text
stringlengths
1
1.97k
féadfar cibé bearta sealadacha lena náirítear bearta cosantacha a bheidh ar fáil faoi dhlí stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a iarraidh ar chúirteanna an stáit sin fiú más rud é faoin gcoinbhinsiún seo go bhfuil dlínse ag cúirteanna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo maidir le substaint an ábhair
teideal iii
aithint agus forghníomhú
chun críocha an choinbhinsiúin seo ciallaíonn breithiúnas aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas lena náirítear foraithne ordú breith nó eascaire fhorghníomhaithe mar aon le cinneadh ar chostais nó ar chaiteachais ag oifigeach den chúirt
aithint
airteagal 33
gheobhaidh breithiúnas a tugadh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo aithint sna stáit chonarthacha eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin
aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomhshaincheist i gconspóid féadfaidh sé de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i ranna 2 agus 3 den teideal seo iarratas a dhéanamh ar bhreith go ndlitear an breithiúnas a aithint
má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin
airteagal 34
ní aithneofar breithiúnas
más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an ord poiblí sa stát ina niarrtar an aithint
más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas mura ndearnadh doiciméad tionscanta na nimeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar an dóigh sin d'fhonn a chumasú dó chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir dó déanamh amhlaidh
má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa stát ina niarrtar an aithint
má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo nó i dtríú stát agus é ag baint leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa stát chun a ndéantar an tiarratas
airteagal 35
ina theannta sin ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le roinn 3 4 nó 6 de theideal ii ná i gcás dá bhforáiltear in airteagal 68
féadfar diúltú aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas thairis sin in aon chás dá bhforáiltear in airteagal 64(3) nó 67(4)
nuair a bheidh na forais dlínse dá dtagraítear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici beidh an túdarás nó an chúirt chun a ndearnadh an tiarratas faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna cúirt an stáit tionscnaimh a dlínse a bhunú orthu
faoi réir fhorálacha mhír 1 ní féidir dlínse chúirt an stáit tionscnaimh a athbhreithniú
ní bheidh a fhoráil i dtaobh oird phoiblí dá dtagraítear in airteagal 34(1) inchurtha chun feidhme ar na rialacha maidir le dlínse
airteagal 36
ní féidir i gcás ar bith breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte
airteagal 37
féadfaidh cúirt i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar a niarrfar aithint bhreithiúnais a tugadh i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo bac a chur ar na himeachtaí má taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin
féadfaidh cúirt i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina niarrfar aithint do bhreithiúnas a tugadh in éirinn nó sa ríocht aontaithe bac a chur ar na himeachtaí má bhíonn forghníomhú curtha ar fionraí mar gheall ar achomharc sa stát tionscnaimh
forghníomhú
déanfar breithiúnas a tugadh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus is infhorghníomhaithe sa stát sin a fhorghníomhú i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo nuair a bheidh sé dearbhaithe ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar go bhfuil sé infhorghníomhaithe sa stát eile sin
sa ríocht aontaithe áfach déanfar breithiúnas den sórt sin a fhorghníomhú i sasana agus sa bhreatain bheag in albain nó i dtuaisceart éireann nuair a bheidh sé cláraithe ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar lena fhorghníomhú sa chuid sin den ríocht aontaithe
airteagal 39
cuirfear an tiarratas faoi bhráid na cúirte nó an údaráis inniúil atá luaite sa liosta in iarscríbhinn ii
cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne nó de réir na háite forghníomhaithe
airteagal 40
is de réir dhlí an stáit a niarrtar forghníomhú ann a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a thaisceadh
ní foláir don iarratasóir seoladh a thabhairt le haghaidh seirbheála próise i limistéar dlínse na cúirte chun a ndéantar an tarratas
ach más rud é nach bhforálann dlí an stáit a niarrtar forghníomhú ann seoladh mar sin a bheith le tabhairt ceapfaidh an tiarratasóir ionadaí ad litem
ní foláir na doiciméid a luaitear in airteagal 53 a bheith i gceangal leis an iarratas
airteagal 41
dearbhófar an breithiúnas a bheith infhorghníomhaithe díreach ar na foirmiúlachtaí in airteagal 53 a bheith curtha i gcrích gan aon athbhreithniú faoi airteagail 34 agus 35
ní bheidh an páirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí a dhéanamh ag an gcéim seo de na himeachtaí maidir leis an iarratas
airteagal 42
déanfar an bhreith a tugadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta a chur in iúl don iarratasóir láithreach de réir an nós imeachta atá leagtha síos de réir dhlí an stáit ina niarrtar an forghníomhú
déanfar an dearbhú infhorghníomhaitheachta agus an breithiúnas ag gabháil leis a sheirbheáil ar an bpáirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin
airteagal 43
féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorghníomhaitheachta
déanfar an tachomharc a thaisceadh sa chúirt a luaitear sa liosta in iarscríbhinn iii
déileálfar leis an achomharc de réir rialacha lena rialaítear nós imeachta in ábhair chodarsnacha
má mhainníonn an páirtí ar a niarrtar forghníomhú láithriú os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí a bhaineann le hachomharc arna thionscnamh ag an iarratasóir beidh feidhm ag airteagal 26(2) go (4) fiú i gcás nach bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí ar a niarrtar an forghníomhú in aon cheann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta a thaisceadh laistigh de mhí dá sheirbheáil
má tá sainchónaí ar an bpáirtí ar a niarrtar forghníomhú i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo seachas an stát inar tugadh an dearbhú infhorghníomhaitheachta dhá mhí a bheidh sa tréimhse le haghaidh achomhairc agus leanfaidh sí ó dháta na seirbheála air féin go pearsanta nó ag an ionad cónaithe
ní féidir cur leis an tréimhse mar gheall ar fhad slí ó bhaile
airteagal 44
ní féidir an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid ach amháin leis an achomharc dá dtagraítear in iarscríbhinn iv
airteagal 45
an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó faoi airteagal 44 ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in airteagail 34 agus 35
tabharfaidh sí a breith gan mhoill
ní féidir i gcás ar bith an breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte
airteagal 46
féadfaidh an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó faoi airteagal 44 ar iarratas ón bpáirtí ar a niarrtar an forghníomhú bac a chur leis na himeachtaí i gcás gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais a bheith taiscthe sa stát tionscnaimh nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós
sa chás deiridh sin féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh
más in éirinn nó sa ríocht aontaithe a tugadh an breithiúnas measfar aon chineál achomhairc is indéanta sa stát tionscnaimh a bheith ina ghnáthachomharc chun críocha mhír 1
féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí
airteagal 47
nuair nach mór breithiúnas a aithint de réir an choinbhinsiúin seo ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir é do bhaint leasa as bearta sealadacha lena náirítear bearta cosanta de réir dhlí an stáit iarrtha gan gá a bheith le dearbhú infhorghníomhaitheachta faoi airteagal 41
gabhfaidh cumhacht chun aon bhearta cosanta a ghlacadh leis an dearbhú infhorghníomhaitheachta
le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun airteagal 43(5) in aghaidh an dearbhaithe infhorghníomhaitheachta agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin ní féidir aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosanta in aghaidh mhaoin an pháirtí a niarrtar forghníomhú ina choinne
airteagal 48
má bhíonn breithiúnas coigríche tugtha i leith ábhar éagsúil agus nach féidir an dearbhú infhorghníomhaitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir déanfaidh an chúirt nó an túdarás inniúil é a thabhairt i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh
féadfaidh iarratasóir dearbhú infhorghníomhaitheachta atá teoranta do chodanna de bhreithiúnas a iarraidh
airteagal 49
ní fhéadfar breithiúnas coigríche a d'ordaigh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorghníomhú sa stát a niarrtar forghníomhú ann mura mbeidh méid na híocaíochta arna chinneadh go críochnaitheach ag cúirteanna an stáit tionscnaimh
airteagal 50
iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach sa stát tionscnaimh cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais beidh teideal aige sa nós imeachta dá bhforáiltear sa roinn seo chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais dá bhforáiltear le dlí an stáit chun a ndéantar an tiarratas
ach féadfaidh iarratasóir a iarrfaidh forghníomhú ar bhreith a thug údarás riaracháin sa danmhairg san íoslainn nó san iorua i leith cothabhála éileamh a dhéanamh sa stát chun a ndéantar an tiarratas ar na tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír má thugann sé ar aird ráiteas ó aireacht dlí agus cirt na danmhairge na híoslainne nó na hiorua á rá go gcomhlíonann sé na ceanglais eacnamaíocha is gá chun bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais go hiomlán nó go páirteach
airteagal 51
ní féidir urrús banna ná taisce de chineál ar bith a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forghníomhú i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar bhreithiúnas a tugadh i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa stát a niarrtar an forghníomhú ann
airteagal 52
in imeachtaí chun dearbhú infhorghníomhaitheachta a eisiúint ní fhéadfar muirear dleacht ná cáin ar bith arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist a thobhach sa stát a niarrtar an forghníomhú ann
forálacha comhchoiteanna
airteagal 53
déanfaidh páirtí a iarrfaidh aithint nó dearbhú infhoríomhaitheachta cóip den bhreithiúnas a thabhairt ar aird a shásóidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh
déanfaidh páirtí a iarrfaidh dearbhú infhorghníomhaitheachta thairis sin an deimhniú dá dtagraítear in airteagal 54 a thabhairt ar aird gan dochar d'airteagal 55
airteagal 54
déanfaidh cúirt nó údarás inniúil stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcás inar tugadh breithiúnas ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in iarscríbhinn v a ghabhann leis an gcoinbhinsiún seo
airteagal 55
mura dtugtar ar aird an deimhniú dá dtagraítear in airteagal 54 féadfaidh an chúirt nó an túdarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird nó glacadh le doiciméad comhionann nó déanamh dá éagmais má mheasann sí nó sé go bhfuil a sáith nó a sháith faisnéise os a comhair nó os a chomhair
déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt nó an túdarás inniúil é
ní foláir an taistriúchán a bheith deimhnithe ag duine atá cáilithe chuige sin i gceann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
airteagal 56
ní gá aon dlíthiúilíocht ná aon fhoirmiúlacht dá samhail i leith na ndoiciméad a luaitear in airteagal 53 nó in airteagal 55(2) ná i leith doiciméid ag ceapadh ionadaí ad litem
teideal iv
ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte
airteagal 57
doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo déanfar arna iarraidh sin de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in airteagal 38 et seq a dhearbhú i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo go bhfuil sé infhorgníomhaithe ann
an chúirt lena dtaisctear achomharc faoi airteagal 43 nó 44 ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin i gcás forghníomhú na hionstraime a bheith contrártha go follasach leis an ord poiblí sa stát chun a ndéantar an tiarratas
measfar freisin gur ionstraimí barántúla de réir bhrí mhír 1 socruithe maidir le hoibleagáidí cothabhála arna dtabhairt i gcrích le húdaráis riaracháin nó arna bhfíordheimhniú acu
ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a barántúlacht sa stáit tionscnaimh a shuíomh
beidh feidhm ag roinn 3 de theideal iii de réir mar is cuí
déanfaidh údarás inniúil stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcás ina ndearnadh ionstraim bharántúil a tharraingt suas nó a chlárú ar iarraidh ó aon pháirtí leasmhar deimhniú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach in iarscríbhinn vi a ghabhann leis an gcoinbhinsiún seo
airteagal 58