id
int64
0
182k
translation
dict
800
{ "en": "Without prejudice to Article 21, the following constituents of a food shall not be required to be included in the list of ingredients:", "ga": "Gan dochar d’Airteagal 21, ní cheanglófar na comhchodanna bia seo a leanas a áireamh sa liosta comhábhar:" }
801
{ "en": "the constituents of an ingredient which have been temporarily separated during the manufacturing process and later reintroduced but not in excess of their original proportions;", "ga": "comhchodanna comhábhair, ar comhchodanna iad a rinneadh a scaradh go sealadach le linn an phróisis mhonaraithe agus a athcuireadh leis ach gan dul thar a gcoibhneas bunaidh;" }
802
{ "en": "food additives and food enzymes:", "ga": "breiseáin bhia agus einsímí bia:" }
803
{ "en": "whose presence in a given food is solely due to the fact that they were contained in one or more ingredients of that food, in accordance with the carry-over principle referred to in points (a) and (b) of Article 18(1) of Regulation (EC) No 1333/2008, provided that they serve no technological function in the finished product; or", "ga": "nach bhfuil i mbia áirithe ach amháin ar an gcúis go raibh siad i gcomhábhar amháin nó níos mó den bhia sin, i gcomhréir le prionsabal an tabhartha anonn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ar choinníoll nach bhfuil feidhm theicneolaíoch acu sa táirge críochnaithe; nó" }
804
{ "en": "which are used as processing aids;", "ga": "a úsáidtear mar áiseanna próiseála;" }
805
{ "en": "carriers and substances which are not food additives but are used in the same way and with the same purpose as carriers, and which are used in the quantities strictly necessary;", "ga": "iompróirí agus substaintí nach breiseáin bhia iad, ach a úsáidtear ar an mbealach céanna agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag na hiompróirí, agus nach n-úsáidtear ach sna méideanna atá dianriachtanach;" }
806
{ "en": "substances which are not food additives but are used in the same way and with the same purpose as processing aids and are still present in the finished product, even if in an altered form;", "ga": "substaintí nach breiseáin bhia iad ach a úsáidtear ar an mbealach céanna, a bhfuil an cuspóir céanna acu le háiseanna próiseála, agus atá fós sa táirge deiridh, fiú amháin má athraíodh a bhfoirm;" }
807
{ "en": "water:", "ga": "uisce:" }
808
{ "en": "where the water is used during the manufacturing process solely for the reconstitution of an ingredient used in concentrated or dehydrated form; or", "ga": "i gcás nach n-úsáidfear an t-uisce le linn an phróisis mhonaraithe ach chun comhábhar a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéanamh; nó" }
809
{ "en": "in the case of a liquid medium which is not normally consumed.", "ga": "i gcás meáin leachtaigh nach ndéantar é a chaitheamh de ghnáth." }
810
{ "en": "Article 21", "ga": "Airteagal 21" }
811
{ "en": "Labelling of certain substances or products causing allergies or intolerances", "ga": "Substaintí áirithe nó táirgí áirithe is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a lipéadú" }
812
{ "en": "Without prejudice to the rules adopted under Article 44(2), the particulars referred to in point (c) of Article 9(1) shall meet the following requirements:", "ga": "Gan dochar do na rialacha a ghlacfar faoi Airteagal 44(2), comhlíonfaidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) na ceanglais seo a leanas:" }
813
{ "en": "they shall be indicated in the list of ingredients in accordance with the rules laid down in Article 18(1), with a clear reference to the name of the substance or product as listed in Annex II; and", "ga": "léireofar iad sa liosta comhábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18(1), le tagairt shoiléir d’ainm na substainte nó d’ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II; agus" }
814
{ "en": "the name of the substance or product as listed in Annex II shall be emphasised through a typeset that clearly distinguishes it from the rest of the list of ingredients, for example by means of the font, style or background colour.", "ga": "cuirfear béim ar ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II trí chlóchur a fhéadfar a idirdhealú go soiléir ón gcuid eile den liosta comhábhar, mar shampla tríd an gcló, an stíl nó dath an chúlra." }
815
{ "en": "In the absence of a list of ingredients, the indication of the particulars referred to in point (c) of Article 9(1) shall comprise the word ‘contains’ followed by the name of the substance or product as listed in Annex II.", "ga": "In éagmais liosta comhábhar, beidh an focal “ann” ina gcuid den léiriú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) agus beidh ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II ina ndiaidh." }
816
{ "en": "Where several ingredients or processing aids of a food originate from a single substance or product listed in Annex II, the labelling shall make it clear for each ingredient or processing aid concerned.", "ga": "I gcás ina dtagann roinnt comhábhar bia éagsúil nó roinnt áiseanna próiseála bia éagsúla ó shubstaint aonair nó ó tháirge aonair, ar substaint í nó ar táirge é, atá liostaithe in Iarscríbhinn II, beidh sé sin soiléir ón lipéadú i leith gach comhábhar nó gach áis próiseála lena mbaineann." }
817
{ "en": "The indication of the particulars referred to in point (c) of Article 9(1) shall not be required in cases where the name of the food clearly refers to the substance or product concerned.", "ga": "Ní bheidh gá ann leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) a léiriú i gcásanna ina dtagraítear le hainm an bhia go soiléir don tsubstaint nó don táirge lena mbaineann." }
818
{ "en": "In order to ensure better information for consumers and to take account of the most recent scientific progress and technical knowledge, the Commission shall systematically re-examine and, where necessary, update the list in Annex II by means of delegated acts, in accordance with Article 51.", "ga": "Chun faisnéis níos fearr a áirithiú do thomhaltóirí agus chun an dul chun cinn eolaíoch agus an t-eolas teicniúil is déanaí a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn II a athscrúdú go rianúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51." }
819
{ "en": "Article 22", "ga": "Airteagal 22" }
820
{ "en": "Quantitative indication of ingredients", "ga": "Léiriú cainníochtúil comhábhar" }
821
{ "en": "The indication of the quantity of an ingredient or category of ingredients used in the manufacture or preparation of a food shall be required where the ingredient or category of ingredients concerned:", "ga": "Beidh gá le léiriú i leith cainníochta comhábhair nó i leith cainníochta catagóire comhábhar a úsáidtear chun bia a mhonarú nó a ullmhú:" }
822
{ "en": "appears in the name of the food or is usually associated with that name by the consumer;", "ga": "i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar ann mar chuid d’ainm an bhia nó i gcás ina ndéanann an tomhaltóir iad agus an t-ainm sin a chomhcheangal le chéile de ghnáth; nó" }
823
{ "en": "is emphasised on the labelling in words, pictures or graphics; or", "ga": "i gcás ina gcuirtear béim ar an gcomhábhar sin nó ar an gcatagóir sin comhábhar lena mbaineann ar an lipéadú le focail, le pictiúir nó le grafaicí; nó" }
824
{ "en": "is essential to characterise a food and to distinguish it from products with which it might be confused because of its name or appearance.", "ga": "i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar sár-riachtanach chun tuairisc a thabhairt i leith bia agus chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb ionann iad agus an bia mar gheall ar a ainm nó ar a chruth." }
825
{ "en": "Technical rules for applying paragraph 1, including specific cases where the quantitative indication shall not be required in respect of certain ingredients, are laid down in Annex VIII.", "ga": "Leagtar síos in Iarscríbhinn VIII rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an léiriú cainníochta i leith comhábhar áirithe." }
826
{ "en": "Article 23", "ga": "Airteagal 23" }
827
{ "en": "Net quantity", "ga": "Glanchainníocht" }
828
{ "en": "The net quantity of a food shall be expressed using litres, centilitres, millilitres, kilograms or grams, as appropriate:", "ga": "Déanfar glanchainníocht bhia a shloinneadh, trí lítir, trí cheintilítir, trí mhillilítir, trí chileagraim nó trí ghraim a úsáid, de réir mar is iomchuí:" }
829
{ "en": "in units of volume in the case of liquid products;", "ga": "in aonaid toirte i gcás táirgí leachta;" }
830
{ "en": "in units of mass in the case of other products.", "ga": "in aonaid mhaise i gcás táirgí eile." }
831
{ "en": "In order to ensure a better understanding by the consumer of the food information on the labelling, the Commission may establish for certain specified foods, by means of delegated acts, in accordance with Article 51, a manner for the expression of the net quantity other than the one laid down in paragraph 1 of this Article.", "ga": "Chun a áirithiú gur fearr a thuigfidh an tomhaltóir an fhaisnéis bhia atá ar an lipéadú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás bianna áirithe sonracha, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, modh éagsúil a bhunú chun an ghlanchainníocht a shloinneadh seachas an modh a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo." }
832
{ "en": "Technical rules for applying paragraph 1, including specific cases where the indication of the net quantity shall not be required, are laid down in Annex IX.", "ga": "Leagtar síos in Iarscríbhinn IX na rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i mbfheidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an ghlanchainníocht a léiriú." }
833
{ "en": "Article 24", "ga": "Airteagal 24" }
834
{ "en": "Minimum durability date, ‘use by’ date and date of freezing", "ga": "Dáta íos-mharthanachta, an dáta “le húsáid roimh” agus dáta an reo" }
835
{ "en": "In the case of foods which, from a microbiological point of view, are highly perishable and are therefore likely after a short period to constitute an immediate danger to human health, the date of minimum durability shall be replaced by the ‘use by’ date.", "ga": "I gcás bianna atá an-mheatach, ó thaobh na micribhitheolaíochta de, agus ar dóigh ina leith dá réir sin go mbainfeadh riosca láithreach do shláinte an duine leo tar éis tréimhse giorra, déanfar an dáta “le húsáid roimh” a chur in ionad an dáta íosmharthanachta." }
836
{ "en": "After the ‘use by’ date a food shall be deemed to be unsafe in accordance with Article 14(2) to (5) of Regulation (EC) No 178/2002.", "ga": "Tar éis an dáta “le húsáid roimh”, measfar bia a bheith neamhshábháilte i gcomhréir le hAirteagal 14(2) go (5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002." }
837
{ "en": "The appropriate date shall be expressed in accordance with Annex X.", "ga": "Déanfar an dáta iomchuí a shloinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn X." }
838
{ "en": "In order to ensure a uniform application of the manner of indicating the date of minimum durability referred to in point 1(c) of Annex X, the Commission may adopt implementing acts setting out rules in this regard.", "ga": "Chun cur i bhfeidhm comhionann na dóighe ina léirítear an dáta íos-mharthanachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn X a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha ina leith seo." }
839
{ "en": "Article 25", "ga": "Airteagal 25" }
840
{ "en": "Storage conditions or conditions of use", "ga": "Coinníollacha stórála nó coinníollacha úsáide" }
841
{ "en": "In cases where foods require special storage conditions and/or conditions of use, those conditions shall be indicated.", "ga": "I gcásanna inar gá coinníollacha speisialta stórála agus/nó coinníollacha úsáide a bheith ann maidir le bianna, déanfar na coinníollacha sin a léiriú." }
842
{ "en": "To enable appropriate storage or use of the food after opening the package, the storage conditions and/or time limit for consumption shall be indicated, where appropriate.", "ga": "Chun go mbeifear in ann bia a stóráil agus a úsáid go cuí i ndiaidh an pacáiste a oscailt, déanfar na coinníollacha agus/nó an teorainn ama don tomhailt a léiriú, i gcás inarb iomchuí." }
843
{ "en": "Article 26", "ga": "Airteagal 26" }
844
{ "en": "Country of origin or place of provenance", "ga": "Tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht" }
845
{ "en": "This Article shall apply without prejudice to labelling requirements provided for in specific Union provisions, in particular Council Regulation (EC) No 509/2006 of 20 March 2006 on agricultural products and foodstuffs as traditional specialties guaranteed [33] and Council Regulation (EC) No 510/2006 of 20 March 2006 on the protection of geographical indications and designations of origin for agricultural products and foodstuffs [34].", "ga": "Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia mar speisialtachtaí traidisiúnta faoi ráthaíocht [33] agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí agus d’earraí bia talmhaíochta a chosaint [34]." }
846
{ "en": "Indication of the country of origin or place of provenance shall be mandatory:", "ga": "Beidh léiriú na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta sainordaitheach:" }
847
{ "en": "where failure to indicate this might mislead the consumer as to the true country of origin or place of provenance of the food, in particular if the information accompanying the food or the label as a whole would otherwise imply that the food has a different country of origin or place of provenance;", "ga": "más rud é, de bharr mainneachtana i leith an léirithe sin, go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir maidir le fíorthír thionscnaimh an bhia nó maidir le fíorbhunáitíocht an bhia, go háirithe dá dtabharfaí le tuiscint, thairis sin, leis an bhfaisnéis a ghabhann leis an mbia nó leis an lipéad, ina iomláine, go bhfuil tír thionscnaimh éagsúil nó bunáitíocht éagsúil ag an mbia;" }
848
{ "en": "for meat falling within the Combined Nomenclature (‘CN’) codes listed in Annex XI.", "ga": "maidir le feoil, a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“AC”) a liostaítear in Iarscríbhinn XI." }
849
{ "en": "The application of this point shall be subject to the adoption of implementing acts referred to in paragraph 8.", "ga": "Beidh cur i bhfeidhm an phointe seo faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8." }
850
{ "en": "Where the country of origin or the place of provenance of a food is given and where it is not the same as that of its primary ingredient:", "ga": "I gcás ina dtugtar an tír thionscnaimh nó bunáitíocht bhia áirithe agus ina bhfuil sí éagsúil le thír thionscnaimh nó bunáitíocht a phríomh-chomhábhair:" }
851
{ "en": "the country of origin or place of provenance of the primary ingredient in question shall also be given; or", "ga": "tabharfar tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair atá i gceist freisin; nó" }
852
{ "en": "the country of origin or place of provenance of the primary ingredient shall be indicated as being different to that of the food.", "ga": "léireofar nach ionann tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht an bhia." }
853
{ "en": "The application of this paragraph shall be subject to the adoption of the implementing acts referred to in paragraph 8.", "ga": "Beidh cur i bhfeidhm na míre seo faoi réir na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 a ghlacadh." }
854
{ "en": "Within 5 years from the date of application of point (b) of paragraph 2, the Commission shall submit a report to the European Parliament and the Council to evaluate the mandatory indication of the country of origin or place of provenance for products referred to in that point.", "ga": "Laistigh de chúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm phointe (b) de mhír 2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun meastóireacht a dhéanamh ar an léiriú sainordaitheach i leith tíre tionscnaimh nó i leith bunáitíochta i gcomhair táirgí dá dtagraítear sa phointe sin." }
855
{ "en": "By 13 December 2014, the Commission shall submit reports to the European Parliament and the Council regarding the mandatory indication of the country of origin or place of provenance for the following foods:", "ga": "Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta maidir leis na bianna seo a leanas:" }
856
{ "en": "types of meat other than beef and those referred to in point (b) of paragraph 2;", "ga": "saghsanna feola seachas mairteoil agus iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;" }
857
{ "en": "milk;", "ga": "bainne;" }
858
{ "en": "milk used as an ingredient in dairy products;", "ga": "bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta;" }
859
{ "en": "unprocessed foods;", "ga": "bianna neamhphróiseáilte;" }
860
{ "en": "single ingredient products;", "ga": "táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu;" }
861
{ "en": "ingredients that represent more than 50 % of a food.", "ga": "comhábhair ar mó iad ná 50 % den bhia." }
862
{ "en": "By 13 December 2013, the Commission shall submit a report to the European Parliament and the Council regarding the mandatory indication of the country of origin or place of provenance for meat used as an ingredient.", "ga": "Faoin 13 Nollaig 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta d’fheoil a úsáidtear mar chomhábhar." }
863
{ "en": "The reports referred to in paragraphs 5 and 6 shall take into account the need for the consumer to be informed, the feasibility of providing the mandatory indication of the country of origin or place of provenance and an analysis of the costs and benefits of the introduction of such measures, including the legal impact on the internal market and the impact on international trade.", "ga": "Cuirfear san áireamh leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 gur gá do thomhaltóirí a bheith ar an eolas, an bhféadfar léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta a sholáthar agus anailís ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart sin, lena n-áirítear an tionchar dlíthiúil ar an margadh inmheánach agus an tionchar ar thrádáil idirnáisiúnta." }
864
{ "en": "The Commission may accompany those reports with proposals to modify the relevant Union provisions.", "ga": "Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis na tuarascálacha sin chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú." }
865
{ "en": "By 13 December 2013, following impact assessments, the Commission shall adopt implementing acts concerning the application of point (b) of paragraph 2 of this Article and the application of paragraph 3 of this Article.", "ga": "Faoin 13 Nollaig 2013, tar éis measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo." }
866
{ "en": "In the case of foods referred to in point (b) of paragraph 2, in point (a) of paragraph 5 and in paragraph 6, the reports and the impact assessments under this Article shall consider, inter alia, the options for the modalities of expressing the country of origin or place of provenance of those foods, in particular with respect to each of the following determining points in the life of the animal:", "ga": "I gcás bianna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6, breithneoidh na tuarascálacha agus na measúnuithe tionchair a dhéanfar faoin Airteagal seo, inter alia, na roghanna do na modúlachtaí maidir le tír thionscnaimh agus bunáitíocht na mbianna sin a léiriú, go háirithe i ndáil le gach ceann de na pointí cinntitheacha seo a leanas i saolré an ainmhí:" }
867
{ "en": "place of birth;", "ga": "áit bhreithe;" }
868
{ "en": "place of rearing;", "ga": "áit tógála;" }
869
{ "en": "place of slaughter.", "ga": "áit mharaithe." }
870
{ "en": "Article 27", "ga": "Airteagal 27" }
871
{ "en": "Instructions for use", "ga": "Treoracha um úsáid" }
872
{ "en": "The instructions for use of a food shall be indicated in such a way as to enable appropriate use to be made of the food.", "ga": "Déanfar na treoracha um úsáid bhia a léiriú i gcaoi ina bhféadfar an bia a úsáid go hiomchuí." }
873
{ "en": "The Commission may adopt implementing acts setting out detailed rules concerning the implementation of paragraph 1 for certain foods.", "ga": "Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme mhír 1 i leith bianna áirithe." }
874
{ "en": "Article 28", "ga": "Airteagal 28" }
875
{ "en": "Alcoholic strength", "ga": "Neart alcólach" }
876
{ "en": "The rules concerning indication of the alcoholic strength by volume shall, in the case of products classified in CN code 2204, be those laid down in the specific Union provisions applicable to such products.", "ga": "I gcás táirgí a aicmítear i gcód AC 2204, is iad na rialacha a bhaineann le léiriú an nirt alcólaigh de réir toirte na rialacha a leagtar síos i bhforálacha sonracha an Aontais is infheidhme maidir le táirgí den sórt sin." }
877
{ "en": "The actual alcoholic strength by volume of beverages containing more than 1,2 % by volume of alcohol other than those referred to in paragraph 1 shall be indicated in accordance with Annex XII.", "ga": "Déanfar an neart alcólach iarbhír de réir toirte do dheochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu, seachas na deochanna dá dtagraítear i mír 1, a léiriú i gcomhréir le hIarscríbhinn XII." }
878
{ "en": "SECTION 3", "ga": "ROINN 3" }
879
{ "en": "Nutrition declaration", "ga": "Dearbhú cothúcháin" }
880
{ "en": "Article 29", "ga": "Airteagal 29" }
881
{ "en": "Relationship with other legislation", "ga": "Gaolmhaireacht le reachtaíocht eile" }
882
{ "en": "This Section shall not apply to foods falling within the scope of the following legislation:", "ga": "Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le bianna a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta seo a leanas:" }
883
{ "en": "Directive 2002/46/EC of the European Parliament and of the Council of 10 June 2002 on the approximation of the laws of the Member States relating to food supplements [35];", "ga": "Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia [35];" }
884
{ "en": "Directive 2009/54/EC of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 on the exploitation and marketing of natural mineral waters [36].", "ga": "Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú [36]." }
885
{ "en": "This Section shall apply without prejudice to Directive 2009/39/EC of the European Parliament and of the Council of 6 May 2009 on foodstuffs intended for particular nutritional uses [37] and specific Directives as referred to in Article 4(1) of that Directive.", "ga": "Beidh feidhm ag an Roinn seo gan dochar do Threoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia atá ceaptha chun críocha cothúcháin áirithe [37] agus do na Treoracha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin." }
886
{ "en": "Article 30", "ga": "Airteagal 30" }
887
{ "en": "Content", "ga": "Inneachar" }
888
{ "en": "The mandatory nutrition declaration shall include the following:", "ga": "Áireofar sa dearbhú sainordaitheach cothúcháin an méid seo a leanas:" }
889
{ "en": "energy value; and", "ga": "luach fuinnimh; agus" }
890
{ "en": "the amounts of fat, saturates, carbohydrate, sugars, protein and salt.", "ga": "méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéiní agus salann." }
891
{ "en": "Where appropriate, a statement indicating that the salt content is exclusively due to the presence of naturally occurring sodium may appear in close proximity to the nutrition declaration.", "ga": "I gcás inarb iomchuí, féadfar ráiteas a thaispeáint i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin ar ráiteas é lena léirítear gur de thoradh sóidiam a fhaightear go nádúrtha, agus é sin amháin, is ann don mhéid salainn atá ann." }
892
{ "en": "The content of the mandatory nutrition declaration referred to in paragraph 1 may be supplemented with an indication of the amounts of one or more of the following:", "ga": "Féadfar inneachar an dearbhaithe sainordaithí chothúcháin dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh le léiriú i leith méideanna ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:" }
893
{ "en": "mono-unsaturates;", "ga": "monai-neamhsháitheáin;" }
894
{ "en": "polyunsaturates;", "ga": "polai-neamhsháitheáin;" }
895
{ "en": "polyols;", "ga": "polóil;" }
896
{ "en": "starch;", "ga": "stáirse;" }
897
{ "en": "fibre;", "ga": "snáithín;" }
898
{ "en": "any of the vitamins or minerals listed in point 1 of Part A of Annex XIII, and present in significant amounts as defined in point 2 of Part A of Annex XIII.", "ga": "aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus atá ann i méideanna suntasacha, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII." }
899
{ "en": "Where the labelling of a prepacked food provides the mandatory nutrition declaration referred to in paragraph 1, the following information may be repeated thereon:", "ga": "Nuair is ar lipéadú ábhair bhia réamhphacáilte a sholáthraítear an dearbhú cothúcháin sainordaitheach dá dtagraítear i mír 1, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a athrá air:" }