id
int64
0
182k
translation
dict
181,900
{ "en": "Whereas:", "ga": "De bharr an mhéid seo a leanas:" }
181,901
{ "en": "Regulation (EU) No 1305/2013 of the European Parliament and of the Council is the current legal framework for support for rural development.", "ga": "Is é is Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an creat dlí reatha don tacaíocht d'fhorbairt tuaithe." }
181,902
{ "en": "It provides for support to areas facing natural constraints, other than mountain areas.", "ga": "Déantar foráil ann maidir le tacaíocht do limistéir, seachas limistéir shléibhe, a bhfuil srianta nádúrtha orthu." }
181,903
{ "en": "In order to provide assistance to Member States and stakeholders for the timely preparation of the future common agricultural policy (CAP) and to ensure a smooth passage to the next programming period, it should be clarified that it is possible to finance activities linked to the preparation of the future CAP through technical assistance at the initiative of the Commission.", "ga": "Chun cúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit agus do gheallsealbhóirí chun an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a bheidh ann amach anseo a ullmhú go tráthúil agus chun aistriú gan deacrachtaí a áirithiú chuig an gcéad chlárthréimhse eile, ba cheart a shoiléiriú gur féidir gníomhaíochtaí atá nasctha le hullmhú CBT a bheidh ann amach anseo a mhaoiniú trí chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin." }
181,904
{ "en": "Regulation (EU) No 1307/2013 of the European Parliament and of the Council is the current legal framework for direct payments.", "ga": "Is é is Rialachán (CE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an creat dlí reatha d'íocaíochtaí díreacha." }
181,905
{ "en": "The obligation set out in Article 11 of Regulation (EU) No 1307/2013 to reduce the part of the amount of direct payments to be granted to a farmer for a given calendar year exceeding EUR 150000 continues to apply for as long as that Regulation is in force.", "ga": "Maidir leis an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le laghdú a dhéanamh ar an gcuid sin de mhéid na n-íocaíochtaí díreacha atá le tabhairt d'fheirmeoir i leith bhliain féilire ar leith atá os cionn EUR 150000, leanann sí d'fheidhm a bheith aici fad is atá an Rialachán sin i bhfeidhm." }
181,906
{ "en": "Flexibility between pillars is an optional transfer of funds between direct payments and rural development.", "ga": "Is éard atá sa tsolúbthacht idir colúin an fhéidearthacht cistí a aistriú idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe." }
181,907
{ "en": "As a consequence of the amendment of Article 14 of Regulation (EU) No 1307/2013 in respect of the calendar year 2020, it is appropriate to adjust the references to that Article in the context of the obligation of the Member States to linearly reduce or increase the value of the payment entitlements due to fluctuations in the annual national ceiling resulting from their notifications of the application of flexibility between pillars.", "ga": "Mar thoradh ar leasú Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i leith na bliana féilire 2020, is iomchuí na tagairtí don Airteagal sin a choigeartú i gcomhthéacs na hoibleagáide atá ar na Ballstáit laghdú nó méadú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta mar gheall ar luaineachtaí san uasteorainn náisiúnta bhliantúil ar toradh iad ar fhógraí uathu faoi chur i bhfeidhm na solúbthachta idir colúin." }
181,908
{ "en": "Regulations (EU) No 1305/2013 and (EU) No 1307/2013 should therefore be amended accordingly.", "ga": "Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir sin." }
181,909
{ "en": "In order to promptly provide the necessary flexibility to the Member States and to ensure the continuity of rural development policy in the final years of the 2014-2020 programming period, it was considered to be appropriate to provide for an exception to the eight-week period referred to in Article 4 of Protocol No 1 on the role of national Parliaments in the European Union, annexed to the Treaty on European Union, to the Treaty on the Functioning of the European Union and to the Treaty establishing the European Atomic Energy Community.", "ga": "Chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na Ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha de chlárthréimhse 2014-2020, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach." }
181,910
{ "en": "In order to promptly provide the necessary flexibility to the Member States and to ensure the continuity of rural development policy in the final years of the 2014-2020 programming period, this Regulation should apply from 1 March 2019,", "ga": "Chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na Ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha den chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2019," }
181,911
{ "en": "HAVE ADOPTED THIS REGULATION:", "ga": "TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:" }
181,912
{ "en": "Article 1", "ga": "Airteagal 1" }
181,913
{ "en": "Amendments to Regulation (EU) No 1305/2013", "ga": "Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013" }
181,914
{ "en": "Regulation (EU) No 1305/2013 is amended as follows:", "ga": "Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:" }
181,915
{ "en": "in Article 31(5), the following subparagraph is inserted after the first subparagraph:", "ga": "in Airteagal 31(5), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:" }
181,916
{ "en": "‘By way of derogation from the first subparagraph, where degressive payments start only in the year 2019, those payments shall start at no more than 80 % of the average payment fixed in the 2014-2020 programming period. The payment level shall be established in such a way that the end-level in 2020 is half of the starting level.’;", "ga": "“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach dtosóidh íocaíochtaí céimlaghdaitheacha go dtí 2019, tosóidh na híocaíochtaí sin ag méid nach mó ná 80 % den mheáníocaíocht arna socrú i gclárthréimhse 2014-2020. Bunófar an leibhéal íocaíochta sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh.”;" }
181,917
{ "en": "in Article 51(1), the following subparagraph is inserted after the first subparagraph:", "ga": "in Airteagal 51(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:" }
181,918
{ "en": "‘The EAFRD may finance activities preparing for the implementation of the CAP in the subsequent programming period.’.", "ga": "“Féadfaidh CETFT gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena n-ullmhófar do chur chun feidhme CBT sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin.”." }
181,919
{ "en": "Article 2", "ga": "Airteagal 2" }
181,920
{ "en": "Amendments to Regulation (EU) No 1307/2013", "ga": "Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013" }
181,921
{ "en": "Regulation (EU) No 1307/2013 is amended as follows:", "ga": "Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:" }
181,922
{ "en": "in Article 7, paragraph 2 is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:" }
181,923
{ "en": "For each Member State and for each calendar year, the estimated product of the reduction of payments referred to in Article 11 (which is reflected by the difference between the national ceiling set out in Annex II, to which is added the amount available in accordance with Article 58, and the net ceiling set out in Annex III) shall be made available as Union support financed under the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD).’;", "ga": "I gcás gach Ballstáit agus do gach bliain féilire, an táirgeadh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 (a léirítear sa difríocht idir na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirtear an méid atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 58, agus na glan-uasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III), cuirfear ar fáil é mar thacaíocht ón Aontas arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).”;" }
181,924
{ "en": "in Article 11(6), the following subparagraph is added:", "ga": "in Airteagal 11(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:" }
181,925
{ "en": "‘For the year 2020, Member States shall notify the Commission of the decisions taken in accordance with this Article and of any estimated product of reductions by 31 December 2019.’;", "ga": "“Don bhliain 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 faoi na cinntí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta ar laghduithe.”;" }
181,926
{ "en": "Article 14 is amended as follows:", "ga": "leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:" }
181,927
{ "en": "in paragraph 1, the following subparagraph is added:", "ga": "i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:" }
181,928
{ "en": "‘By 31 December 2019, Member States may decide to make available, as additional support financed under the EAFRD in financial year 2021, up to 15 % of their annual national ceilings for the calendar year 2020 set out in Annex II to this Regulation. As a result, the corresponding amount shall no longer be available for granting direct payments. That decision shall be notified to the Commission by 31 December 2019 and shall set out the percentage chosen.’;", "ga": "“Faoin 31 Nollaig 2019, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15 % dá n-uasteorainneacha náisiúnta bliantúla don bhliain féilire 2020 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise a mhaoineofar faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021. Mar thoradh air sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe.”;" }
181,929
{ "en": "in paragraph 2, the following subparagraph is added:", "ga": "i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:" }
181,930
{ "en": "‘By 31 December 2019, Member States may decide to make available as direct payments up to 15 %, or in the case of Bulgaria, Estonia, Spain, Latvia, Lithuania, Poland, Portugal, Romania, Slovakia, Finland and Sweden up to 25 %, of the amount allocated to support financed under the EAFRD in financial year 2021 by Union legislation adopted after the adoption by the Council of the relevant Regulation pursuant to Article 312(2) TFEU. As a result, the corresponding amount shall no longer be available for support financed under the EAFRD. That decision shall be notified to the Commission by 31 December 2019 and shall set out the percentage chosen.’;", "ga": "“Faoin 31 Nollaig 2019, féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15 % den mhéid a leithdháiltear ar thacaíocht arna maoiniú faoi CETFT i mbliain airgeadais 2021 le reachtaíocht de chuid an Aontais arna glacadh tar éis don Chomhairle an Rialachán ábhartha a ghlacadh de bhun Airteagal 312(2) CFAE a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha, nó, i gcás na Bulgáire, an hEastóine, na Spáinne, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh suas le 25 % den mhéid sin a chur ar fáil amhlaidh. Mar thoradh air sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh tacaíocht arna maoiniú faoi CETFT. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe.”;" }
181,931
{ "en": "in Article 22, paragraph 5 is replaced by the following:", "ga": "in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:" }
181,932
{ "en": "If the ceiling for a Member State set by the Commission pursuant to paragraph 1 of this Article is different from that of the previous year as a result of any decision taken by that Member State in accordance with paragraph 3 of this Article, Article 14(1) or (2), Article 42(1), the second subparagraph of Article 49(1), the second subparagraph of Article 51(1), or Article 53, that Member State shall linearly reduce or increase the value of all payment entitlements in order to ensure compliance with paragraph 4 of this Article.’.", "ga": "Más rud é go bhfuil an uasteorainn a shocraigh an Coimisiún do Bhallstát de bhun mhír 1 den Airteagal seo difriúil ó uasteorainn na bliana roimhe sin de bharr aon chinneadh a ghlac an Ballstát sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, Airteagal 14(1) nó (2), Airteagal 42(1), an dara fomhír d'Airteagal 49(1), an dara fomhír d'Airteagal 51(1), nó Airteagal 53, déanfaidh an Ballstát sin laghdú nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 4 den Airteagal seo.”." }
181,933
{ "en": "Article 3", "ga": "Airteagal 3" }
181,934
{ "en": "Entry into force and application", "ga": "Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm" }
181,935
{ "en": "This Regulation shall enter into force on the third day following that of its publication in the Official Journal of the European Union.", "ga": "Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh." }
181,936
{ "en": "It shall apply from 1 March 2019.", "ga": "Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2019." }
181,937
{ "en": "This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.", "ga": "Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát." }
181,938
{ "en": "Done at Strasbourg, 13 February 2019.", "ga": "Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Feabhra 2019." }
181,939
{ "en": "For the European Parliament", "ga": "Thar ceann Pharlaimint na hEorpa" }
181,940
{ "en": "The President", "ga": "An tUachtarán" }
181,941
{ "en": "For the Council", "ga": "Thar ceann na Comhairle" }
181,942
{ "en": "Position of the European Parliament of 31 January 2019 (not yet published in the Official Journal) and decision of the Council of 12 February 2019.", "ga": "Seasamh o Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Feabhra 2019." }
181,943
{ "en": "Regulation (EU) No 1305/2013 of the European Parliament and of the Council of 17 December 2013 on support for rural development by the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD) and repealing Council Regulation (EC) No 1698/2005 (OJ L 347, 20.12.2013, p. 487).", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487)." }
181,944
{ "en": "Regulation (EU) 2017/2393 of the European Parliament and of the Council of 13 December 2017 amending Regulations (EU) No 1305/2013 on support for rural development by the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD), (EU) No 1306/2013 on the financing, management and monitoring of the common agricultural policy, (EU) No 1307/2013 establishing rules for direct payments to farmers under support schemes within the framework of the common agricultural policy, (EU) No 1308/2013 establishing a common organisation of the markets in agricultural products and (EU) No 652/2014 laying down provisions for the management of expenditure relating to the food chain, animal health and animal welfare, and relating to plant health and plant reproductive material (OJ L 350, 29.12.2017, p. 15).", "ga": "Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (IO L 350, 29.12.2017, lch. 15)." }
181,945
{ "en": "Regulation (EU) No 1307/2013 of the European Parliament and of the Council of 17 December 2013 establishing rules for direct payments to farmers under support schemes within the framework of the common agricultural policy and repealing Council Regulation (EC) No 637/2008 and Council Regulation (EC) No 73/2009 (OJ L 347, 20.12.2013, p. 608).", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608)." }
181,946
{ "en": "Taking into account the extension to 2019 of the deadline for the new delimitation of areas facing natural constraints other than mountain areas through Regulation (EU) 2017/2393 of the European Parliament and of the Council and the shorter adaptation period for farmers who will no longer be eligible for payments, degressive transitional payments that only start in 2019 should start at no more than 80 % of the average payments fixed in the 2014–2020 programming period.", "ga": "Ag cur san áireamh gur síneadh an sprioc go dtí 2019 le haghaidh teorannú nua a dhéanamh ar limistéir, seachas limistéir shléibhe, a bhfuil srianta nádúrtha orthu trí Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go bhfuil tréimhse oiriúnaithe níos giorra ann d'fheirmeoirí nach mbeidh incháilithe a thuilleadh le haghaidh íocaíochtaí, ba cheart na híocaíochtaí idirthréimhseacha céimhlaghdaitheacha nach dtosófar go dtí 2019 a thosú ag méid nach mó ná 80 % de na meáníocaíochtaí arna socrú i gclárthréimhse 2014-2020." }
181,947
{ "en": "The payment level should be established in such a way that the end-level in 2020 is half of the starting level.", "ga": "Ba cheart an leibhéal íocaíochta a bhunú sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh." }
181,948
{ "en": "While most of its provisions can apply for as long as that Regulation remains in force, other provisions explicitly refer to the calendar years 2015 to 2019 covered by the Multiannual Financial Framework 2014-2020.", "ga": "Cé gur féidir feidhm a bheith ag formhór fhorálacha an Rialacháin sin fad is atá sé i bhfeidhm, tá forálacha eile ann ina ndéantar tagairt go sainráite do na blianta féilire 2015 go 2019 atá cumhdaithe le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020." }
181,949
{ "en": "For some other provisions, their applicability beyond the calendar year 2019 was not explicitly envisaged.", "ga": "Maidir le roinnt forálacha eile, níor beartaíodh go sainráite go mbeidís infheidhme tar éis na bliana féilire 2019." }
181,950
{ "en": "In June 2018, the Commission submitted a proposal for a new Regulation to replace Regulation (EU) No 1307/2013, but only from 1 January 2021.", "ga": "I mí an Mheithimh 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ach ní chuirfear in ionad go dtí an 1 Eanáir 2021 é." }
181,951
{ "en": "Therefore, it is appropriate to proceed to some technical adjustments of Regulation (EU) No 1307/2013 so that it can be smoothly applied in the calendar year 2020.", "ga": "Dá bhrí sin, is iomchuí dul ar aghaidh agus roinnt coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm gan deacrachtaí sa bhliain féilire 2020." }
181,952
{ "en": "However, that Article only lays down an obligation for Member States to notify their decisions and the estimated product of that reduction for the years 2015 to 2019.", "ga": "Ní leagtar síos san Airteagal sin, áfach, ach oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt i ndáil lena gcinntí agus i ndáil le táirgeadh measta an laghdaithe sin sna bliana 2015 go 2019." }
181,953
{ "en": "With a view to ensuring a continuation of the existing system, Member States should also notify their decisions concerning the year 2020 and the estimated product of reduction for that year.", "ga": "D'fhonn a áirithiú go leanfar den chóras atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit a gcinntí a fhógairt freisin maidir leis an mbliain 2020 agus maidir leis an táirgeadh measta ar an laghdú don bhliain sin." }
181,954
{ "en": "Under Article 14 of Regulation (EU) No 1307/2013, Member States may make use of this flexibility as regards the calendar years 2014 to 2019.", "ga": "Faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin i leith na mblianta féilire 2014 go 2019." }
181,955
{ "en": "In order to ensure that Member States are able to keep their own strategy, the flexibility between pillars should be made available also for the calendar year 2020, corresponding to financial year 2021.", "ga": "Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann a straitéis féin a choinneáil, ba cheart an tsolúbthacht idir colúin a chur ar fáil don bhliain féilire 2020 freisin, ag comhfhreagairt don bhliain féilire 2021." }