text
stringlengths
1
1.97k
iarscríbhinní v agus vi ina bhfuil na deimhnithe dá dtagraítear in airteagail 54 58 agus 57 den choinbhinsiún seo
iarscríbhinn viii ina bhfuil na teangacha barántúla dá dtagraítear in airteagal 79 den choinbhinsiún seo agus
iarscríbhinn ix a bhaineann le cur chun feidhme airteagal ii de phrótacal i
is cuid dhílis den choinbhinsiún seo na prótacail seo agus na hiarscríbhinní seo
airteagal 76
gan dochar d'airteagal 77 féadfaidh aon pháirtí conarthach athbhreithniú ar an gcoinbhinsiún seo a iarraidh
chuige sin comórfaidh an taiscí an buanchoiste mar a leagtar síos in airteagal 4 de phrótacal 2
airteagal 77
déanfaidh na páirtithe conarthacha téacs aon fhorálacha de na dlíthe lena leasaítear na liostaí atá leagtha amach in iarscríbhinní i go iv go huile a chur in iúl don taiscí chomh maith le haon nithe atá scriosta sa liosta atá leagtha amach in iarscríbhinn vii nó breisithe leis an liosta sin agus an dáta a dtiocfaidh siad i ngníomh
cuirfear na nithe sin in iúl laistigh de thréimhse réasúnach roimh an teacht i ngníomh agus beidh aistriúchán go béarla agus go fraincis ag gabháil leo
déanfaidh an taiscí na hiarscríbhinní lena mbaineann a choigeartú dá réir tar éis dul i gcomhairle leis an mbuanchoiste de réir airteagal 4 de phrótacal 2
chuige sin cuirfidh na páirtithe conarthacha aistriúchán de na coigeartuithe ar fáil ina dteangacha féin
déanfaidh an buanchoiste aon leasú ar iarscríbhinní v go vi go huile agus viii go ix go huile leis an gcoinbhinsiún seo a ghlacadh de réir airteagal 4 de phrótacal 2
airteagal 78
cuirfidh an taiscí na nithe seo a leanas in iúl do na páirtithe conarthacha
taisceadh gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais
dátaí theacht i ngníomh an choinbhinsiúin seo i leith na bpáirtithe conarthacha
aon dearbhú a fuarthas de bhun airteagail i go iv de phrótacal 1
aon chumarsáid a rinneadh de bhun airteagal 74(2) airteagal 77(1) agus mhír 4 de phrótacal 3
beidh aistriúcháin go béarla agus fraincis ag gabháil leis na fógraí
airteagal 79
déanfar an coinbhinsiún seo arna tharraingt suas i scríbhinn bhunaidh amháin sna teangacha atá liostaithe in iarscríbhinn viii agus comhúdarás ag gach uile théacs acu a thaisceadh i gcartlanna chónaidhm na heilvéise
déanfaidh comhairle chónaidhme na heilvéise cóip dheimhnithe a tharchur chuig gach aon pháirtí conarthach
dá fhianú sin shínigh na lánchumhachtaigh thíossínithe an coinbhinsiún seo
prótacal 1
ar cheisteanna áirithe dlínse nós imeachta agus forghníomhaithe
tá na hardpháirtithe contarthacha tar éis comhaontú mar a leanas
airteagal i
doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha a tarraingíodh suas i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus a dhlífear a sheirbheáil ar dhaoine i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo tarchuirfear iad de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos sna coinbhinsiúin agus sna comhaontuithe is infheidhme idir na stáit sin
mura ndéanfaidh an páirtí conarthach arb ina chríoch atá siad le seirbheáil agóid ina choinne sin trí dhearbhú don taiscí is féidir freisin d'oifigigh phoiblí iomchuí an stáit inar tarraingíodh suas an doiciméad é a chur go díreach chuig oifigigh phoiblí iomchuí an stáit ina bhfuil seolaí an doiciméid le fáil
sa chás sin déanfaidh oifigeach stát a thionscanta cóip den doiciméad a chur chuig an oifigeach de chuid an stáit chun a ndéantar an tiarratas a bhfuil an túdarás aige í a chur ar aghaidh chuig an seolaí
cuirfear an doiciméad ar aghaidh ar an modh a shonraítear le dlí an stáit chun a ndéantar an tiarratas
dearbhófar go ndearnadh amhlaidh i ndeimhniú a chuirfear go díreach go dtí oifigeach an stáit tionscnaimh
déanfaidh ballstáit an chomhphobail eorpaigh atá faoi cheangal ag rialachán (ce) uimh 1348/2000 an 29 bealtaine 2000 ón gcomhairle nó ag an gcomhaontú idir an comhphobal eorpach agus ríocht na danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil a síníodh sa bhruiséil an 19 deireadh fómhair 2005 an rialachán sin agus an comhaontú sin a chur i bhfeidhm ina gcaidreamh frithpháirteach
airteagal ii
ní féidir feidhm iomlán a bhaint as an dlínse a shonraítear in airteagail 6(2) agus 11 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí sna stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo dá dtagraítear in iarscríbhinn ix
féadfar aon duine a bhfuil sainchónaí air i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a agairt i gcúirteanna na stát sin de bhun na rialacha dá dtagraítear in iarscríbhinn ix
féadfaidh an comhphobal eorpach tráth an daingniúcháin a dhearbhú nach féidir feidhm a bhaint as imeachtaí dá dtagraítear in airteagail 6(2) agus 11 i mballstáit áirithe eile agus féadfaidh siad faisnéis a sholáthar i dtaobh na rialacha a bheidh infheidhme
déanfar breithiúnais a tugadh sna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo de bhua airteagal 6(2) nó airteagal 11 a aithint agus a fhorghníomhú sna stáit a luaitear i míreanna 1 agus 2 de réir theideal iii
aithneofar mar an gcéanna sna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo aon éifeachtaí a dfhéadfadh a bheith ag breithiúnais a tugadh sna stáit sin ar thríú páirtithe trí na forálacha atá i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme
airteagal iii
forchoimeádann an eilvéis an ceart chun a dhearbhú tráth an daingniúcháin nach ndéanfaidh sí an chuid seo a leanas den fhoráil in airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm
murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir dó déanamh amhlaidh
má dhéanann an eilvéis an dearbhú sin déanfaidh na páirtithe conarthacha eile an forchoimeádas céanna a chur i bhfeidhm i leith breithiúnas arna dtabhairt i gcúirteanna na heilvéise
féadfaidh páirtithe conarthacha i leith breithiúnas arna dtabhairt i stát aontach dá dtagraítear in airteagal 70(1)(c) trí dhearbhú na cearta seo a leanas a fhorchoimeád
an ceart a luaitear i mír 1
ceart údaráis a luaitear in airteagal 39 d'ainneoin fhorálacha airteagal 41 a cheistiú uaidh féin cé acu atá nó nach bhfuil aon fhorais de na forais ann chun diúltú do bhreithiúnas a aithint agus a fhorghníomhú
má rinne páirtí conarthach forchoimeádas den sórt sin i leith stáit aontaigh dá dtagraítear i mír 2 féadfaidh an stát aontach sin trí dhearbhú an ceart céanna a fhorchoimeád i leith breithiúnas arna dtabhairt ag cúirteanna an pháirtí chonarthaigh sin
ach amháin i gcás an fhorchoimeádais a luaitear i mír 1 beidh na dearbhuithe bailí go ceann tréimhsí cúig bliana agus beidh siad inathnuaite ag deireadh na dtréimhsí sin
tabharfaidh an páirtí conarthach fógra i dtaobh dearbhú a athnuachan dá dtagraítear faoi mhír 2 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse sin
ní fhéadfaidh stát aontach an dearbhú uaidh arna dhéanamh faoi mhír 3 a athnuachan ach amháin tar éis an dearbhú faoi seach faoi mhír 2 a athnuachan
airteagal iv
féadfar na dearbhuithe dá dtagraítear sa phrótacal seo a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don taiscí
beidh aistriúchán go béarla agus go fraincis ag gabháil leis an bhfógra
déanfaidh na páirtithe conarthacha socrú i dtaobh aistriúchán go dtí a dteangacha féin
beidh éifeacht le haon tarraingt siar den sórt sin amhail ar an gcéad lá den tríú mí tar éis an fhógra sin
prótacal 2
maidir le léiriú comhionann ar an gcoinbhinsiún agus maidir leis an mbuanchoiste
tá na hardpháirtithe conarthacha
ag féachaint d'airteagal 75 den choinbhinsiún seo
de bhrí go bhfuil ceangal substaintiúil idir an coinbhinsiún seo coinbhinsiún lugano 1988 agus na hionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo
de bhrí go bhfuil dlínse ag cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach chun rialuithe a thabhairt ar léiriú ar fhorálacha na nionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo
de bhrí go dtagann an coinbhinsiún seo chun bheith ina chuid de rialacha comhphobail agus dá réir sin go bhfuil dlínse ag cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach chun rialuithe a thabhairt ar léiriú fhorálacha an choinbhinsiúin seo i ndáil lena chur i bhfeidhm ag cúirteanna bhallstáit an chomhphobail eorpaigh
ós feasach dóibh na rialuithe a thug cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach ar léiriú na nionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo anall go dtí tráth shíniú an choinbhinsiúin seo agus na rialuithe a thug cúirteanna na bpáirtithe conarthacha i gcoinbhinsiún lugano 1988 ar an gcoinbhinsiún sin anall go dtí tráth shíniú an choinbhinsiúin seo
de bhrí go raibh athbhreithniú comhthreomhar choinbhinsiún lugano 1988 agus choinbhinsiún na bruiséile araon ónar eascair críochnú téacs athbhreithnithe do na choinbhinsiúin seo bunaithe go substaintiúil ar na rialuithe thuasluaite ar choinbhinsiún na bruiséile 1968 agus ar choinbhinsiún lugano 1988
de bhrí go ndearnadh téacs athbhreithnithe choinbhinsiún na bruiséile a chorprú tar éis theacht i bhfeidhm chonradh amstardam i rialachán (ce) uimh 44/2001
de bhrí gurb é an téacs athbhreithnithe sin ba bhonn freisin le téacs an choinbhinsiúin seo
ós mian leo agus lánurraim acu do neamhspleáchas na gcúirteanna léirithe eisréimneacha a chosc agus teacht ar léiriú chomh comhionann agus is féidir ar fhorálacha an choinbhinsiúin seo agus ar fhorálacha rialachán (ce) uimh 44/2001 atá ionchorpraithe go substaintiúil sa choinbhinsiún seo agus ar ionstraimí eile dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo
aon chúirt a chuireann an coinbhinsiún seo i bhfeidhm agus a léiríonn é tabharfaidh sí aird iomchuí ar na prionsabail atá leagtha síos le haon bhreithiúnas ábhartha a bhaineann leis an bhforáil nó leis na forálacha lena mbaineann nó le haon fhoráil nó le haon fhorálacha den sórt sin de chuid choinbhinsiún lugano 1988 agus leis na hionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo a bheidh tugtha ag cúirteanna na stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus ag cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach
i gcás chúirteanna bhallstáit an chomhphobail eorpaigh beidh feidhm ag an oibleagáid atá leagtha síos i mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí atá orthu i ndáil le cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach de dhroim an chonartha ag bunú an chomhphobail eorpaigh nó de dhroim an chomhaontaithe idir an comhphobal eorpach agus ríocht na danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála arna shíniú sa bhruiséil an 19 deireadh fómhair 2005
aon stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus nach ballstát den chomhphobal eorpach é beidh sé i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a chur ar aghaidh i gcomhréir le hairteagal 23 den phrótacal ar reacht chúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach i gcás ina ndéanfaidh cúirt nó binse de chuid ballstáit den chomhphobal eorpach ceist i dtaobh léiriú ar an gcoinbhinsiún seo nó ar na hionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo a tharchur chuig an gcúirt bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú
cuirfidh coimisiún na gcomhphobal eorpach córas malairte faisnéise ar bun maidir le breithiúnais iomchuí a tugadh de bhun an choinbhinsiúin seo agus maidir le breithiúnais ábhartha a tugadh faoi choinbhinsiún lugano 1988 agus na hionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo
beidh an córas inrochtana ag an bpobal agus beidh ann breithiúnais a thug na cúirteanna céime deiridh agus breithiúnais chúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach chomh maith le breithiúnais a bhfuil tábhacht ar leith leo atá tagtha chun bheith ina mbreithiúnais deiridh agus a bheidh tugtha de bhun an choinbhinsiúin seo choinbhinsiún lugano 1988 agus na nionstraimí dá dtagraítear in airteagal 64(1) den choinbhinsiún seo
aicmeofar na breithiúnais agus soláthrófar achomaireacht leo
is é a bheidh sa chóras go dtarchuirfidh údaráis inniúla na stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún breithiúnais dá dtagraítear thuas agus a thug cúirteanna na stát sin chuig an gcoimisiún
déanfaidh cláraitheoir chúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach teaglaim cásanna a roghnú is díol spéise ar leith i dtaca le ceartfheidhmiú an choinbhinsiúin agus déanfaidh an cláraitheoir an cásdlí a roghnófar a chur i láthair ag an gcruinniú saineolaithe de réir airteagal 5 den phrótacal seo
go dtí go mbeidh an córas bunaithe ag na comhphobail eorpacha de bhun mhír 1 déanfaidh cúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach an córas a chothabháil le haghaidh malartú faisnéise a bunaíodh le prótacal 2 de choinbhinsiún lugano 1988 le haghaidh breithiúnas a tugadh faoin gcoinbhinsiún seo agus faoi choinbhinsiún lugano 1988
bunófar buanchoiste ar a mbeidh ionadaithe na bpáirtithe conarthacha
ar iarraidh ó pháirtí conarthach comórfaidh taiscí an choinbhinsiúin cruinnithe den choiste chun críche na nithe seo a leanas
comhchomhairliúchán maidir leis an ngaol atá idir an coinbhinsiún seo agus ionstraimí idirnáisiúnta eile
comhchomhairliúchán maidir le cur i bhfeidhm airteagal 67 lena náirítear aontachais bheartaithe le hionstraimí ar nithe áirithe de réir airteagal 67(1) agus reachtaíocht bheartaithe de réir phrótacal 3
breithniú a dhéanamh ar aontachas stát nua
féadfaidh an coiste go háirithe ceisteanna a chur ar stáit aontacha dá dtagraítear in airteagal 70(1)(c) maidir lena gcóras bhreithiúnacha agus maidir le cur chun feidhme an choinbhinsiúin
féadfaidh an coiste freisin coigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an gcoinbhinsiún a bhreithniú ar coigeartuithe iad atá riachtanach lena chur i bhfeidhm sna stáit aontacha
glacadh le leaganacha teanga barántúla nua de bhun airteagal 73(3) den choinbhinsiún seo agus na leasuithe is gá ar iarscríbhinn viii
comhairliúchán ar athbhreithniú ar an gcoinbhinsiún de bhun airteagal 76
comhairliúchán ar leasuithe ar iarscríbhinní i go iv go huile agus iarscríbhinn vii de bhun airteagal 77(1)
leasuithe a ghlacadh ar iarscríbhinní v agus vi de bhun airteagal 77(2)
aistarraingt na bhforchoimeádas agus na ndearbhuithe a rinne na páirtithe conarthacha de bhun phrótacal 1 agus leasuithe is gá a dhéanamh ar iarscríbhinn ix
bunóidh an coiste na rialacha nós imeachta a bhaineann lena fheidhmiú agus lena chinnteoireacht
forálfar leis na rialacha sin go bhféadfaí dul i mbun comhchomhairliúcháin agus cinneadh a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn
comórfaidh an taiscí cruinniú saineolaithe nuair is gá sin chun tuairimí a mhalartú maidir le feidhmiú an choinbhinsiúin agus go háirithe maidir le forbairt an chásdlí agus na reachtaíochta nua a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhm an choinbhinsiúin
saineolaithe ó na páirtithe conarthacha ó na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ó chúirt bhreithiúnais na gcomhphobal eorpach agus ó chomhlachas saorthrádála na heorpa a bheidh ag an gcruinniú
beidh cead isteach ag aon saineolaithe eile a meastar gur cuí iad a bheith i láthair
aon fhadhbanna a thiocfaidh chun cinn i dtaobh fheidhmiú an choinbhinsiúin féadfar iad a tharchur chuig an mbuanchoiste dá dtagraítear in airteagal 4 den phrótacal seo chun gníomh breise a dhéanamh
prótacal 3
maidir le cur chun feidhme airteagal 67 den choinbhinsiún
chun críocha an choinbhinsiúin forálacha a rialaíonn i ndáil le hábhair áirithe dlínse nó aithint nó forghníomhú breithiúnas agus atá nó a bheidh in ionstraimí de chuid institiúidí na gcomhphobal eorpach tabharfar an chóir chéanna dóibh a thugtar do na coinbhinsiúin dá dtagraítear in airteagal 67(1)
más é tuairim na bpáirtithe conarthacha go bhfuil foráil atá in ionstraim bheartaithe de chuid institiúidí na gcomhphobal eorpach ar neamhréir leis an gcoinbhinsiún déanfaidh na páirtithe conarthacha breithniú go pras i dtaobh an coinbhinsiún a leasú de bhun airteagal 76 ach sin gan dochar don nós imeachta a bhunaítear le prótacal 2
i gcás ina ndéanann páirtí conarthach nó iliomad páirtithe le chéile cuid de na forálacha nó na forálacha go léir atá in ionstraimí institiúidí na gcomhphobal eorpach dá dtagraítear i mír 1 a chorprú ina ndlí náisiúnta ansin tabharfar an chóir chéanna do na forálacha sin den dlí náisiúnta a thugtar do na coinbhinsiúin dá dtagraítear in airteagal 67(1)