id
int64
0
182k
translation
dict
300
{ "en": "Those measures shall be established after consultation of the European Data Protection Supervisor.", "ga": "Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí." }
301
{ "en": "Without prejudice to Articles 11b and 11c, the Agency may process personal data for administrative purposes.", "ga": "Gan dochar d’Airteagal 11b agus Airteagal 11c, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha riaracháin." }
302
{ "en": "Article 11b", "ga": "Airteagal 11b" }
303
{ "en": "Processing of personal data in the context of joint return operations", "ga": "Próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs comhoibríochtaí maidir le cur ar ais" }
304
{ "en": "In performing its tasks of organising and coordinating the joint return operations of Member States referred to in Article 9, the Agency may process personal data of persons who are subject to such joint return operations.", "ga": "Le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil le heagrú agus le comhordú comhoibríochtaí Ballstát maidir le cur ar ais, ar cúraimí iad dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta daoine, is daoine atá faoi réir na gcomhoibríochtaí maidir le cur ar ais sin, a phróiseáil." }
305
{ "en": "The processing of such personal data shall respect the principles of necessity and proportionality.", "ga": "Le próiseáil na sonraí pearsanta den sórt sin, urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta." }
306
{ "en": "In particular, it shall be strictly limited to those personal data which are required for the purposes of the joint return operation.", "ga": "Thar aon rud eile, beidh an phróiseáil sin teoranta go háirithe do na sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun críocha na comhoibríochta maidir le cur ar ais agus é sin ar shlí dhocht." }
307
{ "en": "The personal data shall be deleted as soon as the purpose for which they have been collected has been achieved and no later than 10 days after the end of the joint return operation.", "ga": "Déanfar na sonraí pearsanta a scrios a luaithe a bheidh an cuspóir ar dá bharr a bailíodh iad bainte amach agus déanfar an scrios sin tráth nach déanaí ná deich lá tar éis dheireadh na comhoibríochta maidir le cur ar ais." }
308
{ "en": "Where the personal data are not transferred to the carrier by a Member State, the Agency may transfer such data.", "ga": "I gcás nach ndéanann Ballstát na sonraí pearsanta a aistriú chuig an t-iompróir, féadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí sin a aistirú." }
309
{ "en": "This Article shall be applied in accordance with the measures referred to in Article 11a.", "ga": "Déanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a." }
310
{ "en": "Article 11c", "ga": "Airteagal 11c" }
311
{ "en": "Processing of personal data collected during joint operations, pilot projects and rapid interventions", "ga": "Próiseáil sonraí pearsanta a bhailítear le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha" }
312
{ "en": "Without prejudice to the competence of Member States to collect personal data in the context of joint operations, pilot projects and rapid interventions, and subject to the limitations set out in paragraphs 2 and 3, the Agency may further process personal data collected by the Member States during such operational activities and transmitted to the Agency in order to contribute to the security of the external borders of the Member States.", "ga": "Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát sonraí pearsanta a bhailiú i gcomhthéacs comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha, agus faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh an Ghníomhaireacht tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta arna mbailiú ag na Ballstáit i rith oibríochtaí den sórt sin agus arna dtarchur chuig an nGníomhaireacht chun rannchuidiú le slándáil theorainneacha seachtracha na mBallstát." }
313
{ "en": "Such further processing of personal data by the Agency shall be limited to personal data regarding persons who are suspected, on reasonable grounds, by the competent authorities of the Member States of involvement in cross-border criminal activities, in facilitating illegal migration activities or in human trafficking activities as defined in points (a) and (b) of Article 1(1) of Council Directive 2002/90/EC of 28 November 2002 defining the facilitation of unauthorised entry, transit and residence.", "ga": "Beidh tuilleadh próiseála sonraí pearsanta den sórt sin ag an nGníomhaireacht teoranta do na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a bhfuil droch-amhras ag údaráis inniúla Ballstát ina leith ar fhorais réasúnacha, go bhfuil baint acu i ngníomhaíochtaí coiriúla tras-teorann, go ndéanann siad gníomhaíochtaí mídhleathacha imirce a éascú nó go bhfuil siad páirteach i ngníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine mar a shainmhínítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir le sainmhíníú eascú teacht isteach, idirthurais agus cónaí neamhúdaraithe." }
314
{ "en": "Personal data referred to in paragraph 2 shall be further processed by the Agency only for the following purposes:", "ga": "Maidir leis na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:" }
315
{ "en": "the transmission, on a case-by-case basis, to Europol or other Union law enforcement agencies, subject to Article 13;", "ga": "iad a tarchur, ar bhonn cás-ar-chás, chuig Europol nó chuig gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile an Aontais, faoi réir Airteagal 13;" }
316
{ "en": "the use for the preparation of risk analyses referred to in Article 4.", "ga": "iad a úsáid chun na hanailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 a ullmhú." }
317
{ "en": "In the result of the risk-analyses, data shall be depersonalised.", "ga": "Déanfar na sonraí a dhíphearsanú i dtorthaí na n-anailísí riosca." }
318
{ "en": "The personal data shall be deleted as soon as they have been transmitted to Europol or other Union agencies or used for the preparation of risk analyses referred to in Article 4.", "ga": "Déanfar na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe a bheidh siad tarchurtha chuig Europol nó chuig gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó a luaithe a mbainfear úsáid astu chun na hanailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 a ullmhú." }
319
{ "en": "The term of storage shall in any event not exceed three months after the date of the collection of those data.", "ga": "Ní rachaidh an téarma stórála, in aon chás, thar thrí mhí tar éis dháta bailithe na sonraí sin." }
320
{ "en": "The personal data shall not be used by the Agency for the purpose of investigations, which remain under the responsibility of the competent authorities of the Member States.", "ga": "Ní bhainfidh an Ghníomhairecht úsáid as na sonraí pearsanta chun críche imscrúduithe, is nithe a fhanann faoi fhreagracht údaráis inniúla na mBallstát." }
321
{ "en": "In particular, it shall be strictly limited to those personal data which are required for the purposes referred to in paragraph 3.", "ga": "Thar aon rud eile, beidh an phróiseáil sin teoranta go háirithe do na sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3 agus beidh siad teoranta sa tslí sin go docht." }
322
{ "en": "Without prejudice to Regulation (EC) No 1049/2001, onward transmission or other communication of such personal data processed by the Agency to third countries or other third parties shall be prohibited.", "ga": "Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, beidh toirmeasc ar an nGníomhaireacht sonraí pearsanta den sórt sin a tharchur chuig tríú tíortha nó chuig tríú páirtithe eile, agus ar chur in iúl na sonraí sin do thríú tíortha nó do thríú páirtithe eile." }
323
{ "en": "Security rules on the protection of classified information and non-classified sensitive information", "ga": "Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh- rúnaicmithe a chosaint" }
324
{ "en": "The Agency shall apply the Commission's rules on security as set out in the Annex to Commission Decision 2001/844/EC, ECSC, Euratom of 29 November 2001 amending its internal Rules of Procedure.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha a chur i bhfeidhm." }
325
{ "en": "Those rules shall apply, inter alia, to the exchange, processing and storage of classified information.", "ga": "Beidh feidhm ag na rialacha sin, inter alia, maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil." }
326
{ "en": "The Agency shall apply the security principles relating to the processing of non-classified sensitive information as set out in the Decision referred to in paragraph 1 of this Article and as implemented by the Commission.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála a bhaineann le próiseáil faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe mar atá leagtha amach sa Chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún, a chur i bhfeidhm." }
327
{ "en": "The Management Board shall establish measures for the application of those security principles.", "ga": "Bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála sin." }
328
{ "en": "Articles 13 and 14 are replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:" }
329
{ "en": "‘Article 13", "ga": "“Airteagal 13" }
330
{ "en": "Cooperation with Union agencies and bodies and international organisations", "ga": "Comhar le gníomhaireachtaí Aontais agus comhlachtaí Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta" }
331
{ "en": "The Agency may cooperate with Europol, the European Asylum Support Office, the European Union Agency for Fundamental Rights (“the Fundamental Rights Agency”), other Union agencies and bodies, and the international organisations competent in matters covered by this Regulation within the framework of working arrangements concluded with those bodies, in accordance with the relevant provisions of the TFEU and the provisions on the competence of those bodies.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha’), le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil in ábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha CFAE agus na forálacha ar inniúlacht na gcomhlachtaí sin." }
332
{ "en": "In every case the Agency shall inform the European Parliament of any such arrangements.", "ga": "I ngach cás, cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon socruithe den sórt sin." }
333
{ "en": "Onward transmission or other communication of personal data processed by the Agency to other Union agencies or bodies shall be subject to specific working arrangements regarding the exchange of personal data and subject to the prior approval of the European Data Protection Supervisor.", "ga": "Beidh tarchur sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht, ar aghaidh chuig gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nó cur in iúl na sonraí sin dóibh, faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta agus beidh an tarchur agus an cur in iúl sin faoi réir formheasta roimh ré ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí." }
334
{ "en": "The Agency may also, with the agreement of the Member State(s) concerned, invite observers of Union agencies and bodies or international organisations to participate in its activities referred to in Articles 3, 4 and 5, to the extent that their presence is in accordance with the objectives of those activities, may contribute to the improvement of cooperation and the exchange of best practices, and does not affect the overall safety of those activities.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht freisin, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí de chuid an Aontais nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5, a mhéid go mbeidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, go bhféadfaí de bharr a láithreachta rannchuidiú le feabhsú an chomhair agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéantar léi aon difear do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin." }
335
{ "en": "The participation of those observers may take place only with the agreement of the Member State(s) concerned regarding the activities referred to in Articles 4 and 5 and only with the agreement of the host Member State regarding those referred to in Article 3.", "ga": "Ní fhéadfaidh rannpháirtíocht na mbreathnadóirí sin a tharlú ach amháin le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 agus ní fhéadfaidh sé tarlú ach amháin le comhaontú an Bhallstáit aíochta i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3." }
336
{ "en": "Detailed rules on the participation of observers shall be included in the operational plan referred to in Article 3a(1).", "ga": "Áireofar rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht breathnadóirí curtha sa phlean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3a(1)." }
337
{ "en": "Those observers shall receive the appropriate training from the Agency prior to their participation.", "ga": "Gheobhaidh na breathnadóirí sin an oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht sula mbeidh siad rannpháirteach sna gníomhaíochtaí." }
338
{ "en": "Article 14", "ga": "Airteagal 14" }
339
{ "en": "Facilitation of operational cooperation with third countries and cooperation with competent authorities of third countries", "ga": "Comhar oibríochtúil le tríú tíortha agus comhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha a éascú" }
340
{ "en": "In matters covered by its activities and to the extent required for the fulfilment of its tasks, the Agency shall facilitate operational cooperation between Member States and third countries, within the framework of the external relations policy of the Union, including with regard to human rights.", "ga": "In ábhair a thagann faoi réim a ngníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil idir Ballstáit agus tríú tíortha a éascú, faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, lena n-áirítear maidir le cearta an duine." }
341
{ "en": "The Agency and the Member States shall comply with norms and standards at least equivalent to those set by Union legislation also when cooperation with third countries takes place on the territory of those countries.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit noirm agus caighdeáin a chomhlíonadh ar noirm iad atá comhionann, ar a laghad, leo sin a leagtar síos le reachtaíocht Aontais agus déanfaidh siad dá réir freisin nuair atá comhar le tríú tíortha ar siúl ar chríoch na dtíortha sin." }
342
{ "en": "The establishment of cooperation with third countries shall serve to promote European border management standards, also covering respect for fundamental rights and human dignity.", "ga": "Beidh sé mar thoradh ag comhair a bhunú le tríú tíortha, ná caighdeáin Eorpacha um bainistiú teorann a chur chun cinn, agus an urraim do chearta bunúsacha agus dínit an duine á gcumhdach aige chomh maith." }
343
{ "en": "The Agency may cooperate with the authorities of third countries competent in matters covered by this Regulation within the framework of working arrangements concluded with those authorities, in accordance with the relevant provisions of the TFEU.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis tríú tíortha atá inniúil in ábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre arna gcur i gcrích leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha CFAE." }
344
{ "en": "Those working arrangements shall be purely related to the management of operational cooperation.", "ga": "Ní bhainfidh na socruithe oibre sin ach le bainistiú comhair oibríochtúil." }
345
{ "en": "The Agency may deploy its liaison officers, who should enjoy the highest possible protection to carry out their duties, in third countries.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cuid oifigeach idirchaidrimh, is oifigigh idirchaidrimh ar chóir an chosaint is treise agus is féidir a bheith acu chun a ndualgais a chur i gcrích, a imscaradh i dtríú tíortha." }
346
{ "en": "They shall form part of the local or regional cooperation networks of immigration liaison officers of the Member States set up pursuant to Council Regulation (EC) No 377/2004 of 19 February 2004 on the creation of an immigration liaison officers network.", "ga": "Beidh siad mar chuid de líonraí áitiúla nó réigiúnacha comhair d'oifigigh idirchaidrimh inimirce na mBallstát arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú." }
347
{ "en": "Liaison officers shall only be deployed to third countries in which border management practices comply with minimum human rights standards.", "ga": "Ní imscarfar oifigigh idirchaidrimh ach i dtríú tíortha ina gcomhlíontar lena gcleachtais bhainistithe teorann caighdeáin íosta a bhaineann le cearta an duine." }
348
{ "en": "Their deployment shall be approved by the Management Board.", "ga": "Déanfaidh an Bord Bainistíochta a n-imscaradh a fhormheas." }
349
{ "en": "Within the framework of the external relations policy of the Union, priority for deployment should be given to those third countries, which on the basis of risk analysis constitute a country of origin or transit regarding illegal migration.", "ga": "Faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, ba cheart tosaíocht maidir le himscaradh a thabhairt do na tríú tíortha sin arb ionann iad, bunaithe ar anailís riosca, agus tír tionscnaimh nó tír idirthurais i dtaca le himirce neamhdhleathach." }
350
{ "en": "On a reciprocal basis the Agency may receive liaison officers posted by those third countries also, for a limited period of time.", "ga": "Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh a fháil a bheidh curtha ar dualgas ag na tríú tíortha sin freisin, ar feadh tréimhse teoranta ama." }
351
{ "en": "The Management Board shall adopt, on a proposal of the Executive Director and in accordance with Article 24, the list of priorities on a yearly basis.", "ga": "Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 24, glacfaidh an Bord Bainistíochta liosta na dtosaíochtaí ar bhonn bliantúil." }
352
{ "en": "The tasks of the Agency's liaison officers shall include, in compliance with Union law and in accordance with fundamental rights, establishing and maintaining contacts with the competent authorities of the third country to which they are assigned with a view to contributing to the prevention of and fight against illegal immigration and the return of illegal migrants.", "ga": "Beidh ar áireamh i gcúraimí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus i gcomhréir le cearta bunúsacha, teagmhálacha a bhunú le húdaráis inniúla an tríú tír sin dár sannadh iad agus na teagmhálacha sin a choimeád ar bun d'fhonn rannchuidiú le cosc a chur ar inimirce neamhdhleathach, agus leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce sin, agus rannchuidiú le himircigh neamhdhleathacha a chur ar ais." }
353
{ "en": "The Agency may benefit from Union funding in accordance with the provisions of the relevant instruments supporting the external relations policy of the Union.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as maoiniú ón Aontas i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach." }
354
{ "en": "It may launch and finance technical assistance projects in third countries regarding matters covered by this Regulation.", "ga": "Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha maidir le hábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo." }
355
{ "en": "The Agency may also, with the agreement of the Member State(s) concerned invite observers from third countries to participate in its activities referred to in Articles 3, 4 and 5, to the extent that their presence is in accordance with the objectives of those activities, may contribute to improving cooperation and the exchange of best practices, and does not affect the overall safety of those activities.", "ga": "Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, a mhéid go mbeidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, go bhféadtar leis an láithreacht sin rannchuidiú le comhar a fheabhsú agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéantar aon difear leis do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin." }
356
{ "en": "When concluding bilateral agreements with third countries as referred to in Article 2(2), Member States may include provisions concerning the role and competence of the Agency, in particular regarding the exercise of executive powers by members of the teams deployed by the Agency during the joint operations or pilot projects referred to in Article 3.", "ga": "Le linn do Bhallstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 2(2), féadfaidh siad forálacha a bhaineann le ról agus le hinniúlacht na Gníomhaireachta a áireamh, go háirithe forálacha a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill de chuid na foirne arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht le linn na gcomhoibríochtaí nó na dtionscadal píolóta dá dtagraítear in Airteagal 3." }
357
{ "en": "The activities referred to in paragraphs 2 and 3 of this Article shall be subject to receiving a prior opinion of the Commission, and the European Parliament shall be fully informed of those activities as soon as possible.", "ga": "Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo faoi réir thuairim a fháil ón gCoimisiún roimh ré agus cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán i leith na ngníomhaíochtaí sin a luaithe agus is féidir." }
358
{ "en": "in Article 15, the first paragraph is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:" }
359
{ "en": "‘The Agency shall be a body of the Union. It shall have legal personality.’;", "ga": "“Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.”;" }
360
{ "en": "‘Article 15a", "ga": "“Airteagal 15a" }
361
{ "en": "Headquarters Agreement", "ga": "Comhaontú maidir le Ceanncheathrú" }
362
{ "en": "The necessary arrangements concerning the accommodation to be provided for the Agency in the Member State in which the Agency has its seat and the facilities to be made available by that Member State, as well as the specific rules applicable to the Executive Director, the Deputy Executive Director, the members of the Management Board, the staff of the Agency and members of their families, in that Member State shall be laid down in a Headquarters Agreement between the Agency and the Member State in which the Agency has its seat.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát ina bhfuil a suíomh Comhaontú maidir le Ceanncheathrú a thabhairt i gcrích, tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta lena mbunaítear na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sa Bhallstát sin agus maidir leis na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus le daoine dá dteaghlach." }
363
{ "en": "The Headquarters Agreement shall be concluded after obtaining the approval of the Management Board.", "ga": "Tabharfar an Comhaontú maidir le Ceanncheathrú i gcrích tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil." }
364
{ "en": "The Member State in which the Agency has its seat should provide the best possible conditions to ensure proper functioning of the Agency, including multilingual, European-oriented schooling and appropriate transport connections.’;", "ga": "Ba cheart don Bhallstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta na dálaí is fearr agus is féidir a sholáthar chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirithítear scolaíocht ilteangach, atá dírithe ar an Eoraip, agus naisc iompair iomchuí.”;" }
365
{ "en": "Article 17 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:" }
366
{ "en": "For the purpose of implementing Article 3b(5) only a staff member of the Agency subject to the Staff Regulations of Officials of the European Union or to Title II of the Conditions of employment of other servants of the European Union may be designated as coordinating officer in accordance with Article 8g.", "ga": "Chun Airteagal 3b(5) a chur chun feidhme, ní fhéadfar a ainmniú mar oifigeach comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 8g ach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta atá faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh nó faoi réir Theideal II de Choinníollacha fostaíochta sheirbhísígh eile an Aontais Eorpaigh." }
367
{ "en": "For the purpose of implementing Article 3b(3), only national experts seconded by a Member State to the Agency may be designated for attachment to the European Border Guard Teams.", "ga": "Chun Airteagal 3b(3) a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach saineolaithe náisiúnta atá fostaithe sa Ghníomhaireacht ar iasacht ón mBallstát a ainmniú le ceangailt leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann." }
368
{ "en": "The Agency shall designate those national experts who shall be attached to the European Border Guard Teams in accordance with that Article.’;", "ga": "Ainmneoidh an Ghníomhaireacht na saineolaithe náisiúnta sin a bheidh ar ceangal leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir leis an Airteagal sin.”;" }
369
{ "en": "the following paragraphs are added:", "ga": "cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:" }
370
{ "en": "The Management Board shall adopt the necessary implementing measures in agreement with the Commission pursuant to Article 110 of the Staff Regulations of Officials of the European Union.", "ga": "Glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme is gá i gcomhaontú leis an gCoimisiún, de bhun Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh." }
371
{ "en": "The Management Board may adopt provisions to allow national experts from Member States to be seconded to the Agency.", "ga": "Féadfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a chur ar iasacht don Ghníomhaireacht." }
372
{ "en": "Those provisions shall take into account the requirements of Article 3b(3), in particular the fact that they are considered as guest officers and have the tasks and powers provided for in Article 10.", "ga": "Tabharfar aird leis na forálacha sin ar cheanglais Airteagal 3b(3), go háirithe an ní go measfar gur aoi-oifigigh iad agus go bhfuil na cúraimí agus na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu." }
373
{ "en": "They shall include provisions on the conditions of deployment.’;", "ga": "Áireofar leo sin forálacha maidir le coinníollacha imscartha.”;" }
374
{ "en": "Article 20 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:" }
375
{ "en": "paragraph 2 is amended as follows:", "ga": "leasaítear mír 2 mar a leanas:" }
376
{ "en": "point (h) is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):" }
377
{ "en": "establish the organisational structure of the Agency and adopt the Agency's staff policy, in particular the multiannual staff policy plan.", "ga": "struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a bhunú agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh, go háirithe an plean beartais foirne ilbhliantúil." }
378
{ "en": "In accordance with the relevant provisions of the Commission Regulation (EC, Euratom) No 2343/2002 of 19 November 2002 on the framework Financial Regulation for the bodies referred to in Article 185 of Council Regulation (EC, Euratom) No 1605/2002 on the Financial Regulation applicable to the general budget of the European Communities the multiannual staff policy plan shall be submitted to the Commission and the budgetary authority after receiving a favourable opinion of the Commission;", "ga": "I gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais i gcomhair na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, déanfar an plean ilbhliantúil beartais foirne a thíolacadh don Choimisiún agus don údarás buiséadach tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún;" }
379
{ "en": "the following point is added:", "ga": "cuirtear an pointe seo a leanas isteach:" }
380
{ "en": "adopt the Agency's multiannual plan aiming at outlining the future long term strategy regarding the activities of the Agency.’;", "ga": "plean ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, arb í is aidhm leis an bplean ná léargas a thabhairt ar straitéis fhadtéarmach amach anseo maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.”;" }
381
{ "en": "paragraph 4 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:" }
382
{ "en": "The Management Board may advise the Executive Director on any matter strictly related to the development of operational management of the external borders, including activities related to research provided for in Article 6.’;", "ga": "Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige le forbairt ar bhainistiú oibríochtúil na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde dá bhforáiltear in Airteagal 6.”;" }
383
{ "en": "Article 21 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:" }
384
{ "en": "in paragraph 1, the last sentence is replaced by the following:", "ga": "i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:" }
385
{ "en": "‘The terms of office shall be extendable.’;", "ga": "“Déanfar na téarmaí oifige a fhadú.”;" }
386
{ "en": "Countries associated with the implementation, application and development of the Schengen acquis shall participate in the Agency.", "ga": "Beidh tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta." }
387
{ "en": "They shall have one representative and one alternate each in the Management Board.", "ga": "Beidh ionadaí amháin agus malartach amháin ag ceachtar acu ar an mBord Bainistíochta." }
388
{ "en": "Under the relevant provisions of their association agreements, arrangements have been developed that specify the nature and extent of, and the detailed rules for, the participation by those countries in the work of the Agency, including provisions on financial contributions and staff.’;", "ga": "Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, forbraíodh socruithe lena sonraítear cineál rannpháirtíochta, an méid rannpháirtíochta, agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh rannpháirtíochta ag na tíortha sin i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.”;" }
389
{ "en": "Article 25 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:" }
390
{ "en": "paragraph 2 is replaced by the following:", "ga": "cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:" }
391
{ "en": "The European Parliament or the Council may invite the Executive Director to report on the carrying out of his/her tasks, in particular on the implementation and monitoring of the Fundamental Rights Strategy, the general report of the Agency for the previous year, the work programme for the following year and the Agency's multiannual plan referred to in point (i) of Article 20(2).’;", "ga": "Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú ar an tslí ina bhfuil a chuid nó a cuid cúraimí á chur i gcrích, go háirithe maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Chearta Bunúsacha agus faireachán a dhéanamh ar an straitéis sin, le tuarascáil ghinearálta na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin, an clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin agus plean ilbhliantúil na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 20(2).”;" }
392
{ "en": "in paragraph 3, the following point is added:", "ga": "i mír 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:" }
393
{ "en": "to ensure the implementation of the operational plans referred to in Articles 3a and 8e.’;", "ga": "cur chun feidhme na pleananna oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3a agus Airteagal 8e a áirithiú.”;" }
394
{ "en": "‘Article 26a", "ga": "“Article 26a" }
395
{ "en": "Fundamental Rights Strategy", "ga": "An Straitéis um Chearta Bunúsacha" }
396
{ "en": "The Agency shall draw up and further develop and implement its Fundamental Rights Strategy.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht a Straitéis um Chearta Bunúsacha a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme." }
397
{ "en": "The Agency shall put in place an effective mechanism to monitor the respect for fundamental rights in all the activities of the Agency.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht sásra éifeachtach a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh i leith urraim ceart bunúsach i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta." }
398
{ "en": "A Consultative Forum shall be established by the Agency to assist the Executive Director and the Management Board in fundamental rights matters.", "ga": "Déanfaidh an Ghníomhaireacht Fóram Comhairliúcháin a bhunú chun cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an mBord Bainistíochta i gcúrsaí a bhaineann le cearta bunúsacha." }
399
{ "en": "The Agency shall invite the European Asylum Support Office, the Fundamental Rights Agency, the United Nations High Commissioner for Refugees and other relevant organisations to participate in the Consultative Forum.", "ga": "Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh don Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, d'Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus d'eagraíochtaí ábhartha eile a bheith rannpháirteach san Fhóram Comhairliúcháin." }