id
int64
0
182k
translation
dict
500
{ "en": "When used in the production of foods and still present therein, certain ingredients or other substances or products (such as processing aids) can cause allergies or intolerances in some people, and some of those allergies or intolerances constitute a danger to the health of those concerned.", "ga": "Nuair a úsáidtear comhábhair áirithe nó substaintí nó táirgí áirithe eile (amhail áiseanna próiseála) chun bianna a tháirgeadh agus nuair atá na nithe sin fós sna bianna sin, is féidir leo a bheith ina gcúis le hailléirgí nó le héadulaingtí i ndaoine áirithe, agus d’fhéadfadh roinnt de na hailléirgí nó de na héadulaingtí sin sláinte na ndaoine lena mbaineann a chur i mbaol." }
501
{ "en": "It is important that information on the presence of food additives, processing aids and other substances or products with a scientifically proven allergenic or intolerance effect should be given to enable consumers, particularly those suffering from a food allergy or intolerance, to make informed choices which are safe for them.", "ga": "Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faisnéis faoi bhreiseáin bhia, faoi áiseanna próiseála agus faoi shubstaintí nó táirgí eile a bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch go bhfuil iarmhairtí ailléirgeacha nó éadulaingte acu agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó éadulaingtí chun a chumasú do thomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil ailléirgí nó éadulaingtí bia orthu, roghanna eolasacha a dhéanamh atá sábháilte dóibh." }
502
{ "en": "In order to inform consumers of the presence of engineered nanomaterials in food, it is appropriate to provide for a definition of engineered nanomaterials.", "ga": "Chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu i mbia, is iomchuí foráil a dhéanamh do shainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu." }
503
{ "en": "Taking into account the possibility of food containing or consisting of engineered nanomaterials being a novel food, the appropriate legislative framework for that definition should be considered in the context of the upcoming review of Regulation (EC) No 258/97 of the European Parliament and of the Council of 27 January 1997 concerning novel foods and novel food ingredients [12].", "ga": "Á chur san áireamh go bhféadfadh sé gur bia núíosach atá i mbia ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu nó atá déanta as nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, ba cheart an creat reachtach iomchuí don sainmhíniú sin a bhreithniú i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bhianna núíosacha [12]." }
504
{ "en": "Food labels should be clear and understandable in order to assist consumers who want to make better-informed food and dietary choices.", "ga": "Ba cheart go mbeadh lipéid bia soiléir agus intuigthe chun cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí a dteastaíonn uathu roghanna bia agus cothaithe níos eolasaí a dhéanamh." }
505
{ "en": "Studies show that easy legibility is an important element in maximising the possibility for labelled information to influence its audience and that illegible product information is one of the main causes of consumer dissatisfaction with food labels.", "ga": "Léirítear i staidéir gur eilimint thábhachtach í inléiteacht go héasca chun gur mó an seans go rachaidh an fhaisnéis lipéadaithe i gcion ar lucht a léite agus go bhfuil faisnéis táirge nach bhfuil inléite ar cheann de na príomhchúiseanna le míshástacht i measc na dtomhaltóirí maidir le lipéid bhia." }
506
{ "en": "Therefore, a comprehensive approach should be developed in order to take into account all aspects related to legibility, including font, colour and contrast.", "ga": "Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige cuimsitheach a fhorbairt chun gach gné a bhaineann le hinléiteacht a chur san áireamh, lena n-áirítear cló, dath agus codarsnacht." }
507
{ "en": "In order to ensure the provision of food information, it is necessary to consider all ways of supplying food to consumers, including selling food by means of distance communication.", "ga": "Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis bhia, ní mór féachaint ar na bealaí go léir ina soláthraítear bia do thomhaltóirí, lena n-áirítear bia a dhíol trí chianchumarsáid." }
508
{ "en": "Although it is clear that any food supplied through distance selling should meet the same information requirements as food sold in shops, it is necessary to clarify that in such cases the relevant mandatory food information should also be available before the purchase is concluded.", "ga": "Cé go bhfuil sé soiléir gur cheart go gcomhlíonfadh aon bhia a sholáthraítear trí chiandíol na ceanglais chéanna faisnéise a chomhlíonann bia a dhíoltar sna siopaí, is gá a shoiléiriú gur cheart i gcásanna den sórt sin go mbeadh an fhaisnéis ábhartha shainordaitheach bhia ar fáil freisin sula gcuirfí an ceannach i gcrích." }
509
{ "en": "The technology used in the freezing of foods has developed significantly during recent decades and has become widely used both to improve the circulation of goods on the Union internal market, and to reduce food safety risks.", "ga": "Tá forbairt shuntasach tagtha le blianta anuas ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun bianna a reo agus úsáidtear na teicneolaíochtaí seo go forleathan anois chun feabhas a chur ar chúrsaíocht earraí i margadh inmheánach an Aontais agus chun na rioscaí maidir le sábháilteacht bia a laghdú." }
510
{ "en": "However, the freezing and later defrosting of certain foods, especially meat and fishery products, limits their possible further use and may also have an effect on their safety, taste and physical quality.", "ga": "Cuireann reo agus dí-reo ina dhiaidh sin ar earraí bia áirithe, go háirithe táirgí feola agus iascaigh, teorainn le haon úsáid bhreise eile a d’fhéadfaí a bhaint astu, áfach, agus d’fhéadfadh siad éifeacht a bheith acu freisin ar a sábháilteacht, ar a mblas agus ar a gcáilíocht fhisiceach." }
511
{ "en": "Conversely, for other products, especially butter, freezing has no such effects.", "ga": "Os a choinne sin, i gcás táirgí eile, go háirithe im, ní bhíonn na héifeachtaí sin ag an reo." }
512
{ "en": "Therefore, where a product has been defrosted, the final consumer should be appropriately informed of its condition.", "ga": "Dá bhrí sin, i gcás táirge a bheith dí-reoite, ba cheart an tomhaltóir deiridh a bheith curtha ar an eolas go hiomchuí i dtaca le dáil an táirge sin." }
513
{ "en": "The indication of the country of origin or of the place of provenance of a food should be provided whenever its absence is likely to mislead consumers as to the true country of origin or place of provenance of that product.", "ga": "Ba cheart go ndéanfaí léiriú maidir le tír thionscnaimh bia áirithe nó bunáitíocht bhia áirithe a sholáthar aon uair is dóigh go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir, d’uireasa na faisnéise sin, i dtaca le fíorthír thionscnaimh nó le fíorbhunáitíocht an táirge sin." }
514
{ "en": "In all cases, the indication of country of origin or place of provenance should be provided in a manner which does not deceive the consumer and on the basis of clearly defined criteria which ensure a level playing field for industry and improve consumers’ understanding of the information related to the country of origin or place of provenance of a food.", "ga": "I ngach cás eile, ba cheart léiriú maidir le tír thionscnaimh nó bunáitíocht a sholáthar ar bhealach nach meabhlófaí an tomhaltóir agus ar bhonn critéar arna sainiú go soiléir agus lena n-áiritheofaí machaire réidh don tionscal agus lena bhfeabhsófaí an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a bhaineann le tír thionscnaimh bia áirithe nó le bunáitíocht bhia áirithe." }
515
{ "en": "Such criteria should not apply to indications related to the name or address of the food business operator.", "ga": "Níor cheart go mbeadh feidhm ag na critéir sin maidir le léirithe a bhaineann le hainm nó le seoladh an oibreora gnó bia." }
516
{ "en": "In some cases, food business operators may want to indicate the origin of a food on a voluntary basis to draw consumers’ attention to the qualities of their product.", "ga": "I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh fonn ar oibreoirí gnó bia ionad tionscnaimh bia a léiriú ar bhonn saorálach chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar cháilíochtaí a dtáirge." }
517
{ "en": "Such indications should also comply with harmonised criteria.", "ga": "Ba cheart go gcomhlíonfaí le léirithe den sórt sin critéir chomhchuibhithe freisin." }
518
{ "en": "The indication of origin is currently mandatory for beef and beef products [13] in the Union following the bovine spongiform encephalopathy crisis and it has created consumer expectations.", "ga": "Mar thoradh ar ghéarchéim na heinceifileapaite spúinsí bólachta, tá an léiriú ar an ionad tionscnaimh sainordaitheach faoi láthair san Aontas i gcás mairteola agus táirgí mairteola [13] agus cruthaíodh ionchais dá bharr sin ar thaobh na dtomhaltóirí." }
519
{ "en": "The impact assessment of the Commission confirms that the origin of meat appears to be consumers’ prime concern.", "ga": "Daingnítear leis an measúnacht tionchair ón gCoimisiún gur dealraitheach gurb é tionscnamh na feola an t-ábhar is mó cúram do thomhaltóirí." }
520
{ "en": "There are other meats widely consumed in the Union, such as swine, sheep, goat and poultrymeat.", "ga": "Caitear feolta eile go forleathan san Aontas, amhail muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil." }
521
{ "en": "It is therefore appropriate to impose a mandatory declaration of origin for those products.", "ga": "Is iomchuí, dá bhrí sin, an dearbhú sainordaitheach maidir le tionscnamh a fhorchur i leith na dtáirgí sin." }
522
{ "en": "The specific origin requirements could differ from one type of meat to another according to the characteristics of the animal species.", "ga": "D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir na ceanglais shonracha maidir le hionad tionscnaimh cineálacha éagsúla feola de réir shaintréithe speiceas an ainmhí." }
523
{ "en": "It is appropriate to provide for the establishment through implementing rules of mandatory requirements that could vary from one type of meat to another taking into account the principle of proportionality and the administrative burden for food business operators and enforcement authorities.", "ga": "Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bunú ceanglas sainordaitheach trí rialacha cur chun feidhme, ar ceanglais iad a d’fhéadfadh a bheith éagsúil lena chéile ag brath ar an gcineál feola atá i gceist, agus prionsabal na comhréireachta agus an t-ualach riaracháin a bheadh ar oibreoirí gnó bia agus ar údaráis forfheidhmiúcháin á gcur san áireamh." }
524
{ "en": "Mandatory origin provisions have been developed on the basis of vertical approaches for instance for honey [14], fruit and vegetables [15], fish [16], beef and beef products [17] and olive oil [18].", "ga": "Forbraíodh forálacha sainordaitheacha i leith ionad tionscnaimh ar bhonn cur chuige ceartingearach a rinneadh mar shampla i gcás meala [14], torthaí agus glasraí [15], éisc [16], mairteola agus táirgí mairteola [17] agus ola olóige [18]." }
525
{ "en": "There is a need to explore the possibility to extend mandatory origin labelling for other foods.", "ga": "Tá gá le fiosrú a dhéanamh i dtaobh arbh fhéidir lipéadú sainordaitheach maidir le hionad tionscnaimh a leathnú chuig lipéadú le haghaidh bianna eile." }
526
{ "en": "It is therefore appropriate to request the Commission to prepare reports covering the following foods: types of meat other than beef, swine, sheep, goat and poultrymeat; milk; milk used as an ingredient in dairy products; meat used as an ingredient; unprocessed foods; single-ingredient products; and ingredients that represent more than 50 % of a food.", "ga": "Dá bhrí sin, is iomchuí a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a ullmhú lena gcumhdófar na hearraí bia seo a leanas: saghsanna eile feola seachas mairteoil, muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil; bainne; bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu; agus comhábhair as a ndéantar os cionn 50 % de bhia áirithe." }
527
{ "en": "Milk being one of the products for which an indication of origin is considered of particular interest, the Commission report on this product should be made available as soon as possible.", "ga": "Ós rud é go bhfuil bainne i measc na dtáirgí a meastar ina leith go bhfuil spéis faoi leith ag baint le léiriú a ionaid tionscnaimh, ba cheart go gcuirfí tuarascáil an Choimisiúin i dtaca leis an táirge sin ar fáil a luaithe agus is féidir." }
528
{ "en": "Based on the conclusions of such reports, the Commission may submit proposals to modify the relevant Union provisions or may take new initiatives, where appropriate, on a sectoral basis.", "ga": "Ar bhonn chonclúidí tuarascálacha den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú nó féadfaidh sé dul i mbun tionscnamh nua, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn earnála." }
529
{ "en": "The Union’s non-preferential rules of origin are laid down in Council Regulation (EEC) No 2913/92 of 12 October 1992 establishing the Community Customs Code [19] and its implementing provisions in Commission Regulation (EEC) No 2454/93 of 2 July 1993 laying down provisions for the implementation of Council Regulation (EEC) No 2913/92 establishing the Community Customs Code [20].", "ga": "Déantar rialacha neamhfhabhracha an Aontais maidir le hionad tionscnaimh a leagan síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail [19] agus déantar na forálacha cur chun feidhme a bhaineann leis na rialacha sin a leagan síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail [20]." }
530
{ "en": "Determination of the country of origin of foods will be based on those rules, which are well known to food business operators and administrations and should ease their implementation.", "ga": "Cinnfear tír thionscnaimh bianna ar bhonn na rialacha sin, ar rialacha iad a bhfuil eolas maith ag oibreoirí gnó bia agus ag córais riaracháin orthu, agus ba cheart go n-éascódh sé sin iad a cur chun feidhme." }
531
{ "en": "The nutrition declaration for a food concerns information on the presence of energy and certain nutrients in foods.", "ga": "Baineann an dearbhú cothúcháin ar bhia le faisnéis maidir le fuinneamh agus le cothaithigh áirithe a bheith i mbianna." }
532
{ "en": "The mandatory provision of nutrition information on packaging should assist nutrition actions as part of public health policies which could involve the provision of scientific recommendations for nutrition education for the public and support informed food choices.", "ga": "Maidir le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin ar phacáistiú, ba cheart go gcuideodh sé le gníomhaíochtaí cothaitheacha atá mar chuid de bheartais sláinte poiblí a d’fhéadfadh moltaí eolaíocha a thabhairt le haghaidh oideachas cothúcháin i gcomhair an phobail agus go dtacódh sé le roghanna eolasacha a dhéanamh i dtaobh bia." }
533
{ "en": "To facilitate the comparison of products in different package sizes, it is appropriate to retain the requirement that the mandatory nutrition declaration should refer to 100 g or 100 ml amounts and, if appropriate, to allow additional portion-based declarations.", "ga": "Chun comparáid idir táirgí atá i bpacáistí de mhéideanna éagsúla a éascú, is iomchuí go gcoinneofaí an ceanglas go ndéanfadh an dearbhú sainordaitheach cothúcháin tagairt do mhéideanna 100 g nó 100 ml agus, más iomchuí, cead a thabhairt dearbhuithe breise, atá bunaithe ar chuid, a dhéanamh." }
534
{ "en": "Therefore, where food is prepacked and individual portions or consumption units are identified, a nutrition declaration per portion or per consumption unit, in addition to the expression per 100 g or per 100 ml, should be allowed.", "ga": "Dá bhrí sin, i gcás bia a bheith réamhphacáilte agus codanna aonair nó aonaid tomhaltais a bheith sainaitheanta, ba cheart dearbhú cothúcháin de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais, de bhreis ar an sloinneadh de réir 100 g nó de réir 100 ml, a cheadú." }
535
{ "en": "Furthermore, in order to provide comparable indications relating to portions or consumption units, the Commission should be empowered to adopt rules on the expression of the nutrition declaration per portion or per consumption unit for specific categories of food.", "ga": "Ina theannta sin, chun comparáidí a bhaineann le codanna nó aonaid tomhaltas a sholáthar, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún rialacha a ghlacadh maidir leis an gcaoi a scríobhtar an dearbhú cothúcháin de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais i leith catagóirí sonracha bia." }
536
{ "en": "The Commission White Paper highlighted certain nutritional elements of importance to public health such as saturated fat, sugars or sodium.", "ga": "Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún, leagadh béim ar eilimintí áirithe cothaitheacha atá tábhachtach do shláinte an phobail amhail saill sháithithe, siúcraí nó sóidiam." }
537
{ "en": "Therefore, it is appropriate that the requirements on the mandatory provision of nutrition information should take into account such elements.", "ga": "Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí eilimintí den sórt sin a chur san áireamh sna ceanglais a bhaineann le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin." }
538
{ "en": "Since one of the objectives pursued by this Regulation is to provide a basis to the final consumer for making informed choices, it is important to ensure in this respect that the final consumer easily understands the information provided on the labelling.", "ga": "Ós rud é gurb é ceann amháin de na cuspóirí atá ag an Rialachán seo bunús a sholáthar don tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh, tá sé tábhachtach a áirithiú i ndáil leis sin go dtuigfidh an tomhaltóir deiridh go héasca an fhaisnéis a sholáthraítear ar an lipéadú." }
539
{ "en": "Therefore it is appropriate to use on the labelling the term ‘salt’ instead of the corresponding term of the nutrient ‘sodium’.", "ga": "Dá bhrí sin, is iomchuí an téarma “salann” a úsáid ar an lipéadú in ionad théarma comhfhreagrach an chothaithigh, “sóidiam”." }
540
{ "en": "In the interest of consistency and coherence of Union law the voluntary inclusion of nutrition or health claims on food labels should be in accordance with the Regulation (EC) No 1924/2006 of the European Parliament and of the Council of 20 December 2006 on nutrition and health claims made on foods [21].", "ga": "Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas dhlí an Aontais, maidir le maímh chothúcháin nó shláinte a chuirtear ar lipéid bhia ar bhonn saorálach, ba cheart go mbeidís i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna [21]." }
541
{ "en": "To avoid unnecessary burdens on food business operators, it is appropriate to exempt from the mandatory provision of a nutrition declaration certain categories of foods that are unprocessed or for which nutrition information is not a determining factor for consumers’ purchasing decisions, or for which the packaging is too small to accommodate the mandatory labelling requirements, unless the obligation to provide such information is provided for under other Union rules.", "ga": "Chun go seachnófar ualaí neamhriachtanacha ar oibreoirí gnó bia, is iomchuí go ndéanfaí catagóirí áirithe bianna neamhphróiseáilte nó catagóirí áirithe bianna, ar ina leith nach toisc bhunúsach í an fhaisnéis chothúcháin ó thaobh chinntí ceannaigh na dtomhaltóirí, nó a bhfuil an pacáistiú orthu róbheag do na ceanglais shainordaitheacha lipéadaithe, a dhíolmhú ón bhforáil shainordaitheach go ndéanfar dearbhú cothúcháin a áireamh, mura rud é go ndéantar foráil faoi rialacha eile de chuid an Aontais d’oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis sin a sholáthar." }
542
{ "en": "Taking into account the specific nature of alcoholic beverages, it is appropriate to invite the Commission to analyse further the information requirements for those products.", "ga": "Agus cineál sonrach deochanna alcólacha á chur san áireamh, is iomchuí a iarraidh ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh na n-earraí sin." }
543
{ "en": "Therefore, the Commission should, taking into account the need to ensure coherence with other relevant Union policies, produce a report within 3 years of the entry into force of this Regulation concerning the application of the requirements to provide information on ingredients and nutrition information to alcoholic beverages.", "ga": "Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, agus an gá atá ann le comhleanúnachas le beartais ábhartha eile an Aontais a áirithiú á chur san áireamh aige, tuarascáil a dhéanamh laistigh de thrí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas i dtaca le faisnéis a sholáthar i ndáil le comhábhair agus faisnéis chothúcháin ar dheochanna alcólacha." }
544
{ "en": "In addition, taking into account the resolution of the European Parliament of 5 September 2007 on an European Union strategy to support Member States in reducing alcohol-related harm [22], the opinion of the European Economic and Social Committee [23], the work of the Commission, and general public concern about alcohol-related harm especially to young and vulnerable consumers, the Commission, after consultation with stakeholders and the Member States, should consider the need for a definition of beverages such as ‘alcopops’, which are specifically targeted at young people.", "ga": "Ina theannta sin, agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh chun tacú le Ballstáit díobháil alcól-ghaolmhar a laghdú [22], tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [23], obair an Choimisiúin, agus an imní atá ar an bpobal i gcoitinne faoi dhíobháil alcól-ghaolmhar go háirithe do thomhaltóirí óga agus leochaileacha á chur san áireamh aige, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis na Ballstáit, an gá atá le sainmhíniú ar dheochanna amhail “mianraí meisciúla” ar deochanna iad atá dírithe go sonrach ar dhaoine óga a bhreithniú." }
545
{ "en": "The Commission should also, if appropriate, propose specific requirements relating to alcoholic beverages in the context of this Regulation.", "ga": "Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a bhaineann le deochanna alcólacha a mholadh freisin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhthéacs an Rialacháin seo." }
546
{ "en": "To appeal to the average consumer and to serve the informative purpose for which it is introduced, and given the current level of knowledge on the subject of nutrition, the nutrition information provided should be simple and easily understood.", "ga": "Chun bheith tarraingteach don ghnáth-thomhaltóir agus chun fónamh don chríoch fhaisnéisiúil dá bhfuil sí á tabhairt isteach agus i bhfianaise an leibhéil reatha eolais maidir le cothúchán, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis chothúcháin a sholáthraítear simplí agus sothuigthe." }
547
{ "en": "To have the nutrition information partly in the principal field of vision, commonly known as the ‘front of pack’, and partly on another side on the pack, for instance the ‘back of pack’, might confuse consumers.", "ga": "D’fhéadfadh go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí má tá cuid den fhaisnéis chothúcháin sa phríomhréimse radhairc, ar a dtugtar “aghaidh an phacáiste” de ghnáth, agus cuid di ar an taobh eile den phacáiste, mar shampla “cúl an phacáiste”." }
548
{ "en": "Therefore, the nutrition declaration should be in the same field of vision.", "ga": "Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an dearbhú cothúcháin sa réimse céanna radhairc." }
549
{ "en": "In addition, on a voluntary basis, the most important elements of the nutrition information may be repeated in the principal field of vision, in order to help consumers to easily see the essential nutrition information when purchasing foods.", "ga": "Ina theannta sin féadfar, ar bhonn saorálach, na heilimintí is tábhachtaí den fhaisnéis chothúcháin a athrá sa phríomhréimse radhairc, sa chaoi is go bhfeicfidh tomhaltóirí an fhaisnéis riachtanach chothúcháin go héasca agus bianna á gceannach acu." }
550
{ "en": "A free choice as to the information that could be repeated might confuse consumers.", "ga": "D’fhéadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí dá mbeadh rogha shaor ann maidir leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a athrá." }
551
{ "en": "Therefore it is necessary to clarify which information may be repeated.", "ga": "Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú cén fhaisnéis a fhéadfar a athrá." }
552
{ "en": "In order to encourage food business operators to provide on a voluntary basis the information contained in the nutrition declaration for foods such as alcoholic beverages and non-prepacked foods that may be exempted from the nutrition declaration, the possibility should be given to declare only limited elements of the nutrition declaration.", "ga": "Chun oibreoirí gnó bia a spreagadh chun an fhaisnéis atá sa dearbhú cothúcháin i gcomhair bianna amhail deochanna alcólacha agus bianna neamh-réamhphacáilte, ar bianna iad a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe ón dearbhú cothúcháin, a sholáthar ar bhonn saorálach, ba cheart an rogha a thabhairt dóibh gan ach eilimintí teoranta den dearbhú cothúcháin a dhearbhú." }
553
{ "en": "It is nevertheless appropriate to clearly establish the information that may be provided on a voluntary basis in order to avoid misleading the consumer by the free choice of the food business operator.", "ga": "Mar sin féin, is iomchuí a chinneadh go soiléir cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar ar bhonn saorálach chun nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir de bharr rogha shaor an oibreora gnó bia." }
554
{ "en": "There have been recent developments in the expression of the nutrition declaration, other than per 100 g, per 100 ml or per portion, or in its presentation, through the use of graphical forms or symbols, by some Member States and organisations in the food sector.", "ga": "Tá forbairt déanta le déanaí maidir leis an gcaoi a ndéanann roinnt Ballstát agus roinnt eagraíochtaí in earnáil an bhia an dearbhú cothúcháin a shloinneadh, is é sin seachas sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh in aghaidh an 100 g, in aghaidh an 100 ml nó in aghaidh na coda, trí fhoirmeacha grafacha nó trí shiombailí a úsáid." }
555
{ "en": "Such additional forms of expression and presentation may help consumers to better understand the nutrition declaration.", "ga": "D’fhéadfadh sé go gcabhródh na bealaí breise sin maidir le sloinneadh agus cur i láthair le tomhaltóirí an dearbhú cothúcháin a thuiscint níos fearr." }
556
{ "en": "However, there is insufficient evidence across all the Union on how the average consumer understands and uses the alternative forms of expression or presentation of the information.", "ga": "Níl dóthain fianaise ann, áfach, ar fud an Aontais faoin gcaoi a dtuigeann agus a n-úsáideann an gnáth-thomhaltóir na bealaí malartacha maidir le sloinneadh nó cur i láthair na faisnéise." }
557
{ "en": "Therefore, it is appropriate to allow for different forms of expression and presentation to be developed on the basis of criteria established in this Regulation and to invite the Commission to prepare a report regarding the use of those forms of expression and presentation, their effect on the internal market and the advisability of further harmonisation.", "ga": "Dá bhrí sin, is iomchuí go lámhálfaí bealaí éagsúla a fhorbairt maidir le sloinneadh agus cur i láthair, ar bealaí iad a fhorbrófar ar bhonn critéar a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i ndáil le húsáid na mbealaí sin maidir le le sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh, i ndáil leis an éifeacht atá acu ar an margadh inmheánach, agus i ndáil lena inmhianaithe atá sé iad a chomhchuibhiú tuilleadh." }
558
{ "en": "In order to assist the Commission in producing that report, Member States should provide the Commission with the relevant information on the use of additional forms of expression and presentation of the nutrition declaration on the market in their territory.", "ga": "Chun cuidiú leis an gCoimisiún an tuarascáil sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún faoi úsáid na mbealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin ar an margadh ina gcríoch." }
559
{ "en": "In order to do so, Member States should be empowered to request food business operators placing on the market in their territory foods bearing additional forms of expression or presentation to notify national authorities of the use of such additional forms and of the relevant justifications regarding the fulfilment of the requirements set out in this Regulation.", "ga": "Chun déanamh amhlaidh, ba cheart go gcumhachtófaí do na Ballstáit a iarraidh ar na hoibreoirí gnó bia a bhfuil bianna á gcur ar an margadh acu ina gcríoch, ar bianna iad a bhfuil bealaí breise orthu maidir le sloinneadh nó cur i láthair, fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta faoi úsáid na mbealaí breise den chineál sin agus faoi na fírinnithe ábhartha maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo." }
560
{ "en": "It is desirable to ensure a certain level of consistency in the development of additional forms of expression and presentation of the nutrition declaration.", "ga": "Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí leibhéal áirithe comhsheasmhachta a áirithiú maidir le forbairt bealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin." }
561
{ "en": "It is therefore appropriate to promote the constant exchange and sharing of best practices and experience between Member States and with the Commission and to promote the participation of stakeholders in such exchanges.", "ga": "Is iomchuí dá bhrí sin go ndéanfaí malartú agus roinnt na ndea-chleachtas agus na taithí ar bhonn leanúnach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a chur chun cinn agus go ndéanfaí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a chur chun cinn maidir leis na malartuithe sin." }
562
{ "en": "The declaration in the same field of vision of the amounts of nutritional elements and comparative indicators in an easily recognisable form to enable an assessment of the nutritional properties of a food should be considered in its entirety as part of the nutrition declaration and should not be treated as a group of individual claims.", "ga": "Maidir le dearbhú mhéideanna na n-eilimintí cothaitheacha agus táscairí comparáideacha i bhfoirm atá so-aitheanta a chur sa réimse céanna radhairc i bhfoirm atá so-aitheanta sa chaoi go mbeifear in ann airíonna cothaitheacha an bhia a mheasúnú, ba cheart go mbreithneofaí an méid sin ina iomláine mar chuid den dearbhú cothúcháin agus níor cheart déileáil leis mar ghrúpa maíomh aonair." }
563
{ "en": "Experience shows that in many cases voluntary food information is provided to the detriment of the clarity of the mandatory food information.", "ga": "Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go dtarlaíonn sé ina lán cásanna go dtugtar an fhaisnéis shaorálach bhia ar shlí a théann chun dochar do shoiléireacht na faisnéise sainordaithí bia." }
564
{ "en": "Therefore, criteria should be provided to help food business operators and enforcement authorities to strike a balance between the provision of mandatory and voluntary food information.", "ga": "Dá bhrí sin, ba cheart critéir a sholáthar chun cabhrú le hoibreoirí gnó bia agus le húdaráis forfheidhmiúcháin cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar faisnéise sainordaithí bia agus soláthar faisnéise saorálaí bia." }
565
{ "en": "Member States should retain the right, depending on local practical conditions and circumstances, to lay down rules in respect of the provision of information concerning non-prepacked foods.", "ga": "Ba cheart go gcoimeádfadh Ballstáit an ceart chun rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a sholáthar a bhaineann le bianna neamh-réamhphacáilte ach sin ag brath ar na coinníollacha praiticiúla áitiúla agus ar na dálaí praiticiúla áitiúla." }
566
{ "en": "Although in such cases the consumer demand for other information is limited, information on potential allergens is considered very important.", "ga": "Cé go bhfuil éileamh tomhaltóirí ar fhaisnéis eile teoranta i gcásanna den sórt sin, meastar gur faisnéis an-tábhachtach í an fhaisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann." }
567
{ "en": "Evidence suggests that most food allergy incidents can be traced back to non-prepacked food.", "ga": "Tá fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint gur féidir an chuid is mó de na teagmhais ailléirge bia a rianú siar go bia neamh-réamhphacáilte." }
568
{ "en": "Therefore information on potential allergens should always be provided to the consumer.", "ga": "Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann a sholáthar don tomhaltóir i gcónaí." }
569
{ "en": "As regards the matters specifically harmonised by this Regulation, Member States should not be able to adopt national provisions unless authorised by Union law.", "ga": "Níor cheart go mbeadh Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, mura rud é go n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh le dlí Aontais." }
570
{ "en": "This Regulation should not prevent Member States from adopting national measures concerning matters not specifically harmonised by this Regulation.", "ga": "Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh i ndáil le hábhair nach ndéantar a chomhchuibhiú go sonrach sa Rialachán seo." }
571
{ "en": "However, such national measures should not prohibit, impede or restrict the free movement of goods that are in conformity with this Regulation.", "ga": "Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh na bearta náisiúnta sin cosc, bac ná srian le saorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo." }
572
{ "en": "Union consumers show an increasing interest in the implementation of the Union animal welfare rules at the time of slaughter, including whether the animal was stunned before slaughter.", "ga": "Tá tomhaltóirí an Aontais ag léiriú níos mó spéise i gcur chun feidhme rialacha leasa ainmhithe an Aontais ag tráth a maraithe, lena n-áirítear cibé a ndearnadh an t-ainmhí a stiúdadh sular maraíodh é." }
573
{ "en": "In this respect, a study on the opportunity to provide consumers with the relevant information on the stunning of animals should be considered in the context of a future Union strategy for the protection and welfare of animals.", "ga": "Ina leith sin, ba cheart, i gcomhthéacs straitéis de chuid an Aontais amach anseo maidir le cosaint agus leas ainmhithe, go mbreithneofaí staidéar a dhéanamh faoi an bhféadfaí an fhaisnéis ábhartha ar stiúdadh ainmhithe a thabhairt do thomhaltóirí." }
574
{ "en": "Food information rules should be able to adapt to a rapidly changing social, economic and technological environment.", "ga": "Ba cheart go bhféadfaí na rialacha um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do thimpeallacht shóisialta, eacnamaíoch agus theicneolaíoch atá ag athrú go tapa." }
575
{ "en": "Member States should carry out official controls in order to enforce compliance with this Regulation in accordance with Regulation (EC) No 882/2004 of the European Parliament and of the Council of 29 April 2004 on official controls performed to ensure the verification of compliance with feed and food law, animal health and animal welfare rules [24].", "ga": "Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh rialacha dlí um beatha agus bia, agus comhlíonadh rialacha um shláinte ainmhithe agus rialacha um leas ainmhithe a fhíorú [24]." }
576
{ "en": "References to Directive 90/496/EEC in Regulation (EC) No 1924/2006 and in Regulation (EC) No 1925/2006 of the European Parliament and of the Council of 20 December 2006 on the addition of vitamins and minerals and of certain other substances to foods [25] should be updated to take this Regulation into account.", "ga": "Ba cheart tagairtí do Threoir 90/496/CEE i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bianna [25] a thabhairt cothrom le dáta le go gcuirfí an Rialachán seo san áireamh." }
577
{ "en": "Regulations (EC) No 1924/2006 and (EC) No 1925/2006 should therefore be amended accordingly.", "ga": "Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir." }
578
{ "en": "Irregular and frequent updating of food information requirements may impose considerable administrative burdens on food businesses, especially small and medium-sized enterprises.", "ga": "Dá ndéanfaí na ceanglais maidir le faisnéis bhia a thabhairt cothrom le dáta go neamhrialta agus go minic, d’fhéadfadh sé go gcuirfí ualaí suntasacha riaracháin ar ghnóthaí bia go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide." }
579
{ "en": "It is therefore appropriate to ensure that measures that may be adopted by the Commission in exercising the powers conferred by this Regulation apply on the same day in any calendar year following an appropriate transitional period.", "ga": "Is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go mbeidh feidhm, tar éis idirthréimhse iomchuí, ar an lá céanna in aon bhliain féilire, ag na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh le linn na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú." }
580
{ "en": "Derogations from this principle should be permitted in cases of urgency where the purpose of the measures concerned is the protection of human health.", "ga": "Ba cheart maoluithe ar an bprionsabal sin a cheadú i gcásanna práinne, nuair is é is cuspóir do na bearta lena mbaineann ná sláinte an duine a chosaint." }
581
{ "en": "In order to enable food business operators to adapt the labelling of their products to the new requirements introduced by this Regulation, it is important to provide for appropriate transitional periods for the application of this Regulation.", "ga": "Chun a chumasú d’oibreoirí gnó bia lipéadú a dtáirgí a chur in oiriúint do na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go ndéanfaí foráil maidir le hidirthréimhsí iomchuí i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo." }
582
{ "en": "Given the substantial changes in the requirements related to nutrition labelling introduced by this Regulation, in particular changes in relation to the content of the nutrition declaration, it is appropriate to authorise food business operators to anticipate the application of this Regulation.", "ga": "I bhfianaise na n-athruithe suntasacha, atá á dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, ar na ceanglais a bhaineann le lipéadú cothúcháin, go háirithe athruithe i ndáil le hinneachar an dearbhaithe cothúcháin, is iomchuí a údarú d’oibreoirí gnó bia gníomhú in oirchill ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo." }
583
{ "en": "Since the objectives of this Regulation cannot be sufficiently achieved by the Member States and can therefore be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union.", "ga": "Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus, gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach." }
584
{ "en": "In accordance with the principle of proportionality, as set out in that Article, this Regulation does not go beyond what is necessary in order to achieve those objectives.", "ga": "I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach." }
585
{ "en": "The power to adopt delegated acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission in respect of, inter alia, the availability of certain mandatory particulars by means other than on the package or on the label, the list of foods not required to bear a list of ingredients, the re-examination of the list of substances or products causing allergies or intolerances, or the list of nutrients that may be declared on a voluntary basis.", "ga": "Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas, inter alia, infhaighteacht sonraí sainordaitheacha áirithe ar mhodh seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad, liosta na mbianna nach gceanglaítear liosta comhábhar a thaispeáint orthu, athscrúdú a dhéanamh ar an liosta substaintí nó táirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí, nó liosta na gcothaitheach a bhféadfar dearbhú a dhéanamh ar bhonn saorálach ina dtaobh." }
586
{ "en": "It is of particular importance that the Commission carry out appropriate consultations during its preparatory work, including at expert level.", "ga": "Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe." }
587
{ "en": "The Commission, when preparing and drawing up delegated acts, should ensure simultaneous, timely and appropriate transmission of relevant documents to the European Parliament and to the Council.", "ga": "Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí." }
588
{ "en": "In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation, implementing powers should be conferred on the Commission to adopt implementing acts in relation to, inter alia, the modalities of expression of one or more particulars by means of pictograms or symbols instead of words or numbers, the manner of indicating the date of minimum durability, the manner of indicating the country of origin or place of provenance for meat, the precision of the declared values for the nutrition declaration, or the expression per portion or per consumption unit of the nutrition declaration.", "ga": "Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, inter alia, i ndáil leis na modhanna chun sonra amháin nó níos mó a shloinneadh trí phicteagraim nó trí shiombailí in ionad trí fhocail nó trí uimhreacha, i ndáil leis an gcaoi a sonrófaí an dáta íosmharthanachta, i ndáil leis an gcaoi a sonrófaí an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht i gcás feola, i ndáil le beachtas na luachanna dearbhaithe don dearbhú cothúcháin, nó i ndáil le sloinneadh an dearbhaithe cothúcháin in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais." }
589
{ "en": "Those powers should be exercised in accordance with Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission’s exercise of implementing powers [26],", "ga": "Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún [26]," }
590
{ "en": "HAVE ADOPTED THIS REGULATION:", "ga": "TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:" }
591
{ "en": "CHAPTER I", "ga": "CAIBIDIL I" }
592
{ "en": "GENERAL PROVISIONS", "ga": "FORÁLACHA GINEARÁLTA" }
593
{ "en": "Article 1", "ga": "Airteagal 1" }
594
{ "en": "Subject matter and scope", "ga": "Ábhar agus raon feidhme" }
595
{ "en": "This Regulation provides the basis for the assurance of a high level of consumer protection in relation to food information, taking into account the differences in the perception of consumers and their information needs whilst ensuring the smooth functioning of the internal market.", "ga": "Leis an Rialachán seo, déantar an bunús a sholáthar chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus na difríochtaí i dtaca le brath tomhaltóirí, agus riachtanas faisnéise tomhaltóirí, á gcur san áireamh ach feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna." }
596
{ "en": "This Regulation establishes the general principles, requirements and responsibilities governing food information, and in particular food labelling.", "ga": "Leis an Rialachán seo bunaítear na prionsabail, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta lena rialaítear faisnéis bhia, agus lipéadú bia go háirithe." }
597
{ "en": "It lays down the means to guarantee the right of consumers to information and procedures for the provision of food information, taking into account the need to provide sufficient flexibility to respond to future developments and new information requirements.", "ga": "Leagtar síos leis na modhanna chun an ceart chun faisnéise atá ag tomhaltóirí a ráthú, na nósanna imeachta chun faisnéis bhia a sholáthar, agus an gá atá le solúbthacht leordhóthanach a sholáthar chun freagairt ar fhorbairtí amach anseo agus ar cheanglais nua faisnéise á chur san áireamh." }
598
{ "en": "This Regulation shall apply to food business operators at all stages of the food chain, where their activities concern the provision of food information to consumers.", "ga": "Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí gnó bia ag gach céim den bhiashlabhra, i gcás ina mbaineann a ngníomhaíochtaí le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí." }
599
{ "en": "It shall apply to all foods intended for the final consumer, including foods delivered by mass caterers, and foods intended for supply to mass caterers.", "ga": "Beidh feidhm aige maidir leis na bianna go léir a bheartaítear a sholáthar don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear bianna a dhéanann oll-lónadóirí a sheachadadh agus bianna a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí." }