id
int64
0
182k
translation
dict
200
{ "en": "For the purposes of this Article, Member States shall provide the Agency with all necessary information regarding the situation and possible threats at the external borders.", "ga": "Chun críoch an Airteagail seo, déanfaidh Ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an gcúinse atá ann ag na teorainneacha seachtracha, agus maidir le bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann, a sholáthar don Ghníomhaireacht." }
201
{ "en": "The Agency shall incorporate the results of a common integrated risk analysis model in its development of the common core curricula for the training of border guards referred to in Article 5.’;", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí múnla choitinn um anailís riosca chomhtháite a ionchorprú ina hoibre forbartha ar lárchuraclaim coiteann i gcomhair oiliúint gardaí teorann ar oiliúint í dá dtagraítear in Airteagal 5.”;" }
202
{ "en": "Article 5 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:" }
203
{ "en": "the first paragraph is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:" }
204
{ "en": "‘The Agency shall provide border guards who are members of the European Border Guard Teams with advanced training relevant to their tasks and powers and shall conduct regular exercises with those border guards in accordance with the advanced training and exercise schedule referred to in the annual work programme of the Agency.", "ga": "“Déanfaidh an Ghníomhaireacht ardoiliúint a sholáthar do ghardaí teorann is baill de na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann, ar ardoiliúint í a bheidh ábhartha maidir lena gcúraimí agus lena gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na gardaí teorann sin i gcomhréir leis an sceideal i ndáil le hardoiliúint agus freachnamh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta." }
205
{ "en": "The Agency shall also take the necessary initiatives to ensure that all border guards and other personnel of the Member States who participate in the European Border Guard Teams, as well as the staff of the Agency, have received, prior to their participation in operational activities organised by the Agency, training in relevant Union and international law, including fundamental rights and access to international protection and guidelines for the purpose of identifying persons seeking protection and directing them towards the appropriate facilities.", "ga": "Chomh maith leis sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a áirithiú go mbeidh oiliúint faighte ag gardaí teorann agus pearsanra eile go léir na mBallstát atá rannpháirteach sna Foirne Eorpacha Gardaí Teoranta agus ag foireann na Gníomhaireachta i ndlí ábhartha an Aontais agus i ndlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta maille le treoirlínte chun daoine atá ag lorg cosanta a shainaithint agus chun na daoine sin a stiúrú chuig na saoráidí iomchuí, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht." }
206
{ "en": "The Agency shall establish and further develop common core curricula for the training of border guards and provide training at European level for instructors of the national border guards of Member States, including with regard to fundamental rights, access to international protection and relevant maritime law.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárchuraclaim choiteanna a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh i gcomhair oiliúint gardaí teorann agus déanfaidh sí oiliúint a sholáthar ar an leibhéal Eorpach do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear oiliúint maidir le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus dlí muirí ábhartha." }
207
{ "en": "The Agency shall draw up the common core curricula after consulting the Consultative Forum referred to in Article 26a.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht na lárchuracalaim choiteanna a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26a." }
208
{ "en": "Member States shall integrate the common core curricula in the training of their national border guards.’;", "ga": "Déanfaidh Ballstáit na lárchuraclaim choiteanna a lánpháirtiú in oiliúint a ngardaí teorann náisiúnta.”;" }
209
{ "en": "the following paragraph is inserted after the last paragraph:", "ga": "cuirtear an mhír seo a leanas i ndiaidh na míre deireanaí:" }
210
{ "en": "‘The Agency shall establish an exchange programme enabling border guards participating in the European Border Guard Teams to acquire knowledge or specific know-how from experiences and good practices abroad by working with border guards in a Member State other than their own.’;", "ga": "“Bunóidh an Ghníomhaireacht clár malartaithe lena gcumasófar do ghardaí teorann atá rannpháirteach sna Foirne Eorpacha Gardaí Teorann eolas sonrach nó cur amach sonrach a fháil ó thaithí agus ó dhea-chleachtais thar lear trína bheith ag obair le gardaí teorann i mBallstát eile taobh amuigh dá mBallstát féin.”;" }
211
{ "en": "Articles 6 and 7 are replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 agus Airteagal 7:" }
212
{ "en": "‘Article 6", "ga": "“Airteagal 6" }
213
{ "en": "Monitoring and contributing to research", "ga": "Faireachán a dhéanamh ar thaighde agus rannchuidiú le taighde" }
214
{ "en": "The Agency shall proactively monitor and contribute to the developments in research relevant for the control and surveillance of the external borders and disseminate that information to the Commission and the Member States.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán forghníomhach ar na forbairtí a tharlaíonn i dtaighde is forbairtí atá ábhartha maidir le rialú agus faireachas ar theorainneacha seachtracha, agus rannchuideoidh sí go forghníomhach leis na forbairtí sin agus scaipfidh sí an fhaisnéis sin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit." }
215
{ "en": "Article 7", "ga": "Airteagal 7" }
216
{ "en": "Technical equipment", "ga": "Trealamh teicniúil" }
217
{ "en": "The Agency may acquire, itself or in co-ownership with a Member State, or lease technical equipment for external border control to be deployed during joint operations, pilot projects, rapid interventions, joint return operations or technical assistance projects in accordance with the financial rules applicable to the Agency.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht, í féin nó i gcomhúinéireacht le Ballstát áirithe, trealamh teicniúil le haghaidh rialú teorainneacha seachtracha a fháil mar éadáil nó é a léasú chun an trealamh sin a imscaradh le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta, mear-idirghabhálacha, comhoibríochtaí maidir le cur ar ais nó tionscadal cúnaimh theicniúil i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht." }
218
{ "en": "Any acquisition or leasing of equipment entailing significant costs to the Agency shall be preceded by a thorough needs and cost/benefit analysis.", "ga": "Déanfar anailís chríochnúil maidir le riachtanais agus costas is tairbhe sula bhfaightear mar éadáil nó ar léas trealamh a mbeadh costais shuntasacha ag gabháil leis don Ghníomhaireacht." }
219
{ "en": "Any such expenditure shall be provided for in the Agency's budget as adopted by the Management Board in accordance with Article 29(9).", "ga": "Forálfar d’aon chaiteachas den sórt sin i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 29(9)." }
220
{ "en": "Where the Agency acquires or leases major technical equipment, such as open sea and coastal patrol vessels or vehicles, the following conditions shall apply:", "ga": "I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil tábhachtach mar éadáil nó ar léas, amhail soithí patróil nó feithiclí patróil don fharraige mhór nó soithí patróil nó feithiclí patróil cois cósta, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:" }
221
{ "en": "in case of acquisition and co-ownership, the Agency shall agree formally with one Member State that the latter will provide for the registration of the equipment in accordance with the applicable legislation of that Member State;", "ga": "i gcás éadála agus comhúinéireachta, tiocfaidh an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le Ballstát amháin go foirmiúil go ndéanfaidh an Ballstát sin foráil do chlárú an trealaimh i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme sa Bhallstát sin;" }
222
{ "en": "in case of leasing, the equipment shall be registered in a Member State.", "ga": "i gcás léasa, déanfar an trealamh a chlárú i mBallstát áirithe." }
223
{ "en": "On the basis of a model agreement drawn up by the Agency, the Member State of registration and the Agency shall agree on modalities ensuring the periods of full availability of the co-owned assets for the Agency, as well as on the terms of use of the equipment.", "ga": "Ar bhonn comhaontaithe shamplaigh arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht, comhaontóidh Ballstát an chláraithe agus an Ghníomhaireacht maidir leis na modúlachtaí lena n-áirítear na tréimhsí a mbeidh lánfháil ag an nGníomhaireacht ar na sócmhainní atá faoi chomhúinéireacht, chomh maith le téarmaí úsáide an trealaimh." }
224
{ "en": "The Member State of registration or the supplier of technical equipment shall provide the necessary experts and technical crew to operate the technical equipment in a legally sound and safe manner.", "ga": "Déanfaidh Ballstát an chláraithe nó soláthróir trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an fhoireann theicniúil is gá a sholáthar chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte." }
225
{ "en": "The Agency shall set up and keep centralised records of equipment in a technical equipment pool composed of equipment owned either by the Member States or by the Agency and equipment co-owned by the Member States and the Agency for external border control purposes.", "ga": "Cuirfear an Ghníomhaireacht ar bun agus coimeádfaidh sí taifid lárnaithe de threalamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil ar comhthiomsú é atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta chun críocha na teorainneacha seachtracha a rialú." }
226
{ "en": "The technical equipment pool shall contain a minimum number per type of technical equipment as referred to in paragraph 5 of this Article.", "ga": "Beidh líon íosta de réir gach cineál trealaimh theicniúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil." }
227
{ "en": "The equipment listed in the technical equipment pool shall be deployed during the activities referred to in Articles 3, 8a and 9.", "ga": "Imscarfar an trealamh a liostaítear sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 8a agus Airteagal 9." }
228
{ "en": "Member States shall contribute to the technical equipment pool referred to in paragraph 2.", "ga": "Rannchuideoidh na Ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 2." }
229
{ "en": "The contribution by Member States to the pool and deployment of the technical equipment for specific operations shall be planned on the basis of annual bilateral negotiations and agreements between the Agency and Member States.", "ga": "Maidir le rannchuidiú na mBallstát don chomhthiomsú agus in imscaradh an trealaimh sin le haghaidh oibríochtaí sonracha, déanfar é a phleanáil bunaithe ar chaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus Ballstáit." }
230
{ "en": "In accordance with those agreements and to the extent that it forms part of the minimum number of technical equipment for a given year, Member States shall make their technical equipment available for deployment at the request of the Agency, unless they are faced with an exceptional situation substantially affecting the discharge of national tasks.", "ga": "I gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus a mhéid atá sé ina chuid den líon íosta trealaimh theicniúil le haghaidh bliana áirithe, cuirfidh Ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é go bhfuil siad os comhair cáis eisceachtúil a dhéanann difear go substaintiúil d’urscaoileadh cúraimí náisiúnta." }
231
{ "en": "Such request shall be made at least 45 days before the intended deployment.", "ga": "Déanfar iarraidh den sórt sin 45 lá ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe." }
232
{ "en": "The contributions to the technical equipment pool shall be reviewed annually.", "ga": "Déanfar athbhreithniú bliantúil ar na rannchuidithe leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil." }
233
{ "en": "The Agency shall manage the records of the technical equipment pool as follows:", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht na taifid maidir leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil a bhainistiú mar a leanas:" }
234
{ "en": "classification by type of equipment and by type of operation;", "ga": "aicmiú de réir cineáil trealaimh agus de réir oibríochta;" }
235
{ "en": "classification by owner (Member State, Agency, other);", "ga": "aicmiú de réir úinéara (Ballstát, Gníomhaireacht, eile);" }
236
{ "en": "overall numbers of required equipment;", "ga": "líonta foriomlána de threalaimh atá ag teastáil;" }
237
{ "en": "crew requirements if applicable;", "ga": "ceanglais foirne, más infheidhme;" }
238
{ "en": "other information, such as registration details, transportation and maintenance requirements, national applicable export regimes, technical instructions, or other relevant information to handle the equipment correctly.", "ga": "faisnéis eile, amhail mionsonraí clárúcháin, ceanglais iompair agus chothabhála, na córais onnmhairíochta náisiúnta is infheidhme, treoracha teicniúla, nó faisnéis eile ábhartha chun an trealamh a láimhseáil i gceart." }
239
{ "en": "The Agency shall finance the deployment of the technical equipment which forms part of the minimum number of technical equipment provided by a given Member State for a given year.", "ga": "Maoineoidh an Ghníomhaireacht imscaradh an trealaimh theicniúil atá ina chuid den líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil arna soláthar ag Ballstát áirithe le haghaidh bliana áirithe." }
240
{ "en": "The deployment of technical equipment which does not form part of the minimum number of technical equipment shall be co-financed by the Agency up to a maximum of 100 % of the eligible expenses, taking into account the particular circumstances of the Member States deploying such technical equipment.", "ga": "I gcás imscaradh trealaimh theicniúil nach bhfuil ina chuid den líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a chómhaoiniú go dtí suim uasta 100 % den chaiteachas incháilithe, agus aird á tabhairt ar imthosca ar leith na mBallstát is Ballstát atá ag imscaradh trealaimh theicniúil den sórt sin." }
241
{ "en": "On a proposal of the Executive Director, the Management Board shall decide, in accordance with Article 24, on a yearly basis, on the rules relating to technical equipment, including the required overall minimum numbers per type of technical equipment, the conditions for deployment and reimbursement of costs.", "ga": "Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, cinnfidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24, ar bhonn bliantúil, na rialacha maidir le trealamh teicniúil, lena n-áirítear na líonta foriomlána íosta, de réir cineáil trealaimh theicniúil, is gá, na coinníollacha i leith imscartha agus aisíoc costas." }
242
{ "en": "For budgetary purposes that decision should be taken by the Management Board by 31 March each year.", "ga": "Chun críocha buiséadacha, ba cheart don Bhord Bainistíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Márta gach bliain." }
243
{ "en": "The Agency shall propose the minimum number of technical equipment in accordance with its needs, notably in order to be able to carry out joint operations, pilot projects, rapid interventions and joint return operations, in accordance with the its work programme for the year in question.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht an líon íosta de réir cineáil de threalamh theicniúil a thogradh i gcomhréir lena riachtanais atá aici, go háirithe chun go mbeidh sí in ann comhoibríochtaí, tionscadail phíolóta, mear-idirghabhálacha agus comhoibríochtaí maidir le cur ar ais a chur i gcrích i gcomhréir lena clár oibre don bhliain i dtrácht." }
244
{ "en": "If the minimum number of technical equipment proves to be insufficient to carry out the operational plan agreed for joint operations, pilot projects, rapid interventions or joint return operations, the Agency shall revise it on the basis of justified needs and of an agreement with the Member States.", "ga": "Má chruthaítear nach leor an líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil chun plean oibríochtúil, a bheidh comhaontaithe i gcomhair comhoibríochtaí, tionscadail phíolóta, mear-idirghabhálacha nó comhoibríochtaí maidir le cur ar ais, a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a athbhreithniú bunaithe ar bhonn a riachtanas a bhfuil údar maith ag baint leo agus ar bhonn comhaontaithe idir na Ballstáit." }
245
{ "en": "The Agency shall report on the composition and the deployment of equipment which is part of the technical equipment pool to the Management Board on a monthly basis.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairisc ar chomhdhéanamh agus ar imscaradh trealaimh atá ina chuid den chomhthiomsú de threalamh teicniúil don Bhord Bainistíochta ar bhonn míosúil." }
246
{ "en": "Where the minimum number of technical equipment referred to in paragraph 5 is not reached, the Executive Director shall inform the Management Board without delay.", "ga": "Más rud é nach mbaintear amach an líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi gan mhoill." }
247
{ "en": "The Management Board shall take a decision on the prioritisation of the deployment of the technical equipment urgently and take the appropriate steps to remedy the identified shortcomings.", "ga": "Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh an tosaíocht a thabhairt d'imscaradh an trealaimh theicniúil go práinneach agus déanfaidh sé gach beart is gá chun na heaspaí atá aitheanta a leigheas." }
248
{ "en": "It shall inform the Commission of the identified shortcomings and the steps taken.", "ga": "Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na heaspaí arna sainaithint agus faoi na bearta a rinneadh." }
249
{ "en": "The Commission shall subsequently inform the European Parliament and the Council thereof, communicating as well its own assessment.", "ga": "Déanfaidh an Coimisiún, ina dhiaidh sin, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin, agus a mheasúnú féin a chur in iúl dóibh freisin." }
250
{ "en": "The Agency shall inform the European Parliament on an annual basis of the number of technical equipment that each Member State has committed to the technical equipment pool in accordance with this Article.’;", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht an líon trealaimh theicniúil a gheall gach Ballstát a chur isteach sa chomhthiomsú, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil.”;" }
251
{ "en": "Article 8 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:" }
252
{ "en": "paragraph 1 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:" }
253
{ "en": "Without prejudice to Article 78(3) of the Treaty on the Functioning of the European Union (“TFEU”), one or more Member States facing specific and disproportionate pressures and confronted with circumstances requiring increased technical and operational assistance when implementing their obligations with regard to control and surveillance of external borders may request the Agency for assistance.", "ga": "Gan dochar d’Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), maidir le Ballstát amháin nó níos mó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha agus atá os comhair imthosca ar dá réir a n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochta le linn dóibh a n-oibleagáidí maidir le rialú agus faireachas teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, féadfaidh siad cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht." }
254
{ "en": "The Agency shall in accordance with Article 3 organise the appropriate technical and operational assistance for the requesting Member State(s).’;", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 3, an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochta a eagrú don Bhallstát iarrthach nó do na Ballstáit iarrthacha.”;" }
255
{ "en": "in paragraph 2, the following point is added:", "ga": "cuirtear isteach an pointe seo a leanas i mír 2:" }
256
{ "en": "deploy border guards from the European Border Guard Teams.’;", "ga": "gardaí teorann ó na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imscaradh.”;" }
257
{ "en": "paragraph 3 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:" }
258
{ "en": "The Agency may acquire technical equipment for checks and surveillance of external borders to be used by its experts and within the framework of rapid interventions for their duration.’;", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil i gcomhair seiceálacha agus faireachas a dhéanamh i leith na dteorainneacha seachtracha chun go n-úsáidfeadh a saineolaithe é faoi chuimsiú na mear-idirghabhálacha fad a mhairfidh na mear-idirghabhálacha sin.”;" }
259
{ "en": "Article 8a is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8a:" }
260
{ "en": "‘Article 8a", "ga": "“Airteagal 8a" }
261
{ "en": "Rapid interventions", "ga": "Mear-idirghabhálacha" }
262
{ "en": "At the request of a Member State faced with a situation of urgent and exceptional pressure, especially the arrival at points of the external borders of large numbers of third-country nationals trying to enter the territory of that Member State illegally, the Agency may deploy for a limited period one or more European Border Guard Teams (“team(s)”) on the territory of the requesting Member State for the appropriate duration in accordance with Article 4 of Regulation (EC) No 863/2007.’;", "ga": "Arna iarraidh sin do Bhallstáit a thugann aghaidh ar cúinse brú phráinnigh agus eisceachtúil, go háirithe i gcás ina sroicheann líonta ard náisiúnach tríú tíre ar náisiúnaigh iad atá ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríoch an Bhallstáit sin ag láithreacha de chuid na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht Foireann Eorpach Gardaí Teorann (‘foireann/foirne’) amháin nó níos mó a imscaradh ar feadh tréimhse teoranta ar chríoch an Bhallstáit iarrthaigh ar feadh na ré iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 863/2007.”;" }
263
{ "en": "in Article 8d, paragraph 5 is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 8d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:" }
264
{ "en": "If the Executive Director decides to deploy one or more teams, the Agency together with the requesting Member State shall draw up an operational plan in accordance with Article 8e immediately, and in any event no later than five working days from the date of the decision.’;", "ga": "Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann amháin nó níos mó a imscaradh, déanfaidh an Ghníomhaireacht in éineacht leis an mBallstát iarrthach plean oibríochtúil a tharraingt suas láithreach, agus i cibé cás ag tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a glacadh an chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 8e.”;" }
265
{ "en": "in Article 8e, paragraph 1 is amended as follows:", "ga": "in Airteagal 8e, leasaítear mír 1 mar a leanas:" }
266
{ "en": "points (e), (f) and (g) are replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e), phointe (f) agus phointe (g):" }
267
{ "en": "the composition of the teams, as well as the deployment of other relevant staff;", "ga": "comhdhéanamh na bhfoirne, mar aon le himscaradh baill foirne ábhartha eile;" }
268
{ "en": "command and control provisions, including the names and ranks of the border guards of the host Member State responsible for cooperating with the teams, in particular of those border guards who are in command of the teams during the period of deployment, and the place of the teams in the chain of command;", "ga": "forálacha a bhaineann le ceannas agus le rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta atá freagrach as comhar leis na foirne, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin ina measc atá i gceannas ar na foirne le linn na tréimhse imscartha, agus áit na bhfoirne sa slabhra ceannais;" }
269
{ "en": "the technical equipment to be deployed together with the teams, including specific requirements such as conditions for use, requested crew, transport and other logistics, and financial provisions;’;", "ga": "an trealamh teicniúil a bheidh le himscaradh in éineacht leis na foirne, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an fhoireann a ndearnadh iarraidh ina leith, iompar agus loighistic eile, agus forálacha airgeadais;”;" }
270
{ "en": "regarding sea operations, specific information on the application of the relevant jurisdiction and legislation in the geographical area where the rapid intervention takes place, including references to international and Union law regarding interception, rescue at sea and disembarkation;", "ga": "maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar geografach ina dtarlaíonn an mear-idirghabháil, lena n-áirítear tagairtí do dhlí idirnáisiúnta agus do dhlí Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus cur ó bhord;" }
271
{ "en": "modalities of cooperation with third countries, other Union agencies and bodies or international organisations.’;", "ga": "modhanna maidir le comhar le tríú tíortha, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.”;" }
272
{ "en": "in Article 8h(1), the introductory part is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 8h(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:" }
273
{ "en": "The Agency shall fully meet the following costs incurred by Member States in making available their border guards for the purposes mentioned in Article 3(1b), Article 8a and Article 8c:’;", "ga": "Íocfaidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag Ballstáit agus iad ag cur a ngardaí teorann ar fáil chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 3(1b), Airteagal 8a agus Airteagal 8c:”;" }
274
{ "en": "Article 9 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:" }
275
{ "en": "‘Article 9", "ga": "“Airteagal 9" }
276
{ "en": "Return cooperation", "ga": "Comhar maidir le cur ar ais" }
277
{ "en": "Subject to the return policy of the Union, and in particular Directive 2008/115/EC of the European Parliament and of the Council of 16 December 2008 on common standards and procedures in Member States for returning illegally staying third-country nationals, and without entering into the merits of return decisions, the Agency shall provide the necessary assistance, and at the request of the participating Member States ensure the coordination or the organisation of joint return operations of Member States, including through the chartering of aircraft for the purpose of such operations.", "ga": "Faoi réir bheartas an Aontais maidir le cur ar ais, agus go háirithe faoi réir Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le comhchaighdeáin agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit le haghaidh náisiúnaigh tríú tíre atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais, agus gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí maidir le cur ar ais, déanfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a sholáthar, agus arna iarriadh sin do na Ballstáit rannpháirteacha, áiritheoidh sí comhordú nó eagrú comhoibríochtaí chur ar ais Ballstát, lena n-áirítear trí aerárthaí a chairtiú chun críocha na n-oibríochtaí sin." }
278
{ "en": "The Agency shall finance or co-finance the operations and projects referred to in this paragraph with grants from its budget in accordance with the financial rules applicable to the Agency.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht na hoibríochtaí agus na tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo a mhaoiniú nó a chómhaoiniú le deontais óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht." }
279
{ "en": "The Agency may also use financial means of the Union available in the field of return.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint freisin as acmhainní airgeadais de chuid an Aontais ar acmhainní iad atá ar fáil sa réimse cur ar ais." }
280
{ "en": "The Agency shall ensure that in its grant agreements with Member States any financial support is conditional upon the full respect for the Charter of Fundamental Rights.", "ga": "Ina comhaontuithe deontais leis na Ballstáit, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh aon tacaíocht airgeadais faoi réir urramú iomlán na Cairte um Chearta Bunúsacha." }
281
{ "en": "The Agency shall develop a Code of Conduct for the return of illegally present third-country nationals which shall apply during all joint return operations coordinated by the Agency, describing common standardised procedures which should simplify the organisation of joint return operations and assure return in a humane manner and with full respect for fundamental rights, in particular the principles of human dignity, prohibition of torture and of inhuman or degrading treatment or punishment, the right to liberty and security and the rights to the protection of personal data and non-discrimination.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht Cód Iompraíochta i leith náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais a fhorbairt, ar cód é ag a mbeidh feidhm le linn gach comhoibríochta maidir le cur ar ais ar comhoibríochtaí iad arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus ina mbeidh tuairisc ar na nósanna imeachta caighdeánaithe coiteanna ar dá mbarr ba cheart go mbeifí in ann eagrú comhoibríochtaí maidir le cur ar ais a shimpliú agus lena n-áiritheofaí go gcuirfí na náisiúnaigh tríú tír ar ais ar shlí dhaonnachtúil le hurramú na gceart bunúsach go hiomlán, go háirithe prionsabail dínit an duine, toirmisc ar chéasadh agus toirmisc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an chirt chun saoirse agus slándála, agus na gceart chun chosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú." }
282
{ "en": "The Code of Conduct shall in particular pay attention to the obligation set out in Article 8(6) of Directive 2008/115/EC to provide for an effective forced-return monitoring system and to the Fundamental Rights Strategy referred to in Article 26a(1) of this Regulation.", "ga": "Tabharfar aird sa Chód Iompraíochta, go háirithe, ar an oibleagáid atá leagtha amach in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE chun foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach faireacháin ar chur ar ais éigeantach agus ar an Straitéis um Chearta Bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) den Rialachán seo." }
283
{ "en": "The monitoring of joint return operations should be carried out on the basis of objective and transparent criteria and cover the whole joint return operation from the pre-departure phase until the hand-over of the returnees in the country of return.", "ga": "Déanfar an faireachán ar chomhoibríochtaí maidir le cur ar ais a dhéanamh ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus trédhearcach agus clúdófar leis an gcomhoibríocht iomlán maidir le cur ar ais ón gcéim réamhimeachta go dtí go gcuirtear na daoine atá á gcur ar ais de láimh sa tír ina bhfuil siad le cur ar ais." }
284
{ "en": "Member States shall regularly inform the Agency of their needs for assistance or coordination by the Agency.", "ga": "Cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas go rialta faoina riachtanais i dtaobh cúnaimh nó comhordaithe." }
285
{ "en": "The Agency shall draw up a rolling operational plan to provide the requesting Member States with the necessary operational support, including technical equipment referred to in Article 7(1).", "ga": "Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas plean oibríochtúil forásach chun an tacaíocht oibríochta is gá, lena n-áirítear an trealamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1), a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha." }
286
{ "en": "The Management Board shall decide in accordance with Article 24 on a proposal of the Executive Director, on the content and modus operandi of the rolling operational plan.", "ga": "I gcomhréir le hAirteagal 24 agus ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le hinneachar agus le modus operandi a bheidh sa chlár oibríochtúil forásach." }
287
{ "en": "The Agency shall cooperate with the competent authorities of the third countries referred to in Article 14 to identify best practices on the acquisition of travel documents and the return of illegally present third-country nationals.", "ga": "Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis inniúla sna tríú tíortha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 14, chun na cleachtais is fearr maidir le doiciméid taistil a fháil a shainaithint agus maidir le náisiúnaigh tríú tír atá i láthair go neamhdhleathach a chur ar ais." }
288
{ "en": "in Article 10, paragraph 2 is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:" }
289
{ "en": "While performing their tasks and exercising their powers, guest officers shall comply with Union and international law, and shall observe fundamental rights and the national law of the host Member State.’;", "ga": "Le linn do na haoi-oifigigh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, comhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus urramóidh siad cearta bunúsacha agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.”;" }
290
{ "en": "Article 11 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:" }
291
{ "en": "‘Article 11", "ga": "“Airteagal 11" }
292
{ "en": "Information exchange systems", "ga": "Córais mhalartaithe faisnéise" }
293
{ "en": "The Agency may take all necessary measures to facilitate the exchange of information relevant to its tasks with the Commission and the Member States and, where appropriate, the Union agencies referred to in Article 13.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá a dhéanamh chun malartú faisnéise atá ábhartha dá cúraimí leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13." }
294
{ "en": "It shall develop and operate an information system capable of exchanging classified information with those actors, including personal data referred to in Articles 11a, 11b and 11c.", "ga": "Forbróidh sí agus oibreoidh sí córas faisnéise trína bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na páirtithe sin, lena n-áirítear sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 11a, Airteagal 11b agus in Airteagal 11c." }
295
{ "en": "The Agency may take all necessary measures to facilitate the exchange of information relevant for its tasks with the United Kingdom and Ireland if it relates to the activities in which they participate in accordance with Article 12 and Article 20(5).’;", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá a dhéanamh chun éascú a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha dá chúraimí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn má bhaineann an fhaisnéis sin le gníomhaíochtaí ina mbíonn siad rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 20(5).”;" }
296
{ "en": "‘Article 11a", "ga": "“Airteagal 11a" }
297
{ "en": "Data protection", "ga": "Cosaint sonraí" }
298
{ "en": "Regulation (EC) No 45/2001 shall apply to the processing of personal data by the Agency.", "ga": "Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht." }
299
{ "en": "The Management Board shall establish measures for the application of Regulation (EC) No 45/2001 by the Agency, including those concerning the Data Protection Officer of the Agency.", "ga": "Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí is oifigeach na Gníomhaireachta." }