id
int64
0
182k
translation
dict
181,800
{ "en": "Paragraphs 1 to 4 shall not preclude reference by the Union authorities to general information, and in particular to the reasons for which decisions were taken pursuant to this Regulation.", "ga": "Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo." }
181,801
{ "en": "The Union authorities shall, however, take into account the legitimate interest of natural and legal persons concerned that their business secrets should not be disclosed.", "ga": "Mar sin féin, cuirfidh údaráis an Aontais san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó." }
181,802
{ "en": "Article 13", "ga": "Airteagal 13" }
181,803
{ "en": "Report", "ga": "Tuarascáil" }
181,804
{ "en": "The Commission shall submit an annual report to the European Parliament and to the Council on the application, implementation and fulfilment of the obligations contained in each Agreement, including with regard to the Trade and Sustainable Development chapter, if the Agreement contains such chapter, and in this Regulation.", "ga": "Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí atá i ngach Comhaontú, lena n-áirítear an chaibidil faoi Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, más ann don chaibidil sin sa chomhaontú, agus sa Rialachán seo." }
181,805
{ "en": "The report shall include, inter alia, information on the application of any provisional and definitive safeguard measures, any prior surveillance measures, any regional surveillance and safeguard measures, the termination of any investigations or proceedings without measures, and information on the activities of the various bodies responsible for the implementation of the Agreement and on the activities of the domestic advisory groups.", "ga": "Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart coimirce sealadach agus cinntitheach, maidir le haon bearta réamhfhaireachais, maidir le haon bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha, maidir le haon imscrúduithe nó imeachtaí gan bhearta a fhoirceannadh, agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as an gcomhaontú a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí na ngrúpaí comhairleacha baile." }
181,806
{ "en": "The report shall set out a summary of the statistics and the evolution of trade with each country concerned.", "ga": "Déanfar achoimre ar an staitisticí agus ar na hathruithe ar an trádáil le gach tír lena mbaineann a leagan amach sa tuarascáil freisin." }
181,807
{ "en": "The European Parliament may, within two months of submission of the Commission's report, invite the Commission to a meeting of its committee responsible to present and explain any issues related to the implementation of this Regulation.", "ga": "Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de 2 mhí ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú." }
181,808
{ "en": "No later than three months after submitting its report to the European Parliament and to the Council, the Commission shall make it public.", "ga": "Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú." }
181,809
{ "en": "Article 14", "ga": "Airteagal 14" }
181,810
{ "en": "Other mechanisms and criteria for the temporary withdrawal of tariff preferences or of other preferential treatment", "ga": "Sásraí agus critéir eile chun fabhair tharaife agus cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt go sealadach" }
181,811
{ "en": "Where an Agreement provides for other mechanisms or criteria allowing for the temporary withdrawal of tariff preferences or of other preferential treatment with respect to certain products, such as a stabilisation mechanism in relation to the Union's outermost regions, for example, where the conditions laid down in the relevant Agreement are met, the Commission shall adopt implementing acts to:", "ga": "I gcás ina bhforálfar i gComhaontú maidir le sásraí nó critéir eile lena gceadaítear fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt go sealadach i ndáil le táirgí áirithe, amhail an sásra cobhsaíochta (i dtaca leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas, cuir i gcás), i gcás ina gcomhlíontar na téarmaí a leagtar síos sa Chomhaontú ábhartha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar:" }
181,812
{ "en": "suspend, or confirm the non-suspension of, the tariff preferences or other preferential treatment for the product concerned;", "ga": "na fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile don táirge lena mbaineann a chur ar fionraí nó a dheimhniú nach bhfuil siad á gcur ar fionraí;" }
181,813
{ "en": "reinstate the tariff preferences or other preferential treatment where the conditions laid down in the relevant Agreement are met;", "ga": "na fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile a thabhairt ar ais i gcás ina bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ábhartha comhlíonta;" }
181,814
{ "en": "adjust the suspension to conform with the conditions in the relevant Agreement; or", "ga": "an fhionraíocht a choigeartú le bheith i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa chomhaontú ábhartha; nó" }
181,815
{ "en": "take any other action specified in the relevant Agreement.", "ga": "aon bheart eile a shonraítear sa Chomhaontú ábhartha." }
181,816
{ "en": "Those acts shall be adopted in accordance with the examination procedure referred to in Article 17(3).", "ga": "Déanfar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3)." }
181,817
{ "en": "On duly justified imperative grounds of urgency, where a delay in taking the action referred to in paragraph 1 of this Article would cause damage which would be difficult to repair, or in order to prevent a negative impact on the situation of the Union market, in particular as a result of an increase in imports, or as otherwise provided in the relevant Agreement, the Commission shall adopt immediately applicable implementing acts in accordance with the procedure referred to in Article 17(4).", "ga": "Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina ndéanfaí damáiste ba dheacair a leigheas de thoradh moill ar an mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais, go háirithe de thoradh méadú ar allmhairí, a chosc, nó de réir foráil eile sa Chomhaontú ábhartha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(4)." }
181,818
{ "en": "Article 15", "ga": "Airteagal 15" }
181,819
{ "en": "Delegated acts", "ga": "Gníomhartha tarmligthe" }
181,820
{ "en": "The Commission is empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 16 in order to amend the Annex with a view to adding or deleting entries relating to:", "ga": "Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Iarscríbhinn a leasú d'fhonn na nithe seo a leanas a chur leis nó a scriosadh:" }
181,821
{ "en": "an Agreement;", "ga": "Comhaontú;" }
181,822
{ "en": "any specific provisions as referred to in the second subparagraph of Article 1(1);", "ga": "aon fhorálacha sonracha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 1(1);" }
181,823
{ "en": "any sensitive products;", "ga": "aon táirgí íogaire;" }
181,824
{ "en": "any provisions laying down specific rules for other mechanisms as referred to in Article 14 concerning inter alia, if applicable, monitoring, deadlines for investigations, and reporting.", "ga": "aon fhorálacha lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le sásraí eile dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaineann inter alia, más infheidhme, le faireachán a dhéanamh, le spriocanna d'imscrúduithe, agus le tuairisciú." }
181,825
{ "en": "Article 16", "ga": "Airteagal 16" }
181,826
{ "en": "Exercise of the delegation", "ga": "An tarmligean a fheidhmiú" }
181,827
{ "en": "The power to adopt delegated acts is conferred on the Commission subject to the conditions laid down in this Article.", "ga": "Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh." }
181,828
{ "en": "The delegation of power shall be tacitly extended for periods of an identical duration, unless the European Parliament or the Council opposes such extension not later than three months before the end of each period.", "ga": "Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse." }
181,829
{ "en": "The delegation of power referred to in Article 15 may be revoked at any time by the European Parliament or by the Council.", "ga": "Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth." }
181,830
{ "en": "A decision to revoke shall put an end to the delegation of the power specified in that decision.", "ga": "Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin." }
181,831
{ "en": "It shall take effect the day following the publication of the decision in the Official Journal of the European Union or at a later date specified therein.", "ga": "Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh." }
181,832
{ "en": "It shall not affect the validity of any delegated acts already in force.", "ga": "Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana." }
181,833
{ "en": "Before adopting a delegated act, the Commission shall consult experts designated by each Member State in accordance with the principles laid down in the Interinstitutional Agreement of 13 April 2016 on Better Law-Making.", "ga": "Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr." }
181,834
{ "en": "As soon as it adopts a delegated act, the Commission shall notify it simultaneously to the European Parliament and to the Council.", "ga": "A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi." }
181,835
{ "en": "A delegated act adopted pursuant to Article 15 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.", "ga": "Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid." }
181,836
{ "en": "That period shall be extended by two months at the initiative of the European Parliament or of the Council.", "ga": "Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." }
181,837
{ "en": "Article 17", "ga": "Airteagal 17" }
181,838
{ "en": "Committee procedure", "ga": "Nós imeachta coiste" }
181,839
{ "en": "The Commission shall be assisted by the committee established by Article 3(1) of Regulation (EU) 2015/478 of the European Parliament and of the Council.", "ga": "Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún." }
181,840
{ "en": "That committee shall be a committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011.", "ga": "Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011." }
181,841
{ "en": "Where reference is made to this paragraph, Article 4 of Regulation (EU) No 182/2011 shall apply.", "ga": "I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011." }
181,842
{ "en": "Where reference is made to this paragraph, Article 5 of Regulation (EU) No 182/2011 shall apply.", "ga": "I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011." }
181,843
{ "en": "Where reference is made to this paragraph, Article 8 of Regulation (EU) No 182/2011 shall apply in conjunction with Article 4 thereof.", "ga": "I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de." }
181,844
{ "en": "Article 18", "ga": "Airteagal 18" }
181,845
{ "en": "Entry into force", "ga": "Teacht i bhfeidhm" }
181,846
{ "en": "This Regulation shall enter into force on the twentieth day following that of its publication in the Official Journal of the European Union.", "ga": "Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh." }
181,847
{ "en": "This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.", "ga": "Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát." }
181,848
{ "en": "Done at Strasbourg, 13 February 2019.", "ga": "Arna dhéanamh in Strasbourg,an 13 Feabhra 2019." }
181,849
{ "en": "For the European Parliament", "ga": "Thar ceann Pharlaimint na hEorpa" }
181,850
{ "en": "The President", "ga": "An tUachtarán" }
181,851
{ "en": "For the Council", "ga": "Thar ceann na Comhairle" }
181,852
{ "en": "Position of the European Parliament of 15 January 2019 (not yet published in the Official Journal) and Decision of the Council of 28 January 2019.", "ga": "Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 (nar foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2019." }
181,853
{ "en": "OJ L 123, 12.5.2016, p. 1.", "ga": "IO L 123, 12.5.2016, lch. 1." }
181,854
{ "en": "Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission's exercise of implementing powers (OJ L 55, 28.2.2011, p. 13).", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." }
181,855
{ "en": "Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council of 17 December 2013 establishing a common organisation of the markets in agricultural products and repealing Council Regulations (EEC) No 922/72, (EEC) No 234/79, (EC) No 1037/2001 and (EC) No 1234/2007 (OJ L 347, 20.12.2013, p. 671).", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CÉ) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)." }
181,856
{ "en": "Regulation (EU) 2015/478 of the European Parliament and of the Council of 11 March 2015 on common rules for imports (OJ L 83, 27.3.2015, p. 16).", "ga": "Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16)." }
181,857
{ "en": "ANNEX", "ga": "IARSCRÍBHINN" }
181,858
{ "en": "SPECIFIC PROVISIONS CONTAINED IN THE AGREEMENTS AND IMPLEMENTED BY THIS REGULATION", "ga": "FORÁLACHA SONRACHA ATÁ SNA COMHAONTUITHE AGUS ARNA GCUR CHUN FEIDHME LEIS AN RIALACHÁN SEO" }
181,859
{ "en": "Free Trade Agreement between the European Union and the Republic of Singapore", "ga": "Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór:" }
181,860
{ "en": "Date of Application", "ga": "Dáta cur i bhfeidhm" }
181,861
{ "en": "Bilateral safeguard clause", "ga": "Clásal coimirce déthaobhach" }
181,862
{ "en": "Article 3.10 (Application of Bilateral Safeguard Measure)", "ga": "Airteagal 3.10 (Feidhmiú an Bhirt Coimirce Dhéthaobhaigh)" }
181,863
{ "en": "Specific provision(s) contained in the Agreement:", "ga": "Foráil shonrach nó forálacha sonracha atá sa Chomhaontú:" }
181,864
{ "en": "Point (b) of Article 3.9:", "ga": "Pointe (b) d'Airteagal 3.9:" }
181,865
{ "en": "“transition period” means a period of 10 years from the entry into force of this Agreement’", "ga": "ciallaíonn ‘idirthréimhse’ tréimhse 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.”" }
181,866
{ "en": "Article 3.11(5):", "ga": "Airteagal 3.11(5):" }
181,867
{ "en": "Neither Party shall apply a bilateral safeguard measure as set out in paragraph 1 of Article 3.10 (Application of Bilateral Safeguard Measure):", "ga": "Ní chuirfidh do cheachtar de na Páirtithe beart coimirce déthaobhach mar a leagtar amach sin i mír 1 d'Airteagal 3.10 i bhfeidhm (Feidhmiú an Bhirt Coimirce Dhéthaobhaigh):" }
181,868
{ "en": "beyond the expiration of the transition period, except with the consent of the other Party.’", "ga": "tar éis dhul in éag na hidirthréimhse, ach amháin le toiliú an Pháirtí eile.”" }
181,869
{ "en": "Free Trade Agreement between the European Union and the Socialist Republic of Vietnam", "ga": "Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam" }
181,870
{ "en": "Article 3.10 (Application of a Bilateral Safeguard Measure)", "ga": "Airteagal 3.10 (Feidhmiú an Bhirt Coimirce Dhéthaobhaigh)" }
181,871
{ "en": "Point (c) of Article 3.9:", "ga": "Pointe (c) d'Airteagal 3.9:" }
181,872
{ "en": "“transition period” means a period of 10 years from the entry into force of this Agreement.’", "ga": "ciallaíonn ‘idirthréimhse’ tréimhse de 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.”" }
181,873
{ "en": "Article 3.11(6):", "ga": "Airteagal 3.11(6):" }
181,874
{ "en": "A party shall not apply a bilateral safeguard measure:", "ga": "Ní ceadmhach do Pháirtí beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm:" }
181,875
{ "en": "Agreement between the European Union and Japan for an Economic Partnership", "ga": "Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch" }
181,876
{ "en": "Bilateral safeguard clause:", "ga": "Clásal coimirce déthaobhach" }
181,877
{ "en": "Articles 2.5 (Agricultural safeguards) and 5.2 (Application of bilateral safeguard measures)", "ga": "Airteagal 2.5 (Coimirce talmhaíochta), agus Airteagal 5.2 (Feidhmiú na mBeart Coimirce Déthaobhach)" }
181,878
{ "en": "Point (d) of Article 5.1:", "ga": "Pointe (d) d'Airteagal 5.1:" }
181,879
{ "en": "“transition period” means, in relation to a particular originating good, the period beginning on the date of entry into force of this Agreement and ending 10 years after the date of completion of tariff reduction or elimination on that good in accordance with Annex 2-A.’", "ga": "ciallaíonn ‘idirthréimhse’, i ndáil le hearra tionscnaimh áirithe, an tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus dar deireadh 10 mbliana tar éis dháta chríochnú an laghdaithe nó an díothaithe taraife ar an earra sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 2-A.”" }
181,880
{ "en": "Article 18 (Safeguard) of Annex 2-C on motor vehicles and parts:", "ga": "Airteagal 18 (Coimirciú) d'Iarscríbhinn 2-C maidir le mótarfheithiclí agus páirteanna:" }
181,881
{ "en": "During the 10 years following the entry into force of this Agreement, each of the Parties reserves the right to suspend equivalent concessions or other equivalent obligations in the event that the other Party:", "ga": "I rith na 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh sé de cheart ag gach ceann de na Páirtithe lamháltais choibhéiseacha nó oibleagáidí coibhéiseacha eile a chur ar fionraí i gcás:" }
181,882
{ "en": "does not apply or ceases applying a UN Regulation as specified in Appendix 2-C-1; or", "ga": "nach gcuirfidh an Páirtí eile i bhfeidhm Rialachán de chuid na Náisiún Aontaithe arna shonrú in Aguisín 2-C-1, nó ina scorfaidh sé de Rialachán den sórt sin a chur i bhfeidhm; nó" }
181,883
{ "en": "introduces or amends any other regulatory measure that nullifies or impairs the benefits of the application of a UN Regulation as specified in Appendix 2-C-1.", "ga": "go ndéanfaidh an Páirtí eile aon bheart rialála eile a thabhairt isteach nó a leasú lena neamhnítear nó lena lagaítear na tairbhí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán de chuid NA arna shonrú in Aguisín 2-C-1." }
181,884
{ "en": "Suspensions pursuant to paragraph 1 shall remain in force only until a decision is made in accordance with the accelerated dispute settlement procedure referred to in Article 19 of this Annex or a mutually acceptable solution is found, including through consultations under subparagraph (b) of Article 19 of this Annex, whichever is earlier.’", "ga": "Leanfaidh fionraíochtaí de bhun mhír 1 de bheith i bhfeidhm go dtí an tráth sin, agus go dtí an tráth sin amháin, a ndéanfar cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta brostaithe um réiteach díospóide dá dtagraítear in Airteagal 19 den Iarscríbhinn seo nó a dtiocfar ar réiteach is inghlactha ag an dá thaobh, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin faoi fhophointe (b) d'Airteagal 19 den Iarscríbhinn seo, cibé acu is túisce.”" }
181,885
{ "en": "Joint statement of the European Parliament and the Commission", "ga": "Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún" }
181,886
{ "en": "The European Parliament and the Commission agree on the importance of close cooperation concerning the implementation of the Agreements listed in the Annex to the Regulation (EU) 2019/287 of the European Parliament and of the Council of 13 February 2019 implementing bilateral safeguard clauses and other mechanisms allowing for the temporary withdrawal of preferences in certain trade agreements concluded between the European Union and third countries.", "ga": "Tá Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ag comhaontú ar an tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe." }
181,887
{ "en": "The power to adopt delegated acts referred to in Article 15 shall be conferred on the Commission for a period of five years from 14 March 2019.", "ga": "Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 14 Márta 2019." }
181,888
{ "en": "The Commission shall draw up a report in respect of the delegation of power not later than nine months before the end of the five-year period.", "ga": "Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta." }
181,889
{ "en": "To that end they agree that where the European Parliament adopts a recommendation to initiate a safeguard investigation, the Commission will carefully examine whether the conditions under the Regulation for ex officio initiation are fulfilled.", "ga": "Chuige sin, i gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, aontaíonn siad go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoin Rialachán maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh." }
181,890
{ "en": "Where the Commission considers that those conditions are not fulfilled, it will present a report to the committee responsible of the European Parliament including an explanation of all the factors relevant to the initiation of such an investigation.", "ga": "Sa chás go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe sin." }
181,891
{ "en": "Regulation (EU) 2019/288 of the European Parliament and of the Council", "ga": "Rialachán (AE) 2019/288 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle" }
181,892
{ "en": "of 13 February 2019", "ga": "an 13 Feabhra 2019" }
181,893
{ "en": "amending Regulations (EU) No 1305/2013 and (EU) No 1307/2013 as regards certain rules on direct payments and support for rural development in respect of the years 2019 and 2020", "ga": "lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d'fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020" }
181,894
{ "en": "THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,", "ga": "TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH," }
181,895
{ "en": "Having regard to the Treaty on the Functioning of the European Union, and in particular Article 42 and Article 43(2) thereof,", "ga": "Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de," }
181,896
{ "en": "Having regard to the proposal from the European Commission,", "ga": "Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach," }
181,897
{ "en": "After transmission of the draft legislative act to the national parliaments,", "ga": "Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta," }
181,898
{ "en": "After consulting the European Economic and Social Committee,", "ga": "Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa," }
181,899
{ "en": "Acting in accordance with the ordinary legislative procedure,", "ga": "Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach," }