text
stringlengths
0
1.1k
3906/89 ón gcomhairle an 18 nollaig 1989 maidir le cabhair eacnamaíoch do thíortha áirithe lár agus oirthear na heorpa 
16
4
cuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir le hairteagal 531a agus b den rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gcomhphobal eorpach 
17
nó an dlí eorpach a ghabhfaidh a ionad
i gcás tionscadal um nascadh idir riaracháin phoiblí dfhonn institiúidí a thógáil leanfaidh an nós imeachta chun tograí a ghlaoch trí ghréasán na bpointí tadhaill sna ballstáit dfheidhm a bheith aige mar atá bunaithe sna comhaontuithe réime leis na ballstáit láithreacha chun críocha cúnaimh réamhaontachais
is é 200 milliún euro i 2004 120 milllún euro i 2005 agus 60 milliún euro i 2006 ag praghsanna 1999 na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don áis trasdula
údaróidh an túdarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais mar atá sí sainithe i gcomhaontú idirinstitiúideach an 6 bealtaine 1999
airteagal 24
1
cruthaítear leis seo áis schengen mar ionstraim shealadach dfhonn cuidiú le ballstáit thairbhiúla idir an 1 bealtaine 2004 agus deireadh 2006 chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an aontais dfhonn
acquis
schengen agus rialú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme
dfhonn déileáil leis na heasnaimh arna sainaithint san ullmhúchán do rannpháirtíocht in schengen beidh na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas cáilithe do mhaoiniú faoi áis schengen
a
infheistíocht i mbonneagar um thrasnú teorann agus i bhfoirgnimh ghaolmhara a fhoirgniú a athnuachan nó a uasghrádú
b
infheistíochtaí in aon chineál trealaimh oibriúcháin msh trealamh saotharlainne uirlisí braith cruaearraí agus bogearraí do chóras faisnéise schengen — sis ii modhanna iompair
c
gardaí teorann a oiliúint
d
tacaíocht do chostais loighistice agus oibríochtaí
2
cuirfear na méideanna seo a leanas ar fáil faoi áis schengen i bhfoirm íocaíochtaí deontas cnapshuime amhail ón 1 bealtaine 2004 leis na ballstáit thairbhiúla atá liostaithe thíos
milliún euro praghsanna 1999
2004
2005
2006
an eastóin
2290
2290
2290
an laitvia
2370
2370
2370
an liotuáin
4478
6107
2985
an ungáir
4930
4930
4930
an pholainn
9334
9333
9333
an tslóivéin
3564
3563
3563
an tslóvaic
1594
1593
1593
3
beidh na ballstáit thairbhiúla freagrach as oibríochtaí leithleacha a roghnú agus a chur chun feidhme i gcomhlíonadh an airteagail seo
beidh siad freagrach freisin as úsáid áis schengen a chomhordú le cúnamh ó ionstraimí aontais eile á áirithiú go luíonn sin le beartais agus bearta aontais agus go gcomhlíonann sin an rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gcomhphobal eorpach nó leis an dlí eorpach a ghabhfaidh a ionad
úsáidfear na híocaíochtaí deontas cnapshuime laistigh de thrí bliana ón gcéad íocaíocht agus aisghabhfaidh an coimisiún aon chistí gan caitheamh nó arna gcaitheamh gan chall
tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an teorainn ama trí bliana a dhul in éag déanfaidh na ballstáit thairbhiúla tuarascáil chuimsitheach ar fheidhmiú airgeadais na níocaíochtaí deontas cnapshuime a thíolacadh maille le ráiteas ag fírinniú an chaiteachais
feidhmeoidh an stát tairbhiúil an fhreagracht sin gan dochar do fhreagracht an choimisiúin as buiséad an aontais a chur chun feidhme agus i gcomhréir leis na forálacha sin den rialachán airgeadais nó den dlí eorpach a ghabhfaidh a ionad is infheidhme maidir le bainistíocht dhílárnaithe
4
coinníonn an coimisiún an ceart chun fíorú a dhéanamh tríd an oifig i gcoinne na calaoise olaf
féadfaidh an coimisiún agus an chúirt iniúchóirí seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí5
féadfaidh an coimisiún aon fhorálacha teicniúla a ghlacadh is gá chun áis schengen a oibriú
airteagal 25
déanfar na méideanna dá dtagraítear in airteagail 18 19 23 agus 24 a oiriúnú gach bliain mar chuid den oiriúnú teicniúil dá bhforáiltear i mír 15 de chomhaontú idirinstitiúideach an 6 bealtaine 1999
airteagal 26
1
más amhlaidh go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana tar éis an 1 bealtaine 2004 go dtagann deacrachtaí chun cinn atá tromchúiseach agus gur dóigh go seasfaidh siad in aon earnáil den gheilleagar nó deacrachtaí a dfhéadfadh trochlú tromchúiseach a thabhairt i gcion ar staid eacnamaíoch limistéir áirithe féadfaidh ballstát nua údarú a iarraidh bearta cosanta a ghlacadh dfhonn an staid sin a cheartú agus an earnáil i dtrácht a choigeartú do gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh
féadfaidh aon bhallstát láithreach sna himthosca céanna údarú a iarraidh bearta cosanta a ghlacadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na ballstáit nua
2
arna iarraidh sin don stát i dtrácht glacfaidh an coimisiún trí nós imeachta éigeandála na rialacháin eorpacha nó na cinntí eorpacha lena mbunófar na bearta cosanta a mheasfaidh sé is gá agus sonróidh sé imthosca agus rialacha mionsonraithe a gcur in éifeacht
i gcás deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha agus arna iarraidh sin go sainráite don bhallstát i dtrácht gníomhóidh an coimisiún laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh maille leis an bhfaisnéis chúlra ábhartha a fháil
beidh na bearta arna gcinneadh amhlaidh infheidhme láithreach tabharfaidh siad aird ar leasanna na bpáirtithe uile i dtrácht agus ní bhéarfaidh siad rialuithe teorann
3
féadfaidh na bearta atá údaraithe faoi mhír 2 maolú a thabhairt ar rialacha an bhunreachta agus go háirithe ar an bprótacal seo go feadh méid agus go ceann tréimhsí atá fíorriachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú
tabharfar tosaíocht do cibé bearta is lú a shuaithfidh oibriú an mhargaidh inmheánaigh
airteagal 27
má tá ballstát nua tar éis mainneachtain gealltanais arna nglacadh ar láimh i gcomhthéacs na gcaibidlí aontachais a chur chun feidhme agus gur cúis é sin le sárú tromchúiseach ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh lena náirítear aon ghealltanais i dtaca leis na beartais earnálacha uile a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil éifeacht trasteorann acu nó gur cúis é le garbhaol go mbeidh sárú den sórt sin ann féadfaidh an coimisiún go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana tar éis an 1 bealtaine 2004 rialacháin eorpacha nó cinntí eorpacha lena mbunaítear bearta iomhcuí a ghlacadh arna iarraidh sin go réasúnaithe do bhallstát nó ar a thionscnamh féin
beidh na bearta comhréireach agus tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a shuaithfidh oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus nuair is iomchuí do chur i bhfeidhm na sásraí coimirce earnálacha atá ann
ní agrófar na bearta coimirce sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir bhallstáit
ní choimeádfar na bearta ar bun níos faide ná mar is fíorghá agus ar aon chuma foirceannfar iad nuair a chuirfear an gealltanas ábhartha chun feidhme
féadfar iad a chur i bhfeidhm áfach thar an tréimhse atá sonraithe sa chéad mhír fad nach mbeidh na gealltanais ábhartha comhalta
mar fhreagra ar dhul chun cinn arna dhéanamh ag an mballstát nua i dtrácht i gcomhall a ghealltanas féadfaidh an coimisiún na bearta a oiriúnú mar is iomchuí
cuirfidh an coimisiún an chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé na rialacháin eorpacha nó na cinntí eorpacha lena mbunaítear na bearta coimirce a chúlghairm agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon bharúlacha ón gcomhairle i dtaca leis sin
airteagal 28
má tá easnaimh thromchúiseacha i mballstát nua nó aon gharbhaol go mbeidh easnaimh den sórt sin ann i dtrasuí na gcinntí réime nó aon ghealltanas ábhartha eile ionstraimí comhair agus cinntí a bhaineann le haitheantas frithpháirteach i réimse an dlí choiriúil faoi theideal vi de chonradh ae treoracha agus rialachán a bhaineann le haitheantas frithpháirteach in ábhair shibhialta faoi theideal iv de chonradh ce agus dlíthe eorpacha agus dlíthe réime eorpacha arna nglacadh ar bhonn ranna 3 agus 4 de chaibidil iv de theideal iii de chuid iii den bhunreacht i staid a gcur chun feidhme nó ina gcur i bhfeidhm féadfaidh an coimisiún go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana ón 1 bealtaine 2004 rialacháin nó cinntí eorpacha lena mbunófar bearta iomhcuí a ghlacadh agus na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe faoina gcuirfear na bearta sin in éifeacht a shonrú arna iarraidh sin go réasúnaithe do bhallstát nó ar a thionscnamh féin agus tar éis dul i gcomhairle leis na ballstáit
féadfaidh na bearta sin bheith i bhfoirm fionraíochta sealadaí ar na forálacha agus na cinntí ábhartha sa chaidreamh idir ballstát nua agus aon bhallstát nó ballstáit eile a chur i bhfeidhm gan dochar do leanúint de dhlúthchomhar breithiúnach
ní choimeádfar na bearta ar bun níos faide ná mar is fíorghá agus ar aon chuma tarscaoilfear iad nuair a leigheasfar na heasnaimh
féadfar iad a chur i bhfeidhm áfach thar an tréimhse atá sonraithe sa chéad mhír fad a sheasann na heasnaimh sin
mar fhreagra ar dhul chun cinn arna dhéanamh ag an mballstát nua i dtrácht i gceartú na neasnamh arna sainaithint féadfaidh an coimisiún na bearta a oiriúnú mar is iomchuí tar éis dul i gcomhairle leis na ballstáit
cuirfidh an coimisiún an chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé bearta coimirce a chúlghairm agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon bharúlacha ón gcomhairle i dtaca leis sin
airteagal 29
chun nach gcuirfear treampán ar oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh ní thiocfaidh rialuithe teorann idir bhallstáit as forfheidhmiú rialacha náisiúnta na mballstát nua le linn na nidirthréimhsí dá dtagraítear in iarscríbhinní v go xiv a ghabhann le hionstraim aontachais an 16 aibreán 2003
airteagal 30
1260/2001 ón gcomhairle an 19 meitheamh 2001 maidir le comheagraíocht na margaí in earnáil an tsiúcra 
18