id
int64
0
182k
translation
dict
0
{ "en": "Regulation (EU) No 1168/2011 of the European Parliament and of the Council", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle" }
1
{ "en": "of 25 October 2011", "ga": "an 25 Deireadh Fómhair 2011" }
2
{ "en": "amending Council Regulation (EC) No 2007/2004 establishing a European Agency for the Management of Operational Cooperation at the External Borders of the Member States of the European Union", "ga": "lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh" }
3
{ "en": "THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,", "ga": "TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH," }
4
{ "en": "Having regard to the Treaty on the Functioning of the European Union, and in particular Article 74 and points (b) and (d) of Article 77(2) thereof,", "ga": "Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus pointe (b) agus pointe (d) d'Airteagal 77(2) de," }
5
{ "en": "Having regard to the proposal from the European Commission,", "ga": "Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach," }
6
{ "en": "After transmission of the draft legislative act to the national parliaments,", "ga": "Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta," }
7
{ "en": "Having regard to the opinion of the European Economic and Social Committee [1],", "ga": "Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1]," }
8
{ "en": "Acting in accordance with the ordinary legislative procedure [2],", "ga": "Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach [2]," }
9
{ "en": "Whereas:", "ga": "De bharr an méid seo a leanas:" }
10
{ "en": "The development of a forward-looking and comprehensive European migration policy, based on human rights, solidarity and responsibility, especially for those Member States facing specific and disproportionate pressures, remains a key policy objective for the Union.", "ga": "Tá sé ina phríomhchuspóir beartais ag an Aontas beartas imirce Eorpach atá réamhbhreathnaitheach agus cuimsitheach a fhorbairt, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha, ar beartas é atá bunaithe ar chearta an duine, ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht." }
11
{ "en": "Union policy in the field of the external borders aims at an integrated border management ensuring a uniform and high level of control and surveillance, which is a necessary corollary to the free movement of persons within the Union and a fundamental component of an area of freedom, security and justice.", "ga": "Is éard is aidhm do bheartas Aontais i réimse na dteorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite teorann a dhéanamh lena n-áirithítear ardleibhéal aonfhoirmeach rialaithe agus ardleibhéal aonfhoirmeach faireachais, rud atá ina atoradh riachtanach de shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar chomhpháirt bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais." }
12
{ "en": "To that end, the establishment of common rules on standards and procedures for the control and surveillance of the external borders is contemplated.", "ga": "Chuige sin, táthar ag smaoineamh ar chomhrialacha a bhunú maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta i ndáil le rialú na dteorainneacha seachtracha agus faireachas a dhéanamh orthu." }
13
{ "en": "The efficient implementation of the common rules on standards and procedures for the control and surveillance of the external borders calls for increased coordination of the operational cooperation between the Member States.", "ga": "Chun na comhrialacha maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta, i ndáil le rialú na dteorainneacha seachtracha agus faireachas a dhéanamh orthu, a chur chun feidhme ar shlí éifeachtúil, tá gá le comhordú breise a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit." }
14
{ "en": "Efficient management of the external borders through checks and surveillance contributes to combat illegal immigration and trafficking in human beings and to reduce the threats to the internal security, public policy, public health and international relations of the Member States.", "ga": "Le bainistiú éifeachtúil na dteorainneacha seachtracha trí bhíthin seiceálacha agus faireachais, rannchuidítear leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla agus i gcoinne gáinneála ar dhaoine agus rannchuidítear leo freisin leis na bagairtí ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a laghdú." }
15
{ "en": "Border control at the external borders is in the interest not only of the Member State at whose external borders it is carried out, but also of all Member States which have abolished internal border controls.", "ga": "Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a ndéantar ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a bhfuil deireadh curtha acu le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha." }
16
{ "en": "A further enhancement of the role of the Agency is in line with the objective of the Union to develop a policy with a view to the gradual introduction of the concept of Integrated Border Management.", "ga": "Tá tuilleadh feabhsaithe ar ról na Gníomhaireachta ag teacht le cuspóir an Aontais beartas a fhorbairt d’fhonn coincheap an Bhainistithe Chomhtháite Teorann a thabhairt isteach de réir a chéile." }
17
{ "en": "The Agency should, within the limits of its mandate, support the Member States in implementing that concept as defined in the Council conclusions on Integrated Border Management of 4-5 December 2006.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht, laistigh de theorainneacha a sainordaithe, tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le linn dóibh an choincheap sin a chur chun feidhme, amhail a shainmhínítear é i gconclúidí na Comhairle maidir le Bainistiú Comhtháite Teorann an 4 agus an 5 Nollaig 2006." }
18
{ "en": "The multiannual programme for an area of freedom, security and justice serving the citizen (the Stockholm Programme) adopted by the European Council on 10-11 December 2009 calls for a clarification and enhancement of the role of the Agency regarding the management of the external borders.", "ga": "Éilítear leis an gclár ilbhliantúil i gcomhair limistéir saoirse, slándála agus ceartais a fhónann don saoránach (Clár Stócólm) arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach an –10 agus an 11 Nollaig 2009 soiléiriú a dhéanamh ar an ról atá ag an nGníomhaireacht maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a bhainistiú agus an ról sin a fheabhsú." }
19
{ "en": "The mandate of the Agency should therefore be revised in order to strengthen in particular its operational capabilities while ensuring that all measures taken are proportionate to the objectives pursued, are effective and fully respect fundamental rights and the rights of refugees and asylum seekers, including in particular the prohibition of refoulement.", "ga": "Ba cheart, dá bhrí sin, sainordú na Gníomhaireachta a athbhreithniú chun a cuid inniúlachtaí oibríochtúla ach go háirithe a neartú, agus lena linn sin a áirithiú go bhfuil na bearta uile a dhéantar comhréireach i ndáil leis na cuspóirí arna saothrú, go bhfuil siad éifeachtach agus go n-urramaítear go hiomlán leo cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus cearta lucht iarrtha tearmainn, lena n-áirítear go háirithe an toirmeasc ar refoulement." }
20
{ "en": "Current possibilities for providing effective assistance to the Member States regarding the operational aspects of external border management should be reinforced in terms of the available technical resources.", "ga": "Ba cheart na féidearachtaí reatha atá ann chun cúnamh éifeachtach a sholáthar do na Ballstáit maidir le gnéithe oibríochtúla a bhaineann le bainistiú ar na teorainneacha seachtracha a threisiú ó thaobh na n-acmhainní teicniúla atá ar fáil." }
21
{ "en": "The Agency should be able to plan with sufficient accuracy the coordination of joint operations or pilot projects.", "ga": "Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann an comhordú ar chomhoibríochtaí nó ar thionscadail phíolóta a phleanáil le beachtas leordhóthanach." }
22
{ "en": "Minimum levels of necessary technical equipment provided by the Agency and/or, on a compulsory basis, by the Member States on the basis of annual bilateral negotiations and agreements will largely contribute to a better planning and implementation of the envisaged operations coordinated by the Agency.", "ga": "Le leibhéil íosta trealaimh theicniúil riachtanaigh arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus/nó ar bhonn éigeantach ag na Ballstáit ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla, rannchuideofar go mór leis na hoibríochtaí atá beartaithe is oibríochtaí a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht a phleanáil ar shlí níos fearr agus a chur chun feidhme ar shlí níos fearr." }
23
{ "en": "The Agency should manage lists of technical equipment owned either by the Member States or by the Agency and equipment co-owned by the Member States and the Agency, by setting up and keeping centralised records in a technical equipment pool.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht liostaí trealaimh theicniúl a bhainistiú i leith trealaimh theicniúil atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta trí thaifid lárnacha a chur ar bun agus a choimeád i gcomhthiomsú trealaimh theicniúil." }
24
{ "en": "That pool should contain the minimum number of categories of technical equipment necessary to enable the Agency to conduct its activities.", "ga": "Ba cheart go mbeadh an líon íosta de chatagóirí trealaimh theicniúil riachtanaigh mar chuid den chomhthiomsú sin chun a chumasú don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chur i gcrích." }
25
{ "en": "To ensure effective operations, teams of border guards should be set up by the Agency.", "ga": "Chun oibríochtaí éifeachtacha a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht foirne gardaí teorann a chur ar bun." }
26
{ "en": "Member States should contribute to those teams with an appropriate number of skilled border guards and make them available for deployment, unless they are faced with exceptional situations substantially affecting the discharge of national tasks.", "ga": "Ba cheart do Bhallstáit rannchuidiú leis na foirne sin le líon iomchuí gardaí teorann oilte agus ba cheart dóibh na gardaí sin a chur ar fáil i gcomhair imscartha, mura rud é go bhfuil siad ag tabhairt aghaidhe ar chúinsí eisceachtúla a dhéanann difear suntasach d’urscaoileadh cúraimí náisiúnta." }
27
{ "en": "The Agency should be able to contribute to those teams with the border guards who are seconded by Member States to the Agency on a semi-permanent basis, who should be subject, in the exercise of their tasks and powers, to the same legal framework as the guest officers contributed directly to those teams by Member States.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann rannchuidiú leis na foirne sin trí bhíthin na ngardaí teorann arna dtabhairt ar iasacht ag na Ballstáit don Ghníomhaireacht ar bhonn leath-bhuan, ar gardaí teorann iad ar cheart dóibh le linn a gcúraimí á gcur i gcrích a bheith faoi réir an chreata dhlíthiúil chéanna agus atá na haoi-oifigigh arna dtabhairt go díreach ag Ballstáit do na foirne sin." }
28
{ "en": "The Agency should adapt its internal rules on seconded national experts to allow for direct instructions by the host Member State to the border guards during joint operations and pilot projects.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht a rialacha inmheánacha maidir le saineolaithe náisiúnta a tugadh ar iasacht a oiriúnú chun go mbeidh an Ballstát aíochta in ann treoracha díreacha a thabhairt do na gardaí teorann le linn comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta." }
29
{ "en": "A well-defined operational plan, including an evaluation and an obligation to report incidents, agreed prior to the start of joint operations or pilot projects amongst the Agency and the host Member State, in consultation with the participating Member States, will largely contribute to the objectives of this Regulation with a more harmonised modus operandi regarding the coordination of joint operations and pilot projects.", "ga": "Le plean oibríochtúil atá dea-shainithe, lena n-áirítear meastóireacht agus oibleagáid i leith teagmhais a thuairisciú, ar plean é a bheidh comhaontaithe roimh thús comhoibríochtaí nó tionscadal píolóta i measc na Gníomhaireachta agus an Ballstát aíochta, rannchuideofar go mór le cuspóirí an Rialacháin seo agus modus operandi níos comhchuibhithe a bheith ann maidir le comhordú comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta." }
30
{ "en": "The incident reporting scheme should be used by the Agency to transmit to the relevant national public authorities and to its Management Board (‘the Management Board’) any information concerning credible allegations of breaches of, in particular, Regulation (EC) No 2007/2004 or the Schengen Borders Code established by Regulation (EC) No 562/2006 of the European Parliament and of the Council [5], including fundamental rights, during joint operations, pilot projects or rapid interventions.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an scéim tuairiscithe teagmhas chun aon fhaisnéis a bhaineann le líomhaintí inchreidte maidir le sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 nó ar Chód Teorainneacha Schengen arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [5], ach go háirithe, lena n-áirítear cearta bunúsacha, le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta nó le linn mear-idirghabhálacha, a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta phoiblí ábhartha agus chuig a Bord Bainistíochta (“an Bord Bainistíochta”)." }
31
{ "en": "Risk analysis has been demonstrated to be a key element for conducting operations at the external borders.", "ga": "Tá sé léirithe go bhfuil anailís riosca ina phríomhghné i ndáil le hoibríochtaí a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha." }
32
{ "en": "Its quality should be improved by adding a method for assessing the capacity of Member States to face upcoming challenges, including present and future threats and pressures at the external borders.", "ga": "Ba cheart a cáilíocht a fheabhsú trí mhodh a chur leis chun measúnú a dhéanamh maidir le cumas Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann agus brúnna ag na teorainneacha seachtracha." }
33
{ "en": "However, those assessments should be without prejudice to the Schengen evaluation mechanism.", "ga": "Ba cheart, áfach, go mbeadh na measúnuithe sin gan dochar do shásra meastóireachta Schengen." }
34
{ "en": "The Agency should provide training, including on fundamental rights, access to international protection and access to asylum procedures, at European level, for instructors of the national border guards of Member States and additional training and seminars related to control and surveillance at the external borders and removal of third-country nationals illegally present in the Member States for officers of the competent national services.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht oiliúint a sholáthar ar leibhéal Eorpach, lena n-áirítear oiliúint ar chearta bunúsacha, ar rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar rochtain nósanna imeachta tearmainn, do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta Ballstát agus oiliúint bhreise agus seimineáir bhreise i ndáil le rialú agus le faireachas ag na teorainneacha seachtracha agus le haistriú náisiúnach tríú tíortha, ar náisiúnaigh iad atá i láthair sna Ballstáit go neamhdhleathach, a sholáthar d'oifigigh sna seirbhísí náisiúnta inniúla." }
35
{ "en": "The Agency may organise training activities, including an exchange programme, in cooperation with Member States on their territory.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna, lena n-áirítear clár malartaithe, a eagrú i gcomhar le Ballstáit ar a gcríoch." }
36
{ "en": "Member States should integrate the results of the Agency's work in that perspective in the national training programmes of their border guards.", "ga": "Ba cheart do Bhallstáit torthaí obair na Gníomhaireachta ó thaobh sin de a lánpháirtiú i gcláir oiliúna náisiúnta a ngardaí teorann." }
37
{ "en": "The Agency should monitor and contribute to the developments in scientific research relevant to its field of activity and disseminate that information to the Commission and the Member States.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a thagann chun cinn i dtaighde eolaíochta is taighde atá ábhartha i leith a réimse gníomhaíochta, agus ba cheart di rannchuidiú leis na forbairtí sin, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit." }
38
{ "en": "In most Member States, the operational aspects of the return of third-country nationals illegally present in the Member States fall within the competence of the authorities responsible for controlling the external borders.", "ga": "Sa chuid is mó de na Ballstáit, tagann na gnéithe oibríochtúla, a bhaineann le náisiúnaigh tríú tíortha atá i láthair sna Ballstáit go neamhdhleathach a chur ar ais, faoi inniúlacht na n-údarás atá freagrach as na teorainneacha seachtracha a rialú." }
39
{ "en": "As there is a clear added value in performing those tasks at Union level, the Agency should, in full compliance with the return policy of the Union, accordingly ensure the coordination or the organisation of joint return operations of Member States and identify best practices on the acquisition of travel documents, and define a code of conduct to be followed during the removal of third-country nationals illegally present on the territories of the Member States.", "ga": "Ós rud é go bhfuil breisluach soiléir ag baint le cur i gcrích na gcúraimí sin ar leibhéal Aontais, ba cheart mar sin don Ghníomhaireacht, agus beartas an Aontais maidir le cur ar ais á chomhlíonadh go hiomlán, comhordú agus eagrú chomhoibríochtaí na mBallstát maidir le cur ar ais a áirithiú agus ba cheart di dea-chleachtais a shainaithint maidir le doiciméid taistil a fháil agus cód iompraíochta a shainiú, ar cód é a mbeadh gá ann déanamh dá réir le linn náisiúnaigh tríú tíortha, atá i láthair ar chríocha na mBallstát go neamhdhleathach, a aistriú." }
40
{ "en": "No Union financial means should be made available for activities or operations that are not carried out in conformity with the Charter of Fundamental Rights of the European Union (‘the Charter of Fundamental Rights’).", "ga": "Níor cheart aon acmhainní airgeadais de chuid an Aontais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí ná d'oibríochtaí nach gcuirtear i gcrích i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt um Chearta Bunúsacha”)." }
41
{ "en": "For the purpose of fulfilling its mission and to the extent required for the accomplishment of its tasks, the Agency may cooperate with Europol, the European Asylum Support Office, the European Union Agency for Fundamental Rights and other Union agencies and bodies, the competent authorities of third countries and the international organisations competent in matters covered by Regulation (EC) No 2007/2004 within the framework of working arrangements concluded in accordance with the relevant provisions of the Treaty on the Functioning of the European Union (‘TFEU’).", "ga": "Chun a bunchuspóir a chomhlíonadh agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil i gcúrsaí a chumhdaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”)." }
42
{ "en": "The Agency should facilitate operational cooperation between Member States and third countries within the framework of the external relations policy of the Union.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil a éascú idir Ballstáit agus tríú tíortha faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach." }
43
{ "en": "Cooperation with third countries regarding matters covered by Regulation (EC) No 2007/2004 is increasingly important.", "ga": "Tá comhar le tríú tíortha i ndáil le cúrsaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ag éirí níos tábhachtaí." }
44
{ "en": "To establish a solid cooperation model with relevant third countries, the Agency should be able to launch and finance projects of technical assistance and to deploy liaison officers in third countries in cooperation with the competent authorities of those countries.", "ga": "Ar mhaithe le múnla tathagach comhair a bhunú le tríú tíortha ábhartha, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann tionscadail a sheoladh agus a mhaoiniú maidir le cúnamh teicniúil agus oifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha i gcomhar le húdaráis inniúla na dtíortha sin." }
45
{ "en": "The Agency should be able to invite observers from third countries to participate in its activities, after having provided the necessary training.", "ga": "Tar éis di an oiliúint riachtanach a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí." }
46
{ "en": "Establishing cooperation with third countries is also relevant with regard to promoting Union standards of border management, including respect for fundamental rights and human dignity.", "ga": "Is ní ábhartha é fresin comhar a bhunú le tríú tíortha maidir le caighdeáin Aontais i ndáil le bainistiú teorann a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus dínit an duine a urramú." }
47
{ "en": "In order to ensure open and transparent employment conditions and equal treatment of staff, the Staff Regulations of Officials of the European Union and the Conditions of Employment of Other Servants of the European Union, laid down in Council Regulation (EEC, Euratom, ECSC) No 259/68 [6], should apply to the staff and to the Executive Director of the Agency, including the rules of professional secrecy or other equivalent duties of confidentiality.", "ga": "Chun coinníollacha fostaíochta oscailte agus trédhearcacha a áirithiú agus cóir chomhionann a bheith ann don fhoireann, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle [6] maidir le foireann agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na rialacha sicréideachta gairmiúla nó dualgais coibhéiseacha rúndachta eile." }
48
{ "en": "Furthermore, specific provisions should be adopted by the Management Board to allow national experts from Member States to be seconded to the Agency.", "ga": "Anuas ar sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta forálacha sonracha a ghlacadh chun ligean do shaineolaithe náisiúnta ó Bhallstáit a thabhairt ar iasacht leis an nGníomhaireacht." }
49
{ "en": "Such provisions should, among others, specify that seconded national border guards to be deployed during joint operations, pilot projects or rapid interventions should be considered as guest officers with the corresponding tasks and powers.", "ga": "Ba cheart go sonrófaí sna forálacha sin, i measc rudaí eile, gur cheart go ndéanfaí gardaí teorann náisiúnta atá ar iasacht agus atá le himscaradh i rith comhoibríochtaí, tionscadal píolóta nó mear-idirghabhálacha a mheas mar aoi-oifigigh agus na cúraimí comhfhreagracha orthu agus na cumhachtaí comhfhreagracha a bheith acu." }
50
{ "en": "Regulation (EC) No 45/2001 of the European Parliament and of the Council of 18 December 2000 on the protection of individuals with regard to the processing of personal data by the Community institutions and bodies and on the free movement of such data [7] applies to the processing of personal data by the Agency.", "ga": "Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin [7] i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht." }
51
{ "en": "The European Data Protection Supervisor should therefore monitor the processing of personal data by the Agency and have the power to obtain from the Agency access to all information necessary for his or her enquiries.", "ga": "Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh, dá bhrí sin, ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht agus ba cheart é a bheith de chumhacht aige nó aici rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá dá fhiosrúcháin nó dá fiosrúcháin." }
52
{ "en": "In so far as the Member States are processing personal data, Directive 95/46/EC of the European Parliament and of the Council of 24 October 1995 on the protection of individuals with regard to the processing of personal data and on the free movement of such data [8] applies in full.", "ga": "A mhéid is atá na Ballstáit ag próiseáil sonraí pearsanta, beidh feidhm go hiomlán ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin [8]." }
53
{ "en": "When ensuring the operational management of IT systems, the Agency should follow European and international standards, including on data protection, taking into account the highest professional requirements.", "ga": "Le linn di bainistiú oibríochtúil córas TF a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht déanamh de réir caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí, agus na ceanglais ghairmiúla is airde á gcur san áireamh aici." }
54
{ "en": "Regulation (EC) No 2007/2004 should therefore be amended accordingly.", "ga": "Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a leasú dá réir." }
55
{ "en": "This Regulation respects the fundamental rights and observes the principles recognised in particular by the TFEU and the Charter of Fundamental Rights, notably the right to human dignity, the prohibition of torture and of inhuman or degrading treatment or punishment, the right to liberty and security, the right to protection of personal data, the right to asylum, the principle of non-refoulement, the principle of non-discrimination, the rights of the child, and the right to an effective remedy.", "ga": "Déantar leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú agus comhlíontar leis na prionsabal a aithnítear, go háirithe, i CFAE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go sonrach, an ceart chun dínit an duine, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn, prionsabal an non-refoulement, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, cearta an linbh agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil." }
56
{ "en": "This Regulation should be applied by the Member States in accordance with those rights and principles.", "ga": "Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin." }
57
{ "en": "Any use of force should be in accordance with the national law of the host Member State, including the principles of necessity and proportionality.", "ga": "Ba cheart go mbeadh aon úsaid a bhaintear as forneart i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta, lena n-áirítear le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta." }
58
{ "en": "The implementation of this Regulation should not affect the rights or obligations of Member States under the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue or the Geneva Convention Relating to the Status of Refugees.", "ga": "Ba cheart nach ndéanfadh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil ar Muir nó faoi Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe." }
59
{ "en": "Since the objective of this Regulation, namely to contribute to the creation of an integrated management of operational cooperation at the external borders of the Member States, cannot be sufficiently achieved by the Member States and can therefore be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union (‘TEU’).", "ga": "Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar an gcomhar oibríochtúil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát a chruthú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”) é." }
60
{ "en": "In accordance with the principle of proportionality, as set out in that Article, this Regulation does not go beyond what is necessary in order to achieve that objective.", "ga": "I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a baint amach." }
61
{ "en": "As regards Iceland and Norway, this Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis within the meaning of the Agreement concluded by the Council of the European Union and the Republic of Iceland and the Kingdom of Norway concerning the latters’ association with the implementation, application and development of the Schengen acquis [9], which fall within the area referred to in Article 1, point A of Council Decision 1999/437/EC of 17 May 1999 on certain arrangements for the application of that Agreement [10].", "ga": "Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen [9], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin [10]." }
62
{ "en": "Consequently, the delegations of the Republic of Iceland and the Kingdom of Norway should participate as members of the Management Board, albeit with limited voting rights.", "ga": "Dá réir sin, ba cheart do thoscaireachtaí ó Phoblacht na hÍoslainne agus ó Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach mar chomhaltaí de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu." }
63
{ "en": "As regards Switzerland, this Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis within the meaning of the Agreement between the European Union, the European Community and the Swiss Confederation on the Swiss Confederation's association with the implementation, application and development of the Schengen acquis [11], which fall within the area referred to in Article 1, points A, B and G of Decision 1999/437/EC read in conjunction with Article 3 of Council Decision 2008/146/EC [12].", "ga": "Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen [11], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle [12]." }
64
{ "en": "Consequently, the delegation of the Swiss Confederation should participate as member of the Management Board, albeit with limited voting rights.", "ga": "Dá réir sin, ba cheart do thoscaireacht Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach mar chomhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu." }
65
{ "en": "As regards Liechtenstein, this Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis within the meaning of the Protocol between the European Union, the European Community, the Swiss Confederation and the Principality of Liechtenstein on the accession of the Principality of Liechtenstein to the Agreement between the European Union, the European Community and the Swiss Confederation on the Swiss Confederation's association with the implementation, application and development of the Schengen acquis [13] which fall within the area referred to in Article 1, points A, B and G of Decision 1999/437/EC read in conjunction with Article 3 of Council Decision 2011/350/EU [14].", "ga": "Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen [13], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle [14]." }
66
{ "en": "Consequently, the delegation of the Principality of Liechtenstein should participate as member of the Management Board, albeit with limited voting rights.", "ga": "Dá réir sin, ba cheart do thoscaireacht Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach mar chomhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu." }
67
{ "en": "In accordance with Articles 1 and 2 of the Protocol (No 22) on the position of Denmark, annexed to the TEU and the TFEU, Denmark is not taking part in the adoption of this Regulation and is not bound by it or subject to its application.", "ga": "I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm." }
68
{ "en": "Given that this Regulation builds upon the Schengen acquis, Denmark shall, in accordance with Article 4 of that Protocol, decide within a period of six months after the Council has decided on this Regulation whether it will implement it in its national law.", "ga": "Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é." }
69
{ "en": "This Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis in which the United Kingdom does not take part, in accordance with Council Decision 2000/365/EC of 29 May 2000 concerning the request of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland to take part in some of the provisions of the Schengen acquis [15]; the United Kingdom is therefore not taking part in its adoption and is not bound by it or subject to its application.", "ga": "Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen [15]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ag glacadh páirte ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm." }
70
{ "en": "This Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis in which Ireland does not take part, in accordance with Council Decision 2002/192/EC of 28 February 2002 concerning Ireland's request to take part in some of the provisions of the Schengen acquis [16]; Ireland is therefore not taking part in its adoption and is not bound by it or subject to its application.", "ga": "Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen [16]; dá bhrí sin, níl Éire ag glacadh páirte ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm." }
71
{ "en": "The Agency should facilitate the organisation of operational actions in which the Member States may avail themselves of the expertise and facilities which Ireland and the United Kingdom may be willing to offer, in accordance with modalities to be decided on a case-by-case basis by the Management Board.", "ga": "Ba cheart don Ghníomhaireacht eagrú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú inar féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an saineolas agus as na saoráidí a bhféadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheith toilteanach a thairiscint, i gcomhréir leis na modhanna a chinnfidh an Bord Bainistíochta ar bhonn cáis go cás." }
72
{ "en": "To that end, representatives of Ireland and the United Kingdom should be invited to attend all the meetings of the Management Board in order to allow them to participate fully in the deliberations for the preparation of such operational actions.", "ga": "Chuige sin, ba cheart cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán i bplé a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla den sórt sin a ullmhú." }
73
{ "en": "A controversy exists between the Kingdom of Spain and the United Kingdom on the demarcation of the borders of Gibraltar.", "ga": "Tá conspóid ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe maidir le teorannú theorainneacha Ghiobráltar." }
74
{ "en": "The suspension of the applicability of this Regulation to the borders of Gibraltar does not imply any change in the respective positions of the States concerned,", "ga": "Ní thuigtear le fionraí infheidhmeacht an Rialacháin seo maidir le teorainneacha Ghiobráltar go bhfuil aon athrú ar sheasaimh faoi seach na Stát lena mbaineann," }
75
{ "en": "HAVE ADOPTED THIS REGULATION:", "ga": "TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:" }
76
{ "en": "Article 1", "ga": "Airteagal 1" }
77
{ "en": "Amendments", "ga": "Leasuithe" }
78
{ "en": "Regulation (EC) No 2007/2004 is hereby amended as follows:", "ga": "Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 leis seo mar a leanas:" }
79
{ "en": "in Article 1, paragraphs 2 and 3 are replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 1 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:" }
80
{ "en": "While considering that the responsibility for the control and surveillance of external borders lies with the Member States, the Agency, as a body of the Union as defined in Article 15 and in accordance with Article 19 of this Regulation, shall facilitate and render more effective the application of existing and future Union measures relating to the management of external borders, in particular the Schengen Borders Code established by Regulation (EC) No 562/2006.", "ga": "Á bhreithniú di gurb iad na Ballstáit atá freagrach as rialú agus as faireachas ar na teorainneacha seachtracha, déanfaidh an Ghníomhaireacht, mar chomhlacht de chuid an Aontais amhail a shainítear in Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo, an tslí ina gcuirtear bearta an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, go háirithe Cód Teorainneacha Schengen arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtaí." }
81
{ "en": "It shall do so by ensuring the coordination of the actions of the Member States in the implementation of those measures, thereby contributing to an efficient, high and uniform level of control on persons and of surveillance of the external borders of the Member States.", "ga": "Déanfaidh sí amhlaidh trína áirithiú go gcomhordaítear gníomhaíochtaí na mBallstát agus na bearta sin á gcur chun feidhme, agus, ar an gcaoi sin, rannchuideoidh sí le leibhéal éifeachtach, ard agus comhionann de rialú ar dhaoine agus d'fhaireachas ar theorainneacha seachtracha na mBallstát." }
82
{ "en": "The Agency shall fulfil its tasks in full compliance with the relevant Union law, including the Charter of Fundamental Rights of the European Union (“the Charter of Fundamental Rights”); the relevant international law, including the Convention Relating to the Status of Refugees done at Geneva on 28 July 1951 (“the Geneva Convention”); obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement; and fundamental rights, and taking into account the reports of the Consultative Forum referred to in Article 26a of this Regulation.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán aici, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt um Chearta Bunúsacha’); an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’); oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement; agus na cearta bunúsacha, agus déanfaidh sí amhlaidh agus aird á tabhairt aici ar thuarascálacha an Fhóraim Chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26a den Rialachán seo." }
83
{ "en": "The Agency shall also provide the Commission and the Member States with the necessary technical support and expertise in the management of the external borders and promote solidarity between Member States, especially those facing specific and disproportionate pressures.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht freisin an tacaíocht theicniúil agus an saineolas atá riachtanach do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit agus déanfaidh sí an dlúthpháirtíocht idir Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha." }
84
{ "en": "Article 1a is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 1a mar a leanas:" }
85
{ "en": "the following point is inserted:", "ga": "cuirtear isteach an pointe seo a leanas:" }
86
{ "en": "‘1a.", "ga": "“1a." }
87
{ "en": "“European Border Guard Teams” means for the purpose of Article 3, Article 3b, Article 3c, Article 8 and Article 17, teams to be deployed during joint operations and pilot projects; for the purpose of Articles 8a to 8g, teams to be deployed for rapid border interventions (“rapid interventions”) within the meaning of Regulation (EC) No 863/2007, and for the purpose of points (ea) and (g) of Article 2(1) and Article 5, teams to be deployed during joint operations, pilot projects and rapid interventions;", "ga": "chun críche Airteagal 3, Airteagal 3b, Airteagal 3c, Airteagal 8 agus Airteagal 17, ciallaíonn ‘Foirne Eorpacha Gardaí Teorann’ foirne a bheidh le himscaradh i rith comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta; chun críche Airteagail 8a go 8g, foirne a bheidh le himscaradh i gcomhair mear-idirghabhálacha teorann (‘mear-idirghabhálacha’) de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 863/2007, agus chun críche phointe (ea) agus phointe (g) d’Airteagal 2(1) agus chun críche Airteagal 5, foirne a bheidh le himscaradh i rith comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha;" }
88
{ "en": "point 2 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:" }
89
{ "en": "“host Member State” means a Member State in which a joint operation, a pilot project or a rapid intervention takes place or from which it is launched;’;", "ga": "ciallaíonn ‘Ballstát aíochta’ Ballstát ina dtarlaíonn comhoibríocht, tionscadal píolóta nó mear-idirghabháil nó an Ballstát as a seoltar é;”;" }
90
{ "en": "points 4 and 5 are replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 agus phointe 5:" }
91
{ "en": "“members of the teams” means border guards of Member States serving with the European Border Guard Teams other than those of the host Member State;", "ga": "ciallaíonn ‘baill na bhfoirne’ gardaí teorann na mBallstát atá ar seirbhís leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta;" }
92
{ "en": "“requesting Member State” means a Member State whose competent authorities request the Agency to deploy teams for rapid interventions on its territory;’;", "ga": "ciallaíonn ‘Ballstát iarrthach’ Ballstát a n-iarrann a údaráis inniúla ar an nGníomhaireacht foirne a imscaradh i gcomhair mear-idirghabhálacha ar a chríoch;”;" }
93
{ "en": "Article 2 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:" }
94
{ "en": "paragraph 1 is amended as follows:", "ga": "leasaítear mír 1 mar a leanas:" }
95
{ "en": "points (c) and (d) are replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):" }
96
{ "en": "carry out risk analyses, including the assessment of the capacity of Member States to face threats and pressures at the external borders;", "ga": "anailísí riosca a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar bhrúnna ag na teorainneacha seachtracha;" }
97
{ "en": "participate in the development of research relevant for the control and surveillance of external borders;’;", "ga": "páirt a ghlacadh i bhforbairt taighde atá ábhartha chun rialú agus faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha;”;" }
98
{ "en": "‘(da)", "ga": "“(da)" }
99
{ "en": "assist Member States in circumstances requiring increased technical and operational assistance at the external borders, taking into account that some situations may involve humanitarian emergencies and rescue at sea;’;", "ga": "cúnamh a thabhairt do Bhallstáit i gcúinsí ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar an ní go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le cúinsí áirithe;”;" }

Dataset Card for "en-ga-dataset"

More Information needed

Downloads last month
0
Edit dataset card