id
int64
0
182k
translation
dict
600
{ "en": "This Regulation shall apply to catering services provided by transport undertakings when the departure takes place on the territories of the Member States to which the Treaties apply.", "ga": "Beidh feidhm ag an Rialachán seo i ndáil le seirbhísí lónadóireachta a chuireann gnóthais iompair ar fáil nuair a dhéantar an t-imeacht ar chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo." }
601
{ "en": "This Regulation shall apply without prejudice to labelling requirements provided for in specific Union provisions applicable to particular foods.", "ga": "Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le bianna áirithe." }
602
{ "en": "Article 2", "ga": "Airteagal 2" }
603
{ "en": "Definitions", "ga": "Sainmhínithe" }
604
{ "en": "For the purposes of this Regulation, the following definitions shall apply:", "ga": "Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:" }
605
{ "en": "the definitions of ‘food’, ‘food law’, ‘food business’, ‘food business operator’, ‘retail’, ‘placing on the market’ and ‘final consumer’ in Article 2 and in points (1), (2), (3), (7), (8) and (18) of Article 3 of Regulation (EC) No 178/2002;", "ga": "na sainmhínithe ar “bia”, “dlí um bia”, “gnó bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol”, “cur ar an margadh” agus “tomhaltóir deiridh” atá in Airteagal 2 agus i bpointí (1), (2), (3), (7), (8) agus (18) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;" }
606
{ "en": "the definitions of ‘processing’, ‘unprocessed products’ and ‘processed products’ in points (m), (n) and (o) of Article 2(1) of Regulation (EC) No 852/2004 of the European Parliament and of the Council of 29 April 2004 on the hygiene of foodstuffs [27];", "ga": "na sainmhínithe ar “próiseáil”, “táirgí neamhphróiseáilte” agus “táirgí próiseáilte” i bpointe (m), i bpointe (n) agus i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia [27];" }
607
{ "en": "the definition of ‘food enzyme’ in point (a) of Article 3(2) of Regulation (EC) No 1332/2008 of the European Parliament and of the Council of 16 December 2008 on food enzymes [28];", "ga": "an sainmhíniú ar “einsím bia” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia [28];" }
608
{ "en": "the definitions of ‘food additive’, ‘processing aid’ and ‘carrier’ in points (a) and (b) of Article 3(2) of, and in point 5 of Annex I to, Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council of 16 December 2008 on food additives [29];", "ga": "na sainmhínithe ar “breiseán bia”, “áis phróiseála” agus “iompróir” i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia [29];" }
609
{ "en": "the definition of ‘flavourings’ in point (a) of Article 3(2) of Regulation (EC) No 1334/2008 of the European Parliament and of the Council of 16 December 2008 on flavourings and certain food ingredients with flavouring properties for use in and on foods [30];", "ga": "an sainmhíniú ar “blastáin” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna [30];" }
610
{ "en": "the definitions of ‘meat’, ‘mechanically separated meat’, ‘meat preparations’, ‘fishery products’ and ‘meat products’ in points 1.1, 1.14, 1.15, 3.1 and 7.1 of Annex I to Regulation (EC) No 853/2004 of the European Parliament and of the Council of 29 April 2004 laying down specific hygiene rules for food of animal origin [31];", "ga": "na sainmhínithe ar “feoil”, “feoil inneall-scartha”, “ullmhóidí feola”, “táirgí iascaigh” agus “táirgí feola” i bpointí 1.1, 1.14, 1.15, 3.1 agus 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch [31];" }
611
{ "en": "the definition of ‘advertising’ in point (a) of Article 2 of Directive 2006/114/EC of the European Parliament and of the Council of 12 December 2006 concerning misleading and comparative advertising [32].", "ga": "an sainmhíniú “fógraíocht” i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht atá míthreorach agus comparáideach [32]." }
612
{ "en": "The following definitions shall also apply:", "ga": "Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:" }
613
{ "en": "‘food information’ means information concerning a food and made available to the final consumer by means of a label, other accompanying material, or any other means including modern technology tools or verbal communication;", "ga": "ciallaíonn “faisnéis bhia” an fhaisnéis a bhaineann le bia agus a sholáthraítear don tomhaltóir deiridh trí bhíthin lipéid, trí bhíthin aon ábhair eile a ghabhann leis an mbia, nó trí aon mhodh eile lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha nó cumarsáid ó bhéal;" }
614
{ "en": "‘food information law’ means the Union provisions governing the food information, and in particular labelling, including rules of a general nature applicable to all foods in particular circumstances or to certain categories of foods and rules which apply only to specific foods;", "ga": "ciallaíonn “dlí um fhaisnéis bhia” forálacha an Aontais lena rialaítear an fhaisnéis bhia, agus go háirithe lipéadú, lena n-áirítear rialacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach bia in imthosca faoi leith nó maidir le catagóirí áirithe bianna agus catagóirí áirithe rialacha nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le bianna sonracha;" }
615
{ "en": "‘mandatory food information’ means the particulars that are required to be provided to the final consumer by Union provisions;", "ga": "ciallaíonn “faisnéis shainordaitheach bhia” na sonraí a gceanglaítear, le forálacha Aontais, go soláthrófar iad don tomhaltóir deiridh;" }
616
{ "en": "‘mass caterer’ means any establishment (including a vehicle or a fixed or mobile stall), such as restaurants, canteens, schools, hospitals and catering enterprises in which, in the course of a business, food is prepared to be ready for consumption by the final consumer;", "ga": "ciallaíonn “oll-lónadóir” aon bhunaíocht (lena n-áirítear feithicil nó stainnín seasta nó stainnín soghluaiste), amhail bialanna, ceaintíní, scoileanna, ospidéil agus gnóthais lónadóireachta, ina n-ullmhaítear bia, i gcúrsa gnó, lena chaitheamh ag an tomhaltóir deiridh;" }
617
{ "en": "‘prepacked food’ means any single item for presentation as such to the final consumer and to mass caterers, consisting of a food and the packaging into which it was put before being offered for sale, whether such packaging encloses the food completely or only partially, but in any event in such a way that the contents cannot be altered without opening or changing the packaging; ‘prepacked food’ does not cover foods packed on the sales premises at the consumer’s request or prepacked for direct sale;", "ga": "ciallaíonn “bia réamhphacáilte” aon ní amháin atá le cur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí, arb éard atá ann an bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht an bia a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdaítear le “bia réamhphacáilte” bianna a dhéantar a phacáil sa díolphointe arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dírigh;" }
618
{ "en": "‘ingredient’ means any substance or product, including flavourings, food additives and food enzymes, and any constituent of a compound ingredient, used in the manufacture or preparation of a food and still present in the finished product, even if in an altered form; residues shall not be considered as ‘ingredients’;", "ga": "ciallaíonn “comhábhar” aon substaint nó táirge, lena n-áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhchuid de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair;" }
619
{ "en": "‘place of provenance’ means any place where a food is indicated to come from, and that is not the ‘country of origin’ as determined in accordance with Articles 23 to 26 of Regulation (EEC) No 2913/92; the name, business name or address of the food business operator on the label shall not constitute an indication of the country of origin or place of provenance of food within the meaning of this Regulation;", "ga": "ciallaíonn “an bhunáitíocht” aon áit a léirítear ina leith gurb aisti an bia agus nach í “an tír thionscnaimh” í mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92; ní hionann ainm, ainm gnó nó seoladh an oibreora gnó bia a bheith ar an lipéad agus léiriú ar thír thionscnaimh nó ar bhunáitíocht an bhia de réir bhrí an Rialacháin seo;" }
620
{ "en": "‘compound ingredient’ means an ingredient that is itself the product of more than one ingredient;", "ga": "ciallaíonn “comhábhar cumaisc” comhábhar ar táirge é féin de níos mó ná comhábhar amháin;" }
621
{ "en": "‘label’ means any tag, brand, mark, pictorial or other descriptive matter, written, printed, stencilled, marked, embossed or impressed on, or attached to the packaging or container of food;", "ga": "ciallaíonn “lipéad” aon chlib, aon bhranda, aon mharc, aon ábhar pictiúrtha nó aon ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;" }
622
{ "en": "‘labelling’ means any words, particulars, trade marks, brand name, pictorial matter or symbol relating to a food and placed on any packaging, document, notice, label, ring or collar accompanying or referring to such food;", "ga": "ciallaíonn “lipéadú” aon fhocail, aon sonraí, aon trádmharcanna, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann le bia den sórt sin nó trína ndéantar tagairt dó;" }
623
{ "en": "‘field of vision’ means all the surfaces of a package that can be read from a single viewing point;", "ga": "ciallaíonn “réimse radhairc” gach dromchla den phacáiste is féidir a léamh ó phointe radhairc amháin;" }
624
{ "en": "‘principal field of vision’ means the field of vision of a package which is most likely to be seen at first glance by the consumer at the time of purchase and that enables the consumer to immediately identify a product in terms of its character or nature and, if applicable, its brand name.", "ga": "ciallaíonn “príomhréimse radhairc” réimse radhairc an phacáiste ar dóchúla gurb é is túisce a fheicfidh an tomhaltóir ar an gcéad amharc ag tráth a cheannaithe, agus trínar féidir leis an tomhaltóir táirge a aithint láithreach a mhéid a bhaineann lena chineál nó a nádúr agus, más infheidhme, lena ainm branda." }
625
{ "en": "If a package has several identical principal fields of vision, the principal field of vision is the one chosen by the food business operator;", "ga": "Má tá príomhréimsí radhairc éagsúla agus comhchosúla ar phacáiste, is é an príomhréimse radhairc an ceann a roghnaíonn an t-oibreoir gnó bia;" }
626
{ "en": "‘legibility’ means the physical appearance of information, by means of which the information is visually accessible to the general population and which is determined by various elements, inter alia, font size, letter spacing, spacing between lines, stroke width, type colour, typeface, width-height ratio of the letters, the surface of the material and significant contrast between the print and the background;", "ga": "ciallaíonn “inléiteacht” cuma fhisiceach na faisnéise, sa chaoi gur féidir leis an bpobal i gcoitinne an fhaisnéis a fheiceáil agus déantar an chuma sin a chinneadh trí eilimintí éagsúla, inter alia, clómhéid, spás idir litreacha, spás idir línte, leithead na stríce, dath an chló, cló-aghaidh, cóimheas leithead le hairde na litreacha, dromchla an ábhair agus codarsnacht shuntasach idir an cló agus an cúlra;" }
627
{ "en": "‘legal name’ means the name of a food prescribed in the Union provisions applicable to it or, in the absence of such Union provisions, the name provided for in the laws, regulations and administrative provisions applicable in the Member State in which the food is sold to the final consumer or to mass caterers;", "ga": "ciallaíonn “ainm dlíthiúil” ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha an Aontais den sórt sin, an t-ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí;" }
628
{ "en": "‘customary name’ means a name which is accepted as the name of the food by consumers in the Member State in which that food is sold, without that name needing further explanation;", "ga": "ciallaíonn “gnáthainm” ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith;" }
629
{ "en": "‘descriptive name’ means a name providing a description of the food, and if necessary of its use, which is sufficiently clear to enable consumers to know its true nature and distinguish it from other products with which it might be confused;", "ga": "ciallaíonn “ainm tuairisciúil” ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é;" }
630
{ "en": "‘primary ingredient’ means an ingredient or ingredients of a food that represent more than 50 % of that food or which are usually associated with the name of the food by the consumer and for which in most cases a quantitative indication is required;", "ga": "ciallaíonn “comhábhar príomha” comhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid nó a méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna;" }
631
{ "en": "‘date of minimum durability of a food’ means the date until which the food retains its specific properties when properly stored;", "ga": "ciallaíonn “dáta íosmharthanachta bia” an dáta deireanach a choimeádann an bia a airíonna sonracha nuair a stóráiltear i gceart é;" }
632
{ "en": "‘nutrient’ means protein, carbohydrate, fat, fibre, sodium, vitamins and minerals listed in point 1 of Part A of Annex XIII to this Regulation, and substances which belong to or are components of one of those categories;", "ga": "ciallaíonn “cothaitheach” próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, sóidiam, vitimíní agus mianraí atá liostaithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh sin;" }
633
{ "en": "‘engineered nanomaterial’ means any intentionally produced material that has one or more dimensions of the order of 100 nm or less or that is composed of discrete functional parts, either internally or at the surface, many of which have one or more dimensions of the order of 100 nm or less, including structures, agglomerates or aggregates, which may have a size above the order of 100 nm but retain properties that are characteristic of the nanoscale.", "ga": "ciallaíonn “nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air” aon ábhar a tháirgtear d’aon ghnó ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de thimpeall is 100 nm nó níos lú, nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu nach mó ná 100 nm ceann amháin nó níos mó dá dtoisí, lena n–áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó ná 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad." }
634
{ "en": "Properties that are characteristic of the nanoscale include:", "ga": "Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:" }
635
{ "en": "those related to the large specific surface area of the materials considered; and/or", "ga": "na hairíonna sin a bhaineann le hachar sonrach mór dromchla na n–ábhar sin; agus/nó" }
636
{ "en": "specific physico-chemical properties that are different from those of the non-nanoform of the same material;", "ga": "airíonna fisiceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna neamh-nanafhoirmeacha an ábhair chéanna;" }
637
{ "en": "‘means of distance communication’ means any means which, without the simultaneous physical presence of the supplier and the consumer, may be used for the conclusion of a contract between those parties.", "ga": "ciallaíonn “meán cianchumarsáide” aon mheán cianchumarsáide a fhéadfar a úsáid, gan an soláthróir agus an tomhaltóir beirt a bheith i láthair go fisiciúil an tráth céanna, chun conradh a thabhairt i gcrích idir na páirtithe sin." }
638
{ "en": "For the purposes of this Regulation the country of origin of a food shall refer to the origin of a food as determined in accordance with Articles 23 to 26 of Regulation (EEC) No 2913/92.", "ga": "Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar tagairt le tír thionscnaimh bia do thionscnamh bia de réir mar a chinntear í i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92." }
639
{ "en": "The specific definitions set out in Annex I shall also apply.", "ga": "Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I." }
640
{ "en": "CHAPTER II", "ga": "CAIBIDIL II" }
641
{ "en": "GENERAL PRINCIPLES ON FOOD INFORMATION", "ga": "PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA" }
642
{ "en": "Article 3", "ga": "Airteagal 3" }
643
{ "en": "General objectives", "ga": "Cuspóirí ginearálta" }
644
{ "en": "The provision of food information shall pursue a high level of protection of consumers’ health and interests by providing a basis for final consumers to make informed choices and to make safe use of food, with particular regard to health, economic, environmental, social and ethical considerations.", "ga": "Agus faisnéis bhia á soláthar, féachfar le hardleibhéal cosanta sláinte agus leasanna tomhaltóirí a bhaint amach trí bhonn a sholáthar do thomhaltóirí deiridh ar dá réir féadfaidh siad roghanna eolasacha a dhéanamh agus úsáid shábháilte a bhaint as bia, ag féachaint go háirithe do chúrsaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla." }
645
{ "en": "Food information law shall aim to achieve in the Union the free movement of legally produced and marketed food, taking into account, where appropriate, the need to protect the legitimate interests of producers and to promote the production of quality products.", "ga": "Is é an aidhm a bheidh ag dlí um fhaisnéis bhia saorghluaiseacht a bhaint amach san Aontas le haghaidh bia a tháirgtear agus a mhargaítear go dlíthiúil, agus i gcás inarb iomchuí, an gá atá ann le leasanna dlisteanacha táirgeoirí a chosaint agus an gá atá ann le táirgeadh táirgí cáilíochta a chur chun cinn á gcur san áireamh." }
646
{ "en": "When food information law establishes new requirements, a transitional period after the entry into force of the new requirements shall be granted, except in duly justified cases.", "ga": "Nuair a dhéantar ceanglais nua a bhunú leis an dlí um fhaisnéis bhia, deonófar idirthréimhse tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua, seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe." }
647
{ "en": "During such transitional period, foods bearing labels not complying with the new requirements may be placed on the market, and stocks of such foods that have been placed on the market before the end of the transitional period may continue to be sold until exhausted.", "ga": "Le linn idirthréimhse den sórt sin, féadfar bianna a bhfuil lipéid orthu nach gcomhlíonann na ceanglais nua a chur ar an margadh agus dá éis féadfar leanúint de stoic bianna den sórt sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse a dhíol go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe." }
648
{ "en": "An open and transparent public consultation shall be conducted, including with stakeholders, directly or through representative bodies, during the preparation, evaluation and revision of food information law, except where the urgency of the matter does not allow it.", "ga": "Déanfar comhairliúchán oscailte agus trédhearcach poiblí, lena n-áirítear le geallsealbhóirí, go díreach nó trí chomhlachtaí ionadaitheacha, le linn ullmhú, meastóireacht agus athbhreithniú an dlí um fhaisnéis bia, ach amháin sa chás nach féidir é a dhéanamh de bharr phráinne an ábhair." }
649
{ "en": "Article 4", "ga": "Airteagal 4" }
650
{ "en": "Principles governing mandatory food information", "ga": "Prionsabail lena rialaítear faisnéis shainordaitheach bhia" }
651
{ "en": "Where mandatory food information is required by food information law, it shall concern information that falls, in particular, into one of the following categories:", "ga": "I gcás ina mbeidh faisnéis shainordaitheach bhia ina ceanglas faoin dlí um fhaisnéis bhia, bainfidh an fhaisnéis sin le faisnéis a thiocfaidh, go háirithe, faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:" }
652
{ "en": "information on the identity and composition, properties or other characteristics of the food;", "ga": "faisnéis i dtaca le haitheantas agus le chomhdhéanamh an bhia, agus maidir le hairíonna nó le saintréithe eile an bhia;" }
653
{ "en": "information on the protection of consumers’ health and the safe use of a food.", "ga": "faisnéis i dtaca le cosaint sláinte tomhaltóirí agus maidir le húsáid shábháilte bhia." }
654
{ "en": "In particular, it shall concern information on:", "ga": "Bainfidh an fhaisnéis go háirithe:" }
655
{ "en": "compositional attributes that may be harmful to the health of certain groups of consumers;", "ga": "le haitreabúidí comhdhéanaimh a d’fhéadfadh a bheith dochrach do shláinte grúpaí áirithe tomhaltóirí;" }
656
{ "en": "durability, storage and safe use;", "ga": "le marthanacht, le stóráil agus le húsáid shábháilte;" }
657
{ "en": "the health impact, including the risks and consequences related to harmful and hazardous consumption of a food;", "ga": "le tionchar ar an tsláinte, lena n-áirítear na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le tomhailt dhochrach bia agus tomhailt ghuaiseach bia;" }
658
{ "en": "information on nutritional characteristics so as to enable consumers, including those with special dietary requirements, to make informed choices.", "ga": "faisnéis maidir le saintréithe cothaitheacha chun go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta chothaithe acu, roghanna eolasacha a dhéanamh." }
659
{ "en": "When considering the need for mandatory food information and to enable consumers to make informed choices, account shall be taken of a widespread need on the part of the majority of consumers for certain information to which they attach significant value or of any generally accepted benefits to the consumer.", "ga": "Agus an gá le faisnéis shainordaitheach bhia á chur san áireamh agus chun go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, tabharfar aird ar an riachtanas atá ann go forleathan ó thaobh bunáite tomhaltóirí le haghaidh faisnéise áirithe, ar faisnéis í atá rí-thábhachtach dóibh nó ar aon leasanna do thomhaltóirí, ar leasanna iad a nglactar go ginearálta leo." }
660
{ "en": "Article 5", "ga": "Airteagal 5" }
661
{ "en": "Consultation of the European Food Safety Authority", "ga": "Dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia" }
662
{ "en": "Any Union measure in the field of food information law which is likely to have an effect on public health shall be adopted after consultation of the European Food Safety Authority (‘the Authority’).", "ga": "Déanfar aon bheart Aontais i réimse an dlí um fhaisnéis bhia, ar dóigh dó difear a dhéanmh do shláinte an phobail, a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”)." }
663
{ "en": "CHAPTER III", "ga": "CAIBIDIL III" }
664
{ "en": "GENERAL FOOD INFORMATION REQUIREMENTS AND RESPONSIBILITIES OF FOOD BUSINESS OPERATORS", "ga": "CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA AGUS FREAGRACHTAÍ OIBREOIRÍ GNÓ BIA" }
665
{ "en": "Article 6", "ga": "Airteagal 6" }
666
{ "en": "Basic requirement", "ga": "Buncheanglas" }
667
{ "en": "Any food intended for supply to the final consumer or to mass caterers shall be accompanied by food information in accordance with this Regulation.", "ga": "Beidh faisnéis bhia ag gabháil le haon bia a bheartaítear lena sholáthar don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo." }
668
{ "en": "Article 7", "ga": "Airteagal 7" }
669
{ "en": "Fair information practices", "ga": "Cóirchleachtais maidir le faisnéis" }
670
{ "en": "Food information shall not be misleading, particularly:", "ga": "Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:" }
671
{ "en": "as to the characteristics of the food and, in particular, as to its nature, identity, properties, composition, quantity, durability, country of origin or place of provenance, method of manufacture or production;", "ga": "maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe;" }
672
{ "en": "by attributing to the food effects or properties which it does not possess;", "ga": "trí iarmhairtí nó tréithe a chur i leith bia, ar iarmhairtí nó tréithe iad nach bhfuil aige;" }
673
{ "en": "by suggesting that the food possesses special characteristics when in fact all similar foods possess such characteristics, in particular by specifically emphasising the presence or absence of certain ingredients and/or nutrients;", "ga": "trína thabhairt le tuiscint go bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis an mbia nuair atá tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, go háirithe trí bhéim ar leith a chur ar chomhábhair agus/nó cothaithigh áirithe a bheith ann nó a bheith in easnamh;" }
674
{ "en": "by suggesting, by means of the appearance, the description or pictorial representations, the presence of a particular food or an ingredient, while in reality a component naturally present or an ingredient normally used in that food has been substituted with a different component or a different ingredient.", "ga": "trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin." }
675
{ "en": "Food information shall be accurate, clear and easy to understand for the consumer.", "ga": "Beidh faisnéis bhia cruinn, soiléir agus sothuighte don tomhaltóir." }
676
{ "en": "Subject to derogations provided for by Union law applicable to natural mineral waters and foods for particular nutritional uses, food information shall not attribute to any food the property of preventing, treating or curing a human disease, nor refer to such properties.", "ga": "Faoi réir maoluithe dá bhforáiltear le dlí an Aontais, is infheidhme maidir le huiscí mianraí nádúrtha agus le bia le haghaidh úsáidí cothaitheacha faoi leith, ní chuirfear i leith aon bhia le faisnéis bhia go bhfuil an t-airí aige galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas, ná ní dhéanfar tagairt do na hairíonna sin." }
677
{ "en": "Paragraphs 1, 2 and 3 shall also apply to:", "ga": "Beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2, agus ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas freisin:" }
678
{ "en": "advertising;", "ga": "fógraíocht;" }
679
{ "en": "the presentation of foods, in particular their shape, appearance or packaging, the packaging materials used, the way in which they are arranged and the setting in which they are displayed.", "ga": "cur i láthair bianna, go háirithe an cruth, an dealramh agus an phacáistíocht atá orthu, na hábhair pacáistíochta a úsáidtear, an bealach ina leagtar amach na bianna agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint iad." }
680
{ "en": "Article 8", "ga": "Airteagal 8" }
681
{ "en": "Responsibilities", "ga": "Freagrachtaí" }
682
{ "en": "The food business operator responsible for the food information shall be the operator under whose name or business name the food is marketed or, if that operator is not established in the Union, the importer into the Union market.", "ga": "Is é an t-oibreoir gnó bia a bheidh freagrach as an bhfaisnéis bhia ná an t-oibreoir gnó bia ar faoina ainm nó faoi ainm a ghnó a ndéantar an bia a mhargú, nó, mura bhfuil an t-oibreoir sin bunaithe san Aontas, is é an t-allmhaireoir chuig margadh an Aontais a bheidh freagrach aisti." }
683
{ "en": "The food business operator responsible for the food information shall ensure the presence and accuracy of the food information in accordance with the applicable food information law and requirements of relevant national provisions.", "ga": "Déanfaidh an t-oibreoir gnó bia atá freagrach as an bhfaisnéis bhia a áirithiú go bhfuil faisnéis bhia ann agus áiritheoidh sé beachtas na faisnéise bia sin i gcomhréir leis an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus le ceanglais de chuid na bhforálacha náisiúnta ábhartha." }
684
{ "en": "Food business operators which do not affect food information shall not supply food which they know or presume, on the basis of the information in their possession as professionals, to be non-compliant with the applicable food information law and requirements of relevant national provisions.", "ga": "Ní dhéanfaidh oibreoirí gnó bia nach bhfuil tionchar acu ar fhaisnéis bhia, bia a sholáthar ar bia é a bhfuil a fhios acu ina leith nó a thoimhdíonn siad ina leith, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh mar phroifisiúnaigh, nach gcomhlíonann sé an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus ceanglais na bhforálacha náisiúnta ábhartha." }
685
{ "en": "Food business operators, within the businesses under their control, shall not modify the information accompanying a food if such modification would mislead the final consumer or otherwise reduce the level of consumer protection and the possibilities for the final consumer to make informed choices.", "ga": "Ní mhodhnóidh oibreoirí gnó bia, laistigh de na gnóthaí faoina gcúram, an fhaisnéis a ghabhann le bia, da mba rud é go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar míthreoir mar gheall ar an modhnú sin nó dá laghdófaí mar gheall ar an modhnú sin, ar aon dóigh eile, an leibhéal cosanta do thomhaltóirí agus na deiseanna atá ag an tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh." }
686
{ "en": "Food business operators are responsible for any changes they make to food information accompanying a food.", "ga": "Tá oibreoirí gnó bia freagrach as aon athruithe a dhéanann siad ar fhaisnéis bhia a ghabhann le bia." }
687
{ "en": "Without prejudice to paragraphs 2 to 4, food business operators, within the businesses under their control, shall ensure compliance with the requirements of food information law and relevant national provisions which are relevant to their activities and shall verify that such requirements are met.", "ga": "Gan dochar do mhír 2 go mír 4, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, lastigh de na gnóthaí atá faoina rialú, go gcomhlíonfar ceanglais an dlí um fhaisnéis bhia agus ceanglais forálacha náisiúnta atá ábhartha maidir lena ngníomhaíochtaí agus fíoróidh na hoibreoirí gnó bia sin go gcomhlíonfar na ceanglais sin." }
688
{ "en": "Food business operators, within the businesses under their control, shall ensure that information relating to non-prepacked food intended for the final consumer or for supply to mass caterers shall be transmitted to the food business operator receiving the food in order to enable, when required, the provision of mandatory food information to the final consumer.", "ga": "Maidir le faisnéis a bhaineann le bia neamh-réamhphacáilte ar bia é a cheaptar don tomhaltóir deiridh nó a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí, áiritheoidh oibreoirí gnó bia laistigh de na gnóthaí a bheidh faoina rialú féin go ndéanfar faisnéis a tharchur chuig an oibreoir gnó bia a fhaigheann an bia chun go bhféadfar, nuair is gá, an fhaisnéis shainordaitheach bhia a sholáthar don tomhaltóir deiridh." }
689
{ "en": "In the following cases, food business operators, within the businesses under their control, shall ensure that the mandatory particulars required under Articles 9 and 10 shall appear on the prepackaging or on a label attached thereto, or on the commercial documents referring to the foods where it can be guaranteed that such documents either accompany the food to which they refer or were sent before or at the same time as delivery:", "ga": "Sna cásanna seo a leanas, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, sna gnóthaí faoina rialú, go dtaispeánfar na sonraí sainordaitheacha a cheanglaítear faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 ar an réamhphacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte léi, nó sna doiciméid tráchtála ina ndéantar tagairt do na bianna i gcás ina bhféadtar a ráthú go ngabhann doiciméid den sórt sin leis an mbia a ndéanann siad tagairt dó nó gur seoladh iad sular seachadadh an bia nó tráth a sheachadta:" }
690
{ "en": "where prepacked food is intended for the final consumer but marketed at a stage prior to sale to the final consumer and where sale to a mass caterer is not involved at that stage;", "ga": "i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha don tomhaltóir deiridh ach go ndéantar é a mhargú ag céim níos luaithe ná tráth a dhíolta leis an tomhaltóir deiridh agus i gcás nach bhfuil díol le holl-lónadóir i gceist ag an gcéim sin;" }
691
{ "en": "where prepacked food is intended for supply to mass caterers for preparation, processing, splitting or cutting up.", "ga": "i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha lena sholáthar d’oll-lónadóirí chun é a ullmhú, a phróiseáil, a scoilteadh nó a ghearradh suas." }
692
{ "en": "Notwithstanding the first subparagraph, food business operators shall ensure that the particulars referred to in points (a), (f), (g) and (h) of Article 9(1) also appear on the external packaging in which the prepacked foods are presented for marketing.", "ga": "D’ainneoin na chéad fhomhíre, áiritheoidh oibreoirí gnó bia freisin go dtaispeánfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 9(1) ar an bpacáistíocht sheachtrach ina gcuirfear na bianna réamhphacáilte i láthair chun iad a mhargú." }
693
{ "en": "Food business operators that supply to other food business operators food not intended for the final consumer or to mass caterers shall ensure that those other food business operators are provided with sufficient information to enable them, where appropriate, to meet their obligations under paragraph 2.", "ga": "Déanfaidh oibreoirí gnó bia a sholáthraíonn bia nach bhfuil ceaptha don tomhaltóir deiridh ná d’oll-lónadóirí, d’oibreoirí gnó bia eile a áirithiú go soláthrófar dóthain faisnéise do na hoibreoirí gnó bia eile sin ionas go gcuirfear ar a gcumas, i gcás inarb iomchuí, a gcuid dualgas faoi mhír 2 a chomhlíonadh." }
694
{ "en": "CHAPTER IV", "ga": "CAIBIDIL IV" }
695
{ "en": "MANDATORY FOOD INFORMATION", "ga": "FAISNÉIS SHAINORDAITHEACH BHIA" }
696
{ "en": "SECTION 1", "ga": "ROINN 1" }
697
{ "en": "Content and presentation", "ga": "Inneachar agus cur i láthair" }
698
{ "en": "Article 9", "ga": "Airteagal 9" }
699
{ "en": "List of mandatory particulars", "ga": "Liosta de shonraí sainordaitheacha" }