text
stringlengths 1
1.97k
|
---|
déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta a fhionraí nó deireadh a chur leo ina niomláine nó i bpáirt má mheasann sé/sí go bhfuil sáruithe den sórt sin de chineál tromchúiseach nó gur dócha go leanfar dóibh |
is éard a bheidh sa ghníomhaireacht comhthiomsú de ghardaí teorann dá ngairtear foirne eorpacha gardaí teorann i gcomhréir le hairteagal 3b agus féadfar na foirne sin a imscaradh le linn na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta dá dtagraítear i mír 1 |
is í an ghníomhaireacht a dhéanfaidh cinneadh faoi imscaradh acmhainní daonna agus trealaimh theicniúil i gcomhréir le hairteagal 3a agus le hairteagal 7 |
féadfaidh an ghníomhaireacht oibriú trína brainsí speisialaithe dá bhforáiltear in airteagal 16 maidir le comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta a eagrú ar bhonn praiticiúil |
déanfaidh an ghníomhaireacht meastóireacht ar thorthaí na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta agus cuirfidh sí na tuarascálacha mionsonraithe meastóireachta i dteannta le breathnuithe an oifigigh um chearta bunúsacha dá dtagraítear in airteagal 26a chuig an mbord bainistíochta laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta sin |
déanfaidh an ghníomhaireacht anailís chuimsitheach chomparáideach ar na torthaí sin d'fhonn cáilíocht comhleanúnachas agus éifeachtacht na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta amach anseo agus áireofar í ina tuarascáil ghinearálta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'airteagal 20(2) a fheabhsú |
déanfaidh an ghníomhaireacht na comhoibríochtaí agus na tionscadail phíolóta dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú trí bhíthin deontas óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht |
beidh feidhm ag mír 1a agus ag mír 4 maidir le mearidirghabhálacha freisin |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach |
airteagal 3a |
gnéithe eagrúcháin comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta |
déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean oibríochtúil a tharraingt suas i leith comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta dá dtagraítear in airteagal 3(1) |
tiocfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an ballstát aíochta i gcomhairle leis na ballstáit atá rannpháirteach i gcomhoibríocht nó i dtionscadal píolóta ar chomhaontú faoin bplean oibríochtúil ina mionsonrófar na gnéithe eagrúcháin i dtráth cuí roimh an tús atá beartaithe maidir leis an gcomhoibríocht nó an tionscadal píolóta sin |
cuimseoidh an plean oibríochtúil gach gné a mheastar a bheith riachtanach chun an comhoibríocht nó an tionscadal píolóta a chur i gcrích lena náirítear an méid seo a leanas |
tuairisc ar an gcúinse maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha lena náirítear an aidhm oibríochtúla |
fad intuartha na comhoibríochta nó an tionscadail píolóta |
an limistéar geografach ina dtarlóidh an chomhoibríocht nó an tionscadal píolóta |
tuairisc ar chúraimí agus ar threoracha speisialta i gcomhair na naoioifigeach lena náirítear maidir le féachaint ar bhunachair shonraí ar shlí incheadaithe agus le harmáin incheadaithe seirbhíse armlón incheadaithe agus trealamh incheadaithe sa bhallstát aíochta |
comhdhéanamh fhoirne aoioifigeach mar aon le himscaradh foirne ábhartha eile |
forálacha maidir le ceannas agus le smacht lena náirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an bhallstáit aíochta atá freagrach as comhoibriú leis na haoioifigigh agus leis an ngníomhaireacht go háirithe na gardaí teorann ina measc atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha agus áit na naoioifigeach sa slabhra ceannais |
an trealamh teicniúil atá le himscaradh le linn na comhoibríochta nó an tionscadail píolóta lena náirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide an fhoireann a iarraidh iompar agus lóistíocht eile agus forálacha airgeadais |
forálacha mionsonraithe maidir le teagmhais a thuairisciú láithreach ag an ngníomhaireacht chuig an mbord bainistíochta agus chuig údaráis phoiblí náisiúnta ábhartha |
scéim thuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcálacha don tuarascáil ar mheastóireacht agus dáta deiridh chun an tuarascáil chríochnaitheach ar mheastóireacht a chur isteach i gcomhréir le hairteagal 3(3) |
maidir le hoibríochtaí ar muir faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar gheografach ina dtarlaíonn an chomhoibríocht nó an tionscadal píolóta lena náirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an aontais maidir le hidircheapadh tarrtháil ar muir agus cur ó bhord |
modhanna maidir le comhar le tríú tíortha le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an aontais nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta |
beidh comhaontú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus an bhallstáit aíochta araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibríochtúil |
déanfaidh an ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochtúil arna leasú nó arna oiriúnú a sheoladh láithreach chuig na ballstáit rannpháirteacha |
áiritheoidh an ghníomhaireacht mar chuid dá cúraimí maidir le comhordú cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe eagrúcháin uile lena náirítear ball foirne de chuid na gníomhaireachta do bheith i láthair le linn na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta dá dtagraítear san airteagal seo |
airteagal 3b |
comhdhéanamh agus imscaradh na bhfoirne eorpacha gardaí teorann |
ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin déanfaidh an bord bainistíochta trí thromlach glan dá chomhaltaí is comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu cinneadh maidir le próifílí agus líon foriomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na foirne eorpacha gardaí teorann |
beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar na próifílí agus ar líon foriomlán na ngardaí teorann a dhéanfar ina dhiaidh sin |
rannchuideoidh ballstáit leis na foirne eorpacha gardaí teorann trí bhíthin comhthiomsú náisiúnta agus é sin ar bhonn na bpróifílí éagsúla arna sainiú ag an ngníomhaireacht trí ghardaí teorann a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin atá ag teastáil a ainmniú |
maidir le rannchuidiú ballstát ó thaobh a ngardaí teorann de le comhoibríochtaí sonracha nó tionscadail phíolóta sonracha don bhliain ina dhiaidh sin déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an ghníomhaireacht agus ballstáit |
i gcomhréir leis na comhaontuithe sin cuirfidh ballstáit na gardaí teorann ar fáil lena nimscaradh arna iarraidh sin don ghníomhaireacht mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar chúinse eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhall cúraimí náisiúnta |
déanfar iarraidh den sórt sin 45 lá ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe |
ní dhéanfar an méid sin aon difear d'uathriail an bhallstáit baile i dtaca le roghnú foirne agus le fad ré a nimscartha |
rannchuideoidh an ghníomhaireacht freisin leis na foirne eorpacha gardaí teorann trí ghardaí teorann inniúla atá ar iasacht ó na ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta de bhun airteagal 17(5) |
déanfar rannchuidiú ballstát ó thaobh gardaí teorann dá gcuid a chur ar iasacht leis an ngníomhaireacht don bhliain ina dhiaidh sin déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an ghníomhaireacht agus na ballstáit |
i gcomhréir leis na comhaontuithe sin cuirfidh ballstáit gardaí teorann ar fáil le bheith curtha ar iasacht mura rud é go ndéanfadh sé sin difear tromchúiseach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta |
sna cásanna sin féadfaidh ballstáit na gardaí teorann atá curtha ar iasacht acu a athghairm |
ní rachaidh ré uasta iasachtaí den sórt sin thar sé mhí i dtréimhse 12 mhí |
chun críche an rialacháin seo measfar gur aoioifigigh iad na gardaí teorann atá ar iasacht agus beidh na cúraimí orthu agus na cumhachtaí acu dá bhforáiltear in airteagal 10 |
measfar gurb ionann an ballstát a thug na gardaí teorann i dtrácht ar iasacht agus an ballstát baile de réir mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'airteagal 1a chun airteagal 3c airteagal 10 agus airteagal 10b a chur i bhfeidhm |
maidir le baill foirne atá fostaithe ag an ngníomhaireacht ar bhonn sealadach agus nach bhfuil cáilithe chun feidhmeanna rialaithe teorann a chur chun críche déanfar iad a imscaradh le linn comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta i gcomhair cúraimí comhordaithe agus i gcomhair na gcúraimí sin amháin |
déanfaidh baill de chuid na bhfoirne eorpacha gardaí teorann le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú cearta bunúsacha a urramú go hiomlán lena náirítear rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine |
beidh cibé bearta a ghlacfar le linn chomhlíonadh a gcúraimí agus fheidhmiú a gcumhachtaí comhréireach i leith cuspóirí a shaothraítear leis na bearta sin |
le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar fhorais inscne bhunaidh chiníoch nó eitnigh reiligiúin nó creidimh míchumais aoise nó gnéaschlaonta |
i gcomhréir le hairteagal 8g ainmneoidh an ghníomhaireacht oifigeach comhordaithe le haghaidh gach comhoibríochta nó tionscadail píolóta ina nimscarfar baill de na foirne eorpacha gardaí teorann |
is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordaithe ná an comhar agus an comhordú i measc na mballstát aíochta agus na mballstát rannpháirteacha a chothú |
seasfaidh an ghníomhaireacht na costais arna dtabhú ag na ballstáit chun a ngardaí teorann a chur ar fáil de bhun mhír 1 den airteagal seo do na foirne eorpacha gardaí teorann i gcomhréir le hairteagal 8h |
déanfaidh an ghníomhaireacht líon na ngardaí teorann a bheidh tiomanta ag gach ballstát do na foirne eorpacha gardaí teorann i gcomhréir leis an airteagal seo a chur in iúl do pharlaimint na heorpa ar bhonn bliantúil |
airteagal 3c |
treoracha do na foirne eorpacha gardaí teorann |
le linn foirne eorpacha gardaí teorann a imscaradh eiseoidh an ballstát aíochta treoracha do na foirne sin i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil dá dtagraítear in airteagal 3a(1) |
trí bhíthin a hoifigigh comhordaithe dá dtagraítear in airteagal 3b(5) féadfaidh an ghníomhaireacht a tuairimí maidir leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don bhallstát aíochta |
má dhéanann sí amhlaidh tabharfaidh an ballstát aíochta aird ar na tuairimí sin |
i gcomhréir le hairteagal 8g tabharfaidh an ballstát aíochta an cúnamh uile is gá don oifigeach comhordaithe lena náirítear rochtain iomlán ar na foirne eorpacha gardaí teorann gach uile thráth le linn an imscartha |
beidh baill na bhfoirne eorpacha gardaí teorann agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú faoi réir bhearta araíonachta a mballstát baile i gcónaí |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad airteagal 4 |
airteagal 4 |
anailís riosca |
forbróidh an ghníomhaireacht múnla coiteann um anailís riosca comhtháite agus cuirfidh sí i bhfeidhm é |
ullmhóidh sí anailísí riosca atá ginearálta agus anailísí riosca atá sainiúil araon lena dtíolacadh chuig an gcomhairle agus chuig an gcoimisiún |
chun críche anailíse riosca féadfaidh an ghníomhaireacht tar éis di dul i gcomhairle roimh ré leis an ballstát nó leis na ballstáit lena mbaineann measúnú a dhéanamh ar a chumas nó ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn lena náirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann mar aon le brúnna ag teorainneacha seachtracha na mballstát go háirithe do na ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha |
chuige sin féadfaidh an ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar threalamh agus ar acmhainní na mballstát ó thaobh rialú teorann de |
beidh an measúnú bunaithe ar fhaisnéis arna dtabhairt ag an ballstát nó ag na ballstáit lena mbaineann agus ar thuarascálacha maidir le comhoibríochtaí tionscadail phíolóta mearidirghabhálacha agus gníomhaíochtaí eile na gníomhaireachta agus torthaí na nithe sin go léir |
beidh na measúnuithe sin gan dochar do shásra meastóireachta schengen |
cuirfear torthaí na measúnuithe sin faoi bhráid an bhoird bainistíochta |
chun críoch an airteagail seo déanfaidh ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an gcúinse atá ann ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann a sholáthar don ghníomhaireacht |
déanfaidh an ghníomhaireacht torthaí múnla choitinn um anailís riosca chomhtháite a ionchorprú ina hoibre forbartha ar lárchuraclaim coiteann i gcomhair oiliúint gardaí teorann ar oiliúint í dá dtagraítear in airteagal 5 |
leasaítear airteagal 5 mar a leanas |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre |
déanfaidh an ghníomhaireacht ardoiliúint a sholáthar do ghardaí teorann is baill de na foirne eorpacha gardaí teorann ar ardoiliúint í a bheidh ábhartha maidir lena gcúraimí agus lena gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na gardaí teorann sin i gcomhréir leis an sceideal i ndáil le hardoiliúint agus freachnamh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na gníomhaireachta |
chomh maith leis sin déanfaidh an ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a áirithiú go mbeidh oiliúint faighte ag gardaí teorann agus pearsanra eile go léir na mballstát atá rannpháirteach sna foirne eorpacha gardaí teoranta agus ag foireann na gníomhaireachta i ndlí ábhartha an aontais agus i ndlí ábhartha idirnáisiúnta lena náirítear cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta maille le treoirlínte chun daoine atá ag lorg cosanta a shainaithint agus chun na daoine sin a stiúrú chuig na saoráidí iomchuí sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an ngníomhaireacht |
déanfaidh an ghníomhaireacht lárchuraclaim choiteanna a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh i gcomhair oiliúint gardaí teorann agus déanfaidh sí oiliúint a sholáthar ar an leibhéal eorpach do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta na mballstát lena náirítear oiliúint maidir le cearta bunúsacha rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus dlí muirí ábhartha |
déanfaidh an ghníomhaireacht na lárchuracalaim choiteanna a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin dá dtagraítear in airteagal 26a |
déanfaidh ballstáit na lárchuraclaim choiteanna a lánpháirtiú in oiliúint a ngardaí teorann náisiúnta |
cuirtear an mhír seo a leanas i ndiaidh na míre deireanaí |
bunóidh an ghníomhaireacht clár malartaithe lena gcumasófar do ghardaí teorann atá rannpháirteach sna foirne eorpacha gardaí teorann eolas sonrach nó cur amach sonrach a fháil ó thaithí agus ó dheachleachtais thar lear trína bheith ag obair le gardaí teorann i mballstát eile taobh amuigh dá mballstát féin |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad airteagal 6 agus airteagal 7 |
airteagal 6 |
faireachán a dhéanamh ar thaighde agus rannchuidiú le taighde |
déanfaidh an ghníomhaireacht faireachán forghníomhach ar na forbairtí a tharlaíonn i dtaighde is forbairtí atá ábhartha maidir le rialú agus faireachas ar theorainneacha seachtracha agus rannchuideoidh sí go forghníomhach leis na forbairtí sin agus scaipfidh sí an fhaisnéis sin ar an gcoimisiún agus ar na ballstáit |
airteagal 7 |
trealamh teicniúil |
féadfaidh an ghníomhaireacht í féin nó i gcomhúinéireacht le ballstát áirithe trealamh teicniúil le haghaidh rialú teorainneacha seachtracha a fháil mar éadáil nó é a léasú chun an trealamh sin a imscaradh le linn comhoibríochtaí tionscadal píolóta mearidirghabhálacha comhoibríochtaí maidir le cur ar ais nó tionscadal cúnaimh theicniúil i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht |
déanfar anailís chríochnúil maidir le riachtanais agus costas is tairbhe sula bhfaightear mar éadáil nó ar léas trealamh a mbeadh costais shuntasacha ag gabháil leis don ghníomhaireacht |
forálfar daon chaiteachas den sórt sin i mbuiséad na gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mbord bainistíochta i gcomhréir le hairteagal 29(9) |
i gcás ina bhfaigheann an ghníomhaireacht trealamh teicniúil tábhachtach mar éadáil nó ar léas amhail soithí patróil nó feithiclí patróil don fharraige mhór nó soithí patróil nó feithiclí patróil cois cósta beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas |
i gcás éadála agus comhúinéireachta tiocfaidh an ghníomhaireacht ar chomhaontú le ballstát amháin go foirmiúil go ndéanfaidh an ballstát sin foráil do chlárú an trealaimh i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme sa bhallstát sin |
i gcás léasa déanfar an trealamh a chlárú i mballstát áirithe |
ar bhonn comhaontaithe shamplaigh arna tharraingt suas ag an ngníomhaireacht comhaontóidh ballstát an chláraithe agus an ghníomhaireacht maidir leis na modúlachtaí lena náirítear na tréimhsí a mbeidh lánfháil ag an ngníomhaireacht ar na sócmhainní atá faoi chomhúinéireacht chomh maith le téarmaí úsáide an trealaimh |
déanfaidh ballstát an chláraithe nó soláthróir trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an fhoireann theicniúil is gá a sholáthar chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte |
cuirfear an ghníomhaireacht ar bun agus coimeádfaidh sí taifid lárnaithe de threalamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil ar comhthiomsú é atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mballstát nó na gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mballstát agus na gníomhaireachta chun críocha na teorainneacha seachtracha a rialú |
beidh líon íosta de réir gach cineál trealaimh theicniúil dá dtagraítear i mír 5 den airteagal seo sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil |
imscarfar an trealamh a liostaítear sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in airteagal 3 airteagal 8a agus airteagal 9 |
rannchuideoidh na ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 2 |
maidir le rannchuidiú na mballstát don chomhthiomsú agus in imscaradh an trealaimh sin le haghaidh oibríochtaí sonracha déanfar é a phleanáil bunaithe ar chaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an ghníomhaireacht agus ballstáit |
i gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus a mhéid atá sé ina chuid den líon íosta trealaimh theicniúil le haghaidh bliana áirithe cuirfidh ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh arna iarraidh sin don ghníomhaireacht mura rud é go bhfuil siad os comhair cáis eisceachtúil a dhéanann difear go substaintiúil durscaoileadh cúraimí náisiúnta |
Subsets and Splits