text
stringlengths
4
104k
token_count
int64
3
42.3k
Alex White. Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas é Alex White. Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus is abhcóide é. Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán.
83
Valparaíso, an tSile. Is é Valparaíso príomhchathair réigiún Valparaíso sa tSile. Tá 270.242 duine ina gcónaí ann (2002). Stair. 16 Lúnasa 1906, fuair timpeall is 20,000 duine bás i gcrith talún i Valparaíso na Sile (Méid creatha talún: 8.2).
107
La Serena, an tSile. Is í La Serena príomhchathair réigiún Coquimbo. Tá 160.148 duine ina gcónaí ann (2002).
47
Antofagasta, an tSile. Príomhchathair réigiún Antofagasta is ea Antofagasta. Tá 296.905 duine ina gcónaí ann (2002).
51
Temuco, an tSile. Is é Temuco príomhchathair réigiún Araucanía. Tá 245.347 duine ina gcónaí ann (2002).
47
Puerto Montt, an tSile. Príomhchathair réigiún Los Lagos is ea Puerto Montt. Tá 175.938 duine ina gcónaí ann (2002).
48
Molinicos. Bardasacht i gcúige Albacete, Castile-La Mancha, sa Spáinn is ea Molinicos. Tá timpeall ar 1.060 duine ina gcónaí ann.
52
Bá Ceredigion. Is ionraoin nó góilín mór de Mhuir Éireannn í Bá Ceredigion (Breatnais: "Bae Ceredigion"), ag eangaigh chósta thiar na Breataine Bige idir Ynys Enlli, Gwynedd, sa tuaisceart, agus Pencaer, Sir Benfro, sa deisceart. Is í an bhá is mó sa Bhreatain Bheag í. Tá tránna go leor i bBá Ceredigion, agus fiadhúlra ar leith aige. Ó Chosán Cósta Cheredigion ("Llwybr Arfordir Ceredigion") is minic gur féidir le duine deilfeanna bolgshrónacha, muca mara agus rónta glasa an Atlantaigh a thabhairt faoi deara.Tá an daonra is mó de na deilfeanna bolgshrónacha sa Ríocht Aontaithe lonnaithe sa bhá seo. Tá go leor den chósta thart timpeall na bá ina thalamh fheirme thorthúil, poncaithe le bailte agus ionaid saoire cois farraige ar nós Abergwaun, Cei Newydd, Aberaeron, Llan-non, Aberystwyth, Y Borth, Aberdyfi, Tywyn, Abermaw, Porthmadog agus Pwllheli ar an Chósta Caimbriach. Sreabhann na haibhneacha móra seo a leanas isteach sa bhá;Afon Glaslyn, Afon Teifi, Afon Rheidol, Afon Dyfi, Afon Aeron, Afon Dysynni agus Afon Mawddach.
413
Sœur Sourire. Ba é Soeur Sourire (nó "Siúr an Mhiongháire" sa Ghaeilge) ainm stáitse Jeanne-Paule Marie (nó Jeanine) Deckers, bean rialta Bheilgeach a thuill cáil mar amhránaí. Rugadh í ar an 17 Deireadh Fómhair, 1933 agus fuair sí bás ar an 29 Márta, 1985. An tSiúr Luc-Gabriel an t-ainm reiligiúnda a bhí uirthi. Chuaigh sí sna Doiminicigh sa bhliain 1959 agus, sa bhliain 1963, bhí ráchairt ar fud an domhain ar an amhrán "Dominique", a chum sí féin agus a chan sí chun sochair a hoird. D'fhág sí an t-ord, agus ón mbliain 1967 rinne sí a slí bheatha faoin ainm Luc Dominique. Agus na húdaráis chánach sa Bheilg ina diaidh, chuir sí lámh ina bás féin sa bhliain 1985.
280
Concord, New Hampshire. Cathair i lár stát New Hampshire sna Stáit Aontaithe é Concord. Tá an chathair suite ar bhruach na hAbhann Merrimack. Bhí 42,695 duine ina gcónaí in Concord nuair a rinneadh an daonráireamh deireanach sa bhliain 2010. Príomhchathair New Hampshire agus Chontae Merrimack atá ann. Stair. Daoine den phobal bundúchasach Pennacook de chuid na nAbenaki a chónaigh sa cheantar sular tháinig na hEorpaigh. Rinne siad iascaireacht sa Merrimack agus curaíocht. Ba bhealach tábhachtach taistil í an abhainn agus na hIndiaigh ag dul ó Loch Winnepesaukee sa tuaisceart ó dheas go dtí an cósta Atlantach agus aneas arís. Chuir coilínigh as Haverhill, Massachusetts fúthu san áit idir 1725 agus 1727 faoin ainm Plandáil Phenacook (a scríobhadh le "n" amháin). Cuid de Chúige Bhá Massachusetts ab ea New Hampshire san am úd. Cuireadh bardas ar bun sa bhliain 1734 faoin ainm Rumford. Athbhaisteadh an baile mar Concord sa bhliain 1765 mar gheall ar an gcomhaontú (“concord”) idir Rumson agus an baile Bow a shocraigh an teorainn idir an dá bhaile. Cuireadh rialtas an stáit isteach i gConcord sa bhliain 1808. Geilleagar. Sa naoú haois déag bhí clú ar Choncord as an déantús troscáin agus as na cairéil éibhir a bhí ann. Dhéanadh Concord Coaches cóistí sa chathair freisin. Dhéantaí teicstílí sa chuid de Choncord ar a dtugtar Penacook. Ionad réigiúnda iarnród a bhíodh in Concord faoin am sin. Inniu, tá seirbhísí sláinte, árachas, clódóireacht (Concord Litho) agus an rialtas tábhachtach sa gheilleagar áitiúil. Déimeagrafaic. Is den chine geal iad 91.8% den daonra, 3.4% de chúlra Áiseach, 2.2% den chine ghorm, agus 1.8% de chine measctha. De réir an daonáirimh sa bhliain 2000, $42,447 an teacht isteach teaghlaigh bliantúil meánach agus $21,976 an teacht isteach per capita sa chathair. Polaitíocht agus cultúr. Tá comhairle baile le 14 ball agus méara a thoghtar gach dara bliain. Is é Jim Bouley (Daonlathach) an méara faoi láthair. Is é "The Concord Monitor" an t-aon nuachtán laethúil in Concord. I dteannta na scoileanna poiblí agus seicteacha is gnách, tá St. Paul’s, ardscoil phríobháideach cháiliúil na huasaicme, agus Scoil Dlí Ollscoil New Hampshire.
818
Éicitíopa. San éiceolaíocht éabhlóideach, is éard is éicitíopa ann ná daonra de speiceas a fhanann beo mar ghrúpa ar leith, trí roghnú comhshaoil ​​agus leithlisiú geografach agus atá inchomparáide le fhospeiceas tacsanomaíoch.
92
Tom Hayes. Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do Dheisceart Thiobraid Árainn é Tom Hayes. Tá sé ina bhall de Fine Gael. Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán.
69
Séamus Healy. Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do Dheisceart Thiobraid Árainn é Séamus Healy. Tá sé ina bhall de Ghrúpa Gníomhaíochta na n-Oibrithe is iad atá Dífhostaithe. Sheas sé san Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 21.3% de na vótaí céad rogha.
112
Yann Fouéré. Aistí agus náisiúnaí Briotánach a bhí in Yann Fouéré a rugadh in Aignan, sa Département Gers, i ndeisceart na Fraince ar 26 Iúil 1910 agus a fuair bás ar 21 Deireadh Fómhair 2011 in aois a 101 bliain. Bhunaigh sé ‘Ar Brezhoneg er Skol’ sa bhliain 1934, an chéad eagras abhcóideachta i gcomhair mhúineadh na Briotáinise sna scoileanna. Bhí sé ina leasuachtarán ar ‘Kevredigez Broadel Breiz’ (Aontas Réigiúnaithe na Briotáine) sna 30í. Bhí sé ina rúnaí ginearálta ar eagras a bunaíodh chun plé a dhéanamh ar chearta na mBriotánach, is é sin ‘Comite Consultatif de Bretagne’ (Coiste Comhairleach na Briotáine), agus bhí sé ina eagarthóir/stiúrthóir ar dhá nuachtán laethúla polaitiúla, ‘La Bretagne’ agus ‘L’Avenir de la Bretagne’. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chonartha Cheiltigh sa bhliain 1961. Chuaigh sé ar deoraíocht ón mBriotáin i ndiaidh an Dara Cogaidh Dhomhanda, tráth a raibh na mílte Briotánach á ngabháil ag údaráis na Fraince. Fuair sé tearmann éigin sa Bhreatain Bheag agus ansin d’aistrigh sé go Conamara, áit ina raibh cónaí air lena theaghlach ar feadh tréimhse sular fhill sé ar an bhFrainc roimh 1955. Seoladh aistriúchán Béarla dá leabhar ‘La Maison du Connemara’ i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige ar 16 Meán Fómhair, 2011 agus bhí a iníon Rozenn Fouéré Barrett agus a mhac Erwan Fouéré i láthair ag an ócáid sin.
555
Breatnaigh. Is grúpa eitneach agus náisiún iad na Breatnaigh (An Bhreatnais: "Cymry") a bhaineann leis an Bhreatain Bheag agus an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin an Chomraig). Tugann John Davies le fios gur féidir le tionscnamh "náisiún na Breataine Bige" a rianú siar go dtí deireadh an 4ú haois agus tús an 5ú haois, tar éis imeacht na Rómhánach ón Bhreatain, cé gur cosúil go raibh na teangacha P-Cheilteacha á labhairt sa Bhreatain Bheag i bhfad níos faide na sin. Úsáidtear an téarma 'Breatnaigh' le haghaidh daoine ón Bhreataine Bheag agus daoine le sinsearacht na Breataine Bige a airíonn iad féin nó a airítear go bhfuil oidhreacht chultúrtha agus tionscnamh eitneach coiteanna acu.
281
Aistriúchán. Cumarsáid scríofa atá san aistriúchán ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile. Bíonn an baol i gcónaí ann go dtabharfadh an t-aistritheoir struchtúr agus nathanna cainte na teanga foinse isteach leis sa sprioctheanga agus é ag aistriú téacs, sé sin go mbeadh traschur truaillithe ann. Ar an taobh eile de, is féidir le focail agus nathanna iasachta cur go mór le teanga ar bith. I gcás mionteangacha moltar bheith cúramach gan an iomarca leaganacha iasachta a ligean isteach ar fhaitíos go mbáfaí an teanga ar fad i dtuile nathanna ón mórtheanga. Aistrítear go leor cineálacha téacs, idir theicniúil agus liteartha agus eile. Mar gheall ar an mór-éileamh a bhí ann ar dhoiciméadú gnó de bharr Réabhlóid na Tionsclaíochta, a thosaigh i lár an 18ú haois, tháinig foirmiúlú agus speisialú ar cheird an aistriúcháin agus bunaíodh scoileanna tiomanta agus cumainn ghairmiúla.
367
Bayda. Is cathair é Bayda nó al-Bayda nó el-Bëida in oirthuaisceart na Libia. Tá breis is 250,000 (2010) duine ina gcónaí ann. Is é an ceathrú cathair is mó sa Libia. Ciallaíonn ainm na cathrach "an (ceann) bán" san Araibis.
92
European Border Breakers Awards. Gach bliain aithníonn Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip (EBBA) an rath a tháinig ar 10 n-ealaíontóir nó ngrúpa a shroicheann lucht éisteachta lasmuigh dá dtíortha féin leis an gcéad albam uathu a eisíodh go hidirnáisiúnta sa bhliain roimhe sin. Ar bhuaiteoirí Dhuais na mBristeoirí Teorann san Eoraip áirítear Adele, Tokio Hotel, The Baseballs, Zaz, Lykke Li, Milow, Katie Melua, Damien Rice, Caro Emerald, Stromae and Mumford & Sons. Eagrú. An Coimisiún Eorpach a sheol Duaiseanna EBBA agus is duaiseanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Fundúireacht Noorderslag, a bhfuil de chúram uirthi dáileadh phopcheoil na hEorpa a spreagadh, a eagraíonn an roghnú agus searmanas an bhronnta. Buaiteoirí a roghnú. Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a roghnaítear na healaíontóirí nó na grúpaí a ainmnítear do Dhuaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip: Duais Rogha an Phobail. Ó 2010, bíonn vótáil ar líne le teacht ar an mbuaiteoir Dhuais EBBA a gheobhaidh Duais Rogha an Phobail, anuas ar ar ngnáthdhuais. An chéad bhuaiteoir, b'shin an t-amhránaí-cumadóir ceoil Milow. Bhuaigh an banna raic is roll Gearmánach The Baseballs in 2011. An seó. Ó 2009 bíonn searmanas na nduaiseanna ar siúl in Eanáir gach bliain, le linn na féile , i gcathair Groningen na hÍsiltíre,arna léiriú ag an aoi is ceoltóir BBC Jools Holland. Ceolann buaiteoirí Dhuais EBBA beo i rith an tseó, agus le linn na féile féile féin. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí na mblianta roimhe sin casadh mar aíonna speisialta. Taifeadann an cainéal craolacháin poiblí NOS/NTR and searmanas agus craoltar trí NET3 é. Craoltar an seó gach bliain ar roinnt cainéal teilifíse Eorpach. Cúlra. An Coimisiún Eorpach a thionscain Duaiseanna EBBA in 2004. Trí na duaiseanna, tá faoin gCoimisiún Eorpach cúrsaíocht thrasteorann an phopcheoil a spreagadh agus aird a tharraingt ar mhór-éagsúlacht ceoil na hEorpa. Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip, agus tá faoi soghluaisteacht thrasteorann na n-ealaíontóirí is na ngairmiúlach ceoil a spreagadh; cúrsaíocht thrasteorann an aschurtha chultúrtha is ealaíne a mhisniú; agus comhphlé idirchultúrtha a chothú. Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2012. Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Selah Sue Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2011. Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: The Baseballs Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2010. Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Milow
973
Íbis mhaol thuaisceartach. Is éan imirceach í an íbis mhaol thuaisceartach ("Geronticus eremita") a bhíonn ar fáil i ngnáthóga seasca mar leath-fhásaigh nó creagacha, gar go minic do huisce reatha. Tá an íbis dhubh shnasta (70-80 cm) seo, murab ionann agus baill eile den teaghlach, neamh-threafa, le haghaidh agus ceann dearg neamhchleiteach agus le gob fada cúrach. Pórann sí go coilíneach ar chósta nó laftáin aille sléibhe, áit ina leagann sí de ghnáth 2-3 uibheacha i nead maidí, agus bíonn sí beo ar laghairteanna, feithidí, agus ainmhithe beaga eile.
229
Moshchena. Is sráidbhaile é Moshchena suite in iarthuaisceart na h-Úcráine. Tá sé ina lárionad riaracháin do pharóiste ("rada") Moshchena agus é suite i gcúige (oblast) Volyn.
74
Pennsans. Is baile, paróiste sibhialta, agus calafort í Pennsans, Corn na Breataine, sa Ríocht Aontaithe. Is í an baile is faide siar sa Chorn í agus tá sí thart ar 120 km siar ó Phlymouth agus í suite i bhfoscadh Chabmas an Carrek Loos, ag amharc amach soir ó dheas ar Mhuir nIocht. Tá teorainn aici ar an taobh thiar leis an calafort iascaireachta Lulynn, ó thuaidh leis an bparóiste sibhialta Eglosvadern agus ar an taobh thoir leis an bparóiste sibhialta Ludewan. Tugann suíomh an bhaile aeráid mheasartha dí, níos séimhe ná an chuid is mó den chuid eile den Bhreatain.
221
Yr Hen Ogledd. Is éard is Yr Hen Ogledd (Gaeilge:"An Sean-Tuaisceart") ann ná an téarma a n-úsáideann scoláirí chun tagairt a dhéanamh do na chríocha sin atá anois i dtuaisceart Shasana agus i ndeisceart na hAlban, ina raibh pobail na mBriotanach (Brythoniaid) ina gcónaí ann, sna blianta idir 500 agus ionradh na Lochlannach c. 800, sé sin sa tréimhse tar éis cúlú an garastúin Rómhánach. Ón tSean-Thuaisceart tháinig an litríocht Bhreatnach is luaithe, dánta gaisce le filí yr Hengerdd faoin gcath idir ríochtaí na mBreatnach agus na treibheanna Angla-Shacsanaigh a rinne iarracht na Briotanaigh a cheansú agus a gcuid talún a ghabháil. Ón tSean-Thuaisceart tháinig Cunedda ap Edern agus a lucht leanúna, bunaitheoirí ríocht Gwynedd freisin. Is féidir Yr Hen Ogledd a shainiú mar Albain ó dheas ó líne shamhailteach idir teorainneacha Sruighlea agus Loch Laomainn agus na contaetha Sasanacha atá ann faoi láthair Cumbria, Lancashire, Contae Durham, Northumberland, Yorkshire agus Humberside. Is críoch níos móire í seo ná mar atá sa Bhreatain Bheag inniu. Féadfaidh ríochtaí Hen Ogledd (Elfed) síneadh chomh fada ó dheas le ceantar Cheshire inniu. Rinne Cath Chester deighilt ríochtaí an tSean-Thuaidh ón mBreatain Bheag i 615.
481
Seangán capaill. Is feithid é an seangán capaill. Ball d'fhine na Formicidae atá ann.
34
Seangán dearg. Is feithid é an seangán dearg. Ball d'fhine na Formicidae atá ann.
32
Damhán uisce cloigíneach. Is é an damhán uisce cloigíneach (nó, uaireanta, an damhán uisce) an t-aon damhán alla a mhaireann faoin uisce an t-am ar fad. Tógann sé dídean chlogchruthach a líonann le haer a iompraíonn sé síos lena ghéaga cúil. Análaíonn sé trí screamh aeir ar dhromchla a cholainne. Itheann sé crústaigh den chuid is mó. Tá a ghreim nimhiúil, agus cuireann tús le hurlacan is fiabhras. Is é "Argyroneta aquatica" an t-ainm tacsanomaíochta, agus is é an t-aon speiceas amháin i ngéineas "Argyroneta".
211
Damhán tí. Is araicnid é an damhán tí. Is ball d'ord na n-Araneae é.
29
Portán faoilinne Seapánach. Is artrapód é an portán faoilinne Seapánach.
27
Seangán forainn. Is feithid é an seangán forainn.
21
Seangán casabhaigh. Is feithid é an seangán casabhaigh. Ball d'fhine na Formicidae atá ann.
36
Brixton. Is baile é Brixton atá suite sa bhuirg London Borough of Lambeth, Londain Theas. Stair. Ar an 3 Aibreán 1981, thosaigh círéibeacha i mBrixton.
59
Seangán coille. Is feithid é an seangán coille. Ball d'fhine na Formicidae atá ann.
32
Bana Thighearna nan Eilean. Is dealbh den Mhaighdean Mhuire, deartha le Hew Lorimer, atá suite ar Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar, í Bana Thighearna nan Eilean nó Moire ro Naomh nan Eilean. Snoíodh an dealbh as eibhear sa bhliain 1957 agus coisriceadh í an bhliain ina dhiaidh sin. Ceapadh an dealbh mar fhreagra ar phleananna de chuid an Aerfhórsa Ríoga bunáit agus raon buamála a chur ar siúl ar an oileán.
161
Loch Baghasdail. Is sráidbhaile ar an Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar é Loch Baghasdail.
40
Togh Mòr. Is é Togh Mór sráidbhaile ar an Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar.
39
An t-Ìochdar. Is sráidbhaile ar an Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar é an t-Ìochdar.
42
Dalabrog. Is é Dalabrog sráidbhaile ar an Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar.
36
Gisborne. Cathair sa Nua-Shéalainn is ea Gisborne (Maorais: "").
25
Futbol'nyj klub Krasnodar'. Club peile atá suite i Krasnodar, Críoch Krasnodar, An Rúis is ea Futbol'nyj klub Krasnodar'. Bunaíodh an club sa bhliain 2008. Imríonn an fhoireann a cuid cluichí sa staid "Kuban" (do 32,000) in Krasnodar.
100
Soho. Is baile é Soho atá suite sa bhuirg Cathair Westminster, Londain Láir.
28
Seangán buí féir. Is feithid é an seangán buí féir. Ball d'fhine na Formicidae atá ann.
36
Na hArdtailte Theas. Ceann de thrí rannán geografacha na hAlban, cuimsíonn Na hArdtailte Theas an chuid is mó de thalamh críche cnocach na hAlban ó dheas den éasclíne gheolaíoch a shíneann ó Dhún Barra, Siorrachd Lodainn an Ear, ar an Mhuir Thuaidh go dtí Inbhir Gharbhain, Siorrachd Áir a Deas, ar an Linne Chluaidh. Den chuid is mó, tá na hArdtailte Theas comhdhéanta as carraigeacha Siolúracha agus Ordaivíseacha, agus déroinnte ag na gleannta leathana de chuid na haibhneacha an Thuaidh agus an Nid.
205
Amscála geolaíoch. Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain. Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar "Principles of Geology" (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliun bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar "an tréimhse Threasach" ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.
1,003
Dún Léire. Is baile é Lann Léire, ar a dtugtar "Dún Léire" freisin atá suite i gContae Lú. Tá an baile sin suite ar séan-priomhbothar N1 timpeall 12 km ón fharraige. Tá Dún Léire suite in aice cúpla baile eile mar shampla Baile Átha Fhirdhia, Baile an Ghearlánaigh agus Collann. Tá sé suite i lár idir Droichead Átha agus Dún Dealgan freisin. Is paróiste dlí é freisin. Tá trí shráidbhaile i nDún Léire - Baile Philib, Droim Ing agus Dún Léire. Tógadh an baile in aice na hAbhann Báine. Stair na háite. 1.1 Stair Dhún Léire. Bhunaigh Dún Léire i 1682. Bhí Charles II i bhfeidhm ag an am sin. Cuireadh Dún Léire ó sheanmhainistir Lann Léire a bhunaigh ón beirt dheartháir, Furadran agus Baithan. Mar a deir an seanscéal, fuair Naomh Bríd radharc na súl ar áis ón tobar. Fuair Dún Léire flaithiúnta ó 1682 go 1811. Is é an buirgéis deireanach an stadús corparáideach a fháil. Siombailí. Dathanna an bhaile agus gorm agus bán. Is é Naomh Bríd pátrún Dhún Léire, is é Naomh Caoimhín pátrún Bhaile Philib. Taisteal. 2.1 Na Priomhbhothar. Tá an t-ádh ag daonra Dún Léire mar tá siad súite in aice gach priomh bothair sa réigiún. Tá Dún Léire súite in aice an M1, an priomh bothair ón Béal Feirste go dtí Baile Átha Cliath. Má fhágann tú an R169 tá tú ábalta an N2 a fháil. Rith an N2 ón Leitir Ceanainn go dtí Baile Átha Cliath. Rith an N1 tríd an mbaile freisin ón Dún Dealgan go Baile Átha Cliath. 2.2 Seirbhisí bus agus traein. Tá stad bus ar fáil sa bhaile, ag tús agus ag deireadh na príomhshráide. Stad Bus Éireann bealach 100 agus bealach 100X i nDún Léire. Téann gach bealach sin chuig stáisiúin bus Droichead Átha agus go dtí Baile Átha Cliath . Fadó bhí stáisiúin traein sa bhaile in aice an leabharlainn dhún sé i 1984. Le blianta beaga, tá níos mó tacaí chun stáisiún traein a athosclaím . Turásoireacht. 3.1 Loistin. Tá óstán amháin ar fáil i lár an bhaile. 'San Iúd' ("Saint Judes") is é a anam . Tá sé suité in aice na siopaí agus an stad bus. Ní raibh aon loistín mór sa bhaile ach tá siad suite i nDroichead Átha agus i nDún Dealgáin. I nDroichead Átha tá níos mó óstán agus teach ósta ar fáil. Is é 'An Óstán D', 'Scholars' agus ' An Óstán Glenside' na hóstáin is coitianta i nDroichead Átha. Tá óstán mór suite timpeall 8km síos an bóthar i mBaile an Ghearlánaigh - 'Óstán Ghearlánaigh'. Tá óstán 'Crowne Plaza' súite in aice an M1 i nDún Dealgáin. 3.2 Aiteanna Turásoireachta. Tá trá agus poirt Cheann Chlochair áiteanna turasóireachta i rith an tsamhraidh. San phoirt, tá trálaeir agus báid eile ag iascaireacht. Ar an trá tá ionad RNLI ar fáil agus tá céad ar daonra dul isteach an t-ionad . Is áit turasóireachta stairiúil in aice an bhaile í an Mhainistir Mhór (Mellifont Abbey). Tá sé súite timpeall 15km ó lár an baile. Is iad na Cistéireach a bhfuil faoi smacht an áit sin. Tá an Ghráinseach Nua súite 20km ón bhaile. Is é an tuairisc Ghráinseach Nua is sine an obair san Éigipt. Tá feirm agus caifé suite in aice an tuairisc freisin. Sport. 4.1 Cumann Lúthchleas Gael. Tá Lann Léire CLG súite i lár an príomhbhaile Dún Léire. Bunaithe foireann na fír agus foireann óigeanta ach ní raibh aon fhoireann peil na mbán sa chlub ag an am sín, Gach samhraidh tarlaíonn 'Cúl Camp' sa pháirc peil . Bhunaigh Naomh Caoimhín CLG i 1949. D'imir siad an chéad chluiche ar aghaidh Naomh Colmcille i Tóchar in aice na farraige. I 1992 bhunaigh foireann peil na mban i mBaile Philib. D'oscail an pháirc fós in úsáid inniu i mí Lúnasa 1982 . Cruthaíonn an chraobh peil na mban i gContae Lú i 1991.Gan aon dabht is é 1998 an bhliain is rathúla don fhoireann peil na mban. Bhuaigh na cailíní na sraithe contae agus an chraobh chontae. Shríoch siad an cluiche ceannais í laighean freisin ach níor bhuaigh siad an cluiche. Sa bhliain sin, bhuaigh an fhoireann Lú an cluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh agus bhí ceithre cailíní ón Naomh Caoimhín ar an fhoireann . Bhunaigh an club camógaíocht i 1979. I rith an chéad deich mbliana bhuaigh an club gach rud sa chontae. I 2011 bhí timpeall 100 cailíní ag imirt camógaíocht i mBaile Philib. I 2017 agus 2018 bhuaigh an club gach craobh agus gach sraithe i gContae Lú. Chuaigh an fhoireann U14 go dtí Feile na nGael i 2009,2011,2012,2014,2015,2016,2017 agus 2018. Bhuaigh na cailíní roinnt a sé i mBaile Atha Luain i 2018 . 4.2 Sacar. Bhunaigh Aontaithe Droim Ing i 1971 agus tharla an chéad cruinniú i dteach tábhairne 'The Village Saloon'. Shríoch an fhoireann sinsir an chéad roinnt i 1974. Inniu, tá timpeall deich bhfoireann sa chlub ó aois faoi 8 ar aghaidh. Bhuaigh Aontaithe Droim Ing an 'NEFL Club of the Year' i 2015. Ach, ag an drochuair, i 2016 ní raibh an club ábalta foireann sinsir a dhéanamh chun cluichí a imirt . Is é 'Ar Aghaidh Go Deo' mana an club . Oideachas. 5.1 Na Bunscoileanna. Bhunaigh bunscoil Fionán Naofa i 1955, timpeall 4km ón lár an baile . Inniu tá timpeall 90 dalta agus ceithre múinteoirí ag múineadh agus ag obair sa scoil . Tá bunscoil Caoimhín Naofa suite 6km ón bhaile Dún Léire. D'oscail an bhunscoil sin i 1954 . Is scoil beag é agus tá timpeall 130 dalta sa scoil . Ag an am sin tá seacht múinteoirí ag obair sa scoil. Is é 'ag foghlain faoi Chaoimhín Naofa' mana an scoil. Tá an scoil seo suite i lár an baile in aice an pháirc peil. Inniu, is é an bunscoile is mó sa paróiste le 222 dalta. 5.2 An Meanscoil. Bhunaigh Scoil Uí Mhuirí i 1954 le 55 dalta. Inniu tá timpeall 597 dalta sa scoil ag foghlaim gach rud ón timpeall 60 múinteori . Le deontas, tá Scoil Uí Mhuirí ábalta méadú riachtanach a thógáil i 1994, 2011 agus 2018. Ar feadh cúpla bliain tosaigh an dobharcheantar ag crapadh mar ní raibh a lán spás faighte sa scoil.Tá Scoil Uí Mhuirí cuid den LMETB agus is scoil déis é freisin. Tá a lán gniomhaíochtaí seachtarscoile ar fáil sa scoil freisin mar shampla peil camógaíocht agus luthchleasach.
2,426
Aeón Fanarasóch. Is é an tAeón Fanarasóch an t-aeón reatha san amscála geolaíoch, agus lena linn mhair ainmhithe go flúirseach ar an domhan. Clúdaíonn sé thart ar 542,000,000 bliain agus téann sé ar ais go dtí an t-am ina raibh ainmhithe cruabhlaoscach éagsúla ar fáil don chéad uair ar an domhan. Tagann an téarma Fanarasóch ó na focail Gréigise "φανερός" agus "ζωή", a chiallaíonn "saol infheicthe", ó creideadh uair amháin gur thosaigh an saol sa Tréimhse Chaimbriach, an chéad tréimhse den aeón seo. Tá t-am roimh an Aeón Fanarasóch, ar a dtugtar tráth an Sár-aeón Réamhchaimbriach, roinnte anois idir na trí aeón seo a leanas ; an tAeón Háidéasach, an tAeón Aircéach agus an tAeón Prótarasóch.
298
Loch Champlain. Loch nádúrtha fionnuisce i Meiriceá Thuaidh is ea Loch Champlain (Béarla: Lake Champlain, Fraincis: lac Champlain). Tá an chuid is mó den loch suite i stáit Nua-Eabhrac agus Vermont sna Stáit Aontaithe, ach tá an chuid is faide chun tuaiscirt i gCúige Québec i gCeanada. Tá an loch ainmnithe i ndiaidh Samuel de Champlain, an taiscéalaí Francach a tháinig ar an loch sa bhliain 1609. Geolaíocht. Tá Loch Champlain 1,269 ciliméadar cearnach (490 míle cearnach) d’achar. Tá sí amuigh is istigh ar 201 km (125 míle) ar fad agus 23 km (14 míle) trasna ag an bpointe is leithne. 400 troigh (120 méadar) an pointe is doimhne sa loch. Tá an loch idir 95 agus 100 troigh (29 go 30 m) os cionn meánleibhéal na farraige, ag brath ar an séasúr. Téann stair na locha 20,000 bliain siar go deireadh na hoighearaoise deireanaí. Tá Loch Champlain suite i nGleann Champlain, agus é seo á thaoscadh ag an loch. Taoscann an Abhainn Richelieu an loch féin ó thuaidh isteach san Abhainn San Labhrás. Is cuid den Ghleann Mór Apaláiseach é Gleann Champlain, a shíneann ó Alabama san iardheisceart go Gleann na Saint Lawrence.
421
Na Réadóirí. Eagraíocht Chaitliceach Éireannach do staonairí ón mbiotáille é an "Pioneer Total Abstinence Association", nó Na Réadóirí, mar a deirtear as Gaeilge. Tugtar "Pioneers" ("ceannródaithe") nó réadóirí ar bhaill an chumainn. Níl Cumann na Réadóirí ag iarraidh cosc dlí a chur ar an alcól, ach caithfidh gach ball den chumann staonadh ó úsáid na ndeochanna alcólacha. Cuid d'idé-eolaíocht an Chumainn é freisin deabhóid do Chroí Ró-Naofa Íosa a spreagadh mar leigheas ar an ólachán. Caitheann na Réadóirí suaitheantas ar leith lena mballraíocht sa chumann a chur in iúl agus le súil na ndaoine a tharraingt ar an eagraíocht agus ar an ólséantóireacht mar rud. Ba é an tÍosánach James Cullen a bhunaigh Cumann na Réadóirí sa bhliain 1898 le cur in aghaidh na ró-úsáide biotáille i measc na nÉireannach Caitliceach. San am seo bhí muintir na hÉireann ag déanamh dearmaid de ghluaiseacht staonaireachta an Athara Theobald Matthew a bhí an-láidir thiar sa naoú haois déag (sa Ghaeilge féin, thugtaí "gluaiseacht an "phledge"" ar an ngluaiseacht seo, ó bhí an-tábhacht leis an ngeallúint staonaireachta, an "pledge", i ngníomhaíocht na gluaiseachta). I rith na fichiú haoise, chuaigh Cumann na Réadóirí chomh mór i bhfairsinge i measc na nGael is gurbh ionann "pioneer" i mBéarla na hÉireann agus réadóir. Bhí tionchar nár bheag ag na Réadóirí ar pholasaithe an stáit freisin, go háirithe i ré an tSaorstáit. Sa bhliain 1923, mhol Coimisinéir an Gharda Síochána Eoin Ó Dufaigh do na Gardaí dul sna Réadóirí, agus cheadaigh sé dóibh suaitheantas an chumainn a chaitheamh ar an tsainéide, cé gur choisc rialacha na nGardaí siombailí iasachta den chineál sin go ginearálta. Sa bhliain 1948 bhí 360,000 ball san eagraíocht, de réir a rollaí féin. Sa bhliain 1956 choimisiúnaigh an tAire Dlí agus Cirt James Everett fiosrú oifigiúil i gcúrsaí na ndlíthe ceadúnúcháin, agus bhí ionadaí ag na Réadóirí ar an gcoiste a rinne an fiosrú, John K. Clear. Ní raibh ann ach duine den bheirt is scór, áfach, agus nuair a d'eisigh an coiste a thuarascáil, níor chuir an Cléireach in aghaidh thuairim an tronlaigh a bhí sásta na rialúcháin faoi uaireanta oscailte na dtithe ólacháin a chaitheamh i dtraipisí, ó nach raibh mórán ag tabhairt aird ar na rialúcháin sin pé scéal é. Bhí na sagairt míshásta leis an dlí a chuaigh i bhfeidhm de thoradh mholtaí an choiste fiosrúcháin, áfach. In Éirinn, téann na daoine óga faoi lámh easpaig agus iad aon bhliain déag d'aois, agus mar chuid de na deasghnátha, is minic a thugtar spreagadh dóibh móid ólstaonaireachta a thabhairt agus gan alcól a ól go dtí go mbeidh siad ocht mbliana déag, ar a laghad. Glacann na Réadóirí páirt ghníomhach sna hiarrachtaí seo, agus iad ag spreagadh na ndaoine óga, go háirithe sna scoileanna reiligiúnacha dul sa Chumann. Mar sin féin, is fadhb mhór é ólachán na ndaoine óga faoi bhun ocht mbliana déag d'aois in Éirinn. De réir is mar atá an tsochaí ag dul chun saoltachta, tá na Réadóirí ag dul in aois, agus na daoine óga nach n-ólann biotáille, ní théann siad sna Réadóirí a thuilleadh. Bíonn na Réadóirí ag reáchtáil ócáidí caidrimh agus cuideachtan gan alcól, ar nós tráthanna ceist, comórtais tallainne, agus ócáidí lúthchleasaíochta. I Mí Aibreáin 2011, d'admhaigh na Réadóirí ar a gclár cinn Idirlín go raibh an cumann báite i bhfiacha agus go raibh iarrachtaí de dhíth le hairgead a thiomsú.
1,371
Caenasóch. Is í an Ré Chaenasóch, a chiallaíonn "saol nua" (Gréigis: "καινός" (kainos) "nua", agus ζωή (zoe) "beatha") nó ar a dtugtar freisin an Caenasóch an ré gheolaíoch is déanaí de na trí Ré gheolaíoch de chuid an amscála Fanarasóch agus clúdaíonn sí an tréimhse ó 65.5 Ma go dtí an lá inniu. Tá an t-aeón marcáilte ag an teagmhas díobhaidh a tharla ag deireadh an Chailcigh, ar a dtugtar an teorainn CT (Cailceach - Treasach), a chonaic dul i léig na dineasáir neamh-éanúil agus deireadh an an Mhéiseasóigh. Le teacht na ré seo tháinig na mamaigh i réim ar an Domhan, agus tharla éabhlóid i mamaigh, éin, plandaí bláfara. D'forbair airíonna geografacha an lae inniu le hathruithe sna hilchríocha trí oighriú is athoighriú, bolcáin is iarmhairtí na haimsire.
321
Türk Telekom Arena. Is staid na foirne sacair Galatasaray SK agus Tuirc é Türk Telekom Arena, atá suite in Iostanbúl, sa Tuirc le toilleadh 62,650 daoine. Osclaíodh an staid sa bhliain 2011, agus bhog Galatasaray agus Tuirc isteach ann ag tús an tséasúir 2010/11 ón "Ali Sami Yen stadion". Tá an Türk Telekom Arena suite níos faide amach ón chathair ná an "Ali Sami Yen stadion", i mbruachbhaile darbh ainm Fröttmanning. Lastar an staid suas nuair a bhíonn cluiche ar siúl i rith na hoíche: dearg nuair a bhíonn Galatasaray ag imirt, gorm nuair a bhíonn An Tuirc ag imirt agus bán nuair a bhíonn foireann náisiúnta na Gearmáine ag imirt.
238
Cath Phwll Melyn. Bí Cath Phwll Melyn, ar a dtugtar an Cath Usk, mar chuid de Chogadh Breatnach ar son na saoirse i gcoinne riail Shasana agus mhair sé ar aghaidh ón bhliain 1400 gp dtí 1415. Troideadh an cath an-tábhachtach seo le linn Éirí Amach Owain Glyndŵr in earrach na bliana 1405. Treascraíodh na reibiliúnaithe Breatnacha agus cailleadh ceannairí agus fir tábhachtacha. Tugann croinic chomhaimseartha le fios go raibh sléacht déanta ar na Breatnaigh agus "Ba anois a thosaigh ar an taoide dul i gcoinne Owain agus a chuid fear." Dátú. Tá roinnt éiginnteachta ann faoi dháta an chatha agus a seasamh maidir le cath eile i dTeyrnas Gwent ag Y Grysmwnt. Mar sin féin, creideann RR Davies go raibh Cath y Grysmwnt i mí na Márta agus Cath Phwll Melyn i mí na Bealtaine. Cur síos. Tar éis an bhriste ag Cath y Grysmwnt dealraíonn sé go raibh na reibiliúnaithe Breatnacha ag iarraidh móiminteam a bhaint amach in athuair i limistéar Gwent Thuaidh. Dealraíonn sé gur thosnaigh an cath ar dtús le hionsaí sciobth scinneadach ag fórsaí na mBreatnach, faoi stiúir an mac ba shine d'Owain, sé sin Gruffudd ab Owain Glyndŵr, i gcoinne Chaisleán Usk. Ruaig fórsaí an chaisleáin an ionsaí agus theith na Breatnaigh agus trúpaí an gharastúin faoi stiúir Richard de Grey, 1ú Barún Grey de Codnor, an Tiarna John Greyndour, Dafydd ap Llewelyn ap Hywel (nó Dafydd Gam) agus an Tiarna John Oldcastle de Herefordshire - fórsa an-suntasach, sa tóir orthu. Chuaigh cúlú na mBreatnch thar an abhainn inátha an 'Afon Wysg' (Béarla: Usk) agus isteach san fhoraois 'Coed y Mynach' (Béarla: "Monkswood"), Sir Fynwy (Béarla: "Monmouthshire") i dtreo Mynydd Pwll Melyn (Gaeilge: "Cnoc na Linn Buí". Tugann tuairisc comhaimseartha Adda o Frynbuga (Béarla: "Adam of Usk") pictiúr beoga de na hionsaithe ar chúlú na mBreatnach: "mharaigh siad a lán díobh le tine agus le faobhar an chlaímh go leor acu, ach thar gach uile ní an tAb ar Llanddewi (Béarla: "Llanthony"), agus bhrúigh siad iad gan scor, ag tiomáint iad trí choill na manach, áit ar gabhadh Gruffudd ab Owain." Dar leis an chroiniceoir Albanach 'Walter Bower', d'imir Dafydd Gam, a bhí in aghaidh an éirí amach, agus ina Bhreatnach ó dhúchas as Aberhonddu (Béarla: "Brecon") agus seilbh a bheith aige ag Llandeilo Gresynni, Sir Fynwy, páirt shuntasach i mbua na Sasanach.
929
Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2011. Reáchtáladh Toghchán do Uachtaránacht na hÉireann 2011 ar Déardaoin 27 Deireadh Fómhair, 2011. Ba iad seo a leanas na hiarrthóirí; Máirtín Mag Aonghusa, Dana, Mary Davis, Seán Gallagher, Gabriel de Mhistéal, David Norris, Mícheál D. Ó hUiginn. Ba é Mícheál D. Ó hUiginn a bhuaigh ar deireadh tar éis cheithre bhabhta comhairimh agus os cionn milliún vóta aige. Ar an 29 Deireadh Fómhair, fógraíodh an toradh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Insealbhaíodh é in oifig an Uachtaráin ar 11 Samhain, 2011. Torthaí. Ar 29 Deireadh Fómhair 2011, bhuaigh Ó hUiginn an toghchán nuair a fógraíodh an toradh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Iarrthóirí a bhí luaite le bheith ainmnithe. Bhí roinnt daoine eile luaite sna nuachtáin roimh an rás (ach níor eirigh leo nó ní raibh fonn orthu ag deireadh na dála).
356
Pádraig Mac Artáin. Polaiteoir agus poblachtach Éireannach ab ea Pádraig Mac Artáin () (13 Márta 1878 - 28 Márta 1966). Rugadh é gar do Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain. Chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus é ina fhear óg agus chuaigh sé isteach i g"Clan na Gael" i gcathair Philadelphia. Ba eagarthóir é ar an iris "Irish Freedom" "(Saoirse na hÉireann)". D'fhill sé go hÉirinn roinnt bliain ina dhiaidh sin agus cháiligh sé mar dhochtúir. Bhí baint aige i gcónaí leis an bpolaitíocht náisiúnach agus d'oibrigh sé le Bulmer Hobson agus Denis McCollough sna Cumainn Dhún Geanainn agus i mBráithreachas na Poblachta. Bhí sé chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 mar chuid de ghrúpa ó Chontae Thír Eoghain ach níor ghlac, mar gheall ar fhrithordú Eoin Mac Néill. Gabhadh é tar éis an éirí amach agus imtheorannaíodh é i bpríosún oscailte i Sasana. D'imigh sé ón bpríosún gan cead gan cheiliúradh sa bhliain 1917 agus d'fhill sé go hÉirinn chun cabhrú le Sinn Féin san fothoghcháin a reachteáileadh timpeall na tíre an bhliain sin. Ba é Mac Artáin iarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Ard Mhacha Theas ach bhí an bua ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann mar gheall ar vótaíocht bheartach na nAontachtaithe. Toghadh é níos déanaí i bhfothoghchán i dTulach Mhór Contae an Rí sa bhliain 1918. Atoghadh é in olltoghchán 1918 agus ceapadh é mar ionadaí Shinn Féin do na Stáit Aontaithe ag cruinniú an Chéad Dáil, agus d'fhan sé sna Stáit Aontaithe go dtí 1921. Agus é sna Stáit Aontaithe, shuigh sé agus Joseph Garrity, as an gCarraig Mhór freisin, ar De Valera tacú le brainse Philadelphia "Chlan na Gael" in áit brainse Nua-Eabhrac chun acmhainní an fheachtais a úsáid chun tacú le neamhspleáchas na hÉireann in ionad bheith ag díriú ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe. Chabhraigh Mac Artáin le forbairt an "American Association for the Recognition of the Irish Republic" "Cumann Meiriceánach chun Poblacht na hÉireann a Aithint". Atoghadh é i ndáilcheantar Laois-Uíbh Fhailí sa bhliain 1921. Thacaigh sé go drogallach leis an gConradh Angla-Éireannach sna díospóireachtaí sa Dáil. Dúirt sé nach féidir leis "vótáil ar son an anoird". Chuir sé an milleán ar an gcaibinéad agus dúirt sé "Tá an Phoblacht ina raibh De Valera mar uachtarán marbh". D'fhág sé an pholaitíocht ar feadh 20 bliain. Ghlac sé páirt i dtoghchán uachtaránachta na bliana 1945 mar iarrthóir neamhspleách agus fuair sé beagnach 20% de na vótaí. Fuair sé ainmniúchán ó fhiche ball den Oireachtas (naonúr Teachtaí Dála ó Chlann na Talmhan agus cúigear Teachtaí Dála agus seisear Seanadóirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Ba bhunaitheoir Chlann na Poblachta é ach theip air suíochán a bhuachaint don pháirtí in olltoghchán 1948. Ceapadh é don Seanad an bhliain chéanna agus bhí sé ina Sheanadóir go dtí 1951. D'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1932 "With De Valera in America" "(Le De Valera i Meireiceá)". Phós Deirdre, iníon Mhic Artáin, an ceoltóir Ronnie Drew.
1,177
Owain Glyn Dŵr. Rialtóir Breatnach ab ea Owain Glyn Dŵr nó Owain ap Gruffudd , a rugadh sna 1350í, agus a cailleadh thart sa bhliain 1416. Thug William Shakespeare Owen Glendower air. Ghríosaigh Glyn Dŵr muintir na tíre chun éirí amach a fhearadh in aghaidh airm Shasana, ach theip ar an bhfeachtas faoi dheireadh. Roghnaíodh é mar dhuine de na daoine Breatnacha is mó (23ú) sa phobalbhreith '100 Greatest Britons' sa bhliain 2002.
174
Tiarnas Gwent. Bhí Tiarnas Gwent (Breatnais: "Teyrnas Gwent"), idir an 6ú agus an 11ú haois, ar cheann de na ríochtaí nó prionsachtaí sa Bhreatain Bheag le linn na Meánaoise, de ghnáth, bhí sé suite idir na haibhneacha Gwy agus Wysg, sna tailte teorann ar a thugtaí 'Y Mers' (Laidin: "Marchia Walliae" ) orthu níos déanaí. Teacht chun cinn an tiarnais. Bhí an ceantar ina ionad áitreafa ón tréimhse Phailéiliteach, le fríotha ón tréimhse Mhéisiliteach faighte ag Allteuryn agus fianaise go raibh fás leanúnach ar ghníomhaíocht i rith na Cré-Umhaoise, na hIarannaoise agus aimsir na Rómhánach.
252
Aberystwyth. Cathair sa Bhreatain Bheag is ea Aberystwyth (). Tá Ollscoil Aberystwyth agus Leabharlann Náisiunta na Breataine Bige suite sa chathair.
56
Caernarfon. Baile Ríoga agus port sa Bhreatain Bheag is ea Caernarfon (fuaimniú i mBreatnais: [kaɨrˈnarvɔn]; Béarla: /kərˈnɑrvən/).
72
Téachtadh. Is éard is téachtadh ann ná próiseas an-chasta trína téachtann fuil agus ina gcruthaítear téachtáin fola. Is cuid thábhachtach é den haemastáis, ina scoirtear an chaillteanais fola ó shoitheach fola a bhíonn damáiste, nuair a chumhdaítear balla an tsoithigh damáiste le pláitíní agus fibrin inthuslagtha chun stop a chur leis an bhfuiliú agus tús a chur leis an soitheach a dheisiú. Is féidir baol méadaithe fuiliú (rith fola) nó téachtadh bacúil (trombóis) bheith ina thoradh ar neamhoird téachta. Bíonn an téachtadh ardchaomhnaithe ar fud na bitheolaíochta; i ngach mamach, agus baineann sé le chomhphárt cheallach (pláitín) agus [próitéin|phróitéineach]] (fachtóir téachta fola) araon. Bhí an taighde is mó déanta ar an gcóras i ndaoine agus dá réir sin tá an tuiscint is fearr againn air dá bhrí sin. Tosaíonn an téachtadh díreach tar éis gortú an tsoithigh fola, má déantar damáiste do líneáil intéiliach an tsoithigh. Cuireann teagmháil na fola le fhíochán gortaithe, ar nós mar shampla, fachtóir fíochánach, tús le hathruithe ar phláitíní fola agus ar an phlasmaphróitéin fibrinigin, fachtóir téachta fola. Déanann na pláitíní plocóid láithreach ag suíomh na díobhála; tugtar haemastáis phríomhúil ar seo. Tarlaíonn haemastáis thánaisteach ag an am céanna: freagraíonn próitéiní sa bhfuilphlasma, ar a dtugtar fachtóirí téachta, i gcascáid chasta chun snáitheanna fibrin a dhéanamh, a neartaíonn an téachtán fola. Fiseolaíocht. Gníomhachtú pláitíní. Nochtann damáiste do bhallaí an fhuileadáin próitéiní an tsubendotheliam, go háirithe an fachtóir von Willebrand(FvW), a bhíonn i láthair faoin t-intéiliam. Is próitéin é FvW a thallann intéiliam sláintiúil, agus déantar ciseal idir an t-intéiliam agus an scannán bunaidh faoi. Má ghearrtar an t-intéiliam, nochtar an FvW, a bhíonn ar leithlis de ghnáth, agus teagmhaíonn an FvW le fuilchealla bána, collaigin, Fachtóir VIII agus fachtóirí téachtadh eile. Ceanglaíonn pláitíní imshruthaitheacha leis an collaigin, trí Ia/IIa dromgabhdóirí gur gliceapróitéin collaigin-oiriúnaithe iad agus a bhíonn collaigin-shainiúil. Neartaíonn FvW próitéiní imshruthaitheacha eile an greamán seo a thuilleadh, agus bíonn naisc breise déanta idir an Ib/IX/V gliceapróitéin agus na fibrilí collaigine. Gníomhachtaíonn na greamáin na pláitíní.
927
Rita Hayworth. Ban-aisteoir Meiriceánach ab ea Rita Hayworth (17 Deireadh Fómhair, 1918 - 14 Bealtaine, 1987) a rugadh faoin ainm Margarita Carmen Cansino.
58
Cló Gaelach. Is cló é an Cló Gaelach (nó an "seanchló" uaireanta) a úsáidtear sa Ghaeilge go príomha, is sa Bhéarla go pointe, mar mhaisiú agus mar léiriú ar chultúr na nGael den chuid is mó, agus ba ann a scríobhtaí an chuid ba mhó den Ghaeilge, tráth. Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidineach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní . Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta Shéarlais Mhóir. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an tAbrogans, ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach. Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an "punctum delens" príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air. Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san. Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Bhí scéal an Chló Ghaelaigh fite fuaite le scéal an Chaighdeáin, nó go ginearálta, ba iad na daoine céanna a roghnaíodh an seanchló agus an seanlitriú. Stair an Chló. 5ú-6u haois. Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Chríostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa chúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad. 16u haois. Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas Éilís a hAon, a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar "chló", ar an bhfód roimhe sin. Nuair a bhí aistriúchán Gaeilge den Bhíobla agus litríocht Chríostaí Phrotastúnach eile le scaipeadh sa Ghaeltacht, chinn an Bhanríon Éilís a hAon ar chlófhoireann ar leith a ghearradh don Ghaeilge le go mbeifí ábalta ábhar clóbhuailte a chur ar fáil a bheadh ag breathnú cosúil le Gaeilge scríofa na lámhscríbhinní. An duine a bheadh i dtaithí na lámhscríbhinní sin, ní bheadh sé i bhfad ag baint céille as an teanga chlóbhuailte, mar sin. Mar sin, is deirtear uaireanta, "ní cló Gaelach é an cló Gaelach, nó b'fhearr an cló Éilíseach a thabhairt air". 1920idí. Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, bhí bunús seo an chló Ghaelaigh ligthe i ndearmad ag na Gaeilgeoirí, áfach, agus iad géarbharúlach, ina lán cásanna, gur dlúthchuid de dhúchas na teanga a bhí i gceist leis an seanchló. Ní raibh státseirbhís ná forais oifigiúla eile an stáit róshásta leis an gCló Gaelach, áfach, ós rud é go raibh sé costasach foireann iomlán de chlóscríobháin speisialta a cheannach le freastal ar an nGaeilge. Tír bhocht ab ea Éire san am, agus go leor oibre le déanamh chun í a atógáil i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha na hÉireann, a rinne an-léirscrios ar fud na tíre. Ar an 6 Feabhra 1923, d'ardaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála ceist an dá chló an chéad uair agus d'iarr ar an Ard-Chomhairle í a phlé, ach níor tháinig an Ard-Chomhairle ar aon chinneadh. Shuaith siad an cheist in athuair ar an 29 Iúil 1924, agus is é an tátal a bhain siad as an scéal gur chóir an cló Rómhánach a chur in úsáid feasta i scríbhinní na Státseirbhíse, le taobhshúil ar an gcostas a bhí ag baint leis an gcló Gaelach. Ba í an t-aon eisceacht a cheadaigh siad ná na páipéir scrúdúcháin, nó bhí an chuid ba mhó de na leabhair scoile sa chló Gaelach, agus ní bheadh cothrom Féinne ann dá gcuirfí an cló contráilte os comhair daltaí scoile nach raibh ina thaithí. Ba é an cuspóir fadtéarmach, ar ndóigh, an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile fosta an lá ab fhaide anonn. I mí Lúnasa 1924, leasaigh an Ard-Chomhairle an cinneadh sin beagáinín, nó chuir siad in iúl nach dianchosc a bhí ann leis an gcló Gaelach. Is é sin, dá mbeadh clóscríobhán Gaelach faighte agat cheana féin, bheadh sé ceart go leor é a úsáid, agus ní bheadh sé toirmiscthe ort ach an oiread úsáid a bhaint as an gcló Gaelach le haghaidh maisiúcháin. Ní raibh sé chomh furasta, áfach, fáil réitithe den chló Ghaelach. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna ag baint úsáide as, agus ba é an cló ba choitianta sna leabhair Ghaeilge a bhí foilsithe. Thairis sin, tháinig an pholaitíocht isteach chomh maith. Go bunúsach, ba é rialtas Chumann na nGaedheal a bhí ag fabhrú don chló Rómhánach, agus Fianna Fáil ag cur ina aghaidh. Ar an 5 Aibreán 1927, chinn an Ard-Chomhairle ar an gcló Rómhánach a thabhairt isteach i rith an chéad bhliain eile. Ba é Earnán de Blaghd a mhol an t-athrú thar aon duine eile, nó bhí sé inbharúla nach raibh ach piseog agus seafóid i gceist leis an ngrá a bhí daoine áirithe a thabhairt don tseanchló. 1930idí. Sa bhliain 1931, d'eisigh Earnán de Blaghd ordú oifigiúil le deireadh deifnídeach a chur le húsáid an chló Ghaelaigh i gcóras riaracháin an Stáit. Níor thaitin an iarracht seo le Conradh na Gaeilge, a chuaigh amach sna sráideanna le cur in aghaidh an ordaithe. Dealraíonn sé go raibh rialtas Chumann na nGaedheal an-mheáite ar éirí as an seanchló, ach nuair a ghnóthaigh Eamon de Valera agus Fianna Fáil na toghcháin sa bhliain 1932, d'athraigh an port ar an toirt. Go bunúsach, héiríodh as an bhfeachtas leis an gcló Gaelach a ruaigeadh as an Státseirbhís, ach ní dhearna Fianna Fáil iarracht ar bith leis an gcló Gaelach a bhrú anuas orthu siúd a bhí ag úsáid an chló Rómhánaigh cheana féin. Seacht mbliana ina dhiaidh sin (1939), d'ardaigh Seán Mac an tSaoi, an tAire Airgeadais, an cheist faoi chló na Gaeilge arís. Cosúil leo siúd a chardáil an cheist seo roimhe, bhí sé barúlach go raibh an cló Gaelach ag cosaint an iomarca airgid, agus go raibh costas an chló ag déanamh dochair d'athbheochan na teanga féin. Phléigh coiste éigin an cheist an uair sin, ach níor thángthas ar aon chinneadh ar leith. Cosúil le Seán Mac an tSaoi, bhí an chéad Aire Airgeadais eile, Tomás Ó Deirg, den tuairim gur chóir an cló Rómhánach a thabhairt isteach. San am céanna, bhí a fhios aige go gcuirfeadh sé fearg ar na múinteoirí scoile, agus mar sin, bhí sé den bharúil gur chóir don Rialtas iomlán freagracht as an athrú a ghlacadh orthu féin. Tháinig an Rialtas le chéile ar an 14ú Feabhra 1939, ach ní raibh de mhisneach orthu cinneadh deifnídeach a ghlacadh faoi cheist an chló. Chinn siad ar fhoclóir nua téarmaíochta a fhoilsiú sa chló Rómhánach, áfach. 1950idí. I rith na ndaichidí, tháinig an caighdeán nua ceartlitrithe go mór mór chun tosaigh, ach ní féidir a rá go gcuirfeadh sé mórán luais le hathrú an chló. Ar an 21ú Márta 1950, dúirt an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, a bhí ina Aire Oideachais san am, nár theastaigh uaidhsean an cló Rómhánach a thabhairt in úsáid sna leabhair scoile, ó bhí an oiread sin deacrachtaí ag na páistí cheana féin an litriú nua caighdeánach a fhoghlaim. Ba é a thuairim freisin nach raibh fonn ar leith ar aon duine in earnáil an oideachais an cló Rómhánach a chur in áit an chló Ghaelaigh. Freagra ab ea tuairimí seo an Ghinearáil ar cheist ón Teachta Dála Seán Ó Duinn, a bhí den bharúil go raibh sé de chlaonadh sna hiriseoirí an cló Rómhánach a roghnú thar an gcló Gaelach, agus é ag fiafraí den Aire Oideachais, nár mhithid an rud céanna a dhéanamh sna scoileanna freisin. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal, áfach, nach bhféadfaí an cló Gaelach a choinneáil beo mórán eile, agus nach raibh an Roinn Oideachais ach ag iarraidh an rud dosheachanta a choinneáil siar. Ar an 10ú Feabhra 1954, fuair an tAire Oideachais Seán Ó Maoláin ceist den chineál chéanna le freagairt ón Teachta Dála Breandán Mac Fheorais. Is é an rud a dúirt sé ná nach raibh sé de rún ag an Roinn Oideachais an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile go léir, nó ní raibh na múinteoirí ródhoirte don smaoineamh, a d'áitigh sé. 1960idí. Thit sé ar chrann Phádraig Uí Irghile, Aire Oideachais de chuid Fhianna Fáil, an cló nua a thabhairt isteach. Sa bhliain 1963, d'ordaigh sé go gcuirfí deireadh le húsáid an tseanchló sa chóras oideachais, agus go raibh an cló Rómhánach le tabhairt isteach de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana. An Cló ar na Saolta Seo. Nuair a tháinig an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm i ndeireadh na ndaichidí, caitheadh an cló Gaelach i dtraipisí freisin, diomaite den chorrúsáid a bhaintear as mar mhaisiú ar thithe tábhairne, mar shampla, agus úsáidí ornáideacha eile, cuirí bainise, cártaí breithlae agus a leithéid. Is ar éigean is féidir teacht trasna ar leabhar Gaeilge a foilsíodh ó shin ina mbeadh an cló Gaelach á úsáid in éineacht leis an litriú nua. Is dócha nach bhfuil ach aon sampla amháin ann - "Na Glúnta Rosannacha" le Niall Ó Dónaill, a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain 1952, an chéad uair. Le teacht an idirlín agus ré an deartha dhigitigh áfach tháinig borradh éigin faoin gcló Gaelach. Tá roinnt foilseachán agus suíomhanna ann a chuireann téacs ar fáil sa chló Gaelach.
4,001
Sprioctheanga (aistriúchán). Tugtar sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear nuair a bhítear i mbun aistriúcháin ó teanga amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear. Más ceardaí maith é an t-aistritheoir, nó an duine atá i mbun an aistriúcháin, tabharfaidh sé nó sí leis brí, réim agus dath na teanga foinse isteach sa sprioctheanga.
155
Scáth uilleach. Is feithid é an scáth uilleach. Ball d'ord na Lepidoptera atá ann.
33
Leamhan fuilfhéitheach. Is feithid é an leamhan fuilfhéitheach ("Timandra comae").
32
Cille Chuimein. Is lonnaíocht í Cille Chuimein (Béarla: "Fort Augustus") i gComhairle na Gàidhealtachd, Gaeltacht na hAlban, atá suite ar an taobh thiar theas de Loch Nis. Tá daonra de thart ar 646 (2001) sa sráidbhaile agus braitheann a heacnamaíocht go mór ar thurasóireacht. Go dtí an lúth 18ú haois thugtaí Kiliwhimin ar an lonnaíocht sa Bhéarla. Athainmníodh é 'Fort Augustus' sa Bhéarla i ndiaidh Éirí Amach na Seacaibíteach nár éirigh leis, sa bhliain 1715. De réir na sanasaíochta, fuair an lonnaíocht a hainm ar dtús ó 'Naomh Cumméin' a bhí ina Ab ar Oileán Í agus a thóg séipéal ann sa 6ú haois.
257
Bow, Londain. Is baile é Bow atá suite sa bhuirg Tower Hamlets, Londain Thoir. I ndaonáireamh na bliana 2011 fuarthas 27,720 duine ina gcónaí ann.
59
Mile End. Is baile é Mile End atá suite sa bhuirg Tower Hamlets, Londain Thoir.
28
Declan Ganley. Is fear gnó Sasanach agus polaiteoir in Éirinn é Declan James Ganley, a rugadh ar 23 Iúil 1968. Sa bhliain 2008 rinne sé féin agus an grúpa a raibh sé ann, Libertas, stocaireacht i gcoinne Chonradh Liospóine. Cathaoirleach agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Riveda Networks atá ann. Tá Ganley pósta agus tá ceathrar páistí aige, ina gcónaí i gContae na Gaillimhe.
157
Poplar, Londain. Is baile é Poplar atá suite sa bhuirg Tower Hamlets, Londain Thoir.
30
Stepney. Is baile é Stepney atá suite sa bhuirg Tower Hamlets, Londain Thoir. I ndaonáireamh na bliana 2011 fuarthas 16,238 duine ina gcónaí ann.
58
Aldgate. Is baile é Aldgate atá suite sa chontae searmanais an Chathair Londan i Londain Láir.
35
Mansion House, Londain. Is foirgneamh é Mansion House atá suite sa chontae searmanais an Chathair Londan i Londain Láir.
41
London Borough of Hackney. Is buirg é Heacnaí i Londain Thoir, Shasana. Tá a cheanncheathrú riaracháin suite ar Shráid Mare. Tá breis is 219,000 duine ina gcónaí in Heacnaí. Daoine. Seo hé a leanas ná liosta neamhiomláin de dhaoine cáiliúla a rugadh i Hackney nó a bhfuil, nó a raibh, cónaí orthu sa bhuirg:
126
Ceantar Síneach, Londain. Is baile é an Ceantar Síneach atá suite sa bhuirg Cathair Westminster, Londain Láir.
40
Marylebone. Is baile é Marylebone atá suite sa bhuirg Cathair Westminster, Londain Láir.
30
Réabhlóid Thionsclaíoch. Tréimhse fhorbartha tionsclaíche a thosaigh san ochtú haois déag agus inar tharla go leor athruithe sa tsochaí ab ea an Réabhlóid Thionsclaíoch, nó Réabhlóid na Tionsclaíochta. Dul chun Cinn. Chum James Watt an t-inneall gaile agus tosaíodh ar mhonarchana a thógáil. Bhí éileamh mór ann ar an ngual mar bhreosla leis na hinnill a chur ag feidhmiú. I measc na gcúinsí a chuir leis an Réabhlóid Thionsclaíoch bhí aistriú an daonra ón tuath go dtí na bailte mar gheall ar bhochtaineacht sa seachtú haois déag, an méadú faoin daonra féin agus cogaí an ochtú haois déag; Cogadh na Seacht mBliana (1756 - 1763), Cogadh Saoirse Mheiriceá (1775 - 1783) agus Cogaí Napóileain (1803 - 1815) i ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1793-1802). Thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch i Sasana, ach scaip sí go dtí tíortha eile ar fud na hEorpa agus go dtí na Stáit Aontaithe sa naoú haois déag.
380
Pellegrino Ernetti. Sagart caitliceach Iodálach ab ea Pellegrino Ernetti (13 Deireadh Fómhair 1925 – 8 Aibreán 1994). Cumadóir líomhnaithe an "Chronovisor" atá ann (más fíor). Inneall é a bhí in ainm is a bheith in ann íomhánna agus fuaimeanna a bhraith thar am.
109
Prescott Bush. Ba bhancaeir agus sheanadóir na Stát Aontaithe ó Connecticut é Prescott Bush (15 Bealtaine 1895 - 8 Deireadh Fómhair 1972). Rugadh in Columbus, Ohio é. Athair George H.W. Bush agus seanathair George W. Bush a bhí ann. Ball den Pháirtí Poblachtach ba ea é. Bhí Prescott Bush pósta le Dorothy Walker Bush. I gcathair Nua-Eabhrac a d'éag sé.
121
Forlì. Is cathair í Forlì (Laidin: Forum Livii) suite in Emilia-Romagna, san Iodáil. Is í príomhchathair chúige Forlì-Cesena. Tá sí lonnaithe ar Via Emilia, agus is ionad talmhaíochta tábhachtach í sa réigiún. Tá sainchomhartha cultúrtha agus ealaíonta na hIodáile lonnaithe anseo: mar shampla, rugadh an péintéir Melozzo da Forlì, an staraí Flavio Biondo, na lianna Geronimo Mercuriali agus Giovanni Battista Morgagni sa chathair. Tá Ollscoil Forlí (cuid d'Ollscoil Bhologna) suite anseo agus tá clú ar leith aici i leith staidéir Eacnamaíochta, Innealtóireachta, Eolaíocht pholaitiúla chomh maith le Ard-Scoil na dTeangacha do Ateangairí agus Aistritheoirí (SSLMIT).
266
Easabhal. Is cnoc in Albain í Easabhal, atá suite ar an Uibhist a Deas, Comhairle nan Eilean Siar.
40
Fionnghal NicDhòmhnaill. Ba bhanlaoch Sheacaibíteach í Fionnghal NicDhòmhnaill (1722 – 4 Márta 1790). Rugadh in Albain í, i nGearra Bhailteasar ar Uibhist a Deas.
74
Hackney Central. Is baile é Hackney Central atá suite sa bhuirg Hackney, Londain Thoir. I ndaonáireamh na bliana 2011 fuarthas 12,953 duine ina gcónaí ann.
59
Pimlico. Is baile é Pimlico atá suite sa bhuirg Cathair Westminster, Londain Láir.
30
Acton. Is baile é Acton atá suite sa bhuirg London Borough of Ealing, Londain thiar.
29
Peckham. Is baile é Peckham atá suite sa bhuirg London Borough of Southwark, Londain Theas.
32
Ab. Fear atá ina cheann ar mhainistir is ea ab (Gréigís Ársa ἀββᾶς «athair») i dtraidisiún na Críostaíochta. Is é an comhionann baineann ná ban-ab nó máthairab. Céim nó údarás aba nó ban-aba is ea abacht. Is féidir an teideal a thabhairt freisin mar theideal oinigh ar chléireach nach bhfuil i gceannas ar mhainistir.
124
Hillingdon. Is baile é Hillingdon atá suite sa bhuirg London Borough of Hillingdon, Londain thiar.
32
Sebastian Nerz. Is polaiteoir Gearmánach é Sebastian Matthias Nerz (rugadh i Reutlingen é ar an 13 Iúil 1983). Is ball den Piratenpartei Deutschland é.
48
Taobh an Phortaigh. Comharsanacht de chuid chathair Dhoire, Tuaisceart Éireann, is ea Taobh an Phortaigh (nó Taobh an Bhogaigh) (Béarla: "The Bogside").
63
Cotton Mather. Ministéir agus údar Piúratánach ab ea Cotton Mather (12 Feabhra, 1663 – 13 Feabhra, 1728).
43
An Chéad Chomhairle Vatacánach. Mórthionól Caitliceach ab ea an Chéad Chomhairle Vatacánach, sa Róimh sa bhliain 1869, eagraithe ag an bPápa Pius IX. Le linn na n-imeachtaí, fógraíodh go mbeadh an Pápa saor ó earáid nuair a labhair sé "ex cathedra" ("ón gcathaoir") ar ábhar creidimh nó morálta. Tháinig scoilt san eaglais le bunú na hEaglaise Sean-Chaitlicí.
153
Halifax, Albain Nua. Cathair in Albain Nua, i gCeanada, is ea Halifax (Halafacs i nGàidhlig Cheanada). Cónaíonn 297,943 sa cheantar uirbeach (2011) agus 390,096 i mBardasacht Réigiúnda Halifax (HRM, nó Halifax Regional Municipality, i mBéarla). Go teicniúil níl aon chathair ann a thuilleadh ó cuireadh Cathair Halifax ar ceal ar an 1 Aibreán, 1996, agus ó cuireadh an bhardasacht ar siúl. Is ionann an bhardasacht agus Contae Halifax, taobh amuigh de cheantracha caomhnaithe de chuid na Chéad Náisiún. Bhunaigh na Briotanaigh Baile Halifax sa bhliain 1749. D'ionsaigh na Indiaigh Mi'kmaq agus na hAcadaigh an baile 13 huaire. Rinneadh cathair de sa bhliain 1841.
256
Hogamagh. Is sráidbhaile ar Eilean Céap Breatuinn, in Albain Nua, Ceanada, é Hogamagh.
40
Cóbh a' Phlástair. Is é Cóbh a' Phlástair (Béarla: "Port Hastings") sráidbhaile in Albain Nua, Ceanada.
48
Tráigh Mhór. Is é Tráigh Mhór sráidbhaile ar an Eilean Céap Breatuinn.
35
Hiram Bingham. Taiscéalaí, acadúlaí agus polaíteoir Meiriceánach ba ea Hiram Bingham III (19 Samhain, 1875 – 6 Meitheamh, 1956).
55
John Henry Lewis. Dornálaí Meiriceánach ab ea John Henry Lewis (1914-1974).
26
Hamilton. Cathair sa Nua-Shéalainn is ea Hamilton (Maorais: "").
21
Gàidhlig Cheanada. Ceann de na teangacha Gaelacha í Gàidhlig Cheanada, nó "A'Ghàidhlig Chanèideanach", mar a deir lucht labhartha na teanga féin.
60
Billy Bob Thornton. Is aisteoir Meiriceánach é Billy Bob Thornton, a rugadh ar an 4 Lúnasa 1955.
33
George Michael. B'amhránaí Sasanach é George Michael a rugadh faoin ainm "Georgios Kyriacos Panayiotou " ar an 25 Meitheamh 1963. Fuair sé bás ar an 25 Nollaig 2016. Luath Saol. Saolaíodh Michael in Oirthear Finchley, Londain, Sasana. Bhí bialann ag a athair, Kyriacos Panayiotour. Ba Cipireach Ghréagach é a chuaigh ar imirce go Sasana sna 1950idí. D'athraigh sé a ainm go Jack Panos níos déanaí. Ba dhamhsóir Shasanach í a mháthair, Lesley Angold ("née" Harrison; 1937-1997). Chaith Michael formhór a óige i gKingsbury, Londain, sa teach a cheannaigh a thuistí go luath i ndiaidh gur rugadh é; d'fhreastail sé ar Ardscoil Kingsbury. B'iad Yioda agus Melanie a dheirfiúracha níos sine. Agus é sna déaga, bhog an teaghlach go Radlett, Hertfordshire. Ansin, d'fhreastail Michael ar Scoil Bushey Meads i mBushey, áit a bhuail sé le Andrew Ridgley, a bheidh mar an páirtí eile i Wham! Bhí na huaillmhian céanna acu, gairm a bhaint amach mar cheoltóirí. Bhí Michael ag buscáil in iarnród faoi thalamh Londain, ag seinnt amhráin ar nós "39" le Queen. Thosaigh sé amach mar DJ, ag seinnt ins sna clubanna agus scoileanna áitiúla timpeall ar Bushey, Stanmore agus Watford. Ansin, chruthaigh sé banna ceoil "ska" dar teideal "The Executive" le Ridgley, deartháir Ridgley, Paul, Andrew Leaver agus David Mortimer. Níor mhair "The Executive" i bhfad. Gairm Ceoil. 1981-1986: Wham! Bhunaigh Michael an dísreach "Wham!" le Andrew Ridgeley i 1981. Shroich an chéad albam a bhí acu, "Fantastic," uimhir a haon sa Ríocht Aontaithe i 1983 agus thairg sé liosta de chnagshinglí ar nós "Young Guns", "Wham Rap!" agus "Club Tropicana". Shroich a dara halbam, "Make It Big," uimhir a haon sna cairteacha sna Stáit Aontaithe. Bhí singlí ar nós "Wake Me Up Before You Go-Go" (Uimhir a haon sa RA agus sna SA), "Freedom", "Everything She Wants" agus "Careless Whisper" a shroich uimhir a haon i mbeagnach 25 tír, an RA agus na SA san áireamh, agus a bhí mar an chéad singil aonarach a bhí ag Michael, ar an albam. Chan Michael ar an gcéad taifeadadh Band Aid de "Do They Know It's Christmas?" (a bhí ag uimhir a haon ag an Nollaig i 1984 sa Ríocht Aontaithe) agus thug sé an brabús ar fad a rinne "Last Christmas" don charthanacht. Chan sé fonnadóireacht taca ar cnagshingil David Cassidy, "The Last Kiss" i 1985, chomh maith le cnagshinglí Elton John, "Nikita" agus "Wrap Her Up". Luaigh Michael Cassidy mar mhórthionchar ar a ghairm agus rinne sé agallamh le Cassidy i gcomhair an Nuachtán Ritz. Ghin turas Wham" chun na Síne i mí Aibreáin 1985, an chéad uair a thug ceoltóirí ón Iarthar cuairt ar an tSín, clúdach sna meán ar fud an domhain, agus bhí go leor de dhírithe ar Michael. Sular thug Wham! cuairt ar an tSín, bhí go leor saghas ceol coiscthe sa tír. Bhí baill ó rialtas na Síne sna lucht féachana agus labhair an láithreoir teilifíse Síneach, Kan Lijun, a chuir an seó i láthair, faoi léiriú stairiúil Wham!; "Ní raibh aon rud den saghas sin feicthe ag éinne cheana. Bhí ionadh ar na daoine óige agus bhí gach éinne ag cnagadh a gcosa. Dar ndóigh, ní raibh na póilíní sásta agus bhí eagla orthu go mbeidh círéibeacha ann." Thaifead an stiúrthóir scannáin, Lindsay Anderson, agus an léiritheoir, Martin Lewis, an turas ina scannán "Foreign Skies: Wham! in China." Nuair a bhí rath ar shinglí aonaracha Michael, "Careless Whisper" (1984) agus "A Different Corner" (1986), bhí ráflaí ann go mbeidh Wham! ag briseadh suas. Scair an dísreach go hoifigiúil i 1986, tar éis gur scaoileadar singil deireanach, "The Edge of Heaven" agus bailiúchán singil, "The Final." Anuas ar seo, rinneadar ceolchoirm ar díoladh na ticéid ar fad i Staidiam Wembley, áit a thaispeánadh "Foreign Skies" don chéad uair. Tháinig deireadh le Wham! go hoifigiúil leis an gcnagshingil, "The Edge of Heaven", a shroich uimhir a haon ins an Ríocht Aontaithe i mí an Mheitheamh 1986.
1,450
Putney. Is baile é Putney atá suite sa bhuirg London Borough of Wandsworth, Londain Theas.
29
Roehampton. Is baile é Roehampton atá suite sa bhuirg London Borough of Wandsworth, Londain Theas.
31