text
stringlengths
1
1.97k
airteagal 310 (feidhmiú an bhirt coimirce dhéthaobhaigh)
pointe (c) d'airteagal 39
ciallaíonn idirthréimhse tréimhse de 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo
airteagal 311(6)
ní ceadmhach do pháirtí beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm
comhaontú idir an taontas eorpach agus an tseapáin um chomhpháirtíocht eacnamaíoch
clásal coimirce déthaobhach
airteagal 25 (coimirce talmhaíochta) agus airteagal 52 (feidhmiú na mbeart coimirce déthaobhach)
i rith na 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo beidh sé de cheart ag gach ceann de na páirtithe lamháltais choibhéiseacha nó oibleagáidí coibhéiseacha eile a chur ar fionraí i gcás
nach gcuirfidh an páirtí eile i bhfeidhm rialachán de chuid na náisiún aontaithe arna shonrú in aguisín 2c1 nó ina scorfaidh sé de rialachán den sórt sin a chur i bhfeidhm nó
rialachán (ae) 2019/288 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle
an 13 feabhra 2019
lena leasaítear rialacháin (ae) uimh 1305/2013 agus (ae) uimh 1307/2013 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d'fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020
tá parlaimint na heorpa agus comhairle an aontais eorpaigh
ag féachaint don chonradh ar fheidhmiú an aontais eorpaigh agus go háirithe airteagal 42 agus airteagal 43(2) de
ag féachaint don togra ón gcoimisiún eorpach
tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta
tar éis dóibh dul i gcomhairle le coiste eacnamaíoch agus sóisialta na heorpa
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach
de bharr an mhéid seo a leanas
is é is rialachán (ae) uimh 1305/2013 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an creat dlí reatha don tacaíocht d'fhorbairt tuaithe
déantar foráil ann maidir le tacaíocht do limistéir seachas limistéir shléibhe a bhfuil srianta nádúrtha orthu
is é is rialachán (ce) uimh 1307/2013 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an creat dlí reatha d'íocaíochtaí díreacha
maidir leis an oibleagáid atá leagtha síos in airteagal 11 de rialachán (ae) uimh 1307/2013 maidir le laghdú a dhéanamh ar an gcuid sin de mhéid na níocaíochtaí díreacha atá le tabhairt d'fheirmeoir i leith bhliain féilire ar leith atá os cionn eur 150000 leanann sí d'fheidhm a bheith aici fad is atá an rialachán sin i bhfeidhm
mar thoradh ar leasú airteagal 14 de rialachán (ae) uimh 1307/2013 i leith na bliana féilire 2020 is iomchuí na tagairtí don airteagal sin a choigeartú i gcomhthéacs na hoibleagáide atá ar na ballstáit laghdú nó méadú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta mar gheall ar luaineachtaí san uasteorainn náisiúnta bhliantúil ar toradh iad ar fhógraí uathu faoi chur i bhfeidhm na solúbthachta idir colúin
chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha de chlárthréimhse 20142020 measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in airteagal 4 de phrótacal uimh
chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha den chlárthréimhse 20142020 ba cheart feidhm a bheith ag an rialachán seo ón 1 márta 2019
tar éis an rialachán seo a ghlacadh
airteagal 1
leasuithe ar rialachán (ae) uimh 1305/2013
leasaítear rialachán (ae) uimh 1305/2013 mar a leanas
in airteagal 31(5) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre
de mhaolú ar an gcéad fhomhír i gcás nach dtosóidh íocaíochtaí céimlaghdaitheacha go dtí 2019 tosóidh na híocaíochtaí sin ag méid nach mó ná 80  den mheáníocaíocht arna socrú i gclárthréimhse 20142020
bunófar an leibhéal íocaíochta sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh
in airteagal 51(1) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre
féadfaidh cetft gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena nullmhófar do chur chun feidhme cbt sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin
airteagal 2
leasuithe ar rialachán (ae) uimh 1307/2013
leasaítear rialachán (ae) uimh 1307/2013 mar a leanas
in airteagal 7 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2
i gcás gach ballstáit agus do gach bliain féilire an táirgeadh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in airteagal 11 (a léirítear sa difríocht idir na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in iarscríbhinn ii lena gcuirtear an méid atá ar fáil i gcomhréir le hairteagal 58 agus na glanuasteorainneacha a leagtar amach in iarscríbhinn iii) cuirfear ar fáil é mar thacaíocht ón aontas arna maoiniú faoin gciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe (cetft)
in airteagal 11(6) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach
don bhliain 2020 tabharfaidh na ballstáit fógra don choimisiún faoin 31 nollaig 2019 faoi na cinntí arna ndéanamh i gcomhréir leis an airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta ar laghduithe
leasaítear airteagal 14 mar a leanas
i mír 1 cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach
faoin 31 nollaig 2019 féadfaidh na ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15  dá nuasteorainneacha náisiúnta bliantúla don bhliain féilire 2020 a leagtar amach in iarscríbhinn ii a ghabhann leis an rialachán seo a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise a mhaoineofar faoi cetft sa bhliain airgeadais 2021
mar thoradh air sin ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú
cuirfear an cinneadh sin in iúl don choimisiún faoin 31 nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe
i mír 2 cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach
faoin 31 nollaig 2019 féadfaidh ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15  den mhéid a leithdháiltear ar thacaíocht arna maoiniú faoi cetft i mbliain airgeadais 2021 le reachtaíocht de chuid an aontais arna glacadh tar éis don chomhairle an rialachán ábhartha a ghlacadh de bhun airteagal 312(2) cfae a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha nó i gcás na bulgáire an heastóine na spáinne na laitvia na liotuáine na polainne na portaingéile na rómáine na slóvaice na fionlainne agus na sualainne féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh suas le 25  den mhéid sin a chur ar fáil amhlaidh
mar thoradh air sin ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh tacaíocht arna maoiniú faoi cetft
cuirfear an cinneadh sin in iúl don choimisiún faoin 31 nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe
in airteagal 22 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5
más rud é go bhfuil an uasteorainn a shocraigh an coimisiún do bhallstát de bhun mhír 1 den airteagal seo difriúil ó uasteorainn na bliana roimhe sin de bharr aon chinneadh a ghlac an ballstát sin i gcomhréir le mír 3 den airteagal seo airteagal 14(1) nó (2) airteagal 42(1) an dara fomhír d'airteagal 49(1) an dara fomhír d'airteagal 51(1) nó airteagal 53 déanfaidh an ballstát sin laghdú nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 4 den airteagal seo
airteagal 3
teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in iris oifigiúil an aontais eorpaigh
beidh feidhm aige ón 1 márta 2019
beidh an rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach ballstát
arna dhéanamh in strasbourg an 13 feabhra 2019
thar ceann pharlaimint na heorpa
an tuachtarán
thar ceann na comhairle
seasamh o pharlaimint na heorpa an 31 eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san iris oifigiúil) agus cinneadh ón gcomhairle an 12 feabhra 2019
rialachán (ae) uimh 1305/2013 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 17 nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe (cetft) agus lena naisghairtear rialachán (ce) uimh 1698/2005 (io l 347 20122013 lch 487)
rialachán (ae) 2017/2393 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 13 nollaig 2017 lena leasaítear rialacháin (ae) uimh 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe (cetft) (ae) uimh 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (ae) uimh 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta (ae) uimh 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (ae) uimh 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (io l 350 29122017 lch 15)
rialachán (ae) uimh 1307/2013 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 17 nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear rialachán (ce) uimh 637/2008 ón gcomhairle agus rialachán (ce) uimh 73/2009 ón gcomhairle (io l 347 20122013 lch 608)
ag cur san áireamh gur síneadh an sprioc go dtí 2019 le haghaidh teorannú nua a dhéanamh ar limistéir seachas limistéir shléibhe a bhfuil srianta nádúrtha orthu trí rialachán (ae) 2017/2393 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle agus go bhfuil tréimhse oiriúnaithe níos giorra ann d'fheirmeoirí nach mbeidh incháilithe a thuilleadh le haghaidh íocaíochtaí ba cheart na híocaíochtaí idirthréimhseacha céimhlaghdaitheacha nach dtosófar go dtí 2019 a thosú ag méid nach mó ná 80  de na meáníocaíochtaí arna socrú i gclárthréimhse 20142020
ba cheart an leibhéal íocaíochta a bhunú sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh
i mí an mheithimh 2018 thíolaic an coimisiún togra le haghaidh rialachán nua a chur in ionad rialachán (ae) uimh 1307/2013 ach ní chuirfear in ionad go dtí an 1 eanáir 2021 é
dá bhrí sin is iomchuí dul ar aghaidh agus roinnt coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar rialachán (ae) uimh 1307/2013 ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm gan deacrachtaí sa bhliain féilire 2020
ní leagtar síos san airteagal sin áfach ach oibleagáid ar na ballstáit fógra a thabhairt i ndáil lena gcinntí agus i ndáil le táirgeadh measta an laghdaithe sin sna bliana 2015 go 2019
d'fhonn a áirithiú go leanfar den chóras atá ann cheana ba cheart do na ballstáit a gcinntí a fhógairt freisin maidir leis an mbliain 2020 agus maidir leis an táirgeadh measta ar an laghdú don bhliain sin