text
stringlengths
1
1.97k
miontuairisc cheartaitheach maidir le coinbhinsiún ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a siníodh in lugano an 30 deireadh fómhair 2007
(iris oifigiúil an aontais eorpaigh l 147 an 10 meitheamh 2009) (iris oifigiúil an aontais eorpaigh l eagrán speisialta gaeilge)
rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh i mbeirn an 20 deireadh fómhair 2011 arb é an roinn chónaidhmeach gnóthaí eachtracha chónaidhm na heilvéise a taiscí
ar leathanaigh 3334 iarscríbhinn i
maidir leis na hiontrálacha le haghaidh na stát thíos ceartaítear iad mar a leanas
sa bhulgáir airteagal 4 mír 1 pointe 2 de chód an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh
san eastóin airteagal 86 de chód an nós imeachta shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik)
sa pholainn airteagal 1103(4) de chód an nós imeachta shibhialta (kodeks postępowania cywilnego)
sa phortaingéil airteagal 65(1)(b) de chód an nós imeachta shibhialta (código de processo civil) a mhéid a fhéadfar forais dlínse ainmheasartha a chuimsiú leis amhail na cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse an ghníomhaireacht nó aon bhunaíocht eile (más sa phortaingéil atá sé) más é an riarachán lárnach (más i stát eachtrach atá sé) an páirtí a seirbheáiltear air agus airteagal 10 de chód an nós imeachta saothair (código de processo do trabalho) a mhéid a fhéadfar forais dlínse ainmheasartha a chuimsiú leis amhail na cúirteanna don áit ina bhfuil cónaí ar an ngearánaí in imeachtaí a bhaineann le conarthaí fostaíochta aonair ar imeachtaí iad a thionscnóidh an fostaí i gcoinne an fhostóra
san eilvéis airteagal 4 den acht cónaidhme ar dhlí príobháideach idirnáisiúnta (gerichtsstand des arrestortes/for du lieu du séquestre/foro del luogo del sequestro)
san fhionlainn mír 1 agus mír 2 de roinn 18(1) de chaibidil 10 de chód an nós imeachta bhreithiúnaigh (oikeudenkäymiskaari/rättegångsbalken)
ar leathanaigh 3536 iarscríbhinn ii
sa bhulgáir an окръжният съд
san eilvéis kantonales vollstreckungsgericht/tribunal cantonal de lexécution/giudice cantonale dellesecuzione
sa ríocht aontaithe ()
in albain an court of session nó i gcás breithiúnais chothabhála an sheriff court trí na scottish ministers
()
ar leathanaigh 3738 iarscríbhinn iii
sa spáinn an juzgado de primera instancia a deisigh an cinneadh ar cuireadh ina aghaidh agus a bhfuil an tachomharc le réiteach ag an audiencia provincial
san eilvéis ardchúirt an chantúin
ar leathanach 43 cuirtear an téacs seo a leanas in ionad iarscríbhinn ix
iarscríbhinn ix
is iad seo a leanas na stáit agus na rialacha dá dtagraítear in airteagal ii de phrótacal 1
an ghearmáin airteagail 68 72 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí
an eastóin airteagal 214(3) agus (4) agus airteagal 216 de chód an nós imeachta shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik) maidir le fógraí tríú páirtí
an laitvia airteagail 78 79 80 agus 81 den dlí um an nós imeachta shibhialta (civilprocesa likums) maidir le fógraí tríú páirtí
an liotuáin airteagal 47 de chód an nós imeachta shibhialta (civilinio proceso kodeksas)
an ungáir airteagail 58 go 60 de chód an nós imeachta shibhialta (polgári perrendtartás) maidir le fógraí tríú páirtí
an ostair airteagal 21 de chód an nós imeachta shibhialta (zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí
an pholainn airteagal 84 agus airteagal 85 de chód an nós imeachta shibhialta (kodeks postępowania cywilnego) maidir le fógraí tríú páirtí
an tslóivéin airteagal 204 den acht um an nós imeachta shibhialta (zakon o pravdnem postopku) maidir le fógraí tríú páirtí
coinbhinsiún
ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála
brollach
tá na hardpháirtithe conarthacha sa choinbhinsiún seo
agus é de rún daingean acu go neartófar ina gcríocha an chosaint dhlíthiúil ar dhaoine atá bunaithe ann
de bhrí gur gá chun na críche sin dlínse idirnáisiúnta na gcúirteanna a chinneadh aithint a éascú agus nós imeachta gasta a thabhairt isteach chun a áirithiú go bhforghníomhófar breithiúnais ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte
ós feasach dóibh na ceangail eatarthu atá arna seanbhunú i réimse na heacnamaíochta ag na comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích idir an comhphobal eorpach agus ballstáit áirithe de chomhlachas saorthrádála na heorpa
ag féachaint dóibh seo a leanas
coinbhinsiún na bruiséile an 27 meán fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála arna leasú leis na coinbhinsiúin aontachais tráth méaduithe an aontais eorpaigh ó ócáid go chéile
coinbhinsiún lugano an 16 meán fómhair 1988 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála lena leathnaítear cur i bhfeidhm rialacha choinbhinsiún na bruiséile 1968 go dtí ballstáit áirithe de chomhlachas saorthrádála na heorpa
rialachán (ce) uimh 44/2001 an 22 nollaig 2000 ón gcomhairle ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a cuireadh in ionad choinbhinsiún na bruiséile thuasluaite
an comhaontú idir an comhphobal eorpach agus ríocht na danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála arna shíniú sa bhruiséil an 19 deireadh fómhair 2005
ós deimhin leo go ndéanfaidh leathnú na bprionsabal atá leagtha síos i rialachán (ce) uimh 44/2001 go dtí páirtithe conarthacha na hionstraime seo comhar dlíthiúil agus eacnamaíoch a neartú
ós mian leo a áirithiú go ndéanfar léiriú comhionann oiread agus is féidir ar an ionstraim seo
den mheon sin tar éis a chinneadh an coinbhinsiún seo a thabhairt i gcrích agus
tar éis comhaontú mar a leanas
teideal i
raon feidhme
airteagal 1
beidh feidhm leis an gcoinbhinsiún seo in ábhair shibhialta agus tráchtála cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist
eisiatar óna réim go háirithe cúrsaí ioncaim custam agus riaracháin
ní bheidh feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir leis na nithe seo a leanas
stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha maoinchearta de bhua cóngais phósta uachtanna agus comharbais
féimheacht imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach comhshocraíochtaí breithiúnacha imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin
slándáil shóisialta
eadráin
sa choinbhinsiún seo ciallóidh an téarma stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo aon stát ar páirtí conarthach den choinbhinsiún seo é nó ar ballstát den chomhphobal eorpach é
d'fhéadfaí go gciallódh sé an comhphobal eorpach freisin
teideal ii
dlínse
roinn 1
forálacha ginearálta
airteagal 2
faoi réir fhorálacha an choinbhinsiúin seo beidh daoine a bhfuil sainchónaí orthu i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo inagartha cibé náisiúntacht atá acu i gcúirteanna an stáit sin
daoine nach náisiúnaigh den stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse a bhaineann le náisiúnaigh an stáit sin
airteagal 3
daoine a bhfuil sainchónaí orthu i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ní féidir iad a agairt i gcúirteanna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i ranna 2 go 7 den teideal seo
go háirithe ní bheidh na rialacha dlínse náisiúnta atá leagtha amach in iarscríbhinn i infheidhme ina gcoinne
airteagal 4
mura bhfuil sainchónaí i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar an gcosantóir rialófar dlínse na gcúirteanna i ngach stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo de réir dhlí an stáit sin faoi réir fhorálacha airteagal 22 agus airteagal 23
aon duine a bhfuil sainchónaí air i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo cibé náisiúntacht atá aige féadfaidh sé ar nós náisiúnaigh an stáit sin leas a bhaint sa stát sin i gcoinne an chosantóra sin as na rialacha dlínse atá i bhfeidhm ann agus go háirithe as na cinn a shonraítear in iarscríbhinn i
roinn 2
dlínse speisialta
airteagal 5
duine a bhfuil sainchónaí air i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo féadfar é a agairt i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
in ábhair a bhaineann le conradh sna cúirteanna don áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe
chun críocha na forála seo agus mura gcomhaontófar ar shlí eile é is é an áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe
i gcás earraí a dhíol an áit i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina ndearnadh faoin gconradh na hearraí a sheachadadh nó inar chóir iad a bheith seachadta
i gcás seirbhísí a sholáthar an áit i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina ndearnadh faoin gconradh na seirbhísí a sholáthar nó inar chóir iad a bheith soláthraithe
mura mbeidh feidhm ag fomhír (b) beidh feidhm ag fomhír (a)
in ábhair a bhaineann le cothabháil
i gcás éileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú mar gheall ar shárú ba shiocair le himeachtaí coiriúla sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin faoina bráid sa mhéid go bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta
i gcás díospóide a éiríonn as oibríochtaí brainse gníomhaireachta nó bunaíochta eile sna cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile
mar shocraitheoir mar iontaobhaí nó mar thairbhí i leith iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta nó le hionstraim i scríbhinn nó a bunaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn i gcúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann
i gcás díospóide maidir le híoc luach saothair a éilíodh as lasta nó lucht a tharrtháil sa chúirt ar faoina húdarás
a bhféadfaí é a ghabháil amhlaidh ach gur tugadh bannaí nó urrús eile
ar an gcoinníoll nach mbeidh feidhm leis an bhforáil seo ach amháin nuair a éilítear go bhfuil leas ag an gcosantóir sa lasta nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála
duine a bhfuil sainchónaí air i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo féadfar é a agairt freisin
más duine de líon cosantóirí é sna cúirteanna don áit a bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh ar an gcoinníoll go bhfuil baint chomh dlúth sin ag na héilimh le chéile go bhfuil sé fóirsteanach na cosantóirí a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais a bheadh ar neamhréir le chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh a sheachaint
mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí sa chúirt inar tionscnaíodh na himeachtaí bunaidh mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d'aon toisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte ab iomchuí ina chás
i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh sa chúirt ina bhfuil an téileamh bunaidh ar feitheamh
i gcás ábhar a bhaineann le conradh más féidir an chaingean a dhlúthú le caingean i gcoinne an chosantóra chéanna in ábhair a bhaineann le cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe i gcúirt an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil an mhaoin
airteagal 7
más rud é de bhua an choinbhinsiúin seo go bhfuil dlínse ag cúirt stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcaingne maidir le dliteanas a thig as úsáid nó oibriú loinge beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin le dlí intíre an stáit sin i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú
roinn 3
dlínse in ábhair a bhaineann le hárachas
airteagal 8
in ábhair a bhaineann le hárachas cinnfear dlínse de réir na roinne seo gan dochar d'fhorálacha airteagail 4 agus 5(5)
airteagal 9

No dataset card yet

New: Create and edit this dataset card directly on the website!

Contribute a Dataset Card
Downloads last month
143
Add dataset card