scriútaí – clár cothrom ar an taobh amuigh den long chun na scriútaí íochtair a leathadh. "Chain wale/channel". Cléata "fir4" – crúca ar dhealramh T a gceanglaítear áilléir, táclaí, téada feistithe etc. de. "Cleat". Clinse "fir4" – cláir rádail agus iad daingnithe le tairní barrtha. "Clinker". Croch "bain2" – deiric nó craein bheag chun báid, ancairí agus eile a thógáil. "Davit". Croch "bain2" ancaire – ceap adhmaid a iompraíonn ancaire. "Cathead". Creatlach "bain2 "– fráma agus é déanta de na heasnacha agus den chíle. "Frame". Cuitéir "fir4" - bád a bhfuil seol cleithe uirthi, in éineacht le barrsheol, seol tosaigh agus jib. "Cutter". Cuntar – an chuid den deireadh a shíneann siar os cionn an uisce. "Counter". Deireadh "fir1" - an chuid is faide siar den soitheach. "Stern". Dual "fir1" – pionna adhmaid a úsáidtear in áit tairne. "Trenail". Earrainne "bain4" – an chuid den tosach atá os cionn an uisce. "Cutwater". Easna "bain2" – maide a théann síos ón deic i leith na cíle mar chuid den fhráma. "Rib". Fáschíle "bain4" – bíoma fada atá leagtha os cionn na cíle. "False keel". Fásghunail "bain2"/garda "fir4" – stráca a chosnaíonn an chabhail ar chuimilt na cé. "Rubbing strake". Fuiteac "fir4" – féach "meáneasna". Géarmhaidí "fir4" – maidí i dtosach agus ndeireadh loinge agus iad ar fiar leis an gcíle. "Cant frames". Gualainn "bain2" – an taobh is faide ar aghaidh den chabhail. "Bow". Gustún "fir1" – lúb ar thransam a bhfuil pionna stiúrach sáite inti. "Gudgeon". Halmadóir "fir3" - maide atá feistithe ar phosta stiúrach chun an stiúir a chasadh. "Tiller". Ladhar "bain3" an gheaifil – "féach" adharc an gheaifil. Líméar "fir1" - poill i gclais sa chreatlach agus san urlár mar a gcruinníonn uisce chun go dtaoscfar le caidéal é. "Limber". Lispin "fir4" crainn – pionna mór adhmaid i sáil an chrainn bhairr. "Fid". Lorga "bain4" ancaire - lann ar ghéag ancaire. "Shank". Luiseag "bain2" - "féach" lorga. Maide "fir4" - bíoma a théann síos ón ngunail go dtí an ruma nó an chíle. Déanann roinnt maidí creatlach. "Rib". Maide "fir4" stiúrach - "tiller": féach "halmadóir". Marbhéirí "fir4" - an uillinn a dhéanann na cláir íochtair leis an gcothromán. "Deadrise". Meáneasna "bain4" – maide cuar atá ina chuid íochtair d’easna. "Futtock". Míndéanta - cláir chabhlach atá ar chothrom a chéile. "Carvel". Naprún "fir1" - píosa adhmaid atá le fáil taobh thiar den tosach agus a bhfuil ceann tosaigh na gclár ceangailte de. "Apron". Pionna "fir4" stiúrach – pionna ar stiúir atá sáite i ngustún chun go gcasfadh an stiúir. "Pintle". Planc "fir1" fuiteac - planc i dtóin na broinne, in aice an chílsin. "Futtock plank". Posta "fir4" stiúrach - posta ar chiumhais tosaigh na stiúrach. "Rudderpost". Ráille "fir4" béalbhaí – ráille timpeall crainn chun pionnaí ceangail a choinneáil. "Fiferail", "pinrail". Ráille "fir4" bun crainn – "féach" ráille béalbhaí. Rangás "fir1" – stráca caol atá ina theanntán ar fhad na loinge. "Stringer". Ruma "fir4" - áit a dtagann an fráma, an mheáneasna agus an clár uachtair le chéile; an áit is ísle a síothlaíonn uisce. "Bilge". Rungáil "bain3" sparrach – maidí ar fhad na loinge atá ina gcuid de chreatlach na deice. "Carlings". Sail "bain2" - píosa tiubh adhmaid trasna na deice agus é ceangailte den chreatlach nó de na maidí ceangail. "Beam". Sáil "bain2" - sáil crainn, cíle nó stiúrach. "Heel". Seanal "fir1" - "féach" clár scriútaí. Stiúir "bain5" - lián ingearach ar mhaighdeog ag deireadh báid nó loinge agus é faoi smacht halmadóra nó rotha. "Rudder". Stopadóir "fir3" crúcach – ladhar agus scriúnasc ar shlabhra ancaire chun an t-ancaire a choinneáil sa hásphiopa. "Devil’s claw". Stráca "fir4" – ceann de shraith clár ar thaobh loinge. "Strake". Taca "fir4" tochta – taca a iompraíonn tochta. "Rising". Teanntán "fir1" crann seoil – píosa adhmaid a thacaíonn le crann os cionn ceap treo. "Mast fish". Tile "fir4" deiridh – urlár atá siar ón tochta deiridh. "Poop". Tile "fir4" tosaigh - urlár os comhair an phríomhthochta. "Foresheets". Tochta "fir4" – suíochán nó maide trasna loinge nó báid. "Thwart". Tosach "fir1" – gob soithigh. "Stem, prow". Transam "fir1" – deireadh soithigh, é déanta de chlár nó de roinnt clár agus é ingearach nó beagnach ingearach. Áit a mbíonn an stiúir. "Transom". Treorán "fir1" - ding a dtugtar téada feistithe tríthi chun na ceivile; píosa cruinn adhmaid ar deic agus poll ann chun scód a threorú chun cléata. "Fairlead". Uchtán "fir1" – glúine tiubha trasna an taoibh istigh de thosach báid nó loinge idir na bindeanna chun an tosach a neartú. Cuma thriantánach air, a bheag nó a mhór. "Breast-hook". Urlár "fir1" - bíomaí a nascann bun na bhfuiteacaí clé agus deasa le chéile. "Floor". Seol. Aighre "bain2" - téad atá fite i gciumhais seoil ar eagla go stróicfí an canbhás. "Bolt rope". Coirneog "bain2" – seol cearnógach. "Square sail". Cringleach "fir1" – fáinne téide in aighre seoil. "Cringle". Jib "bain2" – seol cinn. "Jib". Leithead "fir1" tosaigh – an chiumhais den seol is gaire don ghaoth. "Luff". Leithead "fir1" deiridh – an chiumhais den seol is faide ón ngaoth. "Leach". Píce "fir4" – an cúinne uachtair de sheol atá ceangailte de gheaifil nó de shlat atá crochta ar fiar ar an gcrann. "Peak". Ribín "fir4" cluaise – láinnéirín atá ceangailte de chluas seoil." Clew gasket". Seol "fir1" – éadach a úsáidtear chun neart na gaoithe a ghabháil agus atá ceangailte de chleith etc.. "Sail". Seol "fir1" cleithe – seol ceathairshleasach gan bhumaile a bhfuil a íochtar níos leithne ná a bharr. É ceangailte de chleithe atá crochta ar fiar. "Lugsail" Seol "fir1" cleithe seasta - seol ceathairshleasach gan bhumaile a bhfuil a íochtar níos leithne ná a bharr. É ceangailte de chleithe atá crochta ar fiar agus an taca feistithe i ngar don chrann. "Standing lug". Seol "fir1" cinn – seol triantánach atá feistithe chun tosaigh ón gcrann tosaigh. "Jib". Seol "fir1" deiridh – seol ar fhad na loinge ar an gcrann deiridh. "Mizzen sail". Seol "fir1" geaifil - seol ceathairshleasach ar fhad loinge. Tá taca agus trót an tseoil ceangailte den cheann den gheaifil is gaire don chrann, agus an cluaisín agus an stuaic ceangailte den cheann amuigh. Tógtar an seol le háilléar píce agus le háilléar tróit. "Gaff sail". Seol "fir1" lug - féach "seol cleithe". Seol "fir1" mór – an seol is mó atá ar chrann. "Mainsail". Seol "fir1" púcáin - seol cleithe gan bhumaile. Caithfear an tslat a tharraingt timpeall an chrainn agus bordáil á déanamh, mar a leanas: an háilléar a scaoileadh; an taca a scaoileadh; an tslat a thabhairt síos go dtí go bhfuil sí ina seasamh agus a stuaic ar an deic; an téadán cluaise a bhaint den scód agus an seol a thabhairt timpeall an chrainn. Ansin déantar an scód a nascadh, an háilléar a aistriú, an tslat a thógáil arís agus an stuaic ag dul in airde, an taca a athnascadh agus an háilléar a theannadh. "Dipping lug". Seol "fir1" spreoide - coirneog a bhíodh á hiompar ar shlat faoi lár an bhuma jibe ar longa anuas go dtí an 19ú haois. "Spritsail" Spangaire "fir4" – seol fad loinge ar an gcrann deiridh. "Spanker". Tácla "fir1" cluaise – tácla atá ceangailte de fhrídeoir chun cluas an tseoil a tharraingt aníos. "Clew garnet". Leagan amach na seolta. Is beag nach féidir bunphatrún na seolta ar gach crann a dhéanamh amach ó phatrún na seolta ar an gcrann mór: Coirneog "bain2" mhór – an choirneog is ísle. "Main course". Barrsheol "fir1" mór – an dara coirneog is ísle. "Main topsail". Seol "fir1" mór mullaigh – an choirneog atá os cionn an bharrsheoil. "Main topgallent". Rísheol "fir1" mór – an seol is airde. "Royal". Staghsheol "fir1" mór – seol triantánach atá feistithe ar an stagh mór. "Main staysail". Seol "fir1" (mór) geaifil. "Main gaffsail". Coirneog "bain2" chinn – an choirneog is ísle. "Fore-course". Seol "fir1" cinn mullaigh. "Main topgallent". Rísheol "fir1" cinn. "Royal". Staghsheol "fir1" mór – seol triantánach atá feistithe ar an stagh cinn. "Main staysail". Staghsheol "fir1" an chrainn bhairr chinn – seol triantánach atá feistithe ar stagh an chrainn bhairr chinn. "Fore-topmast staysail". Seol "fir1" an chrainn deiridh/seol beag – coirneog ar an gcrann deiridh. "Mizzen (sail)". Seol "fir1" mullaigh an chrainn deiridh. "Main topgallent". Rísheol "fir1" an chrainn deiridh. "Royal". Seol "fir1" deiridh laidineach – seol triantánach ar shlat atá crochta ar bharr crann íseal. "Mizzen lateen". Seol "fir1" deiridh cleithe. "Mizzen lug". Eiteagán "fir1" – an jib is faide amach. "Flying jib". Jib "bain2" amuigh. "Outer jib". Jib "bain2" istigh. "Inner jib". Mórsheol "fir1" cinn. "Main jib". Crainn agus sparraí. Banda "fir4" fuiteac - banda iarainn timpeall an chrainn íochtair, é cothrom leis an tslat íochtair agus coiléar na slaite ceangailte de. Daingníonn sé bun na scriútaí meáneasnacha. "Futtock band". Bobstagh "fir4" - téad/sreang/slabhra a ritheann ó bharr an chrainn spreoide go dtí an taobh tosaigh den tosach ag an tslat. "Bobstay". Boghspriot "fir4" – féach "crann spreoide". Bum "fir3", bumaile "fir4" - slat a choinníonn íochtar seoil teann agus a bhfuil an ceann istigh di ceangailte de chrann. "Boom". Bum "fir3" spangaire – bumaile atá ceangailte d’íochtar spangaire. "Spanker boom". Ceannphláta "fir4" an chrainn íochtair - pláta iarainn timpeall bharr an chrainn íochtair. Ceann íochtair rigín an bharrchrainn agus ceann uachtair na scriútaí meáneasnacha ceangailte de. "Futtock plate". Cleith "bain2" scóide - bumaile gearr atá ag gobadh amach ón deic chun frídeoirí an téadáin mhóir slaite a cheangal nó chun ciumhais íochtarach an tseoil tosaigh a shíneadh amach. "Boomkin, bumkin, outlicker". Cleith "bain2" uachtair – geaifil seoil. Coiléar "fir1" – fáinne chun slat a tharraingt isteach leis an gcrann. Téad ar a chúl agus í ag rith síos chun na deice. "Parrel, truss". Crann "fir1" – cuaille nó cleith ingearach chun slata nó rigín a iompar. "Mast". Crann "fir1" bairr – an crann atá díreach os cionn an chrainn íochtair agus arb é an crann is airde é le rigín fad loinge. "Topmast". Crann "fir1" cinn – an crann is gaire don tosach. "Foremast". Crann "fir1" deiridh – an crann is faide siar i long trí chrann. "Mizzen mast". Crann "fir1" mór – príomhchrann báid nó loinge a bhfuil dhá chrann nó níos mó inti. "Mainmast". Crann "fir1" mullaigh – an crann atá díreach os cionn an chrainn bhairr. "Topgallant mast". Crann "fir1" spreoide - slat atá ag síneadh amach ón tosach agus taca na jibe ceangailte di. "Bowsprit". Crannóg "bain2" – léibheann thuas ar chrann le haghaidh fear faire. "Crow’s-nest". Geaifil "fir4" – bumaile atá crochta siar ón gcrann agus seol fad loinge air. Ladhar agus teanga air. "Gaff". Giordán – féach "slat ". Gúsnaic "fir4" – alt uilíoch i sáil bumaile. "Gooseneck". Lúb "bain2" chleithe - fáinne timpeall crainn agus téad ceangailte de ar a chúl atá ag rith síos go dtí an chrannóg nó an deic: ar an dóigh seo is féidir an lúb a theannadh nó a scaoileadh. "Truss-parrel". Rádal "fir1" – an áit a luíonn an crann íochtair agus an crann uachtair thar a chéile idir na garmana crainn. "Doubling". Rámh "fir3" – sáfach fada agus lann air a thumtar san uisce chun bád a chur ag imeacht. "Oar". Rige "fir4" geaifil – slat ar crochadh laistiar de chrann agus seol ceathairshleasach air. "Gaff rig". Rige "fir4" púcáin – slat ar crochadh laistiar de chrann, seol ceathairshleasach gan bhumaile uirthi agus í in ann bogadh timpeall an chrainn. "Dipping lug rig". Scrogall "fir1" – "féach" gúsnaic. Sparra "fir4" – cleith a úsáidtear mar shlat, geaifil etc.. "Spar". Sparra "fir4" deilfe - sparra gearra ingearach faoin mbum jibe a shíneann saorscód an sparra deilfe agus a chúitíonn claonadh an bhuma jibe chun ardú. "Dolphin striker". Sparra "fir4" lochlannach – "beitass", nó slaitín a choinníonn cúinne seoil sínte amach. Rigín. Coiléar "fir1" stagh – fáinne téide ar bharr crainn a chosnaíonn na staghanna ar chuimilt na ngarmana crainn. "Collar". Cróbhloc "fir1" - frídeoir cruinn a bhfuil banda téide nó miotail ina thimpeall agus trí pholl ann le haghaidh láinnéir. Tá sé sin nasctha leis na poill i gcróbhloc eile mar thácla chun scriútaí agus staghanna a choinneáil teann. Tá an cróbhloc uachtair nasctha le bun scriúta agus an ceann íochtair nasctha leis an gceannphláta. "Deadeye". Cúlstagh "fir4" - téad atá ag dul ó bharr crainn go dtí an post deiridh nó go dtí an trasnán. Má théann an bumaile thar trasnán amach, baintear feidhm as péire cúlstaghanna atá ceangailte de chúinní an trasnáin agus táclaí orthu. "Backstay". Iarann "fir1" scriúta – slabhra nó slat iarainn a cheanglaíonn an mhéar den chabhail. "Chainplate". Lúbóg "bain2" - píosa téide nó miotáil atá socraithe chun go gceanglófaí téad de. "Becket". Pláta scriúta – "féach" iarann scriúta. Scód "fir1" coirneoige – "féach" téad ghraidhpe. Scriúta "fir4" – téad láidir a thacaíonn le taobh an chrainn. "Shroud". Scriútaí "fir4" meáneasnacha – scriúta a ritheann ó imeall na crannóige síos chun ball ar an gcuid uachtair den chrann nó ar na scriútaí íochtair agus a dhaingníonn na scriútaí a éiríonn ó imeall na crannóige suas. "Futtock shrouds". Seac "fir1" – treorán i mbéalbhach nó i ráille le haghaidh hás. "Chock". Stagh "fir4" – téad láidir a thacaíonn le crann ar fhad na loinge. "Stay". Téad "bain2" ghraidhpe - téad atá ceangailte de chiumhais na gaoithe de choirneog chun an chiumhais a choinneáil teann. "Bowline". Téadán "fir1" pléimeannach – coistéad gearr ag ceann slaite. "Flemish horse". Teanntóg "bain2" scriútaí – téad ghearr a theannann na scriútaí isteach leis an gcrann chun nach mbacfaidís na slata. "Catharpin". Bloc "fir1" agus tácla – bloc/frídeoir agus téada áirithe a úsáidtear chun rudaí a thógáil." Block and tackle". Bloc "fir1" ulóige – féach "frídeoir". Bráille "fir4" - téada a bhailíonn bun agus cúinní seoil aníos. "Brails". Ceannrópa "fir4" - an chuid uachtair den aighre. "Headrope". Cnó "fir4" fáinne cleithe - ceann de na píosaí cruinne adhmaid a éascaíonn gluaiseacht an fháinne chleithe. "Parrel truck". Cuibhreach "fir1" – téad a úsáidtear chun rud atá á thógáil a choinneáil socair. "Guy tackle". Fáinne "fir4" cleithe - fáinne téide gan dlús a nascann cleith agus crann le chéile. Is féidir an chleith a ligeann aníos agus anuas an crann dá bharr. "Parral", "parrel". Frídeoir "fir3" – bosca a bhfuil ulóg nó ulóga ann. "Block". Háilléar "fir1" - téad chun seolta, slata etc. a thógáil. "Halyard". Háilléar "fir1" píce – háilléar atá ceangailte den gheaifil lena thógáil. "Peak halyard". Háilléar "fir1" teap an gheaifil mhóir – téad a úsáidtear chun barr an gheaifil a thógáil. "Main gaff topping lift". Háilléar "fir1" tróit – téad a thógann an ceann den gheaifil is gaire don chrann. "Throat halyard". Hás "fir4" - poll sa tosach le haghaidh cábla ancaire nó cábla feistithe. "Hawse". Láinnéar "fir1" slaite – téad atá ceangailte de cheann slaite chun an tslat a chlaonadh mar is cuí. "Brace". Láinnéar "fir1" cleithe – tácla láidir a úsáidtear chun barr an gheaifil nó an bhumaile a thógáil. "Lift". Saorscód "fir1" an sparra deilfe - slabhra nó cábla ag rith ó cheann an bhuma jibe go dtí an sparra deilfe chun tarraingt an rigín sheasta a chúiteamh. "Martingale". Scód "fir1" – téad atá ceangailte de chluas seoil ar thaobh na fothana. "Sheet". Síobh "fir3" – roth eangach: féach "ulóg". "Sheave". Stríocán "fir1" – téad a úsáidtear chun slat nó seol a tharraingt síos. "Downhall". Taca "fir4" - téad atá ceangailte de chluas seoil ar thaobh na gaoithe. "Tack". Tácla "fir4" – na téada agus na frídeoirí a úsáidtear chun long a ainliú; téad a ritheann thar shíobh nó thar roinnt síobh. "Tackle". Tácla "fir4" ancaireachta, grinnill – téada agus fearas eile a bhaineann leis na hancairí nó a úsáidtear chun feistiú a dhéanamh. "Ground tackle". Tácla "fir4" cleithe - comhghléas táclaí a úsáidtear chun slata troma a thógáil nó a chóiriú. "Jeers". Tácla "fir1" rífeála – téad a ritheann ón deic go dtí barr an chrainn agus uaidh sin go dtí frídeoir eile ar shlat an tseoil uachtair, áit a bhfuil sé nasctha le láinnéirín rífeála a ritheann síos trí pholl sa tslat chomh fada le cringleach rífeála. "Reef tackle". Tácláil "bain3" teannta – tácla a bhfuil frídeoir dúbailte air thuas agus frídeoir amháin air thíos. "Luff tackle". Téadán "fir1" cluaise – téad a tharraingíonn cúinne (cluas) íochtair seoil. "Clew line". Téadán "fir1" coirneoige – téad a tharraingíonn bun coirneoige suas chun na slaite. Í ag rith trí fhrídeoirí thuas agus anuas as sin thar bholg an tseoil chun na haighre. "Buntline". Téadán "fir1" leithid - téad a tharraingíonn leithead coirneoige suas chun na slaite. "Leech line". Trót "fir1" – an ceann istigh den gheaifil, an ceann is gaire don chrann. "Throat". Ulóg "bain2" – roth atá feistithe i bhfrídeoir agus a bhfuil imeall eangach air chun téad a iompar. "Pulley". Veang "fir4" – téad a dhaingníonn an chleith agus í ag síneadh ó phíce na cleithe síos go dtí an gunail nó go dtí crann. "Vang". Veang "fir4" buma – téad a tharraingíonn an bumaile anuas. De ghnáth téann sí ó bhun an chrainn siar feadh an tríú cuid d’fhad an bhumaile. Ulóga ceangailte de. "Boom vang", "kicking strap". Seoltóireacht. Ar an ngualainn dheas. "On the starboard bow". Ar an gceathrú dheas – i dtreo an chuid den long atá i leith an deiridh. "On the starboard quarter". Bain an ghaoth de - seol chomh mór sin in éadan na gaoithe go mbaintear an ghaoth den seol, a bheag nó a mhór. "Luff". Bain den ghaoth – seol i leith na gaoithe. "Beat to windward". Beaiceáil - seol a chasadh i dtreo go séidfidh an ghaoth ar an taobh eile de. "Back (a sail)". Bog amach na seolta - ag iarraidh bád a mhoilliú trí na seolta a scaoileadh (agus a smut á cur sa ghaoth más gá). "Slacken sail". Bord "fir1" - tamall de sheoladh i dtreo áirithe. "Tack". Féach "bordáil" agus "leathbhord". Bordáil – bád nó long a chur ar mhalairt treo in éadan na gaoithe. "Tack". Féach "Leathbhord a thógáil/a chaitheamh". Bordáil deisil – seoladh i dtreo na láimhe deise. "On a starboard tack". Buail chuige - seoladh i leith na gaoithe. "Beat to windward". Cas deiseal – cas i dtreo na láimhe deise. "Turn to starboard". Crap, corn – seol a bhailiú aníos agus a cheangal. "Furl". Cuir thart tóin le gaoth - bordáil a dhéanamh trí thosach loinge a chur thart nó go bhfuil sí tóin le gaoth agus í a chur chun na gaoithe arís ar an taobh eile. "Wear ship" Cúlaigh - soitheach a chur ag bogadh siar. "Back". Deasbhord "fir1" – taobh na láimhe deise. "Starboard". Díreach in éadan/i súil na gaoithe. "Head to wind". Fairsing – seoladh i dtreo éigin roimh an ngaoth. "Sailing large". Fairsing ar a bíoma – an gaoth ag séideadh i dtreo thaobh an bháid. "Beam reach". Fairsing ar a ceathrú – an gaoth ag séideadh idir taobh agus deireadh an bháid. "Broad reach". Fairsing ar a gualainn – an ghaoth ag séideadh idir taobh agus tosach an bháid. "Close reach". Feistigh - soitheach a dhaingniú nó a shocrú ina háit le téad nó le hancaire. "Berth, moor". Gaoth "bain2": Grúntáil – doimhne na farraige a thomhas. "Sound (depth), take soundings". Idir dhá ghaoth – an bád in éadan na gaoithe agus gan cor aisti. "In irons". Imigh le scód – an bád ag rith roimpi. "Running". Jaidhbeáil - seol ar fhad loinge ag bogadh ó thaobh taobh nuair a bheireann cóir chúil ar an leithead deiridh. "Gybe, jibe". Leathbhord a thógáil/a chaitheamh - bád nó long a chur ar mhalairt treo in éadan na gaoithe. "Tack". Féach "bordáil". Leathbhord, ar - ag seoladh i dtreo nua. "On a tack". Líon an stiúir - í a chasadh chomh fada i leataobh agus is féidir. "Put the tiller hard over". Lom isteach na seolta - socraigh na seolta chun gur féidir seoladh lom ar an ngaoth. "Haul the wind". Lufáil - seoladh chomh fada sin in éadan na gaoithe go mbaintear an ghaoth den seol. "Luff". Féach "Bain an ghaoth de". Luigh amach ón talamh – an talamh a fhágáil i do dhiaidh. "Bear off". Luigh isteach le talamh – druidim i leith an talaimh. "Bear in". Rith cladaigh: tabhair rith cladaigh do bhád – bád a thiomáint i gcoinne an chladaigh. "Beach (a boat)". Pinseáil - "luff": féach "seol gann ar an ngaoth". Seol ar a bogha – seoladh ar aghaidh. "Fore-reach". Seol chun na gaoithe – seol i mbéal na gaoithe ach gan gluaiseacht an tsoithigh a mhaolú go rómhór. "Sail to windward". Seol díreach ar an aighre – seol díreach roimh an ngaoth. "Straight before the wind". Seol gann ar an ngaoth – seol beagnach i gcoinne na gaoithe. "Luff". Seol géar (lom) ar an ngaoth – cas an bád beagnach díreach i gcoinne na gaoithe. "Point up into the wind". Seol glan ar – coinneáil amach ó. "Sail clear of". Seol i súil na gaoithe - seol lom ar an ngaoth. "Sail close-hauled". Seol lom lán – seol roimh an ngaoth. "Sail full and by". Seoladh bog, seoladh cóir - seoladh réidh suaimhneach. "Fair sailing". Stad – an siúl a bhaint de bhád trí na seolta a chur ag oibriú i gcoinne a chéile, i.e. éadan seoil amháin ar a laghad a thabhairt ar an ngaoth agus seolta eile a chasadh i dtreo eile. "Heave to". Stiúir ar deasbhord – stiúir ar thaobh na láimhe deise. "Starboard rudder". Tá sí íseal ina diaidh - tá a deireadh tumtha san fharraige. "Down by the stern". Teann seol – scód a scaoileadh chun nach bhfaigheadh an ghaoth greim ar sheol. "Luff a sail". Tóg leathbhord – long nó bád a chur ag seoladh i malairt treo. "Tack". Trimeáil (truimeáil) - seol a athrú de réir na gaoithe. "Trim (a sail)". Rámhaíocht. An t-aon mhaide "fir4": féach "maide stiúrach". Bád "fir1" rámhaíochta - bád a bhrúitear chun cinn le rámha. "Row-boat". Bád "fir1" scaobtha: féach "Crann snámha". Bos "bain2" maide rámha - an chuid leata de rámh a thumtar san uisce. "Blade of oar". Buille "fir4" rámha - buille de rámh san uisce. "Oar stroke". Cnoga "fir4" ladhrach - ladhar atá ina thaca ag rámh agus é á úsáid. "Oar crutch". Coite "fir4" - bád traidisiúnta Éireannach atá déanta d'aon chrann amháin. "Cot, wherry". Crann "fir1" snámha - bád a bhfuil a cabhail déanta d'aon chrann amháin, agus feistiúcháin eile (fearacht suíochán) curtha léi go minic. "Dugout (canoe)". Glamba "fir4" - teanntán roillice a bhfuil greim aige ar rámh. "Oar clamp". Iomair (iomramh, iomartha) - bád nó long a choinneáil ag imeacht le buillí rámha. "Row". Leaba "bain5" iomartha - "rowlock": féach "roillic". Maide "fir4" claba - rámh atá feistithe i dteanntán. "Clamped oar". Maide "fir4" stiúrach - rámh a úsáidtear i ndeireadh báid nó loinge mar ghléas stiúrtha. "Steering oar". Rámh "fir3" - sáfach fada agus bos leata air chun bád a thiomáint. "Oar". Roillic "bain2" - gléas ar ghunail báid a gcasann rámh air. "Rowlock". Féach freisin. Mac Cárthaigh, Críostóir (eag.) (2008). "Traditional Boats of Ireland". Cork: The Collins Press. ISBN 139781905172399 Téarma.ie: foclóir ar líne a bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí seoltóireachta Gaeilge ann. Suíomh: 'Rigging explained' Maritime glossary 1814 Falconer, William, "An Universal Dictionary of the Marine, or, a Copious Explanation of the Technical Terms and Phrases employed in the Construction, ...of a Ship..". London: Thomas Cadell, eagrán 1780. Biddlecombe, George (1848). "The Art of Rigging". Charles Wilson. Naisc. Curach choirte na hAstráile Long fhada na hÉireann
11,215
Néaróga cráiniacha. Is 12 péire de néaróga atá lonnaithe taobh istigh, den chuid is mó, de bhlaosc an duine, atá i gceist leis na Néaróga Cráiniacha. Smachtaíonn siad na céadfaí atá ag roinnt orgán atá gearr don bhlaosc; na súile, an teanga, matáin na haghaidhe, na cluasa agus an tsrón ina measc. Tagann 2 cheann ón gceirbream agus 10 gcinn ó stoc na hinchinne. Ainm. Sa Laidin is "nervus cranialis" (iolra: "nervi craniales") atá orthu. Cuimhneolaíocht. Sa Chuimhneolaíocht is ann do neamónach le cuimhniú ar na Néaróga Cráiniacha: "Bhí Oilibhéar Saghas Tapa, Deas, Agus Glórmhar, ′Dtí Go Lífeadh Clais Hamstair." I - B, II - O, III - S, IV - T, V - D, VI - A, VII - G, VIII - D, IX - G, X - L, XI - C, XII - H
313
Astronár. Leabhar i nGaeilge le Piaras Béaslaí is ea Astronár, a foilsiódh an chéad uair sa bhliain 1928. Is úrscéal fáthchiallach é, atá suite i dtír shamhailteach in Oirthear na hEorpa, ‘Amora’, tír faoi dhaorsmacht ag muintir ‘Kratónia’. Cúlra. Dar le Béaslai féin: "“Ní rabhas ach sé bliadhna deug d’aois" [.i. 1897] "nuair do chuireas romham an sgeul so cheapadh agus nuair do thuas fén gceud agus an dara caibidil… Do chríochnuigheas “Astronár” san bhliadhain 1912.”" Ag an am seo, bhí sé ina bhall de chuid Bhráithreachas na Poblachta, cumann ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Sa chaoi céanna, tá fonn ar phríomhlaoich an leabhair (Astronár) Amora a shaoradh ón Kratónaigh. Creidtear go raibh an chéad lámhscribhínn den leabhar seo scríofa i mBéarla ag an mBéaslaíoch, agus aistriódh í chun Gaeilge ina dhiaidh sin. Stair an úrscéil. Ar dtús báire, cuireadh i gcló "Astronár" mar sraithscéal sa "Weekly Freeman" ó mhí an Mhárta, 1921, le linn Chogadh na Saoirse. Níos déanaí, sa bhliain 1928, d'fhoilsigh Muinntir C.S. Ó Fallamhain an t-úrscéal i mBaile Átha Cliath. Dar le tuairisc ó rúnaí de chuid Roinn Oideachais chuig choiste na Dála, cuireadh 3,000 cóip i gcló ag an am sin, agus díoladh 1,700 cóip idir 1928 agus 1955. Scaoileadh an dara heagrán ag an nGúm sa bhliain 1991.
565