text
stringlengths
1
1.97k
féadfar árachóir ar a bhfuil sainchónaí i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a agairt
i gcúirteanna an stáit ina bhfuil sainchónaí air nó
i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo i gcás caingne a thionscain sealbhóir an pholasaí an tárachaí nó an tairbhí sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí nó
más comhárachóir é i gcúirteanna stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra
féadfar fairis sin an tárachóir a agairt sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach más é a bhíonn i gceist árachas i leith dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe
is é an dála céanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí céanna árachais agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon
airteagal 11
i gcás árachais i leith dliteanais féadfar mar an gcéanna má cheadaíonn dlí na cúirte é an tárachóir a uamadh in imeachtaí a thionscain an duine díobhálaithe i gcoinne an árachaí
beidh feidhm ag forálacha airteagail 8 9 agus 10 i gcás caingne a thionscain an duine díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra má cheadaítear na caingne díreacha sin
má fhorálann an dlí maidir leis na caingne díreacha sin go bhféadfar sealbhóir an pholasaí nó an tárachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith
airteagal 12
gan dochar d'airteagal 11(3) ní féidir leis an árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir cibé acu sealbhóir an pholasaí nó an tárachaí nó tairbhí é
ní dhéanfaidh forálacha na roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil de réir na roinne seo an téileamh bunaidh ar feitheamh
airteagal 13
ní féidir imeacht ó fhorálacha na roinne seo ach amháin trí chomhaontú
a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn nó
a cheadóidh do shealbhóir an pholasaí don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa roinn seo nó
a chuirfear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa stát céanna atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo tráth an chonartha a chur i gcrích agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an stáit sin fiú i gcás an teagmhas díobhálach a tharlú ar an gcoigríoch ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an stáit sin nó
aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh
do longa farraige do chóracha amach ón gcladach nó ar muir nó d'aerárthaí de dhroim guaiseanna a bhaineann lena núsáid chun críoch tráchtála
d'earraí faoi bhealach seachas bagáiste paisinéirí agus iad á niompar go bun a mbealaigh nó ar chuid dá mbealach ag na longa nó na haerárthaí sin
aon dliteanas seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste
i leith cailleadh nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach mar a luaitear i bpointe 1(b) 3 aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long córacha nó aerárthaí mar a luaitear i bpointe 1(a) go háirithe cailleadh lasttáillí nó íocaíochta as cairtfhostú
aon fhiontar nó leas a ghabhann leo sin a luaitear i bpointí 1 go 3
d'ainneoin phointí 1 go 4 gach aon mhórfhiontar
airteagal 15
in ábhair maidir le conradh a chuir duine an tomhaltóir i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá thrádáil nó dá ghairm cinnfear dlínse leis an roinn seo gan dochar d'airteagail 4 agus 5(5) más rud é
gur conradh é chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda nó
gur conradh é le haghaidh iasachta is iníoctha i dtráthchodanna nó le haghaidh aon chineál eile creidmheasa arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú nó
i ngach cás eile gur cuireadh an conradh i gcrích le duine a ghabhann do ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i stát shainchónaí an tomhaltóra atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún nó a dhéanann ar aon slí na gníomhaíochtaí sin a dhíriú chuig an stát sin nó chuig iliomad stát lena náirítear an stát sin agus go dtagann an conradh faoi réim na ngníomhaíochtaí sin
i gcás tomhaltóir do dhul i gconradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air sa stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ach go bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo measfar sainchónaí a bheith ar an bpáirtí sin sa stát sin i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta
ní bhainfidh an roinn seo le conarthaí iompair seachas conarthaí lena ndéantar ar phraghas iniatach socrú maidir le teaglaim taistil agus cóiríochta
ní féidir le páirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir
ní dhéanfaidh an tairteagal seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an téileamh bunaidh ar feitheamh de réir na roinne seo
airteagal 17
a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa roinn seo nó
a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa stát céanna atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo tráth an chonartha a chur i gcrích agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an stáit sin ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an stáit sin
roinn 5
dlínse ar chonarthaí fostaíochta aonair
airteagal 18
i gcás fostaí do dhul i gconradh fostaíochta aonair le fostóir nach bhfuil sainchónaí air i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ach a bhfuil brainse gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo measfar i ndíospóidí de dhroim oibríochtaí an bhrainse na gníomhaireachta nó na bunaíochta sainchónaí a bheith ag an bhfostóir sa stát sin
airteagal 19
fostóir a bhfuil sainchónaí air i stát atá faoi cheangal ag an an gcoinbhinsiún seo féadfar é a agairt
i stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
más rud é nach ndéanann nó nach ndearna an fostaí a chuid oibre in aon tír amháin de ghnáth sna cúirteanna don áit ina bhfuil nó ina raibh an gnó a d'earcaigh an fostaí
airteagal 20
ní fhéadfaidh fostóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an bhfostaí
airteagal 21
a cheadóidh don fhostaí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa roinn seo
dlínse eisiatach
airteagal 22
beidh dlínse eisiatach ag na cúirteanna seo a leanas ar neamhchead do shainchónaí
in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe nó tionóntachtaí maoine dochorraithe cúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil an mhaoin
ach in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh tionóntachtaí maoine dochorraithe arna gcur i gcrích le haghaidh úsáide príobháidí sealadaí go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí as a chéile beidh dlínse freisin ag cúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir ar an gcoinníoll gur duine nádúrtha é an tionónta agus go bhfuil sainchónaí ar an tiarna talún agus ar an tionónta sa stát céanna atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo
d'fhonn an suíomh sin a chinneadh déanfaidh an chúirt a cuid rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chur chun feidhme
in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí cúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina bhfuil an clár á choimeád
in imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní trádmharcanna dearaí nó le cearta eile dá leithéid sin is gá a thaisceadh nó a chlárú cuma an ndúisítear an cheist ar mhodh caingne nó mar chosaint cúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo inar iarradh an taisceadh nó an clárú nó arb ann a rinneadh é nó a meastar faoi théarmaí ionstraime comhphobail nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta gurb ann a rinneadh é
gan dochar do dhlínse oifig na bpaitinní eorpacha faoin gcoinbhinsiún chun paitinní eorpacha a dheonú a síníodh in münchen an 5 deireadh fómhair 1973 beidh dlínse eisiatach ag cúirteanna gach stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo gan aird a thabhairt ar shainchónaí in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne eorpaí a deonaíodh le haghaidh an stáit sin cuma an ndúisítear an cheist trí chaingean nó mar chosaint
in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú cúirteanna an stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ina ndearnadh nó ina ndéanfar an breithiúnas a fhorghníomhú
roinn 7
dlínse a iarchur
airteagal 23
más rud é go ndearna na páirtithe a bhfuil sainchónaí ar pháirtí nó páirtithe díobh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó cúirteanna de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo aon díospóidí a réiteach a tharla nó a tharlóidh i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe beidh dlínse ag an gcúirt nó ag na cúirteanna sin
beidh an dlínse sin eisiatach mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe
ní foláir comhaontú den sórt sin a thugann dlínse
a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn nó
a bheith i bhfoirm atá de réir cleachtas a bhunaigh na páirtithe eatarthu féin nó
i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta a bheith i bhfoirm atá de réir gnáthaimh ar a bhfuil eolas nó ar ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe agus a bhfuil aithne fhorleathan air sa trádáil nó sa tráchtáil sin agus a leantar go rialta é i measc páirtithe i gconarthaí den saghas a bhaineann leis an trádáil nó an tráchtáil áirithe atá i gceist
aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtugtar taifead buan ar an gcomhaontú beidh sé comhionann le scríbhinn
i gcás comhaontú den sórt sin a bheith déanta ag páirtithe nach bhfuil sainchónaí ar aon pháirtí díobh i stát atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ní bheidh aon dlínse ag cúirteanna stát eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo ar a ndíospóidí mura rud é go mbeidh diúltaithe do dhlínse ag an gcúirt nó ag na cúirteanna a roghnaíodh
an chúirt nó na cúirteanna de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse beidh dlínse eisiatach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora iontaobhaí nó tairbhí má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a noibleagáidí faoin iontaobhas
ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha le forálacha airteagal 13 17 nó 21 nó má bhíonn dlínse eisiatach de bhua airteagal 22 ag na cúirteanna a bhfuil airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh
airteagal 24
roinn 8
fíorú ar dhlínse agus ar inghlacthacht
airteagal 25
cúirt de chuid stáit atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo a dtabharfar os a comhair éileamh a bhaineann go príomha le hábhar a bhfuil dlínse eisiatach ina leith ag cúirteanna stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo de bhua airteagal 22 dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici
airteagal 26
má dhéantar cosantóir a bhfuil sainchónaí air i stát amháin atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún a agairt i gcúirt de chuid stáit eile atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas dearbhóidh an chúirt uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici mura bhfuil dlínse aici atá bunaithe ar fhorálacha an choinbhinsiúin seo
cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na nimeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin
in ionad fhorálacha mhír 2 beidh feidhm ag airteagal 15 de choinbhinsiún na háige an 15 samhain 1965 ar sheirbheáil doiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó tráchtála ar an gcoigríoch má ba ghá doiciméad tionscanta na nimeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach de bhun an choinbhinsiúin sin
ballstáit an chomhphobail eorpaigh atá faoi cheangal ag rialachán (ce) uimh 1348/2000 an 29 bealtaine 2000 ón gcomhairle nó ag an gcomhaontú idir an comhphobal eorpach agus ríocht na danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála a sheirbheáil a síníodh sa bhruiséil an 19 deireadh fómhair 2005 déanfaidh siad ina gcaidreamh frithpháirteach an fhoráil in airteagal 19 den rialachán sin a chur i bhfeidhm má ba ghá doiciméad tionscanta na nimeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach de bhun an rialacháin sin nó an chomhaontaithe sin
roinn 9
lis pendens caingne gaolmhara
airteagal 27
má dhéantar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna stát éagsúil atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí uaithi féin go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad
má shuitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin
airteagal 28
má bhíonn caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna stát éagsúil atá faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún seo féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí
má bhíonn na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar iarratas ó cheann de na páirtithe dlínse a dhiúltú má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú
chun críocha an airteagail seo meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn le chéile mar ab fhéidir a theacht d'imeachtaí ar leithligh
airteagal 29
má thagann caingne faoi dhlínse eisiatach cúirteanna éagsúla dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin
airteagal 30
chun críocha na roinne seo measfar caingean a bheith tugtha os comhair cúirte
tráth a ndéantar an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad comhionann a thaisceadh leis an gcúirt ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a chur ar an gcosantóir nó
más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é tráth a bhfaighidh an túdarás atá freagrach as an tseirbheáil é ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt
roinn 10
bearta sealadacha lena náirítear bearta cosantacha
airteagal 31